This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1418
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1418 of 17 July 2025 concerning the renewal of the authorisation of a preparation of endo-1,3(4)-beta-glucan’s and endo-1,4-beta-xylanase produced with Talaromyces versatilis IMI CC 378536 as a feed additive for all poultry species, weaned piglets, pigs for fattening and sows (holder of authorisation: Adisseo France S.A.S.) and repealing Implementing Regulations (EU) No 290/2014 and (EU) No 1138/2014
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1418 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2025 maidir leis an údarú ullmhóide d’ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis agus ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI CC 378536 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis, bainbh scoite, muca lena ramhrú agus cránacha (sealbhóir an údaraithe: Adisseo France S.A.S.) agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 290/2014 agus (AE) Uimh. 1138/2014
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1418 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2025 maidir leis an údarú ullmhóide d’ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis agus ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI CC 378536 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis, bainbh scoite, muca lena ramhrú agus cránacha (sealbhóir an údaraithe: Adisseo France S.A.S.) agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 290/2014 agus (AE) Uimh. 1138/2014
C/2025/4738
IO L, 2025/1418, 18.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1418/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1418 |
18.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1418 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Iúil 2025
maidir leis an údarú ullmhóide d’ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis agus ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI CC 378536 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis, bainbh scoite, muca lena ramhrú agus cránacha (sealbhóir an údaraithe: Adisseo France S.A.S.) agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 290/2014 agus (AE) Uimh. 1138/2014
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú agus a athnuachan. |
|
(2) |
Údaraíodh ullmhóid d’ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis agus ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI CC 378536 ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éanlaith chlóis, bainbh scoite agus muca lena ramhrú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 290/2014 ón gCoimisiún (2), agus le haghaidh cránacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1138/2014 ón gCoimisiún (3). |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú na hullmhóide d’ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis agus ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI CC 378536 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis, bainbh scoite, muca lena ramhrú agus cránacha, iarratas inar iarradh go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 26 Samhain 2024 (4) go bhfuil an ullmhóid d’ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis agus ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI CC 378536 fós sábháilte do gach speiceas éanlaithe clóis, bainbh scoite, muca lena ramhrú agus cránacha, do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá údaraithe faoi láthair. Tháinig sé ar an gconclúid freisin go bhfuil an ullmhóid d’ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis agus ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI CC 378536, i ngach foirmliú di, neamhghreannach do na súile agus don chraiceann ach gur cheart a mheas gur íogróir riospráide í, agus gur cheart a mheas gur íogróir deirmeach freisin gach foirmliú soladach di. Thug sé le fios freisin nach gá measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na hullmhóide d’ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis agus ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI CC 378536, ós rud é nach gcuimsítear san iarratas ar athnuachan an údaraithe aon togra maidir le coinníollacha na n-údaruithe bunaidh a leasú nó a fhorlíonadh, rud a mbeadh tionchar aige ar éifeachtúlacht an bhreiseáin. Níor mheas an tÚdarás go raibh gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. |
|
(5) |
Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas le linn an mheasúnaithe a rinneadh i ndáil leis an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an ullmhóid d’ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis agus ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI CC 378536 mar bhreiseán beathaithe i gcomhthéacs na n-údaraithe roimhe seo, mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (5), níl gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha. |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid d’ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis agus ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI CC 378536 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. Ba cheart na bearta cosanta sin a bheith gan dochar do cheanglais eile sábháilteachta oibrithe faoi dhlí an Aontais. |
|
(7) |
Mar thoradh ar údarú na hullmhóide d’ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis agus ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI CC 378536 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 290/2014 agus (AE) Uimh. 1138/2014 a aisghairm. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Athnuachan an údaraithe
Údarú na hullmhóide a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’, déantar an t-údarú sin a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Aisghairmeacha
Aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 290/2014 agus (AE) Uimh. 1138/2014.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 290/2014 ón gCoimisiún an 21 Márta 2014 maidir le húdarú ullmhóide d’ion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis sp. nov. IMI CC 378536 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éanlaith chlóis, bainbh scoite agus muca lena ramhrú agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1259/2004, (CE) Uimh. 943/2005, (CE) Uimh. 1206/2005 agus (CE) Uimh. 322/2009 (sealbhóir an údaraithe Adisseo France S.A.S.) (IO L 87, 22.3.2014, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/290/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1138/2014 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2014 maidir le húdarú ullmhóide d’ion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh ag Talaromyces versatilis sp. nov. IMI CC 378536 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cránacha (sealbhóir an údaraithe Adisseo France S.A.S.) (IO L 307, 28.10.2014, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/1138/oj).
(4) EFSA Journal [Iris EFSA] 2025;23:e9131, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9131.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||||
|
Aonaid ghníomhaíochta/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: feabhsaitheoirí díleáiteachta |
|||||||||||||||||||||||
|
4a1604i |
Adisseo France S.A.S. |
Ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis (CE 3.2.1.6) agus ion-1,3(-1,4)-béite-xiolanáis (CE 3.2.1.8) |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid d’ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis (EC 3.2.1.6) agus ion-1,4-béite-xiolanáis (EC 3.2.1.8) arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI CC 378536 ag a bhfuil íosghníomhaíocht:
Saintréithriú na substainte gníomhaí Ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis (EC 3.2.1.6) agus ion-1,4-béite-xiolanáis (EC 3.2.1.8) arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI CC 378536 Modh anailíse (2) Maidir le gníomhaíocht ion-1,3(4)- béite-ghlúcanáise sa bhreiseán beathaithe, sna réamh-mheascán agus sa bheatha chumaisc a chainníochtú:
Maidir le gníomhaíocht ion-1,4-béite-xiolanáise sa bhreiseán beathaithe, sa réamh-mheascán agus sa bheatha chumaisc a chainníochtú:
|
Gach speiceas éanlaithe clóis Bainbh (scoite) Muca lena ramhrú Cránacha |
— |
Ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis 1 500 VU Ion-1,4-béite-xiolanáis 1 100 VU |
— |
|
an 7 Lúnasa 2035 |
||||||||||||||
(1) Is é 1 VU de ghníomhaíocht ghlúcanáise nó xiolanáise méid na heinsíme lena ndéantar hidrealú ar an tsubstráit (béite-ghlúcan eorna agus arabainocsalán cruithneachta, faoi seach), rud a laghdaíonn slaodacht an tuaslagáin, chun athrú 1 (aonad gan toise)/nóim ag 30 °C agus pH 5,5 ar shreabhacht choibhneasta a thabhairt.
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1418/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)