This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1768
Commission Delegated Regulation (EU) 2025/1768 of 7 May 2025 amending Delegated Regulation (EU) 2022/803 as regards rules of procedure for the exercise of the power to impose fines or periodic penalty payments by the European Securities Markets Authority with respect to consolidated tape providers
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1768 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2025 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/803 ón a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta maidir le feidhmiú na cumhachta ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur i ndáil le soláthraithe teilitéipe comhdhlúite
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1768 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2025 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/803 ón a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta maidir le feidhmiú na cumhachta ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur i ndáil le soláthraithe teilitéipe comhdhlúite
C/2025/2691
IO L, 2025/1768, 2.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1768/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1768 |
2.9.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/1768 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Bealtaine 2025
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/803 ón a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta maidir le feidhmiú na cumhachta ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur i ndáil le soláthraithe teilitéipe comhdhlúite
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 38k(10) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sonraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/803 ón gCoimisiún (2) na rialacha nós imeachta is infheidhme maidir leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (‘ESMA’) maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha a fhorchur, dá dtagraítear in Airteagal 38h de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, dá dtagraítear in Airteagal 38i den Rialachán sin, maidir le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí. Bhí raon feidhme an Rialacháin Tharmligthe sin teoranta do shocruithe formheasta maidir le foilsiú agus do shásraí tuairiscithe formheasta atá faoi réir mhaoirseacht ESMA. Le raon feidhme an Rialacháin Tharmligthe sin, níor cumhdaíodh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí eile atá faoi réir mhaoirseacht ESMA, lena n-áirítear soláthraithe teilitéipe comhdhlúite (‘CTPanna’). Bhí an raon feidhme sin teoranta mar gheall nach raibh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí ag soláthar seirbhísí teilitéipe comhdhlúite san Aontas agus mar gheall ar an athbhreithniú a bhí ar feitheamh le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, a leasaíodh le Rialachán (AE) 2024/791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (‘athchóiriú MiFIR’). Tháinig athchóiriú MiFIR i bhfeidhm an 28 Márta 2024. |
|
(2) |
Le hathchóiriú MiFIR, cuireadh deireadh leis na bacainní a bhí ar theacht chun cinn CTPanna san Aontas agus leagadh síos amlíne le haghaidh ESMA chun CTP le haghaidh bannaí, CTP le haghaidh scaireanna agus cistí arna dtrádáil ar an malartán agus CTP le haghaidh díorthaigh thar an gcuntar a roghnú agus a údarú. I bhfianaise an phróisis údaraithe CTP atá ar na bacáin, is gá raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/803 a leasú chun a áirithiú go gcumhdófar leis gach soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí atá faoi réir mhaoirseacht ESMA, lena n-áirítear CTPanna. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/803 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/803
Leasaítear Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/803 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: ‘Airteagal 1 Raon feidhme Tá feidhm ag an Rialachán Tarmligthe seo maidir le ‘soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí’, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(36a) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, atá faoi réir mhaoirseacht ESMA.’; |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 173, 12.6.2014, lch. 84.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/803 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha nós imeachta a shonrú le haghaidh fheidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí maidir le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí (IO L 145, 24.5.2022, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2024/791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a mhéid a bhaineann le trédhearcacht sonraí a fheabhsú, deireadh a chur le bacainní atá ar theacht chun cinn teilitéipeanna comhdhlúite, na ceanglais trádála a bharrfheabhsú agus toirmeasc a chur ar íocaíocht a fháil i leith sreabhadh orduithe (IO L, 2024/791, 8.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/791/oj)
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1768/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)