Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1410

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1410 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2025 maidir le formáid, teimpléad agus sonraíochtaí teicniúla lipéad agus fógraí trédhearcachta fógrán polaitiúil i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 12 de Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2025/4508

IO L, 2025/1410, 16.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1410/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1410/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1410

16.7.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1410 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Iúil 2025

maidir le formáid, teimpléad agus sonraíochtaí teicniúla lipéad agus fógraí trédhearcachta fógrán polaitiúil i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 12 de Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla (1), agus go háirithe Airteagal 11(4) agus Airteagal 12(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2024/900 leagtar síos rialacha comhchuibhithe le haghaidh na fógraíochta polaitiúla agus seirbhísí gaolmhara agus maidir le húsáid teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs fógraíocht pholaitiúil ar líne. Mar a luaitear in aithris (2) de Rialachán (AE) 2024/900, is féidir fógraíocht pholaitiúil a scaipeadh nó a fhoilsiú trí na meáin thraidisiúnta as líne, amhail nuachtáin, teilifís agus raidió, ach ina theannta sin, agus níos mó ná riamh, trí ardáin ar líne, trí shuíomhanna gréasáin, feidhmchláir mhóibíleacha, cluichí ríomhaireachta agus comhéadain dhigiteacha eile.

(2)

Le hAirteagal 11(4) agus Airteagal 12(7) de Rialachán (AE) 2024/900, ceanglaítear ar an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear formáid agus teimpléad na lipéad dá dtagraítear in Airteagal 11(3) den Rialachán sin agus formáid agus sonraíochtaí teicniúla na bhfógraí trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 11(1)(e) agus in Airteagal 12 de, faoi seach.

(3)

Le hAirteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2024/900 ceanglaítear ar fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a áirithiú go gcuirfear gach fógrán polaitiúil ar fáil in éineacht leis an bhfaisnéis seo a leanas ar shlí shoiléir shuntasach gan débhrí: (a) ráiteas gur fógrán polaitiúil atá ann; (b) céannacht an urraitheora agus, i gcás inarb infheidhme, an t-eintiteas a rialaíonn an t-urraitheoir sa deireadh; (c) i gcás inarb infheidhme, an toghchán, an reifreann, an próiseas reachtach nó rialála lena mbaineann an fógrán polaitiúil; (d) i gcás inarb infheidhme, ráiteas go raibh an fógrán polaitiúil faoi réir teicnící spriocdhírithe nó teicnící seachadta fógráin; agus (e) fógra trédhearcachta ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(1) den Rialachán sin, nó léiriú soiléir ar cár féidir í a aisghabháil go héasca agus go díreach. De bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2024/900, ceanglaítear ar fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla iomláine na faisnéise a liostaítear i mír 1 den Airteagal sin, agus cruinneas na faisnéise ar cár féidir an fógra trédhearcachta a aisghabháil, a áirithiú.

(4)

De bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2024/900, tá an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(1) den Rialachán sin le soláthar i bhfoirm lipéad san fhógrán polaitiúil, lipéad a oiriúnaítear don mheán a úsáideann an fógrán polaitiúil. De réir an dara mír d’Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2024/900, tá na lipéid sin le bheith feiceálach, lena chur ar a gcumas do dhaoine fógrán polaitiúil a aithint go héasca mar sin, agus tá siad le fanacht i bhfeidhm i gcás go scaipfear an fógrán polaitiúil a thuilleadh.

(5)

Le hAirteagal 11(1)(e) de Rialachán (AE) 2024/900, ceanglaítear ar fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a áirithiú go gcuirfear gach fógrán polaitiúil ar fáil in éineacht le fógra trédhearcachta ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(1) den Rialachán sin, nó le léiriú soiléir ar cár féidir an fógra trédhearcachta sin a aisghabháil go héasca agus go díreach. De bhun Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2024/900, tá fógraí trédhearcachta le bheith i ngach fógrán polaitiúil nó le bheith in-aisghafa go héasca i gcónaí le linn thréimhse foilsithe an fhógráin pholaitiúil. Tá siad le coinneáil cothrom le dáta le linn thréimhse iomlán foilsithe an fhógráin pholaitiúil freisin, le tíolacadh i bhformáid atá inrochtana go héasca agus, ar a laghad nuair a chuirfear an fógrán polaitiúil ar fáil go leictreonach, le bheith ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite, agus tá siad le bheith scríofa i dteanga an fhógráin pholaitiúil.

(6)

Mar a cuireadh i dtábhacht in aithris 87 de Rialachán (AE) 2024/900, ba cheart an fhaisnéis atá le soláthar maidir le húsáid teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin a chur i láthair i bhformáid atá inrochtana go héasca, infheicthe go soiléir, soláimhsithe, lena n-áirítear trí theanga shimplí a úsáid, agus inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

(7)

Ina theannta sin, ceanglaíonn Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2024/900 ar fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a bhfógraí trédhearcachta a choinneáil le chéile le haon mhodhnú a rinneadh ar na fógraí sin go ceann tréimhse 7 mbliana tar éis an fhoilsithe dheireanaigh den fhógrán polaitiúil lena mbaineann.

(8)

Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 11(5) de Rialachán (AE) 2024/900 go bhfuil na Ballstáit, lena n-áirítear na húdaráis inniúla, agus an Coimisiún le tarraingt suas cód iompair deonach a spreagadh, lena mbeartófar rannchuidiú le lipéadú cuí fógrán polaitiúil.

(9)

Is gá formáid agus teimpléad na lipéad agus na bhfógraí trédhearcachta a bhunú, agus a áirithiú go gcuirfear in oiriúint iad don mheán a úsáideann na fógráin pholaitiúla. Ba cheart ceanglais ghinearálta a leagan amach maidir le lipéid agus fógraí trédhearcachta fógrán polaitiúil as líne agus ar líne chun raon leathan na bhfoirmeacha foilsithe fisiciúla agus digiteacha a chumhdach, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, marsantacht. Le ceanglais bhreise, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na sainiúlachtaí a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc ar éileamh agus le seirbhísí raidió líneacha agus neamhlíneacha, mar aon leis an bhformáid ar leith atá ag na meáin chlóite, amhail nuachtáin, irisí, bróisiúir, leabhráin, fógráin, póstaeir nó bileoga, agus na gnéithe ar leith a bhaineann leis na meáin dhigiteacha, lena n-áirítear ardáin ar líne, suíomhanna gréasáin, feidhmchláir mhóibíleacha agus cluichí ríomhaireachta.

(10)

D’fhéadfaí an úsáid is fearr a bhaint as eilimintí an chomhéadain úsáideora lena n-éascaítear nascleanúint agus taispeáint faisnéise sa mheán ar líne, amhail mionsamhlacha, deilbhíní, taispeáintí neadaithe, fuinneoga aníos, nó teachtaireachtaí forleagtha in aipeanna, chun lipéid a chur i láthair agus chun a áirithiú go n-aithneoidh saoránaigh fógráin pholaitiúla ar líne go héasca gan idirghníomhú leis an bhfógrán polaitiúil é féin.

(11)

Tá sé tábhachtach sonraíochtaí teicniúla a bhunú le haghaidh fógraí trédhearcachta a chuirtear ar fáil ar líne. Ba cheart na sonraíochtaí teicniúla sin a bheith gan dochar do na ceanglais theicniúla maidir le faisnéis a tharchur chuig an Stór Eorpach d’fhógráin pholaitiúla ar líne, rud atá riachtanach d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla chun a n-oibleagáidí faoi Airteagal 13(2) agus (4) de Rialachán (AE) 2024/900 a chomhlíonadh.

(12)

Chun inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú, ba cheart na ceanglais inrochtaineachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), amhail na ceanglais a leagtar amach i Roinn III di, a chur san áireamh ar fhoilsiú fógraí trédhearcachta.

(13)

Cuirtear san áireamh sa Rialachán seo riachtanais shonracha micreaghnóthas, gnóthas beag agus gnóthas meánmhéide, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

(14)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus thug sé a thuairim uaidh an 17 Meitheamh 2025.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 29(1) de Rialachán (AE) 2024/900,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Na lipéid dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/900, comhlíonfaidh siad Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Na fógraí trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/900, comhlíonfaidh siad Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 10 Deireadh Fómhair 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/900, 20.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/oj.

(2)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


IARSCRÍBHINN I

Formáid lipéad agus fógraí trédhearcachta

1.   Ceanglais ghinearálta

1.

Leagtar amach sa roinn seo ceanglais choiteanna maidir le lipéid agus fógraí trédhearcachta fógrán polaitiúil is infheidhme maidir le gach foirm agus modha chun fógráin pholaitiúla a fhoilsiú, a scaipeadh agus a sheachadadh.

2.

Ní mór an lipéad a áireamh san fhógrán polaitiúil, a ghreamú de nó a bheith ag gabháil leis ar shlí shoiléir shuntasach gan débhrí, chun fógra leordhóthanach a thabhairt don léitheoir, don lucht féachana nó don lucht éisteachta maidir leis an bhfaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.

Níl lipéad soiléir suntasach gan débhrí más deacair é a léamh, a fheiceáil nó a chloisteáil, dar leis an ngnáthdhuine, nó más féidir neamhaird a dhéanamh air go héasca, lena n-áirítear mar gheall nach seasann sé amach go soiléir ón bhfógrán polaitiúil nó mar gheall ar chumraíocht mheáin an fhoilsithe nó an scaipthe.

4.

Beidh lipéid físe agus fógraí trédhearcachta inléite, i gclómhéid leordhóthanach oiriúnach, in oiriúint do mheán an fhoilsithe agus codarsnacht leordhóthanach á húsáid, chomh maith le spásáil leordhóthanach idir gach litir, líne agus mír.

5.

Déanfar lipéid fuaime a fhuaimniú go soiléir sothuigthe i dtón foirmiúil. Ní bheidh fuaimeanna cúlra ag gabháil le lipéid fuaime.

6.

I gcás ina n-úsáidtear nasc le leathanach gréasáin, cód QR nó bearta teicniúla soláimhsithe coibhéiseacha chun tagairt a sholáthar don áit ónar féidir an fógra trédhearcachta a aisghabháil, déanfaidh siad nascleanúint go díreach go dtí an fógra trédhearcachta.

7.

Beidh cóid QR in ardchodarsnacht le dath cúlra na lipéad agus beidh siad sách mór le go mbeifear in ann iad a léamh go héasca le léitheoirí cóid QR atá ar fáil go coitianta, amhail iad siúd a bhíonn comhtháthaithe i ngairis cumarsáide láimhe.

2.   Ceanglais shonracha maidir leis an teilifís agus an raidió

1.

Tá feidhm ag an roinn seo maidir le lipéid agus fógraí trédhearcachta fógrán polaitiúil a chuirtear ar fáil trí sheirbhísí meán closamhairc, de réir bhrí Airteagal 1(1)(a)(i) de Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus trí sheirbhísí raidió líneacha agus neamhlíneacha.

2.

Taispeánfar lipéid físe ar feadh an fhógráin pholaitiúil ar fad. De rogha air sin, féadfar lipéid físe a thaispeáint mar lánscáileán ag tús an fhógráin pholaitiúil nó ag an deireadh más rud é:

(a)

go bhfuil siad le feiceáil ar feadh 3 shoicind ar a laghad, agus

(b)

go bhfuil an ráiteas lena gcuirtear in iúl gur fógrán polaitiúil atá san fhógrán, ainm an urraitheora agus an nasc gréasáin leis an bhfógra trédhearcachta le feiceáil ar shlí shoiléir shuntasach gan débhrí ar feadh an fhógráin pholaitiúil ar fad.

3.

Féadfar an lipéad a sholáthar mar mheascán d’fhormáidí físe agus fuaime, trí úsáid a bhaint, de réir mar is ábhartha, as na teimpléid a leagtar amach i bpointí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II, ar choinníoll go gcomhlíontar pointe 2(b).

4.

Fógrófar lipéid fuaime ag tús an fhógráin pholaitiúil nó ag an deireadh.

3.   Ceanglais shonracha maidir leis na meáin chlóite

1.

Baineann an roinn seo le lipéid agus fógraí trédhearcachta fógrán polaitiúil a chuirtear ar fáil trí na meáin chlóite.

2.

Mar riail ghinearálta, beidh an lipéad in aon bhosca clóite amháin.

3.

I gcás ina mbeidh sé san ábhar clóite céanna leis an bhfógrán polaitiúil, beidh an fógra trédhearcachta in aon bhosca clóite amháin, mar riail ghinearálta.

4.

Beidh an lipéad agus an fógra trédhearcachta ar taispeáint in ardchodarsnacht leis an gcúlra.

4.   Ceanglais shonracha maidir leis an meán digiteach

1.

Tá feidhm ag an roinn seo maidir le lipéid agus fógraí trédhearcachta fógrán polaitiúil a chuirtear ar fáil go digiteach, cé is moite de sheirbhísí meán closamhairc de réir bhrí Airteagal 1(1)(a)(i) de Threoir 2010/13/AE agus seirbhísí raidió líneacha agus neamhlíneacha.

2.

I gcás ina gcuirtear fógráin pholaitiúla ar fáil i bhformáid físeáin, taispeánfar lipéid físe ar feadh an fhógráin pholaitiúil ar fad. De rogha air sin, féadfar lipéid físe a thaispeáint mar lánscáileán ag tús an fhógráin pholaitiúil nó ag an deireadh más rud é:

(a)

go bhfuil siad le feiceáil ar feadh 3 shoicind ar a laghad, agus

(b)

go bhfuil an ráiteas lena gcuirtear in iúl gur fógrán polaitiúil atá san fhógrán, ainm an urraitheora agus an nasc gréasáin leis an bhfógra trédhearcachta le feiceáil ar shlí shoiléir shuntasach gan débhrí ar feadh an fhógráin pholaitiúil ar fad.

3.

Féadfar eilimintí an chomhéadain úsáideora lena n-éascaítear nascleanúint ar líne agus taispeáint faisnéise a úsáid chun an lipéad a chur i láthair ar choinníoll go gcomhlíontar pointe 2(b) gan aon ghníomhaíocht bhreise a dhéanamh.

4.

Beidh lipéid físe a thaispeántar nó a chuirtear i láthair i gcomhréir le pointe 3 le feiceáil mar théacs dorcha ar chúlra éadrom.

5.

I gcás ina gcuirtear fógráin pholaitiúla ar fáil i bhformáid fuaime, féadfar an lipéad a sholáthar i bhformáid fuaime má comhlíonann sé na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá sé inchloiste gan aon ghníomhaíocht bhreise a dhéanamh;

(b)

fógraítear é ag tús an fhógráin pholaitiúil nó ag an deireadh.

6.

Féadfar an lipéad a sholáthar mar mheascán d’fhormáidí físe agus fuaime, trí úsáid a bhaint, de réir mar is ábhartha, as na teimpléid a leagtar amach i bpointí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II, ar choinníoll go gcomhlíontar pointe 2(b).

(1)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO L 095, 15.4.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/13/oj).


IARSCRÍBHINN II

Teimpléid le haghaidh lipéid agus fógraí trédhearcachta fógrán polaitiúil

1.   Teimpléad le haghaidh lipéid físe 1

FÓGRÁN POLAITIÚIL 2

(a úsáideann spriocdhíriú agus/nó seachadadh fógráin bunaithe ar SHONRAÍ PEARSANTA)3

• Is é [a) AINM gnó an eintitis dhlítheanaigh, nó b) AINM AGUS SLOINNE an duine nádúrtha] an t-urraitheoir4.

• (Tá an t-urraitheoir faoi rialú [a) ainm gnó an eintitis dhlítheanaigh, nó b) ainm agus sloinne an duine nádúrtha])5.

• (Tá an fógrán nasctha le [teideal agus dáta an toghcháin/na dtoghchán] nó [ainm an tionscnaimh reachtaigh nó rialála])6.

Faigh tuilleadh faisnéise ag [nasc le leathanach gréasáin]7.

Nótaí

1.

Tá sé roghnach bosca dubh dronuilleogach a úsáid mar imeall thart ar an bhfaisnéis ar an lipéad. Féadfar marcóirí liosta eile a chur in ionad pointí urchair. Moltar téacs trom agus/nó ceannlitreacha a úsáid, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an ráiteas lena gcuirtear in iúl gur fógrán polaitiúil atá san fhógrán, an fhaisnéis maidir le húsáid teicnící spriocdhírithe agus/nó seachadta fógráin bunaithe ar shonraí pearsanta, ainm an urraitheora agus an tagairt don nasc gréasáin.

2.

Tá an ráiteas lena gcuirtear in iúl gur fógrán polaitiúil atá san fhógrán éigeantach. Féadfar foclaíocht chomhchosúil a úsáid.

3.

Tá sé éigeantach faisnéis a sholáthar maidir le húsáid teicnící spriocdhírithe agus/nó seachadta fógráin bunaithe ar shonraí pearsanta i gcás inarb infheidhme. Féadfar foclaíocht chomhchosúil a úsáid.

4.

Tá sé éigeantach faisnéis a sholáthar maidir le hainm an urraitheora. In ionad ‘is é ... an t-urraitheoir’, féadfar foclaíocht chomhchosúil a úsáid chun an duine a chur in iúl a d’iarr an fógrán polaitiúil a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh, nó a bhfuil sé á fhoilsiú, á sheachadadh nó á scaipeadh thar a cheann. Tá ord céadainm agus sloinne an duine nádúrtha roghnach. Féadfaidh lógó polaitiúil an urraitheora, amhail lógó páirtí pholaitiúil nó siombail toghcháin, a bheith ag gabháil leis an bhfaisnéis faoi ainm an urraitheora.

5.

Tá sé éigeantach faisnéis a sholáthar maidir le hainm an eintitis rialaithe i gcás ina n-imríonn eintiteas eile tionchar cinntitheach ar chomhdhéanamh, ar vótáil nó ar chinntí orgáin an urraitheora.

6.

Tá sé éigeantach faisnéis a sholáthar maidir le nasc an fhógráin pholaitiúil le toghchán nó le tionscnamh reachtach nó rialála i gcás ina bhfuil nasc soiléir substaintiúil le toghchán nó le tionscnamh reachtach nó rialála. Féadfar teideal an toghcháin a léiriú trí thagairt a dhéanamh do chatagóir na n-údarás atá á dtoghadh (e.g. ‘toghcháin pharlaiminteacha’) nó do chineál sonrach (e.g. ‘reifreann bunreachtúil’). Féadfar teideal an tionscnaimh reachtaigh nó rialála a ghiorrú.

7.

Soláthrófar an nasc gréasáin i gcás nach cuid den lipéad an fógra trédhearcachta. De rogha air sin, féadfar cóid QR nó bearta teicniúla soláimhsithe coibhéiseacha a úsáid chun an fógra trédhearcachta a aisghabháil go díreach. I gcás ina gcuirtear nasc le leathanach gréasáin ar fáil i lipéad ar líne, beidh téacs an naisc i gcló trom nó i ndath atá éagsúil le dath an téacs eile ar an lipéad agus cuirfear síos air mar ‘Fógra trédhearcachta’.

2.   Teimpléad le haghaidh lipéid fuaime

Is fógrán polaitiúil é seo1 (a úsáideann teicnící spriocdhírithe agus/nó seachadta fógráin atá bunaithe ar shonraí pearsanta2). Is é [a) ainm gnó an eintitis dhlítheanaigh nó b) ainm agus sloinne an duine nádúrtha] an t-urraitheoir3. (Tá an t-urraitheoir faoi rialú [a) ainm gnó an eintitis dhlítheanaigh nó b) ainm agus sloinne an duine nádúrtha])4. (Tá an fógrán nasctha le [ainm agus dáta an toghcháin] nó [ainm an tionscnaimh.])5. Faigh tuilleadh faisnéise ag [nasc le leathanach gréasáin]6.

Nótaí

1.

Tá an ráiteas lena gcuirtear in iúl gur fógrán polaitiúil atá san fhógrán éigeantach.

2.

Tá sé éigeantach faisnéis a sholáthar maidir le húsáid teicnící spriocdhírithe agus/nó seachadta fógráin bunaithe ar shonraí pearsanta i gcás inarb infheidhme. Féadfar foclaíocht chomhchosúil a úsáid.

3.

Tá sé éigeantach faisnéis a sholáthar maidir le hainm an urraitheora. In ionad ‘is é ... an t-urraitheoir’, féadfar foclaíocht chomhchosúil a úsáid chun an duine a chur in iúl a d’iarr an fógrán polaitiúil a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh, nó a bhfuil sé á fhoilsiú, á sheachadadh nó á scaipeadh thar a cheann. Tá ord céadainm agus sloinne an duine nádúrtha roghnach.

4.

Tá sé éigeantach faisnéis a sholáthar maidir le hainm an eintitis rialaithe i gcás ina n-imríonn eintiteas eile tionchar cinntitheach ar chomhdhéanamh, ar vótáil nó ar chinntí orgáin an urraitheora.

5.

Tá sé éigeantach faisnéis a sholáthar maidir le nasc an fhógráin pholaitiúil le toghchán nó le tionscnamh reachtach nó rialála i gcás ina bhfuil nasc soiléir substaintiúil le toghchán nó le tionscnamh reachtach nó rialála. Féadfar teideal an toghcháin a léiriú trí thagairt a dhéanamh do chatagóir na n-údarás atá á dtoghadh (e.g. ‘toghcháin pharlaiminteacha’) nó do chineál sonrach (e.g. ‘reifreann bunreachtúil’). Féadfar teideal an tionscnaimh reachtaigh nó rialála a ghiorrú.

6.

Ba cheart an nasc gréasáin a bheith gearr.

3.   Teimpléad le haghaidh fógraí trédhearcachta

FÓGRA TRÉDHEARCACHTA

1.

An t-urraitheoir: [a) AINM gnó agus, i gcás nach ionann é, AINM dlíthiúil, seoladh ríomhphoist, seoladh poist, agus, i gcás nach ionann í, áit bhunaíochta, agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir chlárúcháin ábhartha an eintitis dhlítheanaigh nó na heagraíochta feachtais pholaitiúil gan phearsantacht dhlítheanach nó b) AINM agus SLOINNE, seoladh ríomhphoist, agus seoladh poist, i gcás ina bhfuil sé ar fáil go poiblí, an duine nádúrtha.]1

2.

An t-eintiteas a bhfuil rialú deiridh aige ar an urraitheoir: [a) AINM gnó agus, i gcás nach ionann é, AINM dlíthiúil, seoladh ríomhphoist, seoladh poist, agus, i gcás nach ionann í, áit bhunaíochta an eintitis dhlítheanaigh nó b) AINM agus SLOINNE, seoladh ríomhphoist, agus seoladh poist, i gcás ina bhfuil sé ar fáil go poiblí, an duine nádúrtha.]2

3.

An t-eintiteas a íocann as an bhfógrán polaitiúil: [a) AINM gnó agus, i gcás nach ionann é, AINM dlíthiúil, seoladh ríomhphoist, seoladh poist, agus, i gcás nach ionann í, áit bhunaíochta an eintitis dhlítheanaigh nó b) AINM agus SLOINNE, seoladh ríomhphoist, agus seoladh poist, i gcás ina bhfuil sé ar fáil go poiblí, an duine nádúrtha.]3

4.

An tréimhse ar lena linn atá sé beartaithe an fógrán polaitiúil a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh: [Ón dáta tosaigh go dtí an dáta deiridh.]4

5.

Na méideanna comhiomlánaithe agus luach comhiomlánaithe na sochar eile a fuair soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla le haghaidh an fhógráin pholaitiúil: [An figiúr iomlán agus an t-airgeadra.]5

6.

Na méideanna comhiomlánaithe agus luach comhiomlánaithe na sochar eile a fuair soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla le haghaidh an fheachtais fógraíochta polaitiúla: [An figiúr iomlán agus an t-airgeadra.]6

7.

Faisnéis faoi thionscnamh na méideanna agus na sochar eile a fuair soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla: [Poiblí agus/nó príobháideach agus AE agus/nó neamh-AE.]7

8.

An mhodheolaíocht a úsáideadh chun na méideanna comhiomlánaithe agus luach comhiomlánaithe na sochar eile a fuair soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla le haghaidh an fhógráin pholaitiúil, agus i gcás inarb infheidhme, le haghaidh an fheachtais fógraíochta polaitiúla, a ríomh: [Conas a rinneadh na méideanna agus na sochair chomhchineáil a fuair gach soláthraí seirbhíse ábhartha a shainaithint agus a chomhiomlánú.]8

9.

Tá an fógrán polaitiúil nasctha leis an méid seo a leanas: [teideal, leibhéal agus dáta an toghcháin] nó [teideal an tionscnaimh agus leibhéal an phróisis reachtaigh nó rialála.]9

10.

[Nasc gréasáin/naisc ghréasáin le faisnéis oifigiúil faoi na módúlachtaí le haghaidh rannpháirtíocht sa toghchán nó sa reifreann atá nasctha leis an bhfógrán polaitiúil.]10

11.

[Naisc leis an stór Eorpach d’fhógráin pholaitiúla ar líne.]11

12.

Conas fógra a thabhairt faoi fhógráin pholaitiúla a d’fhéadfadh a bheith neamhchomhlíontach: [Faisnéis maidir leis an sásra chun fógra a thabhairt faoi fhógráin pholaitiúla a d’fhéadfadh a bheith neamhchomhlíontach a leagtar síos in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2024/900.]12

13.

[Cuireadh foilsiú an fhógráin pholaitiúil nó leagan níos luaithe de ar fionraí nó ar scor mar gheall ar shárú ar Rialachán (AE) 2024/900.]13

ÚSÁID TEICNÍCÍ SPRIOCDHÍRITHE agus/nó SEACHADTA FÓGRÁIN

bunaithe ar phróiseáil sonraí pearsanta

14.

[Bhí an fógrán polaitiúil faoi réir teicnící spriocdhírithe agus/nó teicnící seachadta fógráin bunaithe ar úsáid sonraí pearsanta.] 14

15.

Faisnéis faoi na teicnící spriocdhírithe agus/nó seachadta fógráin a úsáideadh 15:

(a)

Teicnící anailíseacha a úsáideadh: [tuairisc ghairid]

(b)

An grúpa sonrach/na grúpaí sonracha faighteoirí ar spriocdhíríodh orthu, lena n-áirítear na paraiméadair a úsáideadh chun na faighteoirí ar a scaiptear an fógrán polaitiúil a chinneadh: [liosta]

(c)

Catagóirí na sonraí pearsanta a úsáidtear le haghaidh na dteicnící spriocdhírithe nó na dteicnící seachadta fógráin: [liosta]

(d)

Na spriocanna, na sásraí agus an loighic a bhaineann leis an spriocdhíriú, lena n-áirítear na paraiméadair iniaimh agus eisiaimh, agus na cúiseanna leis na paraiméadair sin a roghnú:[tuairisc ghairid]

(e)

Faisnéis maidir le húsáid córas intleachta saorga i ndáil le spriocdhíriú nó seachadadh fógráin na fógraíochta polaitiúla: [tuairisc ghairid]

(f)

Tréimhse scaipthe an fhógráin pholaitiúil: [dáta tosaigh agus dáta deiridh]

(g)

An líon amharc atá ag an bhfógrán polaitiúil: [líon iomlán]

(h)

An líon uaireanta a ndearnadh idirghníomhú leis an bhfógrán polaitiúil i dtéarmaí cliceanna, toghanna agus nótaí tráchta: [líon iomlán]

(i)

Beartas inmheánach ina ndéantar cur síos ar an gcaoi a n-úsáidtear teicnící spriocdhírithe agus seachadta fógráin: [nasc nó URL]

(j)

Faisnéis ábhartha eile: [tuairisc ghairid]

16.

Ciallaíonn éifeachtach tacú le daoine aonair a gcearta cosanta sonraí a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) , lena n-áirítear an ceart a sonraí pearsanta a leasú agus toiliú a sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch fógraíochta polaitiúla a tharraingt siar 16:

(a)

Céannacht agus sonraí teagmhála an rialaitheora/na rialaitheoirí: [a) AINM gnó agus, i gcás nach ionann é, AINM dlíthiúil, seoladh ríomhphoist, seoladh poist, agus, i gcás nach ionann í, áit bhunaíochta an eintitis dhlítheanaigh nó b) AINM agus SLOINNE, seoladh ríomhphoist, agus, i gcás ina bhfuil sé ar fáil go poiblí, seoladh poist an duine nádúrtha.]

(b)

Tagairt don cheart chun toiliú sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch fógraíochta polaitiúla a tharraingt siar: [nasc gréasáin le comhéadan an rialaitheora lena bhforáiltear d’fhéidearthacht éasca sholáimhsithe an toiliú le haghaidh fógraíocht pholaitiúil a tharraingt siar]

(c)

Nasc le comhéadan lenar féidir cearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2016/679: [nasc le leathanach gréasáin]

(d)

Nasc le faisnéis arna soláthar de bhun Rialachán (AE) 2016/679: [nasc le leathanach gréasáin].

Nótaí

1.

Áireofar san fhaisnéis maidir leis an áit bhunaíochta agus an seoladh poist an tsráid, an uimhir, an chathair, an cód poist, agus an tír. Tagraíonn an uimhir chlárúcháin ábhartha d’uimhreacha clárúcháin a shanntar don urraitheoir i gcomhthéacs toghcháin nó cinnteoireachta, amhail i gcás páirtí polaitiúil atá cláraithe chun bheith rannpháirteach i dtoghcháin nó eintiteas atá cláraithe mar ionadaí leasa nó mar sholáthraí gníomhaíochtaí ionadaíochta leasa.

2.

Níl an fhaisnéis le soláthar ach i gcás ina n-imríonn eintiteas eile tionchar cinntitheach ar chomhdhéanamh, ar vótáil nó ar chinntí orgáin an urraitheora.

3.

Níl an fhaisnéis le soláthar ach i gcás nach ionann an duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn luach saothair mar mhalairt ar an bhfógrán polaitiúil agus an t-urraitheoir nó an t-eintiteas a rialaíonn an t-urraitheoir sa deireadh, agus sa chás sin amháin.

4.

Cuirfear an dáta tosaigh agus an dáta deiridh in iúl mar laethanta féilire.

5.

Áireofar san fhigiúr iomlán na méideanna arna sonrascadh, arna mbuiséadú nó arna ngearradh ag na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, lena n-áirítear an foilsitheoir, mar mhalairt ar na seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthair siad don fhógrán polaitiúil lena mbaineann. I gcás inarb infheidhme, áireofar ann freisin luach airgeadúil na sochar comhchineáil uile a fuair agus/nó a gheobhaidh na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, lena n-áirítear an foilsitheoir, mar mhalairt ar na seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthair siad don fhógrán polaitiúil lena mbaineann.

6.

Faisnéis le soláthar i gcás inarb infheidhme. Áireofar san fhigiúr iomlán na méideanna uile arna sonrascadh, arna mbuiséadú nó arna ngearradh ag na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, lena n-áirítear an foilsitheoir, maidir leis an tacar fógrán polaitiúil nasctha, lena n-áirítear an fógrán polaitiúil lena mbaineann. I gcás inarb infheidhme, áireofar ann freisin luach airgeadúil na sochar comhchineáil uile a fuair agus/nó a gheobhaidh na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, lena n-áirítear an foilsitheoir, maidir leis an bhfeachtas fógraíochta polaitiúla, lena n-áirítear an fógrán polaitiúil lena mbaineann.

7.

Faisnéis le soláthar de réir mar is infheidhme.

8.

Faisnéis lena soiléirítear an léiríonn an figiúr iomlán i bpointe 5 agus, i gcás inarb infheidhme, i bpointe 6 méideanna arna sonrascadh, arna mbuiséadú agus/nó arna ngearradh agus an bhfuil cáin bhreisluacha san áireamh ann. I gcás sochair chomhchineáil, cuirfear in iúl ann an modh/na modhanna luachála a úsáideadh. Sa chás deireanach sin, féadfaidh sé nasc gréasáin/naisc ghréasáin chuig caighdeáin atá ann cheana a sholáthar.

9.

Níl an fhaisnéise le soláthar ach i gcás ina bhfuil nasc soiléir substaintiúil ann le toghchán nó le tionscnamh reachtach nó rialála, agus sa chás sin amháin. Féadfar teideal an toghcháin a léiriú trí thagairt a dhéanamh do chatagóir na n-údarás atá á dtoghadh (e.g. ‘toghcháin pharlaiminteacha’) nó do chineál sonrach (e.g. ‘reifreann bunreachtúil’). Féadfar teideal an tionscnaimh reachtaigh nó rialála a ghiorrú. Léireofar an leibhéal mar is infheidhme trí thagairt a dhéanamh don leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, lena n-áirítear tríd an mBallstát nó trí na Ballstáit agus/nó trí na críocha ábhartha a lua.

10.

I gcás ina soláthraítear an fógra trédhearcachta ar líne, cuirfear síos ar an nasc gréasáin/na naisc ghréasáin mar ‘Faisnéis oifigiúil faoi na módúlachtaí le haghaidh rannpháirtíocht sa toghchán nó sa reifreann atá nasctha leis an bhfógrán polaitiúil’.

11.

Tá an fhaisnéis le soláthar i gcás fógraí trédhearcachta a ghabhann le fógráin pholaitiúla ar líne a fhoilseofar, a sheachadfar nó a scaipfear ag tosú le dáta bunaithe an Stór Eorpaigh d’fhógráin pholaitiúla ar líne. I gcás ina soláthraítear an fógra trédhearcachta ar líne, cuirfear síos ar an nasc gréasáin mar ‘Nasc leis an Stór Eorpaigh d’fhógráin pholaitiúla ar líne’.

12.

Féadfar an fhaisnéis maidir leis an sásra chun fógra a thabhairt faoi fhógráin pholaitiúla a d’fhéadfadh a bheith neamhchomhlíontach a sholáthar freisin mar nasc gréasáin. I gcás ina soláthraítear an fógra trédhearcachta ar líne, cuirfear síos ar an nasc gréasáin mar ‘Fógra a thabhairt faoi fhógráin pholaitiúla a d’fhéadfadh a bheith neamhchomhlíontach’.

13.

Faisnéis le soláthar de réir mar is infheidhme agus i gcás inarb infheidhme.

14.

Níl an fhaisnéis le soláthar ach i gcás fógráin pholaitiúla ar líne a úsáideann teicnící spriocdhírithe agus/nó seachadta fógráin atá bunaithe ar phróiseáil sonraí pearsanta, agus sa chás sin amháin.

15.

Níl an fhaisnéis le soláthar ach i gcás fógráin pholaitiúla ar líne a úsáideann teicnící spriocdhírithe agus/nó seachadta fógráin atá bunaithe ar phróiseáil sonraí pearsanta, agus sa chás sin amháin. I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, soláthrófar clúdach an fhógráin pholaitiúil i dtéarmaí amharc, cliceanna, toghanna agus nótaí tráchta.

16.

Níl an fhaisnéis le soláthar ach i gcás fógráin pholaitiúla ar líne a úsáideann teicnící spriocdhírithe agus/nó seachadta fógráin atá bunaithe ar phróiseáil sonraí pearsanta, agus sa chás sin amháin. I gcás inarb infheidhme, cuirfear tagairtí do Rialachán (AE) 2018/1725 in ionad na dtagairtí do Rialachán (AE) 2016/679.

(1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).


IARSCRÍBHINN III

Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh fógraí trédhearcachta

1.   

I gcás nach bhfuil an fógra trédhearcachta sa lipéad nó nach soláthraítear é i gcomhréir le pointe 3.3 d’Iarscríbhinn I, cuirfear ar fáil ar líne é.

2.   

I gcás inarb infheidhme de bhun Airteagal 12(3), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2024/900, cuirfear fógraí trédhearcachta ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite. Tá fógra trédhearcachta meaisín-inléite má sholáthraítear é i bhformáid is féidir le feidhmchláir bogearraí próiseáil uathoibríoch a dhéanamh uirthi, gan idirghabháil ón duine, amhail JSON nó XML.

3.   

I gcás inarb infheidhme, comhlíonfaidh an fógra trédhearcachta na ceanglais inrochtaineachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882.

4.   

Más indéanta go teicniúil é, clóaghaidh sans-serif agus méid 12 phointe ar a laghad a úsáidfear le haghaidh na gclófoirne san fhógra trédhearcachta. Maidir leis an spásáil líne, spás go leith ar a laghad a bheidh ann laistigh de mhíreanna, agus beidh an spásáil míre 1,5 uair níos mó ar a laghad ná an spásáil líne.

5.   

Más indéanta go teicniúil é, beidh cóimheas codarsnachta 4.5:1 ar a laghad idir na gnéithe den fhógra trédhearcachta agus a chúlra.

6.   

I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, bainfear úsáid as leagan amach solúbtha d’fhógraí trédhearcachta, rud a fhágfaidh go mbeidh siad in ann dul in oiriúint go huathoibríoch do na méideanna scáileáin agus do na comhéadain atá á n-úsáid.

7.   

Más indéanta go teicniúil é, soláthrófar fógraí trédhearcachta i bhformáid is féidir a mhéid a athrú gan teicneolaíocht chúnta suas le 200 faoin gcéad ar bhealach nach n-éilíonn ar an úsáideoir scrollú go cothrománach chun líne téacs a léamh ar fhuinneog lánscáileáin.

8.   

Féadfar éifeachtaí nó beochaintí a úsáid chun aird a tharraingt ar an bhfógra trédhearcachta agus chun é a dhéanamh níos soláimhsithe don úsáideoir.

9.   

Ní bheidh feidhm ag míreanna 4 go 7 maidir le micreaghnóthais, gnóthais bheaga nó gnóthais mheánmhéide atá cáilithe faoi Airteagal 3(1), (2) agus (3) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).


(1)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1410/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top