This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1500
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1500 of 23 July 2025 on the list of States which are considered to be applying CORSIA for the purposes of Directive 2003/87/EC of the European Parliament and of the Council for emissions in 2025
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1500 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2025 maidir leis an liosta de na Stáit a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí in 2025
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1500 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2025 maidir leis an liosta de na Stáit a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí in 2025
C/2025/4935
IO L, 2025/1500, 24.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1500/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1500 |
24.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1500 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Iúil 2025
maidir leis an liosta de na Stáit a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí in 2025
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 25a(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Déantar gníomhaíochtaí eitlíochta a áireamh sa chóras i ndáil le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas (‘CTA AE’) a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE. |
|
(2) |
Le Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) leasaíodh Treoir 2003/87/CE chun an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (‘CORSIA’) de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (‘EESI’) a chur chun feidhme go hiomchuí. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 25a(3) de Threoir 2003/87/CE, tá an Coimisiún le liosta Stát a ghlacadh a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE, le bonnlíne 85 % d’astaíochtaí 2019 le haghaidh gach bliana ó 2024, cé is moite de thíortha LEE, den Eilvéis agus den Ríocht Aontaithe. Sa Treoir sin, rinneadh tíortha LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe a eisiamh ó liosta Stát den sórt sin ó tharla go dtagann na bealaí idir na tíortha sin faoi raon feidhme a gcóras trádála astaíochtaí faoi seach. |
|
(4) |
I gcás 2025, maidir leis an gcinneadh chun Stát a áireamh ar an liosta de na Stáit a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE, tá sé bunaithe ar fhógra ón Stát ina dtugtar le fios go bhfuil sé beartaithe aige CORSIA a chur i bhfeidhm maidir le hastaíochtaí in 2025, agus ar fhógra den sórt sin a thabhairt do Rúnaíocht EESI. Foilsíonn Rúnaíocht EESI liosta in aghaidh na bliana de na Stáit a thug an fógra sin. Chun na hathruithe ar na liostaí sin a fhoilsítear ar bhonn bliantúil a léiriú, tá an Coimisiún le liosta Stát a ghlacadh gach bliain, ar stáit iad a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE, cé is moite de thíortha LEE, den Eilvéis agus den Ríocht Aontaithe. |
|
(5) |
Áirítear San Mairíne agus Monacó ar an liosta de na Stáit a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu agus a d’fhoilsigh Rúnaíocht EESI le haghaidh 2025. Mar sin féin, níor cheart San Mairíne ná Monacó a áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo ó tharla nach bhfuil aon aerfort acu agus ó tharla nach bhfuil aon eitilt acu lena n-úsáidtear bealaí a bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm orthu chun críocha Threoir 2003/87/CE. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Athrú Aeráide, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
San Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leagtar amach an liosta de na Stáit a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE maidir le hastaíochtaí in 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj.
(2) Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus le cur chun feidhme iomchuí birt dhomhanda mhargadhbhunaithe (IO L 130, 16.5.2023, lch. 115, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/958/oj).
IARSCRÍBHINN
Liosta de na Stáit a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE maidir le hastaíochtaí in 2025
|
1. |
an Afganastáin |
|
2. |
an Albáin |
|
3. |
Antigua agus Barbúda |
|
4. |
an Airméin |
|
5. |
an Astráil |
|
6. |
an Asarbaiseáin |
|
7. |
na Bahámaí |
|
8. |
Bairéin |
|
9. |
Barbadós |
|
10. |
an Bheilís |
|
11. |
Beinin |
|
12. |
an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin |
|
13. |
an Bhotsuáin |
|
14. |
Buircíne Fasó |
|
15. |
an Chambóid |
|
16. |
Camarún |
|
17. |
Ceanada |
|
18. |
Oileáin Chomóra |
|
19. |
Oileáin Cook |
|
20. |
Cósta Ríce |
|
21. |
an Cósta Eabhair |
|
22. |
Cúba |
|
23. |
Poblacht Dhaonlathach an Chongó |
|
24. |
an Phoblacht Dhoiminiceach |
|
25. |
Eacuadór |
|
26. |
an tSalvadóir |
|
27. |
an Ghuine Mheánchiorclach |
|
28. |
an Ghabúin |
|
29. |
an tSeoirsia |
|
30. |
Gána |
|
31. |
Greanáda |
|
32. |
Guatamala |
|
33. |
an Ghuáin |
|
34. |
Háítí |
|
35. |
Hondúras |
|
36. |
an Indinéis |
|
37. |
an Iaráic |
|
38. |
Iosrael |
|
39. |
Iamáice |
|
40. |
an tSeapáin |
|
41. |
an Chasacstáin |
|
42. |
an Chéinia |
|
43. |
Cireabas |
|
44. |
Cuáit |
|
45. |
Madagascar |
|
46. |
an Mhaláiv |
|
47. |
an Mhalaeisia |
|
48. |
Oileáin Mhaildíve |
|
49. |
Mailí |
|
50. |
Oileáin Marshall |
|
51. |
an Mháratáin |
|
52. |
Oileán Mhuirís |
|
53. |
Meicsiceo |
|
54. |
an Mhicrinéis |
|
55. |
an Mholdóiv |
|
56. |
Montainéagró |
|
57. |
an Namaib |
|
58. |
Nárú |
|
59. |
an Nua-Shéalainn |
|
60. |
an Nigéir |
|
61. |
an Mhacadóin Thuaidh |
|
62. |
Óman |
|
63. |
Oileáin Palau |
|
64. |
Nua-Ghuine Phapua |
|
65. |
na hOileáin Fhilipíneacha |
|
66. |
Catar |
|
67. |
Ruanda |
|
68. |
San Críostóir-Nimheas |
|
69. |
Saint Lucia |
|
70. |
San Uinseann agus na Greanáidíní |
|
71. |
Samó |
|
72. |
an Araib Shádach |
|
73. |
an tSeirbia |
|
74. |
na Séiséil |
|
75. |
Siarra Leon |
|
76. |
Singeapór |
|
77. |
Oileáin Sholomón |
|
78. |
an Chóiré Theas |
|
79. |
an tSúdáin Theas |
|
80. |
Suranam |
|
81. |
an Tansáin |
|
82. |
an Téalainn |
|
83. |
an Ghaimbia |
|
84. |
Tíomór Thoir |
|
85. |
Tonga |
|
86. |
Oileán na Tríonóide agus Tobága |
|
87. |
an Tuirc |
|
88. |
Tuvalu |
|
89. |
Uganda |
|
90. |
an Úcráin |
|
91. |
Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha |
|
92. |
na Stáit Aontaithe |
|
93. |
Uragua |
|
94. |
Vanuatú |
|
95. |
an tSaimbia |
|
96. |
an tSiombáib |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1500/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)