Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1084

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1084 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2025 lena gcuirtear ainm isteach i gClár an Aontais um thásca geografacha – Странджански билков чай / Strandzhanski bilkov chay (ATFC)

C/2025/3309

IO L, 2025/1084, 3.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1084/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1084/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1084

3.6.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1084 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Meitheamh 2025

lena gcuirtear ainm isteach i gClár an Aontais um thásca geografacha – ‘Странджански билков чай / Strandzhanski bilkov chay’ (ATFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(3)(a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), lena ndearnadh Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a aisghairm, leanfaidh an Rialachán sin de bheith infheidhme maidir leis na hiarratais ar chlárú táisc gheografaigh le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí a fuair an Coimisiún agus a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh roimh an 13 Bealtaine 2024. An 7 Meitheamh 2022, fuair an Coimisiún an t-iarratas a thíolaic an Bhulgáir ar chlárú an ainm ‘Странджански билков чай / Strandzhanski bilkov chay’ mar ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Bhulgáir ar chlárú an ainm ‘Странджански билков чай / Strandzhanski bilkov chay’ mar ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint (ATFC), a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) an 13 Feabhra 2024.

(3)

An 10 Bealtaine 2024, fuair an Coimisiún ráiteas freasúra réasúnaithe ón nGréig. Tharraing an freasúróir aird ar an bhfaisnéis sa doiciméad aonair ina luaitear go bhfaightear an táirge a léirítear mar ‘Странджански билков чай / Strandzhanski bilkov chay’ ó dhuilleoga agus ó bhláthanna an phlanda ar a bhfuil an t-ainm luibheolaíoch Sideritis syriaca, den fhine Lamiaceae, a fhástar i masaíf sléibhe Strandzha. Mhaígh an Ghréig go raibh athruithe ar ainmníocht na speiceas agus, dá thoradh sin, d’úsáid an Bhulgáir an tagairt mhícheart do speicis Sideritis, rud a d’fhéadfadh mearbhall a chruthú le táirgí a dhíorthaítear ó shaothrán Sideritis syriaca, fospeiceas syriaca a shaothraítear sa Chréit. I bhfianaise na faisnéise a líomhnaítear a bheith mícheart sa doiciméad aonair agus sa tsonraíocht táirge de chuid ‘Странджански билков чай / Strandzhanski bilkov chay’ mhaígh an freasúróir nár comhlíonadh coinníollacha Airteagal 5 agus Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

(4)

Tar éis a inghlacthacht a chinneadh, an 10 Iúil 2024 d’iarr an Coimisiún ar an mBulgáir agus ar an nGréig dul i mbun comhairliúcháin iomchuí chun teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 51(3) de Rialachán (AE) 1151/2012. An 15 Deireadh Fómhair 2024, arna iarraidh sin don Bhulgáir, chuir an Coimisiún síneadh 3 mhí leis an sprioc-am le haghaidh comhairliúchán faoi Airteagal 51(3), an tríú mír, de Rialachán (AE) 1151/2012.

(5)

Tháinig an Bhulgáir agus an Ghréig ar chomhaontú laistigh den sprioc-am a leagadh síos. Tugadh fógra don Choimisiúin faoi an 16 Eanáir 2025. Mar thoradh air sin, rinneadh dhá cheartúchán theicniúla ar an tsonraíocht táirge agus ar an doiciméad aonair le haghaidh ‘Странджански билков чай / Strandzhanski bilkov chay’. Ar an gcéad dul síos, cuireadh ‘planda den ghéineas Sideritis’ in ionad na dtagairtí do ‘planda an speicis Sideritis syriaca’ sa tsonraíocht táirge agus sa doiciméad aonair. Ar an dara dul síos, scriosadh an abairt seo a leanas: Scriosadh ‘Áirítear an speiceas ar liosta dearg náisiúnta na Bulgáire (imleabhar 1), i gcatagóir na speiceas atá i mbaol criticiúil i measc 112 speiceas plandaí eile i sliabh Strandzha’ sa tsonraíocht táirge.

(6)

Scrúdaigh an Coimisiún an comhaontú agus na leasuithe ar an doiciméad aonair agus ar an tsonraíocht táirge a d’eascair as an gcomhaontú. Mheas sé nach raibh na leasuithe sin substaintiúil de réir bhrí Airteagal 51(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, toisc nach bhfuil sé beartaithe acu ach an ainmníocht thacsanomaíoch a shoiléiriú. Dá bhrí sin, ní gá an grinnscrúdú, dá bhforáiltear in Airteagal 51(4) de Rialachán (AE) 1151/2012, a dhéanamh arís.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 52(3)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an doiciméad aonair leasaithe, ina bhfuil an tagairt don tsonraíocht táirge, a fhoilsiú.

(8)

Dá réir sin, ba cheart an t-ainm Странджански билков чай / Strandzhanski bilkov chay’ a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an t-ainm ‘Странджански билков чай / Strandzhanski bilkov chay’ (ATFC) a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha.

Airteagal 2

Leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leagtar amach an doiciméad aonair comhdhlúite.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/2021-12-07.

(2)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11.4.2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).

(3)   IO C 1480, 13.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1480/oj.


IARSCRÍBHINN

DOICIMÉAD AONAIR

‘Странджански билков чай / Strandzhanski bilkov chay’

Uimh. AE: PDO-BG-02851 – 7.6.2022

ATFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm (nó ainmneacha)

‘Странджански билков чай / Strandzhanski bilkov chay’

2.   Ballstát nó Tríú Tír

an Bhulgáir

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

3.1.   Cineál táirge

Aicme 1.8. Táirgí eile in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí etc.)

Cód Ainmníochta Comhcheangailte

12 - OLASHÍOLTA AGUS TORTHAÍ OLÚLA; CINEÁLACHA GRÁIN, SÍOLTA AGUS TORTHAÍ ILGHNÉITHEACHA; PLANDAÍ TIONSCLAÍOCHA NÓ ÍOCSHLÁINTE; COCHÁN AGUS FARAE

1211 - Plandaí agus codanna de phlandaí (lena n-áirítear síolta agus torthaí) de chineál a úsáidtear go príomha i gcumhradóireacht, i gcógaisíocht nó le haghaidh feithidicídí, fuingicídí nó úsáidí comhchosúla, iad úr, fuaraithe, reoite nó triomaithe, bídís gearrtha, brúite nó púdraithe nó ná bídís:

1211 90 - Eile

1211 90 86 - eile

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Cineál tae is ea ‘Странджански билков чай / Strandzhanski bilkov chay’ a fhaightear ó dhuilleoga agus bhláthanna an phlanda de ghéineas Sideritis, den fhine Lamiaceae, a fhástar i masaíf sléibhte Strandzha. Saothraítear é ó shíológa a tháirgtear i bPáirc Dúlra Strandzha.

Fásann an luibh i dtomóga cruinneachánacha a mhéadaíonn go seasta tar éis na chéad bliana de phlandú agus a fhorbraíonn fréamhchórais ar nós crann. Fásann na duilleoga agus na gais bhlátha amach ó na foirmithe fréimhe ar leibhéal na talún. Fásann na tomóga go 100 cm agus níos mó ar trastomhas, agus go 30-35 cm ar airde. Bíonn suas 120 gas blátha acu, a fhásann agus a thagann i mbláth ó mhí na Bealtaine go mí Dheireadh Fómhair. Fásann na gais bhlátha ó na foirmithe brainsiúcháin ar leibhéal na talún, ag eatraimh 7-9 cm. Bíonn 2 nó 4 dhuilleog éilipseach acu atá suite go siméadrach. Ar an gcuid uachtarach de na gais bhlátha tá na duilleoga a bhfuil cruth croí orthu. Is ansin a fhaightear na bláthanna ar an bplanda. Tá gais bhlátha na bplandaí saothraithe 5-25 cm ar fad, agus iad beagáinín níos faide áit a mbíonn sé ag cur báistí go minic. Tá na duilleoga agus na gais bhlátha bog agus solúbtha, ach nuair a thriomaítear faoi scáth iad bíonn siad níos tiubha agus daingean.

Tá dath scothbhán-ghlas ar dhuilleoga agus ghais an phlanda, le ribí míne liathbhána. Déantar gach bláthra de bhláthanna buí éadroma agus 8-12 síolta dubha míne.

Paraiméadair cheimiceacha: léiríonn anailísí fíticheimiceacha gurb ann do raon leathan de shubstaintí bithghníomhacha. As na 33 chomhdhúil fheanólacha a aithníodh, mar shampla, tá an chainníocht i samplaí an phlanda de ghéineas Sideritis ó réigiún bláthúil Strandhza sách ard: 16,65-18 mg/g coibhéisí aigéid chaiféigh (CAE) de chion iomlán na bhfeanól, agus 2,79-5,73 mg/g flavónóideach RE i bplandaí saothraithe.

Tá cion taise nach mó ná 9-10 % ag an bplanda tae triomaithe. Tá dath de dhéine mheasartha air: 12-18 n-aonad EBC (faoin gCoinbhinsiún Grúdaireachta Eorpach).

Bruitear duilleoga agus bláthanna an phlanda chun an tae a ullmhú le hól. Tá milseacht éadrom ann gan mil ná siúcra a chur leis. Tá dath buí go dath scothbhuí-dearg ar an tae, mar aon le cumhracht fhíneálta de dhea-bholaithe agus bláthanna líoma agus basal, miontas, lus na meala líomóide agus torthaí triomaithe á gcumasc go fíneálta tríothu. Tá an dea-bholadh sonrach marthanach. Is léir é nuair a óltar an luibh, agus freisin nuair a bhuaintear agus a thriomaítear í. Caomhnaítear an dea-bholadh sa phacáistíocht nuair a stóráiltear an luibh i gceart i ndálaí tirime agus dorcha.

Ní lú ná 1 990 mmol/l gníomhaíocht frithocsaídeora an tae.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

Déantar na cleachtais saothraithe go léir roimh bhuaint de lámh agus déantar sa limistéar geografach iad.

Céim 1. Síológa a tháirgeadh chun an luibh a shaothrú

Céim 2. An planda a fhás

Céim 3. Na gais bhlátha a phiocadh agus a thriomú

Céim 4. Aisghabháil ón triomadóir agus ón bpacáistíocht.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Déanann táirgeoirí an táirge triomaithe a phacáistiú in situ agus cineálacha éagsúla pacáistíochta á n-úsáid: mar shampla, boscaí cairtchláir de 40/30/13 cm; málaí páipéir ina bhfuil glanmheáchan de 250 g in aghaidh an aonaid - le haghaidh caomhnú níos faide agus próiseáil níos mó i dtáirgí eile; clúdaigh pháipéir bhána ina bhfuil íosmhéid de 16/22 cm, agus toilleadh 25-50 g; agus cineálacha eile pacáistíochta de réir mar is gá.

Déantar na táirgí críochnaithe a shórtáil de réir méid agus cuspóra. Ní mór na gais a bheith slán nuair a shroicheann siad tomhaltóirí. Nuair a bhristear na gais, bíonn an dea-bholadh cumhra sonrach níos láidre. Bealach níos fearr le háirithiú go bhfanann na gais bhláthaithe slán is ea pacáistíocht in situ ar an ngabháltas díreach tar éis aisghabhála. Freisin cosnaíonn sé na saintréithe orgánaileipteacha.

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

I dteannta leis na ceanglais chaighdeánacha, áirítear ar an lipéad lógó an táirgeora agus uimhir chlárúcháin agus an bhaiscuimhir air. Tá an phríomhfhoclaíocht ‘Странджански билков чай’ [Strandzhanski bilkov chay] sa lár. Tá na focail ‘Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint’ os a chionn nó faoina bhun. Cuirtear na lipéid i lár an chlaibín, ar an dá thaobh den mhála. Bíonn siad beag nó mór ag brath ar an bpacáistíocht.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Áirítear le limistéar geografach Stranzha na lonnaíochtaí sna cúig bhardas uile: Malko Tarnovo, Primorsko, Sozopol, Sredets agus Tsarevo. Níor cheart saothrú a dhéanamh ach ar thalamh le nochtadh agus cineálacha ithreacha iomchuí (ithreacha alcaileacha, a d’fhéadfadh carraig aolchloiche a bheith iontu freisin) chomh gar agus is féidir do shaintréithe bláthúla limistéir dhúchasacha an phlanda de ghéineas Sideritis.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

5.1.   Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Is mar gheall ar aeráid agus limistéar geografach sonrach mhasaíf sléibhte Strandzha, gur caomhnaíodh líon mór speiceas iarmharach Treasach sa limistéar geografach agus gur mhair siad tar éis na hoighearaoise. Tá roinnt díobh eindéimeach sa réigiún, amhail an fraochán agus an bhódhearc, dair Strandzha, garbhán creagach Strandzha agus 53 speiceas planda eile. Ina measc siúd tá an planda de ghéineas Sideritis, as a bhfaightear Странджански билков чай / Strandzhanski bilkov chay. Fásann sé ar ithreacha roghnaithe sa limistéar geografach. Is lú dochair do na plandaí tae saothraithe go sonrach a dhéanann sioc san fhómhar agus go luath san earrach agus fiú reonna géara ach gearrshaolacha. Tá a gcuid saintréithe marthanais agus athghiniúnacha i bhfad níos soiléire. Ar laethanta tirime sa samhradh, galaíonn drúcht agus ceo na maidine go tapa, fiú le leibhéil ísle gréine. Is tosca fabhracha iad freisin. Trína gcuid gas gruagach agus duilliúir an-fhorbartha, ní shúnn na plandaí ach taise úsáideach, agus athraíonn a gcuid dathanna go dúghlas nó buí éadrom.

Tá os cionn 20 substaint bhithghníomhach shintéisithe sa phlanda. I dteannta leis an dea-bholadh sonrach, is ann dóibh siúd mar gheall ar shaintréithe moirfeolaíocha an phlanda agus na tosca aibitheacha agus bitheacha seo a leanas:

1)

Cion mianraí agus baictéarach na n-ithreacha carst scaoilte sa limistéar.

2)

Is é an leibhéal gréine is airde sa limistéar geografach > 1 500 kW/m2 in aghaidh na bliana (meán náisiúnta 1 110-1 420 kW/m2). I gcaitheamh na bliana, déantar an ghrian a fhritháireamh le leoithní farraige taise soir-soir ó dheas) agus leis an ngaoth ó dheas-siar ó dheas ar a dtugtar go traidisiúnta an ‘Ghaoth Bhán’, a scagtar trí fhoraoiseacha Strandzha. Cumasaíonn na dálaí aeráide nádúrtha sin, chomh maith leis na tréimhsí gairide baistí san fhómhar te agus sa gheimhreadh séimh, fótaisintéis fhada agus tugann siad cobhsaíocht don speiceas.

3)

An triomach atá mar shaintréith den réigiún, go sonrach sa tréimhse nuair a bhláthaíonn agus nuair a aibíonn na gais bhlátha, i mí na Bealtaine agus i mí Dheireadh Fómhair. Toisc fhabhrach í sin maidir leis na substaintí aramatacha a shintéisiú.

4)

Cabhraíonn líon mór na bpailneoirí nádúrtha i bplandálacha, lena n-áirítear neart speiceas de bheacha fiáine, lampróga, ciaróga etc., le crosphailniú. Go sonrach, is iad na feithidí eitilte a iompraíonn pailin ó bhláth go bláth agus iad ag beathú agus ag leasú na síolta. Tugann sé sin sliocht níos tréine agus frithsheasmhacht ghéiniteach don speiceas. Sin an fáth gur cleachtas agra-chomhshaoil roghnaithe i measc táirgeoirí áitiúla é táirgeadh na luibhe a mheascadh le coilíneachtaí beiche, fíniúnacha agus barra eile.

5.2.   Tosca daonna

Toisc an-tábhachtach maidir le caomhnú agus atáirgeadh an phlanda is ea iarracht ó dhaoine ó thaobh an dea-chleachtas cruthaithe a chur i bhfeidhm mar atá an planda a shaothrú faoi dhálaí atá an-ghar dá thimpeallacht nádúrtha. Is é atá i gceist leis na cleachtais sin an talamh agus na hithreacha is oiriúnaí (alcaileach) a roghnú a dhéantar a chóireáil le níos mó aoil i gcás inar gá sin. Is tábhachtach freisin síológa dea-chaighdeáin a tháirgeadh agus a phlandú, agus síolta a roghnú le cur go díreach i bpaistí agus i rónna ullmhaithe. Ina theannta sin, déantar gortghlanadh tráthrialta ar na cnapáin fhásra agus lomadh idir rónna. Pioctar na gais bhláthaithe de láimh ar bhonn seachtainiúil, nuair atá an drúcht galaithe agus iad bláthaithe go hiomlán (mí an Mheithimh go mí Dheireadh Fómhair). Baineann scil speisialta lena mbriseadh ag pointe sonrach idir an dá dhuilleog agus na gais bhlátha níos lú a fhorbraíonn uathu. Is trí húsáid na méaracha amháin a mhothaíonn táirgeoirí oilte sobhristeacht agus aibíocht na ngas. Is ansin a bhíonn na bláthanna sna nóid chupúlta ag an mbarr go hiomlán oscailte agus a bhíonn cuma chruinn ar a gcuid barr. Is míchuí siosúr don ghearradh toisc dá n-úsáidfí iad go bpiocfaí gais nach bhfuil aibí, agus go dtiocfadh saintréithe orgánaileipteacha de cháilíocht níos ísle as. Is dea-chleachtas é freisin bothanna triomaithe gréine nó leictreacha a úsáid. Déantar an táirge ullmhaithe a phacáistiú in am trátha, laistigh de 1 go 5 lá, agus cion taise iarmharach aige nach mó ná 9-10 %. Stóráiltear é faoi dhálaí tirime agus dorcha. Nuair a nochtar don solas iad, cailleann na gais a ndath agus tagann meath ar a gcáilíocht.

Cuireann iarrachtaí go léir an duine maidir leis an luibh a shaothrú lena fás fiseolaíoch níos fearr agus níos faide, chomh maith le táirgeadh níos faide, agus sintéis níos faide ar shubstaintí bithghníomhacha. Toradh eile air sin is ea luachanna níos airde le haghaidh na bplandaí saothraithe.

5.3.   Saintréithe an táirge

Tá saintréithe sainiúla fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha in Странджански билков чай / Strandzhanski bilkov chay. Léiríonn na paraiméadair cheimiceacha gurb airde an céatadán de shubstaintí bithghníomhacha i bplandaí saothraithe i gcomparáid le plandaí fiáine.

I dtéarmaí speictreafótaiméadracha, tá a dhath de dhéine mheasartha: 12-18 n-aonad EBC (faoin gCoinbhinsiún Grúdaireachta Eorpach).

Tá gníomhaíocht ard frithocsaídeora ag an luibh, a bhíonn ann freisin nuair a óltar mar thae í.

Nuair a shaothraítear é, bíonn dea-bholadh i bhfad níos suntasaí ná luibheanna comhchosúla eile ar Странджански билков чай / Strandzhanski bilkov chay agus bíonn blas níos séimhe agus iomláine ar an tae a dhéantar as. Is é an fáth leis sin go bhfásann sé ag airde níos ísle (suas le 450 m) agus go ndéanann sé solas na gréine agus an teas a shintéisiú i gcainníochtaí níos mó agus ar feadh tréimhse níos faide.

5.4.   Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus cáilíocht nó saintréithe an táirge

Saintréithe de Strandzha, an limistéar geografach ina bhfástar an planda de ghéineas Sideritis, is ea na teochtaí séimhe a bhíonn ann ar feadh na bliana. Déantar na leibhéil is airde gréine a fhritháireamh i rith na bliana ag leoithní farraige teo, taise. Cabhraíonn na hithreacha alcaileacha in Strandzha le saothrú na luibhe sin. D’fhéadfadh carraigeacha aolchloiche ar mhórán mianraí a bheith sna hithreacha, agus súnn agus scaoileann siad go mall teas ón ngrian agus coinníonn siad taise. Cuireann ceonna go luath san earrach agus go deireanach san fhómhar, chomh maith le drúcht na maidine agus ceo ar laethanta tirime sa samhradh le hinbhuanaitheacht agus le marthanacht. Tarlaíonn an triomach sa limistéar geografach sin le linn na tréimhse nuair a bhíonn an planda faoi bhláth, agus an toradh air sin é carnadh substaintí aramatacha. Is fíor-riachtanach an meascán de na dálaí agrai-aeráide sin chun níos mó ná 20 substaint bithghníomhach sa phlanda a shintéisiú. Mar thoradh air sin, tá luachanna níos airde i ngníomhaíocht fhrithocsaídeora an tae.

Cuireann scileanna daonna maidir leis an luibh a shaothrú le sintéise níos faide ar shubstaintí bithghníomhacha, as a dtagann luachanna níos airde sna plandaí saothraithe. Baineann dea-chleachtas agus scileanna cruthaithe leis an bplanda a phiocadh de láimh, agus sobhristeacht agus aibíocht na ngas a bhrath. Mar thoradh air sin, bíonn saintréithe orgánaileipteacha níos fearr ag an tae. An tae a dhéantar as an bplanda de ghéineas Sideritis, bíonn dea-bholadh níos suntasaí agus blas níos séimhe air.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://www.mzh.government.bg/bg/politiki-i-programi/politiki-i-strategii/politiki-po-agrohranitelnata-veriga/zashiteni-naimenovaniya/strandzhanski-bilkov-chaj/


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1084/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top