This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1268
Commission Delegated Regulation (EU) 2025/1268 of 6 May 2025 amending Delegated Regulations (EU) 2016/1237 and (EU) 2020/760 as a consequence of the establishment of the Electronic system for Agricultural Non-customs formalities (ELAN)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1268 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2025 lena leasaítear Rialacháin Tharmligthe (AE) 2016/1237 agus (AE) 2020/760 de thoradh bhunú an chórais leictreonaigh le haghaidh foirmiúlachtaí neamhchustaim talmhaíochta (ELAN)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1268 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2025 lena leasaítear Rialacháin Tharmligthe (AE) 2016/1237 agus (AE) 2020/760 de thoradh bhunú an chórais leictreonaigh le haghaidh foirmiúlachtaí neamhchustaim talmhaíochta (ELAN)
C/2025/1802
IO L, 2025/1268, 10.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1268/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1268 |
10.7.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/1268 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Bealtaine 2025
lena leasaítear Rialacháin Tharmligthe (AE) 2016/1237 agus (AE) 2020/760 de thoradh bhunú an chórais leictreonaigh le haghaidh foirmiúlachtaí neamhchustaim talmhaíochta (ELAN)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 177 agus 186 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam (‘Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam’), lena n-áirítear Córas leictreonach Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (CSW-CERTEX AE), timpeallachtaí an ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam, agus córais neamhchustaim éagsúla de chuid an Aontais a bhfuil a n-úsáid sainordaitheach nó deonach faoi dhlí an Aontais. |
|
(2) |
Chun trádáil táirgí talmhaíochta a bharrfheabhsú, na doiciméid uile is gá sa reachtaíocht maidir leis an talmhaíocht chun foirmiúlachtaí neamhchustaim a chomhlíonadh, ba cheart iad a chur ar fáil d’údaráis chustaim na mBallstát i bhfoirm leictreonach trí Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam. |
|
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1269 (3) ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1272 (4), bunaítear córas leictreonach le haghaidh foirmiúlachtaí neamhchustaim talmhaíochta (‘ELAN’) chun na doiciméid a thagann faoina raon feidhme a chur ar fáil i bhfoirm leictreonach d’údaráis chustaim. Chun ELAN a fhorbairt agus a úsáid, ní mór creat dlíthiúil leordhóthanach a ghlacadh chun na rialacha is infheidhme maidir leis an gcóras a leagan síos. |
|
(4) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 ón gCoimisiún (5), leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm an chórais ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin le haghaidh trádáil táirgí talmhaíochta agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 ón gCoimisiún (6), leagtar síos rialacha maidir le riar taraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí atá faoi réir ceadúnas. Is gá na Rialacháin Tharmligthe sin a leasú ionas gur féidir na doiciméid atá faoina raon feidhme a chur ar fáil d’údaráis chustaim na mBallstát i bhfoirm leictreonach trí Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam. |
|
(5) |
Le malartú leictreonach ceadúnas trí ELAN agus CSW-CERTEX AE, ceanglaítear samhlacha sonraí nua atá deartha le haghaidh ELAN, ar a dtugtar ELAN1L-AGRIM agus ELAN1L-AGREX, a chur in ionad na dteimpléad le haghaidh ceadúnais allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 ón gCoimisiún (7) de réir a chéile, chun go bhféadfar iad a úsáid i bhfoirm leictreonach tríd an gcumarsáid idir na córais leictreonacha náisiúnta, ELAN, agus CSW-CERTEX AE. Ba cheart do na húdaráis eisiúna inniúla na samhlacha sonraí sin a líonadh isteach i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán Cur Chun Feidhme sin agus leis na treoracha a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(6) |
Ba cheart a chur san áireamh sa Rialachán seo go dtiocfaidh úsáid ELAN chun bheith sainordaitheach de réir a chéile i gcomhréir le dátaí na hidirthréimhse a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1272. Le linn na hidirthréimhse a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 den Airteagal sin, féadfar ceadúnais a bhunú ar na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239. Ina theannta sin, le linn na hidirthréimhse a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1272 agus go dtí go mbeidh úsáid ELAN sainordaitheach le haghaidh údarás custaim, féadfar doiciméid a thagann faoi raon feidhme ELAN a phriontáil ar pháipéar. |
|
(7) |
Thairis sin, d’fhéadfadh sé go bhféadfaí doiciméid atá priontáilte ar pháipéar a úsáid fós nuair a bheidh úsáid ELAN sainordaitheach, mar réiteach cúltaca i gcás nach mbeidh an córas ar fáil go sealadach. Ba cheart gur féidir sin leis an Rialachán seo. |
|
(8) |
Ceanglaítear le hAirteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 go gcuirfear ceadúnais allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin faoi bhráid na n-údarás custaim go fisiciúil. Ba cheart an tAirteagal sin a oiriúnú chun úsáid doiciméad leictreonach a éascú, mar aon leis an bhféidearthacht iad a aisghabháil i bhfoirm leictreonach ó ELAN. |
|
(9) |
Ar an gcaoi chéanna, i gcás ina leagtar síos le hAirteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 treoracha maidir le conas ranna sonracha de na ceadúnais a líonadh isteach bunaithe ar na teimpléid reatha, ba cheart an tAirteagal sin a chomhtháthú leis na treoracha maidir le conas an tsamhail sonraí ábhartha nua a líonadh isteach. |
|
(10) |
Le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 ní cheadaítear ceadúnais ná sleachta astu a aistriú ach chuig oibreoir aonair, nach féidir leis iad a aistriú ar ais ach chuig an sealbhóir bunaidh. Soiléireofar, maidir le ceadúnais a eisítear de réir shamhail sonraí ELAN1L-AGRIM, i gcás aistriú ar ais chuig an sealbhóir teidil, go bhféadfar an ceadúnas nó an sliocht a aistriú arís chuig oibreoir eile. |
|
(11) |
Le hAirteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237, ceanglaítear ar na Ballstáit fógra a thabhairt faoi cheadúnais athsholáthair arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 15(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag Airteagal 8 den Rialachán Tarmligthe sin a thuilleadh maidir le ceadúnais athsholáthair leictreonacha arna n-eisiúint in ELAN nó arna seoladh chuige. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 8 a leasú, agus é á chur san áireamh go bhféadfar ceadúnais a phriontáil fós ar pháipéar sula mbeidh úsáid ELAN sainordaitheach do na húdaráis eisiúna agus do na húdaráis chustaim uile, agus tráth nach mbeidh fáil ar ELAN ar bhonn sealadach. Sna cásanna sin, ba cheart feidhm a bheith fós ag na rialacha maidir le ceadúnais athsholáthair a leagtar amach in Airteagal 8 den Rialachán Tarmligthe sin agus maidir le fógra a thabhairt fúthu. |
|
(12) |
De réir Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237, níl feidhm ag an oibleagáid maidir le ceadúnais allmhairiúcháin i leith allmhairí gairleoige ó bhí 1 Deireadh Fómhair 2017 ann. Dá bhrí sin, ba cheart an oibleagáid maidir le fógra a thabhairt faoi cheadúnais ‘B’ a bhaint d’Airteagal 8 den Rialachán Tarmligthe sin. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart an oibleagáid ceadúnais a eisiúint le haghaidh gairleoige a leagtar síos in Airteagal 10 den Rialachán Tarmligthe sin a scriosadh. |
|
(13) |
Ba cheart a shoiléiriú le hAirteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 nach mór samhail sonraí nua ELAN1L-AGRIM a chomhlíonadh le ceadúnais arna n-eisiúint d’allmhairí in earnáil na cnáibe. |
|
(14) |
Ba cheart a áireamh i measc liosta na rialacha is infheidhme in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1269 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1272 lena rialaítear ELAN. |
|
(15) |
Le hAirteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 ceanglaítear ar oibreoirí eacnamaíocha cruthúnas ar scaoileadh i saorchúrsaíocht nó ar onnmhairiú a chur faoi bhráid na n-údarás eisiúna ceadúnas le haghaidh scaoileadh urrús. Ba cheart an tAirteagal sin a oiriúnú chun a shoiléiriú go bhféadfaí cruthúnas ar úsáid ceadúnas a aisghabháil ó ELAN a luaithe a bheidh siad ar fáil i bhfoirm leictreonach in ELAN. |
|
(16) |
Ceanglaítear le hAirteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 go mbeidh uimhir an tsonraisc ar an dearbhú custaim a úsáidtear chun cainníocht tagartha oibreoirí a chruthú. Tar éis an leasaithe a tugadh isteach san Airteagal sin le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/735 ón gCoimisiún (8), áfach, ní cheanglaítear a thuilleadh ar allmhaireoirí a gcainníocht tagartha a chruthú bunaithe ar shonraisc. Dá bhrí sin, níor cheart a cheangal a thuilleadh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 go ndéanfadh an dearbhú custaim tagairt don líon sonrasc. |
|
(17) |
Trí úsáid a bhaint as ceadúnais leictreonacha trí ELAN, ba cheart laghdú a dhéanamh ar an oibleagáid atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt faoi fhaisnéis maidir leis na ceadúnais. Go háirithe, d’fhéadfaí na cainníochtaí nár úsáideadh a aisghabháil ó ELAN, i gcás ina n-úsáideann údaráis eisiúna agus údaráis chustaim na mBallstát ELAN. Ar an gcaoi chéanna, maidir leis na Ballstáit a eisíonn ceadúnais in ELAN, nó a sheolann ceadúnais chuig an gcóras sin, bunaithe ar dhoiciméid arna n-eisiúint ag tríú tíortha, níor cheart go mbeadh orthu fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na ceadúnais sin a thuilleadh, mar ba cheart iad a bheith ar fáil in ELAN. |
|
(18) |
Ba cheart a léiriú leis na modhnuithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo go mbeidh úsáid ELAN sainordaitheach do gach úsáideoir ag deireadh na hidirthréimhse a leagtar síos in Airteagal 6(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1272. |
|
(19) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin Tharmligthe (AE) 2016/1237 agus (AE) 2020/760 a leasú dá réir. |
|
(20) |
Na ceanglais lena sainordaítear digitiú na ndoiciméad is gá le haghaidh scaoileadh táirgí talmhaíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo i saorchúrsaíocht agus le haghaidh onnmhairiú na dtáirgí sin, déanann siad difear do sheirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Dá réir sin, rinneadh measúnú idir-inoibritheachta agus tá an tuarascáil a thiocfaidh as sin le foilsiú ar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach. |
|
(21) |
Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm i gceart sula gcuirfear ELAN ar fáil dá úsáideoirí chun críocha tástála, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(3) |
in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Is iad seo a leanas na páirtithe a thaiscfidh an dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht nó maidir le honnmhairiú:
|
|
(4) |
in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Féadfar aistriú ceart a thagann ó cheadúnas nó ó shliocht as a dhéanamh i bhfabhar aistrí aonair amháin agus cumhdóidh sé na cainníochtaí nár sannadh fós don cheadúnas nó don sliocht. Nuair a aistrítear ceadúnas nó sliocht as arna eisiúint i gcomhréir le hIarscríbhinn I.1 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 ar ais chuig an sealbhóir teidil, féadfaidh an sealbhóir teidil é a aistriú arís i bhfabhar aistrí aonair eile, laistigh de theorainneacha na cainníochta nár sannadh don cheadúnas go fóill.’ |
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: ‘Airteagal 8 Fógraí I gcomhréir leis na coinníollacha mionsonraithe a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 223(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin méid seo a leanas:
|
|
(6) |
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Beidh scaoileadh i saorchúrsaíocht na dtáirgí cnáibe a liostaítear i Ranna C, D agus G de Chuid I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo faoi réir ceadúnas allmhairiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinn I.1 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 (‘ELAN1L-AGRIM’) agus leis na treoracha a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Le linn na hidirthréimhse a leagtar síos in Airteagal 21a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239, féadfar ceadúnais a eisiúint i gcomhréir leis na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Ní eiseofar an ceadúnas ach amháin i gcás ina mbeidh sé léirithe chun sástachta an Bhallstáit ina bhfuil na táirgí cnáibe le scaoileadh i saorchúrsaíocht gur comhlíonadh na coinníollacha uile a leagtar síos in Airteagal 189(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus sa Rialachán seo agus na ceanglais a leagann an Ballstát lena mbaineann síos de bhun Airteagal 189(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.’ |
|
(7) |
scriostar Airteagal 10. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: ‘Airteagal 2 Rialacha eile is infheidhme Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) agus Rialacháin Tharmligthe (AE) 2022/127 (*5), (AE) 2015/2446 (*6), (AE) 2016/1237 (*7) agus (AE) 2025/1269 (*8), agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 (*9) agus (AE) 2025/1272 (*10). (*4) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj)." (*5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/127/oj)." (*6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/2446/oj)." (*7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha chun an córas ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin a chur i bhfeidhm agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le scaoileadh agus forghéilleadh urrús arna dtaisceadh le haghaidh na gceadúnas sin (IO L 206, 30.7.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2016/1237/oj)." (*8) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1269 ón gCoimisiún an 28 Aibrean 2025 lena leagtar síos rialacha lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcóras leictreonach le haghaidh foirmiúlachtaí neamhchustaim talmhaíochta (‘ELAN’) chun faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar thrádáil agus ar mhargadh i dtáirgí talmhaíochta (IO L, 2025/1269, 10.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1269/oj)." (*9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcóras ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin (IO L 206, 30.7.2016, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2016/1239/oj)." (*10) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1272 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcóras leictreonach le haghaidh foirmiúlachtaí neamhchustaim talmhaíochta (‘ELAN’) (IO L, 2025/1272, 10.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1272/oj).’ " |
|
(2) |
in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. De mhaolú ar Airteagal 24(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127, i gcás inar tharla an scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas nó an t-onnmhairiú ón Aontas laistigh de thréimhse bhailíochta an cheadúnais, ach inar sáraíodh an teorainn ama chun cruthúnas an scaoilte nó an onnmhairithe sin a chur isteach, forghéillfear an t-urrús faoi 3 % le haghaidh gach lae féilire faoina sárófar an teorainn ama. Seiceálfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta úsáid na gceadúnas a chuirtear ar fáil tríd an gcóras leictreonach le haghaidh foirmiúlachtaí neamhchustaim talmhaíochta (ELAN) dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1269 go díreach sa chóras sin. Nuair a cheadaítear leis na rialacha idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagail 21a go 21d de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 d’údaráis chustaim sannadh do cheadúnais nó sleachta a dhéanamh go díreach i gcórais leictreonacha náisiúnta na mBallstát, seiceálfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta úsáid na gceadúnas go díreach sna córais sin. I gcás inar úsáideadh ceadúnais i leagan páipéir nó ina ndearnadh sleachta páipéir as na ceadúnais sin, beidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo.’ |
|
(3) |
leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17: ‘Airteagal 17 Fógraí chuig an gCoimisiún Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis an bhfaisnéis seo a leanas le haghaidh gach tréimhse taraif-chuóta trí úsáid a bhaint as an gcóras fógartha arna bhunú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185:
|
Airteagal 3
Foráil idirthréimhseach
Na leasuithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo, cuirfear chun feidhme iad i gcomhréir leis na idirthréimhse a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1272 agus leis na rialacha is infheidhme le linn na tréimhse sin maidir le ceadúnais allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus doiciméid arna n-eisiúint ag tríú tíortha a leagtar síos i Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 agus (AE) 2020/761, agus i Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 (10) agus (AE) 2023/2834 (11) ón gCoimisiún.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.
(2) Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1,ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2399/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1269 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2025 lena leagtar síos rialacha lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcóras leictreonach le haghaidh foirmiúlachtaí neamhchustaim talmhaíochta (‘ELAN’) chun faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar thrádáil agus ar mhargadh i dtáirgí talmhaíochta (IO L, 2025/1269, 10.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1269/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1272 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcóras leictreonach le haghaidh foirmiúlachtaí neamhchustaim talmhaíochta (‘ELAN’) [C(2025) 1803, le líonadh isteach ag Oifig na bhFoilseachán] (IO L, 2025/1272, 10.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1272/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le rialacha cur chun feidhme an chórais ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis na rialacha maidir le scaoileadh agus forghéilleadh urrús arna dtaisceadh le haghaidh na gceadúnas sin, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2535/2001, (CE) Uimh. 1342/2003, (CE) Uimh. 2336/2003, (CE) Uimh. 951/2006, (CE) Uimh. 341/2007 agus (CE) Uimh. 382/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2390/98, (CE) Uimh. 1345/2005, (CE) Uimh. 376/2008 agus (CE) Uimh. 507/2008 ón gCoimisiún (IO L 206, 30.7.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2016/1237/oj).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le riar taraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí atá faoi réir ceadúnas agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hurrúis a thaisceadh agus taraif-chuótaí á riar (IO L 185, 12.6.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/760/oj).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcóras ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin (IO L 206, 30.7.2016, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2016/1239/oj).
(8) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/735 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 a mhéid a bhaineann leis an gceanglas sonraisc a chur isteach chun an chainníocht tagartha a bhunú agus lena soiléirítear roinnt saincheisteanna a bhaineann leis an gcóras leictreonach um Chlárú agus Aitheantas Oibreoirí Ceadúnais (LORI) (IO L 96, 5.4.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/735/oj).
(9) Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach) (IO L, 2024/903, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/903/oj).
(10) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le riar taraif-chuótaí ar allmhairí i gcomhréir leis an bprionsabal ‘tús freastail ar an gceann is túisce’ (IO L 422, 14.12.2020, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1988/oj).
(11) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hallmhairí sna hearnálacha ríse, gránach, siúcra agus leannlusanna (IO L, 2023/2834, 21.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2834/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1268/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)