|
(1)
|
in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.3:
|
‘2.3.
|
Bainne foirmle do naíonáin a mhonaraítear as hidrealasáití próitéine
Bainne foirmle do naíonáin a mhonaraítear as hidrealasáití próitéine, comhlíonfaidh sé na ceanglais a bhaineann le próitéin dá bhforáiltear faoi phointí 2.3.1, 2.3.2, 2.3.3, 2.3.4 nó 2.3.5.
|
|
2.3.1.
|
Ceanglais a bhaineann le próitéin, grúpa A
|
|
2.3.1.1.
|
Cion próitéine
|
Íosmhéid
|
Uasmhéid
|
|
0,44 g/100 kJ
|
0,67 g/100 kJ
|
|
(1,86 g/100 kcal)
|
(2,8 g/100 kcal)
|
|
|
2.3.1.2.
|
Foinse próitéine
Próitéin mheidhg mhilis dhímhianraithe a dhíorthaítear ó bhainne bó tar éis deascadh einsímeach cáiséiní ina n-úsáidtear cíomóisin, ina bhfuil:
|
(a)
|
63 % aonraíoch próitéine meidhg saor ó cháiséinea-gliceamacraipeiptíd a bhfuil íoschion próitéine 95 % den ábhar tirim agus dínádúrachán próitéine níos lú ná 70 % agus uaschion luatha 3 % aige; agus
|
|
(b)
|
37 % tiúchan próitéine meidhg mhilis a bhfuil íoschion próitéine 87 % den ábhar tirim agus dínádúrachán próitéine níos lú ná 70 % agus uaschion luatha 3,5 % aige.
|
|
|
2.3.1.3.
|
Próiseáil próitéine
Próiseas hidrealaithe dhá chéim ina n-úsáidtear ullmhóid tripsine agus bíonn céim cóireála teasa (idir 3 nóiméad agus 10 nóiméad ag 80 °C go 100 °C) ann idir an dá chéim hidrealaithe.
|
|
2.3.1.4.
|
Aimíonaigéid riachtanacha agus aimíonaigéid atá riachtanach go coinníollach agus L-carnaítín
Le haghaidh an luacha fuinnimh chomhionainn, ní mór cainníocht de gach aimíonaigéad riachtanach agus de gach aimíonaigéad atá riachtanach go coinníollach atá comhionann ar a laghad lena bhfuil sa phróitéin tagartha faoi mar a leagtar amach i Roinn B d’Iarscríbhinn III a bheith ar fáil i mbainne foirmle do naíonáin a mhonaraítear as hidrealasáití próitéine. Mar sin féin, chun críocha ríomha, féadfar an tiúchan meitiainín agus cistéin a shuimiú le chéile más rud é nach bhfuil an cóimheas meitiainín: cistéin níos mó ná 2, agus féadfar an tiúchan d’fheiniolalainín agus tirisín a shuimiú le chéile mura bhfuil an cóimheas tirisín: feiniolalainín níos mó ná 2. Féadfaidh an cóimheas meitiainín: cistéin agus an cóimheas tirisín: feiniolalainín a bheith níos mó ná 2, ar choinníoll go léirítear oiriúnacht an táirge lena mbaineann do naíonáin i gcomhréir le hAirteagal 3(3).
Beidh an cion L-carnaítín comhionann ar a laghad le 0,3 mg/100 kJ (1,2 mg/100 kcal).
|
|
2.3.2.
|
Ceanglais a bhaineann le próitéin, grúpa B
|
|
2.3.2.1.
|
Cion próitéine
|
Íosmhéid
|
Uasmhéid
|
|
0,55 g/100 kJ
|
0,67 g/100 kJ
|
|
(2,3 g/100 kcal)
|
(2,8 g/100 kcal)
|
|
|
2.3.2.2.
|
Foinse próitéine
Próitéin mheidhg a dhíorthaítear ó bhainne bó, ina bhfuil:
|
(a)
|
77 % meadhg aigéadach, a thagann as tiúchan próitéine meidhg a bhfuil cion próitéine 35 % go 80 % aige;
|
|
(b)
|
23 % meadhg milis, a thagann as meadhg milis dímhianraithe a bhfuil íoschion próitéine 12,5 % aige.
|
|
|
2.3.2.3.
|
Próiseáil próitéine
Déantar an bunábhar a hiodráitiú agus a théamh. Tar éis na céime cóireála teasa, déantar an hidrealú ag pH 7,5 go 8,5 agus ag teocht 55 °C go 70 °C agus úsáid á baint as meascán einsímí d’inpheiptíodáis séirín agus coimpléasc próitéáise/peiptíodáise. Déantar na heinsímí bia a dhíghníomhú le linn céim cóireála teasa (idir 2 shoicind agus 10 soicind ag 120 °C go 150 °C) i rith an phróisis táirgthe.
|
|
2.3.2.4.
|
Aimíonaigéid riachtanacha agus aimíonaigéid atá riachtanach go coinníollach agus L-carnaítín
Le haghaidh an luacha fuinnimh chomhionainn, ní mór cainníocht de gach aimíonaigéad riachtanach agus de gach aimíonaigéad atá riachtanach go coinníollach atá comhionann ar a laghad lena bhfuil sa phróitéin tagartha faoi mar a leagtar amach i Roinn A d’Iarscríbhinn III a bheith ar fáil i mbainne foirmle do naíonáin a mhonaraítear as hidrealasáití próitéine. Mar sin féin, chun críocha ríomha, féadfar an tiúchan meitiainín agus cistéin a shuimiú le chéile más rud é nach bhfuil an cóimheas meitiainín: cistéin níos mó ná 2, agus féadfar an tiúchan d’fheiniolalainín agus tirisín a shuimiú le chéile mura bhfuil an cóimheas tirisín: feiniolalainín níos mó ná 2. Féadfaidh an cóimheas meitiainín: cistéin agus an cóimheas tirisín: feiniolalainín a bheith níos mó ná 2, ar choinníoll go léirítear oiriúnacht an táirge lena mbaineann do naíonáin i gcomhréir le hAirteagal 3(3).
Beidh an cion L-carnaítín comhionann ar a laghad le 0,3 mg/100 kJ (1,2 mg/100 kcal).
|
|
2.3.3.
|
Ceanglais a bhaineann le próitéin, grúpa C
|
|
2.3.3.1.
|
Cion próitéine
|
Íosmhéid
|
Uasmhéid
|
|
0,45 g/100 kJ
|
0,67 g/100 kJ
|
|
(1,9 g/100 kcal)
|
(2,8 g/100 kcal)
|
|
|
2.3.3.2.
|
Foinse próitéine
Próitéin mheidhg a dhíorthaítear ó bhainne bó, ina bhfuil 100 % tiúchan próitéine meidhg mhilis a bhfuil íoschion próitéine 80 % aige.
|
|
2.3.3.3.
|
Próiseáil próitéine
Déantar an bunábhar a hiodráitiú agus a théamh. Roimh an hidrealú, déantar an pH a choigeartú go 6,5 – 7,5 ag teocht 50 °C – 65 °C. Déantar an hidrealú agus úsáid á baint as meascán einsímí d’inpheiptíodáis séirín agus de mhiotalapróiteáis. Déantar na heinsímí bia a dhíghníomhú le linn céim cóireála teasa (idir 2 shoicind agus 10 soicind ag 110 °C go 140 °C) i rith an phróisis táirgthe.
|
|
2.3.3.4.
|
Aimíonaigéid riachtanacha agus aimíonaigéid atá riachtanach go coinníollach agus L-carnaítín
Le haghaidh an luacha fuinnimh chomhionainn, ní mór cainníocht de gach aimíonaigéad riachtanach agus de gach aimíonaigéad atá riachtanach go coinníollach atá comhionann ar a laghad lena bhfuil sa phróitéin tagartha faoi mar a leagtar amach i Roinn A d’Iarscríbhinn III a bheith ar fáil i mbainne foirmle do naíonáin a mhonaraítear as hidrealasáití próitéine. Mar sin féin, chun críocha ríomha, féadfar an tiúchan meitiainín agus cistéin a shuimiú le chéile más rud é nach bhfuil an cóimheas meitiainín: cistéin níos mó ná 2, agus féadfar an tiúchan d’fheiniolalainín agus tirisín a shuimiú le chéile mura bhfuil an cóimheas tirisín: feiniolalainín níos mó ná 2. Féadfaidh an cóimheas meitiainín: cistéin agus an cóimheas tirisín: feiniolalainín a bheith níos mó ná 2, ar choinníoll go léirítear oiriúnacht an táirge lena mbaineann do naíonáin i gcomhréir le hAirteagal 3(3).
Beidh an cion L-carnaítín comhionann ar a laghad le 0,3 mg/100 kJ (1,2 mg/100 kcal).
|
|
2.3.4.
|
Ceanglais a bhaineann le próitéin, grúpa D
|
|
2.3.4.1.
|
Cion próitéine
|
Íosmhéid
|
Uasmhéid
|
|
0,57 g/100 kJ
|
0,67 g/100 kJ
|
|
(2,4 g/100 kcal)
|
(2,8 g/100 kcal)
|
|
|
2.3.4.2.
|
Foinse próitéine
Próitéin mheidhg a dhíorthaítear ó bhainne bó, ina bhfuil 100 % tiúchan próitéine meidhg mhilis a bhfuil íoschion próitéine 70 % aige.
|
|
2.3.4.3.
|
Próiseáil próitéine
Déantar an bunábhar a hiodráitiú agus a théamh. Tar éis na céime cóireála teasa, déantar an hidrealú ag pH 7,0 go 8,0 agus ag teocht 50 °C go 60 °C agus próiseas hidrealaithe dhá chéim á úsáid ina mbaintear úsáid as inpheiptíodáis séirín agus as miotalapróiteáis. Déantar na heinsímí bia a dhíghníomhú trí chóireáil teasa (ag 100 °C go 120 °C ar feadh 30 soicind ar a laghad) i rith an phróisis táirgthe.
|
|
2.3.4.4.
|
Aimíonaigéid riachtanacha agus aimíonaigéid atá riachtanach go coinníollach agus L-carnaítín
Le haghaidh an luacha fuinnimh chomhionainn, ní mór cainníocht de gach aimíonaigéad riachtanach agus de gach aimíonaigéad atá riachtanach go coinníollach atá comhionann ar a laghad lena bhfuil sa phróitéin tagartha faoi mar a leagtar amach i Roinn A d’Iarscríbhinn III a bheith ar fáil i mbainne foirmle do naíonáin a mhonaraítear as hidrealasáití próitéine. Mar sin féin, chun críocha ríomha, féadfar an tiúchan meitiainín agus cistéin a shuimiú le chéile más rud é nach bhfuil an cóimheas meitiainín: cistéin níos mó ná 2, agus féadfar an tiúchan d’fheiniolalainín agus tirisín a shuimiú le chéile mura bhfuil an cóimheas tirisín: feiniolalainín níos mó ná 2. Féadfaidh an cóimheas meitiainín: cistéin agus an cóimheas tirisín: feiniolalainín a bheith níos mó ná 2, ar choinníoll go léirítear oiriúnacht an táirge lena mbaineann do naíonáin i gcomhréir le hAirteagal 3(3).
Beidh an cion L-carnaítín comhionann ar a laghad le 0,3 mg/100 kJ (1,2 mg/100 kcal).
|
|
2.3.5.
|
Ceanglais a bhaineann le próitéin, grúpa E
|
|
2.3.5.1.
|
Cion próitéine
|
Íosmhéid
|
Uasmhéid
|
|
0,48 g/100 kJ
|
0,67 g/100 kJ
|
|
(2,0 g/100 kcal)
|
(2,8 g/100 kcal)
|
|
|
2.3.5.2.
|
Foinse próitéine
Próitéin mheidhg a dhíorthaítear ó bhainne bó, ina bhfuil 100 % tiúchan próitéine meidhg a bhfuil íoschion próitéine 80 % aige.
|
|
2.3.5.3.
|
Próiseáil próitéine
Déantar an bunábhar a hiodráitiú agus a théamh. Tar éis na céime cóireála teasa, déantar an pH a athrú ó 7 go 8 ag teocht 50 °C go 70 °C agus próiseas hidrealaithe dhá chéim á úsáid ina mbaintear úsáid as inpheiptíodáisí séirín. Déantar na heinsímí bia a dhíghníomhú trí chóireáil teasa (ag 80 °C go 90 °C ar feadh 25 nóiméad go 35 nóiméad) i rith an phróisis táirgthe.
|
|
2.3.5.4.
|
Aimíonaigéid riachtanacha agus aimíonaigéid atá riachtanach go coinníollach agus L-carnaítín
Le haghaidh an luacha fuinnimh chomhionainn, ní mór cainníocht de gach aimíonaigéad riachtanach agus de gach aimíonaigéad atá riachtanach go coinníollach atá comhionann ar a laghad lena bhfuil sa phróitéin tagartha faoi mar a leagtar amach i Roinn A d’Iarscríbhinn III a bheith ar fáil i mbainne foirmle do naíonáin a mhonaraítear as hidrealasáití próitéine. Mar sin féin, chun críoch ríomha, féadfar an tiúchan de mheitiainín agus cistéin a shuimiú le chéile mura bhfuil an cóimheas meitiainín: cistéin níos mó ná 2, agus féadfar an tiúchan d’fheiniolalainín agus tirisín a shuimiú le chéile mura bhfuil an cóimheas tirisín: feiniolalainín níos mó ná 2. Féadfaidh an cóimheas meitiainín: cistéin agus an cóimheas tirisín: feiniolalainín a bheith níos mó ná 2, ar choinníoll go léirítear oiriúnacht an táirge lena mbaineann do naíonáin i gcomhréir le hAirteagal 3(3).
Beidh an cion L-carnaítín comhionann ar a laghad le 0,3 mg/100 kJ (1,2 mg/100 kcal).’;
|
|