This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1870
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1870 of 12 September 2025 correcting the Polish language version of Implementing Regulation (EU) 2024/2174 laying down rules for the application of Regulation (EU) 2024/573 of the European Parliament and of the Council as regards the format of the labels for certain products and equipment containing fluorinated greenhouse gases
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1870 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2025 lena gceartaítear an leagan Polainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2174 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáid na lipéad le haghaidh táirgí agus trealamh áirithe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1870 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2025 lena gceartaítear an leagan Polainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2174 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáid na lipéad le haghaidh táirgí agus trealamh áirithe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe
C/2025/6169
IO L, 2025/1870, 15.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1870/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1870 |
15.9.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1870 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Meán Fómhair 2025
lena gceartaítear an leagan Polainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2174 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáid na lipéad le haghaidh táirgí agus trealamh áirithe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 12(17) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sa leagan Polainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2174 ón gCoimisiún (2), tá earráid in Airteagal 1(11) a mhéid a bhaineann le húsáid an mhodha chun faisnéis a sholáthar a leagtar síos i mír 10 den Airteagal sin. Leis an earráid, déantar brí na forála a athrú, agus déantar difear dá substaint dá bharr. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Polainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2174 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile. |
|
(3) |
Ós rud é, leis an gceartú, nach mbeadh aon cheart á mbaint ná nach bhforchuirfí aon oibleagáid go gníomhach agus i bhfianaise an leasa uileghabhálaigh chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais a chosaint, is iomchuí go dtiocfaidh an ceartúchán chun bheith infheidhme ar dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2174. |
|
(4) |
Tá na bearta dá ndéantar foráil sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste um gháis ceaptha teasa fhluairínithe a tugadh roimh ghlacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2174, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/573, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/573/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2174 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáid na lipéad le haghaidh táirgí agus trealamh áirithe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2068 ón gCoimisiún (IO L, 2024/2174, 3.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2174/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1870/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)