This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1277
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1277 of 24 June 2025 amending for the 348th time Council Regulation (EC) No 881/2002 imposing certain specific restrictive measures directed against certain persons and entities associated with the ISIL (Da’esh) and Al-Qaida organisations
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1277 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2025 lena leasaítear den 348ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1277 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2025 lena leasaítear den 348ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida
C/2025/4320
IO L, 2025/1277, 26.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1277/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1277 |
26.6.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1277 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Meitheamh 2025
lena leasaítear den 348ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1), pointe (a), agus Airteagal 7a(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis a chumhdaítear leis an reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin. |
|
(2) |
An 16 Meitheamh 2025 chuir Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bunaíodh de bhun Rúin 1267(1999), 1989(2011) agus 2253(2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe iontráil amháin le liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir sin. |
|
(4) |
Chun a áirithiú go mbeidh na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo éifeachtach, ba cheart é a theacht i bhfeidhm láithreach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Meitheamh 2025.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Ard-Stiúrthóir
An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil
(1) IO L 139, 29.5.2002, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/881/oj.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, faoin gceannteideal ‘Daoine nádúrtha’, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
‘Abubakar Swalleh (ainm bréige láidir: (a) Abubaker Swaleh; (b) Tom Kiyurige). Inscne: fireann. Dáta breithe: 13.1.1992. Áit bhreithe: Mengo, Uganda. Náisiúntacht: Ugandach. Pasuimhir: A00195974 (Pas Ugandach). Uimhir aitheantais náisiúnta: CM920231090NZA (Uganda). Seoladh: Príosún Luzira, Luzira, Kampala, Uganda. Faisnéis eile: (a) soláthraíonn sé tacaíocht airgeadais, ábhartha nó theicneolaíoch do SIIL (atá liostaithe mar Al-Qaida san Iaráic), nó soláthraíonn sé seirbhísí airgeadais nó seirbhísí eile do SIIL nó chun tacú le SIIL; (b) ghníomhaigh sé, ó bhí 2018 ann, mar éascaitheoir SIIL a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais agus lóistíochta, lena n-áirítear earcaíocht le haghaidh SIIL in Oirthear agus i nDeisceart na hAfraice. Uimhir theileafóin: +963936016952. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 16.6.2025.’
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1277/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)