This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1528
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1528 of 30 July 2025 authorising the placing on the market of Cyperus esculentus (tiger nut) oil as a novel food and amending Implementing Regulation (EU) 2017/2470
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1528 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2025 lena n-údaraítear ola Cyperus esculentus (cnó tíogair) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1528 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2025 lena n-údaraítear ola Cyperus esculentus (cnó tíogair) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470
C/2025/5143
IO L, 2025/1528, 31.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1528/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1528 |
31.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1528 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Iúil 2025
lena n-údaraítear ola Cyperus esculentus (cnó tíogair) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta an Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2). |
|
(3) |
An 29 Deireadh Fómhair 2020, chuir an chuideachta Tigernuts traders, S.L. (‘an t-iarratasóir’) iarratas ar údarú faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun ola Cyperus esculentus (cnó tíogair) a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfí ola Cyperus esculentus (cnó tíogair) dá réir sin (le haghaidh cócaireachta nó mar blastanas) agus mar chomhábhar i roinnt catagóirí bia don phobal i gcoitinne. |
|
(4) |
An 8 Samhain 2022, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú a dhéanamh ar ola Cyperus esculentus (cnó tíogair) mar bhia núíosach. |
|
(5) |
An 30 Deireadh Fómhair 2024 ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch dar teideal ‘Safety of Cyperus esculentus (tiger nut) oil as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 (3)’ [Sábháilteacht ola Cyperus esculentus (cnó tíogair) mar bhia núíosach] i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(6) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil ola Cyperus esculentus (cnó tíogair) sábháilte don phobal i gcoitinne faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Dá bhrí sin, is leor na forais sa tuairim eolaíoch sin chun a shuí go gcomhlíonann ola Cyperus esculentus (cnó tíogair) na coinníollacha maidir lena cur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, nuair a úsáidtear í faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. |
|
(7) |
Is iomchuí go mbeadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283 san iontráil a bhaineann le hola Cyperus esculentus (cnó tíogair) ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha. |
|
(8) |
Ba cheart ola Cyperus esculentus (cnó tíogair) a chuimsiú i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Údaraítear ola Cyperus esculentus (cnó tíogair) a chur ar an margadh laistigh den Aontas.
Cuimseofar ola Cyperus esculentus (cnó tíogair) i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.
2. Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22:e9102.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear mar a leanas an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470:
|
(1) |
i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).’
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1528/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)