Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1152

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1152 ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2025 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí cuineoilín-8-ól mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 agus (AE) 2015/408 ón gCoimisiún

C/2025/3623

IO L, 2025/1152, 12.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1152/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1152/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1152

12.6.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1152 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Meitheamh 2025

lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí cuineoilín-8-ól mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 agus (AE) 2015/408 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) i gcomhar le hAirteagal 24(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 993/2011 ón gCoimisiún (2) cuimsíodh 8-hiodrocsacuineoilín (an gnáthainm ar chuineoilín-8-ól) mar shubstaint ghníomhach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3).

(2)

Idir an dá linn, chuir an Coimisiún síneadh le tréimhse formheasa chuineoilín-8-óil ceithre huaire, tréimhse a chuaigh in éag ar dtús an 31 Nollaig 2021, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(3)

Formheas na substainte gníomhaí cuineoilín-8-ól a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2025.

(4)

Cuireadh iarratas faoi bhráid na Spáinne, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na hÍsiltíre, an Ballstát is comhrapóirtéir, chun formheas na substainte gníomhaí cuineoilín-8-ól mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (4) agus laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(5)

Chuir an t-iarratasóir na sainchomhaid fhorlíontacha is gá faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith inghlactha.

(6)

D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus an Choimisiúin í an 9 Iúil 2021. Ina dhréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan, mhol an Ballstát is rapóirtéir go ndéanfaí formheas cuineoilín-8-óil a athnuachan.

(7)

Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit freisin chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(8)

An 28 Feabhra 2024, chuir an tÚdarás an chonclúid uaidh (5) in iúl don Choimisiún inar léiríodh, agus na critéir formheasa a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 á gcur san áireamh, gur féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil cuineoilín-8-ól na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Léirigh an chonclúid ón Údaráis freisin nach meastar go gcomhlíonann cuineoilín-8-ól na critéir maidir le hairíonna suaiteora inchrínigh mar a leagtar síos i bpointí 3.6.5 agus 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(9)

Le Rialachán (AE) 2017/776 ón gCoimisiún (6) leasaíodh Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) chun cuineoilín-8-ól (mar 8-hiodrocsacuineoilín) a áireamh agus é aicmithe mar shubstaint atá tocsaineach don atáirgeadh de chatagóir 1B.

(10)

Substaintí gníomhacha atá aicmithe mar shubstaint atá tocsaineach don atáirgeadh de chatagóir 1B, ní féidir iad a fhormheas ach amháin má léirítear go bhfuil nochtadh an duine don tsubstaint ghníomhach sin diomaibhseach. Léirigh úsáidí ionadaíocha cuineoilín-8-ól, lena n-áirítear coinníollacha agus srianta, gur féidir, faoi na coinníollacha agus na srianta sin, nochtadh diomaibhseach daoine a léiriú, trí bhealaí nochta cothaitheacha agus neamhchothaitheacha araon.

(11)

An 13 Meitheamh 2024 chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana chuig na Ballstáit agus chuig an iarratasóir agus an 10 Iúil 2024 chuir sé dréacht den Rialachán seo chuig an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.

(12)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir leis an gconclúid ón Údarás agus, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, rinneadh scrúdú cúramach orthu agus cuireadh san áireamh iad.

(13)

Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach cuineoilín-8-ól, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(14)

Tá an measúnú riosca maidir le formheas na substainte gníomhaí cuineoilín-8-ól a athnuachan bunaithe ar líon teoranta úsáidí ionadaíocha, ach mar sin féin níl srian ar na húsáidí lena bhféadfar táirgí cosanta plandaí a bhfuil cuineoilín-8-ól iontu a údarú. Dá bhrí sin, is iomchuí gan an srian a choinneáil ar bun maidir leis an tsubstaint ghníomhach sin a úsáid mar fuingicíd agus mar bhaictéiricíd amháin.

(15)

Ós rud é go n-aicmítear cuineoilín-8-ól mar shubstaint atá tocsaineach don atáirgeadh de chatagóir 1B, comhlíonann sé an coinníoll a leagtar amach sa séú fleasc de phointe 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 chun go bhformheasfar é mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú de bhun Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(16)

Dá bhrí sin, is iomchuí formheas cuineoilín-8-óil a athnuachan, mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú, de bhun Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(17)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i gcomhar le hAirteagal 6 de, agus i bhfianaise an eolais eolaíoch theicniúil reatha agus i bhfianaise thoradh an mheasúnaithe riosca, is gá, áfach, foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha agus srianta áirithe. Go háirithe, níor cheart údarú a thabhairt ach d’úsáidí gairmiúla táirgí cosanta plandaí ina bhfuil cuineoilín-8-ól i dtithe gloine buana lena gceadaítear malartú rialaithe ábhair agus fuinnimh leis an timpeallacht agus lena gcuirtear cosc ar scaoileadh táirgí cosanta plandaí isteach sa chomhshaol, trí uisciú silte, chun a áirithiú nach mbeidh nochtadh oibreoirí, oibrithe, daoine ar an láthair agus cónaitheoirí dó ach diomaibhseach. Ar an gcúis chéanna, níor cheart úsáidí cuineoilín-8-óil a údarú ach amháin i gcás ina bhfuil córas aistrithe iata ar fáil chun an táirge cosanta plandaí a luchtú agus a mheascadh isteach sa trealamh leata. Ina theannta sin, ba cheart eatramh réamhbhuainte a shocrú agus ba cheart srian a chur le hathúsáid ithreach ina bhfástar barra a chóireáiltear le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil cuineoilín-8-ól i dtithe gloine buana, ionas go dtabharfaí aghaidh ar an riosca atá ann do mhacra-orgánaigh ithreach arna shainaithint ag EFSA.

(18)

Is gá freisin faisnéis deimhniúcháin bhreise a éileamh ar an iarratasóir a mhéid a bhaineann le nochtadh neamhchothaitheach don tsubstaint ghníomhach, sonraí maidir le meitibileacht barr uainíochta teoranta lena dtugtar aghaidh ar a bhfuil i ndán don mháthairchomhdhúil maidir leis na barra a thagann ina diaidh, chomh maith le staidéir nó faisnéis chun easpa acmhainneacht chlastaigineach agus aineoigineach maidir le cuineoilín-8-ól a dheimhniú.

(19)

Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(20)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ón gCoimisiún (8) áirítear 8-hiodrocsacuineoilín (cuineoilín-8-ól) i liosta na substaintí atá inbhreithnithe lena n-ionadú. I bhfianaise fhormheas cuineoilín-8-óil mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú a athnuachan agus i bhfianaise chuimsiú comhfhreagrach cuineoilín-8 óil i gCuid E den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, ba cheart an iontráil a bhaineann le cuineoilín-8-ól a scriosadh ón Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408.

(21)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2781 ón gCoimisiún (9) cuireadh síneadh le tréimhse formheasa cuineoilín-8-óil go dtí an 31 Nollaig 2025 chun go bhféadfaí an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachadh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go ndearnadh cinneadh chun an formheas a athnuachan roimh an dáta éaga sin ar cuireadh síneadh leis, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo tráth is luaithe ná an dáta sin.

(22)

Leis an Rialachán seo, ní chuirtear cosc ar an iarratasóir faisnéis bhreise a chur isteach chun na coinníollacha formheasa a leasú, dá bhforáiltear in Airteagail 7 agus 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(23)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan

Déantar formheas na substainte gníomhaí cuineoilín-8-ól mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha agus na srianta a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408

Scriostar an iontráil a bhaineann le cuineoilín-8-ól ón Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 993/2011 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2011 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach 8-hiodrocsacuineoilín, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 263, 7.10.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/993/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/844/oj).

(5)  EFSA (An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2024. Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach cuineoilín-8-ól, Iris EFSA 2024; 22(3): e8670 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8670.

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/776 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2017 lena leasaítear, chun críocha a oiriúnaithe don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 116, 5.5.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/776/oj).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/oj).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ón gCoimisiún an 11 Márta 2015 maidir le cur chun feidhme Airteagal 80(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena mbunaítear liosta de shubstaintí atá inbhreithnithe lena n-ionadú (IO L 67, 12.3.2015, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/408/oj).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2781 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 8-hiodrocsacuineoilín, aimínipirilid, asocsastróibin, Candida oleophila tréithchineál O, clórantrainileapról, flurocsaipir, iomasailil, creasocsaim-meitil, meatabrómúrón, ocsafluairfein, Paecilomyces fumosoroseus tréithchineál FE 9901, teafluitrin agus tearbúitiolaisín (IO L, 2024/2781, 4.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2781/oj).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

Cuineoilín-8-ól

Uimh. CAS: 148-24-3

Uimh. CIPAC: 677

Cuineoilín-8-ól

≥ 990 g/kg

1 Iúil 2025

30 Meitheamh 2032

Ní fhéadfar a údarú ach úsáidí trí uisciú silte ag úsáideoirí gairmiúla i dtithe gloine buana lena gceadaítear malartú rialaithe ábhair agus fuinnimh leis an timpeallacht agus lena gcuirtear cosc ar scaoileadh táirgí cosanta plandaí isteach sa chomhshaol.

Ní dheonófar údaruithe ach amháin i gcás ina bhfuil córas aistrithe iata ar fáil chun an táirge cosanta plandaí a luchtú agus a mheascadh isteach sa trealamh leata.

Ní mór eatramh réamhbhuainte 22 lá ar a laghad tar éis an leata dheireanaigh a urramú agus ní dhéanfar an ithir ina bhfástar barra i dtithe gloine buana a athúsáid lasmuigh den teach gloine laistigh de 1 bhliain amháin tar éis an leata dheireanaigh.

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le cuineoilín-8-ól, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Sa mheasúnú foriomlán sin, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar an trealamh cosanta pearsanta is gá d’oibreoirí agus d’oibrithe.

Cuimseofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.

Cuirfidh an t-iarratasóir isteach faisnéis deimhniúcháin maidir leis an méid seo a leanas:

1.

nochtadh neamhchothaitheach i gcás oibrithe agus oibreoirí, go háirithe staidéar ina scrúdaítear nochtadh oibrithe agus oibreoirí faoi choinníollacha réalaíocha úsáide;

2.

sonraí maidir le meitibileacht barr uainíochta teoranta lena dtugtar aghaidh ar a bhfuil i ndán don mháthairchomhdhúil maidir leis na barra a thagann ina diaidh;

3.

staidéir nó faisnéis chun easpa acmhainneacht chlastaigineach agus aineoigineach maidir le cuineoilín-8-ól a dheimhniú.

Cuirfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis faoi phointí 1 agus 2 isteach faoin 2 Iúil 2027 agus an fhaisnéis faoi phointe 3 faoin 2 Iúil 2026.


(1)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear mar a leanas an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011:

(1)

i gCuid B, scriostar iontráil 18 maidir le 8-hiodrocsacuineoilín;

(2)

i gCuid E, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

Uimhir

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

‘16

Cuineoilín-8-ól

Uimh. CAS: 148-24-3

Uimh. CIPAC: 677

Cuineoilín-8-ól

≥ 990 g/kg

1 Iúil 2025

30 Meitheamh 2032

Ní fhéadfar a údarú ach úsáidí trí uisciú silte ag úsáideoirí gairmiúla i dtithe gloine buana lena gceadaítear malartú rialaithe ábhair agus fuinnimh leis an timpeallacht agus lena gcuirtear cosc ar scaoileadh táirgí cosanta plandaí isteach sa chomhshaol.

Ní dheonófar údaruithe ach amháin i gcás ina bhfuil córas aistrithe iata ar fáil chun an táirge cosanta plandaí a luchtú agus a mheascadh isteach sa trealamh leata.

Ní mór eatramh réamhbhuainte 22 lá ar a laghad tar éis an leata dheireanaigh a urramú agus ní dhéanfar an ithir ina bhfástar barra i dtithe gloine buana a athúsáid lasmuigh den teach gloine laistigh de 1 bhliain amháin tar éis an leata dheireanaigh.

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana i ndáil le cuineoilín-8-ól, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Sa mheasúnú foriomlán sin, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar an trealamh cosanta pearsanta is gá d’oibreoirí agus d’oibrithe.

Cuimseofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.

Cuirfidh an t-iarratasóir isteach faisnéis deimhniúcháin maidir leis an méid seo a leanas:

1.

nochtadh neamhchothaitheach i gcás oibrithe agus oibreoirí, go háirithe staidéar ina scrúdaítear nochtadh oibrithe agus oibreoirí faoi choinníollacha réalaíocha úsáide;

2.

sonraí maidir le meitibileacht barr uainíochta teoranta lena dtugtar aghaidh ar a bhfuil i ndán don mháthairchomhdhúil maidir leis na barra a thagann ina diaidh.

3.

Staidéir nó faisnéis chun easpa acmhainneacht chlastaigineach agus aineoigineach maidir le cuineoilín-8-ól a dheimhniú.

Cuirfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis faoi phointí 1 agus 2 isteach faoin 2 Iúil 2027 agus faoi phointe 3 faoin 2 Iúil 2026.


(1)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1152/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top