Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2035

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2035 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2025 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/12400/2025/INIT

IO L, 2025/2035, 23.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2035/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2035/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2035

23.10.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2035 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2025

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(2)

Sna conclúidí uaithi an 19 Nollaig 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an géarcháineadh a rinne sí ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ar sárú follasach é ar Chairt na Náisiún Aontaithe, agus d’athdhearbhaigh sí go dtacaíonn sí i gcónaí le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúil gur gá leanúint de na hiarrachtaí chun cumas feartha cogaidh na Rúise a shrianadh a thuilleadh. Chuir sí in iúl freisin go bhfuil an tAontas faoi réir i gcónaí chun tuilleadh brú a chur ar an Rúis, lena n-áirítear trí smachtbhannaí breise a ghlacadh.

(3)

I bhfianaise an fhogha leanúnaigh atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, agus go háirithe a feachtas míleata brúidiúil a bhí ann le déanaí lena ndírítear d’aon ghnó ar bhonneagar sibhialtach, lena n-áirítear saoráidí fuinnimh, uisce agus sláinte, arb é is cúis le fulaingt thromchúiseach an phobail shibhialta agus a fhéachann leis an mbonn a bhaint d’athléimneacht na hÚcráine, measann an Chomhairle gur gá bearta sriantacha breise a ghlacadh.

(4)

Measann an Chomhairle go háirithe gur cheart 22 dhuine agus 42 eintiteas atá freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO L 78, 17.3.2014, lch. 6, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2014/269/oj.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘1959.

Oleg Sergeevich OSIPOV

ar a dtugtar freisin Oleg Sergeevič OSIPOV

ar a dtugtar freisin Oleg Sergueïevitch OSSIPOV

ar a dtugtar freisin Oleg Sergejewitsch OSSIPOW

Rúisis: Олег Сергеевич ОСИПОВ

Feidhm: Sainchabhróir do Leas-Chathaoirleach Chomhairle Slándála Chónaidhm na Rúise;

Iar-Phreasrúnaí do Phríomh-Aire Chónaidhm na Rúise

Dáta breithe: 19.9.1978

Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Daoine aonair comhlachaithe: Dmitry Anatolyevich Medvedev

Tá Oleg Osipov ina dhlúth-chomhoibrí le Dmitry Medvedev ó 2018 i leith. Idir 2018 agus 2020, bhí Oleg Osipov ina Phreasrúnaí do Dmitry Medvedev, Príomh-Aire Chónaidhm na Rúise ag an am. Ó 2020 i leith, tá Oleg Osipov mar shainchabhróir do Dmitry Medvedev, Leas-Chathaoirleach Chomhairle Slándála Chónaidhm na Rúise faoi láthair. Mar shainchabhróir Dmitry Medvedev, leanann Oleg Osipov de bheith ag feidhmiú mar ghuth poiblí, agus é ag bainistiú a íomhá phoiblí agus a chlúdach sna meáin, lena n-áirítear ar na meáin shóisialta. Tá bréagaisnéis á scaipeadh aige agus insintí bolscaireachta na Rúise á n-atáirgeadh aige, lena n-áirítear trí ionsaithe ó bhéal.

Mar shainchabhróir, tá baint ag Oleg Osipov le Dmitry Medvedev. Thairis sin, trí ráitis Dmitry Medvedev a scaipeadh lena scaiptear bréagaisnéis agus bolscaireacht a bhaineann le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá Oleg Osipov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

23.10.2025

1960.

Andrey Alexandrovich USTINSKY

ar a dtugtar freisin Andrei Alexandrovich USTINSKY

Rúisis: Андрей Александрович УСТИНСКИЙ

Feidhm: Stiúrthóir ar an Republican Cossack Cadet Corps named after Air Marshal Alexander Efimov

Inscne: fireann

Is é Andrey Ustinsky Stiúrthóir “Republican Cossack Cadet Corps named after Air Marshal Alexander Efimov” (RCCC) i gcríoch Luhansk atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach. Múineann RCCC mionaoisigh le bheith ina “cosantóirí amach anseo ar an Rúis”. Chomh maith le hoiliúint mhíleata, múintear tírghrá agus urraim do thraidisiúin na Rúise, chomh maith le stair na Rúise, do mhic léinn RCCC.

Dá bhrí sin, tá Andrey Ustinsky ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

23.10.2025

1961.

Svetlana Viktorovna ADAMENKO

Rúisis: Светлана Викторовна АДАМЕНКО

Feidhm: Coimisinéir Stavropol Krai um Chearta Leanaí

Dáta breithe: 8.6.1956

Áit bhreithe: An tSeisnia, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Is í Svetlana Adamenko Coimisinéir Stavropol Krai um Chearta Leanaí, atá ina hábhar cónaidhme de chuid na Rúise. Ina ról, cuireann sí beartais a bhaineann le leanaí sa réigiún chun feidhme. Rinne sí maoirseacht ar uchtú leanaí Úcránacha chuig teaghlaigh Rúiseacha. Ina theannta sin, tá campaí curtha ar bun ag Stavropol Krai ina bhfaigheann leanaí Úcránacha oideachas tírghrách Rúiseach.

Dá bhrí sin, tá Svetlana Adamenko ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

23.10.2025

1962.

Katerina Yurievna ARLAMENKOVA

ar a dtugtar freisin Ekaterina Yurievna ARLAMENKOVA

Rúisis: Катерина Юрьевна АРЛАМЕНКОВА

ar a dtugtar freisin Екатерина Юрьевна АРЛАМЕНКОВА

Feidhm: Cathaoirleach ar bhrainse réigiúnach Phoblacht na Crimé “Movement of the First”

Inscne: baineann

Is í Katerina Arlamenkova Cathaoirleach bhrainse réigiúnach na Crimé den eagraíocht óige “Movement of the First” faoi stiúir an Stáit, a cruthaíodh trí Fhoraithne ón Uachtarán. Faoina ceannaireacht, ghlac an brainse réigiúnach páirt i míleatú leanaí Úcránacha sa Chrimé. Thairis sin, léirigh “Movement of the First” gur Rúiseach í an Chrimé, agus chuir sé lánpháirtiú na Rúise chun cinn laistigh den réigiún.

Dá bhrí sin, tá Katerina Arlamenkova ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

23.10.2025

1963.

Konstantin Igorevich DOMOGATSKY

Rúisis: Константин Игоревич ДОМОГАЦКИЙ

Feidhm: An Coimisinéir um Chearta Leanaí sa réigiún Orel

Dáta breithe: 2.6.1982

Áit bhreithe: Orel, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

Is é Konstantin Domogatsky an Coimisinéir um Chearta Leanaí sa réigiún Orel. Sa ról sin, bhí baint aige le díbirt neamhdhleathach leanaí ón Úcráin chuig an Rúis, go háirithe dílleachtaí ó chríocha atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach. Tá baint aige freisin le “campaí áineasa”, mar a ghairtear díobh, a eagrú agus a chur chun cinn ina bhfaigheann leanaí Úcránacha, a tógadh ó chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, oideachas tírghrách agus míleata Rúiseach.

Dá bhrí sin, tá Konstantin Domogatsky ag cur chun feidhme gníomhaíochtaí agus beartais, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

23.10.2025

1964.

Maxim Yurievich KRIVONOS

Rúisis: Максим Юрьевич КРИВОНОС

Úcráinis: Максим Юрійович КРИВОНОС

Feidhm: Stiúrthóir ar “Roinn Oideachais agus Eolaíochta Chathair Sevastopol”, mar a ghairtear di

Inscne: fireann

Is é Maxim Krivonos Stiúrthóir reatha “Roinn Oideachais agus Eolaíochta Chathair Sevastopol”, mar a ghairtear di agus, sa cháil sin, tacaíonn sé go gníomhach le beartais oideachais na Rúise a bhaineann le leanaí na hÚcráine agus cuireann sé chun feidhme iad, lena n-áirítear bolscaireacht náisiúnta agus oideachas míleata na Rúise a chur chun cinn.

Dá bhrí sin, tá Maxim Krivonos ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

23.10.2025

1965.

Mikhail Artemovich GOLUBOVICH

Rúisis: Михаил Артемович ГОЛУБОВИЧ

Feidhm: Aire Beartais Óige “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear de

Inscne: fireann

Is é Mikhail Golubovich Aire Beartais Óige reatha “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di agus, sa cháil sin, tacaíonn sé go gníomhach le beartais oideachais na Rúise a bhaineann le leanaí na hÚcráine agus cuireann sé chun feidhme iad, lena n-áirítear bolscaireacht náisiúnta agus oideachas míleata na Rúise a chur chun cinn. D’éascaigh sé freisin pasanna Rúiseacha a eisiúint do leanaí Úcránacha i réigiún Luhansk.

Dá bhrí sin, tá Mikhail Golubovich ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin. Tá baint aige freisin le “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di.

23.10.2025

1966.

Nadezhda Nikolaevna BOLTENKO

Rúisis: Надежда Николаевна БОЛТЕНКО

Feidhm: An Coimisinéir um Chearta Leanaí sa réigiún Novosibirsk

Dáta breithe: 29.1.1957

Áit bhreithe: Donskoy, Tula Oblast, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Is í Nadezhda Boltenko an Coimisinéir um Chearta Leanaí sa réigiún Novosibirsk. Sa ról sin, bhí baint aici le leanaí Úcránacha a iompar go neamhdhleathach chuig an Rúis agus tá sí ag tacú go gníomhach lena n-uchtú ag teaghlaigh Rúiseacha. Tá baint aici freisin le “campaí áineasa”, mar a ghairtear díobh, a eagrú agus a chur chun cinn ina bhfaigheann leanaí Úcránacha, a tógadh ó chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, oideachas tírghrách Rúiseach.

Dá bhrí sin, tá Nadezhda Boltenko ag cur chun feidhme gníomhaíochtaí agus beartais, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

23.10.2025

1967.

Oksana Gennadyevna LUGANTSEVA

Rúisis: Оксана Геннадьевна ЛУГАНЦЕВА

Úcráinis: Оксана Геннадіївна Луганцева

Feidhm: Ceann Foirne bhrainse réigiúnach “Yunarmiya” i “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di

Dáta breithe: 7.2.1978

Inscne: baineann

Is í Oksana Lugantseva Ceann Foirne bhrainse réigiúnach “Yunarmiya” i “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di. Faoina ceannaireacht, cuireann an oifig réigiúnach meonta chun cinn gur Rúiseach é Luhansk. Thairis sin, spreagann an brainse réigiúnach leanaí na hÚcráine a bheith dílis don Rúis, agus clárú ina fórsaí armtha. Cuireann an brainse réigiúnach oideachas míleataithe ar fáil do na leanaí freisin.

Dá bhrí sin, tá Oksana Lugantseva ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

23.10.2025

1968.

Yulia Sergeevna VELICHKO

ar a dtugtar freisin Yuliia Velychko

Rúisis: Юлия Сергеевна ВЕЛИЧКО

Feidhm: Céad Leas-Aire “Aireacht Chultúir”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di

Dáta breithe: 26.6.1993

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Uimhir aitheantais chánach: 345921579024

Is í Yulia Velichko Céad Leas-Aire Cultúir “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear de. Tá baint dhíreach ag an aireacht sin le hionramháil oidhreacht chultúrtha na hÚcráine. Go háirithe, bhí sí ag gníomhú mar “Aire Bheartas na hÓige” roimhe seo, cáil inar thacaigh sí go gníomhach le beartais oideachais na Rúise a bhaineann le leanaí na hÚcráine agus inar chuir sí na beartais sin chun feidhme, lena n-áirítear bolscaireacht náisiúnta agus oideachas míleata na Rúise a chur chun cinn i gcríocha atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach. D’éascaigh sí freisin pasanna Rúiseacha a eisiúint do leanaí Úcránacha i réigiún Luhansk.

Dá bhrí sin, tá Yulia Velichko ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin. Tá baint aici freisin le “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di.

23.10.2025

1969.

Nikita Yurievich ANISIMOV

Russian Никита Юрьевич АНИСИМОВ

Feidhm: Reachtaire Ardscoil Eacnamaíochta na hOllscoile Náisiúnta um Thaighde

Dáta breithe: 20.2.1978

Áit bhreithe: Khimki, réigiún Mhoscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais chánach: 504707727120

Is é Nikita Anisimov Reachtaire Ardscoil Eacnamaíochta na hOllscoile Náisiúnta um Thaighde (Ollscoil HSE).

I mí an Mhárta 2022, thacaigh sé go poiblí leis an bhfogha míleata arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin trí aitheasc Aontas Reachtairí na Rúise a shíniú. I mí na Bealtaine 2023, d’fhógair sé go maoineoidh Ollscoil HSE, ina príomhchláir oideachais, oideachas na rannpháirtithe san “oibríocht mhíleata speisialta”, mar a ghairtear di, agus oideachas a leanaí agus a ngarghaolta.

I mí na Samhna 2022, fuair Nikita Anisimov an bonn “Maidir leis an Comhar Míleata a Neartú” ó Aireacht Cosanta na Rúise.

In 2023, thug sé cuairt ar ollscoileanna i réigiúin na hÚcráine atá faoi fhorghabháil, eadhon Donetsk agus Luhansk.

In 2025, sheol Ollscoil HSE clár máistreachta nua a bhí dírithe ar theacht timpeall ar smachtbhannaí idirnáisiúnta, rud a thacaigh le Rialtas na Rúise tríd an teacht timpeall sin a éascú.

Dá bhrí sin, tacaíonn Nikita Anisimov le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

23.10.2025

1970.

Alexey Alexandrovich BELYAEV

Rúisis: Алексей Александрович БЕЛЯЕВ

Feidhm: Ard-Stiúrthóir JSC “Sarapul Electric Generator Plant”

Dáta breithe: 17.9.1979

Áit bhreithe: Sarapul, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais chánach: 181802088887

Is é Alexey Belyaev Ard-Stiúrthóir JSC “Sarapul Electric Generator Plant” (SEGZ), ar cuideachta Rúiseach é a mhonaraíonn córais giniúna, rialaithe agus cosanta cumhachta, trealamh le haghaidh aerárthaí agus héileacaptair mhíleata, agus comhpháirteanna le haghaidh teicneolaíocht roicéad. Táirgeann JSC SEGZ páirteanna criticiúla d’aerárthaí fadraoin na Rúise. Glacann an chuideachta páirt i gcomhlíonadh ordú cosanta Stáit na Rúise, agus díorthaíonn níos mó ná leath dá hioncam ó chonarthaí míleata.

Dá bhrí sin, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir JSC SEGZ, tá Alexey Belyaev ag tacú le coimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise. Tá baint aige freisin le JSC SEGZ.

23.10.2025

1971.

Maksim Yurievich SOKOLOV

Rúisis: Максим Юрьевич СОКОЛОВ

Feidhm: Uachtarán JSC AvtoVAZ

Dáta breithe: 29.9.1968

Áit bhreithe: Leningrad, APSS (Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais chánach: 781400967281

Is é Maksim Sokolov Uachtarán JSC AvtoVAZ, ar cuideachta monaraíochta gluaisteán é atá faoi úinéireacht Stát na Rúise. Tá rannán struchtúrach cruthaithe ag an gcuideachta atá freagrach as tacaíocht a thabhairt dá fostaithe a ghlacann páirt san “oibríocht mhíleata speisialta”, mar a ghairtear di, agus dá dteaghlaigh, rud a chuireann tairbhí ar fáil dóibh. D’aithin údaráis na Rúise an aird a thugann JSC AvtoVAZ dá fhostaithe a throid sa chogadh foghach ar an Úcráin, agus dá mbaill teaghlaigh. Thug an chuideachta carranna d’oibrithe plandaí a throid sa chogadh, agus gheall sí go gclúdóidís na costais chothabhála dóibh.

Dá bhrí sin, ina cháil mar uachtarán JSC AvtoVAZ, tá Maksim Sokolov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin. Mar uachtarán JSC AvtoVAZ, tá baint aige freisin le JSC AvtoVAZ.

23.10.2025

1972.

Roman Vladimirovich TITKOV

Rúisis: Роман Владимирович ТИТКОВ

Feidhm: Ard-Stiúrthóir PJSC “Dalpribor”

Dáta breithe: 1971

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais chánach: 253803522871

Is é Roman Titkov Ard-Stiúrthóir PJSC “Dalpribor”, cuideachta monaraíochta uirlisí de choimpléasc míleata-tionsclaíoch na Rúise. Sheachaid an chuideachta trealamh chuig Aireacht Cosanta na Rúise, agus ar an gcaoi sin chuir sé an t-ordú cosanta Stáit chun feidhme.

Dá bhrí sin, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir PJSC “Dalpribor”, tá Roman Titkov ag tacú le coimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise. Tá baint aige freisin le PJSC “Dalpribor”.

23.10.2025

1973.

Kirill Ramilievich ABDRAKHMANOV

Rúisis: Кирилл Рамилевич АБДРАХМАНОВ

Feidhm: Bainisteoir Ginearálta JSC “Sarapulsky Radiozavod”

Dáta breithe: 4.11.1976

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais chánach: 183105192203

Is é Kirill Abdrakhmanov Bainisteoir Ginearálta JSC “Sarapulsky Radiozavod”, a sholáthraíonn córais agus gléasanna móibíleacha ar fud ardáin éagsúla. Úsáidtear a chuid táirgí san iompróir pearsanra armúrtha Tiger-M agus i gcórais ar nós “Arbalet” agus “Akveduk”, a mbaineann an Rúis úsáid astu go léir ina cogadh foghach ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá Kirill Abdrakhmanov ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá sé ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise.

23.10.2025

1974.

Rustam MUMINOV

Rúisis: Рустам МУМИНОВ

Dáta breithe: 1965

Náisiúntacht: Rúiseach, Úisbéiceastánach, Briotanach

Inscne: fireann

Rialaíonn Rustam Muminov an Fargona Chemical Plant, ar cuideachta Úisbéiceastánach é. Sholáthair an Fargona Chemical Plant laíon cadáis don Perm Powder Plant agus don Kazan State-Owned Gunpowder Plant, rud a d’úsáid na heintitis sin chun airm a mhonarú d’Fhórsaí Armtha na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Rustam Muminov ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise.

23.10.2025

1975.

Aleksandr Reshideovich DYUKOV

Rúisis: Александр Решидеович ДЮКОВ

Feidhm: Stiúrthóir an Historical Memory Foundation; comhalta de Chomhairle an Uachtaráin um Chaidreamh Idir-Eitneach

Dáta breithe: 17.10.1978

Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais chánach: 772604463094

Tá Aleksandr Dyukov ina stiúrthóir ar an Historical Memory Foundation, a dhéanann taighde bréagstairiúil a thacaíonn le beartas oifigiúil Rialtas Chónaidhm na Rúise. Trí ionramháil a dhéanamh ar fhíricí stairiúla, tá sé mar aidhm ag staidéir an Historical Memory Foundation údar maith a thabhairt leis an gcos ar bolg Shóivéadach agus an íomhá go bhfuil an Rúis ag troid i gcoinne an Naitsíochais fhorleathain i dtíortha a chuireann i gcoinne na Rúise a chothú. Léirítear an Úcráin mar Stát atá á reáchtáil ag Naitsithe. Trí é a bheith ina Stiúrthóir ar an Historical Memory Foundation, tá Aleksandr Dyukov freagrach as gníomhaíochtaí na Fondúireachta trína scaiptear bolscaireacht.

Ina theannta sin, is comhalta é Aleksandr Dyukov de Presidential Council for Interethnic Relations (Chomhairle an Uachtaráin um Chaidreamh Idir-Eitneach). Is comhlacht comhairleach agus comhairleach faoi Uachtarán na Rúise í an Chomhairle um Chaidreamh Idir-Eitneach, a bunaíodh chun feabhas a chur ar bheartas Stáit i réimse an chaidrimh idir-eitnigh. Tá sé ag obair chun críocha Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia na hÚcráine atá faoi fhorghabháil go neamhdhleathach a lánpháirtiú sa Rúis.

Dá bhrí sin, tá Aleksandr Dyukov ag tacú le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus tá sé ag tacú le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus ag baint tairbhe as.

23.10.2025

1976.

Ilya Anatolyevich SOROKIN

Rúisis: Илья Анатольевич СОРОКИН

Feidhm: Oibrí leighis i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10 sa Mhordóiv

Dáta breithe: 2.8.1990

Áit bhreithe: Potma, Dúiche Zubovo-Polyansky, PSSF Mhoirdiach (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is oibrí leighis é Ilya Sorokin, ailias “Dr Evil”, ag Penal Colony No 10 (Coilíneacht Phionósach Uimh. 10) i Mordóiv na Rúise. Meabhraíonn príosúnaigh chogaidh a coinníodh ansin íde mhídhaonna tháireach, ó mhí-úsáid ghnéasach go mí-úsáid fhisiciúil eile agus síolteagasc. Is sárú ar Choinbhinsiúin na Ginéive é an t-iompar táireach sin.

Dhiúltaigh Ilya Sorokin cóir leighis a chur ar na príosúnaigh chogaidh Úcránacha atá á gcoinneáil ag Coilíneacht Phionósach Uimh. 10 sa Mhordóiv. Rinne sé príosúnaigh chogaidh a leictrealoisceadh arís agus arís eile, thug sé orthu a bheith ag tafann, chuir sé iallach orthu amhráin thírghrácha Rúiseacha a chanadh, agus chaith sé go táireach leo ar bhealaí eile. Tacaíonn Ilya Sorokin go hoscailte le stair mhíleata na Rúise agus leis an gcogadh leanúnach san Úcráin, agus déanann sé ábhar náisiúnach agus ábhar ar son an chogaidh a phostáil go rialta ar a mheáin shóisialta, lena n-áirítear an tsiombail shuntasach “Z”.

Dá bhrí sin, tá Ilya Sorokin ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

23.10.2025

1977.

Alexey Vadimovich NIZKOUS

Rúisis: Алексей Вадимович НИЗКОУС

Feidhm: Ard-Stiúrthóir PJSC Energiya

Dáta breithe: 1989

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais chánach: 482110760708

Is é Alexey Nizkous Ard-Stiúrthóir PJSC Energiya, táirgeoir Rúiseach foinsí cumhachta ceimiceacha, lena n-áirítear ceallraí atá deartha go sonrach le haghaidh feidhmeanna míleata. Monaraíonn an chuideachta ceallraí a úsáidtear in aerárthaí gan foireann, i dtrealamh eitilte agus i dtrealamh cabhlaigh. Tá an chuideachta tar éis borradh suntasach a chur faoina hacmhainneacht táirgeachta agus a haschur, agus orduithe substaintiúla cosanta Stáit á gcomhlíonadh aici. Tá béim leagtha ag ceannaireacht na cuideachta ar an tosaíocht conarthaí cosanta Stáit a chomhlíonadh.

Dá bhrí sin, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir PJSC Energiya, tá Alexey Belyaev ag tacú le coimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise. Tá baint aige freisin le PJSC Energiya.

23.10.2025

1978.

Dmitry Anatolievich GARTSEV

Rúisis: Дмитрий Анатольевич ГАРЦЕВ

Feidhm: Aire Sláinte “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a thugtar air

Dáta breithe: 1.2.1989

Áit bhreithe: Vlasikha, réigiún Mhoscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais chánach: 503227347454

Is é Dmitry Gartsev Aire Sláinte “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear de. Sa ról sin, tá baint aige le haistriú leanaí ó chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil go dtí an Rúis a eagrú. Dá bhrí sin, tá Dmitry Gartsev ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

23.10.2025

1979.

CHA Yong Beom

ar a dtugtar freisin CHA Yong-bom

ar a dtugtar freisin CHA Yong-pom

Cóiréis: 차용범

Feidhm: Leifteanant-Ghinearál in Arm Pobail na Cóiré

Náisiúntacht: Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

Inscne: fireann

Is Leifteanant-Ghinearál é Cha Yong Beom i nDaon-Arm Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC). Sainaithníodh é mar dhuine de cheannasaithe sinsearacha míleata DPDC a imscaradh chuig an Rúis in éineacht le trúpaí de chuid DPDC chun tacú le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. I bhfianaise imscaradh Cha Yong Beom sa Rúis agus a rannpháirtíocht i gcomhar míleata DPDC leis an Rúis, tá sé ag tacú le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus, ar an gcaoi sin, tá sé ag baint an bhoinn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ag bagairt ar an méid sin.

23.10.2025

1980.

Vladislav Nikolaevich GOLOVIN

Rúisis: Владислав Николаевич ГОЛОВИН

Feidhm: Ceann ar Fhoirneann Ghinearálta All-Russia “Young Army” Military Patriotic Social Movement (Yunarmiya)

Dáta breithe: 20.5.1997

Áit bhreithe: Kirov, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Vladislav Golovin Ceann ar Fhoirneann Ghinearálta All-Russia “Young Army” Military Patriotic Social Movement (Yunarmiya). Glacann sé páirt ghníomhach i míleatú leanaí Úcránacha i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach. Scaipeann sé meon ar son na Rúise chomh maith le hinsintí frith-Úcráineacha, agus spreagann sé leanaí chun páirt a ghlacadh in Yunarmiya. Ghlac sé páirt ghníomhach i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, lena n-áirítear trína bheith ina cheann feadhna ar phríomhfhórsaí na Rúise le linn dóibh cathair Mariupol a ghabháil.

Dá bhrí sin, tá Vladislav Golovin ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin. Thairis sin, tá baint aige le Yunarmiya.

23.10.2025’;

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘642.

Joint Stock Сompany “Krasnoyarsk machine-building plant”

ar a dtugtar freisin JSС “Krasmash”

ar a dtugtar freisin AO “Krasnoiarskyi mashynobudivnyi zavod”

Rúisis: АО “Красмаш”

ar a dtugtar freisin АО “Красноярский Машиностроительный Завод”

Seoladh: Cónaidhm na Rúise, 660123, Krasnoyarsk region, Krasnoyarsk, Pr. im. Gazety Krasnoyarskii Rabochii d. 29

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 23.12.2008

Uimhir chlárúcháin: 1082468060553

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir aitheantais chánach: 2462206345

KPP: 246201001

Suíomh gréasáin: http://www.krskmz.ru

Ríomhphost: info@krskmz.ru

Teileafón: +7 (391) 264-47-12

Is monaróir armlóin é JSС “Krasnoyarsk machine-building plant”. Monaraíonn an gléasra diúracáin bhalaistíocha idir-ilchríochacha Sarmat a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo don Rúis. Tá an gléasra faoi úinéireacht dheiridh Rialtas Chónaidhm na Rúise.

Dá bhrí sin, tá JSС “Krasnoyarsk machine-building plant” mar chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise agus tacaíonn sé le Rialtas Chónaidhm na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

23.10.2025

643.

Joint Stock Company NII Steel

ar a dtugtar freisin JSC “NII Stalina”

ar a dtugtar freisin JSC Research Institute of Steel

ar a dtugtar freisin Joint Stock Company Nauchno Issledovatelskii Institut Stali

ar a dtugtar freisin OJSC “NII STALLI”

ar a dtugtar freisin Open Joint-Stock Company “Scientific Research Institute of Steel”

Rúisis: Акционерное Общество “НаучноИсследовательский Институт Стали”

ar a dtugtar freisin АО “НИИ Стали”

ar a dtugtar freisin ОАО “НИИ Стали”

ar a dtugtar freisin Открытое акционерное общество “Научно-исследовательский институт стали”

ar a dtugtar freisin НИИ стали

ar a dtugtar freisin Научно-исследовательский институт стали

Seoladh: 127411, Moscó, Dubninskaya str., 81a, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 17.2.1993

Uimhir chlárúcháin: 1027739081556

Príomhionad gnó: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Uimhir aitheantais chánach: 7713070243

KPP: 771301001

Teileafón: +7 (495) 484-63-33; (495) 484-63-61

Facs: +7 (495) 485-43-95; (495) 485-43-95

Ríomhphost: mail@niistalli.ru

Eintitis chomhlachaithe: Kalashnikov Concern

Tá JSC NII Steel gníomhach i dtaighde, i bhforbairt agus i dtáirgeadh ábhar, struchtúr agus teicneolaíochtaí chun airm, trealamh míleata agus pearsanra de gach cineál fórsaí talún a chosaint, chomh maith le réitigh nuálacha chosantacha a tháirgeadh le haghaidh úsáid shibhialtach. Sheol JSC NII Steel forbairt choimpléasc na gcóras lena laghdaítear an síniú le haghaidh umair T-90M, T-80 BVM agus T-72B3. Thairis sin, sholáthair JSC NII Steel seirbhísí brataithe cosanta le haghaidh umair mhiotail agus comhpháirteanna (páirteanna spártha) d’umair agus d’fheithiclí comhraic armúrtha féinghluaiste eile.

Dá bhrí sin, tá JSC NII Steel mar chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise. Ós rud é go n-úsáidtear a chuid táirgí i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, baineann JSC NII Steel an bhonn d’iomláine chríochach na hÚcráine.

23.10.2025

644.

Joint Stock Company “Solikamsk Plant Ural”

ar a dtugtar freisin AO Solikamskii Zavod Ural

Rúisis: Акционерное Общество “Соликамский Завод ‘Урал’”

Seoladh: 618554, Cónaidhm na Rúise, Perm region, Solikamsk, Energetikov st., 19a

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 19.12.2011

Uimhir chlárúcháin: 1115919002561

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir aitheantais chánach: 5919015877

KPP: 591901001

Teileafón: +7 (34253) 4-00-07, +7 (34253) 4-00-29

Suíomh gréasáin: www.zavodural.ru

Ríomhphost: zavod-ural@yandex.ru

Is táirgeoir púdair ghunna agus pléascán de chuid na Rúise é JSС “Solikamsk Plant Ural”. Tá an gléasra faoi úinéireacht dheiridh Rialtas Chónaidhm na Rúise.

Dá bhrí sin, tá JSС “Solikamsk Plant Ural” mar chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise, lena n-áirítear trína bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata, agus tacaíonn sé freisin le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

23.10.2025

645.

Limited Liability Company Old Vector

ar a dtugtar freisin “Old Vector” LLC

Rúisis: Общество с ограниченной ответственностью “Олд Вектор”

Seoladh: Kyzyl-Ady st. 172, Archa-Beshik, ceantar Leninsky, Bishkek, an Chirgeastáin

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: an Chirgeastáin

Dáta clárúcháin: 13.12.2024

Uimhir chlárúcháin: 311479-3301-000

OKPO: 33504589

Uimhir aitheantais chánach: 01312202410041

Príomhionad gnó: an Chirgeastáin

Fón: 0700541245; +996223300013

Suíomh gréasán: //a7a5.kg/; https://a7a5.io/

Eintitis chomhlachaithe: PSB Bank

Is é LLC Old Vector eisitheoir A7A5, ar cripteamhona cobhsaí é a bhfuil taiscí rúbal fiat mar thaca leis i gcuntais bhainc PSB Bank, fiontar faoi úinéireacht Stáit na Rúise. Maidir le gach rúbal a chaitear ar A7A5, déantar suim choibhéiseach a thaisceadh in PSB Bank, rud a mhéadaíonn caipiteal na hinstitiúide atá faoi úinéireacht an Stáit. Ba é PSB Bankagus cuideachta ar leis é go páirteach, eadhon LLC A7, a chomhchruthaigh A7A5. Bhí an tionscadal sin maoinithe go páirteach ag VEB.RF, mórinstitiúid forbartha airgeadais a bhfuil a Cathaoirleach ceaptha go díreach ag Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, agus a ghlacann treoracha go díreach uaidh.

Dá bhrí sin, tacaíonn LLC Old Vector le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as. Ina theannta sin, tá baint ag LLC Old Vector le PSB Bank, duine dlítheanach a dhéanann idirbhearta leis na grúpaí scarúnaíocha i réigiún Donbas na hÚcráine.

23.10.2025

646.

State Unitary Enterprise of the Lugansk People’s Republic “Lugansk Communications”

ar a dtugtar freisin SUE LPR “Lugakom”

ar a dtugtar freisin State Unitary Enterprise of the Lugansk People’s Republic “Republican Digital Communication”

ar a dtugtar freisin SUE LPR “RDC”

Rúisis: ‘Государственное Унитарное Предприятие Луганской Народной Республики “Луганские Коммуникации”

ar a dtugtar freisin Государственное Унитарное Предприятие Луганской Народной Республики “Республиканские Цифровые Коммуникации”

Seoladh: Urban District, Lugansk city Marska Street 261, 291011, Yeremenko sq. 73, cathair Luhansk, ceantar Luhansk, “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di

An cineál eintitis: Fiontar Aonadach Stáit

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 29.11.2022

Uimhir chlárúcháin: 1229400032839

Príomhionad gnó: “Luhansk People’s Republic” mar a ghairtear de

Uimhir aitheantais chánach: 9403009411

Is oibreoir teileachumarsáide é State Unitary Enterprise of the Lugansk People’s Republic “Lugansk Communications”, ar a dtugtaí State Unitary Enterprise of the Lugansk People’s Republic “Republican Digital Communication” tráth, a bhíodh ag feidhmiú i réigiún Luhansk atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach. Bunaíodh é agus tá sé á rialú ag údaráis “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di agus tá sé cláraithe mar eintiteas dlítheanach Rúiseach.

Dá bhrí sin, tá State Unitary Enterprise of the Lugansk People’s Republic “Lugansk Communications” ag tacú le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá baint aige freisin le “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di.

23.10.2025

647.

State Unitary Enterprise of the Donetsk People’s Republic “Ugletelekom”

ar a dtugtar freisin SUE LPR “Ugletelekom”

Rúisis: Государственное Унитарное Предприятие Донецкой Народной Республыкы “Углетелеком”

ar a dtugtar freisin Гуп Днр “Углетелеком”

Seoladh: 283001, Postysheva St. 60, Donetsk city, Donetsk district, “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di

An cineál eintitis: Fiontar Aonadach Stáit

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 1.2.2023

Uimhir chlárúcháin: 2239300329486

Príomhionad gnó: “Daon-Phoblacht Donetsk” mar a ghairtear di

Uimhir aitheantais chánach: 9303011791

Is oibreoir teileachumarsáide é State Unitary Enterprise of the Donetsk People’s Republic “Ugletelekom” a oibríonn i réigiún Donetsk na hÚcráine atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach. “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di, a bhunaigh é trí shócmhainní na hÚcráine a dhíshealbhú go neamhdhleathach.

Dá bhrí sin, tá State Unitary Enterprise of the Donetsk People’s Republic “Ugletelekom” ag tacú le gníomhartha agus le bearta a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá baint aige freisin le “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di.

23.10.2025

648.

Tianjin Xishanfusheng International Trading Co. LTD

Seoladh: 300350, Jinnan District, Tianjin, Xianshuigu Town, Daon-Phoblacht na Síne

Áit chlárúcháin: Daon-Phoblacht na Síne

Príomhionad gnó: Daon-Phoblacht na Síne

Is cuideachta Shíneach é Tianjin Xishanfusheng International Trading Co. LTD. D’onnmhairigh sé earraí de thionscnamh an Aontais chuig eintitis sa Rúis a bhfuil toirmeasc le hAirteagal 3k de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ar a n-onnmhairiú díreach ón Aontas chuig an Rúis.

Dá bhrí sin, tá Tianjin Xishanfusheng International Trading Co. LTD ag éascú sáruithe ar an toirmeasc ar dhul timpeall ar Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.

23.10.2025

649.

Public Joint Stock Company “Polyus”

ar a dtugtar freisin PJSC “Polyus”

ar a dtugtar freisin Polyus

Rúisis: Публичное акционерное общество “ПОЛЮС”

Seoladh: 3 bldg 1, Krasina St., Moscó 123056, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic Phoiblí

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 17.3.2006

Uimhir chlárúcháin: 1068400002990

Uimhir aitheantais chánach: 7703389295

Is príomhchuideachta mianadóireachta óir Rúiseach é PJSC “Polyus” atá ag feidhmiú in earnáil óir na Rúise, earnáil a sholáthraíonn ioncam suntasach do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

Dá bhrí sin, tá PJSC “Polyus” páirteach in earnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

23.10.2025

650.

Grinex

Rúisis: Гринекс

Seoladh: Bishkek, Leninsky district, microdistrict Jal-29, building 14/1, 35, an Chirgeastáin

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Bishkek, an Chirgeastáin

Dáta clárúcháin: 27.12.2024

Uimhir chlárúcháin: 311748-3301-OOO

Uimhir aitheantais chánach: 02312202410120

Seoladh tiachóige blocshlabhra aitheanta: TNZxGWCwvsHr6JxQxzoeDXV597Yf7Zb7nV; TC8axQvzJEVR3NKN6mZnJtGy7537GEmh38; TEcuHDQthTmULe8fFLUccBPpjfXaTmJuuD

Eintitis chomhlachaithe: PSB Bank

Is malartán criptea-airgeadra é GRINEX atá cláraithe sa Chirgeastáin. Is ardán tábhachtach é GRINEX chun cripteamhona cobhsaí A7A5, arna chomhthaobhú ag PSB Bank, institiúid atá faoi úinéireacht Stát na Rúise, a thrádáil. Le haghaidh gach rúbal a chaitear ar A7A5, déantar suim choibhéiseach a thaisceadh in PSB Bank, rud a mhéadaíonn caipiteal na hinstitiúide atá faoi úinéireacht an Stáit. Is iad LLC A7 agus PSB Banka d’fhorbair A7A5 agus is é LLC Old Vector a eisíonn é.

Dá bhrí sin, tacaíonn Grinex le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as. Ina theannta sin, tá baint ag GRINEX le PSB Bank, LLC A7 agus LLC Old Vector.

23.10.2025

651.

ODK-Ufa Engine-Building Production Association

Rúisis: Публичное Акционерное Общество “Одк-Уфимское Моторостроительное Производственное Объединение”

ar a dtugtar freisin Public Joint Stock Company Odk-Ufimskoye Motorostroitelnoye Production Association

ar a dtugtar freisin UEC-Ufa Engine-Building Production Association

ar a dtugtar freisin ODK-UMPO

ar a dtugtar freisin UEC-UMPA

Seoladh: 450039, Ufa, Ferina street 2, Republic of Bashkortostan, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic phoiblí

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 1.1.1925

Uimhir chlárúcháin: 1020202388359

Uimhir aitheantais chánach: 0273008320

KPP: 027301001

Is é ODK-Ufa Engine-Building Production Association (ODK-UMPO) an monaróir innill gástuirbín is mó sa Rúis agus is príomh-fhochuideachta é den United Engine Corporation (UEC) atá faoi úinéireacht an Stáit, a bhfuil ról lárnach aige i gcoimpléasc míleata-tionsclaíoch na tíre. Le linn fhóram míleata Arm-2024, rinne ODK-UMPO socrú maidir le hinstealladh 27,5 billiún rúbal ó Rostec State Corporation chun tacú lena oibríochtaí leanúnacha, rud a threisigh a thuilleadh a thábhacht straitéiseach.

Táirgeann máthairchuideachta ODK UMPO, UEC, innill le haghaidh aerárthaí Su-27, Su-30, Su-35S, Su-57 agus Su-25. Áirítear le príomh-aschur ODK-UMPO innill turbascairde ar nós AL-31F, AL-41F-1S, R-95Sh agus R-195, atá ina gcuid dhílis de na scairdeitleáin trodaíochta túslíne sin.

Tá ODK-UMPO coimisiúnaithe go díreach ag Roinn Cosanta na Rúise chun inneall AL-41F-1s a fhorbairt lena úsáid in aerárthaí shraith Su den cheathrú glúin.

Dá bhrí sin, tá ODK-Ufa Engine-Building Production Association ag tacú go hábharach le coimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise trí theicneolaíocht agus trealamh míleata a sholáthar agus baineann sé tairbhe as.

23.10.2025

652.

Joint Stock Company AvtoVAZ

Rúisis: Aкционерное общество “АВТОВАЗ”

ar a dtugtar freisin JSC AvtoVAZ

ar a dtugtar freisin AvtoVAZ

Seoladh: Yuzhnoe highway (Southern highway) 36, Togliatti, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 23.9.2002

Uimhir chlárúcháin: 1026301983113

Uimhir aitheantais chánach: 6320002223

Is cuideachta monaraíochta gluaisteán faoi úinéireacht Stáit na Rúise é JSC AvtoVAZ. Tá rannán struchtúrach cruthaithe ag an gcuideachta atá freagrach as tacaíocht a thabhairt dá fostaithe a ghlacann páirt san “oibríocht mhíleata speisialta”, mar a ghairtear di, agus dá dteaghlaigh, rud a chuireann tairbhí ar fáil dóibh. D’aithin údaráis na Rúise an aird a thugann JSC AvtoVAZ dá fhostaithe a throid sa chogadh foghach ar an Úcráin, agus dá mbaill teaghlaigh. Thug an chuideachta carranna d’oibrithe plandaí a throid sa chogadh, agus gheall sí go gclúdóidís na costais chothabhála dóibh.

Dá bhrí sin, tá JSC AvtoVAZ ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

23.10.2025

653.

Limited Liability Company Plant “BUMMASH”

Rúisis: Oбщество с ограниченной ответственностью завод “БУММАШ”

ar a dtugtar freisin LLC Plant “BUMMASH”

ar a dtugtar freisin Plant “BUMMASH”

ar a dtugtar freisin Zavod “BUMMASH”

ar a dtugtar freisin BUMMASH

Seoladh: Votkinskoe highway 170, Izhevsk, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Izhevsk, Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 9.10.2018

Uimhir chlárúcháin: 1181832022250

Uimhir aitheantais chánach: 1840083283

Is fiontar tionsclaíoch é LLC Plant “BUMMASH” atá bunaithe sa Rúis. Tá sé aitheanta go hoifigiúil ag údaráis réigiúnacha Phoblacht na hUdmairt mar cheann dá fiontair den choimpléasc míleata-tionsclaíoch. Baineann Fórsaí Armtha na Rúise úsáid as táirgeadh na cuideachta agus glacann sí páirt i gcomhlíonadh ordú cosanta Stát na Rúise. Tá LLC Plant “BUMMASH” ag gabháil freisin do mhonarú trealaimh dé-úsáide, ar féidir é a úsáid le haghaidh feidhmeanna míleata. Deimhnítear le ráitis phoiblí ó oifigigh réigiúnacha go bhfuil LLC Plant “BUMMASH” ag tacú le hiarracht chogaidh Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá LLC Plant “BUMMASH” mar chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

23.10.2025

654.

Public Joint Stock Company “Dalpribor”

Rúisis: Публичное акционерное общество “Дальприбор”

ar a dtugtar freisin PJSC “DALPRIBOR”

ar a dtugtar freisin Dalpribor

Seoladh: Borodinskaya 46/50, Vladivostok, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic phoiblí

Áit chlárúcháin: Vladivostok, Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 1.8.2002

Uimhir chlárúcháin: 1022502117505

Uimhir aitheantais chánach: 2539008807

Is cuideachta déanta ionstraimí de choimpléasc míleata-tionsclaíoch na Rúise é PJSC “Dalpribor”. Tá trealamh seachadta aige chuig Aireacht Cosanta na Rúise, agus ar an gcaoi sin chuir sé an t-ordú cosanta Stáit chun feidhme.

Dá bhrí sin, tá PJSC “Dalpribor” mar chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

23.10.2025

655.

Joint Stock Company “Sarapul Electric Generator Plan”

Rúisis: Aкционерное общество “Сарапульский электрогенераторный завод”

ar a dtugtar freisin JSC Sarapul Electric Generator Plant

ar a dtugtar freisin Sarapul Electric Generator Plant

ar a dtugtar freisin JSC SEGS

Seoladh: Elektrozavodskaya st 1, Sarapul, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic

Áit chlárúcháin: Sarapul, Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 10.2.1993

Uimhir chlárúcháin: 1021800992190

Uimhir aitheantais chánach: 1827001683

Is cuideachta Rúiseach é JSC “Sarapul Electric Generator Plant” (SEGZ) a mhonaraíonn córais giniúna, rialaithe agus cosanta cumhachta, trealamh le haghaidh aerárthaí agus héileacaptair mhíleata, agus comhpháirteanna le haghaidh teicneolaíocht roicéad. Táirgeann JSC SEGZ páirteanna criticiúla d’aerárthaí fadraoin na Rúise. Glacann an chuideachta páirt i gcomhlíonadh ordú cosanta Stáit na Rúise, agus díorthaíonn níos mó ná leath dá hioncam ó chonarthaí míleata. Dá bhrí sin, tá JSC SEGZ mar chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

Ina theannta sin, trí ordú cosanta an Stáit a chur chun feidhme, tá JSC SEGZ ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.

23.10.2025

656.

Volgotanker Joint Stock Company

Seoladh: Ulitsa Gorkogo 105, Samara, 443693, Cónaidhm na Rúise

Seoladh: Leytenanta Schmidta Naberezhnaya 37, Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 1937

Uimhir IMO: 4032815

Is cuideachta loingseoireachta é Volgotanker JSC atá lonnaithe sa Rúis agus atá speisialaithe i ngnó stórála umair agus i ngnó iompair ola agus táirgí ola. Tá an chuideachta cláraithe mar úinéir tairbhiúil soithí iomadúla a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus bainistíonn sé na soithí sin agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, á ndéanamh acu ag an am céanna. Bainistíonn Volgotanker JSC na soithí sin freisin.

Dá bhrí sin, tá Volgotanker JSC ina úinéir agus ina bhainisteoir de shoithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus bainistíonn sé na soithí sin agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, á ndéanamh acu ag an am céanna.

23.10.2025

657.

Maxima Legal Limited Liability Company

ar a dtugtar freisin Maxima LLC

Seoladh: Liteyniy Ave, 26, Cathair Pheadair, 191028, Cónaidhm na Rúise,

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 19.2.2008

Uimhir chlárúcháin: 1089847079630

Is gnólacht dlí Rúiseach é Maxima Legal LLC. Sa cháil sin, chuir Maxima Legal LLC go leor iarrataí faoi bhráid na n-údarás náisiúnta inniúil ar mhaolú ar an reo sócmhainní a forchuireadh le bearta sriantacha an Aontais. Chuir Maxima Legal LLC doiciméid bhréagacha ar fáil chun tacú lena éilimh chun críche deireadh a chur le reo chistí a chliant, agus chun na críche sin amháin.

Dá bhrí sin, tá Maxima Legal LLC ag éascú sáruithe ar an toirmeasc ar dhul timpeall ar fhorálacha Chinneadh 2014/145/CBES nó ar Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 nó tá bac suntasach á chur ar na forálacha seo ar bhealach eile.

23.10.2025

658.

JSC “Sarapulsky Radiozavod”

Rúisis: АО “Сарапульский Радиозавод”

Seoladh: 427960, Udmurt Republic, Sarapul, st. Gogolya, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 1.7.1998

OGRN: 1021800992124

Uimhir aitheantais chánach: 1827013914

Cruthaíonn JSC “Sarapulsky Radiozavod” teicneolaíochtaí cumarsáide raidió nuálacha, go príomha le haghaidh córais agus gléasanna móibíleacha ar fud ardáin éagsúla. Úsáidtear a chuid táirgí san iompróir pearsanra armúrtha Tiger-M agus i gcórais ar nós “Arbalet” agus “Akveduk”, a mbaineann an Rúis úsáid astu go léir ina cogadh foghach ar an Úcráin.

Faoi 2025, bhí gradaim faighte ag breis is 50 fostaí de chuid JSC “Sarapulsky Radiozavod” ó údaráis Stáit, chathrach agus réigiúnacha, agus ó Aireacht Cosanta na Rúise.

Dá bhrí sin, tá JSC “Sarapulsky Radiozavod” ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Dá bhrí sin, tá JSС “Sarapulsky Radiozavod” mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus tá sé ag acu le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

23.10.2025

659.

Joint Stock Company “Volsk Mechanical Plant”

ar a dtugtar freisin JSC “Volsk Mechanical Plant”

ar a dtugtar freisin JSC “VMP”

Rúisis: Акционерное Общество “Вольский Механический Завод”

ar a dtugtar freisin АО “ВМЗ”

Seoladh: 412921, Saratov region, Volsk, Vidim settlement, house 10, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 29.12.2010

OGRN: 1106441000951

Uimhir aitheantais chánach: 6441019849

Monaraíonn agus deisíonn JSC “Volsk Mechanical Plant” airm agus trealamh míleata ar nós na gcóras diúracán fritancanna “Kornet”, “Konkurs” agus “Shturm-S”, a n-úsáidtear gach aon cheann acu i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá JSC “Volsk Mechanical Plant” ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá JSC “Volsk Mechanical Plant” mar chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise.

23.10.2025

660.

Streit Group FZE

ar a dtugtar freisin Streit Group FZ-LLC

Seoladh: P.O. 54509, Technology Park – Rakez, Ras Al Khaimah, Free Trade Zone, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Dáta clárúcháin: 1.4.2008

Uimhir chlárúcháin: 5002444

CBLS: 11395424

Teileafón: +97172447395

Ríomhphost: sales@armored-cars.com

Suíomh gréasáin: https://www.armored-cars.com/

Is cuideachta mhíleata thionsclaíoch é Streit Group FZE, a dhéanann speisialtóireacht i dtáirgeadh iompróirí armúrtha pearsanra. Tá oibríochtaí monaraíochta aige sa Rúis, agus chuaigh sé i gcomhpháirtíocht le heintitis mhíleata-tionsclaíocha na Rúise. Dá bhrí sin, is duine dlítheanach é Streit Group FZE atá ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

23.10.2025

661.

Limited Liability Company “Navitron”

ar a dtugtar freisin LLC “Navitron”

ar a dtugtar freisin OOO “Navitron”

ar a dtugtar freisin Limited Liability Company NTLAB-SK

ar a dtugtar freisin NTLAB-SK LLC

Rúisis: ООО “Навитрон”

ar a dtugtar freisin Общество с Ограниченной Ответственностью “НТЛАБ-СК”

ar a dtugtar freisin ООО “НТЛАБ-СК”

Seoladh: 124498, Moscó, Zelenograd, pl Shokina, 1 str. 9, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 30.4.2015

Uimhir chlárúcháin: 1157746406971

Uimhir aitheantais chánach: 7710495287

Uimhir KPP: 773501001

Is cuideachta Rúiseach é LLC Navitron atá ag feidhmiú in earnáil ardteicneolaíochta na Rúise. Déanann sé sliseanna loingseoireachta satailíte a fhorbairt agus a thástáil lena n-úsáid sa tionscal míleata. Oibríonn LLC Navitron i gcomhar le cuideachtaí Rúiseacha atá ag feidhmiú san earnáil thionsclaíoch mhíleata. Rannchuidíonn sé, dá bhrí sin, le neartú míleata agus teicneolaíoch na Rúise agus le forbairt a hearnálacha cosanta agus slándála. Dá bhrí sin, tá LLC Navitron ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise.

23.10.2025

662.

Public Joint Stock Company “Far Eastern Shipping Company”

ar a dtugtar freisin FESCO

ar a dtugtar freisin Far-Eastern Shipping Company

Rúisis: Публичное акционерное общество “Дальневосточное морское пароходство”

ar a dtugtar freisin ПАО “ДВМП”

Seoladh: 7/11 Novokuznetskaya St., Bld. 1, floor 3, office 338, Zamoskvorechye Municipal District, Moscó, 115184, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic Phoiblí

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 16.7.2002

Uimhir chlárúcháin: 1022502256127

Uimhir aitheantais chánach: 2540047110

Uimhir KPP: 770501001

Teil.: +7 800 23 44499

Facs: +7 495 780 6003

Suíomh gréasáin: www.fesco.com/en

ríomhphost: fesco@fesco.com

Tá PJSC “Far Eastern Shipping Company” (FESCO) ar cheann de na gnólachtaí iompair agus lóistíochta is mó sa Rúis, agus is é an t-oibreoir coimeádán calafoirt is mó i gCianoirthear na Rúise é. Tá loingseoireacht coimeádán, oibríochtaí calafoirt, agus iompar idirmhódúil ar muir, ar iarnród agus ar bhóthar mar speisialtóireacht ag an gcuideachta. Is i gCianoirthear na Rúise atá a príomhshócmhainní lonnaithe, lena n-áirítear Calafort Tráchtála Vladivostok agus cabhlach 30 soitheach. Tá ról ríthábhachtach ag an gcuideachta maidir leis an Rúis a nascadh leis an Áise agus leis an Meánoirthear, agus seirbhísí á dtairiscint aici do lastas ginearálta, ceimiceach agus peitriliam.

Is cuideachta faoi rialú Stáit é FESCO. Bhí a scaireanna faoi rialú Rialtas na Rúise agus aistríodh ansin iad chuig corparáid Stáit ag a bhfuil fuinneamh núicléach mar speisialtóireacht. Tá conarthaí fadtéarmacha faighte ag FESCO mar thoradh ar ag an gcomhtháthú sin, mar shampla a stádas mar oibreoir lóistíochta aonair do ghléasra cumhachta núicléiche sa Tuirc. Tacaíonn FESCO le tionscadail Stáit, trí chomhpháirteanna troma a bhogadh do ghléasraí cumhachta núicléiche - bonneagar atá mar bhonn agus mar thaca ag bonn tionsclaíoch níos leithne na Rúise. Comhoibríonn an chuideachta le rialtais réigiúnacha maidir le forbairt bonneagair agus baineann sí tairbhe as tacaíocht chónaidhme, lena n-áirítear stádas limistéir eacnamaíoch speisialta agus formheasanna brostaithe do chríochfoirt straitéiseacha. Ina theannta sin, oibríonn FESCO go dlúth le Aireacht Iompair na Rúise maidir le tionscnaimh phíolótacha lóistíochta, rud a threisíonn a chomhtháthú in éiceachóras lóistíochta na Rúise a fhaigheann tacaíocht ón Stát.

Dá bhrí sin, tá FESCO ag tacú le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus tá tairbhe á baint aige as. Ina theannta sin, tá FESCO páirteach san earnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

23.10.2025

663.

Is cuideachta Rúiseach é JSC “Cheboksary Production Association named after V.I. Chapaev”

Rúisis: “AO Чебоксарское производственное объединение им. В.И.Чапаева”

Seoladh: 428006, Chuvash Republic, Cheboksary, street Socialisticheskay, 1, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic Phoiblí

Dáta clárúcháin: 8.11.2011

Uimhir chlárúcháin: 1112130014325

Ríomhphost: oaochap@mail.ru

Suíomh gréasáin: https://en.chapaew.ru/

Is cuideachta Rúiseach é JSC “Cheboksary Production Association named after V.I. Chapaev” arb í a príomhghníomhaíocht airm agus trealamh míleata a tháirgeadh. Soláthraíonn an chuideachta cuideachtaí cosanta Rúiseacha agus tá sí faoi úinéireacht JSC “Specchemistry”, cuideachta atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais mar gheall ar an méid a sholáthraíonn sí d’arm na Rúise. Cuireann JSC “Cheboksary Production Association named after V.I. Chapaev” Clár Armála Stáit agus Ordú Cosanta Stáit na Rúise i bhfeidhm.

Dá bhrí sin, tá “Cheboksary Production Association named after V.I. Chapaev” mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus tacaíonn sé go hábhartha leis.

23.10.2025

664.

Joint Stock Company “Aviation Gearboxes and Transmissions – Perm Motors”

JSC Reductor-PM

Rúisis: АО “Авиационные редуктора и трансмиссии – Пермские моторы”

ar a dtugtar freisin АО “Редуктор-ПМ”

Seoladh: 614990, Perm, Komsomolsky Prospekt 93, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic Phoiblí

Dáta clárúcháin: 31.8.1995, 7.9.2002

Uimhir chlárúcháin: 1025902394385

Uimhir aitheantais chánach: 5948017501

Uimhir KPP: 590401001

Teileafón: +7 (342) 240 80 11

Facs: +7 (342) 240 80 28

Ríomhphost: info@reductor-pm.com

Suíomh gréasáin: https://rhc.ru/structure/reduktor-pm

Déanann JSC “Aviation Gearboxes and Transmissions – Perm Motors” giarbhoscaí agus tras-seoltaí héileacaptair a mhonarú agus a sheirbhísiú le haghaidh héileacaptar, lena n-áirítear “night hunter”, Mi-8/17 agus Mi-26 (T) Mi-28n. Tá “night hunter” Mi-28n úsáidte ag an Rúis ina cogadh foghach ar an Úcráin. Tá an chuideachta mar chuid den chuideachta sealbhaíochta “Russian Helicopters”, atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais.

Dá bhrí sin, tá JSC “Aviation Gearboxes and Transmissions – Perm Motors” mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh agus soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

23.10.2025

665.

LLC “NPO Aviabas”

ar a dtugtar freisin Limited Liability Company “NPO Aviabas”

Rúisis: OOO “НПО Авиабас”

ar a dtugtar freisin Общество С Ограниченной Ответственностью “НПО Авиабас”

Seoladh: 194100, Cathair Pheadair, in.ter.g. Municipal District Sampsonievskoye, st. Alexander Matrosova, 20, letter A, room. 1-N, part 139, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 30.8.2023

Uimhir chlárúcháin: 1237800098315

Uimhir aitheantais chánach: 7802943980

Uimhir KPP: 780201001

Is cuideachta Rúiseach é LLC “NPO Aviabas” a dhéanann speisialtóireacht i monarú aerárthaí gan foireann (UAVanna). Táirgeann sé na haerárthaí comhraic gan foireann le radharc céadphearsan Lun-7 agus Lun-10, atá á n-úsáid go gníomhach ag fórsaí na Rúise san Úcráin le haghaidh misin taiscéalaíochta, ionsaithe agus misin kamikaze. Is as Cathair Pheadair a oibríonn an chuideachta agus tá ról méadaitheach aici i gcumais chogaíochta mhéadaitheacha na Rúise maidir le haerárthaí gan foireann.

Tá gníomhaíochtaí na cuideachta ceangailte go dlúth le coimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise agus le foirmíochtaí comhraic deonacha. In 2023, cheannaigh Foireann Ghinearálta na Rúise 23 cinn de na haerárthaí gan foireann Lun-7 d’aonaid dheonacha BARS-3 agus BARS-19, a fuair oiliúint sa teicneolaíocht sin agus a bhí feistithe léi. Rinneadh doiciméadú ar na haerárthaí gan foireann sin in oibríochtaí comhraic, lena n-áirítear ionsaithe ar shuíomhanna san Úcráin gar do Avdiivka agus Lisichansk, le físfhianaise lena ndeimhnítear a n-úsáid ar an láthair chatha.

Dá bhrí sin, tá LLC “NPO Aviabas” mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh agus soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

23.10.2025

666.

LLC “Aviation Systems and Complexes”

ar a dtugtar freisin LLC ASK

Rúisis: ООО “Авиационные Системы и Комплексы”

ar a dtugtar freisin ООО “АСК”

Seoladh: Cónaidhm na Rúise, 129128, Moscó, Mira Avenue, 188b, bldg. 2, floor/office 1/1

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Dáta clárúcháin: 16.12.2022

Uimhir chlárúcháin: 1227700877711

Uimhir aitheantais chánach: 7716975280

Uimhir KPP: 771601001

Is forbróir agus monaróir aerárthaí gan foireann de chuid na Rúise é LLC “Aviation Systems and Complexes”. Monaraíonn sé na haerárthaí gan foireann le radharc céadphearsan “ASK X-2” a bhíonn in úsáid ag Fórsaí Armtha na Rúise. Dá bhrí sin, tá LLC “Aviation Systems and Complexes” mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise.

23.10.2025

667.

Limited Liability Company Molot Arms

ar a dtugtar freisin OOO “Molot Arms”

Rúisis: Общество с Ограниченной Ответственностью “Молот Армз”

Seoladh: 115054, Moscó, Valovaya Street, 14, Building 8, Room 1 Office 4, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Dáta clárúcháin: 14.7.2011

Uimhir chlárúcháin: 1114307000730

Uimhir aitheantais chánach: 4307014667

Uimhir PPC: 770501001

Uimhir OKPO: 67582075

Is monaróir cosanta Rúiseach é LLC Molot Arms, a bunaíodh i Moscó in 2011, a bhíonn ag gabháil d’airm thine agus d’aerchórais gan foireann a tháirgeadh. Is é a tháirge suaitheanta an t-aerárthach comhraic gan foireann le radharc céadphearsan “Zhmil-17”, a mhonaraítear i Réigiún Kirov ó 2023 agus a sholáthraítear d’fhórsaí na Rúise san Úcráin. Is mó ná 500 aonad aerárthaí gan foireann aschur míosúil reatha na cuideachta, agus tá sé beartaithe ag an Stát é a mhéadú go 1 000 ceann in aghaidh na míosa in 2025.

Dearadh Zhmil-17 le haghaidh misin taiscéalaíochta, ionsaithe kamikaze agus buamáil bheacht. Is aerárthach gan foireann gearr-raoin é lenar féidir ionsaithe a dhéanamh ar fheithiclí armúrtha agus suíomhanna treisithe. Leagann oibreoirí béim ar mheáchan aerfhráma 1,5  kg Zhmil-17, ar a shíniú íseal fuaimiúil, agus ar a threoraíocht le radharc céadphearsan trí naisc raidió chriptithe, rud a fhágann go bhfuil sé costéifeachtach i gcomparáid le coibhéisí allmhairithe.

Thuairiscigh Molot Arms ioncam 2024 de 926 mhilliún rúbal agus glanbhrabús 49 milliún rúbal, rud a léiríonn gur fhás sé ó thosaigh an cogadh. Ní hamháin go ndéantar a cuid táirgí go inmheánach, ach comhoibríonn an chuideachta le gnólachtaí leictreonaice réigiúnacha in Kirov chun modúil loingseoireachta agus córais rialaithe a tháirgeadh, rud a áirithíonn leanúnachas an tsoláthair d’ainneoin bearta sriantacha. Bíonn foirne traenála teicniúla agus tacaíocht áitiúil ag gabháil leis na seachadtaí chuig Aireacht Cosanta na Rúise, rud a léiríonn comhtháthú na cuideachta sa choimpléasc míleata agus tionsclaíoch.

Dá bhrí sin, tá LLC Molot Arms mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh agus soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

23.10.2025

668.

Prom Composite Limited Liability Company

ar a dtugtar freisin Prom Kompozit

ar a dtugtar freisin Prom Composite

ar a dtugtar freisin Prom Kompozit Ltd.

Rúisis: Общество с Ограниченной Ответственностью “Пром Композит”

Seoladh: 127411, Moscó, Sh. Dmitrovskoye, 110, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 5.7.2013

Uimhir chlárúcháin: 1137746585855

Uimhir aitheantais chánach: 7713772193

Uimhir PPC: 771301001

Uimhir OKPO: 68013089

Is cuideachta Rúiseach é Prom Composite LLC a fhorbraíonn agus a dhéanann aerárthaí gan foireann (UAVanna). Áirítear ar a phunann samhlacha aerárthaí gan foireann ar nós UAV-KT “Lisa”, UAV-KT “Volk”, aerárthaí gan foireann le radharc céadphearsan “Dozor” agus “Vespa”, chomh maith le dóim mhóra radair. Tá feidhmeanna sibhialta agus míleata araon ag na táirgí sin, rud a léiríonn próifíl dé-úsáide Prom Composite LLC.

Tá Ceadúnas Uimh. M 004477 VVT-P (2019) ag an gcuideachta, lena n-údaraítear forbairt, táirgeadh, deisiú agus díol arm agus trealaimh mhíleata, in éineacht le deimhnithe ISO 9001-2015 agus GOST RV 0015-002-2012. Glacann sí páirt go rialta i dtaispeántais chosanta agus chumarsáide na Rúise, lena n-áirítear Army-2019, Army-2022 agus Svyaz-2020/2024, mar ar chuir sí ardáin aerárthaí gan foireann, córais chumarsáide satailíte, agus a coincheap paitinnithe “Minimax” i láthair.

Dá bhrí sin, tá Prom Composite LLC mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh agus soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

23.10.2025

669.

LLC “Uvs Avia”

Rúisis: ООО “Ювс Авиа”

Seoladh: Cónaidhm na Rúise, 117525, Moscó, Dnepropetrovskaya st., bldg. 3, bldg. 5

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 4.7.2012

Uimhir chlárúcháin: 1127746516809

Uimhir aitheantais chánach: 7726700284

Uimhir KPP: 772601001

Suíomh gréasáin: https://uvsavia.ru/

Ríomhphost: info@uvsavia.ru

Fón: +7 (495) 665-3382

Is forbróir, táirgeoir agus díoltóir arm agus trealamh míleata Rúiseach é LLC Uvs Avia. Áirítear ar tháirgí na cuideachta córais gan foireann agus aerárthaí gan foireann, trealamh rialaithe ar bord le haghaidh aerárthaí gan foireann, saoráidí cumarsáide ar bord agus trealamh teiliméadrachta le haghaidh aerárthaí. Baineann fórsaí na Rúise úsáid as aerárthaí gan foireann na cuideachta, lena n-áirítear aerárthaí gan foireann “Quasimacht” i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Tá LLC Uvs Avia dá bhrí sin mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise.

23.10.2025

670.

Public Joint Stock Company “Energiya”

ar a dtugtar freisin PAO Energiya

ar a dtugtar freisin Energiya

ar a dtugtar freisin PJSC Energiya

Rúisis: Публичное Акционерное Общество “Энергия”

ar a dtugtar freisin ПАО “Энергия”

ar a dtugtar freisin Липецкая “Энергия”

ar a dtugtar freisin Энергия

Seoladh: Elektrik st 1, Yelets (Elets), Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic Phoiblí

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 2.10.2002

OGRN: 1024800789408

Uimhir aitheantais chánach: 4821000142

Tá PJSC Energiya ar cheann de na táirgeoirí foinsí cumhachta ceimicí is mó sa Rúis, lena n-áirítear ceallraí a dheartar go sonrach le haghaidh feidhmeanna míleata. Monaraíonn an chuideachta na ceallraí a úsáidtear in aerárthaí gan foireann, i dtrealamh eitilte agus i dtrealamh cabhlaigh. Tá an chuideachta tar éis borradh suntasach a chur faoina hacmhainneacht táirgeachta agus a haschur, agus orduithe substaintiúla cosanta Stáit á gcomhlíonadh aici. Tá béim leagtha ag ceannaireacht na cuideachta ar an tosaíocht conarthaí cosanta Stáit a chomhlíonadh. Is iomaí fostaí de chuid PJSC Energiya a thairg troid sa chogadh ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá PJSC Energiya mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata. Ina theannta sin, trí ordú cosanta an Stáit a chur chun feidhme, tá PJSC Energiya ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus tá tairbhe á baint aige as an méid sin.

23.10.2025

671.

Limited Liability Company Shipbuilding Complex “Zvezda”

ar a dtugtar freisin LLC Shipbuilding Complex “Zvezda”

ar a dtugtar freisin Shipbuilding Complex “Zvezda”

ar a dtugtar freisin Zvezda

ar a dtugtar freisin SSK Zvezda

Rúisis: Общество с Ограниченной Ответственностью “Судостроительный Комплекс ‘Звезда’”

ar a dtugtar freisin ООО “ССК ‘Звезда’”

ar a dtugtar freisin Судостроительный Комплекс “Звезда”

ar a dtugtar freisin Звезда

ar a dtugtar freisin ССК “Звезда”

Seoladh: Komsomolskaya st. 1, Vladivostok, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 17.12.2015

OGRN: 1152503000539

Uimhir aitheantais chánach: 2503032517

Is cuideachta cheannródaíoch Rúiseach é LLC Shipbuilding Complex “Zvezda” a thógann agus a dheisíonn longa. Is cuideachta a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint léi do thionscal longthógála intíre na Rúise. Tá tancaeir á dtógáil ag an gcuideachta chun ola agus gás a onnmhairiú. Ceann dá mhórchustaiméirí is ea Sovcomflot, an chuideachta loingseoireachta is mó sa Rúis, a bhfuil LLC Shipbuilding Complex “Zvezda” ag tógáil líon mór soithí thar a ceann. Dá bhrí sin, tá baint ag LLC Shipbuilding Complex “Zvezda” le Sovcomflot, atá ag tacú, go hábhartha agus ó thaobh airgeadais de, le Rialtas Chónaidhm na Rúise. Ina theannta sin, tá LLC Shipbuilding Complex “Zvezda” páirteach in earnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

23.10.2025

672.

JSC “Signal”,

ar a dtugtar freisin Open Joint Stock Company “Signal”

Rúisis: АО “Сигнал”

Seoladh: 454139, Chelyabinsk region, Chelyabinsk, Novorossiyskaya st., 2, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Teileafón: +7 (351) 253-37-60

Ríomhphost: kd@ao-signal.ru

Suíomh gréasáin: https://ao-signal.ru/

Is cuideachta cosanta Rúiseach é JSC Signal a mhonaraíonn airm, armlón agus pléascáin. Is cuid den chuideachta sealbhaíochta NPK Tekhmash JSC í an chuideachta, a tháirgeann gnáth-airm, armlón agus ceimiceáin speisialta agus is cuid den Chorparáid Stáit Rostec í. Mar chuid de Tekhmash, soláthraíonn JSC Signal táirgí speisialta faoi ordú cosanta Stáit na Rúise. Bhí sé rannpháirteach san Fhóram Idirnáisiúnta Mhíleata-Theicniúil, “Army-2023”.

Dá bhrí sin, is fiontar cosanta Rúiseach é JSC Signal ar cuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise é.

23.10.2025

673.

Limited Liability Company “Yadran-Group”

ar a dtugtar freisin LLC Yadran-Group

ar a dtugtar freisin “Yadran Group”

Rúisis: Общество с ограниченной

Ответственность “Ядран-Групп”

Seoladh: Privolnaya 2-ya str., 33a, Kazan, Tatarstan, 420043, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 16.2.2016

Uimhir chlárúcháin: 1161690067021

Is ilchuideachta Rúiseach é LLC Yadran-Group a bunaíodh in Tatarstan agus atá gníomhach go príomha san earnáil ola, lena n-áirítear eastóscadh, próiseáil agus díol ola agus táirgí ola. Cuireann an earnáil ola cuid mhór ioncaim ar fáil do Rialtas na Rúise. Dá bhrí sin, tá LLC Yadran-Group rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise í, an rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine.

23.10.2025

674.

Litasco Middle East DMCC

Araibis:

ليتاسكو ميدل إيست م.د.م.س

Seoladh: Unit 1801-A, Plot DMCC-UD-T2, Uptown Tower, Dubai, PO Box 48800, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Áit chlárúcháin: Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Dáta clárúcháin: 8.9.2004

Uimhir chlárúcháin: DMCC0117

Teileafón: +971 4 279 5900

Is fochuideachta de PJSC Lukoil é LITASCO Middle East DMCC, atá lonnaithe in Dubai agus a bhfuil naisc láidre aige le tionscal fuinnimh na Rúise. D'éascaigh Litasco Middle East DMCC agus an t-eintiteas Eiger Shipping DMCC atá faoina rialú, soláthar cuid mhór soithí atá mar chuid den “scáthchabhlach”, mar a ghairtear de. Tá na soithí sin tar éis ola a iompar ón Rúis agus iad ag múchadh nó ag ionramháil a dtrasfhreagróirí AIS, agus gan árachas dliteanais leordhóthanach ná slándáil airgeadais eile a bheith acu, agus oibríochtaí muirí neamhshábháilte á ndéanamh acu.

Dá bhrí sin, is eintiteas é Litasco Middle East DMCC a rialaíonn soithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca á ndéanamh acu mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, nó a sholáthraíonn tacaíocht ábhartha, theicniúil nó airgeadais ar bhealach eile d’oibríochtaí na soithí sin.

23.10.2025

675.

Liaoyang Petrochemical Company

Sínis: 辽阳石化公司

Seoladh: No. 5 Huoju Street, Hongwei District, Liaoyang City, Liaoning Province, 111003, Daon-Phoblacht na Síne

Áit chlárúcháin: Daon-Phoblacht na Síne

Uimh. Cheadúnais Gnó: 211000004009999

Cód Creidmheasa Sóisialta Aontaithe: 91211000701696207Q

Teil.: 0419-5152248; 0419-5355566

Is scaglann é Liaoyang Petrochemical Company i nDaon-Phoblacht na Síne, agus tá sé ar cheann de na próiseálaithe amhola de thionscnamh na Rúise is mó sa tír. Is é an t-aon fhiontar scagtha agus ceimiceach comhtháite de chuid na Síne é a phróiseálann amhola de thionscnamh na Rúise go hiomlán. Tá Liaoyang Petrochemical Company in ann na milliúin tonna ola ón Rúis a phróiseáil in aghaidh na bliana.

Cuireann an earnáil fuinnimh, go háirithe an earnáil ola, cuid mhór ioncaim ar fáil do Rialtas na Rúise. Dá bhrí sin, tá Liaoyang Petrochemical Company páirteach in earnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

23.10.2025

676.

Chinaoil (Hong Kong) Corporation Limited

Sínis:

中國石油(香港)有限公司

Seoladh: 1201 Central Plaza, 18 Harbour Road, Wanchai, Hong Cong

Áit chlárúcháin: Hong Cong

Uimhir chlárúcháin: BE0845873256

Is cuideachta Shíneach atá lonnaithe i Hong Cong é Chinaoil (Hong Kong) Corporation Limited. Is ceannaitheoir suntasach táirgí amhola de thionscnamh na Rúise é. Cuireann an earnáil fuinnimh, go háirithe an earnáil ola, cuid mhór ioncaim ar fáil do Rialtas na Rúise. Dá bhrí sin, tá Chinaoil (Hong Kong) Corporation Limited páirteach in earnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

23.10.2025

677.

Shandong Yulong Petrochemical Co., Ltd.

Sínis:

山东裕龙石化有限公司

Seoladh: Yulong Island, Huangshanguan Town, Longkou Yantai, Shandong, 265715, Daon-Phoblacht na Síne

Áit chlárúcháin: Daon-Phoblacht na Síne

Dáta clárúcháin: 28.6.2019

Cód Creidmheasa Sóisialta Aontaithe: 91370681MA3Q3PFJ1R

Oibríonn Shandong Yulong Petrochemical Co., Ltd. scaglann i nDaon-Phoblacht na Síne. Is ceannaitheoir suntasach é d’ola na Rúise; cheannaigh sé na milliúin bairille ola ó phíblíne Oirthear na Sibéire-an Aigéin Chiúin agus ón Úrail. Cuireann an earnáil fuinnimh, go háirithe an earnáil ola, cuid mhór ioncaim ar fáil do Rialtas na Rúise. Dá bhrí sin, tá Shandong Yulong Petrochemical Co., Ltd. páirteach in earnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

23.10.2025

678.

Evraz PLC

Seoladh: 2 Portman Street, W1H 6DU Londain, an Ríocht Aontaithe

An cineál eintitis: Cuideachta Phoiblí Theoranta

Dáta clárúcháin: 1992

Uimhir CBL: GB202537249

Is cuideachta é Evraz PLC atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe agus atá ar thús cadhnaíochta sna tionscail cruach agus mianadóireachta, agus is i gCónaidhm na Rúise bhíonn a phríomhghnó ar siúl. Dá bhrí sin, tá Evraz PLC rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise í, arb é an rialtas é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine.

23.10.2025

679.

Limited Liability Company “Urban Air Mobility Operations Center”

ar a dtugtar freisin LLC “UAMOC”

Rúisis: Общество с Ограниченной Ответсвенностью “Центр Управления Городской Аэромобильностью”

ar a dtugtar freisin ООО “ЦУГАМ”

Seoladh: 119607, Moscó, críoch inmheánach cheantar bardasach na cathrach Ramenki, Ramensky boulevard, 1, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 28.6.2022

OGRN: 1227700378553

Uimhir aitheantais chánach: 9731094770

Is cuideachta atá lonnaithe sa Rúis é LLC “Urban Air Mobility Operations Center” (LLC UAMOC) a bhfuil baint aici le haerárthaí gan foireann (UAVanna) de radharc céadphearsan (FPV) a mhonarú d’Fhórsaí Armtha na Rúise. Tháinig an chuideachta ar an bhfód tar éis thús mhórchogadh na Rúise ar an Úcráin agus mhéadaigh sí a táirgeacht go tapa. Táirgeann LLC UAMOC FPV na h aerárthaí gan foireann seo a leanas: “Kort”, “Brus-1”, “Osa” agus “Boomerang”, a úsáidtear sa chogadh ar an Úcráin. Ina theannta sin, sheol sé saoráid táirgthe agus tástála in Luhansk, atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach.

Thairis sin, fuair LLC UAMOC scaireanna tromlaigh i gcuideachtaí eile monaraíochta aerárthaí gan foireann, cuir i gcás LLC KB “ATAMANOVA” agus LLC “RBS HARPIA”.

Dá bhrí sin, ina cháil mar mhonaróir aerárthaí gan foireann de radharc chéadphearsan do arm na Rúise, is cuid de choimpléasc míleata--tionsclaíoch Chónaidhm na Rúise é LLC UAMOC. Ina cháil mar sholáthróir d’aerárthaí gan foireann de radharc chéadphearsan a úsáidtear san Úcráin d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise, tá LLC UAMOC ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

23.10.2025

680.

Aruba Maritime Administration & Offshore Company Registry

ar a dtugtar freisin. AMAOCR

Seoladh: 4100, C.Expressway, Suite 881, Dallas TX 75204, Stáit Aontaithe Mheiriceá

Áit chlárúcháin: Stáit Aontaithe Mheiriceá

Fón: +1-7138370255

Ríomhphost: registration@amaocr.org

Is eintiteas é Aruba Maritime Administration & Offshore Company Registry a mhaíonn go gcuireann sé bratach Aruba, nach ann dó, ar fáil do shoithí. Cuirtear an bhratach bhréagach sin d’Aruba ar fáil do thrí thancaer ola atá faoi réir bhearta sriantacha de chuid an Aontais faoi Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 chun amhola nó táirgí peitriliam a iompar ón Rúis agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca á gcleachtadh ag an am céanna. Tugann an bhratach bhréagach sin an chuma ar dheimhniú, rud a chuireann ar chumas an tsoithigh sin leanúint de bheith ag oibriú

Dá bhrí sin, is eintiteas é Aruba Maritime Administration & Offshore Company Registry a sholáthraíonn tacaíocht ábhartha do shoithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis, agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca á gcleachtadh ag an am céanna mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta.

23.10.2025

681.

International Maritime Ship Registry

Seoladh: Oifig 986, 321-323 High Road, Chadwell Heath. Essex, RM6 6AX, An Ríocht Aontaithe

Áit chlárúcháin: an Ríocht Aontaithe

Fón: +447830670309

Is eintiteas é International Maritime Ship Registry a mhaíonn go gcuireann sé bratach Curaçao ar fáil do shoithí. Cuirtear an bhratach bhréagach sin de Curaçao ar fáil do thancaer ola atá faoi réir bhearta sriantacha de chuid an Aontais faoi Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 chun amhola nó táirgí peitriliam a iompar ón Rúis agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca á gcleachtadh ag an am céanna. Tugann an bhratach bhréagach sin an chuma ar dheimhniú, rud a chuireann ar chumas an tsoithigh sin leanúint de bheith ag oibriú.

Dá bhrí sin, is eintiteas é International Maritime Ship Registry a shoithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis, agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca á gcleachtadh acu ag an am céanna mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta.

23.10.2025

682.

MSTA-International Maritime Registries & Regulatory Inc.

Seoladh: St Maarten, Billy Folly Road #37, Sint Maarten, Aintillí na hÍsiltíre; Cohune Walk, 3 Lime St, Belmopan, an Bheilís; 9350 Wilshire Blvd, Beverly Hills CA 90212, Stáit Aontaithe Mheiriceá

Áit chlárúcháin: Aintillí na hÍsiltíre; Belize; Stáit Aontaithe Mheiriceá

Fón: +1-310-734-2662

Is eintiteas é MSTA-International Maritime Registries & Regulatory Inc. a mhaíonn go gcuireann sé bratach Sint-Maarten, nach ann dó, ar fáil do shoithí. Cuirtear an bhratach bhréagach sin de Sint-Maarten ar fáil do cheithre thancaer ola atá faoi réir bhearta sriantacha de chuid an Aontais faoi Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 chun amhola nó táirgí peitriliam a iompar ón Rúis agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca á gcleachtadh ag an am céanna. Tugann an bhratach bhréagach sin an chuma ar dheimhniú, rud a chuireann ar chumas an tsoithigh sin leanúint de bheith ag oibriú.

Dá bhrí sin, is eintiteas é MSTA-International Maritime Registries & Regulatory Inc. a sholáthraíonn tacaíocht ábhartha do shoithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis, agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca á gcleachtadh acu ag an am céanna mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta.

23.10.2025

683.

Limited Liability Company A7

Rúisis: Общество С Ограниченной Ответственностью “А7”

Seoladh: Morskaya street 35, Gelendzhik, Krasnodar Krai, 353460, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 2.9.2024

Uimhir chlárúcháin: 1247700586891

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Eintitis chomhlachaithe: PSB Bank; VEB.RF

Is cuideachta Rúiseach é LLC A7 atá faoi úinéireacht pháirteach PSB Bank, fiontar atá faoi úinéireacht Stát na Rúise. Chomhchruthaigh PSB Bank LLC A7 chun A7A5 a sheoladh, cripteamhona cobhsaí a bhfuil taiscí rúbal fiat i gcuntais bhainc PSB Bank mar thaca leis. Le haghaidh gach rúbal a chaitear ar A7A5, déantar suim choibhéiseach a thaisceadh in PSB Bank, rud a mhéadaíonn caipiteal na hinstitiúide atá faoi úinéireacht an Stáit. Ina theannta sin, fuair LLC A7 iasachtaí ó VEB.RF, mórinstitiúid forbartha airgeadais a bhfuil a Cathaoirleach ceaptha go díreach ag Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, agus a ghlacann treoracha go díreach uaidh.

Dá bhrí sin, tacaíonn LLC A7 le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as. Ina theannta sin, tá baint ag LLC A7 le PSB Bank, duine dlítheanach a dhéanann idirbhearta leis na grúpaí scarúnaíocha i réigiún Donbas na hÚcráine. Tá baint ag LLC A7 freisin le VEB.RF, duine dlítheanach atá ag tacú, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú Oirthear na hÚcráine, nó a bhaineann tairbhe astu.

23.10.2025’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2035/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top