This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1468
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1468 of 22 July 2025 concerning the authorisation of a preparation of Bacillus subtilis DSM 33862 and Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 as a feed additive for all animal species
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1468 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2025 maidir le hullmhóid arb é atá inti Bacillus subtilis DSM 33862 agus Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1468 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2025 maidir le hullmhóid arb é atá inti Bacillus subtilis DSM 33862 agus Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
C/2025/4813
IO L, 2025/1468, 23.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1468/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1468 |
23.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1468 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Iúil 2025
maidir le hullmhóid arb é atá inti Bacillus subtilis DSM 33862 agus Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Bacillus subtilis DSM 33862 and Lentilactobacillus buchneri DSM 12856. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas leis an ullmhóid Bacillus subtilis DSM 33862 and Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus iarrtar ann go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus san fheidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 15 Deireadh Fómhair 2024 (2) maidir leis an mbreiseán arb é atá ann Bacillus subtilis DSM 33862 agus Lentilactobacillus buchneri DSM 12856, go bhfuil sé sábháilte do gach speiceas ainmhíoch, do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Tháinig sé ar an gconclúid freisin nach greannaitheoir craicinn é an breiseán, ach gur cheart a mheas go bhféadfadh sé a bheith ina íogróir craicinn agus riospráide, agus go meastar gur riosca é gach nochtadh tríd an gcraiceann nó tríd an gconair riospráide. Bheadh feidhm ag an gconclúid dheireanach sin maidir le haon ullmhóid ina bhfuil na hoibreáin ghníomhacha. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid thairis sin go bhféadfaí feabhas a chur ar chobhsaíocht aeróbach sadhlais ó ábhar plandaí úr trí bhreiseán a chur leis ar íosleibhéal 1×108 CFU/kg d’ábhar plandaí úr, le raon ábhair thirim idir 32 % agus 65 %. |
|
(5) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid Bacillus subtilis DSM 33862 agus Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) EFSA Journal, [Iris EFSA] 22(11), e9070. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.9070.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||||||
|
CFU/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||||||||||||
|
1k1802 |
Bacillus subtilis DSM 33862 agus Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti Bacillus subtilis DSM 33862 agus Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 ina bhfuil íoschion 3,6 × 1011 CFU/g de bhreiseán ag a bhfuil cóimheas 1:4 (7,2 × 1010 CFU Bacillus subtilis DSM 33862/g agus 2,88 × 1011 CFU Lentilactobacillus buchneri DSM 12856/g) Foirm sholadach Saintréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Bacillus subtilis DSM 33862 agus Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 Modh anailíse (1) Saintréithriú Bacillus subtilis DSM 33862 agus Lentilactobacillus buchneri DSM 12856:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
— |
— |
— |
|
12.8.2035 |
||||||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
(2) Foráiste atá éasca a shadhlasú: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr; foráiste atá measartha deacair a shadhlasú: 1,5-3,0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus leis an méid atá le cur i láthair sna hiarratais agus a mhéid a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar bhreiseáin bheathaithe agus na breiseáin sin a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2008/429/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1468/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)