Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1178

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1178 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2025 maidir le rialacha a leagan síos chun Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann leis an liosta táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta agus a bpríomh-chomhpháirteanna sonracha chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar an rannchuidiú leis an athléimneacht

C/2025/9033

IO L, 2025/1178, 18.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1178/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1178/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1178

18.6.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1178 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Bealtaine 2025

maidir le rialacha a leagan síos chun Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann leis an liosta táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta agus a bpríomh-chomhpháirteanna sonracha chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar an rannchuidiú leis an athléimneacht

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1735 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724, agus go háirithe Airteagal 29(2), an chéad fhomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2024/1735 bunaítear comhchreat dlíthiúil arb é is aidhm dó athléimneacht agus slándáil soláthair theicneolaíochtaí glan-nialasachta an Aontais a neartú, trí éagsúlú a slabhraí soláthair a chur chun cinn agus trí acmhainneacht mhonaraíochta intíre na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a fheabhsú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagail 25, 26 agus 28 de Rialachán (AE) 2024/1735, i gcás fianaise go bhfuil spleáchas mór ann ar thríú tíortha maidir le soláthar theicneolaíochtaí glan-nialasachta an Aontais, ní mór critéir neamhphraghais, mar shampla, an rannchuidiú leis an athléimneacht, a chur i bhfeidhm i soláthar poiblí, i gceantanna fuinnimh in-athnuaite nó i bhfoirmeacha eile idirghabhálacha poiblí. Chun measúnú a dhéanamh ar an rannchuidiú leis an athléimneacht, tá an Coimisiún chun gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfar foráil maidir le liosta táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta agus dá bpríomh-chomhpháirteanna sonracha. Leis an liosta beifear in ann measúnú a dhéanamh ar an rannchuidiú leis an athléimneacht.

(3)

Áirítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1735 liosta táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta agus comhpháirteanna sonracha a úsáidtear go príomha chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta a tháirgeadh.

(4)

Ar na príomh-chomhpháirteanna sonracha a áirítear sa liosta dá bhforáiltear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, níor cheart a bheith san áireamh ach na comhpháirteanna sonracha a úsáidtear go príomha chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta a tháirgeadh, ar comhpháirteanna iad atá fíor-riachtanach chun athléimneacht an Aontais a áirithiú, i gcomhréir leis na forálacha maidir le rochtain ar mhargaí a leagtar amach in Airteagail 25 go 28 de Rialachán (AE) 2024/1735.

(5)

Na comhpháirteanna sonracha a úsáidtear go príomha chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta a tháirgeadh, ba cheart a mheas go bhfuil siad fíor-riachtanach chun cur chun feidhme éifeachtach an rannchuidithe leis an athléimneacht a áirithiú i soláthar poiblí, i gceantanna fuinnimh in-athnuaite agus i bhfoirmeacha eile idirghabhálacha poiblí má rannchuidíonn siad go mór le luach an táirge deiridh, nó má tá siad criticiúil ó thaobh tacú le hathléimneacht an tslabhra soláthair fhoriomláin de.

(6)

Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar ionas go mbeidh dóthain ama ag na Ballstáit ullmhú le haghaidh na gceanglas a bhaineann leis an rannchuidiú leis an athléimneacht.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 29(2), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2024/1735, soláthróidh an Coimisiún faisnéis nuashonraithe faoi na sciartha de sholáthar an Aontais de thionscnamh tríú tíortha éagsúla maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a bpríomh-chomhpháirteanna sonracha.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste arna bhunú le hAirteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2024/1735,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn an liosta táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta agus a bpríomh-chomhpháirteanna sonracha chun measúnú a dhéanamh ar an rannchuidiú leis an athléimneacht.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 30 Nollaig 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Bealtaine 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/1735, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj.


IARSCRÍBHINN

An liosta táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta agus a bpríomh-chomhpháirteanna sonracha chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar an rannchuidiú leis an athléimneacht

 

Fochatagóirí de theicneolaíochtaí glan-nialasachta

Táirgí deiridh

Príomh-chomhpháirteanna sonracha

Teicneolaíochtaí gréine

Teicneolaíochtaí fótavoltacha

Córais fhótavoltacha ghréine

Polaisileacón de ghrád fótavoltach

Tinní sileacóin de ghrád fótavoltach nó a gcoibhéis (1)

Sliseoga fótavoltacha nó a gcoibhéis (1)

Cealla fótavoltacha nó a gcoibhéis (1)

Gloine gréine

Modúil fhótavoltacha

Inbheartóirí fhótavoltacha

Rianairí fótavoltacha agus a struchtúir ghléasta shonracha

Teicneolaíochtaí grianteasa leictreacha

Gléasra dírithe grianteasa (CSP)

Frithchaiteoirí CSP

Rianairí CSP agus a struchtúir ghléasta shonracha

Glacadóirí CSP (pointe nó líne)

Teicneolaíochtaí grianteasa

Córais grianteasa theirmigh

Tiomsaitheoirí teirmeacha grianteasa (lena n-áirítear tiomsaitheoirí leacaithe, tiomsaitheoirí feadán folmhaithe, córais dírithe agus tiomsaitheoirí aeir)

Ionsúirí grianteasa theirmigh

Gloine gréine

Rianairí grianteasa theirmigh agus a struchtúir ghléasta shonracha

Teicneolaíochtaí gréine eile

Tiomsaitheoirí fótavoltacha-teirmeacha

 

Teicneolaíochtaí gaoithe ar tír agus teicneolaíochtaí in-athnuaite amach ón gcósta

Teicneolaíochtaí gaoithe ar tír

Tuirbíní gaoithe ar tír

Naoisilí (cóimeáil)

Moil rótair

Príomhimthacaí, imthacaí luascála agus imthacaí claonta

Gléasra cumhachta gan ghiar (gineadóir san áireamh) agus/nó gléasraí cumhachta giarbhosca (gineadóir san áireamh)

Buanmhaighnéid tuirbíní gaoithe

Giarbhoscaí tuirbíní gaoithe

Lanna

Túir

Teicneolaíochtaí gaoithe amach ón gcósta

Tuirbíní gaoithe amach ón gcósta

Naoisilí (cóimeáil)

Moil rótair

Príomhimthacaí, imthacaí luascála agus imthacaí claonta

Gléasraí cumhachta gan ghiar (gineadóir san áireamh) agus/nó gléasraí cumhachta giarbhosca (gineadóir san áireamh)

Buanmhaighnéid tuirbíní gaoithe

Giarbhoscaí tuirbíní gaoithe

Lanna

Túir

Bunsraitheanna/snámháin

Teicneolaíochtaí in-athnuaite eile amach ón gcósta

Teicneolaíochtaí fuinnimh srutha taoide

Teicneolaíochtaí fuinnimh tonnta

 

Teicneolaíochtaí ceallraí agus stórála fuinnimh

Teicneolaíochtaí ceallraí

Ceallraí (2)

Ceallra-phacaí

Modúil ceallraí

Cealla ceallraí

Ábhair ghníomhacha chatóide

Ábhair ghníomhacha anóide

Leictrilítí

Deighilteoirí

Tiomsaitheoirí cumhachta (lena n-áirítear scragaill chopair thanaí, alúmanaim, nicile agus charbóin)

Córais bainistithe ceallra

Córais bainistithe theirmigh ceallra

Teicneolaíochtaí stórála leictriceimicí

Ultrathoilleoirí / sárthoilleoirí

Stóráil fuinnimh sreafa ocsdí

Leictrilítí

Deighilteoirí

Tiomsaitheoirí

Plátaí leictreoide

Teicneolaíochtaí stórála imtharraingtí

Hidreastóráil phumpála

Hidreatuirbíní iniompaithe agus reathairí caidéil iniompaithe

Dáileoirí ag a bhfuil eití treoracha

Teicneolaíochtaí stórála fuinnimh theirmigh

Córais stórála fuinnimh theirmigh

Meáin stórála teasa inbhraite agus stórála teasa folaigh (lena n-áirítear ábhair athraithe céime agus salainn leáite)

Ábhair stórála teirmiceimicí

Teicneolaíochtaí stórála fuinnimh gáis chomhbhrúite/leachtaithe

Stóráil fuinnimh le haer comhbhrúite

Stóráil fuinnimh le haer leachtach

 

Teicneolaíochtaí stórála fuinnimh eile

Stóráil fuinnimh rotha lústair

Rótair rotha lústair

Teaschaidéil agus teicneolaíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh

Teicneolaíochtaí teaschaidéal

Teaschaidéil

Teaschaidéil

Comhlaí ceithre bhealach

Comhbhrúiteoirí scrollála/comhbhrúiteoirí rothlacha teaschaidéil

Teicneolaíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh

Gléasraí cumhachta geoiteirmeacha

Córais gheoiteirmeacha úsáide dírí

Teasmhalartóirí atá frithsheasmhach in aghaidh dálaí oibriúcháin creimneacha geoiteirmeacha

Caidéil intumtha atá frithsheasmhach in aghaidh dálaí oibriúcháin creimneacha geoiteirmeacha

Teicneolaíochtaí hidrigine

Leictrealóirí

Leictrealóirí alcaileacha

Cruacha

Deighilteoirí (spiara nó scannáin atá saincheaptha le haghaidh leictrealú uisce)

Plátaí dépholacha agus ceannphlátaí

Leictreoidí

Leictrealóirí scannáin prótónmhalartúcháin (Leictrealóirí PEM)

Cruacha

Cóimeálacha leictreoide scannáin (3-shraith) /scannáin atá brataithe le catalaígh

Cisil iompair phóiriúla / cisil idirleata gáis

Plátaí dépholacha agus ceannphlátaí

Leictrealóirí scannáin ainianmhalartúcháin

Cruacha

Cóimeálacha leictreoide scannáin (3-shraith) /scannáin atá brataithe le catalaígh

Cisil iompair phóiriúla / cisil idirleata gáis

Plátaí dépholacha agus ceannphlátaí

Leictrealóirí ocsaíde soladaí

Cruacha

Leictrilítí agus leictreoidí

Gaiscéid / séaluithe ardteochta

Idirnascairí / mogaill agus ceannphlátaí

Breosla-chill hidrigine

Breosla-chealla scannáin prótónmhalartúcháin

Cruacha

Cóimeálacha leictreoide scannáin (3-shraith) /scannáin atá brataithe le catalaígh

Cisil iompair phóiriúla / cisil idirleata gáis

Plátaí dépholacha agus ceannphlátaí

Breosla-chealla oscsaíde soladaí

Cruacha

Leictrilítí agus leictreoidí

Gaiscéid / séaltáin ardteochta

Idirnascairí / mogaill agus ceannphlátaí

Teicneolaíochtaí hidrigine eile

Gréasáin tarchurtha agus dáileacháin hidrigine

Comhbhrúiteoirí hidrigine

Stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine

Píblínte le haghaidh tarchur agus dáileadh hidrigine

Saoráidí stórála hidrigine

Umair stórála hidrigine ar bord

Umair stórála hidrigine do-aistrithe

Gléasra chun hidrigin a thiontú go hamóinia agus a eastóscadh ó amóinia

Scoilteoirí amóinia

Teicneolaíochtaí inbhuanaithe bithgháis agus bithmheatáin

Teicneolaíochtaí inbhuanaithe bithgháis

Monarchana bithgháis inbhuanaithe

Díleáiteoirí anaeróbacha / umair choipthe

Teicneolaíochtaí inbhuanaithe bithmheatáin

Gléasraí bithmheatáin inbhuanaithe

Díleáiteoirí anaeróbacha / umair choipthe

Aonaid uasghrádaithe bithmheatáin

Teicneolaíochtaí GSC

Teicneolaíochtaí gabhála carbóin

Gabháil ionsúcháin

Gabháil asúcháin

Gabháil scannán

Gabháil timthriallta soladacha

Gabháil chrióiginice

Gabháil dhíreach ón aer

Comhbhrúiteoiri CO2

Teicneolaíochtaí stórála carbóin

 

 

Teicneolaíochtaí eangaí leictreachais

Teicneolaíochtaí eangaí leictreachais

Fostáisiúin intíre

Fostáisiúin amach ón gcósta

Cáblaí agus línte le haghaidh tarchur agus dáileadh leictreachais, agus cáblaí lena nasctar teicneolaíochtaí glan-nialasachta leis an eangach leictreachais (línte cumhachta lastuas, cáblaí faoi thalamh agus cáblaí faoin bhfarraige, lena n-áirítear HVDC agus TAAC)

Lascthrealamh

Scoradáin chiorcaid

Athsheachadáin chosanta

Claochladáin chumhachta

Dínascóirí

Córais busbharraí

Caibinéid leictreonacha

Fostáisiúin amach ón gcósta

Inbhéartóirí

Tiontairí

Túir tarchurtha agus dáilte leictreachais

Túir tarchurtha agus dáilte leictreachais

Seoltóirí leictreacha (lena n-áirítear seoltóirí ardfhorbartha agus forsheoltóirí ardteochta)

Inslitheoirí

Cáblaí, línte agus gabhálais lena mbaineann, le haghaidh tarchur agus dáileadh leictreachais, agus cáblaí lena nasctar teicneolaíochtaí glan-nialasachta leis an eangach leictreachais (línte cumhachta lastuas, cáblaí faoi thalamh agus cáblaí faoin bhfarraige, lena n-áirítear HVDC agus TAAC)

Cáblaí agus línte le haghaidh tarchur agus dáileadh leictreachais, agus cáblaí lena nasctar teicneolaíochtaí glan-nialasachta leis an eangach leictreachais (línte cumhachta lastuas, cáblaí faoi thalamh agus cáblaí faoin bhfarraige, lena n-áirítear HVDC agus TAAC)

Seoltóirí leictreacha (lena n-áirítear seoltóirí ardfhorbartha agus forsheoltóirí ardteochta)

Inslitheoirí

Claochladáin chumhachta

Claochladáin chumhachta

Croíthe claochladán

Tochráin claochladán

Athróirí tapa claochladán

Teicneolaíochtaí luchtaithe feithiclí leictreacha le haghaidh iompair

Trealamh soláthair le haghaidh feithiclí leictreacha

Córais bóithre leictreacha (3)

Trealamh soláthair leictreachais cois cladaigh

Caitéine

Trealamh soláthair aeriompair leictrigh

Trealamh soláthair le haghaidh feithiclí leictreacha

Trealamh soláthair leictreachais cois cladaigh

Trealamh soláthair aeriompair leictrigh

Teicneolaíochtaí chun an eangach a dhigitiú agus teicneolaíochtaí eangaí leictreachais eile

Trealamh agus comhpháirteanna leictreonaice cumhachta ardvoltais agus meánvoltais (lena n-áirítear teicneolaíocht srutha dhírigh)

Teicneolaíochtaí córais sholúbtha tarchurtha srutha ailtéarnaigh

Méadair chliste / ardbhonneagair méadraithe agus rialaithe

Trealamh agus comhpháirteanna leictreonaice cumhachta ardvoltais agus meánvoltais (lena n-áirítear teicneolaíocht srutha dhírigh)

Teicneolaíochtaí córais sholúbtha tarchurtha srutha ailtéarnaigh

Méadair chliste / ardbhonneagair méadraithe agus rialaithe

Teicneolaíochtaí fuinnimh eamhnaithe núicléach

Teicneolaíochtaí fuinnimh eamhnaithe núicléach

Stáisiúin chumhachta eamhnaithe núicléach

Eilimintí breosla

Árthaigh imoibreora

Píobánra príomhúil agus comhlaí

Galtuirbíní

Gineadóirí gaile

Córais sábháilteachta

Córais faireacháin, ionstraimithe agus rialaithe

Teicneolaíochtaí timthrialla breosla núicléach

Timthriallta breosla núicléach

Lártheifneoirí

Córais láimhseála gáis agus córais rialaithe sreafa

Trealamh próiseála ceimicí

Trealamh gloinithe dramhaíola

Sorcóirí, gabhdáin agus bairillí iompair, stórála agus diúscartha

Tromuisce

Córais sábháilteachta

Córais faireacháin, ionstraimithe agus rialaithe

Teicneolaíochtaí breoslaí malartacha inbhuanaithe

Teicneolaíochtaí breoslaí malartacha inbhuanaithe

Gléasra breoslaí malartacha inbhuanaithe

Imoibreoirí teirmiceimiceacha, leictriceimiceacha, ceimiceacha agus bithcheimiceacha / bitheolaíocha chun bithmhais, breoslaí carbóin athchúrsáilte a thiontú ina mbith-idirmheánaigh agus/nó ina ngás sintéiseach

Imoibreoirí agus aonaid iarchóireála chun bith-idirmheánaigh agus/nó gás sintéiseach agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a thiontú ina mbreoslaí malartacha inbhuanaithe

Teicneolaíochtaí hidreachumhachta

Teicneolaíochtaí hidreachumhachta

Córais hidreatuirbíní

Reathairí hidreatuirbíní

Dáileoirí ag a bhfuil eití treoracha

Teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite

Teicneolaíochtaí fuinnimh osmóisigh

 

 

Teicneolaíochtaí fuinnimh chomhthimpeallaigh, seachas teaschaidéil

 

 

Teicneolaíochtaí bithmhaise

Muilte millíní

Fáisceáin fáiscthe

Díslí millíní

Cuasáin dlúthaithe fáiscthe

Teicneolaíochtaí gáis láithreáin líonta

 

 

Teicneolaíochtaí gáis ionaid cóireála séarachais

 

 

Teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite

 

 

Teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann le córais fuinnimh

Teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann le córais fuinnimh

Córais bhainistíochta fuinnimh (CBF)

Córais uathoibrithe foirgnimh (CUF)

Freagairt uathoibrithe ar an éileamh (FUÉ)

Tiomántáin luais inathraithe

Córais chumhachta timthrialla orgánaigh den chineál Rankine

CBF

CUF

FUÉ

Tiomántáin luais inathraithe

Tuirbíní timthrialla orgánaigh den chineál Rankine

Teicneolaíochtaí eangaí teasa agus fuachta

Píbobair an chórais dáileacháin téimh agus fuaraithe

 

Teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh eile a bhaineann le córais fuinnimh

 

 

Breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch

Teicneolaíochtaí breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch

Gléasra teicneolaíochtaí breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch

Imoibreoirí chun H2 agus CO2 nó N2 a thiontú ina ngás sintéiseach nó ina n-alcóil

Imoibreoirí chun gás sintéiseach nó alcóil a thiontú ina mbreoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch

Réitigh bhith-theicneolaíochta aeráide agus fuinnimh

Réitigh bhith-theicneolaíochta aeráide agus fuinnimh

Miocrorgánaigh agus tréithchineálacha miocróbacha (lena n-áirítear baictéir, giostaí, miocralgaí, fungais agus aircéabaictéir ach gan a bheith teoranta dóibh) a úsáidtear chun bunábhair a réamhchóireáil agus a thiontú ina mbithbhreoslaí, ina mbreoslaí carbóin athchúrsáilte agus ina mbreoslaí in-athnuaite, ina gceimiceáin charbóin bhithbhunaithe agus athchúrsáilte, ina mbithpholaiméirí, ina n-ábhair bhithbhunaithe agus ina dtáirgí bithbhunaithe

Einsímí (lena n-áirítear aimileáis agus ceallalós ach gan a bheith teoranta dóibh) a úsáidtear chun bunábhair a réamhchóireáil agus a thiontú ina mbithbhreoslaí, ina gceimiceáin bhithbhunaithe, ina n-ábhair bhithbhunaithe agus ina dtáirgí bithbhunaithe, nó a úsáidtear chun imoibrithe i bpróisis cheimiceacha a chatalú

Bithpholaiméirí

Miocrorgánaigh agus tréithchineálacha miocróbacha (lena n-áirítear baictéir, giostaí, miocralgaí, fungais agus aircéabaictéir ach gan a bheith teoranta dóibh) a úsáidtear chun bunábhair a réamhchóireáil agus a thiontú ina mbithbhreoslaí, ina mbreoslaí carbóin athchúrsáilte agus ina mbreoslaí in-athnuaite, ina gceimiceáin charbóin bhithbhunaithe agus athchúrsáilte, ina mbithpholaiméirí, ina n-ábhair bhithbhunaithe agus ina dtáirgí bithbhunaithe

Einsímí (lena n-áirítear aimileáis agus ceallalós ach gan a bheith teoranta dóibh) a úsáidtear chun bunábhair a réamhchóireáil agus a thiontú ina mbithbhreoslaí, ina gceimiceáin bhithbhunaithe, ina n-ábhair bhithbhunaithe agus ina dtáirgí bithbhunaithe, nó a úsáidtear chun imoibrithe i bpróisis cheimiceacha a chatalú

Bithpholaiméirí

Teicneolaíochtaí claochlaitheacha tionsclaíocha le haghaidh an dícharbónaithe

Teicneolaíochtaí claochlaitheacha tionsclaíocha le haghaidh an dícharbónaithe

Stuafhoirnéisí leictreacha

Imoibreoirí iarainn laghdaithe go díreach atá réidh don hidrigin

Stuafhoirnéisí tumtha

Foirnéisí daibhche slaige oscailte

Mearchailcíneoirí

Coirí leictreacha tionsclaíocha

Téitheoirí/foirnéisí ionduchtaithe tionsclaíocha (4)

Téitheoirí/foirnéisí infridhearga tionsclaíocha

Téitheoirí/foirnéisí micreathonnacha tionsclaíocha

Téitheoirí/foirnéisí radathonnta tionsclaíocha

Téitheoirí/foirnéisí sainfhriotaíocha tionsclaíocha

Leictreoidí graifíte nó carbóin le haghaidh foirnéisí leictreacha

Mearchailcíneoirí

Coirí leictreacha tionsclaíocha

Téitheoirí/foirnéisí ionduchtaithe tionsclaíocha

Cornaí ionduchtúcháin tionsclaíocha

Téitheoirí/foirnéisí infridhearga tionsclaíocha

Astaírí infridhearga tionsclaíocha

Téitheoirí/foirnéisí micreathonnacha tionsclaíocha

Maighnéatróin thionsclaíocha

Téitheoirí/foirnéisí radathonnta tionsclaíocha

Gineadóirí radaimhinicíochta

Téitheoirí/foirnéisí sainfhriotaíocha tionsclaíocha

Leictreoidí molaibdéinim le haghaidh foirnéisí leictreacha

Teicneolaíochtaí iompair agus úsáide CO2

Teicneolaíochtaí iompair CO2

Bonneagar iompair CO2

Comhbhrúiteoiri CO2

Teicneolaíochtaí úsáide CO2

Úsáid theirmiceimiceach

Úsáid leictriceimiceach

Leictrealóirí CO2

Teicneolaíochtaí tiomána gaoithe agus leictrí le haghaidh iompair

Teicneolaíochtaí tiomána gaoithe

Rótair Flettner

Seolta sciatháin súite

Eitleoga tarraingthe

Seolta sciatháin dochta agus leathdhochta

 

Teicneolaíochtaí tiomána leictrí

Córais tiomána leictrí le haghaidh iompar de bhóthar agus iompar eisbhóthair

Córais tiomána leictrí le haghaidh iompar d'iarnród

Córais tiomána leictrí le haghaidh uisce-iompair

Córais tiomána leictrí le haghaidh aeriompair

Mótair leictreacha tiomána iompair

Buanmhaighnéid de mhótair leictreacha iompair

Ceallra-phacaí iompair

Breosla-chill iompair

Inbheartóirí iompair

Aonaid dáilte cumhachta ardvoltais tiomána leictrí

Luchtairí ar bord

Umair stórála hidrigine ar bord

Teicneolaíochtaí núicléacha eile

Teicneolaíochtaí núicléacha eile (mar shampla, teicneolaíochtaí comhleá núicléach)

 

 


(1)  Tagraíonn an téarma ‘coibhéis’ do chéimeanna comhchosúla nó d’eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin a bhfuil gá leo le haghaidh teicneolaíochtaí tanascannáin, teicneolaíochtaí orgánacha, teicneolaíochtaí teaindim nó teicneolaíochtaí fótavoltacha eile.

(2)  Ceallraí mar a shainmhínítear in Airteagal 3(13), (14) agus (15) de Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola.

(3)  Tagraíonn an téarma ‘córais bóithre leictreacha’ (ar a dtugtar luchtú dinimiciúil freisin) do threalamh feadh an bhóthair a sholáthraíonn cumhacht d’fheithiclí agus iad ag gluaiseacht. Áirítear luchtú seoltach agus ionduchtach araon sa táirge deiridh sin.

(4)  Tagraíonn an téarma ‘téitheoir’ d’fheidhmeanna teochta ísle (suas le 200 oC) agus meánteochta (200 go 500 oC). Tagraíonn an téarma ‘foirnéis’ d’fheidhmeanna ardteochta (500 go 1 000 oC) agus teochta an-ard (níos airde ná 1 000 oC).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1178/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top