This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1861
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1861 of 12 September 2025 correcting Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1266 imposing a definitive anti-dumping duty on imports of biodiesel originating in the United States of America following an expiry review pursuant to Article 11(2) of Regulation (EU) 2016/1036 of the European Parliament and of the Council
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1861 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2025 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1861 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2025 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2025/6177
IO L, 2025/1861, 15.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1861/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1861 |
15.9.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1861 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Meán Fómhair 2025
lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 9 agus Airteagal 14(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 ón gCoimisiún (‘an bun-Rialachán’), d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga (‘an bun-Rialachán’) (2). |
|
(2) |
Is é an táirge lena mbaineann mar a thuairiscítear i roinn 2 den bhun-Rialachán ‘eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gáis-olaí pairifíneacha a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise’ agus, dá bhrí sin, cuimsítear breoslaí eitlíochta inbhuanaithe (‘BEI’) ar eistir hidreachóireáilte agus aigéid shailleacha iad. Is hidreacarbóin phairifíneacha iad BEI faoi chonair EASH (3) agus ola phlandúil hidreachóireáilte agus tá na buntréithe fisiceacha agus ceimiceacha céanna acu. |
|
(3) |
Fiú má fhorchuirtear bearta frithdhumpála de réir an tsainmhínithe ar an táirge gan beann ar an aicmiú taraife, chun críoch soiléirithe agus chun forfheidhmiú ceart na ndleachtanna frithdhumpála a áirithiú, meastar gur gá an bun-Rialachán a leasú chun cóid AC ex 2710 19 11 , ex 2710 19 15 , ex 2710 19 21 , ex 2710 19 25 agus ex 2710 19 29 agus na cóid TARIC chomhfhreagracha le haghaidh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a áireamh in Airteagal 1(1), Airteagal 2(1) agus Airteagal 3(1) de. |
|
(4) |
Níl aon tionchar ag an leasú seo ar raon táirgí na mbeart atá i bhfeidhm. |
|
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 1, mír 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266:
‘1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí eistear mona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gáis-ola pairifíneacha a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, ar a dtugtar ‘bithdhíosal’ de ghnáth, i bhfoirm íon nó i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, níos mó ná 20 % d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola pharaifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, agus ar de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá iad, agus a thagann faoi láthair faoi chóid CN ex 1516 20 98 (cóid TARIC 1516 20 98 21 agus 1516 20 98 29), ex 1518 00 91 (cóid TARIC 1518 00 91 21 agus 1518 00 91 29, ex 1518 00 95 (cód TARIC 1518 00 95 21), ex 1518 00 99 (cóid TARIC 1518 00 99 21 agus 1518 00 99 29), ex 2710 19 11 (cód TARIC 2710 19 11 10), ex 2710 19 15 (cód TARIC 2710 19 15 10), ex 2710 19 21 (cód TARIC 2710 19 21 10), ex 2710 19 25 (cód TARIC 2710 19 25 10), ex 2710 19 29 (cód TARIC 2710 19 29 10), ex 2710 19 42 (cóid TARIC 2710 19 42 21 agus 2710 19 42 29), ex 2710 19 44 (cóid TARIC 2710 19 44 21 agus 2710 19 44 29), ex 2710 19 46 (cóid TARIC 2710 19 46 21 agus 2710 19 46 29), ex 2710 19 47 (cóid TARIC 2710 19 47 21 agus 2710 19 47 29), 2710 20 11 , 2710 20 16 , ex 3824 99 92 (cóid TARIC 3824 99 92 10, 3824 99 92 14 agus 3824 99 92 17), 3826 00 10 agus ex 3826 00 90 (cóid TARIC 3826 00 90 11 agus 3826 00 90 19).’
Airteagal 2
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 2, mír 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266:
‘1. Déantar an dleacht frithchúitimh chinntitheach is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’ mar a leagtar amach in Airteagal 1, mír 2, a leathnú chuig allmhairí eistear mona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gáis-ola pairifíneacha a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, ar a dtugtar ‘bithdhíosal’ de ghnáth, i bhfoirm íon nó i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, níos mó ná 20 % d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola pharaifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, a choinsínítear ó Cheanada, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, agus a thagann faoi láthair faoi chóid CN ex 1516 20 98 (cód TARIC 1516 20 98 21), ex 1518 00 91 (cód TARIC 1518 00 91 21), ex 1518 00 99 (cód TARIC 1518 00 99 21), ex 2710 19 42 (cód TARIC 2710 19 42 21), ex 2710 19 44 (2710 19 44 21), ex 2710 19 46 (cód TARIC 2710 19 46 21), ex 2710 19 47 (cód TARIC 2710 19 47 21), ex 2710 20 11 (cód TARIC 2710 20 11 21), ex 2710 20 16 (cód TARIC 2710 20 16 21), ex 3824 99 92 (cód TARIC 3824 99 92 10), ex 3826 00 10 (cóid TARIC 3826 00 10 20, 3826 00 10 50, 3826 00 10 89) agus ex 3826 00 90 (cód TARIC 3826 00 90 11), cé is moite díobh siúd atá á dtáirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Tír |
Cuideachta |
Cód breise TARIC |
|
Ceanada |
BIOX Corporation, Oakville, Ontario, Ceanada |
B107 |
|
Ceanada |
DSM Nutritional Products Canada Inc., Dartmouth, Albain Nua, Ceanada |
C114 |
|
Ceanada |
Rothsay Biodiesel, Guelph, Ontario, Ceanada |
B108 |
|
Ceanada |
Verbio Diesel Canada Corporation, Welland, Ontario, Ceanada |
C600 |
Is é a bheidh sa dleacht atá le síneadh ná an dleacht a bhunaítear maidir le ‘gach cuideachta eile’ in Airteagal 1(2), ar dleacht frithdhumpála chinntitheach EUR 172,2 in aghaidh an tona ghlan é.
Beidh an dleacht frithdhumpála ar chumaisc infheidhme i gcoibhneas sa chumasc, de réir meáchain, den chion iomlán d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus gáis-olaí pairifíneacha a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise (cion bithdhíosail).’
Airteagal 3
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 3, mír 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266:
‘1. An dleacht frithdhumpála chinntitheach mar a leagtar amach in Airteagal 1, mír 2, déantar í a leathnú chuig allmhairí eistear mona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gáis-ola pairifíneacha a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, ar a dtugtar ‘bithdhíosal’ de ghnáth, i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, 20 % nó níos lú d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola pharaifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, agus ar de thionscnamh na Stáit Aontaithe Mheiriceá iad, agus a thagann faoi láthair faoi chóid CN ex 1516 20 98 (cód TARIC 1516 20 98 33), ex 1518 00 91 (cód TARIC 1518 00 91 33), ex 1518 00 99 (cód TARIC 1518 00 99 33), ex 2710 19 44 (cód TARIC 2710 19 44 33), ex 2710 19 46 (cód TARIC 2710 19 46 33), ex 2710 19 47 (cód TARIC 2710 19 47 33), ex 2710 20 11 (cód TARIC 2710 20 11 33), ex 2710 20 16 (cód TARIC 2710 20 16 33), ex 3824 99 92 (cód TARIC 3824 99 92 17) agus ex 3826 00 90 (cód TARIC 3826 00 90 33).
Beidh an dleacht frithdhumpála ar chumaisc infheidhme i gcoibhneas sa chumasc, de réir meáchain, den chion iomlán d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus gáis-olaí pairifíneacha a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise (cion bithdhíosail).’
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Mean Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 277, 2.8.2021, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1266/oj.
(3) Eistir agus Aigéid Shailleacha Hidreaphróiseáilte.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1861/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)