This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1126
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1126 of 5 June 2025 laying down implementing technical standards for the application of Regulation (EU) 2023/1114 of the European Parliament and of the Council with regard to the establishment of standard forms, templates and procedures for the information to be included in the application for authorisation to offer asset-referenced tokens to the public and to seek their admission to trading
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1126 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú i ndáil leis an bhfaisnéis atá le háireamh san iarratas ar údarú chun comharthaí sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal agus chun a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1126 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú i ndáil leis an bhfaisnéis atá le háireamh san iarratas ar údarú chun comharthaí sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal agus chun a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála
C/2025/3219
IO L, 2025/1126, 15.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1126/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1126 |
15.9.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1126 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Meitheamh 2025
lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú i ndáil leis an bhfaisnéis atá le háireamh san iarratas ar údarú chun comharthaí sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal agus chun a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 18(7), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1125 ón gCoimisiún (2) sonraítear an fhaisnéis a bheidh in iarratas ar údarú comharthaí sócmhainn-tagartha a thairiscint go poiblí agus chun a iarraidh go ligfí isteach chun a dtrádála iad de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2023/1114. |
|
(2) |
Chun cumarsáid a éascú idir daoine dlítheanacha a bhfuil údarú á lorg acu faoi Airteagal 18(6) de Rialachán (AE) 2023/1114 agus údaráis inniúla, ba cheart d’údaráis inniúla pointe teagmhála a ainmniú go sonrach chun na hiarratais ar údarú a fháil chun comharthaí sócmhainn-tagartha a thairiscint go poiblí agus chun a iarraidh go ligfí isteach iad chun trádála agus ba cheart dóibh an fhaisnéis a fhoilsiú ar an bpointe teagmhála ar a suíomh gréasáin. |
|
(3) |
Chun críocha comhchuibhithe, ba cheart do dhaoine dlítheanacha nó do ghnóthais eile a bhfuil sé beartaithe acu comharthaí sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal nó a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála (‘eisitheoirí is iarratasóir’) an fhaisnéis is gá le haghaidh an údaraithe sin a chur isteach ar bhealach aonfhoirmeach agus ba cheart dóibh na foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid chaighdeánacha agus na nósanna imeachta caighdeánacha céanna a úsáid ar fud an Aontais le haghaidh na faisnéise atá le háireamh san iarratas. |
|
(4) |
An fhaisnéis a chuireann na heisitheoirí is iarratasóirí isteach, ba cheart í a bheith fíor, cruinn, iomlán agus cothrom le dáta ón tráth a chuirtear an t-iarratas isteach go dtí an tráth a dheonaítear an t-údarú. Ós rud é go bhféadfadh sé nach dtagraíonn roinnt faisnéise ach don todhchaí amháin, ba cheart aon dáta sa todhchaí a bheidh san áireamh san fhaisnéis a shainaithint go sonrach san iarratas. |
|
(5) |
Chun a áirithiú go láimhseálfar iarratais go pras agus go tráthúil, ba cheart do na húdaráis inniúla a dheimhniú go bhfuarthas an t-iarratas trí admháil fála a sheoladh go leictreonach, ar pháipéar, nó sa dá fhoirm, chuig an t-eisitheoir is iarratasóir. Ba cheart a áireamh san admháil fála sin sonraí teagmhála na ndaoine nó na feidhme atá i gceannas ar an iarratas ar údarú a láimhseáil. |
|
(6) |
Chun nós imeachta soiléir, trédhearcach agus aonfhoirmeach is infheidhme maidir leis an measúnú ar an iarratas arna chur faoi bhráid na n-údarás inniúil a áirithiú, is gá rialacha nós imeachta áirithe a shonrú. |
|
(7) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme, a forbraíodh i ndlúthchomhar leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, agus a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(8) |
Sheol an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An t-iarratais ar údarú a chur isteach chun comharthaí sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal agus chun a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála
1. Na heisitheoirí is iarratasóirí a chuireann faoi bhráid a n-údaráis inniúil an t-iarratas ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1125, bainfidh siad úsáid as an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Cuirfidh na húdaráis inniúla ar fáil ar a suíomh gréasáin a sonraí teagmhála a bhaineann le tíolacadh le haghaidh údarú, agus an fhoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
3. Léireoidh na húdaráis inniúla ar a suíomh gréasáin an chaoi a bhfuil an t-iarratas ar údarú le cur isteach in éineacht leis an bhfaisnéis agus na doiciméid uile a iarradh, trí uaslódáil ar thairseach idirlín atá léirithe ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil nó trí mheán leictreonach eile nó, i gcás doiciméid shonracha atá le cur isteach mar dhoiciméid bhunaidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i bhfoirm pháipéir. Cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl go soiléir ar a suíomh gréasáin nó ar a dtairseach idirlín na doiciméid atá le tíolacadh i bhfoirm pháipéir bhunaidh, de réir an dlí náisiúnta.
4. I gcás ina n-éileoidh údaráis inniúla go gcuirfear faisnéis isteach i bhfoirm leictreonach agus i bhfoirm pháipéir araon, i gcás neamhréireachta san fhaisnéis a sholáthraítear, beidh forlámhas ag an bhfaisnéis a chuirtear isteach i bhfoirm páipéir.
Airteagal 2
Measúnú ar iomláine na n-iarratas
1. Measfaidh údaráis inniúla iarratas ar údarú a bheith iomlán i gcás ina bhfuil an fhaisnéis uile is gá dá dtagraítear in Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2023/1114 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1125, agus beidh an t-inneachar iomchuí agus an leibhéal sonraí iomchuí ann lena gcuirfear ar chumas an údaráis inniúil measúnú a dhéanamh ar an iarratas. I gcás ina n-éileodh an t-údarás inniúil cuid den fhaisnéis i bhfoirm páipéir, i gcomhréir le hAirteagal 1(4) den Rialachán seo, ní mheasfar an t-iarratas a bheith iomlán go dtí go bhfaighfear an fhaisnéis i bhfoirm páipéir.
2. I gcás ina ndéantar measúnú ar an bhfaisnéis a sholáthraítear san iarratas ar údarú, lena n-áirítear an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2023/1114, agus i gcás ina bhfaightear amach go bhfuil sí neamhiomlán, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra láithreach don iarratasóir de bhun Airteagal 20(1) den Rialachán sin agus tabharfaidh siad le fios an fhaisnéis is gá atá in easnamh. Seolfaidh údaráis inniúla fógra den sórt sin i bhformáid pháipéir nó trí mheán leictreonach agus tabharfaidh siad le fios na sonraí teagmhála, na módúlachtaí, cibé acu trí uaslódáil ar an tairseach idirlín, trí mheán leictreonach nó i bhfoirm páipéir, agus an sprioc-am chun an fhaisnéis atá in easnamh a chur isteach a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 20(3) de Rialachán (AE) 2023/1114.
3. Tar éis don údarás inniúil a mheas go bhfuil iarratas ar údarú comhlánaithe i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2023/1114 agus le mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh sé an méid sin in iúl don iarratasóir, mar aon leis an dáta a fuarthas an t-iarratas iomlán nó, i gcás inarb infheidhme, an dáta a fuarthas an fhaisnéis lenar líonadh isteach an t-iarratas.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meitheamh 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1125 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis in iarratas ar údarú chun comharthaí sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal nó chun a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála (IO L, 2025/1125, dd.mm.yyyy, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1125/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).
IARSCRÍBHINN I
Foirm chaighdeánach chun iarratas a chur isteach ar údarú chun comharthaí sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal agus chun a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála, arna cur isteach i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1126 ón gCoimisiún
Áit agus dáta: _________________
Ó:
Ainm an iarratasóra:
Ainm trádála, murab ionann é:
Seoladh:
Sonraí teagmhála an duine teagmhála ainmnithe laistigh den eisitheoir is iarratasóir:
Ainm:
Post san eisitheoir is iarratasóir:
Guthán:
Ríomhphost:
Sonraí teagmhála an chomhairleora ghairmiúil ainmnithe:
Ainm:
Seoladh:
Guthán:
Ríomhphost:
CHUIG:
Údarás Inniúil:
Seoladh:
Ballstát:
Iarratas ar údarú is ea seo chun comhartha sócmhainn-tagartha a thairiscint go poiblí nó chun a iarraidh go ligfí isteach é chun a dtrádála, arna cur isteach i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1126 ón gCoimisiún lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a mhéid a bhaineann le foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh na faisnéise atá le háireamh san iarratas an fonóta comhfhreagrach (2).
1.
An cineál iarratais (cuir tic sa bhosca ábhartha):|
☐ (a) |
An chéad údarú chun comhartha sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal nó chun a iarraidh go ligfí isteach é chun a thrádála |
|
☐ (b) |
De bhreis ar údarú a dheonaigh an t-údarás inniúil céanna roimhe sin i ndáil le comhartha sócmhainn-tagartha, údarú nua chun comhartha sócmhainn-tagartha eile a thairiscint don phobal nó chun a iarraidh go ligfí isteach é chun a thrádála |
2.
Aicmiú roghnach comharthaí sócmhainn-tagartha mar chomhartha sócmhainn-tagartha suntasachSonraigh má áirítear san iarratas an iarraidh ar aicmiú deonach an chomhartha sócmhainn-tagartha mar chomhartha sócmhainn-tagartha suntasach (cuir tic le Áirítear nó Ní Áirítear)
☐ Áirítear
☐ Ní Áirítear
Deimhnímid go bhfuil an fhaisnéis arna cur ar fáil san iarratas seo fíor, cruinn, iomlán agus nach bhfuil sí míthreorach. Mura leagtar amach a mhalairt go sonrach, tá an fhaisnéis cothrom le dáta ar dháta an iarratais seo.
Sainaithnítear faisnéis lena léirítear dáta amach anseo go sainráite san iarratas agus glacaimid orainn féin fógra a thabhairt don údarás i scríbhinn gan mhoill sa chás go dtiocfadh sé chun cinn go mbeadh aon fhaisnéis den sórt sin bréagach, míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach.
I gcás iarratas nua tar éis údarú a fháil roimhe sin chun comhartha sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal nó chun a iarraidh go ligfí isteach é chun a thrádála arna dheonú ag an údarás inniúil céanna, ba cheart an ráiteas seo a leanas a bheith sa litir tíolactha:
Admhaímid gur dheonaigh [an t-údarás inniúil seo: ainm an údaráis inniúil] údarú chun comhartha sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal/chun a iarraidh go ligfí isteach é chun a thrádála: an [LL/MM/BBBB] agus i gcomhréir le hAirteagal 18(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, ní áirítear san iarratas reatha faisnéis a cuireadh faoi bhráid an údaráis inniúil roimhe sin i gcás ina mbeadh an fhaisnéis sin comhionann agus nach mbeadh athrú tagtha uirthi idir an dá linn. Deimhnímid freisin go bhfuil aon fhaisnéis nár cuireadh isteach arís san iarratas reatha comhionann leis an bhfaisnéis atá i seilbh an údaráis inniúil cheana féin agus go bhfuil sí fíor, cruinn agus cothrom le dáta fós.
(1) Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj).
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1126 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis in iarratas ar údarú chun comharthaí sócmhainn tagartha a thairiscint don phobal nó chun a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála (IO L, 2025/1126, ll.mm.bbbb, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1126/oj).
IARSCRÍBHINN II
Teimpléad don iarratas ar údarú chun comharthaí sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal agus chun a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála
Faisnéis atá le soláthar don údarás inniúil
|
Iarratas ar údarú chun comharthaí sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal agus chun a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála |
||||||||||||||||||||||
|
Faisnéis atá le soláthar don údarás inniúil |
||||||||||||||||||||||
|
Réimse |
Foréimse (tuairisc ghearr ar an bhforáil dá dtagraítear) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1125 ón gCoimisiún (1) |
||||||||||||||||||||
|
1 |
Cineál iarratais |
1 |
Ar dheonaigh an t-údarás inniúil údarú don eisitheoir is iarratasóir roimhe seo chun comhartha sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal nó chun a iarraidh go ligfí isteach é chun a thrádála? ☐ Dheonaigh ☐ Níor Dheonaigh Más ‘Dheonaigh’ an freagra, ná cuir isteach ach an fhaisnéis ar tháinig athrú uirthi ó taisceadh an t-iarratas ar údarú a deonaíodh |
Airteagal 18(3) de Rialachán (AE) 2023/1114 |
||||||||||||||||||
|
2 |
An áirítear san iarratas an iarraidh ar aicmiú deonach an chomhartha sócmhainn-tagartha mar chomhartha sócmhainn-tagartha suntasach? ☐ Áirítear ☐ Ní Áirítear |
Airteagal 3(4) de [Rialachán Tarmligthe lena leagtar síos caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le háireamh in iarratas ar údarú chun comharthaí sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal nó chun a ligean isteach chun a dtrádála] |
||||||||||||||||||||
|
2.1 |
teagmhálaithe don iarratas |
1 |
Ainm iomlán agus sonraí teagmhála an duine laistigh den eisitheoir is iarratasóir lenar féidir teagmháil a dhéanamh maidir leis an iarratas |
Airteagal 1(1), pointí (j) agus (k) |
||||||||||||||||||
|
2 |
Ainm iomlán agus sonraí teagmhála an phríomhchomhairleora ghairmiúil (más infheidhme) |
|||||||||||||||||||||
|
2.2 |
Céannacht an iarratasóra: |
1 |
An duine dlítheanach é an t-eisitheoir is iarratasóir? ☐ Is ea ☐ Ní hea Más ‘Is ea’ an freagra, cuir isteach an fhaisnéis a leagtar amach i bhforéimsí 2 agus 4; más ‘Ní hea’ an freagra, cuir isteach an fhaisnéis a leagtar amach i bhforéimsí 2, 3 agus 4 |
|
||||||||||||||||||
|
2 |
Ainm dlíthiúil iomlán, ainm/ainmneacha trádála, seoladh/seoltaí idirlín, bealaí margaíochta agus lógó/lógónna, agus aon athrú atá beartaithe i gcás inarb infheidhme. I gcás daoine dlítheanacha faoi raon feidhme Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), is é a bheidh san ainm dlíthiúil an t-ainm cuideachta mar atá sé sa chlár náisiúnta gnó dá dtagraítear in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2017/1132. |
Airteagal 1(1), pointe (a) |
||||||||||||||||||||
|
Aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh a eisítear i gcomhréir le téarmaí aon cheann d’Aonaid Oibriúcháin Áitiúla chreidiúnaithe an Chórais Dhomhanda Aitheantóirí Eintiteas Dlítheanach |
Airteagal 1(1), pointe (b) |
|||||||||||||||||||||
|
Foirm dhlíthiúil, dáta agus Ballstát an chorpraithe nó an fhoirmithe, seoladh nó seoltaí. I gcás daoine dlítheanacha faoi raon feidhme Threoir (AE) 2017/1132, beidh an fhaisnéis sin ag teacht leis an bhfaisnéis a thagann as an gclár náisiúnta gnó dá dtagraítear in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2017/1132. |
Airteagal 1(1), pointí (c), (d) agus (e) |
|||||||||||||||||||||
|
Sonraí clárúcháin sa chlár ábhartha, i gcás inarb infheidhme, agus cóip den deimhniú clárúcháin. I gcás daoine dlítheanacha faoi raon feidhme Threoir (AE) 2017/1132, is éard a bheidh sna mionsonraí clárúcháin uimhir chlárúcháin na cuideachta agus EUID mar atá sé sa chlár gnó náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2017/1132. |
Airteagal 1(1), pointe (f) |
|||||||||||||||||||||
|
Ionstraimí comhdhéanaimh nó reachta agus na hairteagail chomhlachais; |
Airteagal 1(1), pointe (g) |
|||||||||||||||||||||
|
3 |
i gcás inar gnóthas nach duine dlítheanach é an t-eisitheoir is iarratasóir, doiciméadacht lena ndeimhnítear cosaint choibhéiseach leasanna tríú páirtí agus maoirseacht stuamachta choibhéiseach |
Airteagal 1(1), pointe (h) |
||||||||||||||||||||
|
4 |
Dáta dheireadh na bliana cuntasaíochta |
Airteagal 1(1), pointe (i) |
||||||||||||||||||||
|
3.1 |
Clár oibríochtaí: faisnéis faoin tsamhail ghnó, faoin straitéis agus faoin bpróifíl riosca |
|
|
|
||||||||||||||||||
|
1 |
Príomhghnéithe an chomhartha sócmhainn-tagartha dá n-iarrtar an t-údarú chun é a thairiscint don phobal agus chun a iarraidh go ligfí isteach é chun a thrádála, lena n-áirítear na ceanglais faisnéise uile a leagtar amach san fhoráil ábhartha, lena n-áirítear an cineál comhartha, cuspóir an údaraithe, tuairim dhlíthiúil maidir le cáiliú an chomhartha sócmhainn-tagartha i gcomhréir le hAirteagal 18(2), pointe (e), de Rialachán (AE) 2023/1114, sásra eisiúna agus fuascailte, léiriú na ndáileoirí, an beartas maidir le heintitis eile a cheapadh don tairiscint phoiblí nó don ligean isteach chun trádála, an prótacal a úsáidtear, teicneolaíocht an mhórleabhair dháilte/na mórleabhar dáilte (DLT) ina n-eisítear an comhartha agus na droichid idir DLT den sórt sin. |
Airteagal 2(2), pointe (a)(i), pointí (1) go (7) |
||||||||||||||||||||
|
2 |
Faisnéis maidir le haon eisiúint cripteashócmhainní nó sócmhainní digiteacha eile de chuid an eisitheora is iarratasóir atá gan íoc, agus aon ghníomhaíocht airgeadais agus neamhairgeadais eile de chuid an eisitheora is iarratasóir |
Airteagal 2(2), pointe (a)(ii) agus (iii) |
||||||||||||||||||||
|
3 |
I gcás inarb infheidhme, tuairisc ar an ngrúpa agus ar ghníomhaíochtaí na ngrúpeintiteas |
Airteagal 2(2), pointe (a)(iv) |
||||||||||||||||||||
|
4 |
Tuairisc ar an timpeallacht ghnó ina n-oibreoidh an t-eisitheoir is iarratasóir |
Airteagal 2(2), pointe (b) |
||||||||||||||||||||
|
5 |
Tuairisc ar straitéis ghnó fhoriomlán an eisitheora is iarratasóir, liosta na mBallstát óstach ina bhfuil sé beartaithe ag an eisitheoir is iarratasóir an comhartha sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal nó ina n-iarrtar go ligfí isteach é chun a thrádála, agus, i gcás inarb infheidhme, an ghrúpstraitéis agus an measúnú riosca ar an bplean gnó. |
Airteagal 2(2), pointe (c) |
||||||||||||||||||||
|
3.2 |
Clár oibríochtaí: faisnéis réamhaisnéise airgeadais, agus faisnéis airgeadais ón am a chuaigh thart |
1 |
Faisnéis airgeadais réamhaisnéise: pleananna cuntasaíochta ar feadh 3 bliana tar éis údarú a dheonú ar bhonn cás bonnlíne agus struis, na toimhdí pleanála gaolmhara, agus míniú lena nasctar an tuairisc ar na gníomhaíochtaí gnó. |
Airteagal 3(5), pointí (a) agus (b) |
||||||||||||||||||
|
2 |
Ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh thréimhse ionchasach 3 bliana an phlean gnó |
Airteagal 3(5), pointí (d) agus (e) |
||||||||||||||||||||
|
3 |
Ríomh ar mhéid agus ar chomhdhéanamh an chúlchiste sócmhainní agus ar a leordhóthanacht chun feidhmiú buan na gceart fuascailte a áirithiú le linn thréimhse ionchasach an phlean gnó. |
Airteagal 3(5), pointe (f) |
||||||||||||||||||||
|
4 |
Faisnéis airgeadais ón am a chuaigh thart ar leibhéal aonair, comhdhlúite agus fo-chomhdhlúite, de réir mar is infheidhme |
Airteagal 3(6) |
||||||||||||||||||||
|
4.1 |
Socruithe rialachais inmheánaigh agus eagrúchán struchtúrach |
1 |
Cairt an struchtúir eagraíochtúil, téarmaí tagartha an chomhlachta bainistíochta, tuairisc ar an líon agus an phróifíl acmhainní daonna agus acmhainní teicneolaíochta atá beartaithe, nós imeachta agus socruithe tuairiscithe, cód iompair, tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
Airteagal 4(1) |
||||||||||||||||||
|
2 |
Ainmneacha agus sonraí teagmhála na soláthraithe seirbhíse tríú páirtí uile agus tuairisc ar gach socrú den sórt sin |
Airteagal 4(2) |
||||||||||||||||||||
|
4.2 |
An creat rialaithe inmheánaigh: gnéithe ginearálta |
1 |
Tuairisc chuimsitheach ar chreat rialaithe inmheánaigh an iarratasóra, lena n-áirítear:
|
Airteagal 5(1), pointe (a) go pointe (d) |
||||||||||||||||||
|
2 |
Míniú ar na socruithe rialachais arna gcur chun feidhme chun deighilt agus leithscaradh leordhóthanach dhualgais na línte gnó agus na n-aonad gnó ó na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus neamhspleáchas na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh a áirithiú. |
Airteagal 5(1), pointe (e) |
||||||||||||||||||||
|
4.3 |
An creat rialaithe inmheánaigh: Bainistiú riosca TFC |
1 |
Tuairisc dhoiciméadaithe ar an gcreat bainistithe riosca TFC, lena n-áirítear córais, prótacail agus uirlisí TFC lena léirítear go gcomhlíonann siad Airteagal 6(1) agus (7) agus Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) |
Airteagal 5(2), pointí (a), (b) agus (c) |
||||||||||||||||||
|
2 |
tuairisc chuimsitheach ar an bpróiseas TFC agus ar na córais TFC lena léirítear an cumas faisnéis agus sonraí iontaofa a sholáthar don eisitheoir is iarratasóir chun tacú le ceanglais tuairiscithe sonraí. |
Airteagal 5(2), pointe (d) |
||||||||||||||||||||
|
3 |
Tuairisc ar an bplean agus ar an mbeartas leanúnachais gnó lena n-áirithítear cumas an eisitheora oibriú ar bhonn leanúnach agus caillteanais a theorannú i gcás go gcuirfí isteach go mór ar an ngnó. |
Airteagal 5(3) |
||||||||||||||||||||
|
4.4 |
Creat rialaithe inmheánaigh – DLT dílseánaigh nó teicneolaíocht chomhchosúil |
1 |
An ndéanann an t-iarratasóir comharthaí sócmhainn-tagartha a eisiúint, a aistriú nó a stóráil i DLT dílseánaigh nó i dteicneolaíocht chomhchosúil arna hoibriú ag an eisitheoir nó ag tríú páirtí atá ag gníomhú thar a cheann? ☐ Déanann ☐ Ní Dhéanann Más ‘Déanann’ an freagra, cuir isteach an fhaisnéis a leagtar amach i bhforéimse 2. |
Airteagal 5(4) |
||||||||||||||||||
|
2 |
An beartas agus an nós imeachta maidir le feidhmiú DLT nó na teicneolaíochta comhchosúla lena gcumhdaítear an méid seo a leanas:
|
Airteagal 5(4), pointí (a) go (e) |
||||||||||||||||||||
|
4.5 |
An creat rialaithe inmheánaigh: AML/CFT |
1 |
I gcás ina mbeartaítear socruithe comhair idir an t-iarratasóir agus soláthraithe sonrach seirbhísí cripteashócmhainní, nó i gcás inar soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní é an t-iarratasóir, tuairisc mhionsonraithe ón soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ar a shásraí agus a nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh i gcomhréir leis na hoibleagáidí faoi Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), nó faoi Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), lena n-áirítear measúnú réamhbhreathnaitheach ar chomhlíonadh leanúnach na n-oibleagáidí sin le haghaidh thréimhse ionchasach phlean gnó an eisitheora is iarratasóir |
Airteagal 5(5) |
||||||||||||||||||
|
5 |
Bainistiú leachtachta, cúlsócmhainní agus cearta fuascailte |
1 |
|
Airteagal 6(1) |
||||||||||||||||||
|
2 |
Ainm an tsainchomhairleora sheachtraigh a bheidh i gceannas ar an iniúchadh neamhspleách ar an gcúlchiste sócmhainní gach 6 mhí |
Airteagal 6(1), pointe (c) |
||||||||||||||||||||
|
3 |
An beartas agus na nósanna imeachta bainistithe leachtachta, na línte tuairiscithe don chomhlacht bainistíochta agus an chaoi a n-áiritheofar freagracht an chomhlachta bainistíochta as bainistiú stuama an chúlchiste sócmhainní |
Airteagal 6(1), an dara fomhír |
||||||||||||||||||||
|
4 |
Beartas agus nósanna imeachta soiléire mionsonraithe lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar na cearta fuascailte i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) 2023/1114, achoimre an phlean téarnaimh atá le forbairt i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2023/1114 agus achoimre ar an bplean fuascailte atá le cur isteach i gcomhréir le hAirteagal 47 den Rialachán sin |
Airteagal 6(2) |
||||||||||||||||||||
|
6 |
Comhaltaí an chomhlachta bainistíochta: céannacht agus cruthúnas ar dhea-cháil, ar eolas, ar scileanna agus ar thaithí |
Faisnéis a áirítear i réimse 6, foréimsí 1-5 atá le cur isteach le haghaidh gach comhalta den chomhlacht bainistíochta |
||||||||||||||||||||
|
1 |
Ainm iomlán, ainm tráth breithe, áit bhreithe agus dáta breithe, seoladh agus sonraí teagmhála na háite chónaithe reatha, náisiúntacht nó náisiúntachtaí, uimhir aitheantais, cóip den chárta aitheantais |
Airteagal 7(1), pointí (a), (b), (c) |
||||||||||||||||||||
|
2 |
Curriculum vitae, lena n-áirítear sonraí faoin bpost atá ag an duine, dáta tosaigh agus fad an tsainordaithe, cur síos ar na príomhdhualgais agus ar na príomhfhreagrachtaí |
Airteagal 7(1), pointe (d) |
||||||||||||||||||||
|
3 |
Stair phearsanta, lena n-áirítear gach ceann díobh seo a leanas, i leith náisiúntacht nó náisiúntachtaí an duine, agus áiteanna cónaithe an duine le 10 mbliana anuas:
|
Airteagal 7(1), pointe (e) |
||||||||||||||||||||
|
4 |
Tuairisc ar gach leas airgeadais agus neamhairgeadais leis an duine a léirítear a dhéanfadh difear ábhartha d’iontaofacht bhraite an chomhalta |
Airteagal 7(1), pointe (f) |
||||||||||||||||||||
|
5 |
Faisnéis maidir le tiomantas ama |
Airteagal 7(1), pointe (g) |
||||||||||||||||||||
|
6 |
Torthaí aon mheasúnú oiriúnachta gach comhalta den bhord Bainistíochta a rinne an t-iarratasóir agus ráiteas maidir le hoiriúnacht chomhchoiteann an chomhlachta bainistíochta |
Airteagal 7(2) agus (3) |
||||||||||||||||||||
|
7 |
Scairshealbhóirí agus comhaltaí ag a bhfuil sealúchais cháilitheacha dhíreacha agus indíreacha san iarratasóir: faisnéis maidir lena ndea-cháil leordhóthanach |
Faisnéis a áirítear i réimsí 7.1 – 7.3 atá le cur isteach maidir le gach scairshealbhóir nó comhalta ag a bhfuil sealúchais cháilitheacha dhíreacha nó indíreacha san iarratasóir |
||||||||||||||||||||
|
1 |
Sainaithint scairshealbhóirí agus comhaltaí: Cairt ina leagtar amach struchtúr sealbhaíochta an iarratasóra agus miondealú ar a chaipiteal agus ar a chearta vótála agus ainmneacha na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí ag a bhfuil sealúchais cháilitheacha |
Airteagal 8, pointe (a) |
||||||||||||||||||||
|
2 |
An áirítear i struchtúr sealbhaíochta an iarratasóra scairshealbhóirí atá ag gníomhú de chomhbheart? ☐ Áirítear ☐ Ní Áirítear |
|
||||||||||||||||||||
|
7.1 |
Faisnéis faoi scairshealbhóirí agus comhaltaí ag a bhfuil sealúchais cháilitheacha dhíreacha nó indíreacha ar daoine nádúrtha iad |
1 |
Faisnéis faoi chéannacht agus ionracas scairshealbhóirí nó comhaltaí díreacha nó indíreacha ar daoine nádúrtha iad:
|
Airteagal 8, pointe (b)(i) |
||||||||||||||||||
|
7.2 |
Faisnéis faoi scairshealbhóirí agus faoi chomhaltaí ag a bhfuil sealúchais cháilitheacha dhíreacha nó indíreacha ar daoine dlítheanacha iad |
1 |
Faisnéis faoi chéannacht agus ionracas scairshealbhóirí nó comhaltaí díreacha nó indíreacha ar daoine dlítheanacha iad:
|
Airteagal 8, pointe (b)(ii) |
||||||||||||||||||
|
7.3 |
Faisnéis is coiteann do scairshealbhóirí agus do chomhaltaí ag a bhfuil sealúchais cháilitheacha dhíreacha nó indíreacha ar daoine nádúrtha nó dlítheanacha iad |
1 |
Céannacht agus faisnéis maidir le comhaltaí chomhlacht bainistíochta an iarratasóra a cheap nó a cheapfaidh an scairshealbhóir nó an comhalta ag a bhfuil sealúchais cháilitheacha |
Airteagal 8, pointe (c) |
||||||||||||||||||
|
2 |
Faisnéis faoin sealúchas cáilitheach (an líon agus an cineál scaireanna nó sealúchas eile atá suibscríofa, an luach ainmniúil, aon phréimh a íocadh nó atá le híoc, aon leas urrúis nó eirí a cruthaíodh thar na scaireanna nó na sealúchais eile sin, lena n-áirítear céannacht na bpáirtithe urraithe). |
Airteagal 8, pointe (d) |
||||||||||||||||||||
|
3 |
Faisnéis faoina bhfuil beartaithe maidir leis an sealúchas cáilitheach (infheistíocht straitéiseach, bainistiú punainne) Faisnéis maidir le gníomhaíochtaí i gcomhar le páirtithe eile, lena n-áirítear ranníocaíocht na bpáirtithe eile sin le maoiniú Inneachar éadála beartaithe chomhaontuithe beartaithe na scairshealbhóirí a bhaineann le rialachas an eisitheora le scairshealbhóirí eile i ndáil leis an sprioc-eintiteas |
Airteagal 8, pointe (e) |
||||||||||||||||||||
|
4 |
Faisnéis maidir le maoiniú éadáil an tsealúchais cháilithigh agus ghnó an iarratasóra chun a thionscnamh dlisteanach a chruthú, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/413. |
Airteagal 8, pointe (f) |
||||||||||||||||||||
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1125 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis in iarratas ar údarú chun comharthaí sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal nó chun a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála (IO L, 2025/1125, dd.mm.yyyy, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1125/oj).
(2) Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/1132/oj).
(3) Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27/12/2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj).
(4) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/849/oj).
(5) Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1113/oj).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/413 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear inneachar mionsonraithe na faisnéise is gá chun measúnú a dhéanamh ar éadáil bheartaithe sealúchais cháilithigh in eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha (IO L, 2025/413, 31.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/413/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1126/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)