This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1560
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1560 of 30 July 2025 authorising a health claim made on foods, other than those referring to the reduction of disease risk and to children’s development and health, and amending Regulation (EU) No 432/2012
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1560 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2025 lena n-údaraítear maíomh sláinte a dhéantar i leith bianna, seachas na maímh sin lena dtagraítear do laghdú riosca galair agus maidir le forbairt agus sláinte na leanaí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 432/2012
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1560 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2025 lena n-údaraítear maíomh sláinte a dhéantar i leith bianna, seachas na maímh sin lena dtagraítear do laghdú riosca galair agus maidir le forbairt agus sláinte na leanaí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 432/2012
C/2025/4942
IO L, 2025/1560, 31.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1560/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1560 |
31.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1560 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Iúil 2025
lena n-údaraítear maíomh sláinte a dhéantar i leith bianna, seachas na maímh sin lena dtagraítear do laghdú riosca galair agus maidir le forbairt agus sláinte na leanaí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 432/2012
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 i dtaca le maímh chothúcháin agus shláinte a dhéantar i leith bianna (1), agus go háirithe Airteagal 18(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, déantar foráil go bhfuil toirmeasc ar mhaímh shláinte a dhéantar i leith bianna ach amháin má tá siad údaraithe ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an Rialachán sin agus curtha ar an liosta de mhaímh shláinte cheadaithe. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, leagadh síos le Rialachán (AE) Uimh. 432/2012 (2) ón gCoimisiún liosta de mhaímh shláinte cheadaithe a dhéantar i leith bianna, seachas na maímh sin lena dtagraítear do laghdú riosca galair agus maidir le forbairt agus sláinte na leanaí. |
|
(3) |
Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 freisin go bhféadfaidh oibreoirí gnólachtaí bia iarratais ar údaruithe i leith maímh shláinte a chur faoi bhráid údarás inniúil náisiúnta de chuid Ballstáit. Ní mór don údarás inniúil náisiúnta iarratais bhailí a chur ar aghaidh chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) le haghaidh measúnú eolaíoch, agus chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit chomh maith, ar mhaithe le faisnéis. |
|
(4) |
Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le maímh shláinte a údarú agus an tuairim ón Údarás, aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais agus tosca dlisteanacha eile a bhaineann leis an ábhar atá faoi chaibidil á gcur san áireamh aige. |
|
(5) |
Chun nuálaíocht a spreagadh, déanfar cineál údaraithe brostaithe ar mhaímh shláinte atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch nuafhorbartha agus/nó a bhfuil iarraidh ar chosaint sonraí dílseánaigh ina cuid de. |
|
(6) |
Tar éis iarratas a fháil ó Zespri International Limited (‘an t-iarratasóir’), iarratas a cuireadh isteach de bhun Airteagal 13(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, bhí de cheangal ar an Údarás tuairim a thabhairt faoin mbunús eolaíoch atá le maíomh sláinte maidir leis an gcíobhaí glas (Actinidia deliciosa‘Hayward’) agus dífhaecú normálta a choimeád ar siúl (Ceist Uimh. EFSA- Q-2020-000562). |
|
(7) |
Is mar seo a leanas a bhí an fhoclaíocht sa mhaíomh a mhol an t-iarratasóir ar dtús: ‘Trí chíobhaí glas a thomhailt go tráthrialta, cuirtear le compord gastraistéigeach’ nó ‘trí chíobhaí glas a thomhailt go tráthrialta, laghdaítear pian ghastraistéigeach’. Agus an gaol sláinte a moladh á chur san áireamh ag an Údarás, agus i gcomhaontú leis an iarratasóir, d’athraigh an tÚdarás foclaíocht an mhaímh arna mheasúnú chuig an bhfoclaíocht seo a leanas: ‘Trí chíobhaí glas a thomhailt go tráthrialta, coimeádtar dífhaecú normálta ar siúl’. |
|
(8) |
An 11 Meitheamh 2021, d’fhoilsigh an tÚdarás tuairim eolaíoch uaidh maidir leis an maíomh sin (3), inar thángthas ar an gconclúid ar bhonn na sonraí a cuireadh faoina bhráid, go raibh gaol cúise agus éifeachta suite idir tomhailt an chíobhaí ghlais (Actinidia deliciosa‘Hayward’) agus dífhaecú normálta a choimeád ar siúl. Is é an pobal i gcoitinne an spriocphobal. Dá réir sin, maíomh sláinte ina léirítear an chonclúid sin, ba cheart a mheas go gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus ba cheart é a chur le liosta an Aontais de mhaímh shláinte cheadaithe, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 432/2012. |
|
(9) |
Tar éis don Choimisiún iarraidh a fháil ón iarratasóir maidir le foclaíocht atá níos soiléire do thomhaltóirí, dheimhnigh an tÚdarás go raibh an fhoclaíocht ‘Trí chíobhaí glas a thomhailt, cuirtear le gnáthfheidhmíocht na bputóg trí mhinicíocht faecais a mhéadú’ ag teacht leis an bhfianaise eolaíoch. |
|
(10) |
Thug an Painéal dá aire sa tuairim eolaíoch uaidh nárbh fhéidir teacht ar aon chonclúid a thabharfadh bunús eolaíoch leis an maíomh ar bhonn na staidéar a rinneadh le bianna seachas cíobhaíonna glasa úra. |
|
(11) |
Is éard a fhoráiltear le hAirteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 nach mór na coinníollacha riachtanacha uile (lena n-áirítear srianta) maidir lena n-úsáid a bheith ag gabháil le maímh shláinte cheadaithe. Dá réir sin, ba cheart foclaíocht na maíomh maille lena gcoinníollacha úsáide sonracha, agus i gcás inarb infheidhme, coinníollacha nó srianta úsáide agus/nó ráiteas nó rabhadh breise, a chuimsiú sa liosta de mhaímh shláinte cheadaithe, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus i gcomhréir le tuairimí an Údaráis. |
|
(12) |
I gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, ba cheart Clár na maíomh maidir le cothú agus sláinte ina bhfuil gach maíomh sláinte údaraithe a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(13) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 432/2012 a leasú dá réir. |
|
(14) |
Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirfear an maíomh sláinte a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo le liosta an Aontais de mhaímh shláinte cheadaithe dá bhforáiltear in Airteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006.
Airteagal 2
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 432/2012 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 404, 30.12.2006, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1924/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 432/2012 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2012 lena leagtar síos liosta de mhaímh shláinte cheadaithe a dhéantar i leith bianna, seachas na maímh sin lena dtagraítear do laghdú riosca galair agus maidir le forbairt agus sláinte na leanaí (IO L 136, 25.5.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/432/oj).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(6):6641.
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 432/2012, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:
|
Cothaitheach, substaint, bia nó catagóir bhia |
Maíomh |
Coinníollacha úsáide an mhaímh |
Coinníollacha agus/nó srianta ar úsáid an bhia agus/nó ráiteas breise nó rabhadh breise |
Uimhir Iris EFSA |
Uimhir ábhartha iontrála sa Liosta Comhdhlúite a cuireadh faoi bhráid EFSA lena mheasúnú |
||||
|
‘An cíobhaí glas (Actinidia deliciosa‘Hayward’) |
Trí chíobhaí glas a thomhailt, cuirtear le gnáthfheidhmíocht na bputóg trí mhinicíocht faecais a mhéadú |
Ní fhéadfar an maíomh seo a dhéanamh ach i leith:
ina bhfuil íosmhéid 200g de bhia an chíobhaí. Ní mór an tomhaltóir a chur ar an eolas go bhfaightear an éifeacht thairbhiúil le tomhailt laethúil 200g de bhia úr an chíobhaí ghlais. |
|
2021;19(6):6641’ |
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1560/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)