This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1149
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1149 of 11 June 2025 on the registration of the geographical indication Afyon Sucuğu (PGI) in the Union register of geographical indications pursuant to Regulation (EU) 2024/1143 of the European Parliament and of the Council
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1149 ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2025 maidir le clárú an táisc gheografaigh Afyon Sucuğu (TGFC) i gclár an Aontais um thásca geografacha de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1149 ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2025 maidir le clárú an táisc gheografaigh Afyon Sucuğu (TGFC) i gclár an Aontais um thásca geografacha de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2025/3594
IO L, 2025/1149, 12.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1149/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1149 |
12.6.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1149 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Meitheamh 2025
maidir le clárú an táisc gheografaigh ‘Afyon Sucuğu’ (TGFC) i gclár an Aontais um thásca geografacha de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), rinneadh iarratas AFYONKARAHİSAR TİCARET BORSASI (Malartán Tráchtearraí Afyonkarahisar) (An Tuirc) ar chlárú an táisc gheografaigh ‘Afyon Sucuğu’, arb iarratas é a fuair an Coimisiún roimh dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1143, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3). |
|
(2) |
Ní bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143, atá infheidhme maidir leis an iarratas ar chlárú i gcomhréir le hAirteagal 90(2) den Rialachán sin. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an tásc geografach ‘Afyon Sucuğu’ a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an tásc geografach ‘Afyon Sucuğu’ (TGFC) a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/1143.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meitheamh 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj).
(3) IO C, C/2025/1044, 13.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1044/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1149/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)