Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1996

Rialachán (AE) 2025/1996 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2025/202 lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad

ST/12573/2025/INIT

IO L, 2025/1996, 30.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1996/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1996/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1996

30.9.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/1996 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Meán Fómhair 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) 2025/202 lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2025/202 (1) ón gComhairle, socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Ba cheart na deiseanna iascaireachta sin a leasú, lena n-áirítear bearta áirithe atá nasctha go feidhmiúil leo, chun foilsiú na comhairle eolaíche a chur san áireamh chomh maith le torthaí cruinnithe eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh.

(2)

Le Rialachán (AE) 2025/202 socraítear gabháil iomlán incheadaithe (TAC) le haghaidh ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) sa chuid thiar d’fholimistéar 9 den Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus i bhfolimistéar 10 (an chuid thiar d’uiscí Ibéaracha an Atlantaigh agus uiscí na nAsór) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meán Fómhair 2025 ar leibhéal 7 182 thona, go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch le haghaidh ainseabhaithe sa chuid thiar de roinn 9a ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026. Tar éis fhoilsiú na comhairle sin, an 20 Meitheamh 2025, an TAC cinntitheach le haghaidh ainseabhaithe sa chuid thiar d’fholimistéar 9 ICES agus i bhfolimistéar 10 le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026, ba cheart é a shocrú ar an leibhéal a mhol ICES.

(3)

An 31 Deireadh Fómhair 2024, d’fhoilsigh ICES a chomhairle eolaíoch maidir le gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) i ranna 8a agus 8b ICES le haghaidh 2025. Sa chomhairle sin, mhol ICES nár cheart gabhálacha an stoic sin sa tréimhse sin a bheith níos mó ná 3 502 thona. An 6 Bealtaine 2025, d’fhoilsigh ICES comhairle eolaíoch athbhreithnithe maidir le gliomach na hIorua i ranna 8a agus 8b ICES le haghaidh 2025. Sa chomhairle athbhreithnithe sin, a chuirtear in ionad chomhairle an 31 Deireadh Fómhair 2024, laghdaigh ICES a chomhairle maidir le gabhálacha le haghaidh an stoic sin agus na tréimhse sin go 2 601 thona. Le Rialachán (AE) 2025/202, socraítear an TAC le haghaidh ghliomach na hIorua i ranna 8a, 8b, 8d agus 8e ICES le haghaidh 2025 ar leibhéal 3 502 thona bunaithe ar chomhairle ICES an 31 Deireadh Fómhair 2024. I gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(5) den Rialachán sin, ba cheart, dá bhrí sin, leibhéal an TAC le haghaidh ghliomach na hIorua i ranna 8a, 8b, 8d agus 8e ICES arna shocrú le haghaidh 2025 a leasú bunaithe ar an gcomhairle athbhreithnithe ó ICES.

(4)

An 3 Bealtaine 2025, tháinig Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/837 ón gCoimisiún (3) i bhfeidhm. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/837 leasaíodh Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a mhéid a bhaineann le bainistiú tuinníní gorma (Thunnus thynnus) i gcuid de limistéar Choinbhinsiún an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (CICTA), san Aigéan Atlantach, lastoir de 45oI, agus sa Mheánmhuir. Go háirithe, leasaíodh leis Iarscríbhinn I, pointí 1 agus 2, a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2053 trí mhaoluithe a chur isteach maidir le Murascaill an Leoin. Dá bhrí sin, i Rialachán (AE) 2025/202, ba cheart an méid seo a leanas a leasú chun na maoluithe sin a chur san áireamh: (i) an líon uasta soithí iascaireachta cósta ar mionscála de chuid na Fraince atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh go gníomhach ar thuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm sa Mheánmhuir; agus (ii) leithdháileadh chuóta na Fraince le haghaidh tuinníní gorma san Aigéan Atlantach, lastoir de 45oI, agus sa Mheánmhuir, le haghaidh soithí den sórt sin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2025/202 a leasú dá réir sin.

(6)

Chun na tréimhsí tuairiscithe le haghaidh na TACanna arna leasú leis an Rialachán seo a choinneáil ar bun, a bhfuil feidhm acu ón 1 Eanáir nó ón 1 Iúil 2025, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag na TACanna leasaithe ó na dátaí sin. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ná do phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh, os rud é nár ídíodh na cuótaí faoi na TACanna sin go fóill nó gur méadaítear iad.

(7)

I bhfianaise na práinne atá le briseadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) 2025/202

Leasaítear Iarscríbhinn IA, Cuid A, agus Iarscríbhinní ID agus VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2025/202 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BØDSKOV


(1)  Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle an 30 Eanáir 2025 lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/257 a mhéid a bhaineann le deiseanna áirithe iascaireachta le haghaidh 2025 (IO L, 2025/202, 31.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/202/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic a dhéantar a iascach in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird agus d’iascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/1139 agus (AE) 2018/973 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007 agus (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle (IO L 83, 25.3.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/472/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/837 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bainistiú tuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (IO L, 2025/837, 2.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/837/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107 agus (AE) 2019/833, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627 (IO L 238, 27.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2053/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasuithe ar Iarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) 2025/202

(1)   

Leasaítear Iarscríbhinn IA mar a leanas:

(a)

i gCuid A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 2(1):

‘Tábla 2(1)

Speiceas:

An t ainseabhaí

Limistéar:

9W (1) agus 10

Engraulis encrasicolus

(ANE/9WX10)

An Spáinn

2 287

 (2)

TAC Anailíseach

An Phortaingéil

20 584

 (2)

 

An tAontas

22 871

 (2)

 

TAC

22 871

 (2)

 

(b)

i gCuid A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 9:

‘Tábla 9

Speiceas:

Gliomach na hIorua

Limistéar:

8a, 8b, 8d agus 8e

Nephrops norvegicus

(NEP/8ABDE.)

An Spáinn

133

 

TAC Anailíseach’

An Fhrainc

2 082

 

An tAontas

2 215

 

TAC

2 601

 

(2)   

In Iarscríbhinn ID, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 12:

‘Tábla 12

Speiceas:

An Tuinnín gorm

Limistéar:

An tAigéan Atlantach, lastoir de 45oI, agus an Mheánmhuir

Thunnus thynnus

(BFT/AE45WM)

An Chipir

195,17

 (6)

TAC Anailíseach

An Ghréig

350,95

 

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

An Spáinn

7 161,64

 (4)  (6)

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

An Fhrainc

7 132,06

 (4)  (5)  (6)

 

An Chróit

1 127,25

 (8)

 

An Iodáil

5 628,97

 (6)  (7)

 

Málta

450,68

 (6)

 

An Phortaingéil

650,83

 

 

Ballstáit eile

80,60

 (3)

 

An tAontas

22 778,15

 (4)  (5)  (6)  (7)  (8)  (9)

 

TAC

40 570,00

 

 

(3)   

In Iarscríbhinn VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

‘2.

An líon uasta soithí iascaireachta cósta ar mionscála de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh go gníomhach ar thuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm sa Mheánmhuir

An Spáinn

364

An Fhrainc

149 (1)  (2)

An Iodáil

30

An Chipir

20 (1)

Málta

54 (1)

An tAontas

693


(1)  Cuid d’fholimistéar 9 laistiar den líne a nascann na pointí a leanas:

Pointe

Domhanleithead

Domhanfhad

1

36o00'00''T

11o00'00"I

2

37o01'20"T

8o59'47"I

(2)  Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026.’

(3)  Cé is moite den Chipir, den Ghréig, den Spáinn, den Fhrainc, den Chróit, den Iodáil, de Mhálta agus den Phortaingéil, agus mar fhoghabháil amháin. Na gabhálacha atá le comhaireamh in aghaidh an chuóta chomhroinnte seo, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (BFT/AE45WM_AMS).

(4)  Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus an chionroinnt idir na Ballstáit seo a leanas maidir le gabhálacha tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VI (BFT/*8301):

An Spáinn

1 088,70

An Fhrainc

505,77

An tAontas

1 594,47

(5)  Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus an chionroinnt idir na Ballstáit seo a leanas maidir le gabhálacha tuinníní gorma nach lú ná 6,4 kg a meáchan nó nach lú ná 70 cm a bhfad ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VI (BFT/*641):

An Fhrainc

100,00

An tAontas

100,00

(6)  Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus an chionroinnt idir na Ballstáit seo a leanas maidir le gabhálacha tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn VI (BFT/*8302):

An Spáinn

143,23

 

An Fhrainc

285,28

 (*1)

An Iodáil

112,58

 

An Chipir

3,90

 

Málta

9,01

 

An tAontas

554,00

 

(*1)  A bhféadfar suas le 50 % de a iascach i Murascaill an Leoin amháin.

(7)  Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus an chionroinnt idir na Ballstáit seo a leanas maidir le gabhálacha tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn VI (BFT/*643):

An Iodáil

112,58

An tAontas

112,58

(8)  Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus na cionrannta idir na Ballstáit seo a leanas maidir le gabhálacha tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn VI chun críoch feirmeoireachta (BFT/*8303F):

An Chróit

1 014,53

An tAontas

1 014,53

(9)  Tar éis 200 tona a aistriú ón Íoslainn chuig an Aontas.’

(1)  Féadfaidh méadú teacht ar an líon seo má chuirtear suas le 10 soitheach spiléireachta in ionad soitheach peas-saighne i gcomhréir leis an tábla i bpointe 4 den Iarscríbhinn seo.

(2)  Ar soithí a bhíonn ag iascaireacht i Murascaill an Leoin a bheidh i 9 soitheach díobh ar a laghad.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1996/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top