Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1508

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1508 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2025/4966

IO L, 2025/1508, 25.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1508/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1508/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1508

25.7.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1508 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Iúil 2025

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 214/2013 (2), d’fhorchuir an Chomhairle dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’ nó ‘an tír lena mbaineann’) (‘na bearta bunaidh’). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, tabharfar ‘an t-imscrúdú bunaidh’ anseo feasta air.

(2)

I gcomhthreo leis sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 215/2013 (3), d’fhorchuir an Chomhairle dleachtanna frithchúitimh ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh na Síne. Is idir 13,7 % agus 44,7 % atá na dleachtanna frithchúitimh atá i bhfeidhm faoi láthair.

(3)

I ndiaidh athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) den bun-Rialachán, an 2 Bealtaine 2019, leathnaigh an Coimisiún na bearta frithdhumpála cinntitheacha maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh na Síne le Rialachán (AE) Uimh. 2019/687 (4) (‘an t-athbhreithniú éaga roimhe seo’). Is idir 0 % agus 26,1 % atá na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair.

(4)

Tá leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais le chéile idir 13,7 % agus 58,3 %.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(5)

Tar éis fhoilsiú an Fhógra maidir le dul in éag atá le tarlú ar na bearta frithdhumpála cinntitheacha atá i bhfeidhm (5), fuair an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú éaga a thionscnamh i dtaca leis na bearta sin de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán (‘an iarraidh’).

(6)

Is é an Comhlachas Eorpach Cruach, (‘EUROFER’, nó ‘an t-iarratasóir’) a chuir an iarraidh isteach an 2 Feabhra 2024 thar ceann thionscal an Aontais i leith táirgí cruach le bratú orgánach orthu, de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Bhí an iarraidh bunaithe ar an bhforas gur dócha, ar dhul in éag na mbeart frithchúitimh, go leanfar den dumpáil agus go ndéanfar an díobháil do thionscal an Aontais an athuair.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(7)

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, go raibh fianaise leordhóthanach chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain sé athbhreithniú éaga an 30 Aibreán 2024 maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne isteach san Aontas ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (6) (‘an fógra tionscnaimh’).

1.4.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

(8)

An t-imscrúdú chun a fháil amach an leanfar den dumpáil nó an ndéanfar an athuair í, is imscrúdú é a chumhdaigh an tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). Leis an imscrúdú ar na treochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go ndéanfaí an athuair í, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

1.5.   Páirtithe leasmhara

(9)

San fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara dul i dteagmháil leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, rinne an Coimisiún an t-iarratasóir, táirgeoirí aitheanta an Aontais, na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe aitheanta san Aontas, úsáideoirí neamhchomhlachaithe san Aontas arb eol iad a bheith bainteach, na táirgeoirí aitheanta sa tSín agus údaráis na Síne a chur ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach ann.

(10)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht os comhair an Choimisiúin agus/nó os comhair an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh.

1.6.   Sampláil

(11)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

1.6.1.   Táirgeoirí an Aontais a shampláil

(12)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí an Aontais roghnaithe go sealadach aige i gcomhréir le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán.

(13)

Roimh an tionscnamh, sholáthair 14 tháirgeoir de chuid an Aontais an fhaisnéis a iarradh ar mhaithe le roghnú an tsampla agus chuir siad in iúl go raibh siad toilteanach comhoibriú leis an gCoimisiún. Ar an mbonn sin, bhí sampla roghnaithe go sealadach ag an gCoimisiún arb é a bhí ann trí tháirgeoir a cinneadh go raibh siad ionadaíoch ar thionscal an Aontais i dtéarmaí mhéid táirgeachta agus díolachán an táirge chomhchosúil san Aontas. Bhí táirgeoirí sampláilte an Aontais freagrach as 28 % de tháirgeacht iomlán mheasta thionscal an Aontais agus as 26 % de mhéid iomlán díolachán thionscal an Aontais le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(14)

D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil agus deimhníodh an sampla sealadach. Measadh go raibh an sampla ionadaíoch ar thionscal an Aontais.

1.6.2.   Allmhaireoirí a shampláil

(15)

Sainaithníodh deich n-allmhaireoir neamhchomhlachaithe san iarraidh chun an t-athbhreithniú éaga a thionscnamh agus iarradh ar na hallmhaireoirí sin faisnéis samplála a sholáthar. Níor tháinig aon cheann acu chun cinn.

1.6.3.   Sampláil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín

(16)

Chun a chinneadh cibé an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta sa tSín an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh.

(17)

Níor chuir aon táirgeoir onnmhairiúcháin an fhoirm shamplála ar ais. Ina dhiaidh sin, an 2 Lúnasa 2024, chuir an Coimisiún Rialtas na Síne ar an eolas nach raibh aon chomhar ann ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín agus, dá bhrí sin, go gcuirfeadh sé forálacha Airteagal 18 den bhun-Rialachán i bhfeidhm maidir leis na torthaí a léireodh gur leanadh den dumpáil nó go ndearnadh an athuair í.

1.7.   Ceistneoirí agus cuairteanna fíorúcháin

(18)

Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne maidir le saobhadh mór a bheith ann sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Ní bhfuair an Coimisiún freagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne maidir leis an ábhar sin, áfach. Dá bhrí sin, an 2 Lúnasa 2024, chuir an Coimisiún Rialtas na Síne ar an eolas go raibh sé beartaithe aige forálacha Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir le saobhadh mór a bheith sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(19)

Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig trí tháirgeoir sampláilte an Aontais agus chuig EUROFER. Cuireadh ceistneoirí le haghaidh tháirgeoirí an Aontais, allmhaireoirí neamhchomhlachaithe, úsáideoirí agus na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín ar fáil ar líne freisin (7) an lá a tionscnaíodh an t-imscrúdú.

(20)

Fuarthas freagraí ar na ceistneoirí ó thrí tháirgeoir sampláilte an Aontais agus ó EUROFER.

(21)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheas sé gur ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go ndéanfar an athuair iad, sin agus maidir le leas an Aontais. Rinneadh cuairteanna fíorúcháin ag áitreabh na bpáirtithe leasmhara seo a leanas:

(a)

Táirgeoirí an Aontais:

ArcelorMittal Belgium, An Bheilg

ThyssenKrupp, an Ghearmáin

Tata Steel Maubeuge SA, an Fhrainc

(b)

Comhlachas tháirgeoirí an Aontais:

EUROFER, an Bheilg

1.8.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(22)

An 6 Meitheamh 2025, nocht an Coimisiún na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe na dleachtanna frithdhumpála atá ann cheana a choinneáil ar bun. Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh.

(23)

Níor thug aon pháirtí aon bharúil maidir leis an nochtadh deiridh. Níor iarr aon pháirtí éisteacht.

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi athbhreithniú

(24)

Is é an táirge faoi athbhreithniú an táirge céanna a bhí san imscrúdú bunaidh agus san athbhreithniú éaga roimhe seo, mar atá táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu (‘OCS’), i.e. táirgí cothromrollta de chruach neamh-chóimhiotail agus cóimhiotail (gan cruach dhosmálta san áireamh) atá péinteáilte, vearnaiseáilte nó brataithe le plaistigh ar thaobh amháin ar a laghad, seachas ‘painéil shrathaithe’ mar a thugtar orthu, de chineál a úsáidtear le haghaidh feidhmeanna tógála agus ina bhfuil dhá leathán miotail lasmuigh agus croí cobhsaí d’ábhar inslithe eatarthu, seachas na táirgí sin a bhfuil bratú deiridh deannaigh since orthu (péint ar mhórán since ina bhfuil, de réir meáchain, 70 % nó níos mó de shince), agus seachas na táirgí sin le foshraith le bratú miotalach cróimiam nó stáin, ar táirgí iad a thagann faoi na cóid AC seo a leanas faoi láthair: ex 7210 70 80 , ex 7212 40 80 , ex 7225 99 00 , agus ex 7226 99 70 (cóid TARIC 7210 70 80 11, 7210 70 80 91, 7212 40 80 01, 7212 40 80 21, 7212 40 80 82, 7225 99 00 11, 7225 99 00 91, 7226 99 70 11 agus 7226 99 70 91; ‘an táirge faoi athbhreithniú, nó ‘OCS’).

(25)

Faightear an táirge faoi athbhreithniú trí bhratú orgánach a chur ar tháirgí cruach cothromrollta. Tugann an bratú orgánach cosaint do tháirgí cruach chomh maith le hairíonna aeistéitiúla agus feidhmiúla.

(26)

Is san earnáil foirgníochta a úsáidtear OCS go príomha agus le haghaidh tuilleadh próiseála i dtáirgí a úsáidtear san fhoirgníocht. I measc na bhfeidhmeanna eile atá ag OCS tá fearais tí.

2.2.   An táirge lena mbaineann

(27)

Is é an táirge lena mbaineann an t-imscrúdú seo an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an táirge lena mbaineann’).

2.3.   An táirge comhchosúil

(28)

Mar a suíodh san imscrúdú bunaidh agus mar a deimhníodh san athbhreithniú éaga roimhe seo, san athbhreithniú éaga seo athdheimhníodh go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann nuair a onnmhairítear chuig an Aontas é;

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol ar mhargadh intíre na Síne;

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin leis an gcuid eile den domhan; agus

an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeann agus a dhíolann tionscal an Aontais san Aontas.

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   AN DÓCHÚLACHT GO dTARLÓIDH AN DUMPÁIL AN ATHUAIR

3.1.   Réamhbharúlacha

(29)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig deireadh a bheag nó a mhór le hallmhairí OCS ón tSín. De réir Eurostat, is é 0,06 % de mhargadh an Aontais a bhí i gceist le hallmhairí OCS ón tSín i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i gcomparáid le sciar 13,6 % den mhargadh le linn an imscrúdaithe bunaidh, agus 0,1 % le linn an athbhreithnithe éaga roimhe seo. I ndearbhthéarmaí, tháinig laghdú ar na hallmhairí ó 702 452 thona san imscrúdú bunaidh go 6 338 dtona san athbhreithniú éaga roimhe seo, agus tháinig laghdú breise orthu go 2 554 thona i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a bhaineann leis an athbhreithniú éaga seo. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh na hallmhairí le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ionadaíoch a ndóthain chun conclúidí bailí a dhéanamh maidir le leanúnachas na dumpála.

(30)

Dá réir sin, rinne an Coimisiún imscrúdú de réir Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán maidir leis an dóchúlacht go dtarlóidh an dumpáil an athuair dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. Rinneadh anailís ar na gnéithe seo a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín, an gaol idir praghsanna san Aontas agus sa tSín; an gaol idir na praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus an gnáthluach sa tSín; an gaol idir na praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus leibhéal na bpraghsanna san Aontas; agus tarraingteacht mhargadh an Aontais.

(31)

Mar a luaitear in aithris (17), níor chomhoibrigh aon cheann de na honnmhaireoirí ná na táirgeoirí ón tSín san imscrúdú. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Síne go bhféadfadh an Coimisiún, in éagmais comhoibrithe, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí i dtaca leis an tSín. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis sin ná aon iarraidh ar idirghabháil ón Oifigeach Éisteacha maidir leis sin.

(32)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir le leanúnachas na dumpála nó an dóchúlacht go ndéanfar an athuair í bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe staitisticí trádála a bhailigh Eurostat (8) agus an Global Trade Atlas (9), faisnéis maidir le last-táille ón mbunachar sonraí Costais Iompair agus Árachais Idirnáisiúnta na Trádála i dTráchtearraí (10) ar bunachar sonraí de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) é, an tuarascáil Doing Business (11) ón mBanc Domhanda, faisnéis maidir leis na tosca táirgeachta agus an tomhaltas a bhaineann leo ó tháirgeoir ionadaíoch de chuid an Aontais, agus faisnéis maidir le forbairt mhargadh na Síne le haghaidh OCS ó Thuarascáil Bhliantúil Mysteel (12).

(33)

Chun anailís a dhéanamh ar an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair, go háirithe chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna, chinn an Coimisiún an gnáthluach ar dtús mar a shonraítear i roinn 3.2 thíos.

3.2.   An nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh, faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, le haghaidh allmhairí OCS de thionscnamh na Síne

(34)

Ós rud é go raibh fianaise leordhóthanach ar fáil nuair a tionscnaíodh an t-imscrúdú agus go bhféadfaí a thaispeáint, maidir leis an tSín, gur ann do shaobhadh mór de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(35)

D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé a bheith riachtanach dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá tar éis dháta fhoilsithe an fhógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, an 2 Lúnasa 2024, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh mór sa tSín.

(36)

I bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, mar gheall ar an bhfianaise a bhí ar fáil, go raibh Meicsiceo ina thír ionadaíoch iomchuí de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun Rialachán chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Shonraigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

(37)

An 19 Márta 2025, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh (‘an Nóta’). Sa Nóta sin, sholáthair an Coimisiún liosta de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáidtear i dtáirgeadh OCS. Ina theannta sin, bunaithe ar na critéir lena dtreoraítear rogha na bpraghsanna neamhshaofa nó na dtagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún Meicsiceo mar thír ionadaíoch iomchuí. Ní bhfuair an Coimisiún barúlacha maidir leis an Nóta ón iarratasóir. Chuir an t-iarratasóir in iúl go dtacaíonn sé le rogha na tíre ionadaíche a rinne an Coimisiún.

3.2.1.   An Gnáthluach

(38)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘[b]eidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’.

(39)

Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán agus, ‘[m]ás rud é go gcinntear […] nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh mór sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’ agus ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’ (‘costais SGA’ a thugtar anseo feasta ar ‘costais riaracháin, díola agus ghinearálta’).

(40)

Mar a mhínítear thíos freisin, ba é conclúid an Choimisiúin san imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise a bhí ar fáil agus ag féachaint don easpa comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

3.2.2.   Saobhadh suntasach a bheith ann

(41)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhianaise sa chomhad chun a chinneadh an ann do shaobhadh mór sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, rud a fhágann nach iomchuí praghsanna agus costais intíre na tíre sin a úsáid. San anailís sin cumhdaíodh na gnéithe fianaiseacha seo a leanas maidir leis na critéir éagsúla atá ábhartha chun a shuí gurb ann do shaobhadh mór.

(42)

Ar an gcéad dul síos, san fhianaise a bhí san iarraidh áiríodh na gnéithe seo a leanas a léiríonn gur ann do shaobhadh mór.

(43)

Maidir le fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, rialú, nó maoirseacht nó treoraíocht bheartais údaráis na Síne ar mhargadh, d’áitigh an t-iarratasóir go bhfreastalaíonn na fiontair sin ar mhargadh Síneach an táirge faoi athbhreithniú. I ndáil leis sin, chuir an t-iarratasóir i dtábhacht gurb ann d’úinéireacht mhór stáit laistigh d’earnáil cruach na Síne, go háirithe i measc táirgeoirí móra OCS amhail Baowu Group, Ansteel Group agus Shandong Steel Group, ar fiontair faoi úinéireacht stáit iad uile.

(44)

D’áitigh an t-iarratasóir freisin maidir le láithreacht Stát na Síne i dtáirgeoirí OCS, go ligeann sin don Stát cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais. Mhaígh an t-iarratasóir gurb amhlaidh atá i gcás fiontair faoi úinéireacht stáit agus cuideachtaí príobháideacha araon. Go deimhin, luaigh an t-iarratasóir an oibleagáid bhunreachtúil, de réir Airteagal 33 de Bhunreacht na Síne, ‘[g]o ndéanfaidh eagraíochtaí Páirtí bunleibhéil in eintitis san earnáil neamhphoiblí prionsabail agus beartais an Pháirtí a chur chun feidhme, mar aon le hurramú na ndlíthe agus na rialachán stáit ag a bhfiontair a threorú agus maoirseacht a dhéanamh air sin’. Thairis sin, leagtar béim in Airteagal 19 de Dhlí Cuideachtaí na Síne ar an dualgas atá ar chuideachtaí ‘na dálaí is gá a sholáthar le haghaidh ghníomhaíochtaí an Pháirtí’ agus ar an gceanglas ‘eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne’ a ainmniú laistigh den chuideachta ‘chun gníomhaíochtaí an Pháirtí a dhéanamh’.

(45)

Maidir le táirgeoirí OCS go sonrach, tugadh le fios san iarraidh gur spreag an tUachtarán Xi Jinping Baowu Steel Group leanúint dá chomhoibriú leis an ngeilleagar faoi úinéireacht stáit (13). Ina theannta sin, san iarraidh luadh an ráiteas ó chathaoirleach Chumann Miotal na Síne a rinne ‘athbhreithniú ar threoracha tábhachtacha ábhartha an 20ú Comhdháil Náisiúnta de Pháirtí Cumannach na Síne’ go háirithe maidir leis an ngá atá le ‘beartais chuimsitheacha a chur chun feidhme i dtaobh struchtúr tionsclaíoch a optamú, leathnú acmhainneachta a rialú, comhchruinniú tionsclaíoch a chur chun cinn, agus cáilíocht agus éifeachtúlacht a fheabhsú’ (14). Ar deireadh, ós rud é go n-úsáidtear OCS san fhoirgníocht go príomha, chuir an t-iarratasóir in iúl an tábhacht a thugtar don fhoirgníocht in áiteanna tuaithe agus uirbeacha laistigh den 14ú Plean Cúig Bliana Síneach le haghaidh Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Náisiúnta.

(46)

Thairis sin, thug an t-iarratasóir le fios go mbíonn beartais nó bearta poiblí ar bun ag údaráis na Síne lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar bhealach eile ar fhórsaí an shaormhargaidh. I ndáil leis sin, luaigh an t-iarratasóir go bhfuil an earnáil cruach sa tSín faoi réir pleananna náisiúnta agus bardasacha iomadúla, go háirithe maidir le hoptamú agus athstruchtúrú an tionscail cruach agus an nuachóiriú ar leibhéal an tslabhra soláthair. Anuas air sin, Comhlachas Iarainn agus Cruach na Síne, de bhun Airteagal 3 dá Airteagail Chomhlachais, ‘cloíonn [sé] le ceannaireacht fhoriomlán Pháirtí Cumannach na Síne’ agus ‘glacann sé le treoraíocht ghnó, maoirseacht agus bainistíocht na n-eintiteas atá i bhfeighil clárúcháin agus bainistíochta, na n-eintiteas atá i gceannas ar neartú an pháirtí, chomh maith leis na ranna riaracháin ábhartha atá i gceannas ar bhainistíocht an tionscail’.

(47)

Chuir an t-iarratasóir i dtábhacht freisin an easpa dlíthe féimheachta, corparáideacha agus maoine, go mbíonn siad á gcur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach agus go mbíonn siad á bhforfheidhmiú ar bhealach neamhleor. De réir an iarratasóra, is léir sin ó thionchar Rialtas na Síne in imeachtaí dócmhainneachta. I bhfianaise fho-ordú na gcúirteanna faoi Rialtas na Síne, tairbhíonn go leor gnólachtaí dócmhainneacha de phleananna athstruchtúrúcháin a eascraíonn as ráthaíochtaí rialtais de facto d’fhiontair faoi úinéireacht stáit. Ina theannta sin, thagair an t-iarratasóir don easpa trédhearcachta a bhaineann leis na rialacha maidir le soláthar agus éadáil talún.

(48)

Thairis sin, san iarraidh cuireadh i dtábhacht go bhfuil na costais phá á saobhadh sa tSín agus san earnáil OCS go sonrach. Meabhraíodh cheana féin sa chéad athbhreithniú éaga go raibh saobhadh den sórt sin ann agus níor aimsigh an t-iarratasóir aon fhianaise go bhfuil an earnáil OCS cosanta ar shaobhadh na gcostas pá.

(49)

Ar an dara dul síos, in imscrúduithe a rinneadh le déanaí maidir leis an earnáil cruach sa tSín (15), chinn an Coimisiún go raibh saobhadh nach beag i gceist de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Sna himscrúduithe sin, chinn an Coimisiún gurbh ann d’idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (16). Go sonrach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, ní hamháin gurbh ann fós do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne san earnáil cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán (17), ach go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí freisin de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc, den bhun-Rialachán (18). Rinne an Coimisiún amach thairis sin go raibh éifeachtaí saofa breise ag láithreacht agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais chomh maith le soláthar amhábhar agus ionchuir ar an margadh. Go deimhin, ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála sa tSín, fágann sé go mbíonn acmhainní á leithdháileadh ag Rialtas na Síne ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (19). Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (20). Ar an gcaoi chéanna, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (21), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le rochtain ar chaipiteal do ghníomhaithe corparáideacha sa tSín (22).

(50)

Ar an tríú dul síos, san athbhreithniú éaga is déanaí maidir leis an táirge faoi athbhreithniú (23), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh ann do shaobhadh nach beag de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Ní heol don Choimisiún aon mhórathrú struchtúrach sa tSín a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chonclúid sin.

(51)

Ar an gceathrú dul síos, léirigh fianaise bhreise atá le fáil sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Mór i nGeilleagar na Síne (24), arna ullmhú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán, gurbh ann do shaobhadh mór le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe freisin.

(52)

Ar an gcúigiú dul síos, níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú atá ann faoi láthair aon fhianaise ná argóint ina aghaidh sin.

(53)

I bhfianaise an méid thuas, léirigh an fhianaise a bhí ar fáil nach toradh ar fhórsaí an tsaormhargaidh iad praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léiríonn an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na gnéithe ábhartha a liostaítear iontu. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a ríomh go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

3.2.3.   Tír ionadaíoch

3.2.3.1.   Barúlacha ginearálta

(54)

Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an leibhéal atá sa tSín. Chun na críche sin, úsáideann an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil leis ollioncam náisiúnta per capita atá ag an tSín ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (25);

Táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú sa tír sin (26);

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch.

I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha fhéideartha amháin i ndáil le tír ionadaíoch, ba cheart tús áite a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, don tír ina bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(55)

Mar a mhínítear in aithris (37), d’eisigh an Coimisiún Nóta i gcomhair an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh. Tugtar tuairisc leis an nóta sin ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha. Sa Nóta, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé ar intinn aige Meicsiceo a bhreithniú mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás reatha dá mba rud é go ndeimhneofaí gurbh ann do shaobhadh mór de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

3.2.3.2.   Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an leibhéal atá sa tSín

(56)

I bhfianaise na heaspa comhair, dheimhnigh an Coimisiún gur tír é Meicsiceo a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche aige atá cosúil leis an tSín de réir an Bhainc Dhomhanda (tír a bhí sainaitheanta ag an gCoimisiún mar thír ionadaíoch fhéideartha tráth an tionscnaimh), i.e. d’aicmigh an Banc Domhanda é mar thír ‘ard-mheánioncaim’ ar bhonn ollioncam náisiúnta, tír ar eol go ndearnadh an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh inti.

(57)

Ina bharúlacha maidir leis an Nóta, chuir an t-iarratasóir in iúl go dtacaíonn sé le rún an Choimisiúin Meicsiceo a mheas mar thír ionadaíoch iomchuí.

3.2.3.3.   Táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú sa tír sin

(58)

Sa Nóta, mhínigh an Coimisiún gur táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú i Meicsiceo i gcainníochtaí móra agus trí phróiseas táirgeachta comhchosúil.

(59)

Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir le táirgeadh OCS i Meicsiceo.

3.2.3.4.   Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch

(60)

Sa Nóta, thug an Coimisiún le fios gur aimsigh sé faisnéis airgeadais a bhí ar fáil go héasca maidir le táirgeoir OCS i Meicsiceo a chumhdaíonn an bhliain airgeadais dar críoch mí na Nollag 2023. Féadadh costas neamhshaofa na bpríomhthosca táirgeachta, an leictreachais, an gháis agus an tsaothair a shuí freisin.

(61)

Chinn an Coimisiún gur allmhairíodh gach ionchur isteach i Meicsiceo i gcainníochtaí ionadaíocha.

(62)

Tháinig méideanna neamhmhóra allmhairí ón tSín i gcás fhormhór na n-ionchur. Maidir le péint pholúireatáin, allmhairíodh thart ar 20 % di ón tSín. Bhí praghas aonaid na n-allmhairí ó thíortha seachas an tSín i bhfad ní b’airde ná praghas allmhairiúcháin na Síne, áfach. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nach ndearna na hallmhairí de thionscnamh na Síne difear do na praghsanna sin.

(63)

Níor allmhairíodh aon cheann de na hionchuir a úsáideadh i monarú OCS isteach i Meicsiceo ón Rúis. Dá bhrí sin, maidir le smachtbhannaí i gcoinne allmhairí ón Rúis a d’fhéadfadh a bheith ann, ní dhearna an Coimisiún anailís i dtaobh an bhféadfadh sé go ndearna na smachtbhannaí sin na praghsanna allmhairiúcháin i Meicsiceo a shaobhadh.

(64)

Chun a fhionnadh nach raibh onnmhairí na n-ionchur a úsáidtear i dtáirgeadh OCS faoi réir aon srian ar onnmhairiú, cheadaigh an Coimisiún bunachar sonraí Global Trade Alert (GTA) (27) agus an uirlis Market Access Map (28). Chinn sé nár fhorchuir Meicsiceo aon srian ar onnmhairí na n-ionchur a úsáidtear i dtáirgeadh OCS. Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid nach raibh praghsanna intíre na n-ionchur sin, chomh maith le praghsanna allmhairiúcháin na n-ionchur, saofa mar gheall ar sholáthar na n-ionchur ar mhargadh Mheicsiceo ar soláthar é a méadaíodh go saorga.

(65)

Rinne an Coimisiún scrúdú breise féachaint ar chuir aon tríú tír bearta cosanta trádála i bhfeidhm i gcoinne allmhairí OCS de thionscnamh Mheicsiceo. D’fhéadfadh bearta den sórt sin a léiriú go ndearnadh torthaí airgeadais tháirgeoirí OCS Mheicsiceo a shaobhadh mar gheall ar chleachtais dumpála nó fóirdheonú. Fuarthas amach nach raibh aon bheart cosanta trádála i bhfeidhm i gcoinne allmhairí OCS ó Mheicsiceo le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(66)

Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir le hinfhaighteacht sonraí poiblí ábhartha i Meicsiceo.

3.2.3.5.   Leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil

(67)

Tar éis a shuí gurb é Meicsiceo an t-aon tír ionadaíoch iomchuí a bhí ar fáil, agus bunaithe ar na gnéithe thuasluaite uile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

3.2.3.6.   Conclúid

(68)

I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon Meicsiceo na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí.

3.2.4.   Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí

(69)

Sa nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáidtear i dtáirgeadh an táirge faoi athbhreithniú agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta. I bhfianaise na heaspa comhair ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, is ar na tosca táirgeachta a d’úsáid táirgeoir ionadaíoch de chuid an Aontais a bhí an liosta bunaithe.

(70)

Ina theannta sin, luaigh an Coimisiún sa Nóta, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé GTA chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta sa tír ionadaíoch, agus na hamhábhair go sonrach. Ina theannta sin, luaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé an fhaisnéis arna foilsiú ag údaráis rialála agus staidrimh Mheicsiceo agus ag cuideachtaí móra fóntais chun costais neamhshaofa saothair (29) agus fuinnimh (30) a shuí.

3.2.5.   Costais agus tagarmharcanna neamhshaofa

3.2.5.1.   Tosca táirgeachta

(71)

I bhfianaise na faisnéise uile ar bhonn na hiarrata agus na faisnéise a chuir táirgeoir ionadaíoch an Aontais ar fáil, sainaithníodh na tosca táirgeachta a leanas agus a gcuid foinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

Tábla 1

Tosca táirgeachta cruach le bratú orgánach uirthi

Toisc tháirgeachta

Cód an tráchtearra i Meicsiceo

Luach neamhshaofa (CNY)

Aonad tomhais

Foinse na faisnéise

Amhábhair

Corna cruach galbhánaithe teothumtha

7210 49 99

11,55

kg

GTA

Péint phoileistir

3208 10 02

50,98

kg

GTA

Péint pholúireatáin

3208 90 99

70,03

kg

GTA

Péint fluairíde polaivinilídéine

3209 90 99

28,52

kg

GTA

Seachtháirge

Dramhchruach ghalbhánaithe

7204 29 99

2,58

kg

GTA

Fuinneamh

Gás nádúrtha

neamhbhainteach

0,02

MJ

Comisión Reguladora de Energía

Leictreachas

neamhbhainteach

0,64

kWh

Comisión Federal de Electricidad

Saothar

Saothar

neamhbhainteach

97,02

uair

An Institiúid Náisiúnta um Staidreamh agus Tíreolaíocht

3.2.5.2.   Amhábhair

(72)

Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora sa tír ionadaíoch a shuí, d’úsáid an Coimisiún an praghas allmhairiúcháin chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costas iompair leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan an tSín a áireamh ná tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (31) Chinn an Coimisiún na hallmhairí ón tSín sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh, toisc gur shocraigh sé i roinn 3.2.2 nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid i bhfianaise saobhadh mór a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach mar an gcéanna an tionchar a d’imir an saobhadh céanna ar amhábhair a úsáidtear chun táirgí a mhonarú a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún gur imir an saobhadh céanna tionchar ar phraghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis allmhairí ón tSín chuig an tír ionadaíoch a eisiamh, bhí méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós.

(73)

Maidir le dleachtanna allmhairiúcháin, chuir an Coimisiún na dleachtanna sin le meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe gach amhábhair bunaithe ar a chód tráchtearra agus ar an tír thionscnaimh a bhí i gceist. Chun an ráta dleachta allmhairiúcháin is infheidhme a chinneadh, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a bhailigh Market Access Map (32).

(74)

I bhfianaise na heaspa comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, d’úsáid an Coimisiún faisnéis a bhí ar fáil go poiblí chun meastachán a dhéanamh ar an gcostas a thabhaíonn cuideachta i Meicsiceo de ghnáth chun ionchuir a iompar ón soláthróir go dtí a háitreabh. Bhunaigh an Coimisiún an meastachán sin ar an gcostas iompair intíre a bhaineann le hallmhairí i Meicsiceo mar a foilsíodh san eagrán is déanaí den tuarascáil Doing Business (33). Áirítear an costas iompair intíre sin sa chostas neamhshaofa a chuirtear i láthair i dtábla 1 thuas.

3.2.5.3.   Saothar

(75)

Foilsíonn an Institiúid Náisiúnta um Staidreamh agus Tíreolaíocht (‘INEGI’) faisnéis mhionsonraithe maidir le pá agus uaireanta oibre in earnálacha eacnamaíocha éagsúla i Meicsiceo. D’úsáid an Coimisiún na sonraí le haghaidh earnáil 331, tionscal na miotal bunúsach, a chomhfhreagraíonn do thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (34).

(76)

Chun meánchostas saothair in aghaidh na huaire a chinneadh, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis maidir le pá iomlán a íocadh in earnáil 331 agus an méid iomlán uaireanta a oibríodh san earnáil sin. Ós rud é nach é is cuspóir d’athbhreithniú éaga leibhéal beacht dumpála a shuí, ní dhearna an Coimisiún costas breise a bhaineann le saothar, e.g. ranníocaíochtaí sóisialta, a chur leis an tagarmharc a úsáidtear i gcás costas saothair neamhshaofa. Aon chostas breise a bhaineann le saothar, ní dhéanfadh sé ach an gnáthluach a mhéadú agus, dá bhrí sin, an corrlach dumpála a bheadh mar thoradh air sin a mhéadú.

3.2.5.4.   Leictreachas

(77)

Bhí praghas an leictreachais do chuideachtaí (úsáideoirí tionsclaíocha) i Meicsiceo ar fáil ar shuíomh gréasáin na mórchuideachta fóntais leictrigh La Comisión Federal de Electricidad (CFE). D’úsáid an Coimisiún na sonraí maidir le praghsanna leictreachais tionsclaíocha in dhá chatagóir taraife is infheidhme maidir le húsáideoirí tionsclaíocha i réigiúin éagsúla i Meicsiceo le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (35).

3.2.5.5.   Gás nádúrtha

(78)

Foilsíonn La Comisión Reguladora de Energía (CRE) praghas an gháis nádúrtha i Meicsiceo. D’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis maidir le praghsanna an gháis nádúrtha in aghaidh an GJ i ngach mí de thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe chun meánphraghas neamhshaofa an gháis nádúrtha a shuí (36).

3.2.5.6.   Forchostais mhonaraíochta, costais SGA, agus brabús

(79)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’ . Ina theannta sin, ní mór luach le haghaidh na bhforchostas monaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas.

(80)

Chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a shuí agus ós rud é go bhfuil comhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin in easnamh, bhain an Coimisiún úsáid as na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Bhraith an Coimisiún ar fhaisnéis maidir le forchostais mhonaraíochta a sholáthair táirgeoir OCS ionadaíoch de chuid an Aontais.

(81)

Chun luach neamhshaofa na gcostas SGA agus an bhrabúis a shuí, d’úsáid an Coimisiún faisnéis airgeadais Ternium S.A., táirgeoir OCS i Meicsiceo (37). Chumhdaigh an fhaisnéis airgeadais an bhliain 2023, bhí sí ar fáil go héasca agus bhí iniúchadh agus comhdhlúthú déanta uirthi.

(82)

Cé gur comhdhlúthaíodh an fhaisnéis airgeadais, rinne an Coimisiún amach gur eascair níos mó ná leath den láimhdeachas iomlán ó dhíolacháin i Meicsiceo. Baineadh amach beagnach an láimhdeachas uile ó dhíolacháin táirgí cruach agus baineadh amach thart ar thrian den láimhdeachas ó dhíolacháin táirgí brataithe go sonrach (38). Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún, chun críoch an athbhreithnithe éaga seo, go raibh an fhaisnéis airgeadais ábhartha a dóthain mar fhoinse maidir leis na costais SGA neamhshaofa agus an brabús neamhshaofa.

(83)

Bhí an bhliain tagartha a roghnaíodh, 2023, ag teacht go hiomlán le tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Sa bhliain roghnaithe, bhí an chuideachta brabúsach agus léirigh sí leibhéal réasúnta i dtaca le costais SGA.

3.2.6.   Ríomh an ghnáthluacha

(84)

Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(85)

Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún an costas monaraíochta neamhshaofa. In éagmais chomhoibriú na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair táirgeoir OCS ionadaíoch de chuid an Aontais maidir le húsáid gach toisce táirgeachta (ábhair, fuinneamh agus saothar) chun OCS a mhonarú. Rinneadh tomhaltas aonaid gach toisce táirgeachta a iolrú faoin gcostas neamhshaofa bunaithe ar shonraí ón tír ionadaíoch. Is éard a léiríonn suim chostas neamhshaofa na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair costas neamhshaofa na monaraíochta.

(86)

Nuair a bhí costas neamhshaofa na monaraíochta suite, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, na costais SGA agus an brabús leis.

(87)

Sloinneadh na forchostais mhonaraíochta a bhí ag táirgeoir OCS ionadaíoch de chuid an Aontais mar chóimheas dá chostas monaraíochta. Cuireadh an céatadán sin chun feidhme ansin maidir le luach neamhshaofa chostas na monaraíochta chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil. Forchostais mhonaraíochta a bhí i gceist le 1,5-2 % de chostas na monaraíochta. Trí na forchostais mhonaraíochta neamhshaofa a chur le costas neamhshaofa na monaraíochta, shuigh an Coimisiún an costas táirgthe neamhshaofa.

(88)

Cinneadh na costais SGA agus an brabús bunaithe ar fhaisnéis airgeadais Ternium S.A. le haghaidh 2023 mar a mhínítear in aithrisí (81) go (83). 4,7 % de Chostais na nEarraí a Díoladh a bhí i gceist leis na costais SGA agus 15,8 % a bhí i gceist leis an mbrabús. Cuireadh céatadáin na gcostas SGA neamhshaofa agus an bhrabúis neamhshaofa i bhfeidhm sa bhreis ar an gcostas táirgthe neamhshaofa.

(89)

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Ba é 14 977,99 CNY/tona an gnáthluach ríofa.

3.3.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín

(90)

Tháinig méadú de réir a chéile ar acmhainneacht táirgeachta OCS sa tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú de réir mar a bhí muilte cruach atá comhtháite go hingearach ag infheistiú i monarú táirgí iartheachtacha, amhail táirgí cruach dathbhrataithe. Tháinig méadú ar acmhainneacht táirgeachta iomlán OCS ó 50 milliún tona in 2020 go dtí os cionn 55 mhilliún tona in 2023 (39).

(91)

In 2020, cuireadh ocht líne táirgeachta dathbhrataithe nua leis, ar bhain acmhainneacht iomlán 1,59 milliún tona leo. Cuireadh cúig líne táirgeachta nua i bhfeidhm in 2021 a raibh acmhainneacht 800 000 tona acu. In 2022, bhíothas ag súil go dtógfaí acmhainneacht bhreise 2,3 milliún tona ar fud 11 líne táirgeachta nua i roinnt cúigí lena n-áirítear Tianjin, Liaoning, Fujian, Guangdong, Hebei, agus Fujian (40). Cuireadh moill ar chuid de na tionscadail, áfach, mar gheall ar éileamh intíre marbhánta ar chornaí dathbhrataithe. In 2023, seoladh ocht líne táirgeachta nua ar bhain acmhainneacht iomlán 1,9 milliún tona leo. Bhí tionscal OCS na Síne ceaptha tuilleadh fáis a dhéanamh in 2024 freisin agus bhí acmhainneacht bhreise 2,07 milliún tona beartaithe le haghaidh ocht líne táirgeachta nua (41).

(92)

Tá acmhainneacht táirgeachta sa tSín fós ag fás ar scála ollmhór d’ainneoin a ráta úsáide. An acmhainneacht nua a cruthaíodh le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bheadh an acmhainneacht sin amháin in ann freastal go hiomlán ar an éileamh ar mhargadh an Aontais.

(93)

Rinneadh na hinfheistíochtaí breise i línte táirgeachta OCS d’ainneoin go raibh an úsáid acmhainneachta fós íseal ar bhonn leanúnach. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, thit an úsáid acmhainneachta ó 68 % in 2020 (42) go thart ar 50 % in 2022 agus 2023 (43). Dá bhrí sin, an acmhainneacht bhreise a bhí ar fáil do tháirgeoirí OCS na Síne le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí sí cothrom le beagnach seacht n-oiread an éilimh ar OCS san Aontas.

(94)

Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún, dá n-aisghairfí na bearta, go mbeadh táirgeoirí OCS na Síne in ann margadh an Aontais a phlúchadh lena dtáirge.

3.4.   An gaol idir na praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus an gnáthluach sa tSín

3.4.1.   An Gnáthluach

(95)

Chinn an Coimisiún an gnáthluach mar a mhínítear i roinn 3.2.

3.4.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(96)

In éagmais comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín, cinneadh an praghas onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha ar bhonn staitisticí trádála ó GTA.

(97)

Dá réir sin, shainaithin an Coimisiún an Téalainn, an Indinéis, an India, an Chóiré Theas agus an Tuirc (in ord mhéideanna na n-onnmhairí) mar na príomh-mhargaí onnmhairiúcháin le haghaidh OCS ón tSín i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ba é 38 % d’allmhairí OCS de thionscnamh na Síne ar domhan an méid a bhí sna hallmhairí chuig na cúig thír sin.

(98)

Ceartaíodh an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe in aghaidh na tíre ar leibhéal CAL go leibhéal díreach ón monarcha. Dá bhrí sin, rinneadh an praghas CAL a laghdú de réir an chostais muirlasta agus árachais agus an chostais iompair intíre.

(99)

An laghdú ar an bpraghas CAL go dtí an praghas díreach ón monarcha le haghaidh muirlasta agus árachais, bhunaigh an Coimisiún é ar an gcomhéifeacht idir praghas CAL agus praghas saor ar bord a d’fhoilsigh ECFE sa bhunachar sonraí Costais Iompair agus Árachais Idirnáisiúnta na Trádála i dTráchtearraí. Cinneadh an mheán-chomhéifeacht is infheidhme le haghaidh gach ceann de na ceithre thír ina n-aonar agus ar bhonn na gceithre chód HS4 lena gcumhdaítear an táirge faoi athbhreithniú.

(100)

Rinne an Coimisiún meastachán ar an gcostas iompair intíre bunaithe ar shonraí a bhaineann le honnmhairí ón tSín mar a foilsíodh san eagrán is déanaí den tuarascáil Doing Business (44).

(101)

Bhí na praghsanna onnmhairiúcháin ar leibhéal díreach ón monarcha arna gcinneadh mar a shonraítear in aithrisí (96) agus (100) idir 5 177,18 CNY/tona i gcás na Téalainne agus 6 563,66 CNY/tona i gcás na hIndia.

3.4.3.   Comparáid agus difríocht idir praghsanna

(102)

Chuir an Coimisiún an gnáthluach ríofa a suíodh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán i gcomparáid leis an bpraghas onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán.

(103)

Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an difríocht sa phraghas in iúl mar chéatadán den phraghas CAL atá i réim i ngach ceann de na príomh-mhargaí onnmhairiúcháin.

(104)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur onnmhairigh an tSín OCS chuig an bpríomh-mhargadh onnmhairiúcháin ar phraghas a bhí go mór faoi bhun ghnáthluach OCS. Bhí an difríocht sa phraghas idir 118 %, i gcás na hIndia, agus 173 %, i gcás na Téalainne.

(105)

Léiríonn na torthaí sin iompraíocht phraghsála onnmhaireoirí OCS na Síne ar na margaí onnmhairiúcháin uile. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha gur ar phraghsanna dumpáilte a ndéanfaí onnmhairí ón tSín chuig an Aontas dá dtiocfadh deireadh leis na bearta.

3.5.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(106)

Mar a phléitear i roinn 3.3, tá acmhainneacht táirgeachta bhreise ollmhór ag táirgeoirí OCS na Síne. Is deis tharraingteach é margadh an Aontais freastal ar mhargadh mór ar phraghsanna atá i bhfad níos airde ná praghsanna OCS intíre na Síne agus atá i bhfad níos airde ná praghsanna onnmhairiúcháin a ghearrtar ar chustaiméirí i bpríomh-mhargaí onnmhairiúcháin na Síne, agus ar an gcaoi sin úsáid fhoriomlán na hacmhainneachta a mhéadú. Is fíor sin go háirithe toisc go rialaíonn roinnt tríú tíortha an rochtain atá ag cruach bhrataithe ón tSín ar a margadh trí úsáid a bhaint as coimircí agus bearta frithdhumpála (féach roinn 3.5.3).

3.5.1.   Méid mhargadh an Aontais

(107)

De réir Thuarascálacha Bliantúla MySteel 2022 agus 2023, d’fhan méid bliantúil iomlán na n-onnmhairí cruach dathbhrataithe ón tSín os cionn 6 mhilliún tona ó bhí 2018 ann, agus shroich sé 6,4 milliún tona in 2023.

(108)

Is é sin, is deis tharraingteach atá san Aontas, áit a raibh tomhaltas 3,9 milliún tona OCS i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, chun onnmhairí a mhéadú níos mó ná 60 %.

(109)

Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur dócha go spreagfadh méid mhargadh an Aontais táirgeoirí na Síne chun a n-acmhainneachtaí táirgeachta neamhúsáidte a athghníomhachtú agus chun onnmhairí atá dírithe ar mhargadh an Aontais a mhéadú.

3.5.2.   An gaol idir na praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus leibhéal na bpraghsanna san Aontas

(110)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí praghas tháirgeoirí an Aontais 30 % go 60 % ní b’airde ná an praghas onnmhairiúcháin a ghearr onnmhaireoirí OCS na Síne ar na cúig phríomh-mhargadh onnmhairiúcháin, arna choigeartú don phraghas CAL ag teorainn an Aontais.

(111)

Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur dreasacht iad na leibhéil praghsanna atá i réim ar mhargadh an Aontais d’onnmhaireoirí OCS na Síne chun a n-onnmhairí a atreorú ó thríú tíortha chuig an Aontas dá dtiocfadh deireadh leis na bearta.

3.5.3.   Rochtain ar mhargaí tríú tíortha

(112)

Tá bearta frithdhumpála i gcoinne onnmhairí OCS ón tSín i bhfeidhm san Astráil (45), sa Mhalaeisia (46), i Meicsiceo (47), sa Phacastáin (48), in Aontas Custaim Dheisceart na hAfraice (‘SACU’) (49), sa Téalainn (50), sa Ríocht Aontaithe (51) agus i Vítneam (52).

(113)

Ina theannta sin, tá allmhairí OCS ón tSín, i measc allmhairí eile, faoi réir bearta coimirce (53) i gCeanada, san India, i Maracó, sa Tuirc, sa Ríocht Aontaithe, sa tSaimbia, i dtíortha Chomhairle Comhair na Murascaille agus i dtíortha Aontas Custaim Dheisceart na hAfraice.

(114)

Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún sa deireadh, dá n-aisghairfí na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair, gur dócha go ndéanfadh táirgeoirí OCS na Síne onnmhairí a atreorú chuig an Aontas ar phraghsanna dumpáilte.

3.6.   Conclúid

(115)

Tugann na praghsanna ar phríomh-mhargaí onnmhairiúcháin na Síne le fios gur dócha go ndíolfaí onnmhairí OCS na Síne ar phraghsanna dumpáilte i margadh an Aontais dá ligfí do na bearta dul i léig. Is leor an acmhainneacht bhreise atá ann cheana sa tSín chun tomhaltas iomlán an Aontais a chumhdach. Rinneadh amach go raibh margadh an Aontais tarraingteach do tháirgeoirí OCS na Síne i dtéarmaí a mhéide agus a phraghsanna. Tugann tomhaltas iomlán OCS san Aontas deis don tSín a honnmhairí a mhéadú go mór.

(116)

Ina theannta sin, tá na praghsanna atá i réim ar mhargadh an Aontais i bhfad níos airde ná praghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig na príomh-mhargaí onnmhairiúcháin. Ó tharla go bhfuil roinnt tríú margaí fós dúnta nó inrochtaineacht theoranta orthu mar gheall ar bhearta cosanta trádála atá i bhfeidhm, cuirtear le tarraingteacht mhargadh an Aontais.

(117)

An méid uile a luaitear thuas, is dreasacht láidir é do tháirgeoirí na Síne chun (a) acmhainneacht táirgeachta díomhaoin a athghníomhachtú agus/nó (b) a ndíolacháin intíre nó a ndíolacháin chuig tríú margaí a atreorú chuig an Aontas. Is dócha gur ar phraghsanna dumpáilte a mbeadh onnmhairí den sórt sin chuig an Aontas agus go ndéanfaí praghas tháirgeoirí an Aontais a shladghearradh.

(118)

Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún sa deireadh gur dhócha go ndéanfaí an dumpáil an athuair dá n-aisghairfí na bearta.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(119)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí níos mó ná 20 táirgeoir aitheanta san Aontas ag monarú OCS, agus cuid acu comhlachaithe le chéile. Baineann roinnt de na táirgeoirí sin le grúpaí déanta cruach.

(120)

Measadh gur 3 981 155 thona a bhí i dtáirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar bhonn na bhfreagraí a thug táirgeoirí sampláilte an Aontais ar an gceistneoir agus ar bhonn na sonraí a chuir an t-iarratasóir isteach. Is éard atá i gceist le tionscal an Aontais, de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán, táirgeoirí an Aontais, arb iadsan atá freagrach as táirgeacht iomlán an Aontais.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(121)

Rinneadh amach san imscrúdú go n-úsáideann sciar de thionscal an Aontais a tháirgeacht le haghaidh úsáid faoi chuing, is é sin gur minic a aistrítear é (gan sonrasc) agus/nó a sheachadtar ar phraghsanna aistrithe é laistigh den chuideachta chéanna nó den ghrúpa cuideachtaí céanna le haghaidh próiseáil iartheachtach bhreise. Mar a bhí i gceist san imscrúdú bunaidh (aithrisí (68)-(69) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/687 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2019, measadh go mbíonn táscairí eacnamaíocha amhail táirgeacht, acmhainneacht, úsáid acmhainneachta, infheistíochtaí, stoic, fostaíocht, táirgiúlacht, pá agus an cumas caipiteal a chruinniú ag brath ar an ngníomhaíocht iomlán, gan beann ar cé acu lena húsáid faoi chuing atá an táirgeacht nó lena díol ar an saormhargadh. Maidir le méid na ndíolachán agus praghsanna díola ar mhargadh an Aontais, sciar den mhargadh, fás, méid onnmhairiúcháin agus praghsanna, áfach, díríonn siad ar an staid atá i réim ar an saormhargadh (agus dá bhrí sin ní chuirtear gníomhaíochtaí faoi chuing san áireamh). Dá bhrí sin, ceartaíodh na táscairí díobhála le haghaidh na húsáide aitheanta faoi chuing agus na ndíolachán i dtionscal an Aontais. De thoradh an ríofa sin, os rud é, ar thaobh amháin, go raibh an méid a úsáideadh faoi chuing teoranta ann féin (idir 5 % agus 10 % den táirgeadh) agus, ar an taobh eile, gur méadaíodh air i gcomhréir leis na méideanna a díoladh ar an saormhargadh, ní dhearnadh tuilleadh anailíse ar leithligh air.

(122)

Suíodh tomhaltas an Aontais ar bhonn (i) staitisticí allmhairiúcháin Eurostat agus (ii) méideanna díolachán thionscal an Aontais san Aontas mar a chuir an t-iarratasóir isteach iad. Rinneadh na méideanna díolachán sin a chros-seiceáil agus a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá a mhéid a bhaineann le táirgeoirí sampláilte an Aontais mar thoradh ar na cuairteanna fíorúcháin ar a n-áitreabh.

(123)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais (tonaí)

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Tomhaltas iomlán an Aontais

4 626 291

5 109 594

4 794 716

4 240 902

Innéacs (2020=100)

100

110

104

92

Foinse:

Freagraí fíoraithe ar an gceistneoir agus Eurostat.

(124)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 8 % ar thomhaltas an Aontais. Dar le táirgeoirí sampláilte an Aontais, is éard ba chúis leis an laghdú ar thomhaltas an Aontais i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe feidhmiú eacnamaíoch níos ísle na Gearmáine agus éileamh níos ísle ar OCS dá réir sin.

4.3.   Allmhairí ón tSín

4.3.1.   Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(125)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí agus na praghsanna ar bhonn staitisticí allmhairiúcháin ar leibhéal TARIC trí úsáid a bhaint as faisnéis a bailíodh ar fhorais Airteagal 14(6) den bhun-Rialachán.

(126)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí ón tSín isteach san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 3

An méid allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An méid allmhairí ón tSín (tonnaí)

4 331

1 083

2 432

2 554

Innéacs (2020=100)

100

25

56

59

Sciar den mhargadh (%)

0,09

0,02

0,05

0,06

Innéacs (2020=100)

100

22

53

63

Foinse:

Eurostat.

(127)

Bhí méid na n-allmhairí ón tSín diomaibhseach le linn na tréimhse iomlán faoi bhreathnú.

4.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tSín agus sladghearradh praghais

(128)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar phraghas na n-allmhairí ón tSín isteach san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 4

Praghsanna allmhairí (EUR/tona)

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

an tSín

594

1 639

1 675

1 167

Innéacs (2020=100)

100

276

282

196

Foinse:

Eurostat.

(129)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 97 % ar phraghsanna allmhairí ón tSín ach i rith an ama sin bhí feidhm acu maidir le méideanna íosta allmhairí. Ní féidir a mheas go bhfuil na méideanna íosta allmhairí sin ionadaíoch agus ní féidir aon ríomh fóinteach ar shladghearradh praghais a dhéanamh bunaithe orthu.

4.4.   Allmhairí ó thríú tíortha nach an tSín iad

(130)

Maidir le hallmhairí cruach le bratú orgánach uirthi ó thríú tíortha nach an tSín iad, is ón India, ó Phoblacht na Cóiré, ón Ríocht Aontaithe, ó Vítneam, ón Tuirc, ón Téaváin, ón Macadóin Thuaidh agus ón Rúis a tháinig siad den chuid is mó.

(131)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid na n-allmhairí isteach san Aontas, ar an sciar den mhargadh agus ar threochtaí praghsanna i gcás allmhairí cruach le bratú orgánach uirthi ó thríú tíortha eile:

Tábla 5

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An India

Méid (tonaí)

89 242

152 445

266 726

211 683

 

Innéacs (2020=100)

100

171

299

237

 

Sciar den mhargadh (%)

1,9

3,0

5,6

5,0

 

Meánphraghas (EUR/tona)

759

1 109

1 389

1 038

 

Innéacs (2020=100)

100

146

183

137

Poblacht na Cóiré

Méid (tonaí)

95 319

128 150

204 542

197 508

 

Innéacs (2020=100)

100

134

215

207

 

Sciar den mhargadh (%)

2,1

2,5

4,3

4,7

 

Meánphraghas (EUR/tona)

863

1 113

1 659

1 230

 

Innéacs (2020=100)

100

129

192

143

An Ríocht Aontaithe (*1)

Méid (tonaí)

93 266

90 602

81 935

107 261

 

Innéacs (2021=100)

100

97

88

115

 

Sciar den mhargadh (%)

2,0

1,8

1,7

2,5

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 787

1 647

2 040

1 712

 

Innéacs (2021=100)

100

92

114

96

Tríú tíortha eile

Méid (tonaí)

198 850

256 840

310 654

181 455

 

Innéacs (2020=100)

100

129

156

91

 

Sciar den mhargadh (%)

4,3

5,0

6,5

4,3

 

Meánphraghas (EUR/tona)

747

1 044

1 435

1 102

 

Innéacs (2020=100)

100

140

192

148

Iomlán na dtríú tíortha seachas an tSín

Méid (tonaí)

476 677

628 037

863 857

697 907

 

Innéacs (2020=100)

100

132

181

146

 

Sciar den mhargadh (%)

10,3

12,3

18,0

16,5

 

Meánphraghas (EUR/tona)

779

1 161

1 531

1 212

 

Innéacs (2020=100)

100

149

197

156

Foinse:

Eurostat.

(132)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú ar mhéid na n-allmhairí ó thríú tíortha agus bhí sciar 16,5 % den mhargadh bainte amach acu. Is ón India agus ón gCóiré a tháinig formhór na n-allmhairí sin, agus ón Ríocht Aontaithe, ó Vítneam, ón Tuirc agus ón Téaváin ina dhiaidh sin. Tháinig méadú suntasach ar allmhairí ón India agus ó Phoblacht na Cóiré agus is beag nár tháinig méadú faoi dhó ar a sciar comhcheangailte den mhargadh, agus é ag 9,7 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Bhí meánphraghsanna na n-allmhairí ón India agus ó Phoblacht na Cóiré faoi bhun phraghsanna díola thionscal an Aontais, rud a chuir brú ar na praghsanna OCS a bhí i réim ar mhargadh an Aontais.

4.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.5.1.   Barúlacha ginearálta

(133)

Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(134)

Mar a luaitear in aithris (12), úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch thionscail an Aontais a mheasúnú.

(135)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí i bhfreagra fíoraithe an iarratasóra ar an gceistneoir agus iad cros-seiceáilte leis na freagraí fíoraithe a thug táirgeoirí sampláilte an Aontais ar an gceistneoir. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí a thug táirgeoirí sampláilte an Aontais ar an gceistneoir (féach aithris (21)). Fuarthas go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(136)

Rinneadh measúnú ar na táscairí maicreacnamaíocha (táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, méid na ndíolachán, sciar den mhargadh, fostaíocht, táirgiúlacht, fás, méid na gcorrlach dumpála agus téarnamh ó éifeachtaí na dumpála roimhe seo) ar leibhéal thionscal iomlán an Aontais. Bhí an measúnú bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir agus í cros-seiceáilte leis na freagraí fíoraithe a thug táirgeoirí sampláilte an Aontais ar an gceistneoir.

(137)

Rinneadh an anailís ar tháscairí micreacnamaíocha (stoic, praghsanna díola, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí, an cumas caipiteal a chruinniú, agus pá) ar leibhéal tháirgeoirí sampláilte an Aontais. Bhí an measúnú bunaithe ar fhaisnéis na dtáirgeoirí a fíoraíodh go cuí le linn cuairt fíorúcháin ar an láthair.

4.5.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.5.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(138)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 6

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Méid táirgeachta (tonaí)

4 721 729

5 251 800

4 396 916

3 981 155

Innéacs (2020=100)

100

111

93

84

Acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

6 311 442

6 335 399

6 492 638

6 420 797

Innéacs (2020=100)

100

100

103

102

Úsáid acmhainneachta (%)

74,8

82,9

67,7

62,0

Innéacs (2020=100)

100

111

91

83

Foinse:

Freagra ar an macraicheistneoir.

(139)

Tháinig méadú ar an méid táirgeachta den chéad uair in 2021 nuair a bhí ag éirí go maith leis an earnáil foirgníochta le linn phaindéim COVID-19 in 2020 agus 2021. Tháinig méadú ar an acmhainneacht táirgeachta freisin. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, áfach, bhí laghdú foriomlán ar an méid táirgeachta (-16 %) agus ar an úsáid acmhainneachta (-17 %) ó tharla go raibh geilleagar an Aontais ag dul i ngleic, ó bhí 2022 ann, le laghdú ar fheidhmíocht eacnamaíoch, le boilsciú a bhí ag dul in airde agus le costas táirgthe méadaithe (pá agus praghsanna na n-ábhar tógála ag dul i méid).

4.5.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(140)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 7

An méid allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An méid díolachán ar mhargadh an Aontais

4 145 282

4 480 473

3 928 427

3 540 441

Innéacs (2020=100)

100

108

95

85

Sciar den mhargadh (%)

89,6

87,7

81,9

83,5

Innéacs (2020=100)

100

98

91

93

Foinse:

Freagraí fíoraithe ar an gceistneoir.

(141)

Tháinig laghdú 15 % ar dhíolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú de réir na treochta eacnamaíche a dtugtar tuairisc uirthi in aithrisí (124) agus (139).

(142)

Mar a léirítear i dtábla 7, tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, is é sin ó 89,6 % go 83,5 %.

4.5.2.3.   Fás

(143)

D’éirigh le tionscal an Aontais tairbhe shealadach a bhaint as fás ar mhargadh an Aontais maidir le feidhmíocht níos airde na hearnála foirgníochta agus éileamh níos airde ar tháirgí cruach in 2020 agus 2021. Choinnigh tionscal an Aontais sciartha margaidh móra le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú. Tar éis na ndúshlán eacnamaíoch a dtugtar tuairisc orthu in aithris (139), áfach, cuirtear an cumas fáis a bheidh ann amach anseo i mbaol.

4.5.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(144)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 8

Fostaíocht agus táirgiúlacht

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An líon fostaithe

8 326

8 615

7 931

7 235

Innéacs (2020=100)

100

103

95

87

Táirgiúlacht (tona/coibhéiseach lánaimseartha)

567

610

554

550

Innéacs (2020=100)

100

108

98

97

Foinse:

Freagraí fíoraithe ar an gceistneoir.

(145)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú ar fhostaíocht agus ar tháirgiúlacht i measc lucht saothair tháirgeoirí an Aontais. Tomhaistear táirgiúlacht mar aschur (tonaí) in aghaidh an duine fostaithe in aghaidh na bliana. Is léiriú na treochtaí laghdaitheacha sin ar an laghdú foriomlán ar an táirgeacht agus an méid díolachán.

4.5.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo

(146)

Ós rud é go raibh méideanna na n-allmhairí dumpáilte ón tSín íseal, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar bhonn le cinneadh maidir le dumpáil ná le méid na dumpála. Shuigh an Coimisiún in aithris (160) thíos gur léirigh tionscal an Aontais ina iomláine téarnamh ó dhumpáil roimhe seo le linn 2021 agus 2022. Tharla an téarnamh sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, áfach, go háirithe an borradh san earnáil foirgníochta de dheasca phaindéim COVID-19. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (166) thíos gurbh é an méadú ar an gcostas táirgthe, an laghdú ar thomhaltas agus an méadú ar allmhairí ó thíortha eile, go háirithe an India agus Poblacht na Cóiré, ba chúis leis an díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.5.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.5.3.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(147)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 9

Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/tonaí)

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An meánphraghas díola aonaid san Aontas ar an margadh iomlán

891

1 239

1 668

1 241

Innéacs (2020=100)

100

139

187

139

Costas táirgthe in aghaidh an aonaid

897

1 117

1 447

1 365

Innéacs (2020=100)

100

125

161

152

Foinse:

Freagraí fíoraithe a thug táirgeoirí sampláilte an Aontais ar an gceistneoir.

(148)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 52 % ar chostas táirgthe thionscal an Aontais. Bhí an méadú sin ar chostas an-láidir in 2021 agus 2022 mar gheall ar an gcogadh foghach gan chúis gan údar atá an Rúis a chur ar an Úcráin, cogadh arb é ba chúis le praghsanna fuinnimh ar leibhéil nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, ardú ar phraghsanna amhábhar áirithe eile, méadú ar bhoilsciú agus méadú ar phá. Ina theannta sin, mar thoradh ar an laghdú mór ar éileamh an Aontais in 2022 agus i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí méideanna táirgeachta i bhfad ní b’ísle, rud a chuir leis na costais aonaid sheasta bhreise. In 2023, d’athraigh an treocht sin beagán agus tháinig laghdú 6 % ar chostas an táirgthe i gcomparáid le 2022.

(149)

Cé go raibh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna díola a mhéadú a thuilleadh trí na costais bhreise sin a chur ar aghaidh in 2021 agus 2022, áfach, níorbh fhéidir sin a dhéanamh in 2023. Mar gheall ar an laghdú ar éileamh an Aontais i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, sin agus praghsanna ísle na n-allmhairí, ón India agus ó Phoblacht na Cóiré go háirithe, bhí tionscal an Aontais ag díol faoi bhun a chostais táirgthe i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.5.3.2.   Costais saothair

(150)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 10

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

86 061

92 649

92 432

96 544

Innéacs (2020=100)

100

108

107

112

Foinse:

Freagraí fíoraithe a thug táirgeoirí sampláilte an Aontais ar an gceistneoir.

(151)

Tháinig méadú 12 % ar na meánleibhéil phá le linn na tréimhse faoi bhreathnú, i bpáirt mar gheall ar an ráta ard boilscithe.

4.5.3.3.   Fardail

(152)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 11

Fardail

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Stoic dheiridh (tonaí)

72 564

70 446

60 451

64 790

Innéacs (2020=100)

100

97

83

89

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht (%)

1,5

1,3

1,4

1,6

Innéacs (2020=100)

100

87

89

106

Foinse:

Freagraí fíoraithe a thug táirgeoirí sampláilte an Aontais ar an gceistneoir.

(153)

Laghdaigh táirgeoirí an Aontais a stoc le linn na tréimhse faoi bhreathnú, i gcomhréir leis na laghduithe ar tháirgeacht agus ar dhíolacháin. Ní mheastar, áfach, go bhfuil an táscaire sin an-ábhartha don mheasúnú ar staid eacnamaíoch tháirgeoirí an Aontais. Is ar bhonn orduithe a tháirgtear OCS den chuid is mó. In aon chás, bhí níos lú ná 2 % de na díolacháin iomlána i gceist leis na stoic le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.5.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú

(154)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 12

Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

 

2020

2021

2022

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe (%) de láimhdeachas na ndíolachán)

-0,6

13,4

16,2

-5,7

Innéacs (2020=100)

- 100

2 322

2 808

- 993

Sreabhadh airgid (EUR)

54 308 572

176 906 495

317 026 060

-28 263 914

Innéacs (2020=100)

100

326

584

-52

Infheistíochtaí (EUR)

18 760 581

24 443 392

23 277 582

30 845 548

Innéacs (2020=100)

100

130

124

164

Toradh ar infheistíochtaí (%)

-0,5

6,9

9,9

-2,4

Innéacs (2020=100)

- 100

1 470

2 160

- 523

Foinse:

Freagraí fíoraithe a thug táirgeoirí sampláilte an Aontais ar an gceistneoir.

(155)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas trí ghlanbhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

(156)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí tionscal an Aontais brabúsach in 2021 agus 2022. Ar an iomlán, d’éirigh go maith leis an earnáil foirgníochta le linn phaindéim COVID-19 in 2020 agus ina dhiaidh sin in 2021 agus 2022. Rátaí úis ísle, dianghlasálacha gearra san earnáil foirgníochta, infheistíochtaí méadaithe agus oibreacha ar athchóiriú maoine, spreag na nithe sin éileamh ar tháirgí foirgníochta. Mar thoradh air sin, d’éirigh le tionscal an Aontais a mhéid díolachán agus táirgeachta a mhéadú chomh maith lena phraghsanna díola agus bhain sé corrlaigh bhrabúis mhóra amach. Tharla sin uile sna blianta tar éis fhorchur na mbeart bunaidh. Tar éis gur thosaigh an tomhaltas ag moilliú in 2022 agus gur lean an titim in 2023, áfach, ba dhiúltach brabúsacht thionscal an Aontais agus thabhaigh tionscal an Aontais caillteanas mór 5,7 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(157)

Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Lean treocht an ghlansreafa airgid forbairt bhrabúsacht fhoriomlán thionscal an Aontais.

(158)

Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rinne tionscal an Aontais, atá an-dian ar chaipiteal, infheistíochtaí rialta chun an t-innealra táirgthe a bhí ann cheana a optamú agus a uasghrádú. Ina theannta sin, rinneadh infheistíochtaí móra chun ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, cosaint an chomhshaoil agus sábháilteacht oibre níos fearr. Ag brath ar an gcuideachta, bhí infheistíochtaí ann a bhí dírithe ar chostais a laghdú, ar fhuinneamh a optamú agus/nó ar shaoráidí a athchóiriú a raibh tionchar diúltach ag an úsáid acmhainneachta níos ísle a tugadh faoi deara le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh orthu.

(159)

Maidir leis an toradh ar infheistíochtaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, lean sé treocht na brabúsachta go dlúth. Ó forchuireadh na bearta, tá feabhas tagtha ar an gcumas caipiteal a chruinniú.

4.6.   Conclúid maidir le díobháil

(160)

Rinneadh amach san imscrúdú gur léirigh tionscal an Aontais ina iomláine téarnamh ó dhumpáil roimhe seo le linn 2021 agus 2022. Tharla an téarnamh sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, áfach, go háirithe an borradh san earnáil foirgníochta de dheasca phaindéim COVID-19. Nuair a d’fhill staid an mhargaidh ar an ngnáthstaid, rinneadh an téarnamh sin a aisiompú.

(161)

Tá sé sin le feiceáil go háirithe i mbrabúsacht thionscal an Aontais: ós rud é nach raibh tionscal an Aontais in ann praghsanna a mhéadú i gcomhréir le costais a bhí ag dul in airde, bhí sé ag déanamh caillteanas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tá an díobháil le feiceáil i dtáscairí tábhachtacha eile freisin, amhail caillteanas mór ó thaobh méideanna táirgeachta agus díolachán agus ó thaobh an sciar den mhargadh.

(162)

Ar bhonn a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(1) den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

5.   CÚISÍOCHT

(163)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, chaill tionscal an Aontais méideanna móra díolachán ar mhargadh an Aontais de réir mar a tháinig laghdú 15 % ar a dhíolacháin san Aontas. De réir mar a tháinig titim 8 % ar thomhaltas, tháinig laghdú nach beag ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais, is é sin laghdú 6,1 pointe céatadáin ó 89,6 % go 83,5 %.

(164)

Ní raibh ról ag allmhairí ón tSín maidir leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Mar a sonraítear in aithris (129), bhí leibhéal na n-allmhairí ón tSín diomaibhseach i gcaitheamh na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí ról ag allmhairí ó thíortha eile, áfach: bhí sciar 10,3 % den mhargadh acu in 2020 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mhéadaigh an sciar a bhí acu de mhargadh an Aontais go 16,5 %. Thairis sin, an dá fhoinse allmhairí ba thábhachtaí a raibh sciar thart ar 5 % den mhargadh acu araon le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mar atá an India agus Poblacht na Cóiré, tharraing a gcuid praghsanna síos praghsanna thionscal an Aontais. Mar gheall ar a bpraghsanna ísle, bhí sé dodhéanta do thionscal an Aontais a chostas táirgthe iomlán a léiriú ina phraghsanna díola le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(165)

Bhí ar thionscal an Aontais dul i ngleic le méadú mór ar phraghsanna an fhuinnimh agus na bpríomhábhar ionchuir tar éis thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Bhí tionscal an Aontais in ann déileáil leis sin, agus leas á bhaint aige as an margadh foirgníochta a bhí ag dul i méid tar éis phaindéin COVID-19 in 2021 agus 2022 agus, dá bhrí sin, na costais sin a léiriú ina phraghsanna díola. Ní raibh sé sin indéanta a thuilleadh in 2023, áfach.

(166)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár chuir allmhairí ón tSín leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais, ach go raibh tosca eile ina gcúis leis an díobháil sin, go háirithe an méadú ar chostas táirgthe, an titim ar thomhaltas agus an méadú ar allmhairí ó thíortha eile, go háirithe ón India agus ó Phoblacht na Cóiré.

(167)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún breis measúnaithe a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar cibé acu an dócha nó nach dócha go ndéanfaí díobháil an athuair arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón tSín ba chúis léi i dtosach báire dá ligfí do na bearta in aghaidh na n-allmhairí sin dul i léig.

6.   AN DÓCHÚLACHT GO DTARLÓIDH AN DÍOBHÁIL AN ATHUAIR

(168)

Rinne an Coimisiún measúnú ar na gnéithe seo a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín; tarraingteacht mhargadh an Aontais agus praghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí tríú tíortha; cumas ionsúcháin féideartha margaí tríú tíortha; leibhéil na bpraghsanna is dócha a bheidh ar allmhairí ón tSín in éagmais bearta frithdhumpála agus an tionchar a bheidh acu ar thionscal an Aontais.

6.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín

(169)

Mar a leagtar amach in aithrisí (90) go (94) thuas, tá acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise shuntasach sa tSín lena bhféadfaí onnmhairí chuig margadh an Aontais a mhéadú go pras sa chás go ligfí do na bearta frithdhumpála dul in éag. Bá é 55 mhilliún tona acmhainneacht táirgeachta sa tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ós rud é gurbh é 50 % an ráta úsáide acmhainneachta, tá an acmhainneacht bhreise amháin cothrom le 6-7 n-oiread thomhaltas an Aontais.

6.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais agus praghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí tríú tíortha

(170)

Mar a leagtar amach in aithrisí (106) go (114), is margadh tarraingteach é margadh an Aontais i dtéarmaí méide agus praghsanna. In 2023, le saormhargadh a bhfuil 4,2 milliún tona i gceist leis, tá margadh an Aontais ar cheann de na margaí is mó ar domhan. Thairis sin, tá praghsanna ar mhargadh an Aontais i bhfad níos airde ná praghsanna OCS intíre na Síne agus i bhfad níos airde ná praghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig na príomh-mhargaí onnmhairiúcháin atá ag an tSín faoi láthair.

6.3.   Cumas ionsúcháin féideartha margaí tríú tíortha

(171)

Mar a leagtar amach in aithris (112), tá bearta frithdhumpála i gcoinne allmhairí OCS ón tSín i bhfeidhm i sé mhargadh tríú tír thábhachtacha. Fágann sé sin nach bhfuil na margaí sin chomh tarraingteach céanna do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne agus is gné bhreise é a thacaíonn leis an gcinneadh gur dócha go n-úsáidfí an acmhainneacht táirgeachta atá ag an tSín faoi láthair chun freastal ar mhargadh an Aontais dá n-aisghairfí na bearta.

6.4.   Leibhéil na bpraghsanna is dócha a bheidh ar allmhairí ón tSín in éagmais bearta frithdhumpála agus an tionchar a bheidh acu ar thionscal an Aontais

(172)

Mar a mhínítear in aithrisí (110) agus (111), bhí praghsanna na Síne ar a bpríomh-mhargadh onnmhairiúcháin go mór faoi bhun phraghsanna díola thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tá dóchúlacht ann go nglacfadh táirgeoirí OCS na Síne iompraíocht phraghsála inchomparáide agus iad ag onnmhairiú chuig an Aontas dá rachadh na bearta bunaidh i léig. Mura leanfar de na bearta frithdhumpála a chur i bhfeidhm, gearrfaidh na praghsanna sin go mór faoi phraghsanna thionscal an Aontais agus is éard a bheidh mar thoradh orthu sochtadh praghsanna de dheasca allmhairí ón tSín.

6.5.   Conclúid

(173)

I bhfianaise a bhfuil thuas, thángthas ar an gconclúid gurb é is dóichí a tharlódh in éagmais beart go dtiocfadh méadú mór ar allmhairí dumpáilte ón tSín ar phraghsanna díobhálacha, agus dá bharr sin go ndéanfaí staid dhíobhálach thionscal an Aontais níos measa fós.

7.   LEAS AN AONTAIS

(174)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála reatha ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí.

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(175)

Léiríodh san imscrúdú dá rachadh na bearta in éag, gur dóchúil go mbeadh tionchar diúltach mór aige sin ar thionscal an Aontais. Thiocfadh meath breise ar staid thionscal an Aontais go tapa i dtaobh méideanna díolachán agus praghsanna a bheith ag laghdú, rud a d’fhágfadh go mbeadh caillteanais ag dul i méid. Dá leanfaí leis na bearta, bheadh tionscal an Aontais in ann leas breise a bhaint as a acmhainneacht ar mhargadh an Aontais, ar margadh é a chuirfeadh cothrom iomaíochta ar fáil.

(176)

Dá bhrí sin, is chun leas thionscal an Aontais é na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm a choinneáil ar bun.

7.2.   Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a shampláil

(177)

Mar a luaitear in aithris (15) thuas, chuathas i dteagmháil le deich n-allmhaireoir aitheanta san imscrúdú seo agus iarradh orthu comhoibriú a dhéanamh. Níor tháinig aon cheann acu chun cinn ná níor chomhoibrigh siad ar bhealach ar bith san imscrúdú.

(178)

Meabhraítear gur cinneadh san imscrúdú bunaidh, i bhfianaise bhrabúis agus fhoinsí soláthair na n-allmhaireoirí, nár dhíréireach an tionchar diúltach a bheadh ag forchur na mbeart ar allmhaireoirí, dá mba ann d’aon tionchar diúltach.

(179)

San imscrúdú seo, níl aon fhianaise ar comhad a thugann a mhalairt le fios agus is féidir a dheimhniú, dá réir sin, nach raibh aon tionchar diúltach substaintiúil ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ar staid airgeadais na n-allmhaireoirí agus nach ndéanfaí difear míchuí dóibh dá leanfaí leis na bearta sin.

7.3.   Leas na n-úsáideoirí

(180)

Chuathas i dteagmháil le 59 n-úsáideoir aitheanta san imscrúdú seo agus iarradh orthu comhoibriú a dhéanamh. Níor tháinig aon úsáideoir chun cinn ná níor chomhoibrigh aon úsáideoir ar bhealach ar bith san imscrúdú.

(181)

Meabhraítear gur chuir deich n-úsáideoir freagraí ar an gceistneoir isteach san imscrúdú bunaidh. Cinneadh an tráth sin, i bhfianaise bhrabúis agus fhoinsí soláthair na n-úsáideoirí, nár dhíréireach an tionchar diúltach a bheadh ag forchur na mbeart ar úsáideoirí, dá mba ann d’aon tionchar diúltach.

(182)

San imscrúdú seo, níl aon fhianaise ar comhad a thugann le fios go ndearna na bearta atá i bhfeidhm difear dóibh ar aon bhealach diúltach. Go deimhin, chuir an t-iarratasóir fianaise isteach gur tháinig feabhsuithe ar an mbrabúsacht i gcás príomhúsáideoirí le linn na tréimhse faoi athbhreithniú. De réir na hiarrata, níl tionchar suntasach ag na bearta atá i bhfeidhm ar úsáideoirí ná ar thomhaltóirí toisc gur cuid dhiomaibhseach de chostas na dtáirgí iartheachtacha é OCS (mar shampla EUR 0,42 den chostas a bhaineann le meaisín níocháin a tháirgeadh nó 0,4 % den infheistíocht i bhfoirgneamh monarchan folamh).

(183)

Ar an mbonn sin, dearbhaítear nach raibh aon tionchar diúltach substaintiúil ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ar staid airgeadais na n-úsáideoirí agus nach ndéanfaí difear míchuí dóibh dá leanfaí leis na bearta.

7.4.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

(184)

Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach ann d’aon chúis mhaith ó thaobh leas an Aontais de gan na bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí cruach le bratú orgánach uirthi de thionscnamh na Síne a choinneáil ar bun.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(185)

Ar bhonn na gconclúidí ar ar tháinig an Coimisiún maidir le hatarlú na dumpála, atarlú na díobhála agus leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála maidir le cruach le bratú orgánach uirthi de thionscnamh na Síne a choinneáil ar bun.

(186)

Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a chuirtear sonrasc tráchtála bailí faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go dtabharfaí an sonrasc sin ar aird, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’.

(187)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(188)

Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin.

(189)

Tá feidhm ag na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na Síne é agus a tháirgtear ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí cruach le bratú orgánach uirthi arna táirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair.

(190)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfí na dleachtrátaí frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (54). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(191)

Tugadh fógra do gach páirtí leasmhar faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe a raibh sé beartaithe ar a mbonn sin a mholadh go gcoinneofaí na bearta atá ann cheana ar bun. Tugadh tréimhse dóibh freisin lena bhféadfaidís uiríll a dhéanamh tar éis an nochta sin. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(192)

Onnmhaireoir nó táirgeoir nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme faoi láthair maidir lena onnmhairí a shocrú, féadfaidh an t-onnmhaireoir nó an táirgeoir sin a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí faoi réir an dleachtráta frithdhumpála é le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) ní dhearna sé an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme maidir lena onnmhairí a shocrú; (ii) níl sé comhlachaithe le cuideachta a rinne amhlaidh agus atá faoi réir na mbeart dá bhrí sin; agus (iii) d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann ina dhiaidh sin nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air é sin a dhéanamh i gcainníochtaí substaintiúla.

(193)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (55), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuirfeadh an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(194)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu, i.e. táirgí cothromrollta de chruach neamh-chóimhiotail agus cóimhiotail (gan cruach dhosmálta san áireamh) atá péinteáilte, vearnaiseáilte nó brataithe le plaistigh ar thaobh amháin ar a laghad, seachas ‘painéil shrathaithe’ mar a thugtar orthu, de chineál a úsáidtear le haghaidh feidhmeanna tógála agus ina bhfuil dhá leathán miotail lasmuigh agus croí cobhsaí d’ábhar inslithe eatarthu, seachas na táirgí sin a bhfuil bratú deiridh deannaigh since orthu (péint ar mhórán since ina bhfuil, de réir meáchain, 70 % nó níos mó de shince), agus seachas na táirgí sin le foshraith le bratú miotalach cróimiam nó stáin, ar táirgí iad a thagann faoi na cóid AC seo a leanas faoi láthair: ex 7210 70 80 , ex 7212 40 80 , ex 7225 99 00 , agus ex 7226 99 70 (cóid TARIC 7210 70 80 11, 7210 70 80 91, 7212 40 80 01, 7212 40 80 21, 7212 40 80 82, 7225 99 00 11, 7225 99 00 91, 7226 99 70 11 agus 7226 99 70 91), agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.

2.   Is mar a leanas a bheidh an dleachtráta frithdhumpála cinntitheach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Cuideachta

Dleacht (%)

Cód breise TARIC

Union Steel China

0

B311

Zhangjiagang Panhua Steel Strip Co., Ltd, Chongqing Wanda Steel Strip Co., Ltd, agus Zhangjiagang Free Trade Zone Jiaxinda International Trade Co., Ltd.

26,1

B312

Zhejiang Huadong Light Steel Building Material Co. Ltd agus Hangzhou P.R.P.T. Metal Material Company, Ltd.

5,9

B313

Angang Steel Company Limited

16,2

B314

Anyang Iron Steel Co., Ltd.

0

B315

Baoshan Iron & Steel Co., Ltd.

0

B316

Baoutou City Jialong Metal Works Co., Ltd.

16,2

B317

Changshu Everbright Material Technology Co., Ltd.

16,2

B318

Changzhou Changsong Metal Composite Material Co., Ltd.

16,2

B319

Cibao Modern Steel Sheet Jiangsu Co., Ltd.

0

B320

Inner Mongolia Baotou Steel Union Co.,Ltd.

16,2

B321

Jiangyin Ninesky Technology Co.,Ltd.

0

B322

Jiangyin Zhongjiang Prepainted Steel Mfg Co., Ltd.

0

B323

Jigang Group Co., Ltd.

16,2

B324

Maanshan Iron & Steel Company Limited

16,2

B325

Qingdao Hangang Color Coated Sheet Co., Ltd.

16,2

B326

Shandong Guanzhou Co., Ltd.

16,2

B327

Shenzen Sino Master Steel Sheet Co., Ltd.

16,2

B328

Tangshan Iron And Steel Group Co., Ltd.

16,2

B329

Tianjin Xinyu Color Plate Co., Ltd.

16,2

B330

Wuhan Iron And Steel Company Limited

16,2

B331

Wuxi Zhongcai New Materials Co., Ltd.

0

B332

Xinyu Iron And Steel Co., Ltd.

0

B333

Zhejiang Tiannu Color Steel Co., Ltd.

16,2

B334

Gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

13,6

B999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) (méid i dtonaí) de tháirgí cruach le bratú orgánach orthu, a díoladh lena n-onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú i nDaon-Phoblacht na Síne.. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go dtabharfaí an sonrasc sin ar aird, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

4.   D’fhéadfadh sé go ndéanfaí Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ón tSín a chur leis agus iad a chur faoi réir na meándleachta frithdhumpála ualaithe iomchuí le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár cuireadh san áireamh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

níor onnmhairigh sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) de thionscnamh na Síne le linn na tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2010 go dtí an 30 Meán Fómhair 2011 (‘an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh’);

(b)

níl sé comhlachaithe le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo, ar onnmhaireoir nó táirgeoir é a chomhoibrigh nó a bhféadfadh sé gur chomhoibrigh sé san imscrúdú arb é is cúis leis an dleacht; agus

(c)

tá onnmhairiú iarbhír déanta aige ar an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na Síne é nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh.

5.   I gcás ina ndéanfar na dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha arna bhforchur le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1506 (56) ón gCoimisiún a mhodhnú nó i gcás ina gcuirfear deireadh leo, méadófar na dleachtanna a shonraítear i mír 2 de réir an chion chéanna agus é sin teoranta don chorrlach dumpála iarbhír a cinneadh nó don chorrlach díobhála iarbhír a cinneadh, de réir mar is iomchuí le haghaidh na cuideachta agus ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

6.   I gcásanna inar baineadh an dleacht frithchúitimh ón dleacht frithdhumpála le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin áirithe, cuirfear tús freisin le hiarrataí aisíocaíochta faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (57) chun measúnú a dhéanamh ar an gcorrlach dumpála don táirgeoir onnmhairiúcháin sin atá i réim le linn thréimhse imscrúdúcháin na haisíocaíochta. Ní bheidh an méid a aisíocfar leis an iarratasóir mar aisíocaíocht níos mó ná an difríocht idir an dleacht a bailíodh agus an dleacht frithchúitimh agus frithdhumpála le chéile a suíodh san imscrúdú aisíocaíochta.

7.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/2020-08-11.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 214/2013 ón gComhairle an 11 Márta 2013 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 73, 15.3.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/214/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 215/2013 ón gComhairle an 11 Márta 2013 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 73, 15.3.2013, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/215/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/687 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 116, 3.5.2019, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/687/oj).

(5)  Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe (IO C 273, 2.8.2023, lch. 4).

(6)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na dleachtanna frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C, C/2024/2970, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2970/oj).

(7)   https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2720.

(8)  Eurostat, bunachar sonraí Comext. Le fáil ag https://ec.europa.eu/eurostat/comext/newxtweb/ (ar breathnaíodh air go deireanach an 23 Aibreán 2025).

(9)  Global Trade Atlas (arna chur le chéile ag S&P Global). Le fáil ag https://connect.ihsmarkit.com/gta/home/ (ar breathnaíodh air go deireanach an 23 Aibreán 2025).

(10)  Taiscéalaí Sonraí ECFE. Costais Iompair agus Árachais Idirnáisiúnta na Trádála i dTráchtearraí. Le fáil ag https://data-explorer.oecd.org/vis?tm=ITIC&pg=0&snb=1&df[ds]=dsDisseminateFinalDMZ&df[id]=DSD_ITIC%40DF_ITIC&df[ag]=OECD.SDD.TPS&dq=.....A.&pd=%2C&to[TIME_PERIOD]=false (ar breathnaíodh air go deireanach an 19 Márta 2025).

(11)   Doing Business 2020. Economy profile – China, lch. 84. Le fáil ag https://archive.doingbusiness.org/content/dam/doingBusiness/country/c/china/CHN.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 26 Feabhra 2025).

(12)  Tuarascáil Bhliantúil Mysteel: Athbhreithniú margaidh ar chornaí dathbhrataithe in 2022 agus ionchas le haghaidh 2023. Le fáil ag https://m.mysteel.com/23/0110/11/2D53D06744974F96_abc.html (ar breathnaíodh air go deireanach an 24 Aibreán 2025). Tuarascáil Bhliantúil Mysteel: Athbhreithniú margaidh ar chornaí dathbhrataithe in 2023 agus ionchas le haghaidh 2024. Le fáil ag https://m.mysteel.com/a/24010418/66232834598618F7_abc.html (ar breathnaíodh air go deireanach an 24 Aibreán 2025).

(13)  Oifig Faisnéise Chomhairle na Síne, Xi encourages steel company to grow in integrated development of Yangtze River Delta, an 20 Lúnasa 2020.

(14)  CISDI Group, Achoimre ar an 13ú Comhdháil Bhliantúil Iarainn agus Cruach, an 30 Samhain 2022.

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna leathnú chun allmhairí téad agus cáblaí cruach arna gcur chun bealaigh ó Mharacó agus ó Phoblacht na Cóiré a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1666, 7.6.2024, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1666/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce (IO L 177, 12.7.2023, lch. 63, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1444/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 10, 12.1.2023, lch. 36 http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/100/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 277, 27.10.2022, lch. 149, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2068/oj).

(16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666, 2024, aithris 76; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 66; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 58; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 80.

(17)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666, aithris 60; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 45; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 38; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 64.

(18)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666, aithrisí 66-68; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 58; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 40; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 66. Cé go bhféadfaí a mheas gur léiriú ar na cearta úinéireachta comhfhreagracha é an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomhphearsanra bainistíochta i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit a cheapadh agus a chur as a bpost, dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, léiríonn cealla de Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair, idir fhiontair faoi úinéireacht stáit agus fhiontair faoi úinéireacht phríobháideach, modh tábhachtach eile trínar féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachta na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. San am atá thart, is cosúil nár comhlíonadh an ceanglas sin i gcónaí nó nár cuireadh i bhfeidhm go docht é. Mar sin féin, ó bhí 2016 ann ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne na cearta atá aige smacht a bheith aige ar chinntí gnó i bhfiontair faoi úinéireacht stáit mar phrionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin go bhfuil brú á chur ag Páirtí Cumannach na Síne ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don ‘tírghrá’ agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú go mbeadh an focal deiridh eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne acu maidir leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí faoi seach. Tá feidhm ghinearálta ag na rialacha sin ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú agus soláthróirí a gcuid ionchur.

(19)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666, aithris 61-65; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 59; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 43; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 68.

(20)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666, aithris 54; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 62; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 52; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 74.

(21)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666, aithris 72; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 45; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 33; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 75.

(22)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666, aithris 73; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 64; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 54; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 76.

(23)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/687, aithrisí 61-88.

(24)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Mór i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 10 Aibreán 2024, SWD (2024) 91 final.

(25)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-Mheánioncam, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.

(26)  Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír ina bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar féachaint ar tháirge a tháirgtear san aicme agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna agus an táirge faoi athbhreithniú.

(27)  Global Trade Alert – Lárionad Sonraí GTA. Le fáil ag https://globaltradealert.org/data-center (ar breathnaíodh air go deireanach an 28 Feabhra 2025).

(28)  Market Access Map – Ceanglais Rialála. Le fáil ag https://www.macmap.org/en/query/regulatory-requirement (ar breathnaíodh air go deireanach an 28 Feabhra 2025).

(29)  An Institiúid Náisiúnta um Staidreamh agus Tíreolaíocht. Le fáil ag https://en.www.inegi.org.mx/ (ar breathnaíodh air go deireanach an 24 Aibreán 2025).

(30)  Le haghaidh gás nádúrtha: Comisión Reguladora de Energía. Le fáil ag https://www.gob.mx/cre (ar breathnaíodh air go deireanach an 24 Aibreán 2025). Le haghaidh leictreachais: Comisión Federal de Electricidad. Le fáil ag https://www.cfe.mx/Pages/default.aspx (ar breathnaíodh air go deireanach an 24 Aibreán 2025).

(31)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/755/oj).

(32)  Market Access Map. Le fáil ag https://www.macmap.org/ (ar breathnaíodh air go deireanach an 24 Aibreán 2025).

(33)   Doing Business 2020. Economy profile – Mexico, lgh. 88 agus 92. Le fáil ag https://archive.doingbusiness.org/content/dam/doingBusiness/country/m/mexico/MEX.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 24 Aibreán 2025).

(34)  INEGI – Banc Faisnéise Eacnamaíche. Le fáil ag https://www.inegi.org.mx/app/indicadores/?tm=0&t=1010#D1010 (ar breathnaíodh air go deireanach an 28 Feabhra 2025).

(35)  CFE – Tionsclaíocht, taraifí. Le fáil ag https://app.cfe.mx/Aplicaciones/CCFE/Tarifas/TarifasCREIndustria/Acuerdos/AcuerdosIndustria.aspx (ar breathnaíodh air go deireanach an 28 Feabhra 2025).

(36)  CRE – Tagarmharcanna phraghsanna an gháis nádúrtha. Le fáil ag https://www.cre.gob.mx/IPGN/ (ar breathnaíodh air go deireanach an 28 Feabhra 2025).

(37)  Ternium S.A. – Tuarascáil Bhliantúil 2023. Le fáil ag https://s2.q4cdn.com/156255844/files/doc_news/archive/AGSM/2024/Annual-Report-2023.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 28 Feabhra 2025).

(38)  Ibid. Faisnéis faoin deighleog, lgh. 93 agus 94.

(39)  Tuarascáil Bhliantúil Mysteel: Athbhreithniú margaidh ar chornaí dathbhrataithe in 2022 agus ionchas le haghaidh 2023 (Tuarascáil Bhliantúil Mysteel 2022). Le fáil ag https://m.mysteel.com/23/0110/11/2D53D06744974F96_abc.html (ar breathnaíodh air go deireanach an 24 Aibreán 2025). Tuarascáil Bhliantúil Mysteel: Athbhreithniú margaidh ar chornaí dathbhrataithe in 2023 agus ionchas le haghaidh 2024 (Tuarascáil Bhliantúil Mysteel 2023). Le fáil ag https://m.mysteel.com/a/24010418/66232834598618F7_abc.html (ar breathnaíodh air go deireanach an 24 Aibreán 2025).

(40)  Tuarascáil Bhliantúil Mysteel 2022.

(41)  Tuarascáil Bhliantúil Mysteel 2023.

(42)  Tuarascáil Bhliantúil Mysteel 2022.

(43)  Tuarascáil Bhliantúil Mysteel 2023.

(44)   Doing Business 2020. Economy profile – China, lch. 84. Le fáil ag https://archive.doingbusiness.org/content/dam/doingBusiness/country/c/china/CHN.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 26 Feabhra 2025).

(45)   WTO Trade Remedies Data Portal. Australia – Anti-dumping measures on imports of painted steel strapping originating in the PRC. Le fáil ag https://trade-remedies.wto.org/en/antidumping/investigations/investigation/aus-adc-553-ad-1-2 (ar breathnaíodh air go deireanach an 4 Meitheamh 2025).

(46)   WTO Trade Remedies Data Portal. Malaysia – Anti-dumping measures on imports of prepainted, painted or colour coated steel coils originating in the PRC. Le fáil ag https://trade-remedies.wto.org/en/antidumping/investigations/measures/mys-ad0215chn-1 (ar breathnaíodh air go deireanach an 4 Meitheamh 2025).

(47)   RESOLUCIÓN Final del procedimiento administrativo de examen de vigencia de las cuotas compensatorias impuestas a las importaciones de aceros planos recubiertos originarias de la República Popular China y del Taipéi Chino, independientemente del país de procedencia. Le fáil ag https://www.gob.mx/cms/uploads/attachment/file/861182/publicaciones_dof_acerosplanosrecubiertos_130923.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 4 Meitheamh 2025).

(48)  Fógra maidir le Dleachtanna Frithdhumpála Cinntitheacha a Chinneadh agus a Fhorchur i gcoinne Allmhairí Dumpáilte de Chornaí Cruach Brataithe/Coinn isteach sa Phacastáin, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus/nó de Phoblacht na hAfraice Theas iad agus/nó a onnmhairíodh uathu. Le fáil ag https://ntc.gov.pk/wp-content/uploads/2018/06/CCC-FD-notice.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 4 Meitheamh 2025).

(49)   WTO Trade Remedies Data Portal. SACU member states – Anti-dumping measures on imports of flat rolled iron or non-alloy steel, painted, plated or coated origination in the PRC. Le fáil ag https://trade-remedies.wto.org/en/antidumping/investigations/measures/zaf-121022a (ar breathnaíodh air go deireanach an 4 Meitheamh 2025).

(50)   WTO Trade Remedies Data Portal. Thailand – Anti-dumping measures on imports of painted hot dip plated or coated with aluminium-zinc alloys of cold-rolled steel originating in the PRC. Le fáil ag https://trade-remedies.wto.org/en/antidumping/investigations/measures/tha-ad2019-01-2 (ar breathnaíodh air go deireanach an 4 Meitheamh 2025).

(51)   WTO Trade Remedies Data Portal. United Kingdom – Anti-dumping measures on imports of organic coated steel products originating in the PRC. Le fáil ag https://trade-remedies.wto.org/en/antidumping/investigations/measures/gbr-2020-28-cn (ar breathnaíodh air go deireanach an 4 Meitheamh 2025).

(52)   WTO Trade Remedies Data Portal. Vietnam – Anti-dumping measures on imports of flat rolled iron or non-alloy steel, painted, plated or coated originating in the PRC. Le fáil ag https://trade-remedies.wto.org/en/antidumping/investigations/measures/vnm-ad04-chn-1 (ar breathnaíodh air go deireanach an 4 Meitheamh 2025).

(53)  Global Trade Alert – Lárionad Sonraí GTA. Le fáil ag https://globaltradealert.org/data-center (ar breathnaíodh air go deireanach an 22 Aibreán 2025).

(*1)  In éagmais sonraí staidrimh le haghaidh 2020 – is meastachán é an méid agus an luach a shonraítear le haghaidh 2020, a léiríonn meán uimhríochtúil na tréimhse 2021-tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(54)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 An Bhruiséil, an Bheilg.

(55)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).

(56)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1506 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/1506, 25.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1506/oj).

(57)  Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1037/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1508/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top