This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1153
Regulation (EU) 2025/1153 of the European Parliament and of the Council of 5 June 2025 suspending certain provisions of Regulation (EU) 2015/478 as regards imports of Ukrainian products into the Union
Rialachán (AE) 2025/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2025 lena gcuirtear ar fionraí forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2015/478 a mhéid a bhaineann le hallmhairiú táirgí ón Úcráin isteach san Aontas
Rialachán (AE) 2025/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2025 lena gcuirtear ar fionraí forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2015/478 a mhéid a bhaineann le hallmhairiú táirgí ón Úcráin isteach san Aontas
PE/7/2025/REV/1
IO L, 2025/1153, 5.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1153/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1153 |
5.6.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/1153 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Meitheamh 2025
lena gcuirtear ar fionraí forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2015/478 a mhéid a bhaineann le hallmhairiú táirgí ón Úcráin isteach san Aontas
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (2), (an Comhaontú Comhlachais) ina bhonn leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Úcráin. I gcomhréir le Cinneadh 2014/668/AE ón gComhairle (3), bhí feidhm shealadach ag Teideal IV den Chomhaontú Comhlachais, ar teideal é a bhaineann le trádáil agus le hábhair a bhaineann le trádáil, ón 1 Eanáir 2016 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017, tar éis do na Ballstáit uile é a dhaingniú. |
|
(2) |
Leis an gComhaontú Comhlachais, déantar caidreamh idir na Páirtithe sa Chomhaontú Comhlachais (‘na Páirtithe’) a neartú agus a leathnú ar bhealach uaillmhianach agus nuálach, d’fhonn comhtháthú eacnamaíoch a éascú agus a bhaint amach de réir a chéile, agus i gcomhréir leis na cearta agus leis na hoibleagáidí is toradh ar bhallraíocht na bPáirtithe san Eagraíocht Dhomhanda Trádála. |
|
(3) |
Le Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagtar síos comhrialacha d’allmhairiú táirgí ar de thionscnamh formhór na dtríú tíortha iad, lena n-áirítear an Úcráin. Tá forálacha ann freisin maidir le bearta faireachais agus cosanta. |
|
(4) |
Ó bhí an 24 Feabhra 2022 ann, tá an cogadh foghach gan chúis gan údar a chuir an Rúis ar an Úcráin tar éis tionchar an-diúltach a imirt ar chumas na hÚcráine trádáil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan. Is amhlaidh a bhí an cás le haghaidh earnáil an iarainn agus na cruach, cuir i gcás, de dheasca forghabháil nó scrios saoráidí táirgthe iarann agus cruach. Is amhlaidh a bhí an cás le haghaidh earnálacha eile de gheilleagar na hÚcráine freisin. |
|
(5) |
Faoi na himthosca sin agus chun tionchar eacnamaíoch diúltach chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin ar an ngeilleagar a mhaolú, is iomchuí, chun leas na hÚcráine, allmhairiú táirgí de thionscnamh na hÚcráine isteach san Aontas a eisiamh ó bhearta faireachais agus cosanta an Aontais. Chun na críche sin, is gá forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2015/478 maidir le allmhairí ón Úcráin a chur ar fionraí. |
|
(6) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fionraí go sealadach i ndáil le táirge sonrach de thionscnamh na hÚcráine. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ba cheart fad na tréimhse fionraíochta sin a bheith sách fada le gur féidir leis an gCoimisiún togra a dhéanamh le haghaidh rialachán lena gcuirtear an Rialachán seo ar fionraí, lena leasaítear é nó lena n-aisghairtear é agus le gur féidir le Parlaimint na hEorpa agus an Comhairle rialachán den sórt sin a ghlacadh. |
|
(7) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ar feadh 3 bliana. |
|
(8) |
I bhfianaise go bhfuiltear ag teannadh leis an 5 Meitheamh 2025, is é sin dul in éag Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), lena ndéantar foráil, inter alia, maidir le héifeachtaí atá coibhéiseach le héifeachtaí an Rialacháin seo, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2025, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bearta um léirscaoileadh trádála
Cur i bhfeidhm Airteagal 2, Airteagail 4 go 7, Airteagail 9 go 17 agus Airteagail 19, 20 agus 21 de Rialachán (AE) 2015/478, cuirfear ar fionraí é i ndáil le hallmhairiú táirgí de thionscnamh na hÚcráine isteach san Aontas.
Airteagal 2
Fionraí sealadach
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fionraí i ndáil le táirge sonrach de thionscnamh na hÚcráine ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí, má bhaineann allmhairiú an táirge sin leibhéal amach ar leibhéal é a chuireann go suntasach leis an mórdhíobháil nó an bhagairt mórdhíobhála do tháirgeoirí de chuid an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leis. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(2).
Airteagal 3
Nós imeachta coiste
1. Déanfaidh an Coiste um Choimircí, a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2025.
Beidh feidhm aige ón 6 Meitheamh 2025 go dtí an 5 Meitheamh 2028.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meitheamh 2025.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Bealtaine 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Meitheamh 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) IO L 161, 29.5.2014, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/295/oj.
(3) Cinneadh 2014/668/AE ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Teideal III (seachas na forálacha a bhaineann leis an gcóir a chuirtear ar náisiúnaigh tríú tír atá fostaithe go dleathach mar oibrithe i gcríoch an Pháirtí eile) agus Teidil IV, V, VI agus VII, mar aon leis na Prótacail agus na hIarscríbhinní gaolmhara (IO L 278, 20.9.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/668/oj).
(4) Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/478/oj).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(6) Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, (IO L, 2024/1392, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1392/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1153/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)