Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1141

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1141 ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na ceanglais maidir le beartais agus nósanna imeachta um choinbhleachtaí leasa d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha

C/2025/1220

IO L, 2025/1141, 10.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1141/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1141/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1141

10.6.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/1141 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Feabhra 2025

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na ceanglais maidir le beartais agus nósanna imeachta um choinbhleachtaí leasa d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 32(5), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114, tá ar eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha beartais agus nósanna imeachta éifeachtacha a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun coinbhleachtaí leasa idir iad féin agus catagóirí áirithe daoine a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh. I gcás ina mbeidh na beartais agus na nósanna imeachta a cheanglaítear de bhun Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 á gcur chun feidhme agus á gcoinneáil ar bun, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha prionsabal na comhréireachta a chur san áireamh d’fhonn a áirithiú go gcuirfear méid na n-eisitheoirí sin, a samhail ghnó, a n-eagrúchán inmheánach, agus cineál, scála agus castacht a ngníomhaíochtaí san áireamh sna beartais agus sna nósanna imeachta, agus go mbeidh siad comhsheasmhach, i gcás inarb infheidhme, le beartais ghrúpa agus go mbeidh siad leordhóthanach chun cuspóirí an Airteagail sin a bhaint amach go héifeachtach.

(2)

Eascraíonn coinbhleachtaí leasa as raon leathan cásanna, caidreamh agus cleamhnachtaí toisc go bhféadfadh leasanna an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha agus leasanna a úinéirí, a fhoirne, a chomhlachta bainistíochta, a gheallsealbhóirí agus leasanna eintiteas atá sa ghrúpa céanna leis an eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha a bheith difriúil le leasanna geallsealbhóirí eile agus comharthaí sócmhainn-tagartha á n-eisiúint, á gcur ar fáil don phobal agus á mbainistiú. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na cineálacha cásanna agus imthosca ba cheart a chumhdach lena mbeartais agus lena nósanna imeachta um choinbhleachtaí leasa, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha gach cás a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chumas an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha nó aon duine atá bainteach leis an eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha cinntí neamhchlaonta oibiachtúla a dhéanamh, nó gach cás a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chumas sin, nó gach cás a bhféadfaí a mheas ina leith go n-imríonn sé tionchar ar an gcumas sin nó go ndéanann sé difear dó, a chur san áireamh.

(3)

Tá sé ríthábhachtach rialachas agus bainistiú fónta eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha a áirithiú chun go bhfeidhmeoidh siad agus chun go n-áiritheofar muinín sa deighleog sin den mhargadh airgeadais. Ar na cúiseanna sin, ba cheart a chumhdach go sonrach leis na beartais agus na nósanna imeachta um coinbhleachtaí leasa na coinbhleachtaí sin a d’fhéadfadh bac a chur ar chumas chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta cinntí oibiachtúla neamhchlaonta a dhéanamh arb é is aidhm dóibh a bheith chun leasa an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha, agus chun leasa shealbhóirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha freisin.

(4)

Is príomhghné de chomharthaí sócmhainn-tagartha é an cúlchiste sócmhainní, agus rannchuidíonn a bhainistiú fónta le cosaint sealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha. Agus coinbhleachtaí leasa á sainaithint, á gcosc, á mbainistiú agus á nochtadh ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, ba cheart dóibh na coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh eascairt as bainistiú agus infheistiú an chúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/1114 a chur san áireamh agus ba cheart na gnéithe sin a chumhdach le beartais agus nósanna imeachta na n-eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha na coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann le tríú páirtithe a sholáthraíonn seirbhísí a bhaineann le hoibriú, infheistiú nó cumhdach na gcúlsócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, le dáileadh comharthaí sócmhainn-tagartha ar an bpobal a chur san áireamh. Ar an gcúis chéanna, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha socruithe a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go ngníomhóidh an tríú páirtí, a sholáthraíonn ceann de na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 34(5), pointe (h) de Rialachán (AE) 2023/1114, ar bhealach atá comhsheasmhach lena mbeartais agus lena nósanna imeachta um choinbhleachtaí leasa.

(5)

Ina mbeartais agus a nósanna imeachta um choinbhleachtaí leasa faoi Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha na coinbhleachtaí leasa iarbhír agus féideartha a dhéanann difear nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna sealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha a chur san áireamh chomh maith le leasanna an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá fheidhmíocht agus dá chás agus, dá réir sin, go hindíreach, do leasanna sealbhóirí agus sealbhóirí ionchasacha comharthaí sócmhainn-tagartha freisin.

(6)

Chun a áirithiú go gcosnaítear go leormhaith leasanna na sealbhóirí, na sealbhóirí ionchasacha agus na n-eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, ba cheart don eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha measúnú agus meastóireacht a dhéanamh ar aon choinbhleacht leasa iarbhír agus fhéideartha agus bearta iomchuí a bhunú agus a chur chun feidhme chun iad a chosc nó a mhaolú ag an gcéim is luaithe is féidir.

(7)

Idirbhearta ar malartuithe comharthaí sócmhainn-tagartha le haghaidh cistí nó cripteashócmhainní eile iad lena n-áirítear fuascailt comharthaí sócmhainn-tagartha i gcás ina bhfuil eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha ar cheann de pháirtithe an idirbhirt, baineann riosca méadaithe coinbhleachtaí leasa leo agus ba cheart, dá bhrí sin, measúnú cúramach a dhéanamh orthu i dtaobh an féidir leo dochar a dhéanamh d’eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha, i gcás ina ndéantar na hidirbhearta thar ceann daoine atá bainteach go díreach nó go hindíreach le heisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha féin.

(8)

Ar an gcaoi chéanna, ós rud é go bhféadfadh na dreasachtaí dá bhforáiltear sna nósanna imeachta, sna beartais agus sna socruithe um luach saothair a bheith ina gcúis le coinbhleachtaí leasa, ba cheart faireachán a dhéanamh orthu chun aon chur i bhfeidhm saobhach a chosc, rud a dhéanfadh dochar don eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha nó do shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha.

(9)

Chun coinbhleacht leasa a dhéanfadh dochar don eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha a chosc, ba cheart a áirithiú leis na beartais agus na nósanna imeachta faoi Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 go ndéanfar faireachán cúramach ar chásanna ina bhfuil caidreamh pearsanta, gairmiúil nó polaitiúil ag daoine atá bainteach le heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha le duine eile a bhfuil leasanna aige atá i gcoinbhleacht le leasanna an eisitheora. D’fhéadfadh caidrimh den sórt sin tionchar a imirt ar oibiachtúlacht nó ar bhreithiúnas eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus a ndaoine bainteacha. Ba cheart a áireamh ar chaidrimh phearsanta gaolta fola nó cleamhnais, nó caidrimh shóisialta nach bhfuil teoranta do pháirtnéireacht fhoirmiúil nó do phósadh. Ba cheart a áireamh ar chaidrimh pholaitiúla ballraíocht i bpáirtithe polaitiúla, nó caidrimh le hoifigigh rialtais nó le hoifigigh phoiblí eile. Ba cheart a áireamh ar chaidrimh ghairmiúla caidrimh i suíomh gairmiúil, amhail ag an obair nó i gcomhthéacs gnó.

(10)

Chun a áirithiú go mbeidh muinín as eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha agus chun an t-eisitheoir sin a chosaint ar dhamáiste dá chlú nó ar rioscaí dlíthiúla, in imthosca ina bhfuil rioscaí coinbhleachtaí leasa an-mhór agus nach féidir iad a chosc ná a bhainistiú go hiomchuí trí na beartais agus na nósanna imeachta arna nglacadh lena n-áirítear córais agus rialuithe inmheánacha, ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir le bearta sonracha breise eile agus iad a chur i bhfeidhm chun na coinbhleachtaí leasa ábhartha a chosc nó a bhainistiú.

(11)

Chun a áirithiú i gcónaí go ndéanfar iad a chur chun feidhme, a choinneáil ar bun agus a athbhreithniú go hiomchuí, ba cheart a áirithiú leis na beartais agus na nósanna imeachta um choinbhleachtaí leasa dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ar fáil chun na coinbhleachtaí leasa a bhainistiú agus go mbeidh na hacmhainní daonna lena mbainistítear coinbhleachtaí leasa ag an eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha neamhspleách ar fheidhmeanna gnó an eisitheora. Ba cheart na scileanna, an t-eolas agus an saineolas is gá a bheith ag na hacmhainní daonna tiomnaithe sin freisin. Ba cheart don duine atá freagrach as coinbhleachtaí leasa a bhainistiú a bheith in ann rochtain a fháil ar an gcomhlacht bainistíochta ag gníomhú ina fheidhm bhainistíochta agus, i gcás inarb infheidhme, ina fheidhm mhaoirseachta agus tuairisciú go díreach dó. Chun a áirithiú go ndéanfar acmhainní atá tiomnaithe do bhainistiú coinbhleachtaí leasa a leithdháileadh agus a bhainistiú go héifeachtúil, ba cheart foráil a dhéanamh sna beartais agus sna nósanna imeachta go mbeidh an duine atá freagrach as coinbhleachtaí leasa a bhainistiú in ann am leordhóthanach a thiomnú don ról sin agus go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ar fáil ag an duine i gcónaí chun na beartais agus na nósanna imeachta sin a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm go hiomchuí agus chun faireachán agus athbhreithniú iomchuí a dhéanamh orthu.

(12)

Chun a áirithiú gur féidir le sealbhóirí agus sealbhóirí ionchasacha comharthaí sócmhainn-tagartha cinneadh eolasach a dhéanamh maidir leis na comharthaí sócmhainn-tagartha, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha an fhaisnéis a nochtar don sealbhóir comharthaí sócmhainn-tagartha a choimeád cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 32(3) de Rialachán (AE) 2023/1114 agus tuairisc a thabhairt ar na coinbhleachtaí leasa a shainaithnítear agus na bearta a dhéantar chun coinbhleachtaí leasa a bhainistiú nó a chosc.

(13)

Chun an cháil nó na cáileanna ina bhfuil an t-eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha ag gníomhú a shoiléiriú do shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha, go háirithe ós rud é go bhféadfadh sé a bheith ag oibriú go minic i ndlúthchomhar le heintitis chleamhnaithe nó le heintitis den ghrúpa céanna, ba cheart a áireamh san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 32(3) de Rialachán (AE) 2023/1114 tuairisc atá mionsonraithe, sonrach agus soiléir go leor ar na cásanna is cúis, nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis, le coinbhleachtaí leasa, lena n-áirítear ról an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha agus an cháil ina bhfuil sé ag gníomhú agus cé acu atá nó nach bhfuil an t-eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha ina chuid de ghrúpa a bhfuil soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ann freisin.

(14)

Ar an gcúis chéanna, agus chun cosaint iomchuí infheisteoirí a áirithiú, ba cheart rochtain a bheith ag sealbhóirí agus sealbhóirí ionchasacha comharthaí sócmhainn-tagartha ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 32(3) de Rialachán (AE) 2023/1114 i dteanga a thuigeann siad. Dá bhrí sin, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha an fhaisnéis sin a chur ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit baile mar a shainítear in Airteagal 3(1), pointe (33)(d), de Rialachán (AE) 2023/1114 agus i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta. Tráth a ghlactar an Rialachán seo, is é an Béarla an ghnáth-theanga i réimse an airgeadais idirnáisiúnta ach d’fhéadfadh sé sin athrú amach anseo.

(15)

An phróiseáil a dhéanann eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha ar shonraí pearsanta, lena n-áirítear faisnéis a bhailítear chun críocha na mbeartas agus na nósanna imeachta um choinbhleachtaí leasa dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir leis an gceart go gcosnófar sonraí pearsanta na ndaoine lena mbaineann, mar a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais agus ní mór di Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (2).

(16)

Leis na beartais agus na nósanna imeachta um choinbhleachtaí leasa dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 a shonraítear a thuilleadh sna caighdeáin theicniúla rialála a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sonraí pearsanta a chur in iúl i gcás inar gá agus inar comhréireach chun a áirithiú go ndéanfar coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh go leormhaith, ar coinbhleachtaí leasa iad a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, agus cearta bunúsacha na ndaoine bainteacha, is iad sin a gceart chun príobháideachais agus an ceart go ndéanfar a sonraí pearsanta a chosaint, á gcur san áireamh. I gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha na catagóirí sonraí pearsanta a phróiseálfaidh siad chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc agus a bhainistiú a shonrú ina mbeartais agus ina nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114, ar bhealach a bheidh iomchuí dá méid agus dá n-eagrúchán inmheánach, don ghrúpa i gcás inarb infheidhme, agus dá samhail ghnó, agus a bheidh oiriúnach do chineál, scála agus castacht a ngníomhaíochtaí. Leis na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar amach sa Rialachán seo, sonraítear na critéir le haghaidh shainaithint na gcatagóirí sonraí pearsanta is gá agus atá comhréireach chun a áirithiú go ndéanfar coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh go leormhaith, ar coinbhleachtaí leasa iad a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shealbhóirí nó d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, ag féachaint do na rioscaí do chearta bunúsacha na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointí (a) go (d) agus pointe (f), de Rialachán (AE) 2023/1114, is iad sin a gceart chun príobháideachais agus an ceart go ndéanfar a sonraí pearsanta a chosaint.

(17)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(18)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

(19)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus thug sé tuairim uaidh an 17 Iúil 2024,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘duine bainteach’ aon duine de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointí (a) go (d) agus pointe (f), de Rialachán (AE) 2023/1114;

(b)

ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa mar a shainmhínítear in Airteagal 2(11) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

Airteagal 2

Coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha

1.   Leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh, sonrófar na himthosca a d’fhéadfadh difear a dhéanamh go díreach nó go hindíreach d’oibiachtúlacht agus do neamhchlaontacht na ndaoine bainteacha agus a ndualgais agus a bhfreagrachtaí á gcomhlíonadh acu. Cuirfear san áireamh leis na beartais agus na nósanna imeachta sin cásanna nó caidrimh inarb amhlaidh na nithe seo a leanas maidir le duine bainteach:

(a)

tá leas eacnamaíoch aige i nduine, comhlacht nó eintiteas a bhfuil a leasanna i gcoinbhleacht le leasanna an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha;

(b)

tá freagrachtaí aige laistigh de dhuine, comhlacht nó eintiteas a bhfuil a leasanna i gcoinbhleacht le leasanna an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha;

(c)

tá sé faoi mhaoirseacht ordlathach ag duine a bhfuil a leasanna i gcoinbhleacht le leasanna an eisitheora nó na sealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha;

(d)

tá caidreamh de chineál pearsanta, gairmiúil nó polaitiúil aige le duine, comhlacht nó eintiteas a bhfuil a leasanna i gcoinbhleacht le leasanna an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha nó bhí caidreamh den sórt sin aige laistigh de 3 bliana ón uair a dhéantar an measúnú;

(e)

déanann sé gníomhaíochtaí atá in iomaíocht le gníomhaíochtaí an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí mar shainchomhairleoir, mar chomhairleoir, mar thoscaire, mar sheachfhoinsí, mar sholáthraí seirbhíse tríú páirtí, mar fhochonraitheoir nó mar pháirtí eile a sholáthraíonn duine, comhlacht nó eintiteas a dhéanann an gnó céanna leis an eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha.

2.   Maidir leis na cásanna a leagtar amach i mír 1, cuirfidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha an méid seo a leanas san áireamh maidir leis na daoine, na comhlachtaí nó na heintitis sin:

(a)

is dócha go ndéanfaidh sé gnóthachan airgeadais, nó go seachnóidh sé caillteanas airgeadais, ar chostas an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha;

(b)

tá leas aige i dtoradh gníomhaíochta a rinneadh nó in éifeacht a leanann as cinneadh a rinne an t-eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha agus tá an leas sin i gcoinbhleacht le leasanna an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha.

3.   Maidir leis an leas eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a shainaithint, cuirfidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha cásanna san áireamh inarb amhlaidh na nithe seo a leanas maidir leis an duine bainteach ar comhalta den chomhlacht bainistíochta nó fostaí de chuid an eisitheora é:

(a)

tá cearta úinéireachta agus comharthaí (lena n-áirítear comharthaí rialachais) nó ballraíocht aige sa duine, sa chomhlacht nó san eintiteas sin;

(b)

tá aon chineál fiachais ag an duine, ag an gcomhlacht nó ag an eintiteas sin air;

(c)

tá socruithe conarthacha d’aon chineál aige leis an duine, leis an gcomhlacht nó leis an eintiteas sin, ar socruithe iad a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a rialaítear faoi Rialachán (AE) 2023/1114.

4.   Áiritheofar le beartais agus nósanna imeachta um choinbhleachtaí leasa go mbeidh idirbhearta, arb é atá iontu malartú comharthaí sócmhainn-tagartha arna n-eisiúint ag an eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha le haghaidh cistí nó cripteashócmhainní eile, lena n-áirítear fuascailt comharthaí sócmhainn-tagartha, faoi réir grinnscrúdú agus faireacháin maidir leis na coinníollacha faoina dtugtar i gcrích iad i gcás ina mbeidh an t-eisitheoir ar cheann de na páirtithe san idirbheart agus ina ndéanfar an t-idirbheart thar ceann aon duine de na daoine seo a leanas:

(a)

comhalta de chomhlacht bainistíochta an eisitheora nó fostaí atá in ann conarthaí a chaibidliú nó a shíniú thar ceann an eisitheora;

(b)

páirtí atá gaolmhar le duine dá dtagraítear i bpointe (a) mar a leanas:

(i)

céile, páirtí cláraithe, leanbh nó tuismitheoir;

(ii)

aon ghaol a bhí sa teaghlach céanna leis an duine sin ar feadh tréimhse charnach bliana amháin ar a laghad laistigh de na 5 bliana roimhe sin ó dháta an idirbhirt;

(iii)

eintiteas tráchtála, ina bhfuil sealúchas cáilitheach dar luach 10 % nó níos mó de chaipiteal nó de chearta vótála ag duine dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b)(i) agus pointe (b)(ii), nó ina bhfuil na daoine sin ina sealbhóirí príomhfheidhme mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1)(9a) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ina bhfuil poist ardbhainistíochta ag na daoine sin nó ina bhfuil siad ina gcomhaltaí den chomhlacht bainistíochta;

(c)

duine a bhfuil leas ábhartha díreach nó indíreach ag na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) ina leith a mhéid a bhaineann le toradh nó coinníollacha an idirbhirt, seachas táille nó coimisiún a fháil chun an t-idirbheart a fhorghníomhú.

Airteagal 3

Coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha

1.   Leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh, tabharfar aghaidh ar choinbhleachtaí leasa a thagann chun cinn le linn comharthaí sócmhainn-tagartha a eisiúint, a phróiseáil agus a fhuascailt nó le linn infheistiú nó bhainistiú an chúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/1114, agus cumhdófar aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

is dócha go ndéanfaidh duine bainteach gnóthachan airgeadais, go seachnóidh sé caillteanas airgeadais, nó go bhfaighidh sé cineál eile sochair, chun aimhleasa an tsealbhóra comharthaí sócmhainn-tagartha;

(b)

tá leas ag duine bainteach i dtoradh gníomhaíochta a dhéantar chun leasa an tsealbhóra comharthaí sócmhainn-tagartha, lena n-áirítear fuascailt an chomhartha, atá éagsúil le leas an tsealbhóra comharthaí sócmhainn-tagartha.

2.   Agus na cineálacha coinbhleachtaí leasa a thagann chun cinn le linn na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á sainaithint ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, déanfaidh siad measúnú ar cé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann, nó cé acu a gheobhaidh nó nach bhfaighidh, siad féin nó comhalta dá gcomhlacht bainistíochta nó duine dá bhfostaithe aslach ó dhuine seachas an sealbhóir comharthaí sócmhainn-tagartha i ndáil leis an ngníomhaíocht sin i bhfoirm sochair nó seirbhísí airgeadaíochta nó neamhairgeadaíochta ar bhealach a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leas an tsealbhóra comharthaí sócmhainn-tagartha.

Airteagal 4

Beartais agus nósanna imeachta

1.   Leagfar amach i scríbhinn na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 agus léireofar iontu méid, castacht agus cineál an chomhartha sócmhainn-tagartha agus an raon gníomhaíochtaí a dhéanann an t-eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha agus an grúpa lena mbaineann sé.

2.   Beidh comhlacht bainistíochta an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha freagrach as na beartais agus na nósanna imeachta sin a shainiú, a ghlacadh agus a chur chun feidhme. Sainaithneoidh sé go tréimhsiúil aon easnamh in éifeachtacht na mbeartas agus na nósanna imeachta sin agus tabharfaidh sé aghaidh orthu.

3.   Bunóidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha bealaí cumarsáide inmheánacha éifeachtacha chun fostaithe agus comhaltaí an chomhlachta bainistíochta a chur ar an eolas faoina mbeartais agus a nósanna imeachta um choinbhleachtaí leasa agus chun rochtain leanúnach orthu a thabhairt dóibh agus soláthróidh siad oiliúint nuashonraithe iomchuí sna beartais agus sna nósanna imeachta sin um choinbhleachtaí leasa.

Bunóidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha bealaí cumarsáide seachtracha éifeachtacha chun tríú páirtithe a chur ar an eolas faoina mbeartais agus a nósanna imeachta um choinbhleachtaí leasa.

4.   I gcás inar comhalta de ghrúpa é eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha, cumhdófar leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 coinbhleachtaí leasa idir an t-eisitheoir agus grúpeintitis eile.

5.   Áireofar na nithe seo a leanas sna beartais agus sna nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114:

(a)

tuairisc ar na himthosca a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le coinbhleacht leasa i gcomhréir le hAirteagail 2 agus 3;

(b)

na próisis atá le cur i bhfeidhm chun na coinbhleachtaí leasa dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh.

6.   Leis na próisis dá dtagraítear i mír 5, déanfar idirdhealú idir coinbhleachtaí leasa atá seasmhach agus ar gá iad a bhainistiú go buan agus coinbhleachtaí leasa a tharlaíonn ó am go chéile agus ar gá iad a mhaolú le beart cás-sonrach.

7.   Áireofar sna próisis dá dtagraítear i mír 5 tuairisc ar na nithe seo a leanas:

(a)

próisis éifeachtacha chun aon ábhar a bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith mar thoradh air, nó a raibh coinbhleacht leasa mar thoradh air, a thuairisciú agus a chur in iúl go pras trí bhealaí tuairiscithe inmheánacha iomchuí;

(b)

próisis éifeachtacha chun cosc a chur agus rialú a dhéanamh ar mhalartú faisnéise idir daoine bainteacha atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí i gcás ina bhféadfadh coinbhleacht leasa teacht chun cinn, i gcás ina bhféadfadh an malartú faisnéise sin dochar a dhéanamh do leasanna an tsealbhóra comharthaí sócmhainn-tagartha nó ina bhféadfadh sé difear a dhéanamh do chomhlíonadh dhualgais agus fhreagrachtaí an duine bhaintigh sin;

(c)

bearta chun a áirithiú go gcuirfear gníomhaíochtaí nó idirbhearta atá i gcoinbhleacht de chúram, i gcás inar féidir, ar dhaoine éagsúla laistigh den eisitheoir céanna comharthaí sócmhainn-tagartha nó ar dhaoine atá, ar bhealach eile, faoi réir faireachán agus bearta spriocdhírithe lena mbainfear amach an éifeacht chéanna.

(d)

bearta chun a áirithiú go gcuirfear cosc ar dhaoine bainteacha a dhéanann gníomhaíochtaí gnó seachtracha a bhaineann leis an eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha tionchar míchuí a imirt laistigh den eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha maidir leis na gníomhaíochtaí sin;

(e)

bearta chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar an riosca coinbhleachtaí leasa ar leibhéal an chomhlachta bainistíochta nó ar leibhéal a choiste fhreagraigh. Leis na bearta sin, áiritheofar nach mbeidh coinbhleacht leasa ag comhaltaí an choiste ná ag comhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus soláthrófar treoraíocht leordhóthanach maidir le sainaithint agus bainistiú coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chumas chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta cinntí oibiachtúla neamhchlaonta a dhéanamh chun leasa an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha;

(f)

bearta chun a áirithiú go dtabharfar an fhreagracht do chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta comhaltaí eile a chur ar an eolas faoi aon ábhar a bhfuil coinbhleacht leasa ag na comhaltaí ann nó a bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith acu ann nó a bhféadfadh sé go gcuirfí i mbaol ar bhealach eile ann oibiachtúlacht na gcomhaltaí sin nó a gcumas a ndualgais i leith an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha a chomhlíonadh go cuí, agus staonadh ó vótáil ar an ábhar sin;

(g)

bearta chun a áirithiú go gcoiscfear ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta a bheith ina gcomhaltaí den chomhlacht bainistíochta atá ag gníomhú ina fheidhm bhainistíochta nó mhaoirseachta in eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha iomaíocha.

8.   I gcás nach leor na beartais agus na nósanna imeachta um choinbhleachtaí leasa chun cosc a chur nó maolú a dhéanamh ar na rioscaí go ndéanfar damáiste do shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó don eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha, leasóidh an t-eisitheoir na beartais agus na nósanna imeachta chun aghaidh a thabhairt ar aon easnamh.

9.   Leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114, ceanglófar ar eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha taifid a choimeád agus doiciméadacht a dhéanamh ar na cineálacha gníomhaíochtaí nó cásanna is cúis nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis leis na coinbhleachtaí leasa dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus Airteagal 3(1) agus, le haghaidh gach cineáil gníomhaíochta nó cáis, ar na bearta a glacadh chun coinbhleachtaí den sórt sin a chosc nó a mhaolú. Coimeádfar na taifid ar feadh tréimhse choinneála 5 bliana.

10.   Áiritheofar leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 go sainaithneoidh an t-eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha na hidirbhearta dá dtagraítear in Airteagal 2(4) nó go dtabharfar fógra fúthu don eisitheoir sula ndéanfar cinneadh maidir le forghníomhú agus coinníollacha an idirbhirt. Áiritheofar leis na beartais agus na nósanna imeachta sin freisin go mbeidh cinntí maidir le hidirbhearta den sórt sin arna ndéanamh go hoibiachtúil, chun leasa gach páirtí, agus go mbeidh coinníollacha an idirbhirt mar an gcéanna leis na coinníollacha a bhfuil feidhm acu idir páirtithe neamhspleácha maidir leis na hidirbhearta céanna in éagmais coinbhleacht leasa.

11.   I ndáil leis na hidirbhearta dá dtagraítear in Airteagal 2(4), áiritheoidh na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 na nithe seo a leanas:

(a)

go leagfar amach próisis chinnteoireachta chun na hidirbhearta sin a dhéanamh agus go leagfar síos tairseacha, arna sloinneadh mar mhéid an idirbhirt, ar os a gcionn is gá formheas a fháil ón gcomhlacht bainistíochta le haghaidh an idirbhirt sin;

(b)

go gcuirfear fostaithe agus comhaltaí an chomhlachta bainistíochta ar an eolas faoi na rialacha is infheidhme maidir leis na hidirbhearta sin, agus faoi na bearta arna mbunú ag an eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha i ndáil leo;

(c)

go cuirfear an t-eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha ar an eolas go pras faoi aon cheann de na hidirbhearta sin;

(d)

go gcoimeádfar taifead ar an idirbheart a dtugtar fógra faoi don eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha nó a shainaithníonn an t-eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha, lena ndéantar doiciméadacht ar dháta agus am an idirbhirt, ar na coinníollacha, ar a mhéid, ar an gcontrapháirtí agus ar aon údarú nó toirmeasc i ndáil leis an idirbheart sin.

Airteagal 5

Beartais agus nósanna imeachta i gcomhthéacs an luacha saothair

Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, laistigh de na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114, gurb amhlaidh na nithe seo a leanas maidir le nósanna imeachta, beartais agus socruithe um luach saothair:

(a)

nach gcruthóidh siad coinbhleacht leasa ná nach ndéanfaidh siad foráil maidir le dreasachtaí sa ghearrthéarma, sa mheántéarma ná san fhadtéarma d’fhostaithe nó do chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta a thabharfadh tosaíocht dá leasanna féin nó do leasanna an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha chun dochair d’aon sealbhóir comharthaí sócmhainn-tagartha nó do scairshealbhóirí nó do chomhaltaí an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha;

(b)

go sainaithneoidh siad agus go ndéanfaidh siad maolú ar aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann de dheasca dámhachtain luacha saothair inathraithe agus príomhtháscairí feidhmíochta foluiteacha, lena n-áirítear aisíocaíocht ionstraimí le fostaithe nó le comhlacht bainistíochta mar chuid den luach saothair inathraithe nó seasta.

Airteagal 6

Beartais agus nósanna imeachta um shocruithe le soláthraithe seirbhíse tríú páirtí

Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, laistigh de na beartais agus na nósanna imeachta faoin Rialachán seo, nach ndéanfar aon socrú i scríbhinn a thabhairt i gcrích le soláthraí seirbhíse tríú páirtí murab amhlaidh na nithe seo a leanas:

(a)

leis an socrú i scríbhinn, cuirtear d’oibleagáid ar an tríú páirtí gníomhú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na beartais agus na nósanna imeachta sin;

(b)

áirithítear leis an socrú i scríbhinn, i gcás ina soláthraíonn tríú páirtí atá sa ghrúpa céanna leis an eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 34(5), pointe (h), de Rialachán (AE) 2023/1114, go ndéanfar cinntí maidir le soláthar seirbhísí tríú páirtí go hoibiachtúil, chun leasa gach páirtí agus faoi na coinníollacha céanna a mbeadh feidhm acu dá ndéanfadh páirtithe neamhspleácha an comhaontú chun seirbhísí a sholáthar;

(c)

Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nach ndéanfar leasanna an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha nó leasanna an tríú páirtí a chur chun cinn, ar bhealach a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le leasanna sealbhóra comharthaí sócmhainn-tagartha, leis na táillí a thairgtear chun ceann de na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 34(5) pointe (h) de Rialachán (AE) 2023/1114 a sholáthar.

Airteagal 7

Beartais agus nósanna imeachta um acmhainní chun coinbhleachtaí leasa a bhainistiú

1.   Áiritheofar leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 go leithdháilfear agus go ndéanfar bainistíocht éifeachtach ar na hacmhainní is gá chun coinbhleachtaí leasa a bhainistiú.

2.   Áiritheofar leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 go gceapfaidh an t-eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha duine a bheidh freagrach as coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh. Beidh an t-údarás is gá ag an duine sin chun a fhreagrachtaí a chomhlíonadh go hiomchuí agus go neamhspleách agus tuairisceoidh sé go díreach don chomhlacht bainistíochta. Áiritheofar leis na beartais agus na nósanna imeachta sin nach ndéanfar cumas an duine sin coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh go neamhspleách a chur i mbaol de dheasca aon chúram nó aon fheidhm eile a bhféadfadh an duine sin a bheith freagrach as.

3.   Saineofar sna beartais agus sna nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 na scileanna agus an t-eolas íosta is gá a bheith ag fostaithe chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh faoin Rialachán seo.

Airteagal 8

Nochtaí maidir le cineál ginearálta agus foinse coinbhleachtaí leasa agus maidir leis na bearta a dhéantar chun iad a mhaolú

1.   Coimeádfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha inneachar an nochta dá dtagraítear in Airteagal 32(3) de Rialachán (AE) 2023/1114 cothrom le dáta i gcónaí.

2.   An nochtadh a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 32(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, soláthróidh sé faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

na himthosca agus na cásanna is cúis nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le coinbhleachtaí leasa dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus Airteagal 3(1), lena n-áirítear ról an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha agus an cháil ina bhfuil sé ag gníomhú i ndáil leis an sealbhóir comharthaí sócmhainn-tagartha;

(b)

cibé acu is soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní freisin é an t-eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha nó nach ea;

(c)

na rioscaí arna sainaithint i ndáil leis na coinbhleachtaí leasa dá dtagraítear i bpointe (a);

(d)

na céimeanna agus na bearta a dhéantar chun na coinbhleachtaí leasa a shainaithnítear a chosc nó a mhaolú.

3.   Faisnéis a nochtadh i gcomhréir le mír 2, ní mheasfar gur bealach leordhóthanach é chun coinbhleachtaí leasa a bhainistiú agus a mhaolú.

4.   Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil i gcónaí do shealbhóirí agus do shealbhóirí ionchasacha comharthaí sócmhainn-tagartha ar shuíomh gréasáin an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha. Má chuireann an t-eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha comharthaí sócmhainn-tagartha ar fáil don phobal nó má iarrann sé go ligfí isteach chun a dtrádála ar ardán trádála iad, cuirfidh an t-eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha an fhaisnéis ar fáil ar an ardán trádála sin.

5.   Cuirfidh eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit baile agus i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R1114.

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32016R0679).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32010R1093).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32018R1725).

(5)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).

(6)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1141/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top