Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1890

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1890 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte agus d’iarann teilgthe graifíte sféaróidí, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téalainne, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2025/6209

IO L, 2025/1890, 19.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1890/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1890/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1890

19.9.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1890 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Meán Fómhair 2025

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte agus d’iarann teilgthe graifíte sféaróidí, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téalainne, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh cheana agus na bearta atá i bhfeidhm

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 430/2013 (2), d’fhorchuir an Chomhairle dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí feisteas feadáin nó píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte agus d’iarann teilgthe graifíte sféaróidí, cé is moite de bhunpháirteanna feisteas comhbhrú ina n-úsáidtear snáithe méadrach ISO DIN 13 agus comhchumair chiorclacha shnáithithe d’iarann intuargainte gan claibín a bheith orthu, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 7307 19 10 (cód TARIC 7307 19 10 10) agus ex 7307 19 90 (cód TARIC 7307 19 90 10) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) agus na Téalainne (‘an t-imscrúdú bunaidh’).

(2)

Bhí an dleacht, bunaithe ar dheireadh a chur leis an leibhéal dumpála, idir 14.9 % agus 57.8 %. An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, tagrófar dó mar ‘an t-imscrúdú bunaidh’.

(3)

An 12 Meitheamh 2013, thaisc táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne, Jinan Meide Castings Co., Ltd, (‘Jinan Meide’) iarratas ag Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh lenar iarradh Rialachán (AE) Uimh. 430/2013 a neamhniú a mhéid a raibh feidhm aige maidir leis. Sa bhreithiúnas uaithi an 30 Meitheamh 2016, chinn an Chúirt Ghinearálta gur sáraíodh cearta cosanta Jinan Meide agus neamhnigh sí an Rialachán faoi chonspóid a mhéid a d’fhorchuir sé dleacht frithdhumpála ar allmhairí feisteas feadáin nó píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte arna monarú ag Jinan Meide.

(4)

Tar éis an bhreithiúnais thuasluaite, le fógra uaidh an 28 Deireadh Fómhair 2016 (3), chuir an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún) tús arís leis an imscrúdú frithdhumpála a bhaineann le feistis feadáin nó píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte arna monarú ag Jinan Meide.

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1146 ón gCoimisiún ann 28 Meitheamh 2017 (4), d’ath-fhorchuir an Coimisiún dleacht frithdhumpála chinntitheach 39.2 % ar allmhairí feisteas feadáin nó píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte de thionscnamh na Síne arna monarú ag Jinan Meide.

(6)

An 25 Samhain 2015, thionscain an Coimisiún páirt-athbhreithniú eatramhach tar éis iarraidh a fháil ó Metpro Limited, maidir le cineálacha áirithe feisteas feadáin nó píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte de thionscnamh na Síne agus na Téalainne chun a chinneadh ar tháinig siad faoi raon feidhme na mbeart frithdhumpála is infheidhme. D’fhoirceann an Coimisiún an páirt-athbhreithniú eatramhach sin an 18 Iúil 2016 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1176 (5), tar éis don iarratasóir an iarraidh a aistarraingt.

(7)

An 23 Bealtaine 2017, thionscain an Coimisiún páirt-athbhreithniú eatramhach tar éis iarraidh a fháil ó Hebei Yulong Casting Co., Ltd, maidir le cineálacha áirithe feisteas feadáin nó píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte de thionscnamh na Síne agus na Téalainne chun a chinneadh ar tháinig siad faoi raon feidhme na mbeart frithdhumpála is infheidhme. Chuir an Coimisiún deireadh leis an bpáirt-athbhreithniú eatramhach sin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/52 an 11 Eanáir 2018 (6) tar éis don iarratasóir a iarraidh a tharraingt siar.

(8)

An 12 Iúil 2018, chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (7) nach gcomhfhreagraíonn feistis atá déanta as iarann teilgthe graifíte sféaróidí (ar a dtugtar iarann teilgthe insínte freisin) do choincheap an ‘iarainn theilgthe intuargainte’ mar a shainmhínítear faoi fho-cheannteideal AC 7307 19 10 . Ba é conclúid na Cúirte nach mór feistis atá déanta as iarann teilgthe graifíte sféaróidí a aicmiú faoin bhfo-cheannteideal AC iarmharach 7307 19 90 (mar earraí eile d’iarann eile).

(9)

An 14 Feabhra 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún Rialachán (AE) 2019/262 (8) lenar leasaíodh na tagairtí do chóid TARIC chun iad a ailíniú le conclúidí na Cúirte. Ós rud é go bhforchuirtear bearta frithdhumpála de réir an tsainmhínithe ar an táirge gan beann ar an aicmiú taraife, ní raibh aon tionchar ag an leasú sin ar raon táirge na mbeart atá i bhfeidhm faoi láthair.

(10)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1259 (9) ón gCoimisiún, d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach na bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí feisteas feadáin nó píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte agus d’iarann teilgthe graifíte sféaróidí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téalainne tar éis athbhreithniú éaga (‘an t-athbhreithniú éaga roimhe seo’).

(11)

Rinne Jinan Meide agóid i gcoinne Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1146 os comhair na Cúirte Ginearálta. An 20 Meán Fómhair 2019, d’eisigh an Chúirt Ghinearálta a breithiúnas i gcás T-650/17 (10) maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1146.

(12)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1210 (11) ón gCoimisiún, d’ath-fhorchuir an Coimisiún dleacht frithdhumpála chinntitheach 36.0 % ar allmhairí feisteas feadáin nó píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte de thionscnamh na Síne arna monarú ag Jinan Meide.

(13)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2202 (12) ón gCoimisiún, chinn an Coimisiún na táirgí seo a leanas a eisiamh ó raon feidhme na mbeart frithdhumpála:

bunpháirteanna feisteas comhbhrú ina n-úsáidtear snáithe méadrach ISO DIN 13;

comhchumair chiorclacha shnáithithe d’iarann intuargainte gan claibín orthu;

tíonna clampaí d’iarann insínte a bhfuil séalú rubair agus poll asraoin acu;

barrchaidhpeanna eitrithe d’iarann insínte lena n-úsáid ar phíobán cruach eitrithe a bhfuil asraon snáithithe air;

laghdaitheoirí eitrithe d’iarann insínte a bhfuil ceann snáithithe acu;

tíonna laghdaitheoirí eitithe d’iarann insínte a bhfuil asraon snáithithe orthu; agus

diallaití crotánachta d’iarann insínte gan asraonta snáithithe a úsáidtear chun poll a shéalú i bhfeadán nó i bpíobán.

(14)

Tá na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair idir 24.6 % agus 57.8 % ar allmhairí ón tSín agus idir 14.9 % agus 15.5 % ar allmhairí ón Téalainn.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(15)

Tar éis d’fhógra a bheith foilsithe maidir le dul in éag a bheith ag teacht (13), fuair an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

(16)

An 25 Aibreán 2024 chuir Coiste Cosanta Ad Hoc an Aontais Eorpaigh maidir le Feistis Píobáin d’Iarann Teilgthe Intuargainte (‘an t-iarratasóir’) an iarraidh ar athbhreithniú isteach thar ceann thionscal an Aontais d’fheistithe feadáin nó píobáin snáithithe, d’iarann teilgthe intuargainte agus d’iarann teilgthe graifíte sféaróidí de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar na forais gur dhócha go leanfaí den dumpáil agus go leanfaí den díobháil do thionscal an Aontais nó go gcuirfí tús arís léi mar thoradh ar dhul in éag na mbeart.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(17)

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise a bhí ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain sé athbhreithniú éaga an 24 Iúil 2024 maidir le hallmhairí feisteas feadáin nó píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte agus d’iarann teilgthe graifíte sféaróidí de thionscnamh na Síne agus na Téalainne (‘na tíortha lena mbaineann’) isteach san Aontas ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (14) (‘an fógra tionscnaimh’).

1.4.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

(18)

An t-imscrúdú chun a fháil amach an leanfar den dumpáil nó an ndéanfar an athuair í, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha chun a mheas an dócha go leanfar den díobháil nó go ndéanfar an athuair í, is imscrúdú é a chumhdaigh an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

1.5.   Páirtithe leasmhara

(19)

San fhógra tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún na hiarratasóirí, táirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, na táirgeoirí aitheanta sa tSín agus sa Téalainn, údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téalainne, agus allmhaireoirí aitheanta, chomh maith le húsáideoirí agus trádálaithe ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach.

(20)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht os comhair an Choimisiúin agus/nó os comhair an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh. Níor iarr aon pháirtí leasmhar éisteacht.

1.6.   Sampláil

(21)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

Táirgeoirí an Aontais a shampláil

(22)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla bunaithe ar ionadaíochas i dtéarmaí mhéid tháirgeacht agus mhéid díolachán an táirge faoi imscrúdú le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(23)

Bhí dhá tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla sin a tháirgeann thart ar 70 % de mhéid táirgeachta agus díolachán iomlán measta an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil san Aontas. Áirithíodh sa sampla raon maith geografach freisin.

(24)

I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an sampla ionadaíoch do thionscal an Aontais.

Allmhaireoirí a shampláil

(25)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a sonraíodh san fhógra tionscnaimh a sholáthar.

(26)

Níor sholáthair allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a iarradh ná níor thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I bhfianaise an mhéid sin, chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil.

Sampláil na dtáirgeoirí sa tSín

(27)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí uile sa tSín an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh.

(28)

Níor sholáthair aon táirgeoir sa tSín an fhaisnéis a iarradh ná níor thoiligh aon táirgeoir a bheith san áireamh sa sampla. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nár chomhoibrigh aon táirgeoir sa tSín leis an imscrúdú.

Sampláil táirgeoirí sa Téalainn

(29)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí uile sa Téalainn an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Sa bhreis air sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean na Téalainn chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a d’fhéadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

(30)

Níor sholáthair aon táirgeoir sa Téalainn an fhaisnéis a iarradh ná níor thoiligh aon táirgeoir a bheith san áireamh sa sampla. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nár chomhoibrigh aon táirgeoir sa Téalainn leis an imscrúdú.

1.7.   Freagraí ar an gceistneoir

(31)

Sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le saobhadh nach beag a bheith sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Ní bhfuair an Coimisiún aon fhreagra ar an gceistneoir sin. Dá bhrí sin, ní raibh aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne.

(32)

D’iarr an Coimisiún ar tháirgeoirí sampláilte an Aontais na ceistneoirí a líonadh isteach, ceistneoirí a cuireadh ar fáil ar a shuíomh gréasáin lá an tionscnaimh.

(33)

Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ón dá tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais: Berg Montana Fittings EAD agus Georg Fischer Fittings GmbH.

1.8.   Fíorúchán

(34)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go ndéanfar an athuair iad agus maidir le leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

 

Táirgeoirí an Aontais

Berg Montana Fittings EAD, an Bhulgáir

Georg Fischer Fittings GmbH, an Ostair

1.9.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(35)

An 10 Iúil 2025, nocht an Coimisiún na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe na dleachtanna frithdhumpála atá ann cheana a choinneáil i bhfeidhm. Tugadh tréimhse do na páirtithe uile ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh.

(36)

Fuair an Coimisiún barúlacha ón iarratasóir, inar aontaigh sé lena thorthaí. Ní bhfuarthas aon bharúil ná iarraidh eile ar éisteachtaí.

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi athbhreithniú

(37)

Is ionann an táirge faoi athbhreithniú agus an táirge san imscrúdú bunaidh agus san athbhreithniú éaga roimhe seo, is é sin feistis feadáin nó píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte agus d’iarann teilgthe graifíte sféaróidí, atá faoi láthair faoi chód AC ex 7307 19 10 (cód TARIC 7307 19 10 10 agus 7307 19 10 20) (‘an táirge faoi athbhreithniú’ nó ‘MTF’).

(38)

Ní áirítear na táirgí seo a leanas: bunpháirteanna feisteas comhbhrú ina n-úsáidtear snáithe méadrach ISO DIN 13; comhchumair chiorclacha shnáithithe d’iarann intuargainte gan claibín orthu; tíonna clampaí d’iarann insínte a bhfuil séalú rubair agus poll asraoin acu; barrchaidhpeanna eitrithe d’iarann insínte lena n-úsáid ar phíobán cruach eitrithe a bhfuil asraon snáithithe air; laghdaitheoirí eitrithe d’iarann insínte a bhfuil ceann snáithithe acu; tíonna laghdaitheoirí eitithe d’iarann insínte a bhfuil asraon snáithithe orthu; diallaití crotánachta d’iarann insínte gan asraonta snáithithe a úsáidtear chun poll a shéalú i bhfeadán nó i bpíobán.

(39)

Is iad dramh-mhiotal, cóc/leictreachas/gás, gaineamh (le haghaidh múnlú) agus sinc (le haghaidh galbhánaithe) na príomh-amhábhair ionchuir. Leá an drámh-mhiotail is ea an chéad chéim den phróiseas monaraíochta. Ina dhiaidh sin, cuirtear an próiseas múnlaithe i gcrích maille le cruthanna éagsúla a theilgean a dhéantar a scaradh ansin ina gcodanna aonair. Ní mór do na táirgí dul trí phróiseas fada ainéalta chun a áirithiú go bhfuil siad intuargainte go leor lena n-úsáid i bhfeidhmeanna ina bhfuil gá le friotaíocht turrainge agus creathaidh, mar shampla, agus chun athruithe tapa teochta a sheasamh. Ina dhiaidh sin, is féidir na feistis a ghalbhánú. Ansin tarlaíonn an snáithiú agus meaisíniú eile.

(40)

Úsáidtear an táirge faoi athbhreithniú i raon leathan feidhmeanna, mar shampla, chun dhá phíobán nó feadán nó níos mó a nascadh, chun píobán a nascadh le gaireas, chun treo sreafa sreabháin a athrú, nó chun píobán a dhúnadh. Is i gcórais gáis, uisce agus téimh foirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe go príomha a úsáidtear feistis feadáin nó píobáin snáithithe. Úsáidtear iad freisin i bpíobchórais scaglann ola. Tá na feistis sin ar fáil in go leor cumraíochtaí, agus is iad uillinneacha 90 céim, tíonna, cúpláin, crosa, agus aontáin na cinn is coitianta. Táirgtear iad i bhfoirm dhubh (neamhghalbhánaithe) agus ghalbhánaithe araon.

2.2.   An táirge lena mbaineann

(41)

Is éard atá sa táirge lena mbaineann an t-imscrúdú seo, an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Síne agus na Téalainne.

2.3.   An táirge comhchosúil

(42)

Mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, chomh maith leis an athbhreithniú éaga roimhe sin, deimhníodh leis an athbhreithniú éaga seo gurb iad na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, atá ag na táirgí seo a leanas:

an táirge faoi athbhreithniú;

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol ar mhargadh intíre na Síne agus na Téalainne;

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin leis an gcuid eile den domhan; agus

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol san Aontas ag tionscal an Aontais.

(43)

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   DUMPÁIL

3.1.   an tSín

3.1.1.   Réamhbharúlacha

(44)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, lean allmhairí MTF ón tSín de bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais.

(45)

De réir Eurostat, agus faisnéis ó thionscal an Aontais, b’ionann allmhairí MTF ón tSín agus thart ar 19 % de mhargadh an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid le sciar 47 % den mhargadh le linn an imscrúdaithe bunaidh agus 21 % le linn an athbhreithnithe éaga roimhe sin.

(46)

Mar a luaitear in aithrisí (28) agus (30), níor chomhoibrigh aon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín san imscrúdú. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Síne go bhféadfadh an Coimisiún, in éagmais comhoibriú, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí i dtaca leis an tSín. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis sin ná aon iarraidh ar idirghabháil ón Oifigeach Éisteacha maidir leis sin.

(47)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil maidir leis an tSín bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, i.e. faisnéis san iarraidh ar athbhreithniú, na staitisticí a bailíodh, agus foinsí poiblí eile a sainaithníodh i gcás inarb infheidhme.

3.1.2.   An nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le haghaidh allmhairí an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Síne

(48)

Ós rud é gur leor an fhianaise a bhí ann tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú lena thaispeáint, a mhéid a bhain leis an tSín, gurbh ann do shaobhadh nach beag de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(49)

Chun faisnéis a fháil a mheas sé a bheith riachtanach dá imscrúdú maidir leis an saobhadh nach beag a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar gach páirtí leasmhar a dtuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá ó dháta fhoilsiú an fhógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(50)

Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín.

(51)

San fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, mar gheall ar an bhfianaise a bhí ar fáil, go bhféadfadh sé gur ghá dó tír ionadaíoch iomchuí a roghnú de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Bhain an t-iarratasóir úsáid as an mBrasaíl mar thír ionadaíoch ina iarraidh ar athbhreithniú.

(52)

Luaigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa chéad fhleasc d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(53)

An 10 Feabhra 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún nóta chun na páirtithe leasmhara a chur ar an eolas maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh.

(54)

Sa nóta sin, sholáthair an Coimisiún liosta de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáidtear i dtáirgeadh an táirge faoi athbhreithniú. Ina theannta sin, bunaithe ar na critéir lena dtreoraítear rogha na bpraghsanna neamhshaofa nó na dtagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún an Téalainn mar thír ionadaíoch iomchuí.

(55)

Chuir an Coimisiún in iúl do pháirtithe leasmhara freisin go leagfadh sé síos costais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘costais SGA’) agus na brabúis bunaithe ar shonraí a bhí ar fáil ó thrí chuideachta bhrabúsacha de chuid na Téalainne.

(56)

Fuair an Coimisiún barúlacha maidir leis an Nóta ón iarratasóir, inar leagadh amach gur ghlac sé leis an Téalainn mar thír ionadaíoch iomchuí.

3.1.3.   An Gnáthluach

(57)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘[b]eidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’.

(58)

Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘más rud é go gcinntear […]nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh nach beag sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’ agus ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús (‘costais SGA’ dá ngairtear thíos ‘costais riaracháin, díola agus ghinearálta’).

(59)

Mar a mhínítear thíos freisin, ba é conclúid an Choimisiúin san imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise a bhí ar fáil agus ag féachaint don easpa comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí na Síne, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

3.1.3.1.   Saobhadh suntasach a bheith ann

(60)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhianaise sa chomhad chun a chinneadh an ann do shaobhadh nach beag sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, rud a fhágann nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír sin. Cumhdaíodh san anailís sin na heilimintí fianaiseacha seo a leanas maidir leis na critéir éagsúla atá ábhartha chun a shuí gurb ann do shaobhadh nach beag.

(61)

Ar an gcéad dul síos, áiríodh san fhianaise a bhí san iarraidh na heilimintí seo a leanas a léiríonn gur ann do shaobhadh nach beag.

(62)

D’áitigh an t-iarratasóir go bhfreastalaíonn fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, smacht, maoirseacht bheartais nó treoraíocht údaráis na Síne ar mhargadh an táirge faoi athbhreithniú sa tSín. Thug an t-iarratasóir dá aire gurb ann d’úinéireacht Stáit san earnáil iarainn agus cruach, go háirithe trí na naisc dhochta idir na fiontair agus Páirtí Cumannach na Síne. Tá úinéireacht den sórt sin le feiceáil go háirithe in earnáil MTF, tríd an treoraíocht a thugtar i gcuspóirí Chomhlachas Iarainn agus Cruach na Síne (‘CICS’) (15).

(63)

De réir Airteagal 3 d’Airteagail Chomhlachais CISA, ‘freastalóidh an comhlachas ar fhiontair, freastalóidh sé ar an earnáil agus freastalóidh sé ar an rialtas (...) agus féachfaidh sé le ról idirlinne a áirithiú idir an rialtas agus na fiontair lena mbaineann’. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 24 go ndéanfaidh CISA ‘aon chúram eile a chur i gcrích de réir mar a chuireann an rialtas agus an riarachán ábhartha de chúram air’ , agus sonraítear in Airteagal 26 go gcloífidh CISA ‘go cuí le seasamh, treoirlínte, beartais, rialachas polaitiúil an Pháirtí’.

(64)

D’áitigh an t-iarratasóir freisin le láithreacht Stáit na Síne i dtáirgeoirí MTF go gceadaítear don Stát cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais. D’áitigh an t-iarratasóir gurb amhlaidh atá i gcás cuideachtaí faoi úinéireacht stáit agus cuideachtaí príobháideacha araon. Go deimhin, thug an t-iarratasóir dá aire an oibleagáid bhunreachtúil, de réir Airteagal 33 de Bhunreacht na Síne, ‘[g]o ndéanfaidh eagraíochtaí príomhleibhéil an Pháirtí in eintitis nach eintitis earnála poiblí iad prionsabail agus beartais an Pháirtí a chur chun feidhme, go ndéanfaidh siad comhlíonadh a bhfiontar ar dhlíthe agus rialacháin stáit a threorú agus a mhaoirsiú’. Leagtar béim in Airteagal 19 de Dhlí Cuideachtaí na Síne ar an dualgas atá ar chuideachtaí ‘na coinníollacha is gá a sholáthar le haghaidh ghníomhaíochtaí an Pháirtí’ agus ar an gceanglas ‘eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne […] chun gníomhaíochtaí an Pháirtí a dhéanamh’ a ainmniú laistigh den chuideachta.

(65)

Tugadh faoi deara san iarraidh ar athbhreithniú láithreacht throm an Stáit san earnáil cruach ar leibhéal náisiúnta agus bardasach araon. Luaigh an t-iarratasóir an t-imscrúdú frithdhumpála a rinneadh le déanaí ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach ón tSín (16), inar luaigh an Coimisiún plean gníomhaíochta 2022 Iarainn agus Cruach i mBardas Hebei Tangshan, ina gcuirtear de chúram ar eintitis bhardasacha éagsúla ‘institiúidí airgeadais a lorg agus treoir a thabhairt dóibh chun iasachtaí ar ús íseal a sholáthar d’fhiontair iarainn agus cruach, chun go mbeidh siad in ann aistriú chuig tionscail nua, agus ag an am céanna [...] fóirdheontais a sholáthar, i bhfoirm lascainí ráta úis’. Thug an t-iarratasóir dá aire go léirítear cuideachtaí cruach a bhfuil láithreacht Stáit acu freisin sna cuideachtaí sin san earnáil MTF.

(66)

Léirigh an t-iarratasóir ansin go bhfuil beartais phoiblí nó bearta poiblí á gcoinneáil ar bun ag údaráis na Síne lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir. Thug an t-iarratasóir dá aire go bhfuil an earnáil cruach sa tSín faoi réir go leor pleananna náisiúnta agus bardasacha, go háirithe maidir le barrfheabhsú agus forbairt an tionscail cruach agus an nuachóiriú ar leibhéal an tslabhra soláthair.

(67)

Cuireann an t-iarratasóir i dtábhacht freisin easpa dlíthe féimheachta, corparáideacha nó maoine, nó forfheidhmiú idirdhealaitheach nó neamhleor na ndlíthe sin. De réir an iarratasóra, tá sé sin soiléir ó thionchar Rialtas na Síne (‘Rialtas na Síne’) in imeachtaí dócmhainneachta. I bhfianaise fho-ordú na gcúirteanna chuig Rialtas na Síne, baineann go leor gnólachtaí dócmhainneacha tairbhe as pleananna athstruchtúraithe a eascraíonn as ráthaíochtaí rialtais de facto le haghaidh fiontair faoi úinéireacht stáit. Ina theannta sin, thagair an t-iarratasóir d’easpa trédhearcachta na rialacha maidir le soláthar agus éadáil talún.

(68)

Maidir leis an earnáil iarainn agus cruach, agus táirgeoirí MTF go sonrach, chuir an t-iarratasóir i dtábhacht conclúid an athbhreithnithe éaga roimhe seo, inar suíodh gurb ann do shaobhadh ós rud é ‘go raibh dlíthe féimheachta agus maoine á gcur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó á bhforfheidhmiú go neamhleor san earnáil iarainn agus cruach, lena n-áirítear i ndáil leis an táirge faoi athbhreithniú.’

(69)

Cuireadh i dtábhacht san iarraidh go bhfuil costais phá á saobhadh sa tSín agus go sonrach in earnáil MTF. Maidir leis sin, luaigh an t-iarratasóir an méid a bunaíodh sa Chéad Athbhreithniú éaga (17): ‘Dá réir sin, déanann an saobhadh ar chostais pá difear go díreach (nuair a bhíonn an táirge faoi athbhreithniú á dhéanamh) agus go hindíreach (le linn rochtain ar chaipiteal nó ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna sa tSín)’ don earnáil feistithe feadáin nó píobáin theilgthe.’. De réir an iarratasóra, níor tháinig aon athrú ar an staid a mhéid a bhaineann le saobhadh ar chostais phá agus dheimhnigh sé go bhfuil saobhadh mór ar chostais phá, go díreach agus go hindíreach araon, san earnáil feistithe feadáin nó píobáin theilgthe fós ann.

(70)

Ar an dara dul síos, in imscrúduithe a rinneadh le déanaí maidir leis an earnáil iarainn agus chruach sa tSín (18), chinn an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh nach beag de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Sna himscrúduithe sin, rinne an Coimisiún amach gurbh ann d’idirghabháil shuntasach rialtais sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (19).

(71)

Go sonrach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, ní hamháin gurbh ann fós do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne san earnáil iarainn agus cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán (20), ach go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí freisin de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc, den bhun-Rialachán (21).

(72)

Chinn an Coimisiún thairis sin go mbíonn éifeachtaí saofa breise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Go deimhin, ar an iomlán, de thoradh ar an gcóras pleanála sa tSín, bíonn acmhainní á ndíriú ag Rialtas na Síne ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh. (22)

(73)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (23).

(74)

Ar an gcaoi chéanna, rinne an Coimisiún amach gurbh ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil iarainn agus cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (24), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le gníomhaithe corparáideacha caipiteal a rochtain sa tSín. (25)

(75)

San athbhreithniú éaga is déanaí maidir leis an táirge faoi athbhreithniú (26), ba é conclúid an Choimisiúin gurbh ann do shaobhadh nach beag de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b) den bhun-Rialachán. Ní eol don Choimisiún aon mhórathrú struchtúrach sa tSín go ginearálta agus/nó san earnáil ábhartha go háirithe, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chonclúid sin.

(76)

Léiríodh le fianaise bhreise atá ar fáil sa Tuarascáil maidir le Saobhadh Nach Beag i nGeilleagar na Síne (‘Tuarascáil’) (27), a d’ullmhaigh an Coimisiún de bhun Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán, gurbh ann do shaobhadh nach beag freisin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(77)

Níl aon fhianaise ná argóint dá mhalairt tíolactha ag Rialtas na Síne ná ag na táirgeoirí san imscrúdú atá ann faoi láthair.

(78)

I bhfianaise a bhfuil thuas, léirigh an fhianaise a bhí ar fáil nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus saothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léiríonn an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na gnéithe ábhartha a liostaítear ann.

(79)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin.

(80)

Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a bhunú go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

3.1.3.2.   Tír ionadaíoch

Barúlacha ginearálta

(81)

Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil leis an tSín ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (28);

Táirgeacht an táirge faoi athbhreithniú sa tír sin (29);

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch.

I gcás ina raibh níos mó ná rogha fhéideartha amháin ann i ndáil le tír ionadaíoch, ba cheart tús áite, i gcás inarbh iomchuí, a thabhairt don tír ina bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(82)

Mar a mhínítear in aithris (53) thuas, d’eisigh an Coimisiún Nóta an 10 Feabhra 2025 maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh. Leis an nóta, cuireadh páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé ar intinn aige an Téalainn a bhreithniú mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo dá mba rud é go ndeimhneofaí gur ann do shaobhadh nach beag de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín

(83)

Sa nóta maidir le tosca táirgeachta, shainaithin an Coimisiún gur tíortha iad an Airgintín, an Bhrasaíl, an Tuirc agus an Téalainn inar comhchosúil an leibhéal forbartha eacnamaíche leis an leibhéal atá sa tSín de réir an Bhainc Dhomhanda i.e. aicmíonn an Banc Domhanda mar thíortha ‘ard-mheánioncaim’ iad ar bhonn ollioncam náisiúnta, agus gurb eol go dtáirgtear an táirge faoi athbhreithniú iontu.

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch

(84)

Sa Nóta, rinne an Coimisiún anailís ar infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sna ceithre thír ionadaíocha fhéideartha mar a leanas.

(85)

I gcás na hAirgintíne, ní raibh aon sonraí airgeadais ar fáil go héasca don t-aon mhonaróir aitheanta MTF amháin agus níor allmhairigh an Airgintín dramhchruach, an príomh-amhábhar.

(86)

I gcás na Tuirce, ní raibh an t-aon táirgeoir MTF aitheanta brabúsach in 2023.

(87)

I gcás na Téalainne agus na Brasaíle araon, d’aimsigh an Coimisiún sonraí le haghaidh monaróirí sa dá thír, eadhon trí chuideachta sa Téalainn agus ceann amháin sa Bhrasaíl. Mar sin féin, ba mhonaróirí MTF iad cuideachtaí na Téalainne, agus bhí an chuideachta Bhrasaíleach i ngrúpa mór ag a raibh faisnéis airgeadais chomhdhlúite.

(88)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé beartaithe aige an Téalainn a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí agus trí mhonaróir na Téalainne a úsáid chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a aimsiú ar mhaithe leis an ngnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

Leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil

(89)

Tar éis a shuí gurb í an Téalainn an tír ionadaíoch iomchuí, bunaithe ar gach ceann de na gnéithe thuasluaite, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus an chomhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a) an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

Conclúid

(90)

I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Téalainn na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí.

3.1.3.3.   Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí

(91)

Sa nóta, luaigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé Global Trade Atlas (‘GTA’) chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta sa tír ionadaíoch, agus na hamhábhair go sonrach. Leagtar amach sa Nóta freisin na foinsí a d’úsáidfeadh an Coimisiún le haghaidh tosca táirgeachta eile, a leagtar amach thíos.

Costais agus tagarmharcanna neamhshaofa

Tosca táirgeachta

(92)

In éagmais comhoibriú ó tháirgeoirí na Síne, bhraith an Coimisiún ar an iarratasóir chun na tosca táirgeachta a úsáidtear i dtáirgeadh MTF a shonrú.

(93)

I bhfianaise na faisnéise uile ar bhonn na hiarrata, sainaithníodh na tosca táirgeachta a leanas agus a gcuid foinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

Tábla 1

Tosca táirgeachta

Toisc tháirgeachta

Cód tráchtearra

Foinse

Aonad tomhais

Costas aonaid EUR

Amhábhair

Dramhchruach

7204 41 00 09

GTA

tona

227,68

Sinc

7901 11

GTA

tona

2 416,61

Fearósileacain

7202 21

GTA

tona

1 414,83

Fearó-mhangainéis

7202 11

GTA

tona

887,52

Gaineamh

2505 10

GTA

tona

121,61

Beintinít

2508 10

GTA

tona

159,00

Roisín

3909 40

GTA

tona

3 593,49

Roisghlantóir (30)

7205 10

GTA

tona

2 045,53

Fuinneamh

Leictreachas

 

Údarás Leictreachais Cúige na Téalainne

kWh

0,23

Gás Nádúrtha

 

Oifig um Beartas agus Pleanáil Fuinnimh Aireacht Fuinnimh na Téalainne

m3

0,36

 

 

 

 

 

Saothar

Costais saothair

 

Banc na Téalainne

uair

2,35

(94)

Thug an t-iarratasóir le fios gur tháinig athrú ar na hamhábhair a úsáideadh chun MTF a tháirgeadh i gcomparáid leis an athbhreithniú éaga roimhe sin. In aithrisí (134) go (135) den athbhreithniú éaga roimhe seo, shuigh an Coimisiún gur tháirg an táirgeoir Síneach is mó MTF i bhfoirnéis chúpóla, ina n-úsáidtear cóc chun na hamhábhair a leá. Mar sin féin, fuair an t-iarratasóir faisnéis gur úsáid an dá tháirgeoir is mó sa tSín foirnéisí leictreacha le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh ina n-úsáidtear amhábhair éagsúla sa phróiseas téimh.

Amhábhair

(95)

Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar a shuí, mar a sheachadtar iad ag geata monarchan táirgeora tíre ionadaíche, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe isteach sa Téalainn mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costais iompair intíre leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin isteach sa Téalainn mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan an tSín a áireamh ná tíortha nach comhaltaí de EDT iad agus a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31).

(96)

Chinn an Coimisiún na hallmhairí ón tSín isteach sa Téalainn a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid toisc go bhfuil saobhadh nach beag ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(97)

De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach mar an gcéanna an tionchar a imríonn an saobhadh céanna ar tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún gur imir an saobhadh céanna tionchar ar phraghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis allmhairí ón tSín chuig an tír ionadaíoch a eisiamh, bhí an méid allmhairí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós.

(98)

Maidir le dleachtanna allmhairiúcháin, thug an Coimisiún dá aire gur allmhairigh an Téalainn amhábhair ábhartha ó go leor tíortha ina bhfuil leibhéal éagsúil rátaí dleachta allmhairiúcháin agus difríochtaí suntasacha i gcainníochtaí. Cé nach gá corrlach dumpála beacht a ríomh in athbhreithniú éaga, ach an dóchúlacht go leanfar den dumpáil a shuí, ghlac an Coimisiún na dleachtanna allmhairiúcháin mar a bhaintear as GTA iad le haghaidh gach tíre tionscnaimh.

Saothar

(99)

D’úsáid an Coimisiún na sonraí deireanacha a bhí ar fáil go poiblí ó Bhanc na Téalainne don mheánphá sa Téalainn le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (32). Coigeartaíodh iad sin chun muirir shóisialta a chur san áireamh (33). Ar deireadh, roinneadh an costas saothair bliantúil iomlán ar an líon uaireanta sa bhliain (i.e. 8 n-uaire an chloig in aghaidh an lae, iolraithe faoi 5 lá oibre sa tseachtain agus faoin líon seachtainí in aon bhliain amháin).

Leictreachas

(100)

D’úsáid an Coimisiún na praghsanna leictreachais tionsclaíocha sa bhanda tomhaltais comhfhreagrach in kWh a d’fhoilsigh Údarás Leictreachais Cúige na Téalainne (34). Níor tháinig aon athrú ar an muirear fuinnimh sin ó bhí 2018 ann agus déantar é a nuashonrú ar bhonn míosúil trí úsáid a bhaint as an ionstraim ar a dtugtar ‘Ft surcharge’. Dá bhrí sin, déantar muirir leictreachais a ghearrtar do gach mí a ríomh mar seo a leanas:

bonnmhuirear leictreachais, de réir na dtaraifí a thuairiscítear thuas agus a d’fhan seasmhach thar na blianta, móide/lúide

muirear coigeartaithe fuinnimh (Ft), a thugann Coimisiún Rialála Fuinnimh na Téalainne cothrom le dáta go tréimhsiúil (35).

(101)

Agus an tagarmharc á ríomh, chuir an Coimisiún an meánmhuirear coigeartaithe fuinnimh leis an mbonnmhuirear leictreachais, le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

Gás nádúrtha

(102)

Chun an tagarmharc don ghás a bhunú, d’úsáid an Coimisiún praghsanna gáis do chuideachtaí (úsáideoirí tionsclaíocha) sa Téalainn arna fhoilsiú ag Oifig um Beartas Fuinnimh agus ag Oifig Pleanála na hAireachta Fuinnimh (36). Bhí difríocht sna praghsanna de réir mhéid an tomhaltais. D’úsáid an Coimisiún na praghsanna comhfhreagracha i dTábla 7.2-4: Tomhaltas Fuinnimh Deiridh Per Capita. Bhain an Coimisiún úsáid as na sonraí is déanaí a bhaineann le 2023 mar thagarmharc.

Forchostais mhonaraíochta, costais SGA, brabúis agus dímheas

(103)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’. Ina theannta sin, ní mór luach le haghaidh na bhforchostas monaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas.

(104)

Chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a shuí agus ós rud é go bhfuil comhar na dtáirgeoirí in easnamh, bhain an Coimisiún úsáid as na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, ar bhonn na sonraí a sholáthair an t-iarratasóir, shuigh an Coimisiún cóimheas na bhforchostas monaraíochta le hiomlán na gcostas monaraíochta agus saothair. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ansin ar luach neamhshaofa na gcostas monaraíochta chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil, ag brath ar an tsamhail a táirgeadh.

3.1.3.4.   An gnáthluach a ríomh

(105)

Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(106)

Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais chomhar tháirgeoirí na Síne, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú maidir le húsáid gach toisce (ábhair agus lucht saothair) chun MTF a tháirgeadh.

(107)

Nuair a suíodh costas neamhshaofa na monaraíochta, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta leis mar atá thuas, agus ansin costais SGA agus brabús. Cinneadh costais SGA agus brabús bunaithe ar ráitis airgeadais trí mhonaróir MTF de chuid na Téalainne le haghaidh 2023 mar a thuairiscítear i gcuntais na gcuideachtaí lena mbaineann:

Siam Fittings Co., Ltd.

BIS Pipe Fitting Industry Co., Ltd

Thai Malleable Iron and Steel Co., Ltd.

(108)

Chuir an Coimisiún na míreanna seo a leanas leis an gcostas neamhshaofa monaraíochta:

Is éard a bhí i bhforchostais na monaraíochta ar an iomlán 11 % de chostais dhíreacha na monaraíochta;

Costais SGA agus costais eile arbh ionann iad agus 19.1 % de chostais na n-earraí a díoladh (‘COGS’); agus

Brabús, a raibh 32.4 % de chostas na n-earraí a díoladh i gceist leis;

(109)

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

3.1.4.   An praghas onnmhairiúcháin

(110)

In éagmais comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín, cinneadh an praghas onnmhairiúcháin bunaithe ar shonraí Eurostat arna gceartú de réir leibhéal an phraghais díreach ón monarcha. Laghdaíodh an praghas CAL a thuairiscigh Eurostat le meastachán ar chostas muirlasta agus árachais agus ar chostas iompair intíre, bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú.

3.1.5.   Comparáid

(111)

Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach agus na praghsanna onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha mar a shuitear thuas.

(112)

In éagmais comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní dhearnadh aon choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán.

3.1.6.   Corrlach dumpála

(113)

Ríomhadh corrlaigh dumpála ag 65 % i gcás allmhairí ón tSín.

3.2.   an Téalainn

3.2.1.   Réamhbharúlacha

(114)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, lean allmhairí feisteas feadáin intuargainte nó píobáin (‘MTF’) ón Téalainn de bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais.

(115)

De réir Eurostat, agus faisnéis ó thionscal an Aontais, b’ionann allmhairí MTF ón Téalainn agus thart ar 4 % de mhargadh an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i gcomparáid le sciar 5,2 % den mhargadh le linn an imscrúdaithe bunaidh, agus 5 % le linn an athbhreithnithe éaga roimhe sin.

(116)

Mar a luaitear in aithrisí (28) agus (30), níor chomhoibrigh aon cheann de na táirgeoirí ón Téalainn leis an imscrúdú. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Téalainne go bhféadfadh an Coimisiún, in éagmais comhoibriú, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí i dtaca leis an Téalainn. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis sin ná aon iarraidh ar idirghabháil ón Oifigeach Éisteacha maidir leis sin.

(117)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil maidir leis an Téalainn bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, i.e. faisnéis san iarraidh ar athbhreithniú, na staitisticí a bailíodh, agus foinsí poiblí eile a sainaithníodh i gcás inarb infheidhme.

3.2.2.   An Gnáthluach

(118)

Níor chomhoibrigh aon táirgeoir de chuid MTF sa Téalainn leis an imscrúdú agus dá bhrí sin bhí an gnáthluach bunaithe ar fhaisnéis praghsanna intíre na Téalainne atá san iarraidh ar athbhreithniú agus a thug an t-iarratasóir cothrom le dáta chun tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a chumhdach.

(119)

Léirigh an fhaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir go ndearnadh na díolacháin intíre sin sa ghnáthchúrsa trádála agus, dá bhrí sin, gur úsáideadh iad mar fhoinse an ghnáthluacha.

3.2.3.   An praghas onnmhairiúcháin

(120)

In éagmais comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin ón Téalainn, cinneadh an praghas onnmhairiúcháin bunaithe ar shonraí Eurostat arna gceartú de réir leibhéal an phraghais díreach ón monarcha. Laghdaíodh an praghas CAL a thuairiscigh Eurostat le meastachán ar chostas muirlasta agus árachais agus ar chostas iompair intíre, bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú.

3.2.4.   Comparáid

(121)

Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach agus na praghsanna onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha mar a shuitear thuas.

(122)

In éagmais comhoibriú ó tháirgeoirí na Téalainne, ní dhearnadh aon choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán.

3.2.5.   Corrlach dumpála

(123)

Ríomhadh corrlaigh dumpála ag 70 % i gcás allmhairí ón Téalainn.

4.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DUMPÁIL

4.1.   an tSín

(124)

I dtaca leis an toradh lenar cinneadh gur ann don dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil ón tSín, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm.

(125)

Rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas:

an acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín;

tarraingteacht mhargadh an Aontais; agus

an gaol idir praghsanna san Aontas agus sa tSín.

(126)

Mar thoradh ar neamh-chomhoibriú táirgeoirí ón tSín, bhí an scrúdú sin bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil don Choimisiún, is é sin faisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú agus faisnéis ó fhoinsí neamhspleácha eile a bhí ar fáil, amhail staitisticí oifigiúla allmhairiúcháin agus faisnéis a fuarthas san imscrúdú bunaidh agus san athbhreithniú éaga roimhe sin.

4.1.1.   An acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín

(127)

Ní raibh faisnéis san iarraidh maidir le táirgeadh beacht agus acmhainneacht bhreise an táirge faoi athbhreithniú sa tSín. (37) Fuarthas amach san athbhreithniú éaga roimhe seo go bhfuil margadh na Síne ilroinnte le go leor táirgeoirí beaga agus roinnt táirgeoirí móra. Cuireadh faisnéis ar fáil san iarraidh, áfach, bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí. Go háirithe, tugadh le fios ann gur mhéadaigh Jinan Meide Casting Co. Ltd. a acmhainneacht táirgeachta in 2022 agus go dtáirgeann sé níos mó ná 150000 tona in aghaidh na bliana. Tugadh le fios san iarraidh freisin go bhfuil acmhainneacht táirgeachta bhliantúil os cionn 400000 tona MTF ag Jianzhi Group leis féin, ceann de phríomhmhonaróirí na Síne (38).

(128)

Rinneadh tagairt san iarraidh freisin d’imscrúdú frithdhumpála 2022 san Airgintín maidir le hallmhairí feisteas feadáin intuargainte nó píobáin ón tSín agus ón mBrasaíl, a líomhnaítear inar cinneadh go bhfuil acmhainneacht táirgeachta bhliantúil 500000 tona ag an tSín le haghaidh MTF.

(129)

De réir na hiarrata ar athbhreithniú, tá tomhaltas intíre na Síne faoi bhun acmhainneacht táirgeachta na Síne den chuid is mó, rud a deimhníodh san imscrúdú frithdhumpála a rinne an Airgintín.

(130)

Deimhníodh san athbhreithniú éaga roimhe seo go raibh ró-acmhainneachtaí substaintiúla sa tSín. Níor léiríodh aon mhéadú mór ar an éileamh intíre, ná ar aon mhargadh tríú tír atá in ann an barrachas sin a ionsú ó rinneadh an t-athbhreithniú éaga roimhe seo. Ar an gcaoi chéanna, ní raibh aon fhianaise ann go bhfuil laghdú tagtha ar na hacmhainneachtaí táirgeachta sa tSín.

(131)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go bhfuil acmhainneacht bhreise sa tSín a d’fhéadfaí a úsáid chun margadh an Aontais a sholáthar ar phraghsanna dumpáilte dá rachadh na bearta in éag.

4.1.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(132)

Chun forbairt fhéideartha na n-allmhairí a shuí dá ndéanfaí bearta a aisghairm, mheas an Coimisiún tarraingteacht mhargadh an Aontais maidir le praghsanna.

(133)

D’ainneoin na ndleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm, d’onnmhairigh an tSín go fóill chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus sciar 19 % den mhargadh aici, rud a léiríonn go raibh an tAontas fós ina mhargadh tarraingteach agus ina cheann scríbe onnmhairiúcháin tarraingteach don tSín.

(134)

I bhfianaise an chinnidh gur ann do dhumpáil ón tSín, agus go bhfuil allmhairí fós ag teacht isteach i margadh an Aontais, mheas an Coimisiún gur lean margadh an Aontais de bheith tarraingteach do tháirgeoirí na Síne agus dá rachadh na bearta in éag, thiocfadh méadú ar allmhairí dumpáilte isteach san Aontas.

4.1.3.   An gaol idir praghsanna san Aontas agus sa tSín

(135)

Mar a leagtar amach in aithris (166), shuigh an Coimisiún gur lean na hallmhairí ón tSín de phraghsanna thionscal an Aontais a shladghearradh, rud a thug le fios go raibh leibhéal na bpraghsanna san Aontas tarraingteach do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, fiú agus na bearta frithdhumpála i bhfeidhm.

4.1.4.   Conclúid

(136)

Léiríodh san imscrúdú gur lean onnmhairí na Síne de bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin, dá rachadh na bearta in éag, gur rídhócha go n-onnmhaireodh táirgeoirí na Síne cainníochtaí móra den táirge lena mbaineann chuig an Aontas ar phraghsanna dumpáilte. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur mhór an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil dá rachadh na bearta in éag.

4.2.   an Téalainn

(137)

Sa bhreis ar an toradh lena bhfuarthas gurbh ann do dhumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm.

(138)

Rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas:

an acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa Téalainn;

tarraingteacht mhargadh an Aontais; agus

an gaol idir praghsanna san Aontas agus sa Téalainn.

(139)

Mar thoradh ar neamh-chomhoibriú táirgeoirí ón Téalainn, bhí an scrúdú sin bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil don Choimisiún, is é sin faisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú agus faisnéis ó fhoinsí neamhspleácha eile a bhí ar fáil, amhail staitisticí allmhairiúcháin oifigiúla agus faisnéis a fuarthas san imscrúdú bunaidh agus san athbhreithniú éaga roimhe sin.

4.2.1.   An acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa Téalainn

(140)

Níor cuireadh faisnéis shonrach ar fáil san iarraidh maidir le táirgeadh agus acmhainneacht bhreise an táirge faoi athbhreithniú sa Téalainn. Thug sé dá aire, áfach, go raibh onnmhaireoirí na Téalainne fós ag brath go mór ar mhargadh an Aontais le haghaidh onnmhairí agus gur tháinig fás ar a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar phraghsanna sladghearrtha.

(141)

Deimhníodh leis an athbhreithniú éaga roimhe seo go raibh ró-acmhainneachtaí substaintiúla sa Téalainn. Níor léiríodh aon mhéadú mór ar an éileamh intíre, ná ar aon mhargadh tríú tír atá in ann an barrachas sin a ionsú ó rinneadh an t-athbhreithniú éaga roimhe seo. Ar an gcaoi chéanna, ní raibh aon fhianaise ann go bhfuil laghdú tagtha ar na hacmhainneachtaí táirgeachta sa Téalainn.

(142)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil acmhainneacht bhreise sa Téalainn a d’fhéadfaí a úsáid chun margadh an Aontais a sholáthar ar phraghsanna dumpáilte dá rachadh na bearta in éag.

4.2.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(143)

Chun forbairt fhéideartha na n-allmhairí a shuí dá ndéanfaí bearta a aisghairm, mheas an Coimisiún tarraingteacht mhargadh an Aontais maidir le praghsanna.

(144)

D’ainneoin na ndleachtanna frithdhumpála a bhí i bhfeidhm, d’onnmhairigh an Téalainn fós chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus sciar 4 % den mhargadh aici, rud a léiríonn go raibh an tAontas fós ina mhargadh tarraingteach agus ina cheann scríbe onnmhairiúcháin tarraingteach.

(145)

I bhfianaise an chinnidh gur ann do dhumpáil ón Téalainn, agus go bhfuil allmhairí fós ag teacht isteach i margadh an Aontais, mheas an Coimisiún gur lean margadh an Aontais de bheith tarraingteach do tháirgeoirí na Téalainne agus dá rachadh na bearta in éag, thiocfadh méadú ar allmhairí dumpáilte na Téalainne isteach san Aontas.

4.2.3.   An gaol idir praghsanna san Aontas agus sa Téalainn.

(146)

Mar a leagtar amach in aithris (166), shuigh an Coimisiún gur lean na hallmhairí ón Téalainn de phraghsanna thionscal an Aontais a shladghearradh, rud a léiríonn go raibh leibhéal na bpraghsanna san Aontas tarraingteach do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Téalainne, fiú agus na bearta frithdhumpála i bhfeidhm.

4.2.4.   Conclúid

(147)

Léiríodh san imscrúdú gur lean onnmhairí na Téalainne de bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin, dá rachadh na bearta in éag, gur rídhócha go n-onnmhaireodh táirgeoirí de chuid na Téalainne cainníochtaí móra den táirge lena mbaineann chuig an Aontas ar phraghsanna dumpáilte. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur mhór an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil dá rachadh na bearta in éag.

5.   DÍOBHÁIL

5.1.   Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(148)

Rinne cúig tháirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tugadh le fios san iarraidh ar athbhreithniú go raibh ceann de na táirgeoirí, Odlewnia Zawiercie S.A., ag próiseáil feistis feadáin neamhshnáithithe nó píobáin a allmhairíodh trí iad a shnáithiú agus, dá bhrí sin, nár cheart a mheas gur cuid de thionscal an Aontais iad de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(149)

Ós rud é nach cuid den táirge faoi athbhreithniú iad feistis feadáin neamhshnáithithe nó píobáin agus go dtagann siad faoi chód TARIC eile, mheas an Coimisiún gur céim táirgthe é snáithiú na dtáirgí sin arb ionann é agus monarú an táirge faoi athbhreithniú agus, dá bhrí sin, go bhfuil Odlewnia Zawiercie S.A. mar chuid de thionscal an Aontais don imscrúdú reatha.

(150)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurb ionann na cúig chuideachta agus ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(151)

Suíodh gur thart ar 20 774 tona a bhí i dtáirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise a chuir an t-iarratasóir agus táirgeoirí sampláilte an Aontais ar fáil. Rinneadh sampláil ar dhá tháirgeoir de chuid an Aontais, agus fuarthas amach go raibh thart ar 60 % de mhéideanna táirgeachta agus díolacháin iomlána fíoraithe an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil i gceist leo.

(152)

Ní mór a thabhairt faoi deara go ndeachaigh an Coimisiún i dteagmháil le Odlewnia Zawiercie S.A. chun sonraí na cuideachta a bhaineann leis na táscairí maicreacnamaíocha a leagtar amach i roinn 5.5.2 thíos a sholáthar, ach gur chinn an chuideachta gan comhoibriú leis an imscrúdú sin. Dá bhrí sin, bhí na sonraí a bhaineann leis an gcuideachta sin bunaithe ar mheastacháin a sholáthair an t-iarratasóir sa mhacraicheistneoir.

5.2.   Tomhaltas an Aontais

(153)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais trí mhéid dhíolacháin thionscal an Aontais i margadh an Aontais a chur le hallmhairí an táirge lena mbaineann, mar a tuairiscíodh in Eurostat. Ba é an fhoinse faisnéise an freagra a thug an t-iarratasóir ar an macraicheistneoir agus na sonraí oifigiúla ó Eurostat.

(154)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar thomhaltas an Aontais:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais (tonaí)

 

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Tomhaltas iomlán an Aontais

35 688

32 667

27 911

28 005

Innéacs

100

92

78

78

Foinse:

freagra ar an macraicheistneoir agus Eurostat.

(155)

Tháinig laghdú mór ar thomhaltas iomlán an Aontais maidir leis an táirge lena mbaineann ó 2021 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. In 2022, tháinig laghdú 8 % ar thomhaltas an Aontais i ndáil leis an mbliain roimhe sin. In 2023,nuair a bhí fás níos moille ar gheilleagar an Aontais i gcomparáid le 2022, tháinig laghdú breise 14 phointe céatadáin ar thomhaltas an Aontais, agus ní raibh aon athrú substaintiúil ann le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

5.3.   Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

5.3.1.   Cáinníocht agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

(156)

Shuigh an Coimisiún an méid allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh sciar margaidh na n-allmhairí ar bhonn an mhéid allmhairí agus thomhaltas iomlán an Aontais.

(157)

Allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann:

Tábla 3

An méid allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh

 

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Cainníocht na n-allmhairí ón tSín

6 397

7 261

5 335

5 420

Innéacs

100

114

83

85

Sciar den mhargadh

18  %

22  %

19  %

19  %

Cainníocht na n-allmhairí ón Téalainn

1 127

1 406

1 118

1 239

Innéacs

100

125

99

110

Sciar den mhargadh

3  %

4  %

4  %

4  %

Foinse:

Eurostat.

(158)

Maidir le hallmhairí ón tSín, in 2022 tháinig méadú 14 % ar na hallmhairí sin ó 2021, cé gur tháinig laghdú 8 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse céanna. Don bhliain chéanna, d’fhás sciar na Síne den mhargadh go 22 %, rud a léiríonn dul i bhfód mór breise ar mhargadh an Aontais. Mar sin féin, in 2023, bliain inar tháinig laghdú 14 phointe céatadáin ar thomhaltas an Aontais, tháinig laghdú 26 phointe céatadáin ar allmhairí na Síne. Mar sin féin, in 2023 d’fhan sciar na Síne den mhargadh réasúnta ard ag 19 %. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig méadú beag ar allmhairí ón tSín go 5420 tona, méadú imeallach ó 2023, agus d’fhan an sciar den mhargadh seasmhach ag 19 %, rud a léiríonn cobhsaíocht i láithreacht choibhneasta na Síne sa mhargadh.

(159)

Maidir le hallmhairí ón Téalainn, tháinig méadú mór 25 % in 2022 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Tháinig méadú freisin ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí na Téalainne ó 3 % go 4 % le linn na tréimhse céanna. In 2023, cosúil le hallmhairí na Síne, tháinig laghdú 26 phointe céatadáin ar allmhairí na Téalainne, ag filleadh gar do leibhéil 2021. D’fhan an sciar den mhargadh gan athrú go 4 %, rud a thugann le fios athléimneacht maidir le láithreacht mhargaidh na Téalainne d’ainneoin laghdú ar thomhaltas le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe tháinig méadú 11 phointe céatadáin ar allmhairí na Téalainne i gcomparáid le 2023 agus níor tháinig aon athrú ar an sciar den mhargadh ag 4 %.

5.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(160)

Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh sladghearradh phraghais na n-allmhairí ar bhonn freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí onnmhairithe sampláilte agus ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

(161)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann:

Tábla 4

Praghsanna na n-allmhairí (EUR/tona)

 

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

an tSín

2 488

3 200

2 796

2 912

Innéacs

100

129

112

117

an Téalainn

2 512

2 698

2 540

2 485

Innéacs

100

107

101

99

Foinse:

Eurostat

(162)

Tháinig méadú 29 % ar phraghsanna allmhairiúcháin ón tSín ó 2021 go 2022, agus tháinig laghdú 17 bpointe céatadáin ina dhiaidh sin in 2023 agus tháinig méadú 5 phointe céatadáin orthu le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an iomlán, leis an treocht léirítear luaineacht le buaicphointe praghsanna in 2022. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 17 % ar na praghsanna allmhairiúcháin ón tSín.

(163)

Os a choinne sin, le praghsanna allmhairiúcháin ón Téalainn léiríodh treocht níos cobhsaí le méadú beag in 2022, agus tháinig laghduithe ina dhiaidh sin in 2023 agus i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Le haghaidh na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 1 % ar phraghsanna ón Téalainn.

(164)

Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe trí chomparáid a dhéanamh idir na nithe seo a leanas:

meánphraghsanna díola ualaithe tháirgeoirí sampláilte an Aontais arna ngearradh ar chustaiméirí neamhchomhlachaithe ar mhargadh an Aontais agus arna gcoigeartú de réir leibhéal an phraghais díreach ón monarcha; agus

meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha na n-allmhairí ón tSín agus ón Téalainn arna suí ar bhonn costais, árachais agus last-táille (CAL), lena n-áirítear an dleacht frithdhumpála, mar aon le coigeartuithe iomchuí ar dhleachtanna custaim agus ar chostais iar-allmhairiúcháin.

(165)

Rinneadh an chomparáid praghsanna trí úsáid a bhaint as sonraí ó thionscal an Aontais ar an leibhéal céanna trádála, arna gcoigeartú go cuí i gcás inar gá, agus tar éis lacáistí agus lascainí a asbhaint.

(166)

Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Léiríodh sladghearradh mór ag na hallmhairí ón tSín (ag 26 %) agus ón Téalainn (ag 48 %) ar mhargadh an Aontais.

5.4.   Allmhairí ó thíortha seachas an tSín agus an Téalainn

(167)

Is ón Indinéis agus ón mBrasaíl den chuid is mó a tháinig allmhairí MTF ó thíortha seachas an tSín agus an Téalainn.

(168)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar chainníocht (comhiomlánaithe) na n-allmhairí isteach san Aontas chomh maith leis an sciar den mhargadh agus treochtaí praghsanna maidir le hallmhairí MTF ó tíortha eile:

Tábla 5

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

an Indinéis

Cainníocht (tonaí)

1 391

2 233

1 451

2 012

 

Sciar den mhargadh

3,9  %

6,8  %

5,2  %

7,2  %

 

Meánphraghas (EUR/tona)

2 467

4 105

2 837

2 783

an Bhrasaíl

Cainníocht (tonaí)

525

431

405

523

 

Sciar den mhargadh

1,5  %

1,3  %

1,4  %

1,9  %

 

Meánphraghas (EUR/tona)

3 215

4 051

5 720

5 119

Tíortha eile seachas an tSín agus an Téalainn

Cainníocht (tonaí)

515

679

692

835

 

Sciar den mhargadh

1,4  %

2,1  %

2,5  %

3  %

 

Meánphraghas (EUR/tona)

3 062

4 476

3 961

3 776

Iomlán na dtíortha uile seachas an tSín agus an Téalainn

Cainníocht (tonaí)

2 432

3 343

2 548

3 370

 

Sciar den mhargadh

6,8  %

10,2  %

9,1  %

12  %

 

Meánphraghas (EUR/tona)

2 755

4 173

3 600

3 391

Foinse:

Freagra ar an macraicheistneoir.

(169)

Maidir le hallmhairí ón Indinéis, léiríodh leis na sonraí treocht atá luaineach ar an iomlán ach ag méadú. Tháinig méadú mór ar chainníocht allmhairí na hIndinéise in 2022, méadú ó 1391 thona in 2021 go 2233 thona, sular tháinig laghdú go 1451 thona in 2023. D’ainneoin na luaineachtaí sin, tháinig méadú comhsheasmhach ar sciar na hIndinéise den mhargadh, ag sroicheadh 7.2 % le linn na tréimhse athbhreithnithe. Le meánphraghas na n-allmhairí ón Indinéis in aghaidh an tona léiríodh inathraitheacht mhór, le buaicphointe ag EUR 4 105 in 2022 agus tháinig laghdú ina dhiaidh sin go EUR 2 837 in 2023, sular chobhsaigh sé ag EUR 2 783 le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(170)

Maidir leis na hallmhairí ón mBrasaíl, leis na sonraí léiríodh laghdú de réir a chéile ar chainníochtaí allmhairí, ag titim ó 525 thona in 2021 go 405 thona in 2023, agus téarnamh beag go 523 thona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. D’ainneoin an laghdaithe ar mhéid, tháinig méadú beag ar an sciar den mhargadh a bhí ag an mBrasaíl, ó 1.5 % in 2021 go 1.9 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Treocht mhór don Bhrasaíl is ea an méadú mór ar an meánphraghas in aghaidh an tona, a mhéadaigh go mór go EUR 5 720 in 2023 sular laghdaigh sé beagán go EUR 5 119 le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(171)

Leis na sonraí allmhairiúcháin le haghaidh tíortha eile, seachas an Indinéis agus an Bhrasaíl chomh maith leis an tSín agus an Téalainn, léiríodh méadú seasta ar chainníocht na n-allmhairí agus ar an sciar den mhargadh araon le linn na tréimhse a breathnaíodh. D’ardaigh cainníochtaí na n-allmhairí go comhsheasmhach ó 515 thona in 2021 go 835 thona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rud a d’fhág gur tháinig méadú ó 1.4 % go 3 % ar an sciar den mhargadh. Tháinig laghdú ar an meánphraghas in aghaidh an tona ó EUR 4 476 in 2022 go EUR 3 776 le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

5.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

5.5.1.   Barúlacha ginearálta

(172)

Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(173)

Mar a luaitear in aithris (22), úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch thionscal an Aontais a mheasúnú.

(174)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí a bhí sa fhreagra ar an macraicheistneoir a chuir an t-iarratasóir ar fáil.

(175)

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí a thug na táirgeoirí sampláilte san Aontas ar an gceistneoir. Bhain na sonraí leis na táirgeoirí sampláilte san Aontas. Fuarthas go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(176)

Is iad seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, sciar den mhargadh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo.

(177)

Is iad seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus an cumas caipiteal a chruinniú.

5.5.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

5.5.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(178)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 6

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Cainníocht táirgeachta (tona)

29 432

25 166

22 151

20 774

Innéacs

100

86

75

71

Acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

61 500

61 500

61 500

61 500

Innéacs

100

100

100

100

Úsáid acmhainne (%)

48  %

41  %

36  %

34  %

Foinse: Freagra ar an macraicheistneoir.

(179)

Maidir le cainníocht táirgeachta tháirgeoirí an Aontais, leis na sonraí léiríodh laghdú comhsheasmhach ó 2021 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ag tosú ag 29432 thona in 2021, thit an táirgeacht go 25166 thona in 2022, i.e. laghdú 14 %. Lean an treocht anuas sin ar aghaidh go 2023, agus laghdaigh an táirgeacht a thuilleadh go 22151 thona (i.e. laghdú 9 bpointe céatadáin ó 2022), agus ansin go 20774 thona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rud a léiríonn laghdú foriomlán 29 % ó leibhéil 2021.

(180)

Le linn na tréimhse sin, d’fhan an acmhainneacht táirgeachta seasmhach ag 61500 tona. Dá bhrí sin, tháinig laghdú ar úsáid acmhainneachta thar na blianta freisin. Thosaigh sé ag 48 % in 2021, thit sé go 41 % in 2022, tháinig laghdú breise air go 36 % in 2023, agus shroich sé 34 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Léirigh an laghdú ar úsáid acmhainneachta an laghdú ar chainníochtaí táirgeachta i gcoibhneas leis an acmhainneacht táirgeachta gan athrú.

5.5.2.2.   An chainníocht díolachán agus an sciar den mhargadh

(181)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an gcainníocht díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 7

An chainníocht díolachán agus an sciar den mhargadh

 

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

An chainníocht iomlán díolachán ar mhargadh an Aontais

25 804

20 723

18 963

18 036

Innéacs

100

80

73

70

Sciar den mhargadh

72  %

63  %

68  %

64  %

Foinse: Freagra ar an Macraicheistneoir.

(182)

Maidir le méid díolachán thionscal an Aontais, tugadh le fios sna sonraí go bhfuil laghdú comhsheasmhach ann ó 2021 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, le laghdú iomlán 30 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tá an laghdú sin i bhfad níos tapúla ná an laghdú ar thomhaltas ar tháinig laghdú 22 % air le linn na tréimhse céanna. An tráth céanna, thit sciar mhargadh thionscal an Aontais ó 72 % in 2021 go 64 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i.e. laghdú 8 bpointe céatadáin.

5.5.2.3.   Fás

(183)

I gcomhthéacs tomhaltas a bheith ag laghdú, ní hamháin gur chaill tionscal an Aontais méideanna díolachán san Aontas ach chaill sé sciar den mhargadh freisin, contrártha d’allmhairí na Síne agus na Téalainne a ghnóthaigh sciar den mhargadh san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

5.5.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(184)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 8

Fostaíocht agus táirgiúlacht

 

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

An líon fostaithe

1 226

1 217

1 133

1 039

Innéacs

100

99

92

85

Táirgiúlacht (tona/fostaí)

24

21

20

20

Innéacs

100

86

81

83

Foinse:

freagraí ceistneora ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

(185)

Maidir le fostaíocht, is léir go bhfuil treocht laghdaitheach ann i líon na fostaíochta ó 2021 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, le laghdú iomlán thart ar 15 % ó bhí 2021 ann. Ó 1226 fhostaí in 2021, laghdaíodh an lucht saothair go 1039 bhfostaí le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(186)

Thairis sin, tugadh le fios sna sonraí gur tháinig laghdú MÓR ar tháirgiúlacht arna tomhas i dtonaí in aghaidh an fhostaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú; laghdú 17 % ar an iomlán. Go háirithe, ó 24 thona in aghaidh an fhostaí in 2021 thit an táirgiúlacht go 20 tona in aghaidh an fhostaí le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

5.5.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo

(187)

Bhí corrlaigh dhumpála na Síne agus na Téalainne araon i bhfad os cionn an leibhéil de minimis. Ba mhór an éifeacht a bhí ag an méid corrlach dumpála iarbhír ar thionscal an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ón tSín agus ón Téalainn.

(188)

D’fhág praghsáil éagórach leanúnach ag onnmhaireoirí ón tSín agus ón Téalainn go raibh sé dodhéanta do thionscal an Aontais téarnamh ó na cleachtais dumpála a bhí ann roimhe sin.

5.5.3.   Táscairí micreacnamaíocha

5.5.3.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(189)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 9

—Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/tona)

 

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

An meánphraghas díolachán aonaid san Aontas ar an margadh iomlán

[4 100 – 4 300 ]

[5 100 - 5 300 ]

[5 600 - 5 800 ]

[5 600 - 5 800 ]

Innéacs

100

122

135

136

Costas an táirgthe in aghaidh an aonaid

[4 300 - 4 500 ]

[5 500 – 5 700 ]

[5 750 - 5 950 ]

[5 800 - 6 000 ]

Innéacs

100

128

134

135

Foinse:

freagraí ceistneora ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

(190)

Léirigh éabhlóid na meánphraghsanna díola aonaid san Aontas ó 2021 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe treocht shoiléir aníos. Ag tosú ag [EUR 4 100 — EUR 4 300] in 2021, tháinig méadú mór ar phraghsanna in 2022 go [EUR 5 100 — EUR 5 300] agus lean siad de bheith ag méadú in 2023 go [EUR 5 600 — EUR 5 800], agus tháinig méadú beag eile orthu le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an iomlán, tháinig méadú 36 % ar na meánphraghsanna díola aonaid le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(191)

I gcomhréir le treocht phraghsanna díola an Aontais, tháinig méadú mór ar chostas aonaid an táirgthe le linn na tréimhse céanna freisin. Tháinig méadú 28 % ar na costais in 2022, méadú 6 phointe céatadáin eile in 2023, agus tháinig méadú beag breise orthu le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an iomlán, tháinig méadú 35 % ar chostais táirgthe le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

5.5.3.2.   Costais saothair

(192)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 10

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

[36 000 – 37 000 ]

[38 000 – 39 000 ]

[43 000 – 44 000 ]

[47 000 – 48 000 ]

Innéacs

100

106

119

131

Foinse:

freagraí ceistneora ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

(193)

Maidir leis na costais saothair, leis na sonraí léiríodh treocht in airde chomhsheasmhach i meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí le linn na tréimhse ó 2021 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ag tosú ag [EUR 36 000 — EUR 37 000] in 2021, tháinig méadú 6 % ar na costais in 2022, agus tháinig méadú mór 13 phointe céatadáin orthu ina dhiaidh sin in 2023, agus ar deireadh shroich siad [EUR 47 000 — EUR 48 000] le linn na tréimhse athbhreithnithe. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig méadú 31 % ar na costais saothair.

5.5.3.3.   Stoic

(194)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 11

Stoic

 

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Stoic dheiridh (tonaí)

[2 500 -2 800 ]

[3 300 – 3 600 ]

[3 000 – 3 300 ]

[3 100 – 3 400 ]

Innéacs

100

130

119

123

Foinse:

freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

(195)

Maidir le sonraí na stoc deiridh, leis na sonraí léiríodh treocht luaineach maidir le leibhéil stoic deiridh le linn na tréimhse ó 2021 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. In 2022, tháinig méadú 30 % ar stoic dheiridh i gcomparáid le 2021. Mar sin féin, tháinig laghdú 11 phointe céatadáin in 2023 agus téarnamh 4 phointe céatadáin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

5.5.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú

(196)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 12

Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

 

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe (% de láimhdeachas na ndíolachán)

[-1  %-1  %]

[-4  %- -2 %]

[-4  %- -2 %]

[-3  %- -1 %]

Innéacs

100

-3 313

-3 525

-3 088

Sreabhadh airgid (EUR)

[4 700 000 – 5 000 000 ]

[-4 350 000 - -4 050 000 ]

[6 600 000 – 6 900 000 ]

[5 000 000 – 5 300 000 ]

Innéacs

100

-87

139

106

Infheistíochtaí (EUR)

[3 750 000 – 3 850 000 ]

[3 750 000 – 3 850 000 ]

[3 700 000 – 3 800 000 ]

[4 100 000 – 4 200 000 ]

Innéacs

100

100

98

109

Toradh ar infheistíochtaí

[14  %-18  %]

[14  %-18  %]

[-4  %- -2 %]

[-3  %-1  %]

Innéacs

100

99

-13

-4

Foinse:

freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(197)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas trí ghlanbhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

(198)

Leis na sonraí léirítear treochtaí dúshlánacha maidir le brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, agus toradh ar infheistíochtaí ó 2021 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Thosaigh an bhrabúsacht thart ar mheá ar mheá in 2021 ach chuaigh sí in olcas in 2022 go [-4 % - -2 %] agus d’fhan sí ar an leibhéal céanna in 2023, sular tháinig feabhas beag uirthi le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe go dtí leibhéal caillteanais fós de [-3 % - -1 %]. Leis na hinnéacsanna diúltacha a bhaineann le brabúsacht léirítear go bhfuil an fheidhmíocht ag dul in olcas i gcomparáid le 2021.

(199)

Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Luainigh an treocht i nglansreabhadh airgid go mór le linn na tréimhse faoi bhreathnú: thit sé go méid diúltach in 2022 de [EUR -4 350 000 — EUR -4 050 000], rud a léirigh eis-sreafaí móra airgid i ndáil le 2021. Mar sin féin, in 2023, d’aisghabh an glansreabhadh airgid go substaintiúil go [EUR 6 600 000 — EUR 6 900 000], sular chobhsaigh sé le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe go [EUR 5 000 000 — EUR 5 300 000].

(200)

D’fhan méideanna infheistíochta réasúnta cobhsaí ar feadh na mblianta, ag [EUR 3 750 000 — EUR 3 850 000] in 2021 agus bhí luaineachtaí beaga ann, ag críochnú ag méadú go dtí [EUR 4 100 000 — EUR 4 200 000] le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i.e. méadú measartha 9 % ar ghníomhaíocht infheistíochta le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Fuarthas go raibh baint ag na hinfheistíochtaí sin go príomha le comhlíonadh na reachtaíochta saothair agus comhshaoil.

(201)

Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Thosaigh sé go dearfach in 2021 ag [14 % — 18 %]; bhí sé seasta in 2022; ansin thit sé go mór in 2023 go [-4 % — -2 %] agus chobhsaigh sé le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe go [-3 % — - 1 %], rud a léiríonn torthaí infheistíochta atá laghdaithe go géar d’ainneoin leibhéil chomhsheasmhacha infheistíochta. Ar an iomlán, leis na sonraí léiríodh éagobhsaíocht airgeadais, le tréimhsí fada neamhbhrabúsacha, sreabhadh airgid luaineach, infheistíochtaí seasta, agus torthaí laghdaitheacha ar infheistíochtaí, rud a thugann le fios go raibh dúshláin oibríochtúla mhóra roimh tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

5.6.   Conclúid maidir le díobháil

(202)

Léiríodh leis an gcuid is mó de na príomh-mhacratháscairí treocht dhiúltach le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(203)

Tháinig laghdú ar tháirgeacht thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí an laghdú sin inchurtha i leith laghdú ar dhíolacháin ar mhargadh an Aontais. Ar an iomlán, tháinig laghdú 29 % ar an táirgeacht, agus tháinig laghdú 30 % ar dhíolacháin le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Léiríodh an laghdú sin i gcaillteanas sciar den mhargadh, a thit ó 72 % in 2021 go 64 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, arb ionann é agus laghdú iomlán 8 bpointe céatadáin. Chuaigh an caillteanas sin sa sciar den mhargadh chun tairbhe d’allmhairí ón tSín agus ón Téalainn le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(204)

Ní raibh tionscal an Aontais in ann na méideanna díolachán a cailleadh i margadh an Aontais a chúiteamh trí onnmhairí méadaithe, toisc gur tháinig laghdú 20 % ar onnmhairí le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(205)

D’fhan acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú 29 % ar úsáid na hacmhainneachta táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú i gcomhréir le laghdú coibhéiseach ar tháirgeadh.

(206)

Tháinig laghdú 15 % ar stoic thar an tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig forbairt ar an táirgiúlacht i gcomhréir leis na hathruithe ar an táirgeadh agus ar an bhfostaíocht, i.e. tháinig laghdú 17 % uirthi le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(207)

Tháinig méadú mór ar mheánchostas an táirgthe in 2022 (faoi 28 % ó 2021) agus shroich sé buaicphointe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (faoi 35 % ó 2021).

(208)

Tháinig méadú 36 % ar mheánphraghas tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, chun an méadú ar chostais táirgthe a mheaitseáil.

(209)

Tháinig laghdú ar bhrabúsacht thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú mór ar bhrabúsacht in 2022 agus 2023 agus tháinig feabhas beag ar bhrabúsacht le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus léirigh innéacsanna diúltacha laghdú ar fheidhmíocht i gcomparáid le 2021.

(210)

Ar bhonn a bhfuil thuas, ba é conclúid an Choimisiúin gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe cé go raibh bearta frithdhumpála i bhfeidhm.

6.   CÚISÍOCHT

(211)

I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an bhféadfadh sé go ndearna tosca aitheanta eile dochar do thionscal an Aontais san am céanna. Chinntigh an Coimisiún nár cuireadh i leith na n-allmhairí dumpáilte aon díobháil a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr fachtóirí seachas na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. Seo a leanas na tosca sin: na hallmhairí ó thíortha seachas an tSín agus an Téalainn, feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, laghdú ar thomhaltas agus méadú ar chostas.

6.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(212)

Scrúdaigh an Coimisiún an raibh nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, mhéadaigh allmhairí an táirge chomhchosúil dumpáilte ón tSín agus ón Téalainn a sciar den mhargadh. Ba é 19 % an sciar den mhargadh a bhí ag an tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid le 18 % in 2021; ach ba é 4 % an sciar den mhargadh a bhí ag an Téalainn le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid le 3 % in 2021. Tharla an méadú sin in ainneoin na mbeart frithdhumpála a bhí i bhfeidhm agus an laghdú mór 22 % ar thomhaltas san Aontas.

(213)

Laghdaíodh dearbhchainníocht na n-allmhairí ón tSín 15 %, i.e. ar leibhéal níos ísle i gcomparáid le tomhaltas laghdaitheach an Aontais. Tháinig méadú 10 % ar dhearbhchainníocht na n-allmhairí ón Téalainn. An tráth céanna, tháinig laghdú 30 % ar chainníocht dhíolacháin tháirgeoirí an Aontais d’ainneoin na mbeart frithdhumpála a bhí i bhfeidhm.

(214)

Tháinig méadú 17 % ar phraghsanna allmhairiúcháin ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus tháinig laghdú 1 % ar phraghsanna allmhairiúcháin ón Téalainn sa tréimhse chéanna. I gcodarsnacht leis sin, tháinig méadú 36 % ar phraghsanna díola thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

6.2.   Éifeachtaí tosca eile

(215)

Léiríodh san anailís díobhála gur mhéadaigh allmhairí na Síne agus na Téalainne isteach san Aontas a sciar den mhargadh d’ainneoin bearta frithdhumpála a bhí ann cheana agus tomhaltas an Aontais a bhí ag laghdú. Tharla sé sin i gcomhthráth leis an meath ar tháscairí feidhmíochta airgeadais thionscal an Aontais, amhail laghdú ar bhrabúsacht, rud a d’fhág go raibh caillteanais mhóra ann le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí an méadú ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí na Síne agus na Téalainne chun dochair do thionscal an Aontais, a chaill méid díolachán agus sciar den mhargadh.

(216)

Rinne an Coimisiún idirdhealú agus deighilt idir éifeachtaí na dtosca aitheanta uile ar staid thionscal an Aontais agus éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí dumpáilte.

(217)

Tháinig crapadh 22 % ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a cuireadh i leith fás eacnamaíoch níos moille agus praghsanna arda fuinnimh. Mar sin féin, tháinig laghdú díréireach ar an sciar den mhargadh a bhí ag táirgeoirí an Aontais i gcomparáid le gnóthachain ón tSín, ón Téalainn agus ó allmhairí eile.

(218)

Ina theannta sin, bhí ar tháirgeoirí an Aontais aghaidh a thabhairt ar mhéadú mór 35 % ar chostais táirgthe. Cé gur éirigh leo a bpraghsanna díola a ardú go comhréireach, ní raibh siad in ann costais a chumhdach le linn fhormhór na tréimhse faoi bhreathnú.

(219)

Seachas méadú a bheith tagtha ar allmhairí ón tSín agus ón Téalainn, ba iad allmhairí ó thríú tíortha eile ba chúis leis sin den chuid is mó, go háirithe ón Indinéis, ar tháinig méadú mór orthu le linn na tréimhse faoi bhreathnú (ó 3.9 % go 7.2 % den sciar den mhargadh) ar leibhéil sladghearrtha praghsanna.

(220)

Thairis sin, léirigh feidhmíocht onnmhairiúcháin tháirgeoirí an Aontais laghdú 20 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ós rud é nach raibh sna díolacháin onnmhairiúcháin ach 9 % dá ndíolacháin iomlána, bhí tionchar diúltach ach teoranta ar dhíobháil an tionscail ó onnmhairí laghdaithe.

(221)

Ar an gcúis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur rannchuidigh na hallmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Téalainn leis an díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe; mar sin féin, d’fhéadfadh sé go raibh tionchar freisin ag tosca eile, go háirithe allmhairí ón Indinéis agus feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais a bhí ag dul in olcas, ar staid dhíobhálach thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún measúnú breise a dhéanamh an dócha go leanfaí den díobháil arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Téalainn ba chúis léi dá ligfí do na bearta dul in éag.

7.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DÍOBHÁIL

(222)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (210) gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar cibé acu a bheadh nó nach mbeadh dóchúlacht ann go leanfaí den díobháil nó go gcuirfí tús arís léi arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Téalainn ba chúis léi dá ligfí do na bearta dul in éag.

(223)

Maidir leis sin, rinne an Coimisiún anailís ar na gnéithe a leanas:

an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín agus sa Téalainn; agus

tarraingteacht mhargadh an Aontais.

7.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín agus sa Téalainn

(224)

Mar a léirítear i ranna 4.1.1 agus 4.2.1 thuas, bhí an Coimisiún ag brath ar fhaisnéis ón iarraidh agus ón athbhreithniú éaga roimhe seo agus shuigh sé go raibh acmhainneachtaí táirgeachta móra ag an tSín agus ag an Téalainn araon a d’fhéadfaí a dhíriú ar mhargadh an Aontais i gcainníochtaí níos mó fós ar phraghsanna dumpáilte dá scoirfí de bhearta frithdhumpála.

7.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(225)

Mar a léirítear i ranna 4.1.2 agus 4.2.2 thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, mar gheall ar láithreacht leanúnach na n-allmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Téalainn agus a sciar méadaithe den mhargadh i margadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, go bhfuil margadh an Aontais fós tarraingteach do tháirgeoirí ón tSín agus ón Téalainn.

7.3.   Sladghearradh praghais

(226)

Bhí na meánphraghsanna allmhairiúcháin isteach san Aontas ón tSín agus ón Téalainn le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i bhfad níos ísle ná meánphraghas díola thionscal an Aontais. Mar a leagtar amach in aithris (166), le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ghearr praghsanna na Síne agus na Téalainne faoi phraghsanna thionscal an Aontais le 26 % agus 48 %, faoi seach, agus íocadh na dleachtanna frithdhumpála.

(227)

Dá ligfí do na bearta dul in éag, mhéadódh leibhéal an tsladghearrtha go 47 % i gcás allmhairí Síneacha agus 55 % i gcás allmhairí na Téalainne.

7.4.   Conclúid

(228)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go dtiocfadh méadú mór ar allmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Téalainn ar leibhéil praghsanna díobhálacha mar thoradh ar aisghairm na mbeart, agus dá bhrí sin go ngéaródh sé a thuilleadh an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Dá thoradh sin, bheadh inmharthanacht thionscal an Aontais i mbaol mór.

8.   LEAS AN AONTAIS

(229)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála atá ann faoi láthair ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí.

8.1.   Leas thionscal an Aontais

(230)

Léirigh an t-imscrúdú dá rachadh na bearta in éag; is dócha go mbeadh tionchar diúltach mór aige sin ar thionscal an Aontais. D’éireodh staid thionscal an Aontais níos measa go tapa i dtéarmaí méid na ndíolachán agus praghsanna díolacháin níos ísle a mbeadh laghdú láidir i mbrabúsacht dá thoradh. Dá leanfaí leis na bearta, bheadh tionscal an Aontais in ann leas iomlán a bhaint as a acmhainneacht ar mhargadh an Aontais, margadh a bhfuil cothrom iomaíochta ag baint leis.

(231)

Dá bhrí sin, is chun leas thionscal an Aontais é na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm a choinneáil ar bun.

8.2.   Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a shampláil

(232)

Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe aitheanta uile agus d’iarr sé orthu comhoibriú san imscrúdú seo. Níor chomhoibrigh aon allmhaireoir.

(233)

San imscrúdú bunaidh, fuarthas amach, i bhfianaise bhrabúis agus fhoinsí soláthair na n-allmhaireoirí, nach mbeadh aon tionchar diúltach a bheadh ag forchur na mbeart ar allmhaireoirí, dá mba ann dó, díréireach.

(234)

San imscrúdú reatha, mar a tharla san athbhreithniú éaga roimhe seo, níl aon fhianaise ar fáil don Choimisiún a thugann a mhalairt le fios, agus dá bhrí sin is féidir a dheimhniú dá réir sin nach raibh aon tionchar diúltach substaintiúil ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ar staid airgeadais allmhaireoirí agus nach ndéanfadh leanúint na mbeart difear míchuí dóibh.

8.3.   Leas úsáideoirí

(235)

Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil le gach úsáideoir aitheanta san imscrúdú seo agus d’iarr sé orthu comhoibriú. Níor chomhoibrigh aon úsáideoir.

(236)

San imscrúdú reatha, níl aon fhianaise ar comhad a thugann le fios go ndearna na bearta atá i bhfeidhm difear d’úsáideoirí ar bhealach diúltach ar bith. Tá sciar an táirge faoi athbhreithniú maidir le costais iomlána na tógála nó na suiteála nua teoranta.

(237)

Ar an mbonn sin, dearbhaítear nach raibh aon tionchar diúltach substaintiúil ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ar staid airgeadais na n-úsáideoirí agus nach ndéanfadh leanúint na mbeart difear míchuí dóibh.

8.4.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

(238)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis láidir ann faoi Airteagal 21 den bhun-Rialachán nach mbeadh sé chun leas an Aontais na bearta atá ann cheana a choinneáil ar bun maidir le hallmhairí feisteas feadáin nó píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte agus d’iarann teilgthe graifíte sféaróidí de thionscnamh na Síne agus na Téalainne.

9.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(239)

Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir le leanúint den dumpáil, leanúint den díobháil agus leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála maidir le feistis feadáin nó píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte agus d’iarann teilgthe graifíte sféaróidí de thionscnamh na Síne agus na Téalainne a choinneáil ar bun.

(240)

Chun na rioscaí imchéimniúcháin de bharr na difríochta i rátaí dleachta a íoslaghdú, tá gá le bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithdhumpála agus díolúintí ó shíntí ar na bearta tar éis imscrúduithe frith-imchéimniúcháin a áirithiú.

(241)

Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair ná díolúintí infheidhme ach amháin nuair a thaispeántar sonrasc tráchtála bailí d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile’.

(242)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair agus na díolúintí a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh.

(243)

Fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an dleachtráta níos ísle nó na díolúine ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(244)

Má thagann méadú mór ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtráta nó dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin.

(245)

Tá feidhm ag na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na Síne agus na Téalainne é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair.

(246)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an t-iarratas a chur chuig an gCoimisiún (39). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(247)

Tugadh fógra do gach páirtí leasmhar faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe a raibh sé beartaithe ar an mbonn sin a mholadh go gcoinneofaí na bearta atá ann cheana i bhfeidhm. Tugadh tréimhse dóibh freisin chun uiríll a dhéanamh tar éis an nochta sin. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(248)

Onnmhaireoir nó táirgeoir nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme faoi láthair maidir lena onnmhairí a shocrú, féadfaidh an t-onnmhaireoir nó an táirgeoir sin a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí faoi réir an dleachtráta frithdhumpála é le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) ní dhearna sé an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme maidir lena onnmhairí a shocrú; (ii) níl sé comhlachaithe le cuideachta a rinne amhlaidh agus atá faoi réir na mbeart dá bhrí sin; agus (iii) d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann ina dhiaidh sin nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air é sin a dhéanamh i gcainníochtaí substaintiúla.

(249)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuirfeadh an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(250)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feisteas feadáin nó píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte agus d’iarann teilgthe graifíte sféaróidí atá faoi láthair faoi chód AC ex 7307 19 10 (cód TARIC 7307 19 10 10 agus 7307 19 10 20) agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téalainne. Ní áirítear na táirgí seo a leanas: bunpháirteanna feisteas comhbhrú ina n-úsáidtear snáithe méadrach ISO DIN 13; comhchumair chiorclacha shnáithithe d’iarann intuargainte gan claibín orthu; tíonna clampaí d’iarann insínte a bhfuil séalú rubair agus poll asraoin acu; barrchaidhpeanna eitrithe d’iarann insínte lena n-úsáid ar phíobán cruach eitrithe a bhfuil asraon snáithithe air; laghdaitheoirí eitrithe d’iarann insínte a bhfuil ceann snáithithe acu; tíonna laghdaitheoirí eitithe d’iarann insínte a bhfuil asraon snáithithe orthu; diallaití crotánachta d’iarann insínte gan asraonta snáithithe a úsáidtear chun poll a shéalú i bhfeadán nó i bpíobán

2.   Is mar a leanas a bheidh an dleachtráta frithdhumpála cinntitheach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála

Cód breise TARIC

an tSín

Hebei Jianzhi Casting Group Ltd

57,8  %

B335

 

Jinan Meide Casting Co., Ltd

36,0  %

B336

 

Qingdao Madison Industrial Co., Ltd

24,6  %

B337

 

Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn

41,1  %

 

 

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Síne

57,8  %

B999

an Téalainn

BIS Pipe Fitting Industry Co. Ltd

15,5  %

B347

 

Siam Fittings Co., Ltd

14,9  %

B348

 

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Téalainne

15,5  %

B999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (cainníocht) (an táirge faoi athbhreithniú) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é sa (tír lena mbaineann). Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Féadfar Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua a chur leis agus iad a chur faoi réir mheánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ní dhearna sé na hearraí a thuairiscítear in Airteagal 1(1) de thionscnamh na Síne nó na Téalainne a onnmhairiú le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2011 (‘an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh’);

(b)

níl sé comhlachaithe le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo; agus a chomhoibrigh nó a d’fhéadfadh comhoibriú san imscrúdú as ar eascair an dleacht; agus

(c)

tá onnmhairiú iarbhír déanta aige ar an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Síne nó na Téalainne nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air cainníocht mhór a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh.

5.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 430/2013 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí feisteas feadáin nó píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte agus d’iarann teilgthe graifíte sféaróidí, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téalainne, agus lena bhfoirceanntar na himeachtaí maidir leis an Indinéis (IO L 129, 14.5.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/430/oj).

(3)   IO C 398, 28.10.2016, lch. 57.

(4)   IO L 166, 29.6.2017, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/1146/oj).

(5)   IO L 193, 19.7.2016, lch. 115, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2016/1176/oj).

(6)   IO L 7, 12.1.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/52/oj).

(7)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Iúil 2018, Profit Europe NV v Belgische Staat, C-397/17 agus C-398/17, EU:C:2018:564.

(8)   IO L 44, 15.2.2019, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/262/oj).

(9)   IO L 197, 25.7.2019, lch. 2 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1259/oj.

(10)  Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) an 20 Meán Fómhair 2019, Jinan Meide Casting Co. Ltd v an Coimisiún Eorpach, T-650/17, ECLI:EU:T:2019:644.

(11)   IO L 274, 21.8.2020, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1210/oj

(12)   IO L, 2023/2202, 17.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2202/oj.

(13)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2202 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1259 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feisteas feadáin nó píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte agus d’iarann teilgthe graifíte sféaróidí, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téalainne (IO C, C/2023/387, 25.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2202/oj).

(14)   IO C C/2024/4656, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4656/oj.

(15)  Féach: https://www.chinaisa.org.cn/gxportal/xfgl/portal/index.html.

(16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce, IO L 177, 12.7.2023, lch. 63.

(17)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1259 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte agus d’iarann teilgthe graifíte sféaróidí, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téalainne, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle aithris (90).

(18)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna leathnú chun allmhairí téad agus cáblaí cruach arna gcur chun bealaigh ó Mharacó agus ó Phoblacht na Cóiré a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1666/oj; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1444/oj; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/100/oj; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2068/oj; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/191/oj.

(19)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithris 76; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris 66; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris 58; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 80; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 208.

(20)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithris 60; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris 45; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris 38; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 64; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 192.

(21)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithrisí 66-68; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris 58; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris 40; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 66; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithrisí 193-194. Cé go bhféadfaí an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomh-phearsanra bainistíochta i gcuideachtaí faoi úinéireacht an Stáit a cheapadh agus a chur as a bpoist, dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, a mheas mar rud a léiríonn na cearta úinéireachta a chomhfhreagraíonn dó sin, léiríonn cealla de Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair, idir chinn atá faoi úinéireacht an stáit agus chinn phríobháideacha araon, modh tábhachtach eile trína féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachta na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus soláthróidh an chuideachta na coinníollacha is gá le haghaidh ghníomhaíochtaí eagraíocht an Pháirtí. San am atá thart, is cosúil nár comhlíonadh an ceanglas sin i gcónaí nó nár cuireadh i bhfeidhm go docht é. Mar sin féin, ó bhí 2016 ann ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne na cearta atá aige smacht a bheith aige ar chinntí gnó i gcuideachtaí atá faoi úinéireacht an stáit ar bhonn prionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don ‘tírghrá’ agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1.86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí faoi seach. Tá feidhm ghinearálta ag na rialacha sin ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú agus soláthróirí a gcuid ionchur.

(22)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithrisí 61-65; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris 59; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris 43; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 68; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithrisí 195-201.

(23)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024, aithris 54; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, an 11 Iúil 2023, aithris 62; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris 52; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2022, aithris 74; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 202.

(24)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithris 72; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris 45; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris 33; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 74; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 203.

(25)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithris 73; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris 64; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris 54; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 76; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 204.

(26)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1259 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte agus d’iarann teilgthe graifíte sféaróidí, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téalainne, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1259/2023-01-20.

(27)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Nach Beag i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 10 Aibreán 2024, SWD(2024) 91 final.

(28)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-Mheánioncam, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.

(29)  Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír ina bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar féachaint ar tháirge a tháirgtear sa chatagóir agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna agus an táirge faoi athbhreithniú.

(30)  Is é ‘roisghlantóir’ an téarma tionscail le haghaidh na ngráinníní a úsáidtear sa phróiseas roisghlantóra

(31)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33). Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh.

(32)   https://app.bot.or.th/BTWS_STAT/statistics/BOTWEBSTAT.aspx?reportID=636&language=ENG , agus go háirithe an meánphá arna aicmiú de réir tionscail (ISIC Rev.4) don earnáil monaraíochta, le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Coigeartaíodh sonraí ansin chun 5.2 % de mhuirir shóisialta don fhostóir agus 5 % eile de mhuirir shóisialta don fhostaí a chur san áireamh (foinse: https://www.papayaglobal.com/countrypedia/country/thailand).

(33)   https://www.papayaglobal.com/countrypedia/country/thailand/.

(34)  An tÚdarás um Leictreachas Cúige, Sonraí Bealtaine 2023, Taraif Ama úsáide (taraif TOU) — Seirbhís Ghinearálta Mhór), Leibhéal Voltais faoi bhun 22 Kv https://www.pea.co.th/sites/default/files/documents/tariff/EN_Electricity_Tariffs_May_2023.pdf.

(35)   https://www.mea.or.th/en/our-services/tariff-calculation/latestft.

(36)  An Aireacht Fuinnimh — Oifig Beartais agus Pleanála Fuinnimh (Tábla 7.2-4) https://www.eppo.go.th/index.php/en/en-energystatistics/energy-economy-static.

(37)  Féach roinn 5.1 den Iarraidh.

(38)   https://www.jianzhipipefitting.com/about-us/ arna rochtain an 3 Meitheamh 2025.

(39)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 An Bhruiséil, an Bheilg.

(40)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) (IO L 2024/2509, 26.9.2024).


IARSCRÍBHINN

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha de chuid na Síne nár sampláladh

Ainm na Cuideachta

Cód breise TARIC

Hebei XinJia Casting Co., Ltd

B338

Shijiazhuang Donghuan Malleable Iron Castings Co., Ltd

B339

Linyi Oriental Pipe Fittings Co., Ltd

B340

China Shanxi Taigu County Jingu Cast Co., Ltd

B341

Yutian Yongli Casting Factory Co., Ltd

B342

Langfang Pannext Pipe Fitting Co., Ltd

B343

Tangshan Daocheng Casting Co., Ltd

B344

Tangshan Fangyuan Malleable Steel Co., Ltd

B345

Taigu Tongde Casting Co., Ltd

B346


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1890/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top