Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1311

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1311 ón gCoimisiún an 3 Iúil 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na síntí agus na n-athruithe ar úsáid samhlacha inmheánacha malartacha, agus na n-athruithe ar fhothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe

C/2025/4338

IO L, 2025/1311, 14.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1311/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1311/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1311

14.10.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/1311 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Iúil 2025

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na síntí agus na n-athruithe ar úsáid samhlacha inmheánacha malartacha, agus na n-athruithe ar fhothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 325az(8), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann institiúidí cead óna n-údaráis inniúla cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar síos i dTeideal IV, Caibidil 1b, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a úsáid, braitheann sé ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na hinstitiúidí sin na ceanglais a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b, den Rialachán sin, lena n-áirítear ceanglais a mhéid a bhaineann le modhanna, próisis, rialuithe, bailiú sonraí, eagrú an aonaid rialaithe riosca agus fheidhm an bhailíochtaithe inmheánaigh, agus córais TF. Ceadaítear d’institiúidí na modhanna, na próisis, na rialuithe, bailiú sonraí, eagrú an aonaid rialaithe riosca agus fheidhm an bhailíochtaithe inmheánaigh, agus na córais TF, faoi mar a d’fhormheas a n-údaráis inniúla, a mhodhnú, ar choinníoll gur tugadh fógra dá n-údarás inniúil faoi na modhnuithe sin nó gur fhormheas a n-údarás inniúil iad, ag brath ar chineál na modhnuithe, i gcomhréir le hAirteagal 325az(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Tá feidhm aige sin freisin maidir le modhnuithe a spreagtar trí cheanglais rialála a chur i bhfeidhm, i gcás ina gcuimsítear leis na modhnuithe sin úsáid modhanna nó cineálacha cur chuige nach cuid iad de chead an údaráis inniúil atá ann cheana.

(2)

Is cuid de thacar beartas agus nósanna imeachta inmheánacha formheasta agus doiciméadaithe na hinstitiúide é an rogha maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. I gcás ina modhnaíonn an institiúid a beartais agus a nósanna imeachta a bhaineann leis an rogha maidir le fachtóirí riosca insamhaltaithe, ba cheart don údarás inniúil an modhnú sin a fhormheas nó fógra a thabhairt dó, toisc gur athrú é ar an rogha maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe. Os a choinne sin, maidir le hathruithe ar chomhdhéanamh an liosta fachtóirí riosca a áirítear san fhothacar maidir le fachtóirí riosca insamhaltaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2) den Rialachán sin, a tharlaíonn laistigh de na beartais agus na nósanna imeachta formheasta, lena n-áirítear i gcás laghdú ar infhaighteacht sonraí, níor cheart iad a mheas mar athruithe ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe.

(3)

Baineann an cead ón údarás inniúil le modhanna, próisis, rialuithe, bailiú sonraí agus córais TF chur chuige malartach na samhla inmheánaí. Dá bhrí sin, níor cheart a cheangal ar institiúidí fógra a thabhairt dá n-údarás inniúil faoi ailínithe leanúnacha na samhlacha inmheánacha malartacha a úsáideann siad leis na foinsí sonraí a úsáidtear, faoi cheartú earráidí, nó faoi mhionchoigeartuithe is gá chun na samhlacha a chothabháil ó lá go lá, a tharlaíonn laistigh de na modhanna, próisis, rialuithe, bailiú sonraí agus córais TF atá formheasta cheana agus a thaifeadtar dá réir sin.

(4)

Ba cheart síntí agus athruithe ar úsáid samhlacha inmheánacha malartacha, nó athruithe ar fhothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe, a aicmiú mar ‘ábhartha’, agus dá bhrí sin is gá cead a fháil roimh ré ó na húdaráis inniúla, nó ‘neamhábhartha’ agus, dá bhrí sin, is gá fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla, ar bhonn critéir cháilíochtúla agus chainníochtúla araon. D’fhéadfadh sé nach mbeadh tionchar cainníochtúil díreach ag roinnt síntí agus athruithe, lena n-áirítear athruithe eagraíochtúla, athruithe ar an bpróiseas inmheánach, nó athruithe ar an bpróiseas um bainistiú riosca, ar na samhlacha inmheánacha malartacha, ach d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar chruinneas, fóntacht agus úsáid na samhla inmheánaí malartaí sin. Sna cásanna sin, i bhfianaise na deacrachta a bhaineann le tionchar cainníochtúil a chinneadh, níor cheart d’institiúidí agus d’údaráis inniúla ach na critéir cháilíochtúla a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na n-athruithe sin.

(5)

Chun cur chuige stuama a áirithiú agus chun é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar shíntí agus ar athruithe ar úsáid samhlacha inmheánacha malartacha, nó ar athruithe ar fhothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe, sula gcuirfear chun feidhme iad, ba cheart d’institiúidí fógra a thabhairt dá n-údarás inniúil faoi shíntí agus athruithe neamhábhartha den sórt sin ceithre seachtaine ar a laghad roimh an gcur chun feidhme. Níor cheart feidhm a bheith ag an tréimhse fógra sin, áfach, maidir le cásanna nach ndearna institiúidí an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 325bc(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh. I gcásanna den sórt sin, ba cheart an deis a bheith ag institiúidí gníomhú láithreach chun comhlíonadh na gceanglas rialála a athbhunú, ach ba cheart freisin fógra cuí agus pras a thabhairt do na húdaráis inniúla sula gcuirfear an t-athrú sin chun feidhme.

(6)

Ní féidir le húdaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar shíntí ná ar athruithe ar úsáid samhlacha inmheánacha malartacha, ná ar athruithe ar fhothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe ach amháin i gcás ina bhfaigheann siad an fhaisnéis uile is gá le haghaidh athbhreithniú den sórt sin ó na hinstitiúidí lena mbaineann. Is gá, dá bhrí sin, ábhar na faisnéise atá le soláthar ag na hinstitiúidí chun na críche sin a shonrú.

(7)

Ba cheart na méadrachtaí cainníochtúla agus na tairseacha gaolmhara a úsáidtear chun athruithe agus síntí ábhartha a shainaithint a cheapadh ar bhealach ina gcuirfear san áireamh an tionchar ar roinnt uimhreacha riosca ábhartha agus ar na ceanglais chaipitil chomhcheangailte maidir le riosca margaidh. Chun ríomh na méadrachta cainníochtúla sin a éascú agus chun na torthaí is faisnéisí a áirithiú, níor cheart ach na huimhreacha riosca is déanaí a mheas.

(8)

Chun an éifeacht a bheadh ag athruithe móra a d’fhéadfadh a bheith ar shuíomhanna leabhair trádála a chur san áireamh, athruithe a tharlaíonn ar bhonn laethúil de ghnáth, ba cheart d’institiúidí na huimhreacha riosca riachtanacha a ríomh ar bhonn tréimhse bhreathnóireachta 15 lá gnó as a chéile, seachas ar bhonn pointe aonair ama. Mar sin féin, chun méid áirithe comhréireachta a áireamh sa mheasúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil athruithe ar úsáid samhlacha inmheánacha malartacha agus athruithe ar fhothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe ábhartha, ba cheart an tréimhse bhreathnóireachta 15 lá gnó as a chéile a bheith faoi réir díolúintí i gcás ina bhfuil an tionchar cainníochtúil measúnaithe an-bheag ar an gcéad dáta tástála agus i gcás ina bhfuil toimhde ann nach sárófar na tairseacha cainníochtúla le linn na tréimhse 15 lá gnó as a chéile sin.

(9)

Níor cheart d’údaráis inniúla ceangal a chur ar institiúidí na huimhreacha riosca is gá a ríomh nuair a thugann siad an cead tosaigh d’institiúidí a gceanglais cistí dílse a ríomh trí shamhlacha inmheánacha malartacha a úsáid. Mar sin féin, chun údar agus bunús a thabhairt leis an measúnú ábharthachta ar na hathruithe agus na síntí sin, ba cheart d’institiúidí na huimhreacha riosca is gá a ríomh nuair a shíneann siad nó nuair a athraíonn siad a samhlacha inmheánacha malartacha agus nuair a athraíonn siad fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe.

(10)

Chun a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis inniúla, tráth ar bith, bearta maoirseachta iomchuí maidir le síntí agus athruithe ar na samhlacha inmheánacha malartacha agus athruithe ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe, ba cheart dóibh grúpa síntí gaolmhara nó athruithe gaolmhara ar shamhail inmheánach mhalartach, ar thug institiúid fógra ina leith, a mheas ar leithligh mar shíneadh nó athrú aonair. I gcás den sórt sin, ba cheart d’údaráis inniúla a mheas an bhfuil síntí agus athruithe ar úsáid na samhlacha inmheánacha malartacha ábhartha ar leibhéal an tsínidh aonair nó an athraithe aonair sin.

(11)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach.

(12)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

Coinníollacha chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht síntí agus athruithe ar úsáid samhlacha inmheánacha malartacha

Airteagal 1

Catagóirí na síntí agus na n-athruithe ar úsáid samhlacha inmheánacha malartacha

1.   Sannfaidh institiúidí síntí agus athruithe ar an úsáid a bhainfear as a samhlacha inmheánacha malartacha do cheann amháin de na catagóirí seo a leanas:

(a)

síntí agus athruithe ábhartha ar úsáid samhlacha inmheánacha malartacha, arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 2(1) agus (2), lena gceanglaítear cead a fháil ó na húdaráis inniúla;

(b)

síntí agus athruithe neamhábhartha ar úsáid samhlacha inmheánacha malartacha, lena gceanglaítear fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla.

2.   Sannfaidh institiúidí síntí agus athruithe neamhábhartha ar an úsáid a bhainfear as a samhlacha inmheánacha malartacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), do cheann amháin de na fo-chatagóirí seo a leanas:

(a)

síntí agus athruithe, arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus (2), atá le cur in iúl maille le faisnéis bhreise;

(b)

síntí agus athruithe atá le cur in iúl maille le faisnéis bhunúsach.

Airteagal 2

Athruithe ábhartha ar an úsáid a bhaintear as samhlacha inmheánacha malartacha, agus síntí ábhartha ar an úsáid sin

1.   Déanfaidh institiúidí athruithe ar an úsáid a bhainfear as a samhlacha inmheánacha malartacha a chatagóiriú mar athruithe ábhartha, dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), i gcás ina gcomhlíonann na hathruithe sin aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

comhlíonann siad aon cheann de na critéir cháilíochtúla a leagtar amach i gCuid I den Iarscríbhinn;

(b)

is é an toradh a bhíonn orthu athrú atá cothrom le 1 % nó níos airde ná sin, i ndearbhthéarmaí, arna ríomh don chéad lá gnó den tástáil ar thionchar an athraithe, ar aon cheann de na huimhreacha riosca Rn i mar a leagtar amach i mír 4 a mheastar a bheith ábhartha de bhun mhír 5, agus a bhfuil aon cheann de na nithe seo a leanas mar thoradh orthu:

(i)

méadú atá cothrom le 15 % den tsuim seo a leanas nó níos airde ná sin, i ndearbhthéarmaí:

Formula

i gcás inarb iad Rn 1, Rn 2 agus Rn 3 na huimhreacha riosca dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, faoi seach, agus inarb é mc an fachtóir iolrúcháin dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1), pointe (b)(i), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(ii)

laghdú 10 % nó níos mó, i ndearbhthéarmaí, ar an tsuim S IMA dá dtagraítear i bpointe (b)(i) den mhír seo;

(iii)

méadú atá cothrom le 20 % nó níos airde ná sin, i ndearbhthéarmaí, ar aon cheann de na huimhreacha riosca Rn i dá dtagraítear i mír 4 a mheastar a bheith ábhartha de bhun mhír 5;

(iv)

laghdú cothrom le 15 % nó níos airde ná sin, i ndearbhthéarmaí, ar aon cheann de na huimhreacha riosca Rn i dá dtagraítear i bpointe (b)(iii) den mhír seo.

2.   Déanfaidh institiúidí síntí ar an úsáid a bhainfear as a samhlacha inmheánacha malartacha a chatagóiriú mar athruithe ábhartha, dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), i gcás ina gcomhlíonann na síntí sin aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

comhlíonann siad aon cheann de na critéir cháilíochtúla a leagtar amach i gCuid I den Iarscríbhinn;

(b)

is é an toradh a bhíonn orthu athrú atá cothrom le 1 % nó níos airde ná sin, i ndearbhthéarmaí, arna ríomh don chéad lá gnó den tástáil ar thionchar an tsínidh, ar aon cheann de na huimhreacha riosca Rn i a leagtar amach i mír 4 a mheastar a bheith ábhartha de bhun mhír 5, agus a bhfuil aon cheann de na nithe seo a leanas mar thoradh orthu:

(i)

athrú atá cothrom le 10 % den tsuim S IMA dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(i), nó níos airde ná sin, i ndearbhthéarmaí;

(ii)

athrú atá cothrom le 15 % nó níos airde ná sin, i ndearbhthéarmaí, ar aon cheann de na huimhreacha riosca Rn i a leagtar amach i mír 4 a mheastar a bheith ábhartha de bhun mhír 5.

3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, ní dhéanfaidh institiúidí a síntí agus athruithe a chatagóiriú mar shíntí agus athruithe ábhartha ar an úsáid a bhainfear as a samhlacha inmheánacha malartacha a d’iarr a n-údarás inniúil.

4.   Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha i mír 1, pointe (b), agus mír 2, pointe (b), breithneoidh institiúidí na huimhreacha riosca seo a leanas Rn i :

(a)

Rn 1, beart riosca easnaimh ionchasaigh na hinstitiúide le haghaidh an lae roimhe sin (ESt-1) dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1), pointe (a)(i), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir le punann na suíomhanna uile dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo;

(b)

Rn 2, beart riosca cháis struis na hinstitiúide le haghaidh an lae roimhe sin (SSt-1) dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1), pointe (a)(ii), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir le punann na suíomhanna uile dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo;

(c)

Rn 3, an ceanglas cistí dílse is déanaí le haghaidh riosca mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 325ba(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir le punann na suíomhanna uile dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo.

5.   An uimhir riosca Rn i a leagtar amach i mír 4, measfaidh institiúidí go bhfuil sí ábhartha i gcás ina gcomhlíonfaidh an uimhir riosca sin na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

lá amháin ar a laghad le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír 9:

Formula

(b)

ar an gcéad lá gnó den tástáil ar thionchar an tsínidh nó an athraithe:

Formula

nuair is é S IMA an tsuim dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(i).

Seiceálfaidh institiúidí na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír leis an síneadh nó an t-athrú ar úsáid a samhlacha inmheánacha malartacha agus gan an síneadh nó an t-athrú sin.

6.   Chun a mheasúnú cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha i mír 1, pointe (b)(i) nó (b)(iii), cinnfidh institiúidí tionchar an athraithe ar úsáid a samhlacha inmheánacha malartacha tríd an méadú is airde a chur san áireamh, i ndearbhthéarmaí le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír 9, ar na cóimheasa a leagtar amach i míreanna 7 nó 8, faoi seach.

Chun a mheasúnú an gcomhlíontar na coinníollacha i mír 1, pointe (b)(ii) nó (b)(iv), cinnfidh institiúidí tionchar an athraithe ar úsáid a samhlacha inmheánacha malartacha tríd an laghdú is airde a ghlacadh, i ndearbhthéarmaí le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír 9, ar na cóimheasa a leagtar amach i míreanna 7 nó 8, faoi seach.

Chun a mheasúnú an gcomhlíontar na coinníollacha i mír 2, pointe (b)(i) nó (b)(ii), cinnfidh institiúidí tionchar an tsínidh ar úsáid a samhlacha inmheánacha malartacha tríd an athrú is airde a ghlacadh, i ndearbhthéarmaí le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír 9, ar na cóimheasa a leagtar amach i míreanna 7 nó 8, faoi seach.

7.   Ríomhfaidh institiúidí an cóimheas a úsáidfear chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, pointí (b)(i) agus (ii), nó i mír 2, pointe (b)(i), mar a leanas:

(a)

san uimhreoir, an difríocht idir an tsuim S IMA dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(i), maille leis an síneadh nó leis an athrú ar úsáid a samhlacha inmheánacha malartacha nó gan an síneadh nó an t-athrú;

(b)

san ainmneoir, an tsuim S IMA dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(i), gan an síneadh nó an t-athrú ar úsáid a samhlacha inmheánacha malartacha.

8.   Ríomhfaidh institiúidí an cóimheas a úsáidfear chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, pointí (b)(iii) agus (iv), agus i mír 2, pointe (b)(ii), mar a leanas:

(a)

san uimhreoir, an difríocht idir an uimhir riosca ábhartha Rn i dá dtagraítear i mír 4, maille leis an síneadh nó leis an athrú ar úsáid a samhlacha inmheánacha malartacha nó gan an síneadh nó an t-athrú;

(b)

san ainmneoir, uimhir riosca ábhartha Rn i dá dtagraítear i mír 4, gan an síneadh nó an t-athrú ar úsáid a samhlacha inmheánacha malartacha.

9.   Ríomhfaidh institiúidí na cóimheasa dá dtagraítear i míreanna 7 agus 8 ar feadh tréimhse 15 lá gnó as a chéile ag tosú ón gcéad lá gnó den tástáil ar thionchar an tsínidh nó an athraithe ar úsáid a samhlacha inmheánacha malartacha.

Maidir le rogha na tréimhse 15 lá gnó as a chéile, beidh sí ionadaíoch don ghníomhaíocht trádála agus fálaithe faoi ghnáthdhálaí margaidh le haghaidh phunann na suíomhanna a ndéanann an síneadh le húsáid a samhlacha inmheánacha malartacha nó an t-athrú ar úsáid a samhlacha inmheánacha malartacha difear dóibh. Beidh an tréimhse sin ann le linn na 9 mí roimh an bhfógra nó an iarraidh ar chead chuig a n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 325az(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

10.   Ríomhfaidh institiúidí na huimhreacha riosca Rn i a leagtar amach i mír 4 le haghaidh phunann na suíomhanna uile a shanntar do dheasca trádála lena gcomhlíontar na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 325az(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tráth a thabharfar fógra nó tráth a iarrfar cead dá n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 325az(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 3

Athruithe neamhábhartha agus síntí neamhábhartha ar úsáid na samhlacha inmheánacha malartacha lena gceanglaítear fógra a thabhairt ina bhfuil faisnéis bhreise

1.   Déanfaidh institiúidí athruithe neamhábhartha ar an úsáid a bhainfear as a samhlacha inmheánacha malartacha a chatagóiriú mar athruithe lena gceanglaítear fógra ina bhfuil faisnéis bhreise, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (a), i gcás ina gcomhlíonann na hathruithe sin aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

comhlíonann siad aon cheann de na critéir cháilíochtúla a leagtar amach i gCuid II den Iarscríbhinn;

(b)

is é an toradh a bhíonn orthu athrú atá cothrom le 1 % nó níos airde ná sin, i ndearbhthéarmaí, arna ríomh don chéad lá gnó den tástáil ar thionchar an athraithe, ar aon cheann de na huimhreacha riosca Rn i a leagtar amach in Airteagal 2(4) a mheastar a bheith ábhartha de bhun Airteagal 2(5), agus a bhfuil aon cheann de na nithe seo a leanas mar thoradh orthu:

(i)

méadú atá cothrom le 10 % den tsuim S IMA dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b)(i); nó níos airde ná sin ach níos ísle ná 15 %, i ndearbhthéarmaí;

(ii)

laghdú atá cothrom le 5 % den tsuim S IMA dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b)(i); nó níos airde ná sin ach níos ísle ná 10 %, i ndearbhthéarmaí;

(iii)

méadú atá cothrom le 15 % nó níos airde ná sin ach níos ísle ná 20 %, i ndearbhthéarmaí, ar aon cheann de na huimhreacha riosca Rn i dá dtagraítear in Airteagal 2(4) a mheastar a bheith ábhartha de bhun Airteagal 2(5);

(iv)

laghdú atá cothrom le 10 % nó níos airde ná sin ach níos ísle ná 15 %, i ndearbhthéarmaí, ar aon cheann de na huimhreacha riosca Rn i dá dtagraítear in Airteagal 2(4) a mheastar a bheith ábhartha de bhun Airteagal 2(5).

2.   Déanfaidh institiúidí síntí neamhábhartha ar an úsáid a bhainfear as a samhlacha inmheánacha malartacha a chatagóiriú mar athruithe lena gceanglaítear fógra ina bhfuil faisnéis bhreise, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (a), i gcás ina gcomhlíonann na síntí sin aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

comhlíonann siad aon cheann de na critéir cháilíochtúla a leagtar amach i gCuid II den Iarscríbhinn;

(b)

is é an toradh a bhíonn orthu athrú atá cothrom le 1 % nó níos airde ná sin, i ndearbhthéarmaí, arna ríomh don chéad lá gnó den tástáil ar thionchar an tsínidh, ar aon cheann de na huimhreacha riosca Rn i dá dtagraítear in Airteagal 2(4) a mheastar a bheith ábhartha de bhun Airteagal 2(5), agus a bhfuil aon cheann de na nithe seo a leanas mar thoradh orthu:

(i)

athrú atá cothrom le 5 % den tsuim S IMA dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b)(i); nó níos airde ná sin ach níos ísle ná 10 %, i ndearbhthéarmaí;

(ii)

athrú atá cothrom le 10 % nó níos airde ná sin ach níos ísle ná 15 %, i ndearbhthéarmaí, ar aon cheann de na huimhreacha riosca Rn i dá dtagraítear in Airteagal 2(4) a mheastar a bheith ábhartha de bhun Airteagal 2(5).

3.   Tabharfaidh institiúidí fógra dá n-údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 325az(7), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, 4 seachtaine sula gcuirfidh siad síneadh nó athrú neamhábhartha ar úsáid a samhlacha inmheánacha malartacha chun feidhme.

4.   Chun a mheasúnú an gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b)(i) nó (b)(iii), cinnfidh institiúidí tionchar an athraithe ar úsáid a samhlacha inmheánacha malartacha tríd an méadú is airde a chur san áireamh, i ndearbhthéarmaí le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 2(9), ar na cóimheasa dá dtagraítear in Airteagal 2(7) nó (8), faoi seach.

Chun a mheasúnú an gcomhlíontar na coinníollacha i mír 1, pointí (b)(ii) nó (b)(iv), cinnfidh institiúidí tionchar an athraithe ar úsáid a samhlacha inmheánacha malartacha tríd an laghdú is airde a chur san áireamh, i ndearbhthéarmaí le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 2(9), ar na cóimheasa a leagtar amach in Airteagal 2(7) nó (8), faoi seach.

Chun a mheasúnú an gcomhlíontar na coinníollacha i mír 2, pointe (b)(i) nó (b)(ii), cinnfidh institiúidí tionchar an tsínidh ar úsáid a samhlacha inmheánacha malartacha tríd an athrú is airde a chur san áireamh, i ndearbhthéarmaí le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 2(9), ar na cóimheasa a leagtar amach in Airteagal 2(7) nó (8), faoi seach.

CAIBIDIL 2

Coinníollacha chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na nathruithe ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfactóirí riosca insamhaltaithe

Airteagal 4

Catagóirí na n-athruithe ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe

1.   Sannfaidh institiúidí athruithe ar rogha fhothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 do cheann amháin de na catagóirí seo a leanas:

(a)

athruithe ábhartha ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Rialachán seo, lena gceanglaítear cead a fháil ó na húdaráis inniúla;

(b)

athruithe neamhábhartha ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe, lena gceanglaítear fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla.

2.   Sannfaidh institiúidí athruithe ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), do cheann amháin de na fochatagóirí seo a leanas:

(a)

athruithe ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe, arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 6(1), a dtabharfar fógra ina leith maille le faisnéis bhreise;

(b)

athruithe ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe a dtabharfar fógra ina leith maille le faisnéis bhunúsach.

Airteagal 5

Athruithe ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe

1.   Déanfaidh institiúidí athruithe ar a rogha féin maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bc de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chatagóiriú mar athruithe ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (a), den Rialachán seo, i gcás ina mbeidh an dá rud seo a leanas mar thoradh ar an athrú sin:

(a)

athrú atá cothrom le 1 % den uimhir riosca Rn 1 dá dtagraítear in Airteagal 2(4), pointe (a), nó níos airde ná sin, i ndearbhthéarmaí, arna ríomh don chéad lá gnó den tástáil ar thionchar an athraithe ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe;

(b)

aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

méadú atá cothrom le 15 % den tsuim S IMA dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b)(i), nó níos airde ná sin, i ndearbhthéarmaí;

(ii)

laghdú atá cothrom le 10 % den tsuim S IMA dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b)(i), nó níos airde ná sin, i ndearbhthéarmaí;

(iii)

méadú atá cothrom le 20 % den tsuim Rn 1 dá dtagraítear in Airteagal 2(4), pointe (a), nó níos airde ná sin, i ndearbhthéarmaí;

(iv)

méadú atá cothrom le 15 % den tsuim Rn 1 dá dtagraítear in Airteagal 2(4), pointe (a), nó níos airde ná sin, i ndearbhthéarmaí;

(v)

laghdú ar an gcóimheas a leagtar amach i mír 4, arb é an toradh a bheidh air go gcomhlíonfar an coinníoll seo a leanas:

Formula

i gcás inarb é R athrú an cóimheas a leagtar amach i mír 4 le cur chun feidhme an athraithe ar an rogha maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe.

2.   De mhaolú ar mhír 1, ní mheasfaidh institiúidí gur athruithe ábhartha iad na hathruithe a d’iarr a n-údarás inniúil ar a rogha maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe.

3.   De mhaolú ar mhír 1, measfaidh institiúidí gur athruithe neamhábhartha a bhfuil fógra le tabhairt fúthu maille le faisnéis bhunúsach iad na hathruithe ar a rogha maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe a éiríonn as mainneachtain an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 325bc(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh.

4.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(v), ríomhfaidh institiúidí an cóimheas R athrú i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

i gcás ina ríomhfaidh institiúidí PESt+k RC agus PESt+k FC i gcomhréir le hAirteagal 325bc(3) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus i gcás inarb é ta bheidh ann an chéad lá gnó den tástáil ar thionchar an athraithe ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe, agus i gcás ina nglacfar an tsuim thar an tréimhse 15 lá gnó as a chéile dá dtagraítear in Airteagal 2(9) den Rialachán seo.

5.   Chun a mheasúnú an gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b)(i) nó (b)(iii), cinnfidh institiúidí tionchar an athraithe ar a rogha maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe tríd an méadú is airde a chur san áireamh, i ndearbhthéarmaí, le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 2(9), ar na cóimheasa dá dtagraítear in Airteagal 2(7) nó (8), faoi seach.

Chun a mheasúnú an gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b)(ii) nó (b)(iv), cinnfidh institiúidí tionchar an athraithe ar a rogha maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe tríd an laghdú is airde a ghlacadh, i ndearbhthéarmaí le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 2(9), ar na cóimheasa a leagtar amach in Airteagal 2(7) nó (8), faoi seach.

Airteagal 6

Athruithe neamhábhartha ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe

1.   Déanfaidh institiúidí athruithe neamhábhartha ar a rogha maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe a chatagóiriú mar athruithe lena gceanglaítear fógra a thabhairt maille le faisnéis bhreise, i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (a), i gcás ina mbeidh na nithe uile seo a leanas mar thoradh orthu:

(a)

athrú atá cothrom le 1 % den uimhir riosca Rn 1 a leagtar amach in Airteagal 2(4), pointe (a), nó níos airde ná sin, i ndearbhthéarmaí, arna ríomh don chéad lá gnó den tástáil ar thionchar an athraithe ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe;

(b)

aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

méadú atá cothrom le 10 % den tsuim S IMA dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b)(i); nó níos airde ná sin ach níos ísle ná 15 %, i ndearbhthéarmaí;

(ii)

laghdú atá cothrom le 5 % den tsuim S IMA dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b)(i); nó níos airde ná sin ach níos ísle ná 10 %, i ndearbhthéarmaí;

(iii)

méadú atá cothrom le 15 % den tsuim Rn 1 dá dtagraítear in Airteagal 2(4), pointe (a), nó níos airde ná sin ach níos ísle ná 20 %, i ndearbhthéarmaí;

(iv)

laghdú atá cothrom le 10 % den tsuim Rn 1 dá dtagraítear in Airteagal 2(4), pointe (a), nó níos airde ná sin ach níos ísle ná 15 %, i ndearbhthéarmaí;

(c)

ní chomhlíonann R athrú an critéar a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (b)(v).

2.   Tabharfaidh institiúidí fógra dá n-údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 325az(7), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, 4 seachtaine sula gcuirfidh siad athrú neamhábhartha ar a rogha maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe chun feidhme.

Tabharfaidh institiúidí fógra, áfach, faoi aon athrú ar a rogha maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe a éiríonn as mainneachtain an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 325bc(2), pointe (a), den Rialachán sin a chomhlíonadh sula gcuirfidh siad athrú den sórt sin chun feidhme.

3.   Chun a mheasúnú an gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b)(i) nó (b)(iii), cinnfidh institiúidí tionchar an athraithe ar a rogha maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe tríd an méadú is airde a chur san áireamh, i ndearbhthéarmaí le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 2(9), ar na cóimheasa dá dtagraítear in Airteagal 2(7) nó (8), faoi seach.

Chun a mheasúnú an gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b)(ii) nó (b)(iv), cinnfidh institiúidí tionchar an athraithe ar a rogha maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe tríd an laghdú is airde a ghlacadh, i ndearbhthéarmaí le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 2(9), ar na cóimheasa a leagtar amach in Airteagal 2(7) nó (8), faoi seach.

CAIBIDIL 3

Forálacha ginearálta chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht athruithe ar úsáid na samhlacha inmheánacha malartacha agus síntí leo, agus athruithe ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfactóirí riosca insamhaltaithe

Airteagal 7

Prionsabail maidir le haicmiú athruithe ar úsáid samhlacha inmheánacha malartacha, agus síntí leo, agus maidir le haicmiú athruithe ar fhothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe

1.   Agus na tionchair chainníochtúla á ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(1) agus (2), Airteagal 3(1) agus (2), Airteagal 5(1) agus Airteagal 6(1), úsáidfidh institiúidí an socrú agus calabrú samhla is déanaí agus na hionchuir sonraí a chomhfhreagraíonn don tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 2(9).

Ní bheidh feidhm ag aon cheanglas ríomha maidir le síntí agus athruithe nach bhfuil aon tionchar cainníochtúil díreach acu.

2.   Breithneoidh na húdaráis inniúla roinnt modhnuithe ar an tsamhail inmheánach mhalartach, arna gcur isteach ar leithligh ag institiúid, mar shíneadh nó athrú samhla aonair ar an tsamhail i gcás ina bhfuil na modhnuithe sin comhchosúil ó thaobh cineáil de nó gaolmhar ó thaobh raon feidhme de. Breithneoidh na húdaráis inniúla grúpaí modhnuithe ar an tsamhail inmheánach mhalartach, arna gcur isteach mar shíneadh nó athrú aonair ar an tsamhail, mar shíntí nó athruithe ar leithligh ar an tsamhail i gcás nach bhfuil na modhnuithe sin ar an tsamhail comhchosúil ó thaobh cineáil de ná gaolmhar ó thaobh raon feidhme de.

3.   I gcás amhrais faoin gcatagóiriú dá dtagraítear in Airteagal 1 nó in Airteagal 4, soláthróidh institiúidí nóta míniúcháin don údarás inniúil ina dtabharfar údar cuí lena roghanna maidir leis an gcatagóir nó leis an bhfochatagóir agus ina gcuirfear roghanna malartacha féideartha i láthair. Féadfaidh an t-údarás inniúil athrú a dhéanamh ar an gcatagóir nó ar an bhfochatagóir dá bhforáiltear san iarraidh ar chead dá dtagraítear in Airteagal 325az(7), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó san fhógra dá dtagraítear in Airteagal 325az(7), an dara fomhír, den Rialachán sin.

Airteagal 8

Cur chun feidhme athruithe ar úsáid samhlacha inmheánacha malartacha, agus síntí leo, agus cur chun feidhme athruithe ar fhothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe

1.   Institiúidí ar tugadh cead dóibh síneadh ábhartha a chur le húsáid samhlacha inmheánacha malartacha, nó athrú ábhartha a dhéanamh ar úsáid na samhlacha sin, nó athrú ábhartha a dhéanamh ar fhothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe, dá dtagraítear in Airteagal 325az(7), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ríomhfaidh siad a gceanglais cistí dílse bunaithe ar an síneadh nó ar an athrú formheasta ón dáta a shonraítear sa chead.

2.   I gcás ina gcuirfear moill ar chur chun feidhme sínidh nó athraithe ar úsáid samhlacha inmheánacha malartacha nó athraithe ar fhothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe ar thug údarás inniúil cead ina leith dá dtagraítear in Airteagal 325az(7), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh institiúidí an méid seo a leanas gan moill mhíchuí:

(a)

fógra a thabhairt dá n-údarás inniúil faoi mhoill den sórt sin;

(b)

plean a chur faoi bhráid a n-údaráis inniúil chun an síneadh nó an t-athrú formheasta a chur chun feidhme go tráthúil, ar plean é a bheidh le formheas ag an údarás inniúil.

3.   Na hinstitiúidí a thug fógra dá n-údarás inniúil maidir le síneadh nó athrú agus a chinn ina dhiaidh sin gan síneadh ná athrú den sórt sin a chur chun feidhme, tabharfaidh siad fógra dá n-údarás inniúil faoi sin gan moill mhíchuí.

Airteagal 9

Doiciméadacht maidir le síntí agus athruithe ar úsáid na samhlacha inmheánacha malartacha, agus athruithe ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe

1.   Déanfaidh institiúidí, nuair a iarrfaidh siad cead ar a n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 325az(7), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, an doiciméadacht uile seo a leanas a sholáthar dá n-údarás inniúil:

(a)

tuairisc ar an síneadh nó ar an athrú ar úsáid a samhlacha inmheánacha malartacha, nó ar an athrú ar a rogha maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe, agus tuairisc ar réasúnaíocht agus ar chuspóir an tsínidh nó an athraithe sin;

(b)

dáta cur chun feidhme an tsínidh nó an athraithe sin;

(c)

raon feidhme na ndeasc trádála a ndéanann an síneadh nó an t-athrú ar úsáid na samhla inmheánaí malartaí nó an t-athrú ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe difear dóibh, lena n-áirítear faisnéis faoi mhéid trádála na ndeasc sin;

(d)

doiciméid theicniúla agus doiciméid phróisis;

(e)

tuarascálacha ar athbhreithniú nó bailíochtú neamhspleách na n-institiúidí;

(f)

deimhniú gur fhormheas comhlacht inniúil na hinstitiúide, trí phróisis formheasa na hinstitiúide, an síneadh nó an t-athrú ar úsáid na samhla inmheánaí malartaí nó an t-athrú ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe, agus dáta an fhormheasa sin;

(g)

i gcás inarb infheidhme, aon cheann díobh seo a leanas atá ábhartha, mar aon le bonn cirt le hionadaíochas na tréimhse 15 lá gnó as a chéile arna roghnú don tionchar cainníochtúil:

(i)

tionchar cainníochtúil an tsínidh nó an athraithe ar úsáid na samhla inmheánaí malartaí ar an tsuim dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b)(i);

(ii)

tionchar cainníochtúil an tsínidh nó an athraithe ar úsáid na samhla inmheánaí malartaí ar na huimhreacha riosca ábhartha Rn i dá dtagraítear in Airteagal 2(4);

(iii)

tionchar cainníochtúil an athraithe ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe ar an tsuim dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b)(i);

(iv)

tionchar cainníochtúil an athraithe ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe ar an uimhir riosca Rn 1 dá dtagraítear in Airteagal 2(4), pointe (a),

(v)

an cóimheas R athrú dá dtagraítear in Airteagal 5(4);

(h)

faisnéis faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar dheasca trádála nach gcomhlíonann ceanglais uile Airteagal 325az(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcás ina n-iarrann an institiúid cead ar a húdarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 325az(7), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó i gcás ina dtugann sí fógra dá húdarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 325az(7), an dara fomhír, den Rialachán sin, lena n-áirítear meastachán ar an tionchar cainníochtúil ar na huimhreacha riosca ábhartha Rn i dá dtagraítear in Airteagal 2(4) den Rialachán seo.

(i)

taifid ar uimhir an leagain reatha agus ar uimhir an leagain roimhe seo de shamhlacha inmheánacha malartacha na hinstitiúide lena mbaineann.

2.   Maidir le síntí nó athruithe neamhábhartha a bhfuil fógra le tabhairt fúthu maille le faisnéis bhreise, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (a), agus Airteagal 4(2), pointe (a), cuirfidh institiúidí isteach, in éineacht leis an bhfógra, an doiciméadacht uile dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (i), den Airteagal seo.

3.   Maidir le síntí nó athruithe neamhábhartha a bhfuil fógra le tabhairt fúthu maille le faisnéis bhunúsach, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (b), agus Airteagal 4(2), pointe (b), cuirfidh institiúidí isteach, in éineacht leis an bhfógra, an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b) agus (c) agus pointí (f) go (i), den Airteagal seo.

4.   Beidh na nithe uile seo a leanas sna tuarascálacha ar athbhreithniú nó bailíochtú neamhspleách na n-institiúidí dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), den Airteagal seo:

(a)

fíorú ar an measúnú ábharthachta agus ar ionadaíochas na tréimhse 15 lá gnó as a chéile a úsáideadh;

(b)

athbhreithniú criticiúil ar shaintréithe an tsínidh nó an athraithe ar úsáid na samhla inmheánaí malartaí, nó an athraithe ar rogha na hinstitiúide maidir le fothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe, arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 325bi(2) agus Airteagal 325bj de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

plean chun na bearta ceartaitheacha is gá a mholtar mar chuid den phróiseas neamhspleách athbhreithnithe nó bailíochtaithe a chur chun feidhme go tráthúil.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).


IARSCRÍBHINN

CUID I

Síntí agus athruithe lena gceanglaítear cead a fhail ó údaráis inniúla (‘Ábhartha’)

1.

Athruithe suntasacha ar struchtúr nó ar eagrú deasca trádála institiúide, ar tugadh cead ina leith na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh trí shamhlacha inmheánacha malartacha a úsáid, lena n-áirítear athruithe suntasacha ar na samhlacha áirithinte, ar an struchtúr bainistithe riosca nó ar an straitéis ghnó, lena n-áirítear aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

athruithe suntasacha i gcás inarb é is aidhm d’institiúid aistrithe riosca inmheánacha a chur i bhfeidhm den chéad uair;

(b)

athruithe suntasacha i gcás ina ngabhann deasca trádála riosca malairte eachtraí (FX) nó riosca tráchtearraí sa leabhar neamhthrádála den chéad uair;

(c)

athruithe suntasacha i gcás ina dtosaíonn deasca trádála suíomhanna a chuimsiú in aicmí sócmhainní atá éagsúil leo siúd atá ina gcuid den chead a bhaineann le húsáid na samhlacha inmheánacha malartacha.

2.

Deasc trádála a áireamh i raon feidhme chur chuige malartach na samhla inmheánaí, nach bhfuil, tráth na hiarrata ar chead dá dtagraítear in Airteagal 325az(7), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ina chuid den chead chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh trí shamhlacha inmheánacha malartacha a úsáid, agus a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás na deisce trádála sin, go n-úsáidfear córais oifige tosaigh nó córais TF atá éagsúil leis na córais sin atá ina gcuid den chead a bhaineann le húsáid na samhlacha inmheánacha malartacha;

(b)

tá an deasc trádála sin lonnaithe i ndlínse tríú tír i gcás, tráth na hiarrata, nach bhfuil aon deasc trádála lonnaithe i raon feidhme na samhlacha inmheánacha malartacha;

(c)

tá suíomhanna in aicmí sócmhainní i gceist leis an deasc trádála sin atá éagsúil leis na cinn atá ina gcuid den chead chun na samhlacha inmheánacha malartacha a úsáid.

3.

Athruithe ar an gcur chuige bunúsach chun bearta easnaimh ionchasaigh pháirtigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ríomh, lena n-áirítear idir ionsamhlú stairiúil, cur chuige paraiméadrach nó cur chuige Monte Carlo.

4.

Athruithe ar an gcur chuige bunúsach chun an ceanglas cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 325ba(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2023 a ríomh, lena n-áirítear athruithe suntasacha ar rogha na bhfachtóirí riosca córasacha nó ar struchtúr comhghaoil na samhla.

CUID II

Síntí agus athruithe lena gceanglaítear fógra maille le faisnéis bhreise

1.

Aicmí táirgí a chuimsiú faoi raon feidhme deisce trádála faoi na samhlacha inmheánacha malartacha, ar aicmí táirgí iad lena n-éilítear teicnící samhaltaithe riosca seachas na cinn sin atá ina gcuid den chead chun na samhlacha inmheánacha malartacha sin a úsáid, amhail táirgí atá spleách ar chonair, nó suíomhanna il-fholuiteacha, lena n-áirítear cásanna inarb é an toradh atá ar athrú ar na samhlacha áirithinte, maidir le táirgí a raibh an riosca margaidh á aistriú ag an institiúid ina leith chuig eintiteas eile den ghrúpa nach dtagann faoi raon feidhme an leibhéil comhdhlúthaithe is airde laistigh den Aontas tráth ar deonaíodh cead le haghaidh samhlacha inmheánaí, go gcuirtear tús le bainistiú riosca ina leith san institiúid.

2.

Athruithe ar struchtúr nó ar eagrú deasca trádála institiúide arb é atá iontu deasca a chumasc nó a roinnt ar tugadh cead ina leith na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh trí na samhlacha inmheánacha malartacha a úsáid, ar choinníoll nach gcomhlíonann na hathruithe sin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán seo.

3.

Athruithe ar an modheolaíocht a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí riosca i gcomhréir le hAirteagal 325be de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

4.

Athruithe ar an modheolaíocht chun brabús agus caillteanas iarbhír nó hipitéiseach a ríomh, i gcás ina bhfuil sé d’éifeacht ag athruithe den sórt sin laghdú a dhéanamh ar líon na róluaineachtaí ar dheasc trádála ar tugadh cead ina leith samhlacha inmheánacha malartacha a úsáid, agus a chomhlíontacht leis na coinníollacha maidir le cúltástáil dá dtagraítear in Airteagal 325bf(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a athbhunú.

5.

Athruithe ar an modheolaíocht chun brabús agus caillteanas hipitéiseach nó teoiriciúil a ríomh, i gcás ina bhfuil sé d’éifeacht ag na hathruithe sin comhéifeacht comhghaolúcháin Spearman a mhéadú nó méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov deisce trádála a laghdú, ar tugadh cead ina leith samhlacha inmheánacha malartacha a úsáid, agus a aicmiú á athrú mar a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 ón gCoimisiún (1), chun na ceanglais sannta brabúis agus caillteanais a leagtar amach in Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh.

6.

Athruithe bunúsacha ar an modheolaíocht bailíochtaithe inmheánach dá dtagraítear in Airteagal 325bj de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 as a n-eascraíonn athruithe suntasacha ar an gcaoi a ndéanann an institiúid measúnú ar fheidhmíocht agus ar shláine fhoriomlán na samhlacha inmheánacha malartacha, lena n-áirítear:

(a)

i gcás ina laghdófar raon feidhme an athbhreithnithe bailíochtaithe inmheánaigh, a mhinicíocht nó cainníocht nó cáilíocht na dtástálacha agus na rialuithe arna ndéanamh;

(b)

i gcás ina mbeidh athruithe suntasacha ar an bpróiseas cinnteoireachta i bhfeidhm lena áirithiú go ndéanfaidh bainistíocht shinsearach na hinstitiúide na torthaí agus na moltaí a eascróidh as an bpróiseas bailíochtaithe a chur san áireamh mar is ceart.

7.

Athruithe struchtúracha, eagraíochtúla nó oibríochtúla ar na príomhphróisis i bhfeidhmeanna bainistíochta riosca nó rialaithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear:

(a)

athruithe suntasacha ar an gcreat socraithe teorainneacha;

(b)

athruithe ar an gcreat tuairiscithe as a dtiocfaidh caillteanas faisnéise nó athrú ar sheoltaí sa bhainistíocht shinsearach;

(c)

athruithe ar an modheolaíocht tástála struis as a dtagann difríochtaí suntasacha sna torthaí tástála struis;

(d)

athruithe ar na beartais agus ar na próisis formheasa le haghaidh táirgí nua nó athruithe ar shamhlacha inmheánacha.

8.

Síntí agus athruithe bunúsacha ar an mbonneagar TF, lena n-áirítear stóráil sonraí, atá ábhartha chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh trí úsáid a bhaint as na samhlacha inmheánacha malartacha, lena n-áirítear:

(a)

an córas TF a leathnú chun samhlacha praghsála díoltóirí a chumhdach;

(b)

feidhmeanna lárnacha bailithe sonraí a sheachfhoinsiú chuig díoltóirí sonraí;

(c)

néalríomhaireacht nó stóráil sonraí a thabhairt isteach.


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear mionsonraí teicniúla na gceanglas cúltástála agus na gceanglas sannta brabúis agus caillteanais faoi Airteagal 325bf agus Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (IO L 276, 26.10.2022, lch. 47, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2059/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1311/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top