Válassza ki azokat a kísérleti funkciókat, amelyeket ki szeretne próbálni

Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.

Dokumentum 32025R1438

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1438 ón gComhairle an 15 Iúil 2025 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1485 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis

ST/10849/2025/INIT

IO L, 2025/1438, 15.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1438/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

A dokumentum hatályossági állapota Hatályos

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1438/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1438

15.7.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1438 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2025

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1485 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1485 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis (1), agus go háirithe Airteagal 17(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/1485.

(2)

Dearbhaíonn an tAontas an athuair go gcáineann sé go géar na sáruithe ar chearta an duine agus an cos ar bolg sa Rúis. An 27 Eanáir 2025, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le tosaíochtaí an Aontais i bhfóraim na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine in 2025. Cháin an tAontas tost na nguthanna easaontacha, na sochaí sibhialta, na meán neamhspleách agus na ngrúpaí stiogmataithe i gCónaidhm na Rúise, agus d’iarr sé go scaoilfí saor láithreach agus gan choinníoll gach príosúnach polaitiúil sa Rúis agus go gcuirfí deireadh leis an ngéarleanúint ar an bhfreasúra polaitiúil.

(3)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart 5 duine nádúrtha a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1485.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2024/1485 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1485 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L, 2024/1485, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1485/oj.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1485, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí sa tábla faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar chúiseanna

Dáta an liostaithe

‘48.

Roman Viktorovich VLADIMIROV

(Роман Викторович ВЛАДИМИРОВ)

Post: Breitheamh den 2ú Cúirt Mhíleata Dúiche Thiar, an Rúis

Dáta breithe: 9.2.1987

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Rinne Roman Vladimirov, agus é ina bhreitheamh den 2ú Cúirt Mhíleata Dúiche Thiar, pianbhreith 3 bliana príosúnachta a ghearradh ar Alexei Gorinov, iar-ionadaí bardasach i gceantar Krasnoselsky i Moscó, i gcoilíneacht réimis dhocht ar chúiseanna polaitiúla as a thuairim a chur in iúl maidir le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Gearradh pianbhreith ar Alexei Gorinov faoi Airteagal 205.2 de Chód Coiriúil na Rúise, lena ndéantar “bonn cirt a bheith á thabhairt don sceimhlitheoireacht” a choiriúlú, agus úsáidtear go forleathan é chun saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a chur faoi chois. Bhí an ciontú bunaithe ar bharúlacha a rinne Alexei Gorinov i gcomhrá lena chairde, cé nach ndúirt sé ach gur aithin sé gur críoch Úcránach í an Chrimé agus gur cuid d’arm na hÚcráine é reisimint Azov. Ba iad comrádaithe Alexei Gorinov sna cilíní a spreag an comhrá, agus oifigigh an phríosúin a rinne taifead air, agus pianbhreith 6 bliana agus 11 mhí á déanamh aige, a gearradh air roimhe sin as na ráitis frithchogaidh a rinne sé ag cruinniú poiblí bardasach.

Dá bhrí sin, tá Roman Vladimirov freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois sa Rúis.

15.7.2025

49.

Katerina Evgenievna KIRICHENKO

Yekaterina Evgenievna KIRICHENKO

(Катерина Евгеньевна КИРИЧЕНКО/ Екатерина Евгеньевна КИРИЧЕНКО)

Post: Breitheamh de Chúirt Dúiche Presnensky, Moscó

Dáta breithe: 1.11.1986

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Bhí Katerina Kirichenko, agus í ina breitheamh de Chúirt Dúiche Presnensky i Moscó, páirteach i roinnt cásanna ionchúisimh arb iad cúiseanna polaitiúla ba bhun leo, agus bhí sí freagrach as coinneáil threallach réamhthrialach agus pionóis ghéara dhíréireacha a fhorchur.

In 2022, ghlac Katerina Kirichenko páirt in ionchúiseamh Alexei Gorinov ar chúiseanna polaitiúla, ar ionadaí bardasach é an tráth sin i gceantar Krasnoselsky i Moscó, as a thuairim a chur in iúl, le linn cruinniú bardasach poiblí, maidir le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin . D’ordaigh sí go gcoinneofaí Alexei Gorinov faoi choinneáil réamhthrialach, gan leas a bhaint as aon bhearta nach bhfuil chomh sriantach céanna amhail gabháil tí nó bannaí, in ainneoin na bhfadhbanna tromchúiseacha sláinte a bhí aige, na ndrochdhálaí in ionaid choinneála na Rúise, agus in ainneoin gurbh é príomhchúramóir dá mhná chéile é a bhfuil tinneas ainsealach uirthi. Chinn Meitheal na Náisiún Aontaithe um Choinneáil Threallach go raibh coinneáil Alexei Gorinov ina shárú ar chearta idirnáisiúnta an duine agus, dá bhrí sin, go raibh sé treallach. Is léir freisin gur bhain Katerina Kirichenko, uaireanta eile roimhe seo, mí-úsáid as an gcoinneáil réamhthrialach i gcásanna arbh iad cúiseanna polaitiúla ba bhun leo. D’eisigh sí barántais choinneála do roinnt rannpháirtithe in agóidí Mhoscó 2019, in ainneoin gur mhionchúisimh iad. Thairis sin, in 2022, ghearr Katerina Kirichenko pionós géar díréireach bliain go leith ar Daniil Tikhomirov i gcoilíneacht phríosúin as oifigeach póilíneachta a ionsaí, tar éis do na póilíní é a stopadh toisc gur chroith sé bratach fhrithchogaidh óna charr.

Dá bhrí sin, tá Katerina Kirichenko freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois sa Rúis.

15.7.2025

50.

Larisa Tikhonovna MARTYNOVA

(Лариса Тихоновна МАРТЫНОВА)

Post: Breitheamh de Chúirt Chathair Mhoscó

Dáta breithe: 10.6.1964

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Is breitheamh de Chúirt Chathair Mhoscó í Larisa Martynova. In 2022, rinne Larisa Martynova, mar chomhalta de phainéal achomhairc breithiúna Moscow City Court, pianbhreith 6 bliana agus 11 mhí a ghearradh ar Alexei Gorinov, ionadaí bardasach an tráth sin i gceantar Krasnoselsky i Moscó, i gcoilíneacht réimis ghinearálta, ar chúiseanna polaitiúla as a thuairim a chur in iúl faoi chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. D’aontaigh sí freisin an éisteacht chúirte a dhúnadh don phobal.

Gearradh pianbhreith ar Alexei Gorinov faoi Airteagal 207.3 de Chód Coiriúil na Rúise, lena ndéantar scaipeadh na “bréagaisnéise”, mar a thugtar uirthi, faoi fhórsaí armtha na Rúise, a choiriúlú, agus úsáidtear go forleathan é chun an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a chur faoi chois. Bhí an ciontú bunaithe ar ráitis frithchogaidh Alexei Gorinov le linn cruinniú bardasach poiblí. Agus a phianbhreith á dhéanamh aige, tugadh drochíde do Alexei Gorinov, lena n-áirítear cúram leighis neamhleor d’ainneoin fadhbanna tromchúiseacha sláinte, é a chur i gcilíní leithlise ar feadh tréimhsí fada, agus ceileadh codlata. Dá bhrí sin, ní hamháin gur cuireadh Alexei Gorinov i bpríosún go héagórach mar thoradh ar rialú Larisa Martynov, ach bhí íde nó pionós cruálach, mídhaonna agus táireach mar thoradh air freisin.

Dá bhrí sin, tá Larisa Martynova freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois.

15.7.2025

51.

Maksim Bronislavovich SOKOLOVSKIY

(Максим Брониславович СОКОЛОВСКИЙ)

Post: Iarbhreitheamh de Chúirt Chathair Mhoscó, ón 10 Bealtaine 2023, Cathaoirleach ar Chúirt Dúiche Khoroshevsky

Dáta breithe: 31.5.1977

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Agus é ina bhreitheamh ceannais de phainéal achomhairc breithiúna de chuid Cúirt Chathair Mhoscó in 2022, ghearr Maksim Sokolovskiy pianbhreith 6 bliana agus 11 mhí ar Alexei Gorinov, ionadaí bardasach an tráth sin i gceantar Krasnoselsky i Moscó, i gcoilíneacht réimis ghinearálta, ar chúiseanna polaitiúla as a thuairim a chur in iúl faoi chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. D’ordaigh sé freisin go ndéanfadh an éisteacht chúirte a dhúnadh don phobal.

Gearradh pianbhreith ar Alexei Gorinov faoi Airteagal 207.3 de Chód Coiriúil na Rúise, lena ndéantar scaipeadh na “bréagaisnéise”, mar a thugtar uirthi, faoi fhórsaí armtha na Rúise, a choiriúlú, agus úsáidtear go forleathan é chun an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a chur faoi chois. Bhí an ciontú bunaithe ar ráitis frithchogaidh Alexei Gorinov le linn cruinniú bardasach poiblí. Agus a phianbhreith á dhéanamh aige, tugadh drochíde do Alexei Gorinov, lena n-áirítear cúram leighis neamhleor d’ainneoin riochtaí tromchúiseacha sláinte, é a chur i gcilíní leithlise ar feadh tréimhsí fada, agus easpa codlata. Dá bhrí sin, ní hamháin gur cuireadh Alexei Gorinov i bpríosún go héagórach mar thoradh ar rialú Maksim Sokolovskiy, ach bhí íde nó pionós cruálach, mídhaonna agus táireach mar thoradh air freisin.

Dá bhrí sin, tá Maksim Sokolovskiy freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois sa Rúis.

15.7.2025

52.

Elena Leonidovna ZHURAVLEVA

(Елена Леонидовна ЖУРАВЛËВА)

Post: Breitheamh de Chúirt Chathair Mhoscó

Dáta breithe: 13.10.1976

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Rinne Elena Zhuravleva, mar chomhalta de phainéal achomhairc breithiúna de chuid Cúirt Chathair Mhoscó in 2022, pianbhreith 6 bliana agus 11 mhí a ghearradh ar Alexei Gorinov, ionadaí bardasach an tráth sin i gceantar Krasnoselsky i Moscó, i gcoilíneacht réimis ghinearálta, ar chúiseanna polaitiúla as a thuairim a chur in iúl faoi chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. D’aontaigh sí freisin an éisteacht chúirte a dhúnadh don phobal.

Gearradh pianbhreith ar Alexei Gorinov faoi Airteagal 207.3 de Chód Coiriúil na Rúise, lena ndéantar scaipeadh na “bréagaisnéise”, mar a thugtar uirthi, faoi fhórsaí armtha na Rúise, a choiriúlú, agus úsáidtear go forleathan é chun an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a chur faoi chois. Bhí an ciontú bunaithe ar ráitis frithchogaidh Alexei Gorinov le linn cruinniú bardasach poiblí. Agus a phianbhreith á dhéanamh aige, tugadh drochíde do Alexei Gorinov, lena n-áirítear cúram leighis neamhleor d’ainneoin riochtaí tromchúiseacha sláinte, é a chur i gcilíní leithlise ar feadh tréimhsí fada, agus easpa codlata. Dá bhrí sin, ní hamháin gur cuireadh Alexei Gorinov i bpríosún go héagórach mar thoradh ar rialú Elena Zhuravleva, ach bhí íde nó pionós cruálach, mídhaonna agus táireach mar thoradh air freisin.

Dá bhrí sin, tá Elena Zhuravleva freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois sa Rúis.

15.7.2025’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1438/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Az oldal tetejére