Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1221

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1221 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2025 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

C/2025/3958

IO L, 2025/1221, 19.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1221/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1221/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1221

19.6.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1221 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Meitheamh 2025

maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(2)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

(3)

De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, ba cheart iad a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

(4)

Is iomchuí a fhoráil, i ndáil le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, go bhféadfaidh an sealbhóir, ar feadh tréimhse áirithe, leanúint den fhaisnéis sin a agairt i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad san Ainmníocht Chomhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

Airteagal 2

Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Gerassimos THOMAS

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim


(1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).


IARSCRÍBHINN

Tuairisc ar na hearraí

Aicmiú (Cód AC)

Cúiseanna

(1)

(2)

(3)

Deoch alcólach charbónáitithe a bhfuil dath dúdhearg uirthi agus blas agus dea-bholadh cuiríní dubha aici, a bhfuil neart alcóil 14,5 % de réir toirte aici.

Táirgtear í trí leacht alcólach a mheascadh le leacht neamhalcólach carbónáitithe i gcionmhaireachtaí de thart ar 76 % agus 24 % de réir toirte, faoi seach.

Déantar an leacht alcólach trí shú úll coipthe a mheascadh le halcól eitile coigeartaithe, síoróip fruchtóis ghlúcóis, aigéad citreach, agus uisce. Tá boladh agus blas láidir alcólach air agus níl boladh ná blas dí coipthe a thairgtear ó shú úll aige. Tá uisce, síoróip fruchtóis ghlúcóis, dé-ocsaíd charbóin, aigéad citreach, blastán cuiríní dubha, leasaithigh, agus datháin (E122, E151) sa leacht neamhalcólach carbónáitithe.

54 % de neart alcóil iomlán an táirge atá sa chomhpháirt alcóil choipthe agus 46 % atá san alcól coigeartaithe.

Tá boladh agus blas cuiríní dubha ar an táirge deiridh agus tá sé beartaithe lena thomhailt go díreach. Tá sé cóirithe lena mhiondíol mar dheoch alcólach a bhfuil blas cuiríní dubha uirthi agus í i mbuidéil phlaisteacha 0,5 l.

2208 90 69

Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte agus le foclaíocht na gcód AC 2208 , 2208 90 agus 2208 90 69 .

Níl blas ná boladh dí a tháirgtear ó thoradh nó ó tháirge nádúrtha ar leith ar an leacht alcólach a úsáidtear sa táirge deiridh, agus dá bhrí sin ní choinníonn sé saintréith táirge a thagann faoi cheannteideal 2206 . Dá bhrí sin, ní féidir an táirge deiridh a aicmiú mar dheoch choipthe ná mar mheascán de dheoch choipthe agus deoch neamhalcólach faoi cheannteideal 2206 (féach freisin Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 2206 , an tríú mír, agus Nótaí Míniúcháin na hAinmníochta Comhcheangailte a ghabhann le ceannteideal 2206 00 ).

Dá bhrí sin, tá an táirge le haicmiú faoi chód AC 2208 90 69 mar dheoch bhiotáilleach eile i gcoimeádáin ina bhfuil toirt 2 lítear nó níos lú.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1221/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top