This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1078
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1078 of 2 June 2025 establishing a derogation from Implementing Regulation (EU) 2019/2072 concerning the introduction into the Union territory of unrooted cuttings for planting of Calibrachoa spp., Petunia spp. and their hybrids from Guatemala
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1078 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2025 lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir le gearrthóga neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa spp. agus Petunia spp. agus a hibridí ó Ghuatamala a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1078 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2025 lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir le gearrthóga neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa spp. agus Petunia spp. agus a hibridí ó Ghuatamala a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais
C/2025/3321
IO L, 2025/1078, 3.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1078/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version:
02/03/2026
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1078 |
3.6.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1078 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Meitheamh 2025
lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir le gearrthóga neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa spp. agus Petunia spp. agus a hibridí ó Ghuatamala a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42a(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 7 i gcomhar le pointe 18 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 (2) ón gCoimisiún toirmeasctar plandaí le haghaidh plandú ón bhfine Solanaceae a thabhairt isteach san Aontas ó thríú tíortha áirithe. |
|
(2) |
Tá spéis léirithe ag roinnt Ballstát in allmhairiú gearrthóg neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa spp. agus Petunia spp. agus a hibridí (‘na plandaí sonraithe’) ó Ghuatamala, áit óna bhfuil toirmeasc ar thrádáil faoi láthair. Chuir na Ballstáit sin agus Guatamala sainchomhad teicniúil isteach lena n-áirítear na nósanna imeachta um na plandaí sonraithe a tháirgeadh i nGuatamala. |
|
(3) |
I mí na Nollag 2023, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca ar phlandaí neamhfhréamhaithe Petunia agus Calibrachoa ó Ghuatamala (3). |
|
(4) |
Shainaithin an tÚdarás Bactericera cockerelli (Šulc.), Bemisia tabaci Genn. (pobal neamh-Eorpach), Chloridea virescens Fabricius, Eotetranychus lewisi (McGregor), Epitrix cucumeris (Harris), Epitrix subcrinita (Lec.), Helicoverpa zea (Boddie), Liriomyza huidobrensis (Blanchard), Liriomyza sativae Blanchard, Liriomyza trifolii (Burgess), víreas mósáice órga an phlanda piobair, víreas féitheacha buí Uáisteiceach an phlanda piobair, Phenacoccus solenopsis Tinsley, Ralstonia pseudosolanacearum Safni et al., Ralstonia solanacearum (Smith) Yabuuchi et al. Emend. Safni et al., Spodoptera ornithogalli Guenée, víreas cuachta duilleog an phlanda scuaise, víreas cuachta duilleog trom an phlanda trátaí, víreas sleabhctha ballach an phlanda trátaí, víreas cuachta duilleog buí an phlanda trátaí agus Xanthomonas vescicatoria (ex Doidge) Vauterin et al. mar lotnaidí atá ábhartha do na plandaí sonraithe. |
|
(5) |
Rinne an tÚdarás meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca a bhfuil tuairisc orthu sa sainchomhad le haghaidh na lotnaidí a sainaithníodh agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht go mbeadh na plandaí sonraithe saor ó na lotnaidí sin. |
|
(6) |
Ar bhonn na tuairime sin, ba cheart na bearta atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an riosca a bhaineann leis na lotnaidí sin a ghlacadh mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta, chun a áirithiú go ndéanfar an riosca fíteashláintíochta a eascraíonn as na plandaí sonraithe a thabhairt isteach san Aontas a laghdú go leibhéal inghlactha. |
|
(7) |
Bactericera cockerelli (Šulc.), Bemisia tabaci Genn. (pobal neamh-Eorpach), Eotetranychus lewisi (McGregor), Helicoverpa zea (Boddie), Liriomyza sativae Blanchard, víreas mósáice órga an phlanda piobair, víreas féitheacha buí Uáisteiceach an phlanda piobair, Ralstonia pseudosolanacearum Safni et al., Ralstonia solanacearum (Smith) Yabuuchi et al. Emend. Safni et al., víreas cuachta duilleog an phlanda scuaise agus víreas cuachta duilleog trom an phlanda trátaí, liostaítear mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais iad in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Liostaítear Liriomyza huidobrensis (Blanchard) agus Liriomyza trifolii (Burgess) mar lotnaidí coraintín de chuid criosanna cosanta in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Epitrix cucumeris (Harris), Epitrix subcrinita (Lec.), tá siad faoi réir bhearta Chinneadh Cur Chun Feidhme 2012/270/AE (4) ón gCoimisiún agus Chloridea virescens Fabricius agus Spodoptera ornithogalli Guenée, tá siad faoi réir bhearta Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1941 (5) ón gCoimisiún. Ós rud é go bhfuil toirmeasc ann faoi láthair ar na plandaí sonraithe teacht isteach i gcríoch an Aontais, níl siad faoi réir cheanglais speisialta Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. |
|
(8) |
In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 liostaítear víreas sleabhctha ballach an phlanda trátaí, víreas cuachta duilleog buí an phlanda trátaí agus Xanthomonas vesicatoria (ex Doidge) Vauterin et al mar lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais le haghaidh tráchtearraí seachas plandaí Petunia spp. agus Calibrachoa spp. Ós rud é nár sainaithníodh na lotnaidí sin mar lotnaidí a bhfuil tionchar eacnamaíoch acu ar tháirgeadh Petunia spp. agus Calibrachoa spp. i gcríoch an Aontais, níor cheart iad a mheas mar lotnaidí sonraithe chun críocha an Rialacháin seo. |
|
(9) |
Ní liostaítear Phenacoccus solenopsis Tinsley mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, agus níor aimsíodh aon tionchar mór ar phlandaí óstacha atá ionfhabhtaithe leis an lotnaid sin i gcríoch an Aontais. Dá bhrí sin, níl gá le haon cheanglas allmhairiúcháin maidir leis an lotnaid sin. |
|
(10) |
Chun a áirithiú nach mbeidh riosca ann go dtabharfar isteach na lotnaidí sonraithe i gcríoch an Aontais, ba cheart na plandaí a fhás ó phlandaí de thionscnamh chríoch an Aontais chun láithreacht na lotnaidí san ábhar tosaigh a chosc. |
|
(11) |
Ba cheart plandaí sonraithe a tháirgeadh i láithreáin táirgthe atá formheasta ag Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta Ghuatamala maidir le táirgeadh na bplandaí sonraithe le haghaidh onnmhairiú chuig an Aontas agus sainaithnítear iad le cód inrianaitheachta uathúil chun gur féidir leis na húdaráis inniúla, i gcás ina n-aimsítear lotnaid shonraithe i bplanda sonraithe i gcríoch an Aontais, an láithreán táirgthe as an dtionscnaíonn an planda sonraithe sin a shainaithint. |
|
(12) |
Thairis sin, chun a áirithiú go mbeidh na plandaí sonraithe saor ó na lotnaidí sonraithe, ba cheart iad a fhás faoi chosaint fhisiciúil agus cigireacht a dhéanamh orthu sula n-onnmhaireofar iad. |
|
(13) |
Ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh siomptóim láithreacht na lotnaidí sonraithe le feiceáil go fóill ar na gearrthóga neamhfhréamhaithe a allmhairítear isteach san Aontas, tar éis iad a allmhairiú i gcríoch an Aontais ba cheart na plandaí sonraithe a phlandú agus a fhréamhú ag áitreabh oibreoirí gairmiúla atá údaraithe go sonrach chun pasanna plandaí a eisiúint le haghaidh na bplandaí sin atá de thionscnamh Ghuatamala nó oibreoirí gairmiúla ar ina leith a eisíonn na húdaráis inniúla na pasanna plandaí, ós rud é go ndéantar cigireachtaí oifigiúla rialta ar na hoibreoirí gairmiúla sin. Oibreoirí gairmiúla atá leis na plandaí sonraithe a fhás nó a fhréamhú, ba cheart dóibh na húdaráis inniúla a chur ar an eolas sula bhfaigheann siad na plandaí sonraithe ionas go mbeidh na húdaráis inniúla in ann na cigireachtaí oifigiúla a phleanáil go tráthúil. |
|
(14) |
Chun a chosc go n-aistreofar na plandaí sonraithe den chéad uair chuig áitreabh oibreoirí gairmiúla nach bhfuil údaraithe chun pasanna plandaí a eisiúint le haghaidh na bplandaí sonraithe, ba cheart don allmhaireoir doiciméad a chur ar fáil, doiciméad arna eisiúint ag an údarás inniúil lena ndeimhnítear go bhfuil na plandaí le haistriú chuig áitreabh oibreoirí gairmiúla atá údaraithe go sonrach chun pasanna plandaí a eisiúint le haghaidh plandaí a fhréamhaítear nó a fhástar ó na plandaí sonraithe, nó chuig áitreabh oibreoirí gairmiúla ar ina leith a eisíonn na húdaráis inniúla na pasanna plandaí le haghaidh na bplandaí sonraithe, de bhun Airteagal 89(1) de Rialachán (AE) 2016/2031. |
|
(15) |
Ós rud é nár tugadh isteach na plandaí sonraithe i gcríoch an Aontais go dtí seo agus nach bhfuil aon taithí ann ar an trádáil sin go fóill, tá riosca fíteashláintíochta ag gabháil leis na plandaí sonraithe nach bhfuil measúnú iomlán déanta go fóill air. Dá bhrí sin, ba cheart na ceanglais a fhoráiltear leis an Rialachán sin a bheith de chineál sealadach de bhun Airteagal 42a(1) de Rialachán (AE) 2016/2031. |
|
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘lotnaidí sonraithe’Bactericera cockerelli (Šulc.), Bemisia tabaci Genn., Chloridea virescens Fabricius, Eotetranychus lewisi (McGregor), Epitrix cucumeris (Harris), Epitrix subcrinita (Lec.), Helicoverpa zea (Boddie), Liriomyza huidobrensis (Blanchard), Liriomyza sativae Blanchard, Liriomyza trifolii (Burgess), víreas mósáice órga an phlanda piobair, víreas féitheacha buí Uáisteiceach an phlanda piobair, Ralstonia pseudosolanacearum Safni et al., Ralstonia solanacearum (Smith) Yabuuchi et al. Emend. Safni et al., Spodoptera ornithogalli Guenée, víreas cuachta duilleog an phlanda scuaise agus víreas cuachta duilleog trom an phlanda trátaí; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘plandaí sonraithe’ gearrthóga neamhfhréamhaithe a bhfuiltear le Calibrachoa spp. agus Petunia spp. agus a hibridí a phlandú, ar plandaí iad a fásadh i nGuatamala agus a díorthaíodh i líne dhíreach ó mháthairphlandaí a allmhairítear ón Aontas. |
Airteagal 2
Maolú ar an toirmeasc ar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais
De mhaolú ar phointe 18 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, ceadófar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais faoi réir chomhlíontacht na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo.
Airteagal 3
Ceanglais maidir leis na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus a ngluaiseacht laistigh de
1. Ní fhéadfar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach san Aontas ach amháin má chomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas:
|
(a) |
roimh thús na trádála; an liosta de bhearta atá beartaithe chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I a áirithiú, tá sé curtha in iúl i scríbhinn ag Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta Ghuatamala don Choimisiún; |
|
(b) |
an liosta de láithreáin táirgthe, in éineacht leis na cóid inrianaitheachta atá ag dul leo, atá formheasta chun na plandaí sonraithe a onnmhairiú chuig an Aontas an bhliain féilire dár gcionn, cuirfidh Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta Ghuatamala faoi bhráid an Choimisiúin é faoin 31 Nollaig gach bliain, agus cuirfidh sé aon leasú ar an liosta sin in iúl láithreach; |
|
(c) |
tuarascáil bhliantúil ar na gníomhaíochtaí a rinneadh sa bhliain féilire roimhe sin agus a bhfuil na heilimintí uile a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn I inti, cuirfidh Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta Ghuatamala faoi bhráid an Choimisiún í faoin 31 Márta gach bliain. |
2. Chun gur féidir na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, cuirfidh an t-oibreoir gairmiúil allmhairiúcháin doiciméad arna eisiúint ag an údarás inniúil i láthair lena ndeimhnítear go gcomhlíonann an t-oibreoir gairmiúil a fhaigheann na plandaí sonraithe na ceanglais a leagtar amach i mír 3.
3. Agus na plandaí sonraithe tugtha isteach san Aontas, ní fhéadfar iad a ghluaiseacht ach amháin chuig na háiteanna seo a leanas:
|
(a) |
áitreabh oibreoirí gairmiúla atá údaraithe go sonrach chun pasanna plandaí a eisiúint le haghaidh plandaí a fhréamhaítear nó a fhástar ó na plandaí sonraithe, de bhun Airteagal 89(1) de Rialachán (AE) 2016/2031; nó |
|
(b) |
áitreabh na n-oibreoirí gairmiúla ar ina leith a eisíonn na húdaráis inniúla na pasanna plandaí le haghaidh na bplandaí sonraithe. |
Sula bhfaigheann na hoibreoirí gairmiúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír na plandaí sonraithe, cuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas faoin dáta a bhfuil coinne leis go dtiocfaidh na plandaí sonraithe sin agus coimeádfaidh siad an cód inrianaitheachta dá dtagraítear i bpointe 1(c) (iii) d’Iarscríbhinn I.
4. Plandaí a fhréamhaítear nó a fhástar ó na plandaí sonraithe, coimeádfar scartha iad ó aon phlanda eile atá soghabhálach i leith na lotnaidí sonraithe. Déanfar cigireachtaí oifigiúla orthu ar a laghad uair amháin sula n-aistreofar iad den chéad uair amach as áitreabh an oibreora ghairmiúil lena mbaineann agus chomh gar agus is féidir go dtí an t-am a aistreofar iad. Mar chuid de na cigireachtaí sin, i gcás ina mbeidh amhras faoi ionfhabhtú, áireofar sampláil agus tástáil mhóilíneach le haghaidh víreas mósáice órga an phlanda piobair, víreas féitheacha buí Uáisteiceach an phlanda piobair, víreas cuachta duilleog an phlanda scuaise agus víreas cuachta duilleog trom an phlanda trátaí.
I gcás ina n-aimseofar lotnaidí sonraithe ar phlandaí a fhréamhaítear nó a fhástar ó na plandaí sonraithe, scriosfar láithreach ar a laghad na plandaí go léir a fhréamhaítear nó a fhástar ón luchtóg chéanna de phlandaí sonraithe, agus más iomchuí, déanfar an t-áitreabh a ghlanadh agus a dhíghalrú.
5. Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon uair a aimsíodh láithreacht lotnaide sonraithe ar na plandaí sonraithe, nó ar phlandaí a fhréamhaítear nó a fhástar ó na plandaí sonraithe. Cuirfidh an Coimisiún Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta Ghuatamala ar an eolas láithreach faoi.
I gcás ina gcuirfear Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta Ghuatamala ar an eolas faoi láithreacht lotnaide sonraithe ar phlandaí sonraithe nó ar phlandaí a fhréamhaítear nó a fhástar ó na plandaí sonraithe, ní fhormheasfar a thuilleadh an láithreán táirgthe as a dtionscnaíonn na plandaí sonraithe le haghaidh onnmhairiú chuig an Aontas agus bainfidh Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta Ghuatamala an láithreán táirgthe sin láithreach den liosta de láithreáin táirgthe formheasta dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), go dtí go léireofar go bhfuil saoirse lotnaidí ann an athuair.
Airteagal 4
Leasú ar Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072
Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 i gcomhréir leis an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige go dtí an 30 Aibreán 2028.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Meitheamh 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).
(3) Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí, 2024, Measúnú riosca tráchtearraí ar ghearradh neamhfhréamhaithe Petunia spp. agus Calibrachoa spp. ó Ghuatamala. (Iris EFSA 2024; 22:e8544, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8544).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/270/AE ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2012 maidir le bearta éigeandála chun cosc a chur ar thabhairt isteach agus ar leathadh Epitrix cucumeris (Harris), Epitrix similaris (Gentner), Epitrix subcrinita (Lec.) agus Epitrix tuberis (Gentner) laistigh den Aontas (IO L 132, 23.5.2012, lch. 18; ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2012/270/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1941 ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2022 maidir le toirmeasc ar lotnaidí áirithe a thabhairt isteach, a ghluaiseacht, a choinneáil, a iolrú nó a scaoileadh de bhun Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 268, 14.10.2022, lch. 13; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1941/oj).
IARSCRÍBHINN I
Ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 3 maidir le plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais
1.
Ní fhéadfar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais ach amháin má chomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas ina leith:|
(a) |
táirgeadh iad i láithreáin táirgthe a mbaineann na nithe seo a leanas leo:
|
|
(b) |
maidir leis na plandaí sonraithe:
|
|
(c) |
sular onnmhairíodh iad, rinneadh an méid seo a leanas i ndáil le gach luchtóg de phlandaí sonraithe ó gach láithreán táirgthe:
|
|
(d) |
tá deimhniú fíteashláintíochta ag gabháil leo arna eisiúint ag Eagraíocht Cosanta Plandaí Náisiúnta Ghuatamala, deimhniú lena ndeimhnítear comhlíontacht cheanglais an Rialacháin seo agus áirítear na nithe seo a leanas ann, faoin gceannteideal ‘Deimhniú breise’:
|
2.
Áireofar na nithe seo a leanas i gcás gach láithreán táirgthe sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na bliana féilire roimhe sin:|
(a) |
an líon plandaí sonraithe a onnmhairíodh chuig an Aontas; |
|
(b) |
forbhreathnú ar na cigireachtaí oifigiúla a rinneadh roimh an onnmhairiú; |
|
(c) |
láithreacht na lotnaidí sonraithe a aimsíodh; |
|
(d) |
an líon plandaí a scriosadh mar gheall ar amhras faoi inmhíolú nó inmhíolú leis na lotnaidí sonraithe; agus |
|
(e) |
na gníomhaíochtaí a rinneadh chun go mbeadh saoirse lotnaidí ann an athuair sa láithreán táirgthe agus chun atarlú na lotnaidí sonraithe a chosc. |
IARSCRÍBHINN II
I bpointe 18 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs an cholúin ‘Tuairisc’:
‘Plandaí le haghaidh plandú Solanaceae seachas síolta agus na plandaí a chumhdaítear le hiontrálacha 15, 16 nó 17 (*1)
(*1) cé is moite de na plandaí seo a leanas:’
|
— |
gearrthóga neamhfhréamhaithe a bhfuiltear le Calibrachoa spp. agus Petunia spp. agus a hibridí ón gCéinia a phlandú, gearrthóga a fhéadfar a thabhairt isteach san Aontas faoi réir na gceanglas a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1082 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2025 lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir le gearrthóga neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa spp. agus Petunia spp. agus a hibridí ón gCéinia a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais (IO L, 2025/1082, 3.6.2025, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1082/oj); |
|
— |
gearrthóga neamhfhréamhaithe a bhfuiltear le Calibrachoa spp. agus Petunia spp. agus a hibridí ó Ghuatamala a phlandú, gearrthóga a fhéadfar a thabhairt isteach san Aontas faoi réir na gceanglas a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1078 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2025 lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir le gearrthóga neamhfhréamhaithe le haghaidh plandú Calibrachoa spp. agus Petunia spp. agus a hibridí ó Ghuatamala a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais (IO L, 2025/1078, 3.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1078/oj).’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1078/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)