Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1730

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1730 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2025 maidir leis an bhformheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint Anjou Villages Brissac de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2025/5592

IO L, 2025/1730, 12.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1730/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1730/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1730

12.8.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1730 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Lúnasa 2025

maidir leis an bhformheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Anjou Villages Brissac’ de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 97(3) i gcomhar le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), rinneadh iarratas na Fraince ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Anjou Villages Brissac’, arb iarratas é a fuair an Coimisiún roimh dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1143, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3).

(2)

Áirítear leis an leasú dá dtagraítear i mír 1 athrú ar ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Anjou Villages Brissac’, a ndéantar ‘Anjou Brissac’ de.

(3)

Ní bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143, atá infheidhme maidir leis an iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 90(2) den Rialachán sin.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An leasú ar an tsonraíocht táirge a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Anjou Villages Brissac’ (ATFC), formheastar leis seo é.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Lúnasa 2025.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Dubravka ŠUICA

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).

(3)   IO C, C/2025/2270, 14.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2270/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1730/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top