This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1401
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1401 of 14 July 2025 amending Annexes I, VIII, XI, XV, XVI and XVII to Implementing Regulation (EU) 2021/620 as regards the approval or withdrawal of the disease-free status of certain Member States, zones or compartments thereof as regards certain listed diseases and the approval of eradication programmes for certain listed diseases
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1401 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2025 lena leasaítear Iarscríbhinní I, VIII, XI, XV, XVI agus XVII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a mhéid a bhaineann le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalair atá ag Ballstáit áirithe, nó ag criosanna nó deighleoga díobh, i ndáil le galair liostaithe áirithe agus le formheas na gclár díothaithe le haghaidh galair liostaithe áirithe
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1401 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2025 lena leasaítear Iarscríbhinní I, VIII, XI, XV, XVI agus XVII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a mhéid a bhaineann le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalair atá ag Ballstáit áirithe, nó ag criosanna nó deighleoga díobh, i ndáil le galair liostaithe áirithe agus le formheas na gclár díothaithe le haghaidh galair liostaithe áirithe
C/2025/4606
IO L, 2025/1401, 15.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1401/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1401 |
15.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1401 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Iúil 2025
lena leasaítear Iarscríbhinní I, VIII, XI, XV, XVI agus XVII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a mhéid a bhaineann le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalair atá ag Ballstáit áirithe, nó ag criosanna nó deighleoga díobh, i ndáil le galair liostaithe áirithe agus le formheas na gclár díothaithe le haghaidh galair liostaithe áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 31(4), an dara fomhír, Airteagail 36(4) agus 42(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha sonracha ó thaobh galair de maidir leis na galair a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de, agus sonraítear an chaoi a bhfuil na rialacha sin le cur i bhfeidhm maidir le catagóirí éagsúla de ghalair liostaithe. Le Rialachán (AE) 2016/429 déantar foráil freisin maidir leis an bhformheas nó an aistarraingt a dhéanfaidh an Coimisiún ar stádas saor ó ghalair atá ag Ballstáit nó criosanna nó deighleog díobh maidir le galair liostaithe áirithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de. Ina theannta sin, foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 go mbunóidh na Ballstáit cláir dhíothaithe éigeantacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b), de, agus déantar foráil ann maidir le cláir dhíothaithe roghnacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (c), de, agus maidir le formheas na gclár sin ag an gCoimisiún. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 (2) ón gCoimisiún forlíontar Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos na critéir maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú, a choinneáil ar bun, a chur ar fionraí agus a aistarraingt i gcás Ballstát nó criosanna nó deighleoga díobh, agus na ceanglais maidir le formheas clár díothaithe atá ag Ballstáit nó criosanna nó deighleog díobh. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún (3) leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, maidir le hainmhithe, a mhéid a bhaineann le stádas saor ó ghalair agus an stádas neamh-vacsaínithe atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh, agus le formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin. Go sonrach, liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis, na Ballstáit nó na criosanna nó deighleoga díobh a bhfuil stádas formheasta saor ó ghalair acu agus a bhfuil cláir dhíothaithe éigeantacha nó roghnacha fhormheasta acu cheana féin. Mar gheall ar an athrú atá ag teacht ar an staid eipidéimeolaíoch san Aontas maidir le galair liostaithe áirithe, ba cheart Iarscríbhinní I, VIII, XV, XI, XVI agus XVII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a leasú. |
|
(4) |
A mhéid a bhaineann le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis, rinneadh an stádas saor ó ghalair i bpobail ainmhithe caorach agus gabhair i gcúige Alessandria i réigiún Piemonte san Iodáil a tharraingt siar le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2692 ón gCoimisiún (4). Mar gheall ar an leasú sin, tá leasú ar an gclár díothaithe formheasta le haghaidh Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i bpobail ainmhithe caorach agus gabhair ina gcuimsítear an cúige sin curtha faoi bhráid an Choimisiúin anois ag an Iodáil. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, fuarthas gur chomhlíon an clár díothaithe leasaithe na critéir a leagtar síos i gCuid II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le cláir dhíothaithe a fhormheas a mhéid a bhaineann le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis. Dá bhrí sin, ba cheart an cúige sin a liostú i gCaibidil 2 de Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar chrios ag a bhfuil clár díothaithe formheasta le haghaidh Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i bpobail ainmhithe caorach agus gabhair. Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil a bhaineann leis an Iodáil i gCaibidil 2 de Chuid II den Iarscríbhinn sin a leasú dá réir sin. |
|
(5) |
A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24), tá fógra tugtha don Choimisiún ag an tSlóivéin maidir le ráigeanna d’ionfhabhtú le séiritíopa 4 den víreas gormtheanga a dhéanann difear do chríoch iomlán an Bhallstáit sin. Ós rud é go bhfuil stádas saor ó ghalair ag críoch iomlán na Slóivéine, agus go liostaítear í i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, ba cheart formheas an stádais saor ó ghalair maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga a tharraingt siar ó chríoch iomlán na Slóivéine. Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil a bhaineann leis an tSlóivéin i gCuid I den Iarscríbhinn sin a scriosadh agus ba cheart an Iarscríbhinn sin a leasú dá réir. |
|
(6) |
Ina theannta sin, tá an Spáinn tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha maidir leis an stádas saor ó ghalair a choinneáil ar bun i leithinis na Spáinne a bhfuil stádas saor ó ghalair aici faoi láthair agus a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar gheall ar roinnt séiritíopaí den ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga a bheith ann sa chuid sin den Spáinn. Ba cheart formheas an stádais saor ó ghalair maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga a tharraingt siar ón gcrios i leithinis na Spáinne. Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil a bhaineann leis an Spáinn i gCuid I den Iarscríbhinn sin a leasú dá réir sin. |
|
(7) |
Ina theannta sin, tá an Spáinn tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas freisin go bhfuil raon feidhme críochach an chláir díothaithe roghnaigh i leith ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga a formheasadh cheana féin le haghaidh na criosanna a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 laghdaithe aici, agus nach bhfuil sé coinnithe ar bun ach amháin i bpobal féinrialaitheach na nOileán Bailéarach. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna eile atá liostaithe san iontráil a bhaineann leis an Spáinn i gCuid II d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 faoi láthair a scriosadh, agus ba cheart an leasú atá beartaithe ar an gclár díothaithe roghnach i leith ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga a fhormheas. Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil a bhaineann leis an Spáinn i gCuid II den Iarscríbhinn sin a leasú dá réir sin. |
|
(8) |
A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le fliú éanúil ardphataigineach, tá an Ísiltír tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas nach féidir Cobb Europe B.V. a bhfuil uimhir formheasa 2951 aige a mheas mar dheighleog atá saor ó fhliú éanúil ardphataigineach toisc nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha chun stádas saor ó ghalair a choinneáil ar bun. Dá bhrí sin, níor cheart an deighleog sin a liostú a thuilleadh in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar dheighleog atá saor ó fhliú éanúil ardphataigineach, agus ba cheart an stádas saor ó ghalair maidir leis an bhfliú éanúil ardphataigineach a tharraingt siar. Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil a bhaineann leis an Ísiltír san Iarscríbhinn sin a leasú dá réir sin. |
|
(9) |
A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le Marteilia refringens, ionfhabhtú le Bonamia exitiosa, agus ionfhabhtú le Bonamia ostreae, tá an tSualainn tar éis faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go bhfuil na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a aithint a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 comhlíonta le haghaidh chríoch iomlán an Bhallstáit sin. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, tá sé léirithe go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalair a fhormheas. Dá bhrí sin, ba cheart críoch iomlán na Sualainne a liostú mar chríoch atá saor ó ionfhabhtú le Marteilia refringens, saor ó ionfhabhtú le Bonamia exitiosa, agus saor ó ionfhabhtú le Bonamia ostreae in Iarscríbhinní XV, XVI agus XVII, faoi seach, a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620. Dá bhrí sin, ba cheart na hIarscríbhinní sin a leasú dá réir. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní I, VIII, XI, XV, XVI agus XVII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair i ndáil le galair liostaithe áirithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/689/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formheas an stádais saor ó ghalair agus an stádais neamh-vacsaínithe atá ag Ballstát áirithe nó ag criosanna nó deighleoga díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin (IO L 131, 16.4.2021, lch. 78, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/620/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2692 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a mhéid a bhaineann le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalar atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus le formheas na gclár díothaithe le haghaidh galair liostaithe áirithe (IO L, 2024/2692, 18.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2692/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní I, VIII, XI, XV, XVI agus XVII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar a leanas:
|
(1) |
I gCaibidil 2 de Chuid II d’Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Iodáil:
|
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:
|
|
(3) |
in Iarscríbhinn XI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Ísiltír:
|
|
(4) |
i gCuid I d’Iarscríbhinn XV, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas a bhaineann leis an tSualainn idir an iontráil a bhaineann le hÉirinn agus an iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann):
|
|
(5) |
i gCuid I d’Iarscríbhinn XVI, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas a bhaineann leis an tSualainn i ndiaidh na hiontrála a bhaineann leis an Eastóin:
|
|
(6) |
i gCuid I d’Iarscríbhinn XVII, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas a bhaineann leis an tSualainn idir an iontráil a bhaineann le hÉirinn agus an iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann):
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1401/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)