This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1907
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1907 of 19 September 2025 establishing, pursuant to Regulation (EU) 2024/573 of the European Parliament and of the Council, the format for notification of the training and certification programmes of the Member States and repealing Commission Implementing Regulation (EU) 2015/2065
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1907 ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2025 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an fhormáid maidir le cláir oiliúna agus cláir dheimhniúcháin na mBallstát a fhógairt agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2065 ón gCoimisiún
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1907 ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2025 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an fhormáid maidir le cláir oiliúna agus cláir dheimhniúcháin na mBallstát a fhógairt agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2065 ón gCoimisiún
C/2025/6321
IO L, 2025/1907, 22.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1907/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1907 |
22.9.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1907 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Meán Fómhair 2025
lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an fhormáid maidir le cláir oiliúna agus cláir dheimhniúcháin na mBallstát a fhógairt agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2065 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 10(11) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ba cheart formáid an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 10(10) de Rialachán (AE) 2024/573 a chomhchuibhiú, lena sonraítear an fhaisnéis fhíor-riachtanach a cheanglaítear, chun gur féidir deimhniú nó fianú a chomhlíonann na híoscheanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach a bunaíodh a fhíordheimhniú. |
|
(2) |
Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2065 (2) ón gCoimisiún a aisghairm. |
|
(3) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2024/573, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Úsáidfidh na Ballstáit na foirmeacha seo a leanas le haghaidh na bhfógraí dá dtagraítear in Airteagal 10(10) de Rialachán (AE) 2024/573:
|
(1) |
maidir le cláir dheimhniúcháin le haghaidh trealamh cuisniúcháin agus aerchóiriúcháin do-aistrithe, teaschaidéil, timthriallta orgánacha den chineál Rankine, aonaid chuisniúcháin i dtrucailí cuisniúcháin agus leantóirí cuisniúcháin, feithiclí cuisniúcháin saothar éadroim, coimeádáin idirmhódúla agus vaigíní traenacha, an fhoirm fógra a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(2) |
maidir le cláir dheimhniúcháin le haghaidh trealamh cosanta dóiteáin do-aistrithe, an fhoirm fógra a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(3) |
maidir le cláir dheimhniúcháin le haghaidh lascthrealamh leictreach do-aistrithe, an fhoirm fógra a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(4) |
maidir le cláir dheimhniúcháin le haghaidh trealamh ina bhfuil tuaslagóirí atá bunaithe ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe, an fhoirm fógra a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(5) |
maidir le cláir oiliúna le haghaidh trealamh aerchóiriúcháin i mótarfheithiclí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/40/CE agus lasmuigh den Treoir sin agus trealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil i bhfeithiclí tromshaothair, veaineanna, innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a úsáidtear in oibríochtaí talmhaíochta, mianadóireachta agus foirgnithe, traenacha, meitreo agus tramanna, chomh maith le haonaid chuisniúcháin i bhfeithiclí cuisniúcháin saothar éadroim, coimeádáin idirmhódúla agus vaigíní traenacha, an fhoirm fógra a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
1. Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2065.
2. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn VI.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 2024/573, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/573/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2065 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2015 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an fhormáid maidir le cláir oiliúna agus cláir dheimhniúcháin na mBallstát a fhógairt (IO L 301, 18.11.2015, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2065/oj).
IARSCRÍBHINN I
TREALAMH CUISNIÚCHÁIN AGUS AERCHÓIRIÚCHÁIN DO-AISTRITHE, TEASCHAIDÉIL, TIMTHRIALLTA ORGÁNACHA DEN CHINEÁL RANKINE AGUS AONAID CHUISNIÚCHÁIN I dTRUCAILÍ CUISNIÚCHÁIN AGUS LEANTÓIRÍ CUISNIÚCHÁIN, FEITHICLÍ CUISNIÚCHÁIN SAOTHAR ÉADROIM, COIMEÁDÁIN IDIRMHÓDÚLA AGUS VAIGÍNÍ TRAENACHA
FÓGAIRT
CHUN GO mBUNÓIDH NÓ GO nOIRIÚNÓIDH NA BALLSTÁIT A gCEANGLAIS OILIÚNA AGUS DEIMHNIÚCHÁIN LE hAGHAIDH DAOINE DLÍTHEANACHA AGUS NÁDÚRTHA A bhFUIL BAINT ACU LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ A CHUMHDAÍTEAR LE hAIRTEAGAL 10 DE RIALACHÁN (AE) 2024/573 MAIDIR LE GÁIS CEAPTHA TEASA FHLUAIRÍNITHE
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
|
|
||
|
|
||
|
|
Cuid A
Daoine nádúrtha
An córas/na córais deimhniúcháin seo a leanas le haghaidh daoine nádúrtha a bhfuil baint acu le trealamh cuisniúcháin agus aerchóiriúcháin do-aistrithe, teaschaidéil, timthriallta orgánacha den chineál Rankine, aonaid chuisniúcháin i dtrucailí cuisniúcháin agus leantóirí cuisniúcháin, feithiclí cuisniúcháin saothar éadroim, coimeádáin idirmhódúla, lena n-áirítear coimeadáin chuisniúcháin, agus vaigíní traenacha a sheiceáil le haghaidh sceitheadh, a shuiteáil, a dheisiú, a chothabháil nó a sheirbhísiú, nó a dhíchoimisiúnú, ina bhfuil na gáis ceaptha teasa fhluairínithe lena mbaineann nó na substaintí malartacha amóinia (NH3), dé-ocsaíd charbóin (CO2), nó hidreacarbóin, i gcás inarb infheidhme, nó aisghabháil na ngás ceaptha teasa fluairínithe lena mbaineann ón trealamh ábhartha, comhlíonann siad na híoscheanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach a leagtar amach in Airteagail 4 agus 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2215 ón gCoimisiún (1).
|
Teideal an Deimhniúcháin |
Cineál (A1, A2, B, C D, E nó i gcomhcheangal) |
Comhlacht Deimhniúcháin le haghaidh daoine nádúrtha (ainm agus sonraí teagmhála) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
[…] |
Cuid B
Daoine dlítheanacha
An córas/na córais deimhniúcháin seo a leanas le haghaidh daoine dlítheanacha a bhfuil baint acu le trealamh cuisniúcháin agus aerchóiriúcháin do-aistrithe, teaschaidéil, timthriallta orgánacha den chineál Rankine, aonaid chuisniúcháin i dtrucaillí cuisniúcháin agus leantóirí cuisniúcháin, feithiclí cuisniúcháin saothar éadroim, coimeádáin idirmhódúla, lena n-áirítear coimeadáin chuisniúcháin, agus vaigíní traenacha a shuiteáil, a dheisiú, a chothabháil, a sheirbhísiú, nó a dhíchoimisiúnú, ina bhfuil na gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus Roinn 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573 agus na substaintí malartacha amóinia (NH3), dé-ocsaíd charbóin (CO2), nó hidreacarbóin„ comhlíonann siad na híoscheanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach a leagtar amach in Airteagail 6 agus 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2215 ón gCoimisiún.
|
Teideal an Deimhniúcháin |
Comhlacht an Deimhnithe le haghaidh daoine dlítheanacha (ainm agus sonraí teagmhála) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
[…] |
(1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2215 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2024 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, íoscheanglais chun deimhnithe a eisiúint do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do na deimhnithe sin, a mhéid a bhaineann le trealamh do-aistrithe cuisniúcháin, aerchóiriúcháin agus teaschaidéil, timthriallta orgánacha den chineál Rankine agus aonaid chuisniúcháin i dtrucailí cuisniúcháin, leantóirí cuisniúcháin, feithiclí saothair éadroim cuisniúcháin, coimeádáin idirmhódúla agus vaigíní traenach ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó roghanna malartacha orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2067 ón gCoimisiún 7 (IO L, 2024/2215, 9.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2215/oj).
IARSCRÍBHINN II
TREALAMH COSANTA AR DHÓITEÁIN DO-AISTRITHE
FÓGAIRT
CHUN GO mBUNÓIDH NÓ GO nOIRIÚNÓIDH NA BALLSTÁIT A gCEANGLAIS OILIÚNA AGUS DEIMHNIÚCHÁIN LE hAGHAIDH DAOINE DLÍTHEANACHA AGUS NÁDÚRTHA A bhFUIL BAINT ACU LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ A CHUMHDAÍTEAR LE hAIRTEAGAL 10 DE RIALACHÁN (AE) 2024/573 MAIDIR LE GÁIS CEAPTHA TEASA FHLUAIRÍNITHE
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
|
|
||
|
|
||
|
|
CUID A
Daoine nádúrtha
An córas/na córais deimhniúcháin seo a leanas le haghaidh daoine nádúrtha a bhfuil baint acu le seiceáil ar sceitheadh, suiteáil, deisiú, cothabháil nó seirbhísiú, díchoimisiúnú a dhéanamh ar threalamh cosanta ar dhóiteáin do-aistrithe ina bhfuil na gáis ceaptha teasa fhluairínithe lena mbaineann nó na substaintí malartacha sárfhluara(2-meitil-3-peantánón), trífhluaraitiaimeatán (iaidíd trífhluaraimeitile), agus 2-broma-3,3,3-trífhluarapróp-1-en (2-BTP), i gcás inarb infheidhme, nó aisghabháil gás ceaptha teasa fluairínithe ó threalamh den sórt sin, comhlíonann siad na híoscheanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach a leagtar amach in Airteagail 3 agus 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/625 ón gCoimisiún (1).
|
Teideal an Deimhniúcháin |
Comhlacht Deimhniúcháin le haghaidh daoine nádúrtha (ainm agus sonraí teagmhála) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
[…] |
CUID B
Daoine dlítheanacha
An córas/na córais deimhniúcháin seo a leanas le haghaidh daoine dlítheanacha a bhfuil baint acu le trealamh cosanta ar dhóiteáin do-aistrithe a shuiteáil, a dheisiú, a chothabháil nó a sheirbhísiú nó a dhíchoimisiúnú, ar trealamh cosanta ar dhóiteáin do-aistrithe é ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus Roinn 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573 agus na substaintí malartacha sárfhluara(2-meitil-3-peantánón), trífhluaraitiaimeatán (iaidíd trífhluaraimeitile), agus 2-broma-3,3,3-trífhluarapróp-1-en (2-BTP), comhlíonann siad na híoscheanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach a leagtar amach in Airteagail 5 agus 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/625 ón gCoimisiún.
|
Teideal an Deimhniúcháin |
Comhlacht an Deimhnithe le haghaidh daoine dlítheanacha (ainm agus sonraí teagmhála) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
[…] |
(1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/625 ón gCoimisiún an 28 Márta 2025 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, íoscheanglais maidir le deimhnithe daoine nádúrtha agus dlítheanacha agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe den sórt sin a mhéid a bhaineann le trealamh cosanta dóiteáin do-aistrithe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe áirithe nó roghanna malartacha ábhartha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 304/2008 ón gCoimisiún (IO L, 2025/625, 31.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/625/oj).
IARSCRÍBHINN III
LASCTHREALAMH LEICTREACH DO-AISTRITHE
FÓGAIRT
CHUN GO mBUNÓIDH NÓ GO nOIRIÚNÓIDH NA BALLSTÁIT A gCEANGLAIS OILIÚNA AGUS DEIMHNIÚCHÁIN LE hAGHAIDH DAOINE NÁDÚRTHA A bhFUIL BAINT ACU LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ A CHUMHDAÍTEAR LE hAIRTEAGAL 10 DE RIALACHÁN (AE) 2024/573 MAIDIR LE GÁIS CEAPTHA TEASA FHLUAIRÍNITHE
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
|
|
||
|
|
||
|
|
An córas/na córais deimhniúcháin seo a leanas le haghaidh daoine nádúrtha a dhéanann lascthrealamh leictreach do-aistrithe a shuiteáil, a dheisiú, a chothabháil nó a sheirbhísiú nó a dhíchoimisiúnú, ar lasctrealamh leictreach do-aistrithe é ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573 nó aisghabháil gás ceaptha teasa fluairínithe ó threalamh den sórt sin, comhlíonann siad na híoscheanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach a leagtar amach in Airteagail 3 agus 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/627 ón gCoimisiún (1).
|
Teideal an Deimhniúcháin |
Comhlacht Deimhniúcháin le haghaidh daoine nádúrtha (ainm agus sonraí teagmhála) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
[…] |
(1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/625 ón gCoimisiún an 28 Márta 2025 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, í oscheanglais maidir le deimhnithe daoine nádúrthaagus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe den sórt sin, a mhéid a bhaineann le lascthrealamh leictreach do-aistrithe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a shuiteáil, a chothabháil nó a sheirbhísiú, a dheisiú nó a dhíchoimisiúnú agus gáis ceaptha teasa fhluairínithe a athshlánú ó lascthrealamh leictreach do-aistrithe agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2066 ón gCoimisiún (OJ L, 2025/627, 31.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/627/oj).
IARSCRÍBHINN IV
TREALAMH INA BHFUIL TUASLAGÓIRÍ ATÁ BUNAITHE AR GHÁIS CEAPTHA TEASA FHLUAIRÍNITHE
FÓGAIRT
CHUN GO mBUNÓIDH NÓ GO nOIRIÚNÓIDH NA BALLSTÁIT A gCEANGLAIS OILIÚNA AGUS DEIMHNIÚCHÁIN LE hAGHAIDH DAOINE NÁDÚRTHA A bhFUIL BAINT ACU LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ A CHUMHDAÍTEAR LE hAIRTEAGAL 10 DE RIALACHÁN (AE) 2024/573 MAIDIR LE GÁIS CEAPTHA TEASA FHLUAIRÍNITHE
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
|
|
||
|
|
||
|
|
Leis an gcóras deimhniúcháin/na córais deimhniúcháin seo a leanas le haghaidh daoine nádúrtha a bhfuil baint acu le tuaslagóirí atá bunaithe ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe a aisghabháil ó threalamh, comhlíontar na híoscheanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach a leagtar amach in Airteagail 3 agus 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/623 ón gCoimisiún (1).
|
Teideal an Deimhniúcháin |
Comhlacht Deimhniúcháin le haghaidh daoine nádúrtha (ainm agus sonraí teagmhála) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
[…] |
(1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/623 an 28 Márta 2025 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, íoscheanglais maidir le deimhnithe daoine nádúrtha agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe den sórt sin a mhéid a bhaineann le tuaslagóirí gás ceaptha teasa fluairínithe a athshlánú ó threalamh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 306/2008 ón gCoimisiún (OJ L, 2025/627, 31.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/623/oj).
IARSCRÍBHINN V
TREALAMH SOGHLUAISTE ÁIRITHE INA BHFUIL GÁIS CEAPTHA TEASA FHLUAIRÍNITHE
FÓGAIRT
CHUN GO mBUNÓIDH NÓ GO nOIRIÚNÓIDH NA BALLSTÁIT A gCEANGLAIS OILIÚNA AGUS CÁILÍOCHTAÍ LE hAGHAIDH DAOINE NÁDÚRTHA A bhFUIL BAINT ACU LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ A CHUMHDAÍTEAR LE hAIRTEAGAL 10 DE RIALACHÁN (AE) 2024/573 MAIDIR LE GÁIS CEAPTHA TEASA FHLUAIRÍNITHE
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
|
|
||
|
|
||
|
|
An clár/na cláir oiliúna seo a leanas le haghaidh daoine nádúrtha a bhfuil baint acu le cothabháil nó seirbhísiú, deisiú nó seiceáil ar sceitheadh, i gcás inarb infheidhme, ar threalamh aerchóiriúcháin i mótarfheithiclí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)agus lasmuigh den raon feidhme sin agus trealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil i bhfeithiclí tromshaothair, veaineanna, innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a úsáidtear in oibríochtaí talmhaíochta, mianadóireachta agus foirgnithe, traenacha, meitreo agus tramanna, chomh maith le haonaid chuisniúcháin i bhfeithiclí cuisniúcháin saothar éadroim, coimeádáin idirmhódúla, lena n-áirítear coimeadáin chuisniúcháin agus vaigíní traenacha ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó na substaintí malartacha hidreacarbóin nó dé-ocsaíd charbóin (CO2), i gcás inarb infheidhme, nó aisghabháil na ngás ceaptha teasa fluairínithe lena mbaineann ó threalamh den sórt sin, comhlíonann siad na híoscheanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach a leagtar amach in Airteagail 3 agus 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1893 ón gCoimisiún (2).
|
Teideal an fhianaithe |
Cineál (M1, M2, M3, M4 nó i gcomhcheangal) |
Comhlacht Fianaithe le haghaidh daoine nádúrtha (ainm agus sonraí teagmhála) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
[…] |
(1) Treoir 2006/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir leis na hastaíochtaí ó chórais aerchóirithe mótarfheithiclí agus lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle (IO L 161, 14.6.2006, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/40/oj).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1893 an 17 Meán Fómhair 2025 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, íoscheanglais maidir le fianuithe oiliúna daoine nádúrtha agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’fhianuithe oiliúna den sórt sin a mhéid a bhaineann le trealamh soghluaiste áirithe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó a roghanna malartacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 307/2008 ón gCoimisiún (OJ L, 2025/1893, 19.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1893/oj).
IARSCRÍBHINN VI
Tábla Comhghaoil
|
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2065 ón gCoimisiún |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
|
Airteagal 2 |
Airteagal 2 |
|
Airteagal 3 |
Airteagal 3 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1907/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)