This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1797
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1797 of 8 September 2025 derogating in respect of the year 2025 from Article 75(1), third subparagraph, of Regulation (EU) No 1306/2013 of the European Parliament and of the Council as regards the level of advance payments for area-related and animal-related rural development measures
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1797 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2025 lena maolaítear i leith 2025 ar Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh bearta forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1797 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2025 lena maolaítear i leith 2025 ar Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh bearta forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe
C/2025/5981
IO L, 2025/1797, 9.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1797/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1797 |
9.9.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1797 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Meán Fómhair 2025
lena maolaítear i leith 2025 ar Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh bearta forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 75(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 104(1), an dara fomhír, pointe (a)(iv), de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá feidhm fós ag Airteagal 75 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a mhéid a bhaineann leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, i ndáil le caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe agus íocaíochtaí arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht íocaíochta faoi chuimsiú chur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 féadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí suas le 75 % a íoc le haghaidh bearta tacaíochta forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. |
|
(3) |
Tar éis chruinniú de Choiste an Chomhbheartais Talmhaíochta an 12 Meitheamh 2025, d’iarr na Ballstáit maolú ar Airteagal 75(1) de Rialachán (AE) 1306/2013 chun é a chur ar a gcumas dóibh réamhíocaíochtaí méadaithe a íoc i leith na bliana éilimh 2025 chun aghaidh a thabhairt ar éigeandáil a tháinig chun cinn mar gheall ar mheascán eisceachtúil de theagmhais dhíobhálacha, lena n-áirítear na méaduithe aontaobhacha ar tharaifí a d’fhorchuir na Stáit Aontaithe agus an teannas trádála a d’eascair as sin, ionradh na Rúise ar an Úcráin atá fós ar siúl, iarmhairtí na gcoinbhleachtaí sa Mheánoirthear, chomh maith le teagmhais adhaimsire. Dheimhnigh na Ballstáit go bhfuil fadhbanna leachtachta ag a dtáirgeoirí talmhaíochta mar gheall ar theaglaim de na teagmhais dhíobhálacha sin a imríonn tionchar ar phraghsanna ionchur talmhaíochta agus tráchtearraí talmhaíochta. D’iarr na Ballstáit ar an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ionas gur féidir réamhíocaíochtaí méadaithe a íoc le haghaidh na n-idirghabhálacha agus na mbeart uile i leith na bliana éilimh 2025. |
|
(4) |
An teannas trádála atá ann faoi láthair agus atá ag cur isteach ar shlabhraí soláthair domhanda, tá tionchar aige ar infhaighteacht ionchur talmhaíochta, ardaíonn sé costais agus déanann sé difear d’inmharthanacht eacnamaíoch feirmeoirí. An laghdú ar an iomaíochas mar gheall ar phraghsanna níos airde, mar aon leis an ngá le margaí malartacha a aimsiú, cuireann sé brú eacnamaíoch ar fheirmeoirí. Cuireann na taraifí freisin le héiginnteacht níos leithne i gcaidrimh trádála idirnáisiúnta, as a n-eascraíonn dálaí luaineachta sa mhargadh. |
|
(5) |
Tá an baol ann go gcuirfidh ionradh na Rúise ar an Úcráin atá fós ar siúl agus na coinbhleachtaí sa Mheánoirthear síneadh leis na deacrachtaí atá ann cheana, amhail an cur isteach ar shlabhraí soláthair bia domhanda agus brú aníos leanúnach ar phraghsanna ionchuir. Cuireann na teagmhais sin agus éiginnteachtaí isteach ar phatrúin trádála agus imríonn siad tionchar mór ar phraghsanna tráchtearraí talmhaíochta agus ar mhargaí talmhaíochta. |
|
(6) |
Thairis sin, tá coinne go bhfuil tionchar diúltach ag teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha a tharla le déanaí i réigiúin áirithe, amhail triomach athfhillteach mar gheall ar easnamh tromchúiseach uisce, sioc déanach, báisteach iomarcach áitiúil agus tuilte ar tháirgeacht barr, rud a chuireann brú ar earnáil na talmhaíochta. |
|
(7) |
Mar gheall ar na himthosca sin, ós rud é go n-imríonn na teagmhais dhíobhálacha tionchar ar phraghsanna ionchur agus tráchtearraí talmhaíochta, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit réamhíocaíochtaí méadaithe a íoc i leith na bliana éilimh 2025 chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna leachtachta is dócha a bheidh ag táirgeoirí talmhaíochta ar fud an Aontais. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um na Cistí Talmhaíochta agus ón gCoiste um Fhorbairt Tuaithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
De mhaolú ar Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, i leith na bliana éilimh 2025, féadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí suas le 85 % a íoc i leith na tacaíochta arna deonú faoi fhorbairt tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 67(2) den Rialachán sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 549, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1306/oj.
(2) Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ( IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle ( IO L 347, 20.12.2013, lch. 487, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1305/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1797/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)