Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1731

Rialachán (AE) 2025/1731 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2025 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le carcanaiginí, só-ghineacha gaiméite nó tocsainí atáirgthe atá faoi réir srianta

C/2025/5555

IO L, 2025/1731, 11.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1731/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1731/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1731

11.8.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/1731 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Lúnasa 2025

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le carcanaiginí, só-ghineacha gaiméite nó tocsainí atáirgthe atá faoi réir srianta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 68(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hiontrálacha 28, 29 agus 30 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, cuirtear toirmeasc ar shubstaintí a aicmítear mar charcanaigin, só-ghineach gaiméite nó tocsain atáirgthe (CMR), catagóirí 1A nó 1B i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), a chur ar an margadh agus a úsáid lena soláthar don phobal i gcoitinne, agus a liostaítear i bhFoscríbhinní 1 go 6 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus ar mheascáin ina bhfuil na substaintí sin os cionn tiúchan sainithe.

(2)

Maidir le Foscríbhinní 2, 4 agus 6 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ba cheart iad a leasú ionas go mbeidh siad ag teacht le haicmiú nua substaintí mar CMR i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/197 ón gCoimisiún (3). Dá bhrí sin, na substaintí nua-aicmithe CMR de chatagóir 1B, is iomchuí iad a áireamh i bhFoscríbhinní 2, 4 agus 6 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

(3)

Beidh feidhm ag aicmiú substaintí i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/197 ón 1 Meán Fómhair 2025. An srian a thugtar isteach leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann leis na substaintí a aicmítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/197 mar shubstaintí CMR de chatagóir 1B, ba cheart feidhm a bheith aige ón dáta céanna dá bhrí sin. Ní chuireann an dáta cur i bhfeidhm cosc ar oibreoirí na srianta a chur i bhfeidhm níos luaithe, srianta ar shubstaintí CMR de chatagóir 1B a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/197.

(4)

Le Rialachán (AE) 2023/1132 ón gCoimisiún (4) áiríodh cuiméin i bhFoscríbhinn 2 a ghabhann le hIarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ón 1 Nollaig 2023. Tá cúiméin i mbreoslaí eitlíochta áirithe le haghaidh eitleáin bheaga, lena n-áirítear eitleáin bheaga a eitlíonn píolótaí neamhghairmiúla. Is daoine den phobal i gcoitinne iad na píolótaí neamhghairmiúla sin dá dtagraítear in iontrálacha 28, 29 agus 30 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Dá réir sin, ní cheadaítear cuiméin a chur ar an margadh ná a úsáid i mbreoslaí eitlíochta lena soláthar do phíolótaí neamhghairmiúla i dtiúchan 0,1 % w/w nó níos mó ón 1 Nollaig 2023.

(5)

Níl feidhm ag iontrálacha 28, 29 agus 30 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le roinnt breoslaí agus táirgí ola, inter alia, lena n-áirítear breoslaí mótair a chumhdaítear le Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Áirítear ar na breoslaí mótair sin breoslaí peitril agus díosail d’fheithiclí bóthair atá feistithe le hinnill adhainte deimhní agus innill adhainte comhbhrú. Dá bhrí sin, níl feidhm ag an srian ar chuiméin maidir le breoslaí mótair a chur ar an margadh ná a úsáid lena soláthar do thiománaithe gluaisteán neamhghairmiúla.

(6)

I bhfianaise na gcosúlachtaí idir an úsáid a bhaineann tiománaithe gluaisteán neamhghairmiúla as breoslaí mótair agus an úsáid a bhaineann píolótaí eitleán beag neamhghairmiúla as breoslaí eitlíochta, agus i bhfianaise go bhfuil i bhfad níos lú píolótaí eitleán beag neamhghairmiúla a úsáideann breoslaí eitlíochta ná tiománaithe gluaisteán neamhghairmiúla a úsáideann breoslaí mótair agus nach gcuireann Treoir 98/70/CE féin srian ar chuiméin sna breoslaí mótair sin, ba cheart cuiméin atá i mbreosla eitlíochta a dhíolmhú ón srian ar iontrálacha 28, 29 agus 30 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Dá bhrí sin, ba cheart Foscríbhinn 11 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú chun an maolú sin a léiriú.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú dá réir sin.

(8)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 133(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointí (1), (2) agus (3) den Iarscríbhinn ón 1 Meán Fómhair 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Lúnasa 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/197 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 a mhéid a bhaineann le haicmiú agus lipéadú comhchuibhithe substaintí áirithe (IO L, 2024/197, 5.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/197/oj.

(4)  Rialachán (AE) 2023/1132 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le substaintí atá carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh agus atá faoi réir srianta (IO L 149, 9.6.2023, lch. 49, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1132/oj).

(5)  Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, 28.12.1998, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/70/oj ).


IARSCRÍBHINN

leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 197/2006 mar a leanas:

(1)

i bhFoscríbhinn 2, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach sa tábla in ord na n-uimhreacha innéacs a leagtar amach ann:

Substaintí

Uimh. Innéacs

Uimh. CE

Uimh. CAS

 

Nótaí

‘dé-úrón (ISO); 3-(3,4-déchlóraifeinil)-1,1-démheitiolúiré

006-015-00-9

206-354-4

330-54-1’

 

2,2’,6,6’-teitreabróma-4,4’-iseapróipilidéindéfheanól; teitreabrómaibisfeanól-A

604-074-00-0

201-236-9

79-94-7’

 

N,N-démheitil-p-tolúidín

612-296-00-4

202-805-4

99-97-8’

 

‘4-nítreasamorfóilín

613-346-00-8

-

59-89-2’

 

‘4-meitilimiodasól

613-349-00-4

212-497-3

822-36-6’

 

(2)

i bhFoscríbhinn 4, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach sa tábla in ord na n-uimhreacha innéacs a leagtar amach ann:

Substaintí

Uimh. Innéacs

Uimh. CE

Uimh. CAS

 

Nótaí

‘próipiolfosfónáit démheitile

015-208-00-7

242-555-3

18755-43-6’

 

(3)

i bhFoscríbhinn 6, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach sa tábla in ord na n-uimhreacha innéacs a leagtar amach ann:

Substaintí

Uimh. Innéacs

Uimh. CE

Uimh. CAS

 

Nótaí

‘ocsaíd défheinil(2,4,6-trímheitilbeansóil)foisfín

015-203-00-X

278-355-8

75980-60-8’

 

‘4-[1,1,1,3,3,3-heicseafluara-2-(4-hiodrocsaifeinil)própán-2-il]feanóláit bheinsil(dé-eitiolaimínea)dhéfheiniolfosfóiniam

015-204-00-5

479-100-5

577705-90-9’;

 

‘beinsiltrífheinealfosfóiniam, salann le 4,4’-[2,2,2-trífhluarai-1-(trífhluaraimeitil)eitilidéin]bis[feanól] (1:1)

015-205-00-0

278-305-5

75768-65-9’

 

‘mais imoibriúcháin de 4,4’-[2,2,2-trífhluarai-1-(trífhluaraimeitil)eitilidéin]défheanól agus 4-[1,1,1,3,3,3-heicseafluara-2-(4-hiodrocsaifeinil)própán-2-il]feanóláit bheinsil(dé-eitiolaimínea)dhéfheiniolfosfóiniam (1:1)

015-206-00-6

—’

 

‘mais imoibriúcháin de 4,4’-[2,2,2-trífhluarai-1-(trífhluaraimeitil)eitilidéin]défheanól agus beinsiltrífheinealfosfóiniam, salann le 4,4’-[2,2,2-trífhluarai-1-(trífhluaraimeitil)eitilidéin]défheanól (1:1)

015-207-00-1

—’

 

‘próipiolfosfónáit démheitile

015-208-00-7

242-555-3

18755-43-6’

 

‘mailéáit débhúitiline

050-034-00-5

201-077-5

78-04-6’

 

‘ocsaíd débhúitiline

050-035-00-0

212-449-1

818-08-6’

 

‘mais imoibriúcháin de 1-(2,3-eapocsaprópocsa)-2,2-bis ((2,3-eapocsaprópocsa)meitil) bútán agus 1-(2,3-eapocsaprópocsa)-2-((2,3-eapocsaprópocsa)meitil)-2-hídreacsaimeitil bútán

603-244-00-1

—’

 

‘4,4’-[2,2,2-trífhluarai-1-(trífhluaraimeitil)eitilidéin]défheanól]; bisfeanól AF

604-099-00-7

216-036-7

1478-61-1’

 

‘1,4-Beinséindé-aimín, N,N’-Ph measctha agus díorthaigh toilile.;

612-298-00-5

273-227-8

68953-84-4’

 

‘4-meitilimiodasól

613-349-00-4

212-497-3

822-36-6’

 

(4)

i bhFoscríbhinn 11, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

Substaintí

Maoluithe

‘2.

Cúiméin

Uimh. CAS 98-82-8

Uimh. CE 202-704-5

Mar shubstaint léi féin nó mar chomhábhar de shubstaintí eile i gceachtar díobh seo a leanas:

(a)

ceirisín a úsáidtear mar bhreosla eitlíochta atá i gcomhréir le DEF STAN 91-091, le sonraíocht ASTM D1655 nó le caighdeáin aitheanta choibhéiseacha agus a mhargaítear faoi thuairiscí amhail Jet-A, Jet-A1 nó JP-(x);

(b)

gásailín a úsáidtear mar bhreosla eitlíochta a chomhlíonann DEF STAN 91-090, ASTM D910, ASTM D7547 nó caighdeáin aitheanta choibhéiseacha.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1731/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top