Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1106

Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena mbunaítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

ST/7926/2025/INIT

IO L, 2025/1106, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1106/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1106/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1106

28.5.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/1106 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Bealtaine 2025

lena mbunaítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is dúshlán eiseach don Aontas Eorpach é cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus a iarmhairtí maidir le slándáil na hEorpa agus an tslándáil dhomhanda.

(2)

Chun freagairt don dúshlán sin, sna conclúidí uaithi an 6 Márta 2025, chuir an Chomhairle Eorpach i bhfios go láidir, ag meabhrú di Dearbhú Versailles an 11 Márta 2022 agus an Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint a formheasadh an 21 Márta 2022, nach mór don Eoraip a bheith níos ceannasaí, níos freagraí as a cosaint féin agus níos ullmhaithe chun gníomhú agus chun feidhmiú go neamhspleách d’fhonn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus bagairtí, i láthair na huaire agus amach anseo. Ag an gComhairle Eorpach sin, gheall na Ballstáit uile a n-ullmhacht cosanta fhoriomlán a threisiú, spleáchais straitéiseacha a laghdú, aghaidh a thabhairt ar easnaimh chumais chriticiúla agus bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí (EDTIB) a neartú dá réir sin ar fud an Aontais ionas go mbeidh an tAontas in ann trealamh a sholáthar ar bhealach níos fearr sna cainníochtaí a bhfuil gá leo agus ar an luas brostaithe a bhfuil gá leis.

(3)

An 18 Bealtaine 2022 chuir an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i láthair Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir leis an Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh, inar cuireadh i dtábhacht gurb ann do bhearnaí airgeadais, tionsclaíocha agus cumais i réimse na cosanta laistigh den Aontas.

(4)

An 20 Iúil 2023, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/1525 (1) maidir le tacú le táirgeadh armlóin (ASAP), arb é is aidhm dó borradh a chur faoi thacaíocht phráinneach d’acmhainneachtaí monaraíochta thionscal cosanta na hEorpa, slabhraí soláthair a dhaingniú, nósanna imeachta éifeachtúla soláthair a éascú, aghaidh a thabhairt ar easnaimh in acmhainneachtaí táirgeachta, agus infheistíochtaí a chur chun cinn.

(5)

An 18 Deireadh Fómhair 2023 ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/2418 (2) maidir le hionstraim a bhunú chun tionscal cosanta na hEorpa a atreisiú trí sholáthar comhoibríoch (EDIRPA), arb é is aidhm dó an comhar a mhéadú i measc na mBallstát le linn chéim an tsoláthair cosanta chun na bearnaí is práinní agus is criticiúla i stoic na mBallstát a dhruidim ar bhealach comhoibríoch, go háirithe na bearnaí sin a cruthaíodh leis an bhfreagairt ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

(6)

Sna conclúidí uaithi an 14 agus 15 Nollaig 2023, chuir an Chomhairle Eorpach i dtábhacht, tar éis di an obair a bhreithniú a rinneadh chun dearbhú Versailles agus an Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint a chur chun feidhme, gur gá níos mó a dhéanamh chun cuspóirí an Aontais maidir le hullmhacht cosanta a mhéadú. Measadh gur réamhriachtanas é tionscal cosanta láidir chun an ullmhacht sin a bhaint amach agus chun an tAontas a chosaint, agus chuige sin, gur ghá an tionscal cosanta Eorpach a bheith níos athléimní, níos nuálaí agus níos iomaíche.

(7)

An 5 Márta 2024 ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus creat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú (‘EDIP’)chun cur leis an taithí atá faighte i gcomhthéacs Rialacháin (AE) 2023/2418 agus (AE) 2023/1525 agus chun a loighic a leathnú d’fhonn peirspictíocht níos fadtéarmaí agus níos struchtúrtha a bhaint amach.

(8)

Ó bhí tús 2025 ann, áfach, tá meath mór tagtha ar chomhthéacs slándála an Aontais, rud a bhaineann, ní hamháin le bagairt leanúnach na Rúise agus lena haistriú treisithe chuig geilleagar cogaidh agus le héabhlóid an chogaidh san Úcráin, ach le héiginnteachtaí freisin a eascraíonn as staid gheopholaitiúil a theacht chun cinn inar gá don Aontas dlús mór a chur lena iarrachtaí maidir lena chosaint a áirithiú go neamhspleách. Leis an meath sin a tharla le déanaí méadaíodh leibhéal na bagartha ar an Aontas agus éilítear ar na Ballstáit, mar ábhar éigeandála, caiteachas poiblí ollmhór a sheoladh chun Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí a uas-scálú. Mar thoradh air sin, tá méadú ag teacht ar an ngá dlús a chur, de mheon dlúthpháirtíochta, le tacaíocht ón Aontas a thabhairt do na Ballstáit sin ar dócha go mbeidh deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ngeall ar na hinfheistíochtaí poiblí ollmhóra a bhfuil gá leo, rud a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar a staid eacnamaíoch. I bhfianaise na mbagairtí ar theorainneacha talún, aeir agus muirí an Aontais agus, dá ndeasca sin, an ghá dul i mbun infheistíochtaí poiblí ollmhóra, is ríthábhachtach í an dlúthpháirtíocht sin go háirithe do na Ballstáit sin is mó atá neamhchosanta ar bhagairtí míleata. I ndáil leis an méid sin, is iad na bagairtí ón Rúis agus ón mBealarúis lena bhfuil práinn agus ábharthach ar leith ag baint. Mar gheall ar an tréimhse a bhfuil gá léi chun táirgí a fhorbairt agus chun a áirithiú go gcuirfear borradh faoin acmhainneacht táirgeachta thionsclaíoch chomhfhreagrach ar fud an Aontais, tá sé ríthábhachtach anois don Aontas tús a chur le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit sin a luaithe is féidir ionas gur féidir leo orduithe a dhéanamh go han-tapa, rud a mhéadaíonn intuarthacht le haghaidh earnáil thionsclaíoch na cosanta, agus a dhéanann í a dhreasú chun infheistíocht a dhéanamh, sa ghearrthéarma, i neartú na n-acmhainneachtaí táirgeachta.

(9)

Maidir leis an méid a cheanglaítear ar na Ballstáit a n-infheistíochtaí in acmhainneachtaí táirgeachta tionsclaíche cosanta a mhéadú agus a thapa a cheanglaítear orthu an méadú sin a dhéanamh, is dócha go mbeidh tionchar mór acu sin ar airgeadas poiblí na mBallstát, tráth a bhfuil brú fós ar bhuiséid roinnt Ballstát.

(10)

De bharr na staide eisceachtúla sin, nárbh iad na Ballstáit ba chúis léi agus nach bhfuil neart acu uirthi, tá údar maith ag an Aontas le bearta práinneacha a dhéanamh chun ionstraim sealadach a bhunú a mbeidh sé d’aidhm aici cúnamh airgeadais a chur ar fáil, i bhfoirm na hIonstraime um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (‘ionstraim SAFE’), do na Ballstáit sin ar mian leo infheistíocht a dhéanamh i dtáirgeadh tionsclaíoch cosanta.

(11)

Le hionstraim SAFE, ba cheart infheistíochtaí poiblí práinneacha móra sa tionscal cosanta Eorpach a chumasú, arb é is aidhm don infheistíocht sin a acmhainneacht táirgeachta a mhéadú go tapa, feabhas a chur ar infhaighteacht thráthúil táirgí cosanta, agus dlús a chur lena athruithe struchtúracha agus oiriúnú do na hathruithe sin. Ós rud é gur freagairt eisceachtúil sealadach é an Rialachán seo ar dhúshlán práinneach eiseach, níor cheart an cúnamh airgeadais a sholáthraítear faoi a chur ar fáil ach amháin chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí eacnamaíocha díobhálacha na staide slándála atá ag dul in olcas agus ar riachtanais láithreacha soláthair na mBallstát chun rannchuidiú le hullmhacht thionsclaíoch cosanta mhéadaithe Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí. Ba cheart an Ionstraim seo a bheith mar chuid d’iarracht fhoriomlán, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, chun níos mó acmhainní a chur ar fáil d’infheistíochtaí tionsclaíocha cosanta chun freagairt ar an staid ghéarchéime a eascraíonn as na bagairtí slándála atá ann faoi láthair. Ba cheart dul sa tóir ar bhearta breise ag an am céanna, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, chun tacú leis an iarracht sin, lena n-áirítear an tsolúbthacht atá ann cheana faoi chuimsiú an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú.

(12)

Ba cheart do na Ballstáit an cúnamh airgeadais faoi ionstraim SAFE a chur chun feidhme ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis na tosaíochtaí maidir le cumas cosanta arna gcomhaontú go comhchoiteann ag na Ballstáit faoi chuimsiú an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES), le comhar na mBallstát faoi chuimsiú an Bhuanchomhair Struchtúrtha arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle (3), le tionscnaimh agus tionscadail na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint, agus le cúnamh sibhialta agus míleata an Aontais don Úcráin. Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar na gníomhaíochtaí ábhartha a dhéanann Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), go háirithe cuspóirí cumais ECAT, agus comhpháirtithe eile i gcás ina bhfónann na gníomhaíochtaí sin do leasanna slándála agus cosanta an Aontais.

(13)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an cúnamh airgeadais faoi ionstraim SAFE a úsáid i sineirgíocht le cláir eile de chuid an Aontais atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, go háirithe chun gníomhaíochtaí sonracha a chómhaoiniú. San am céanna, le cláir an Aontais a thacaíonn le comhar i réimse an tsoláthair cosanta nó a dhíríonn ar thacaíocht níos ginearálta a thabhairt d’iomaíochas Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí, d’fhéadfaí foráil shonrach a dhéanamh maidir le tacaíocht bhreise ón Aontas. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag an tacaíocht bhreise sin maidir le soláthar comhoibríoch a thairbheodh den chúnamh airgeadais faoi ionstraim SAFE, nó maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a bhfuil baint acu leis an soláthar sin chun borradh tionsclaíoch comhfhreagrach a spreagadh agus chun tionchar ionstraim SAFE ar Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí a threisiú a thuilleadh.

(14)

Chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an fhaisnéis a sholáthraítear faoin Rialachán seo a chur san áireamh, go háirithe chun cur chun feidhme an chúnaimh airgeadais a thuairisciú, faoi chuimsiú na gclár ábhartha agus go háirithe na cláir sin a thacaíonn leis an gcomhar i réimse an tsoláthair chomhoibríoch. Chuideodh sé sin leis na coinníollacha a shimpliú chun iarratas a dhéanamh ar thacaíocht airgeadais.

(15)

Mar thoradh ar easpa comhair idir na Ballstáit, tá neamhéifeachtúlachtaí agus an iomarca córas cosanta den chineál céanna laistigh den Aontas, rud a bhaineann an bonn den chuspóir críoch an Aontais a chosaint, a shaothraítear leis na hinfheistíochtaí náisiúnta comhfhreagracha, agus a bhfuil ilroinnt agus oibríochtaí fo-scála codanna nach beag de Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí mar thoradh air freisin. Chun aghaidh a thabhairt ar an staid sin, ba cheart do na Ballstáit is tairbhithe an cúnamh airgeadais a sholáthraítear faoin Rialachán seo a úsáid chun soláthairtí comhoibríocha a dhéanamh. Ba cheart na gníomhaíochtaí, an caiteachas agus na bearta incháilithe a mhaoinítear trí sholáthar comhoibríoch cosanta baint a bheith acu leis an gcéad liosta de réimsí tosaíochta arna sainaithint ag an gComhairle Eorpach, agus na ceachtanna a foghlaimíodh ón gcogadh san Úcráin á gcur san áireamh, i gcomhréir leis an obair atá déanta cheana faoi chuimsiú na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint agus ar bhealach atá go hiomlán comhleanúnach le ECAT: armlón agus diúracáin; córais airtléire, lena n-áirítear cumais domhain-ionsaithe ardbheachtais; cumais talamhchomhraic agus a gcórais tacaíochta, lena n-áirítear trealamh saighdiúra agus airm coisithe; cosaint an bhonneagair chriticiúil; an cibearspás; soghluaisteacht mhíleata lena n-áirítear frith-shoghluaisteacht; córais aerchosanta agus frithdiúracán; cumais dromchla mhuirí agus faoi uisce; ladrainn agus córais frith-ladrann; cumasóirí straitéiseacha, ar nós aertharlú straitéiseach, athbhreoslú san aer agus córais C4ISTAR chomh maith le sócmhainní agus seirbhísí spáis, ach gan a bheith teoranta dóibh sin; cosaint sócmhainní spáis; an intleacht shaorga agus an chogaíocht leictreonach. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na soláthairtí comhoibríocha sin dlús a chur leis an gcoigeartú ar athruithe struchtúracha ar acmhainneacht táirgeachta táirgí cosanta, rud a áiritheoidh idir-inoibritheacht agus idirmhalartacht ar fud an Aontais, comhar a dhreasú le linn chéim an tsoláthair, tacú leis an méadú ar an acmhainneacht táirgeachta, agus an bonneagar, an trealamh agus na seirbhísí lóistíochta gaolmhara a fhorbairt agus a fháil.

(16)

Chun bonn tionsclaíoch an Aontais a threisiú go práinneach ar bhealach éifeachtúil uathrialach, i bhfianaise éabhlóid na staide geopholaitiúla le déanaí agus na bagartha eisceachtúla ar shlándáil an Aontais agus a Bhallstát, agus ar an gcaoi sin, chun éifeachtúlacht agus breisluach an chúnaimh airgeadais a dheonófar faoi ionstraim SAFE a mhéadú, ba cheart coinníollacha incháilitheachta a bhunú leis an Rialachán seo maidir leis an úsáid a bhaineann na Ballstáit as an gcúnamh airgeadais. Dá bhrí sin, conraitheoirí agus fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an soláthar comhoibríoch faoi ionstraim SAFE, ba cheart iad a bheith bunaithe san Aontas agus ba cheart a struchtúir bhainistíochta feidhmiúcháin a bheith acu san Aontas, i gcomhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Stáit CSTE LEE’) nó san Úcráin, agus, chun críocha an tsoláthair chomhoibríoch, ba cheart dóibh bonneagar, saoráidí, sócmhainní nó acmhainní a úsáid atá lonnaithe ar chríoch Ballstáit, Stát CSTE LEE nó na hÚcráine. Chun a áirithiú nach sáróidh conraitheoirí agus fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an soláthar comhoibríoch leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát, níor cheart iad a bheith á rialú ag tríú tíortha ná ag eintitis tríú tír. Sa chomhthéacs sin, ba cheart rialú a thuiscint mar an cumas tionchar cinntitheach a imirt ar eintiteas dlítheanach, go díreach nó go hindíreach, trí eintiteas dlítheanach idirmheánach amháin nó níos mó. Is iad na Ballstáit atá rannpháirteach sa soláthar a fhaigheann tacaíocht ó ionstraim SAFE atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha incháilitheachta.

(17)

In imthosca áirithe, ba cheart a bheith in ann maolú ar an bprionsabal go n-úsáideann na conraitheoirí agus na fochonraitheoirí a bhfuil baint acu le soláthar comhoibríoch bonneagar, saoráidí, sócmhainní nó acmhainní atá lonnaithe ar chríoch Ballstáit, Stát CSTE LEE nó na hÚcráine, agus nach bhfuil siad faoi réir rialú ag tríú tíortha ná ag eintitis tríú tír. Sna himthosca sin, eintiteas dlítheanach atá bunaithe san Aontas, i Stát LEE CSTE nó san Úcráin agus a úsáideann bonneagar, saoráidí, sócmhainní nó acmhainní atá lonnaithe lasmuigh de chríoch Ballstáit, Stát LEE CSTE nó na hÚcráine, agus/nó atá á rialú ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír, ba cheart dó a bheith in ann a bheith rannpháirteach ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha dochta maidir le leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát, mar a bhunaítear faoi chuimsiú CBES de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

(18)

Eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas, i Stáit CSTE LEE nó san Úcráin, agus atá á rialú ag tríú tír nach í an Úcráin ná Stát CSTE LEE (‘tríú tír eile’) í nó ag eintiteas tríú tír eile, i gcás ina gceadaítear sin, ba cheart iad a bheith incháilithe chun bheith rannpháirteach sa soláthar comhoibríoch má rinneadh scagadh orthu de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus, i gcás inar gá, faoi réir bearta maolaithe iomchuí, nó má chuirtear ráthaíochtaí, mar a leagtar amach sa Rialachán seo iad agus arna bhformheas i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta an Bhallstáit, Stát CSTE LEE nó na hÚcráine, ina bhfuil siad bunaithe, ar fáil don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún teimpléad caighdeánaithe simplí a mholadh le haghaidh na ráthaíochtaí chun an t-ualach riaracháin a laghdú. Níor cheart na ráthaíochtaí sin a eisiúint ach amháin ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha dochta maidir le leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát, mar a bhunaítear faoi chuimsiú CBES de bhun Theideal V CAE.

(19)

Chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta ó Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí a áirithiú agus chun dlús a chur lena chur in oiriúint d’athruithe struchtúracha, agus ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chúnaimh airgeadais a dheonaítear a threisiú, tá sé tábhachtach íoscheanglais a bhunú maidir leis an luach a ghintear laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglas a bheith i gconarthaí soláthair chomhoibríoch nach airde costas na gcomhpháirteanna nach de thionscnamh an Aontais, Stát CSTE LEE agus na hÚcráine iad ná 35 % de chostas measta chomhpháirteanna an táirge deiridh. D’fhéadfadh an Coimisiún treoir a bhunú chun an céatadán sin a ríomh.

(20)

Leis na critéir incháilitheachta, ba cheart na slabhraí soláthair atá ann cheana agus an comhar tionsclaíoch le comhpháirtithe nach de chuid an Aontais iad a chur san áireamh agus ba cheart a bheith in ann na ceanglais chumais a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart soláthar comhoibríoch, lena mbaineann fochonraitheoirí dá leithdháiltear idir 15 % agus 35 % de luach an chonartha, agus nach bhfuil bunaithe nó nach bhfuil a struchtúir bhainistíochta feidhmiúcháin san Aontas, i Stát CSTE LEE nó san Úcráin, a bheith incháilithe.

(21)

I gcás táirgí áirithe a bhaineann le cosaint nach bhfuil a mbunteicneolaíochtaí ar fáil go forleathan san Aontas, agus a bhféadfadh sé a bheith deacair táirgí eile a chur ina n-ionad ar mórscála, ba cheart coinníollacha breise a bheith ina gceanglas chun saoirse fhórsaí armtha na mBallstát a áirithiú maidir leis na táirgí sin gan teorainneacha arna bhforchur ag tríú tíortha. Dá bhrí sin, i gcás na dtáirgí consanta sin, ba cheart an cumas a bheith ag an gconraitheoir nó ag cuibhreannas conraitheoirí cinneadh a dhéanamh, gan aon srian a bheith á fhorchur ar tríú tíortha nó ag eintitis tríú tíortha, maidir le sainmhíniú, oiriúnú nó éabhlóid dhearadh na dtáirgí cosanta arna soláthar, lena n-áirítear an t-údarás dlíthiúil na comhpháirteanna sin atá faoi réir srianta a ionadú nó a bhaint, ar srianta iad arna bhforchur ag tríú tíortha nó ag einitis tríú tíortha.

(22)

Le coinníollacha incháilitheachta ionstraim SAFE, saothraítear an cuspóir dlús a chur láithreach le hacmhainneachtaí monaraíochta thionscal cosanta an Aontais, agus san am céanna, an tsolúbthacht a bhfuil gá léi a cheadú agus idirnáisiúnú na slabhraí soláthair le haghaidh táirgí agus teicneolaíochtaí ábhartha á chur san áireamh. Chomh maith le Stáit CSTE LEE agus an Úcráin, ba cheart foráil a dhéanamh le hionstraim SAFE freisin maidir leis an bhféidearthacht do thíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, mar aon le tríú tíortha a bhfuil Comhpháirtíocht Slándála agus Chosanta (Ionstraim Neamhcheangailteach) tugtha i gcrích ag an Aontas leo, páirt a ghlacadh i soláthairtí comhoibríocha faoina chreat.

(23)

Le comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha a dhéanann bearta comhair eacnamaíoch, airgeadais nó theicniúil, lena n-áirítear bearta cúnaimh, idir an tAontas agus ceann amháin nó níos mó de na tríú tíortha sin atá ar aon intinn, seachas an Úcráin agus Stáit CSTE LEE, ba cheart do chonraitheoirí agus d’fhochonraitheoirí atá bunaithe sna tíortha sin a bheith in ann a bheith rannpháirteach i soláthairtí comhoibríocha faoi ionstraim SAFE, i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha atá le sainiú sna comhaontuithe sin. Leis na comhaontuithe sin, níor cheart amhras a tharraingt ar incháilitheacht na dtáirgí a chomhlíonann an ceanglas nach airde ná 35 % de chostas measta chomhpháirteanna an táirge deiridh é costas na gcomhpháirteanna nach de thionscnamh an Aontais, Stát CSTE LEE agus na hÚcráine iad.

(24)

Ach Aontas níos láidre agus níos cumasaí a bheith ann i réimse na slándála agus na cosanta, cuirfear leis an tslándáil dhomhanda agus thrasatlantach, agus comhlánófar ECAT, arb é i gcónaí é, ag na Stáit sin atá ina gcomhaltaí de, bunchloch a gcosanta comhchoitinne. Tá an tAontas tiomanta don chomhar trasatlantach agus don rannpháirtíocht thrasatlantach maidir leis an tslándáil agus an chosaint a neartú agus a dhoimhniú a thuilleadh, d’fhonn an idir-inoibritheacht a fheabhsú, leanúint den chomhar tionsclaíoch, agus rochtain chómhalartach ar theicneolaíochtaí úrscothacha idir comhpháirtithe iontaofa a áirithiú, agus, bonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch na cosanta Eorpaí a threisiú freisin. Ba cheart don Rialachán rannchuidiú leis na haidhmeanna sin.

(25)

Ba cheart do na Ballstáit ar mian leo cúnamh airgeadais a fháil faoi ionstraim SAFE iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin, a mbeidh plean infheistíochta um an tionscal cosanta Eorpach ag gabháil léi (an ‘plean’). Chun ullmhú pleananna a éascú, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit dul i mbun malartuithe d’fhonn leithdháiltí sealadacha na méideanna iasachta a shainaithint. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na hiarrataí uile arna dtíolacadh ag na Ballstáit. Agus na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh leis na pleananna á fhíorú aige, ba cheart don Choimisiún saineolas GEC nó Fhoireann Mhíleata an Aontais a iarraidh, i gcás inarb iomchuí. Le linn ullmhú na bpleananna, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit dul i dteagmháil leis an gCoimisiún chun a ndréachtphleananna a choigeartú sula dtíolacfar iad. Le linn chur chun feidhme na bpleananna, i gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíonann na pleananna na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit na pleananna sin a leasú. Ba cheart don Choimisiún na méideanna iasachta a leithdháileadh ar na Ballstáit lena mbaineann trí phrionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta a chur i bhfeidhm, go háirithe más airde suim na hiasachta a iarradh ná uasmhéid iomlán an chúnaimh airgeadais atá ar fáil faoi ionstraim SAFE. Ba cheart na hiasachtaí a leithdháileadh i measc na mBallstát a dhéanann iarratas orthu i gcomhréir le prionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta. Ba cheart tuairisc a thabhairt sna pleananna ar bhearta chun athléimneacht earnáil thionsclaíoch cosanta na hEorpa a neartú, go háirithe trí rochtain ar an margadh cosanta a éascú do FBManna, do chuideachtaí meánchaipitlithe agus do ghníomhaithe nua i réimse na cosanta.

(26)

I bhfianaise a thábhachtaí atá na héifeachtaí airgeadais a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit faoin Rialachán seo agus i bhfianaise an ghá atá ann a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht ann idir réimsí éagsúla ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus an beartas eacnamaíoch, agus an ról sonrach a iarrtar ar an gComhairle a fheidhmiú sna réimsí sin á chur san áireamh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle sna cásanna a shainaithnítear leis an Rialachán seo.

(27)

Chun cur chun feidhme an phlean a éascú, ba cheart don Choimisiún agus do gach Ballstát lena mbaineann socrú oibríochtúil a dhéanamh lena ngabhfaidh mionsonraí maidir le heisíoc an chúnaimh airgeadais, lena n-áirítear sceideal sealadach eisíocaíochta, agus ba cheart dóibh comhaontú iasachta a shíniú ina mbeidh téarmaí mionsonraithe na tacaíochta iasachta faoi ionstraim SAFE. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le réamh-mhaoiniú 15 % chun go bhféadfar cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí, an chaiteachais agus na mbeart faoi ionstraim SAFE a thosú go mear.

(28)

Is iomchuí an cúnamh airgeadais a eagrú faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 224 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (‘an Rialachán Airgeadais’) agus faoin modh cistiúcháin aonair seanbhunaithe, a meastar go bhfeabhsóidh sé leachtacht bhannaí an Aontais agus tarraingteacht agus costéifeachtacht eisiúintí an Aontais. Ba cheart fad uasta, suas le 45 bliana ar a mhéad, a bheith ag gabháil leis na hiasachtaí lena n-aisíoc. D’fhéadfadh tréimhse chairde, 10 mbliana i bprionsabal, a bheith i gceist maidir leis na haisíocaíochtaí príomhshuime. Ar chúiseanna stuamachta a bhaineann le bainistiú na punainne iasachtaí, maidir le sciar na n-iasachtaí a dheonaítear do na trí Bhallstát lena mbaineann an sciar is mó de na hiasachtaí a dheonaítear, níor cheart an sciar sin a bheith níos mó ná 60 % den chúnamh airgeadais uasta ó ionstraim SAFE.

(29)

Chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an gcúnamh airgeadais atá ar fáil, i gcásanna ina mbeidh méideanna airgeadais fós ar fáil tar éis cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a ghlacadh de bhun an Rialacháin seo, is iomchuí go bhfoilseodh an Coimisiún glao nua ar léiriú spéise. Sa chás sin, ba cheart feidhm a bheith ag na nósanna imeachta a leagtar amach le haghaidh na hiarrata ar chúnamh airgeadais, faoi réir na n-oiriúnuithe is gá, go háirithe i ndáil leis na spriocdhátaí gaolmhara agus i bhfianaise gur cheart leasú ar an bplean a thíolacadh.

(30)

Ba cheart baint a bheith ag dhá thír rannpháirteacha ar a laghad, ar Ballstáit, Stáit CSTE LEE nó an Úcráin iad, le soláthairtí comhoibríocha, agus ba cheart tír amháin díobh sin ar a laghad a bheith ina Ballstát a thairbhíonn de thacaíocht iasachta faoi ionstraim SAFE. Ina theannta sin, ba cheart cead a bheith ag tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, agus tríú tíortha eile a bhfuil Comhpháirtíocht Slándála agus Chosanta (Ionstraim neamhcheangailteach) tugtha i gcrích ag an Aontas leo, páirt a ghlacadh i soláthairtí comhoibríocha a dhéantar le Ballstát a bhfuil tacaíocht á fáil aige ón gcúnamh airgeadais faoi ionstraim SAFE. Féadfar a áireamh le soláthar comhoibríoch conarthaí soláthair atá ann cheana lena gcomhlíontar na coinníollacha céanna. Ba cheart soláthairtí arna ndéanamh ag Ballstát amháin a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta freisin nuair a shínítear conradh tráth nach déanaí ná an 30 Bealtaine 2026, ar choinníoll go ndéanfaidh an Ballstát sin gach beart is gá, a bheidh le comhaontú sa socrú oibríochtúil, chun tairbhe an chonartha sin a leathnú trí theagmháil ghníomhach a dhéanamh le Ballstáit eile, le stáit CSTE LEE agus leis an Úcráin chomh maith le tíortha is iarrthóirí, tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí ionchasacha, nó tríú tíortha eile a bhfuil Comhpháirtíocht Slándála agus Cosanta déanta ag an Aontas leo. Maidir le Stáit CSTE LEE agus an Úcráin a áireamh i measc na dtíortha a fhéadfaidh a bheith san íoslíon a bhfuil gá leis le haghaidh soláthar comhoibríoch, tá bonn cirt leis an méid sin mar gheall ar dhlúth-chomhpháirtíocht gach ceann de na tíortha sin leis an Aontas i dtáirgeadh cosanta tionsclaíche agus toisc go bhfuil ar an Úcráin aghaidh a thabhairt go díreach ar chogadh foghach leanúnach na Rúise. Moltar do na Ballstáit freisin tuilleadh tacaíochta a thabhairt don Úcráin leis an trealamh a sholáthraítear le cúnamh airgeadais ó ionstraim SAFE. Le rannpháirtíocht na dtríú tíortha sin i soláthairtí comhoibríocha arna ndámhachtain do Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí nó do Bhonn Tionsclaíoch Cosanta agus Teicneolaíochta na hÚcráine nó Stáit CSTE LEE, ba cheart cuidiú le leibhéal comhiomlánaithe an éilimh a mhéadú a bhfuil gá leis chun an acmhainneacht thionsclaíoch a uas-scálú. Thacódh sé freisin le hidir-inoibritheacht na gcóras agus na dtáirgí arna gcur in úsáid ag na comhpháirtithe is dlúithe de chuid an Aontais sa réimse seo agus, san am céanna, d’fhéadfadh sé cur ar chumas na mBallstát rannpháirteach praghsanna níos fearr a chinntiú.

(31)

Le Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), leagtar creat reachtach amach maidir le nósanna imeachta soláthair a chomhordú i dtaca le conarthaí a dhámhachtain i réimsí na cosanta agus na slándála, agus riachtanais slándála na mBallstát agus na hoibleagáidí a eascraíonn as an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) á gcur san áireamh. Leagtar amach sa Treoir sin rialacha sonracha is infheidhme i gcásanna práinne de dheasca géarchéime, amhail na tréimhsí chun tairiscintí a fháil a ghiorrú agus an fhéidearthacht úsáid a bhaint as an nós imeachta idirbheartaíochta gan iarratas ar thairiscintí a fhoilsiú roimh ré. Chun feabhas a chur ar a éifeachtaí atá ionstraim SAFE maidir le haghaidh a thabhairt, de mheon na dlúthpháirtíochta, ar an staid éigeandála a eascraíonn as éabhlóid na staide geopholaitiúla, is gá infheistíochtaí ollmhóra a sheoladh i mBonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí a luaithe is féidir.

(32)

Chun na críche sin, ba cheart éascaíocht a dhéanamh ar dhámhachtain conarthaí bunaithe ar sholáthairtí comhoibríocha a bhaineann le haon Bhallstát amháin ar a laghad a bhfuil tacaíocht á fáil aige ón gcúnamh airgeadais faoi ionstraim SAFE. Leis na tréimhsí a leagtar síos i dTreoir 2009/81/CE, lena n-áirítear na tréimhsí giorraithe a leagtar amach in Airteagal 33(7) den Treoir sin, ní sholáthraítear solúbthacht leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar phráinn na géarchéime atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, na Ballstáit a dhéanann soláthairtí comhoibríocha agus úsáid á baint acu as an gcúnamh a sholáthraítear faoi ionstraim SAFE, ba cheart a mheas go bhfuil siad i staid phráinne de dheasca géarchéime, rud a thugann údar le nós imeachta idirbheartaíochta a úsáid gan iarratas ar thairiscintí a fhoilsiú roimh ré mar a fhoráiltear i dTreoir 2009/81/CE. Thairis sin, i bhfianaise na práinne atá ann de bharr na staide géarchéime reatha lena n-éilítear infheistíochtaí láithreacha ollmhóra i EDTIB chun leasanna slándála na mBallstát atá rannpháirteach i soláthairtí agus a bhfuil tacaíocht á fáil acu ó ionstraim SAFE a chosaint, is gá freisin go mbeifear in ann creat-chomhaontú nó conradh atá ann cheana a oscailt d’údaráis chonarthacha na mBallstát nach raibh ina bpáirtithe sa creat-chomhaontú nó sa chonradh sin ar dtús, fiú mura ndearna foráil sa chreat-chomhaontú nó sa chonradh do rogha mar sin, ar choinníoll go bhfaighfear toiliú roimh ré ón ngnóthas a thug an creat-chomhaontú nó an conradh i gcrích.

(33)

Féachann ionstraim SAFE le tacú le leas sáraitheach na slándála poiblí trí bheith ag gabháil le hiarrachtaí airgeadais na mBallstát chun a áirithiú, trí Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí a uas-scálú, go mbeidh infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta ann, chun go mbeidh na Ballstáit ullamh le haghaidh aon chineál ionsaithe. Trí choinníollacha incháilitheachta a úsáid, is é is aidhm di tacú le hiomaíochas agus ullmhacht thionsclaíoch Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí, nithe a bhfuil gá leo chun feabhas a chur ar chumas na mBallstát críoch an Aontais agus a Bhallstát a chosaint ar bhealach éifeachtúil uathrialach. Saothraítear cuspóir coimhdeach léi freisin, mar atá, leibhéal idir-inoibritheachta táirgí cosanta a mhéadú trí sholáthar comhoibríoch a úsáid. Chun tacú leis na hiarrachtaí sin, is iomchuí, de mheon na dlúthpháirtíochta agus chun a áirithiú go mbeidh inbhuanaitheacht airgeadais ag baint leis an iarracht a bhfuil gá léi chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí tromchúiseacha i ndáil le hinfhaighteacht táirgí cosanta, bearta a dhéanamh ionas nach mbeidh gá le cánacha ar an gcaiteachas sin a mhaoiniú roimh ré. Ba cheart, dá bhrí sin, táirgí cosanta a fhaightear faoi sholáthairtí a fhaigheann tacaíocht ó ionstraim SAFE a dhíolmhú ón gcáin bhreisluacha (CBL), trí dhíolúine ó CBL is infheidhme faoi Threoir 2006/112/CE (7) a thabhairt isteach. Ba cheart an díolúine sin a bheith spriocdhírithe agus níor cheart feidhm a bheith aici ach amháin maidir leis na soláthairtí arna ndéanamh chun críocha conarthaí a eascraíonn as soláthairtí faoi ionstraim SAFE.

(34)

Tá an tAontas lántiomanta fós don dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta. Bearta a meastar a bhfuil gá leo a ghlactar faoin Rialachán seo, lena n-áirítear na bearta sin is gá chun ganntanais chriticiúla a chosc nó a mhaolú, ba cheart iad a chur chun feidhme ar bhealach spriocdhírithe, trédhearcach, comhréireach agus sealadach, a bheidh comhsheasmhach le hoibleagáidí EDT.

(35)

Ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 322 den CFAE, go háirithe an Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint

(36)

Tá an Rialachán seo gan dochar don dlí idirnáisiúnta is infheidhme lena dtoirmisctear táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta áirithe a úsáid, a fhorbairt nó a tháirgeadh.

(37)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a bheith in ann dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide chun infheictheacht mhaoiniú an Aontais a áirithiú agus, i gcás inarb iomchuí, chun a áirithiú go ndéanfar an tacaíocht a sholáthraítear faoi ionstraim SAFE a chur in iúl agus a aithint go cuí trí ráiteas cistiúcháin.

(38)

Tá an Rialachán seo gan dochar don fhreagracht iomlán atá ar gach Ballstát as a shlándáil náisiúnta féin, mar a fhoráiltear in Airteagal 4(2) CAE, agus don cheart atá ag gach Ballstát a leasanna bunúsacha slándála a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 346 den CFAE.

(39)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar do cháilíocht shonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe.

(40)

Chun go bhféadfar tús a chur le cur chun feidhme an Rialacháin seo a luaithe is féidir d’fhonn a chuspóirí a bhaint amach, ba cheart é a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Bunaítear leis an Rialachán seo an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh (‘ionstraim SAFE’) lena gcuirtear cúnamh airgeadais ar fáil do na Ballstáit lena gcuirtear ar a gcumas dóibh infheistíochtaí poiblí práinneacha móra a dhéanamh chun tacú leis an tionscal cosanta Eorpach mar fhreagairt ar an staid éigeandála atá ann faoi láthair.

Leagtar amach sa Rialachán seo na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le cúnamh airgeadais faoi ionstraim SAFE a sholáthar do na Ballstáit, agus faoina gcuirfidh na Ballstáit chun feidhme é agus leagtar síos ann na rialacha maidir le nósanna imeachta soláthair chomhoibríoch simplithe agus brostaithe chun táirgí cosanta agus táirgí eile chun críoch cosanta a fháil a bhaineann leis na catagóirí seo a leanas:

(a)

catagóir a haon: armlón agus diúracáin; córais airtléire, lena n-áirítear cumais domhain-ionsaithe ardbheachtais; cumais talamhchomhraic agus a gcórais tacaíochta, lena n-áirítear trealamh saighdiúra agus airm coisithe; ladrainn bheaga (aicme 1 ECAT) agus córais ghaolmhara frith-ladrann; cosaint an bhonneagair chriticiúil; an cibearspás; agus soghluaisteacht mhíleata lena n-áirítear frith-shoghluaisteacht;

(b)

catagóir a dó: córais aerchosanta agus frithdiúracán; cumais dromchla mhuirí agus faoi uisce; ladrainn cé is moite de ladrainn bheaga (aicmí 2 agus 3 ECAT) agus córais ghaolmhara frith-ladrann; cumasóirí straitéiseacha ar nós aertharlú straitéiseach, athbhreoslú san aer, córais C4ISTAR chomh maith le sócmhainní agus seirbhísí spáis, ach gan a bheith teoranta dóibh sin; cosaint sócmhainní spáis; an intleacht shaorga agus an chogaíocht leictreonach.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘táirge a bhaineann le cosaint’ earraí, seirbhísí agus oibreacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/81/CE, mar a leagtar amach in Airteagal 2 di;

(2)

ciallaíonn ‘táirgí eile chun críoch cosanta’ aon earra, seirbhís agus obair seachas na hearraí, seirbhísí agus oibreacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/81/CE, mar a leagtar amach in Airteagal 2 di, a bhfuil gá leo chun críoch cosanta nó arb é an chosaint is aidhm dóibh;

(3)

ciallaíonn ‘soláthar comhoibríoch’ an nós imeachta soláthair maidir le táirgí cosanta nó táirgí eile chun críche cosanta agus na conarthaí a eascraíonn as sin, a dhéanann aon Bhallstát amháin ar a laghad a fhaigheann cúnamh airgeadais faoi ionstraim SAFE agus aon Bhallstát breise amháin nó aon Chomhalta amháin de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Stáit CSTE LEE’) nó an Úcráin. Ina theannta sin, féadfar a chur san áireamh sa soláthar comhoibríoch tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, agus tríú tíortha eile a bhfuil Comhpháirtíocht Slándála agus Chosanta (Ionstraim neamhcheangailteach) tugtha i gcrích ag an Aontas leo. Féadfar a áireamh le soláthar comhoibríoch conarthaí soláthair atá ann cheana lena gcomhlíontar na coinníollacha céanna.

Airteagal 3

Cineál comhlántach ionstraim SAFE

Comhlánófar le hionstraim SAFE na bearta a ghlacann an tAontas agus na Ballstáit chun infheistíochtaí poiblí práinneacha móra a dhéanamh chun tacú leis an tionscal cosanta Eorpach.

Airteagal 4

Coinníollacha maidir le húsáid ionstraim SAFE

1.   Féadfaidh Ballstát cúnamh airgeadais a iarraidh faoi ionstraim SAFE (‘cúnamh airgeadais’) le haghaidh gníomhaíochtaí, caiteachas agus bearta atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim dá dtagraítear in Airteagal 1. Bainfidh na gníomhaíochtaí, na caiteachais agus na bearta sin le táirgí cosanta nó táirgí eile chun críoch cosanta agus déanfar iad trí sholáthairtí comhoibríocha arna ndéanamh i gcomhréir leis na rialacha incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 16 agus beidh sé d’aidhm acu an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

dlús a chur le hoiriúnú an tionscail cosanta d’athruithe struchtúracha, lena n-áirítear trína acmhainneachtaí monaraíochta a chruthú agus borradh a chur fúthu chomh maith le gníomhaíochtaí tacaíochta gaolmhara;

(b)

feabhas a chur ar infhaighteacht thráthúil táirgí cosanta, lena n-áirítear trína n-aga seachadta a laghdú, sliotáin mhonaraíochta a fhorchoimeád nó táirgí cosanta, táirgí idirmheánacha nó amhábhair a stoc-charnadh;

(c)

idir-inoibritheacht agus idirmhalartacht a áirithiú ar fud an Aontais.

2.   Féadfaidh Ballstát cúnamh airgeadais faoi ionstraim SAFE a úsáid i sineirgíocht le cláir de chuid an Aontais i gcomhréir le rialacha na gclár sin. Féadfar cúnamh airgeadais faoi ionstraim SAFE a úsáid freisin chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú a fuair ranníocaíocht ón Aontas faoi chlár de chuid an Aontais.

3.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh soláthairtí a dhéanann aon Bhallstát amháin incháilithe do thacaíocht faoi ionstraim SAFE i gcás inar síníodh conradh soláthair tráth nach déanaí ná an 30 Bealtaine 2026. I gcás ina gcuireann Ballstát soláthar den sórt sin san áireamh sa phlean dá dtagraítear in Airteagal 7(2), déanfaidh sé gach beart is gá go gníomhach chun tairbhe an chonartha lena mbaineann a leathnú chuig aon Bhallstát breise amháin ar a laghad, chuig aon Stát CSTE LEE amháin, nó chuig an Úcráin, chomh maith le haon tír aontach leasmhar, tír is iarrthóir leasmhar, tír is iarrthóir ionchasach leasmhar, nó tríú tír leasmhar eile a bhfuil Comhpháirtíocht Slándála agus Chosanta tugtha i gcrích ag an Aontas léi. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na coinníollacha incháilitheachta a bhunaítear in Airteagal 16(2) go (14).

Airteagal 5

Cineál an chúnaimh airgeadais

Beidh an cúnamh airgeadais i bhfoirm iasacht a dheonaíonn an tAontas don Bhallstát lena mbaineann.

Airteagal 6

Uasmhéid an chúnaimh airgeadais

EUR 150 000 000 000 a bheidh in uasmhéid an chúnaimh airgeadais i bhfoirm iasachtaí a sholáthraítear faoi ionstraim SAFE.

Airteagal 7

Iarraidh ar chúnamh airgeadais agus na pleananna infheistíochta um an tionscal cosanta Eorpach

1.   Seolfaidh Ballstát ar mian leis cúnamh airgeadais a fháil faoi ionstraim SAFE iarraidh chuige sin chuig an gCoimisiún faoin 30 Samhain 2025. Beidh plean infheistíochta um an tionscal cosanta Eorpach (an ‘plean’) ag gabháil leis an iarraidh.

2.   Beidh réasúnú agus bunús cuí leis an bplean. Leagfar amach na gnéithe seo a leanas ann:

(a)

tuairisc ar an táirge a bhaineann le cosaint agus ar na táirgí eile chun críoch cosanta;

(b)

tuairisc ar na gníomhaíochtaí, caiteachas measta agus bearta atá beartaithe i gcomhréir le hAirteagal 4;

(c)

i gcás inarb ábhartha, tuairisc ar an rannpháirtíocht atá beartaithe don Úcráin sna gníomhaíochtaí, caiteachas agus bearta atá beartaithe, nó ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe chun tairbhe na hÚcráine;

(d)

tuairisc ar na bearta atá beartaithe arb é is aidhm dóibh comhlíonadh Airteagal 16 agus rialacha soláthair a áirithiú, lena n-áirítear tuairisc ar an gcaoi a bhfuil an comhlíonadh sin le háirithiú .

3.   I gcás inarb ábhartha, cuirfidh na Ballstáit san áireamh tuairisc ar ghníomhaíochtaí chun slándáil an tsoláthair agus athléimneacht a neartú, go háirithe trí rochtain ar an margadh cosanta a éascú do FBManna, do chuideachtaí meánchaipitlithe agus do ghníomhaithe nua i réimse na cosanta.

4.   Agus na Ballstáit ag ullmhú a bpleananna, féadfaidh siad a iarraidh ar an gCoimisiún malartú dea-chleachtas a eagrú, agus, i gcás inarb iomchuí, féachaint le sineirgí a dhéanamh le pleananna infheistíochta tionscail cosanta Ballstát eile, chun gur féidir leis na Ballstáit iarrthacha tairbhe a bhaint as taithí na mBallstát eile.

5.   Féadfaidh na Ballstáit iarraidh leasaithe ar chúnamh airgeadais a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena ngabhfaidh plean leasaithe nuair atá údar cuí leis de bharr athrú ar an gcaiteachas nó ar na bearta atá beartaithe agus faoi réir méideanna iasachta a bheith ar fáil.

Airteagal 8

Cinneadh maidir leis an iarraidh ar chúnamh airgeadais

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarraidh ar chúnamh airgeadais atá ag gabháil leis an bplean gan moill mhíchuí.

2.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go gcomhlíontar leis an iarraidh na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, go háirithe iad siúd dá bhforáiltear in Airteagal 4, Airteagal 7(2) agus Airteagal 16, tíolacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gcomhairle lena gcuirtear an cúnamh airgeadais ar fáil.

3.   Beidh an méid seo a leanas sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear i mír 2:

(a)

deimhniú go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh ag an iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 7(1); agus

(b)

méid na hiasachta agus méid na tacaíochta iasachta a bheidh le híoc i bhfoirm réamh-mhaoiniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 11.

4.   I ngach aon chás, cuirfidh an Coimisiún a mheasúnú ar an iarraidh in iúl don Bhallstát lena mbaineann, agus tabharfaidh sé cúiseanna lena mheasúnú dó.

5.   Agus an togra á chur faoi bhráid na Comhairle i gcomhréir le mír 2 ag an gCoimisiún, déanfaidh sé riachtanais mhaoiniúcháin reatha agus ionchasacha an Bhallstáit iarrthaigh a mheas, mar aon leis na hiarrataí ar chúnamh airgeadais de bhun an Rialacháin seo atá curtha isteach cheana nó atá beartaithe ag Ballstáit eile a chur isteach, agus prionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcur i bhfeidhm san am céanna. Tíolacfar an togra sin gan moill mhíchuí.

6.   Glacfaidh an Chomhairle an cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, mar riail ghinearálta, laistigh de cheithre seachtaine den togra ón gCoimisiún a bheith glactha.

7.   I gcás ina mbeidh méideanna fós ar fáil don chúnamh airgeadais faoi ionstraim SAFE tar éis ghlacadh an chinnidh cur chun feidhme de bhun mhír 2, féadfaidh an Coimisiún glao nua ar léirithe spéise a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2026. Sa chás sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 7 agus i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo.

8.   Déanfar aon chinneadh cur chun feidhme de bhun mhír 2 a ghlacadh faoin 30 Meitheamh 2027.

Airteagal 9

Oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí

1.   Chun tacaíocht i bhfoirm iasachtaí faoi ionstraim SAFE a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 224 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 (‘an Rialachán Airgeadais’).

2.   Is in euro a dhéanfar na hoibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí faoi ionstraim SAFE.

Airteagal 10

Comhaontú iasachta agus socruithe oibríochtúla

1.   Ar ghlacadh an chinnidh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 8(2), déanfaidh an Coimisiún comhaontú iasachta leis an mBallstát iarrthach mar aon le socruithe oibríochtúla.

2.   Leagfar síos sa chomhaontú iasachta an tréimhse infhaighteachta agus téarmaí mionsonraithe na tacaíochta i bhfoirm iasachtaí faoi ionstraim SAFE. Is é 45 bliana an uastréimhse a bheidh ag an gcomhaontú iasachta. Sa bhreis ar na gnéithe a leagtar síos in Airteagal 223(4) den Rialachán Airgeadais, beidh méid an réamh-mhaoinithe agus na rialacha maidir le himréiteach an réamh-mhaoinithe sa chomhaontú iasachta.

3.   Leagfar amach sna socruithe oibríochtúla an gaol idir cur chun feidhme an phlean agus an cúnamh airgeadais comhfhreagrach, lena n-áirítear sceideal sealadach maidir le heisíoc thráthchodanna na hiasachta, agus uasteorainn bhliantúil de réir mar is iomchuí. Ina theannta sin, leagfar amach sna socruithe oibríochtúla sin cineálacha fianaise doiciméadaí agus rialacha rialaithe a bhaineann le comhlíonadh na rialacha sonracha incháilitheachta a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 16, agus na gnéithe mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 14.

Airteagal 11

Réamh-mhaoiniú

1.   Féadfaidh na Ballstáit, mar chuid dá bplean, íocaíocht réamh-mhaoiniúcháin suas le 15 % den tacaíocht iasachta a iarraidh.

2.   Beidh eisíoc an réamh-mhaoinithe faoi réir theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe iasachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2). Féadfar foráil a dhéanamh sa chomhaontú iasachta go mbeidh íocaíocht an réamh-mhaoinithe ag brath ar na socruithe oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 10(3) a thabhairt i gcrích.

3.   Déanfar na híocaíochtaí faoi réir an chistithe a bheith ar fáil. Féadfar an réamh-mhaoiniú a eisíoc in aon tráinse amháin nó níos mó ná sin.

Airteagal 12

Rialacha maidir le tráthchodanna a íoc agus iasachtaí a chur ar fionraí

1.   Tiocfaidh deireadh le tréimhse infhaighteachta na hiasachta, ar tréimhse í a chomhfhreagraíonn don tréimhse inar féidir íocaíochtaí leis an mBallstát lena mbaineann a fhormheas faoin Airteagal seo, an 31 Nollaig 2030. Déanfar na híocaíochtaí i dtráthchodanna, faoi réir an chistithe a bheith ar fáil. Féadfar tráthchuid a eisíoc in aon tráinse amháin nó níos mó.

2.   Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh chuí-réasúnaithe ar íocaíocht a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann an iarraidh sin ar íocaíocht a chur faoi bhráid an Choimisiúin dhá uair sa bhliain. Soláthróidh an Ballstát an bonn cirt leis an iarraidh ar íocaíocht le fianaise ar dhul chun cinn ó thaobh an plean a chomhlíonadh.

3.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar iomláine, cruinneas agus comhleanúnachas na hiarrata ar íocaíocht dá dtagraítear i mír 2 gan moill mhíchuí agus ar a laghad laistigh de 2 mhí ón iarraidh a fháil. I gcás ina mbeidh toradh dearfach ag measúnú an Choimisiúin maidir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh, glacfaidh sé cinneadh gan moill mhíchuí lena n-údarófar eisíoc thráthchuid na hiasachta.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, mar thoradh ar an measúnú dá dtagraítear i mír 3, nach bhfuil an iarraidh ar íocaíocht dá dtagraítear i mír 2 sásúil, cuirfear íocaíocht na hiasachta ina hiomláine nó cuid di ar fionraí. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a bharúlacha a chur isteach laistigh de 1 mhí ó mheasúnú an Choimisiúin a bheith curtha in iúl.

5.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na barúlacha dá dtagraítear i mír 4 gan moill mhíchuí. Cuirfidh sé deireadh leis an bhfionraí i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an mBallstát lena mbaineann go bhfuil na bearta is gá déanta aige chun a áirithiú go gcomhlíonfar go sásúil na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 13

Na rialacha stuamachta is infheidhme don phunann iasachtaí

Ní rachaidh sciar na n-iasachtaí a dheonófar do na trí Bhallstát a chuimsíonn an sciar is mó de na hiasachtaí, thar 60 % den uasmhéid dá dtagraítear in Airteagal 6.

Airteagal 14

Rialú agus iniúchóireacht

Cuirfear san áireamh sa chomhaontú iasachta na forálacha is gá maidir le rialuithe agus iniúchtaí mar a cheanglaítear le hAirteagal 223(4) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 15

Tuairisciú

1.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an úsáid a bhaintear as an gcúnamh airgeadais.

2.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra maidir le síneadh a chur le tréimhse infhaighteachta ionstraim SAFE ag gabháil leis an tuarascáil.

Airteagal 16

Rialacha incháilitheachta maidir le soláthar comhoibríoch lena dtacaítear le hinfheistíochtaí sa tionscal cosanta

1.   Ní bheidh soláthairtí comhoibríocha incháilithe do thacaíocht faoi ionstraim SAFE ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha incháilitheachta a leagtar amach san Airteagal seo leis na soláthairtí comhoibríocha sin.

2.   Cuirfear san áireamh sna nósanna imeachta soláthair chomhoibríoch agus i gconarthaí táirgí cosanta na ceanglais rannpháirtíochta le haghaidh conraitheoirí agus fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an soláthar comhoibríoch a leagtar amach i míreanna 3 go 13 agus i mír 15 den Airteagal seo, gan dochar d’aon choinníollacha a leagtar amach sna comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 17.

3.   Conraitheoirí agus fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an soláthar comhoibríoch, beidh siad bunaithe san Aontas agus beidh a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin acu san Aontas, i Stát CSTE LEE nó san Úcráin. Ní bheidh siad faoi réir rialú tríú tír nach Stát CSTE LEE ná an Úcráin í ná faoi réir rialú eintiteas tríú tír eile nach bhfuil bunaithe san Aontas, i Stát CSTE LEE nó san Úcráin.

4.   De mhaolú ar mhír 3, chun comhar tionsclaíoch le comhpháirtithe nach de chuid an Aontais iad a chur san áireamh, beidh soláthair chomhoibríocha lena mbaineann fochonraitheoir dá leithdháiltear idir 15 % agus 35 % de luach an chonartha, agus nach bhfuil bunaithe nó nach bhfuil a struchtúir bhainistíochta feidhmiúcháin san Aontas, i Stát LEE CSTE nó san Úcráin, incháilithe do thacaíocht faoi ionstraim SAFE ar choinníoll go gcomhlíonfar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

bunaíodh caidreamh conarthach díreach a bhaineann leis an táirge cosanta idir an conraitheoir agus an fochonraitheoir sin roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo

(b)

geallann an conraitheoir go ndéanfaidh sé staidéar, laistigh de 2 bhliain, ar a indéanta atá sé ionchur malartach saor ó shrianta de thionscnamh an Aontais, Stáit CSTE LEE nó na hÚcráine a chur in ionad an ionchuir a sholáthraíonn an fochonraitheoir sin, agus go gcomhlíonfaidh sé ceanglais theicniúla agus ama.

5.   De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh eintiteas dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus atá á rialú ag tríú tír eile nó ag eintiteas tríú tír eile a bheith rannpháirteach sa soláthar comhoibríoch má rinneadh scagadh air de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/452 agus, i gcás inar gá, má tá sé faoi réir bearta maolaithe iomchuí, nó má sholáthraíonn sé ráthaíochtaí arna bhfíorú ag an mBallstát ina bhfuil an conraitheoir nó an fochonraitheoir a bhfuil baint aige leis an soláthar comhoibríoch bunaithe. Soláthrófar dearbhuithe sna ráthaíochtaí nach sárófaí leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát mar a bhunaítear i gcreat an chomhbheartais eachtraigh agus slándála de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach de thoradh rannpháirtíocht an chonraitheora nó an fhochonraitheora a bhfuil baint aige leis an soláthar comhoibríoch.

6.   Féadfaidh na ráthaíochtaí dá dtagraítear i mír 5 a bheith bunaithe ar theimpléad caighdeánaithe arna sholáthar ag an gCoimisiún agus beidh siad mar chuid de na sonraíochtaí tairisceana, chun cur chuige comhchuibhithe ar fud an Aontais a áirithiú. Tabharfar bunús sna ráthaíochtaí, go sonrach, go bhfuil bearta i bhfeidhm, chun críocha an tsoláthair chomhoibríoch, chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

nach bhfeidhmítear rialú ar an gconraitheoir nó ar an bhfochonraitheoir a bhfuil baint aige leis an soláthar comhoibríoch ar bhealach lena gcuirtear srian nó teorainn lena chumas an t-ordú a chomhlíonadh agus torthaí a bhaint amach; agus

(b)

go bhfuil cosc ar rochtain a bheith ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír ar fhaisnéis rúnaicmithe a bhaineann leis an soláthar comhoibríoch agus go bhfuil imréiteach náisiúnta slándála arna eisiúint ag Ballstát ag na fostaithe nó ag daoine eile a bhfuil baint acu leis an soláthar comhoibríoch i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin náisiúnta.

7.   Tabharfaidh an t-údarás conarthach a bhfuil an soláthar comhoibríoch á dhéanamh aige fógra don Choimisiún maidir leis na bearta maolaithe arna gcur i bhfeidhm de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/452 nó maidir leis na ráthaíochtaí dá dtagraítear i mír 5. Cuirfear ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, tuilleadh faisnéise maidir leis na bearta maolaithe a cuireadh i bhfeidhm nó maidir leis na ráthaíochtaí.

8.   Maidir le bonneagar, saoráidí, sócmhainní agus acmhainní na gconraitheoirí agus na bhfochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an soláthar comhoibríoch a úsáidtear chun críocha an tsoláthair chomhoibríoch, beidh siad lonnaithe ar chríoch Ballstáit, Stát CSTE LEE, nó na hÚcráine. I gcás nach bhfuil aon rogha mhalartach ná bonneagar, saoráidí, sócmhainní agus acmhainní ábhartha le fáil go héasca ar chríoch Ballstáit, Stát CSTE LEE, nó na hÚcráine do chonraitheoirí nó d’fhochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an soláthar comhoibríoch, féadfaidh siad úsáid a bhaint as a mbonneagar, saoráidí, sócmhainní agus acmhainní atá lonnaithe nó atá acu lasmuigh de na críocha sin, ar choinníoll nach sáróidh an úsáid sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát.

9.   Féadfar a mheas go gcomhlíonann na conraitheoirí agus na fochonraitheoirí atá rannpháirteach sa soláthar comhoibríoch na coinníollacha incháilitheachta dá dtagraítear i míreanna 3 go 7 i gcás ina bhfuil coinníollacha coibhéiseacha comhlíonta acu faoi Rialacháin (AE) 2018/1092 (9), (AE) 2021/697 (10), (AE) 2023/1525 nó (AE) 2023/2418 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ar choinníoll nach ndéanfar, le haon athruithe ina dhiaidh sin, amhras a chaitheamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin.

10.   Ní rachaidh costas na gcomhpháirteanna nach de thionscnamh an Aontais, Stát CSTE LEE nó na hÚcráine iad os cionn 35 % de chostas measta chomhpháirteanna an táirge deiridh. Chun críocha soláthair a fhaigheann tacaíocht ó ionstraim SAFE, ní bhfaighfear aon chomhpháirt ó thríú tír a sháraíonn leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát.

11.   Maidir le táirgí cosanta atá bainteach le catagóir a dó dá dtagraítear in Airteagal 1, an dara fomhír, pointe (b), beidh sé de chumas ag na conraitheoirí cinneadh a dhéanamh, gan srianta arna bhforchur ag tríú tíortha nó ag eintitis tríú tír, maidir le sainmhíniú, oiriúnú agus éabhlóid dhearadh an táirge a bhaineann le cosaint arna sholáthar, lena n-áirítear an t-údarás dlíthiúil chun comhpháirteanna atá faoi réir srianta arna bhforchur ag tríú tíortha nó ag eintitis tríú tír a ionadú nó a bhaint.

12.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an soláthar comhoibríoch’ aon eintiteas dlítheanach a sholáthraíonn ionchuir chriticiúla a bhfuil tréithe uathúla acu atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú táirge ar a leithdháiltear 15 % ar a laghad de luach an chonartha, agus ag a bhfuil gá le rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe ar mhaithe le feidhmiú an chonartha.

13.   Maidir leis na nósanna imeachta soláthair agus na conarthaí le haghaidh táirgí eile chun críche cosanta a eascraíonn as an soláthar comhoibríoch a fhaigheann tacaíocht faoi ionstraim SAFE, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh coinníollacha incháilitheachta iomchuí iontu chun leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát a chosaint.

14.   Sa phlean dá dtagraítear in Airteagal 7, sonróidh na Ballstáit na coinníollacha incháilitheachta i gcomhréir le míreanna 3 go 11 agus míreanna 13 go 15 den Airteagal seo, gan dochar d’aon choinníollacha a leagtar amach sna comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 17. Beidh an cúnamh airgeadais faoi réir chur i láthair na faisnéise a luaitear sna socruithe oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 10 in éineacht leis an iarraidh ar íocaíocht.

15.   Féadfaidh na Ballstáit an cúnamh airgeadais a sholáthraítear faoi ionstraim SAFE a úsáid chun a rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 168(2) nó (3) den Rialachán Airgeadais a mhaoiniú. Sa chás sin, de mhaolú ar Airteagal 168(2) agus (3) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh tríú tíortha atá rannpháirteach sa soláthar comhoibríoch páirt a ghlacadh in aon sásra soláthair a leagtar amach in Airteagal 168(2) agus (3) den Rialachán Airgeadais agus tairbhiú de na sásraí sin.

Airteagal 17

Coinníollacha maidir le rannpháirtíocht eintiteas agus táirgí eile de chuid tríú tíortha

1.   Féadfaidh an tAontas comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha a thabhairt i gcrích le tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha cé is moite den Úcráin, agus tríú tíortha eile a bhfuil Comhpháirtíocht Slándála agus Chosanta (Ionstraim neamhcheangailteach) tugtha i gcrích ag an Aontas leo chun na coinníollacha incháilitheachta dá dtagraítear in Airteagal 16 a oscailt do na tíortha sin agus a gcríocha, i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

2.   Sonrófar sa chomhaontú déthaobhach nó iltaobhach dá dtagraítear i mír 1 an chaoi a chuirfear na coinníollacha incháilitheachta dá dtagraítear in Airteagal 16 i bhfeidhm. Leagfar síos ann, go háirithe:

(a)

coinníollacha agus módúlachtaí rannpháirtíocht conraitheoirí agus fochonraitheoirí atá bunaithe sa tríú tír sa soláthar comhoibríoch faoi ionstraim SAFE, lena n-áirítear na coinníollacha maidir le suíomh na struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin agus maidir le rialú a bheith á dhéanamh ag tríú tíortha nó ag eintitis tríú tír;

(b)

na rialacha a bhaineann le suíomh bhonneagar, shaoráidí, shócmhainní agus acmhainní na gconraitheoirí nó na bhfochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an soláthar comhoibríoch a úsáidtear chun táirgí cosanta nó táirgí eile a tháirgeadh chun críoch cosanta a sholáthraítear faoi na conarthaí a eascraíonn as soláthairtí comhoibríocha faoi ionstraim SAFE;

(c)

na rialacha a bhaineann le costas na gcomhpháirteanna de thionscnamh an tríú tír, lena n-áirítear sciar íosta comhpháirteanna de thionscnamh an Aontais, tíre LEE CSTE nó na hÚcráine agus sciar uasta comhpháirteanna nach de thionscnamh an Aontais, tíre CSTE LEE ná na hÚcráine ná tríú tír is páirtí sa chomhaontú;

(d)

na rialacha a bhaineann le srianta arna bhforchur ag tríú tíortha nach páirtithe sa chomhaontú iad nó ag eintitis atá bunaithe ar a gcríoch, ar shainmhíniú, oiriúnú agus éabhlóid dhearadh an táirge a bhaineann le cosaint arna sholáthar le tacaíocht ó ionstraim SAFE.

3.   Leis an gcomhaontú déthaobhach nó iltaobhach, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

áiritheofar cothromaíocht chóir a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí agus tairbhí an tríú tír;

(b)

leagfar síos coinníollacha maidir le haon ranníocaíocht airgeadais a chuirfidh an tríú tír ar fáil don Aontas;

(c)

leagfar síos aon bheart iomchuí eile lena rialófar slándáil an tsoláthair maidir leis an táirge arna sholáthar;

(d)

rannchuideofar le caighdeánú na gcóras cosanta a mhéadú agus le hidir-inoibritheacht níos fearr idir cumais na mBallstát agus na dtríú tíortha eile sin.

4.   Ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 3, pointe (b), agus úsáidfear iad le haghaidh cláir lena dtacaítear le tionscal cosanta an Aontais, le tionscal cosanta na hÚcráine agus leis an Úcráin i gcomhréir le rialacha na gclár sin.

Airteagal 18

Creat-chomhaontuithe nó conarthaí a mhodhnú

1.   I gcás ina dtacaíonn ionstraim SAFE le soláthar, beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear i míreanna 2 go 4 maidir le creat-chomhaontú nó conradh atá ann cheana arb é is cuspóir dó táirgí cosanta a cheannach, a mhaoinítear le ceann amháin ar a laghad de na Ballstáit rannpháirteacha go hiomlán nó go páirteach leis an iasacht arna dámhachtain faoi ionstraim SAFE, agus nach ndéantar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht é a leasú go substaintiúil. An t-údarás conarthach a thug an creat-chomhaontú nó an conradh i gcrích, gheobhaidh sé comhaontú roimh ré ón ngnóthas lenar thug sé an creat-chomhaontú nó an conradh sin i gcrích agus míreanna 2 agus 3 á gcur i bhfeidhm aige.

2.   Féadfaidh údarás conarthach Ballstáit creat-chomhaontú nó conradh atá ann cheana le haghaidh táirgí cosanta a mhodhnú, i gcás inar tugadh an creat-chomhaontú nó an conradh sin i gcrích le gnóthas a chomhlíonann critéir atá coibhéiseach leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 16(3) go (13) den Rialachán seo, chun údaráis chonarthacha nua ó thíortha atá rannpháirteach sa soláthar a chur isteach mar pháirtithe sa chreat-chomhaontú nó sa chonradh sin. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 29(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2009/81/CE maidir leis na húdaráis chonarthacha nach raibh ina bpáirtithe sa chreat-chomhaontú nó sa chonradh ar dtús.

3.   De mhaolú ar Airteagal 29(2), an tríú fomhír, de Threoir 2009/81/CE, féadfaidh údarás conarthach Ballstáit leasuithe substaintiúla a dhéanamh ar na cainníochtaí a leagtar amach i gcreat-chomhaontú nó conradh, le luach measta os cionn na dtairseach a leagtar síos in Airteagal 8 de Threoir 2009/81/CE, i gcás inar tugadh an creat-chomhaontú nó an conradh i gcrích le gnóthas a chomhlíonann critéir atá coibhéiseach leis na critéir sin a leagtar síos in Airteagal 16(3) go (13) den Rialachán seo, agus a mhéid atá fíorghá leis an modhnú chun mír 2 den Aireagal seo a chur i bhfeidhm.

4.   Chun an luach a luaitear i mír 3 a ríomh, is é an luach nuashonraithe a bheidh mar luach tagartha i gcás ina bhfuil clásal innéacsaithe sa chonradh.

5.   Údarás conarthach a mhodhnaigh creat-chomhaontú nó conradh sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 2 nó 3 den Airteagal seo, foilseoidh sé fógra chuige sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 32 de Threoir 2009/81/CE.

6.   Sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, beidh feidhm ag prionsabal na gceart comhionann agus na n-oibleagáidí comhionanna idir na húdaráis chonarthacha atá ina bpáirtithe sa chreat-chomhaontú nó conradh, go háirithe maidir le costas na gcainníochtaí breise arna soláthar.

Airteagal 19

Cásanna lena dtugtar údar le húsáid an nós imeachta idirbheartaíochta gan iarratas ar thairiscintí a fhoilsiú roimh ré i gcomhthéacs soláthar a dtacaíonn ionstraim SAFE leis

Soláthairtí lena mbaineann aon Bhallstát amháin ar a laghad a fhaigheann cúnamh airgeadais faoi ionstraim SAFE, measfar go gcomhlíonann siad coinníoll na práinne de dheasca géarchéime chun críocha Airteagal 28(1), pointe (c) de Threoir 2009/81/CE.

Airteagal 20

Díolúine ó CBL ar allmhairiú agus ar sholáthar táirgí cosanta

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, na soláthairtí, na fálacha laistigh den Chomhphobal agus na hallmhairí táirgí cosanta nó táirgí eile chun críoch cosanta a dhéantar faoi chonarthaí a eascraíonn as soláthairtí a fhaigheann tacaíocht ó ionstraim SAFE, beidh siad díolmhaithe ón gcáin bhreisluacha (CBL) is infheidhme faoi Threoir 2006/112/CE ón. Beidh in-asbhainteacht CBL a íocadh ag an gcéim roimhe sin ag an díolúine.

2.   Leis an deimhniú díolúine CBL a leagtar amach san Iarscríbhinn, deimhneofar go gcáilíonn an t-idirbheart don díolúine ó CBL faoin Rialachán seo. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát an eintitis a fhaigheann na táirgí cosanta nó táirgí eile chun críoch cosanta faoi chonarthaí a eascraíonn as soláthairtí a thacaíonn ionstraim SAFE leo, déanfaidh na húdaráis sin an deimhniú sin a stampáil agus coinneoidh soláthróir na dtáirgí sin é mar chuid dá dtaifid.

Airteagal 21

Na rialacha maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair a chur i bhfeidhm

1.   Úsáidfidh an Coimisiún córas malartaithe slán chun malartú faisnéise rúnaicmithe agus faisnéise íogaire a éascú idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, leis na conraitheoirí agus faighteoirí deiridh eile.

2.   Beidh rochtain ag an gCoimisiún ar fhaisnéis, lena n-áirítear faisnéis rúnaicmithe, a bhfuil fíorghá léi chun na coinníollacha a fhíorú maidir le híocaíochtaí a eisíoc agus na seiceálacha, na hathbhreithnithe, na hiniúchtaí, na himscrúduithe, na tuarascálacha a dhéanamh, chomh maith leis na rialuithe agus na hiniúchtaí, dá dtagraítear in Airteagal 14.

Airteagal 22

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéanamh chun infheictheacht an Aontais a áirithiú i ndáil leis an gcúnamh airgeadais atá beartaithe sna pleananna infheistíochta ábhartha um an tionscal cosanta Eorpach, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha cumarsáide leis na húdaráis náisiúnta lena mbaineann, agus ceanglais slándála á gcur san áireamh go cuí san am céanna. Féadfaidh an Coimisiún a áirithiú, de réir mar is iomchuí, go ndéanfar tacaíocht faoi ionstraim SAFE a chur in iúl agus a aithint trí ráiteas cistiúcháin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit a thairbhíonn den chúnamh airgeadais faoi ionstraim SAFE infheictheacht an chúnaimh airgeadais ón Aontas, agus aird chuí á tabhairt ar cheanglais slándála, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, trí shuaitheantas an Aontais agus ráiteas cistiúcháin iomchuí ar a mbeidh na focail ‘le tacaíocht ón Aontas Eorpach — SAFE’ a thaispeáint, go háirithe nuair a bhíonn na soláthairtí comhoibríocha agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le hionstraim SAFE, agus le gníomhaíochtaí a dhéantar dá bun agus a bhaineann lena torthaí, a chur chun feidhme. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún oifigí ionadaíochta Pharlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoina ghníomhaíochtaí agus iad a dhéanamh rannpháirteach sna gníomhaíochtaí sin.

Airteagal 23

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Bealtaine 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SZŁAPKA


(1)  Rialachán (AE) 2023/1525 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le tacú le táirgeadh armlóin (ASAP) (IO L 185, 24.7.2023, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1525/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2023/2418 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le hionstraim a bhunú chun tionscal cosanta na hEorpa a atreisiú trí sholáthar comhoibríoch (EDIRPA) (IO L, 2023/2418, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2418/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach (IO L 331, 14.12.2017, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/2315/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/452/oj).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).

(6)  Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/81/oj).

(7)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj).

(8)  Regulation (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2092/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais (IO L 200, 7.8.2018, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1092/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/697/oj).


IARSCRÍBHINN

IONSTRAIM SAFE DEIMHNIÚ DÍOLÚINE CBL

Sraithuimhir (roghnach):

1.

EINTITEAS INCHÁILITHE

An t-ainmniúchán/an t-ainm

Sráid agus uimhir

An cód poist, an áit

Ballstát an eintitis

2.

ÚDARÁS INNIÚIL ATÁ FREAGRACH AS AN STAMPÁIL (ainm, seoladh agus uimhir theileafóin)

3.

DEARBHÚ ÓN EINTITEAS INCHÁILITHE

Dearbhaíonn an t-eintiteas incháilithe leis seo go bhfuil na táirgí a leagtar amach i mbosca 4 á maoiniú faoi ionstraim SAFE.

 

Geallann an t-eintiteas incháilithe leis seo go n-íocfaidh sé leis an mBallstát ina bhfuil áit soláthair na dtáirgí cosanta nó na dtáirgí eile chun críoch cosanta lonnaithe an CBL a bheadh dlite mura gcomhlíonfadh na táirgí sin na coinníollacha díolúine.

 

An áit, an dáta

Ainm agus stádas an tsínitheora

 

Síniú

4.

TUAIRISC AR NA TÁIRGÍ A N-IARRTAR AN DÍOLÚINE Ó CBL INA LEITH

A.

Faisnéis a bhaineann leis an soláthróir

(1)

ainm agus seoladh

(2)

Ballstát

(3)

Uimhir CBL nó uimhir thagartha chánach

B.

Faisnéis a bhaineann leis na táirgí:

Níl

Tuairisc mhionsonraithe ar na táirgí (nó tagairt don fhoirm ordaithe atá i gceangal)

Cainníocht nó líon

Luach gan CBL

Airgeadra

 

 

 

Luach in aghaidh an aonaid

Luach iomlán

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Méid iomlán

 

 

5.

DEIMHNIÚ Ó ÚDARÁIS INNIÚLA AN BHALLSTÁIT FÁLA

Comhlíonann coinsíneacht/soláthar na dtáirgí a dtugtar tuairisc orthu i mbosca 4 na coinníollacha maidir le díolúine ó CBL.

 

An áit, an dáta

Stampa

Ainm agus stádas an tsínitheora

 

Síniú

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1106/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top