|
(2)
|
Leasaítear Cuid III mar a leanas:
|
(a)
|
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chodanna III.1.A, III.1.B, III.1.C:
‘CUID III.1.A
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR AONAIR FAOI CHOINNE INFHEISTÍOCHT RÉIGIÚNACH
Níl an bhileog faisnéise forlíontaí seo éigeantach. Moltar é a líonadh isteach, áfach, mar aon leis an bhfoirm 'Faisnéis Ghinearálta', chun fógra a thabhairt faoi aon chabhair infheistíochta aonair a chumhdaítear sna Treoirlínte maidir le Státchabhair réigiúnach is infheidhme ón 1 Eanáir 2022 (RAG).
(29)
|
1.1.
|
Na cúiseanna maidir le fógra a thabhairt faoin mbeart:
|
☐
|
Baineann an fógra le cabhair aonair arna deonú faoi scéim agus sáraíonn an chabhair ó gach foinse an tairseach fógartha. Soláthair tagairtí státchabhrach de na scéimeanna formheasta nó blocdhíolmhaithe lena mbaineann:
– …
|
|
☐
|
Baineann an fógra le cabhair aonair a deonaíodh lasmuigh de scéim (cabhair ad hoc).
|
|
☐
|
Baineann an fógra le cabhair a deonaíodh do thairbhí a chuir críoch leis an ngníomhaíocht chéanna nó gníomhaíocht chomhchosúil (30) in LEE sa dhá bhliain roimh dháta an iarratais ar chabhair nó tráth an iarratais ar chabhair a bhfuil rún aige críoch a chur leis an ngníomhaíocht sin laistigh de thréimhse 2 bhliain tar éis an infheistíocht atá le fóirdheonú a chur i gcrích.
|
|
|
1.2.
|
Raon feidhme an bhirt cabhrach a dtugtar fógra ina leith
|
|
1.2.1.
|
Deimhnigh nach gnólacht i gcruachás é an tairbhí (31)
…
|
|
1.2.2.
|
Soláthair cóip den fhoirm iarratais agus den (dréachtchomhaontú) chomhaontú deonaithe cabhrach.
|
|
2.
|
FAISNÉIS BHREISE MAIDIR LEIS AN TAIRBHÍ, LEIS AN TIONSCADAL INFHEISTÍOCHTA AGUS LEIS AN GCABHAIR
|
|
2.1.1.
|
Sonraigh faighteoir nó faighteoirí na cabhrach:
…
|
|
2.1.2.
|
Más rud é nach ionann céannacht dhlíthiúil fhaighteoir na cabhrach agus an gnóthas nó na gnóthais a mhaoiníonn an tionscadal nó tairbhí nó tairbhithe iarbhír na cabhrach, tabhair tuairisc ar na difríochtaí sin agus ainmnigh na gnóthais eile lena mbaineann.
…
|
|
2.1.3.
|
Tabhair tuairisc shoiléir ar an gcaidreamh idir an tairbhí, an grúpa fiontar lena mbaineann sé agus gnóthais chomhleacaithe eile, lena n-áirítear comhfhiontair.
…
|
|
2.2.
|
An tionscadal infheistíochta
|
|
2.2.1.
|
Soláthair an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an tionscadal infheistíochta a dtugtar fógra ina leith:
Dáta cur i bhfeidhm don chabhair:
Dáta tosaigh na n-oibreacha ar an tionscadal infheistíochta:
Dáta tosaigh na táirgeachta:
An dáta a shroichfear an acmhainneacht táirgeachta iomlán:
Cur i gcrích beartaithe an tionscadail infheistíochta:
|
|
2.2.2.
|
Má chumhdaítear san fhógra infheistíocht i limistéar ‘a’ nó infheistíocht arna déanamh ag FBM nó FBManna (32) i limistéar ‘c’ (mír 45 RAG), sonraigh an chatagóir nó na catagóirí den infheistíocht tosaigh lena mbaineann an fógra (mír 19(13) RAG):
|
☐
|
síneadh le hacmhainn bunaíochta atá ann cheana
|
|
☐
|
éagsúlú aschuir bunaíochta i dtáirgí nár táirgeadh roimhe sin sa bhunaíocht
|
|
☐
|
athrú ó bhonn ar phróiseas foriomlán táirgthe an táirge/na dtáirgí lena mbaineann an infheistíocht sa bhunaíocht
|
|
☐
|
éadáil sócmhainní ar le bunaíocht iad a dúnadh nó a dhúnfaí murar ceannaíodh í (33)
|
|
|
2.2.3.
|
Má chumhdaítear infheistíocht i limistéar ‘c’ san fhógra arna déanamh ag fiontar mór, sonraigh an chatagóir nó na catagóirí infheistíochta tosaigh lena mbaineann an fógra (mír 19(14) agus mír 14 RAG):
|
☐
|
éagsúlú gníomhaíochta bunaíochta, ar choinníoll nach ionann an ghníomhaíocht nua agus gníomhaíocht a rinneadh cheana féin sa bhunaíocht ná nach bhfuil cosúil le gníomhaíocht a rinneadh cheana féin sa bhunaíocht
|
|
☐
|
éagsúlú aschuir bunaíochta i dtáirgí nár táirgeadh roimhe sin sa bhunaíocht faoi na 3 choinníoll charnacha maidir le mír 14 RAG (34)
|
|
☐
|
athrú ó bhonn ar phróiseas foriomlán táirgthe an táirge/na dtáirgí lena mbaineann an infheistíocht sa bhunaíocht faoi na 3 choinníoll charnacha maidir le mír 14 RAG
|
|
☐
|
éadáil sócmhainní ar le bunaíocht iad a dúnadh nó a dhúnfaí murar ceannaíodh í, faoin gcoinníoll nach ionann an ghníomhaíocht nua a bheidh le déanamh agus na sócmhainní arna n-éadáil á n-úsáid agus gníomhaíocht a rinneadh cheana féin sa bhunaíocht ná nach bhfuil cosúil le gníomhaíocht a rinneadh cheana féin sa bhunaíocht roimh an éadáil (35)
|
|
|
2.2.4.
|
Tabhair tuairisc ghairid ar an tionscadal infheistíochta lena mínítear freisin conas a thagann an tionscadal lena mbaineann laistigh de cheann amháin nó níos mó de na catagóirí infheistíochta tosaigh a léirítear thuas:
…
|
|
2.3.
|
Costais incháilithe arna ríomh ar bhonn costais incháilithe
|
|
2.3.1.
|
Soláthair an miondealú seo a leanas ar na costais infheistíochta incháilithe iomlána sa luach ainmniúil agus lascainithe:
|
|
Costas incháilithe iomlán (ainmniúil)(°)
(36)
|
Costas incháilithe iomlán (lascainithe)(°)
(36)
|
|
Staidéir ullmhachta nó costais sainchomhairleoireachta atá nasctha leis an infheistíocht (FBManna amháin)
|
|
|
|
Talamh
|
|
|
|
Foirgnimh
|
|
|
|
Gléasra/innealra/trealamh
|
|
|
|
Sócmhainní doláimhsithe
|
|
|
|
Costas incháilithe iomlán
|
|
|
|
|
2.3.2.
|
Deimhnigh go bhfuil na sócmhainní a fuarthas ina sócmhainní nua (mír 27 RAG) (37).
…
|
|
2.3.3.
|
Soláthair fianaise le taispeáint i gcás FBManna nach bhfuil níos mó ná 50 % de na costais a bhaineann le staidéir ullmhachta nó costais sainchomhairleoireachta atá nasctha leis an infheistíocht áirithe sa chostas incháilithe (mír 28 RAG).
…
|
|
2.3.4.
|
Soláthair fianaise lena thaispeáint i gcás cabhrach arna deonú ar fhiontair mhóra le haghaidh athrú bunúsach ar an bpróiseas táirgthe gur mó na costais incháilithe ná dímheas na sócmhainní atá nasctha leis an ngníomhaíocht atá le nuachóiriú i rith na dtrí bliana fhioscacha roimhe sin (mír 29 RAG).
…
|
|
2.3.5.
|
Soláthair tagairt don bhunús dlí nó mínigh conas a áirithítear i gcás na cabhrach arna deonú le haghaidh éagsúlú bunaíochta atá ann cheana gur mó na costais incháilithe le 200 % ar a laghad ná luach de réir na leabhar na sócmhainní a athúsáidtear, mar a cláraíodh sa bhliain fhioscach roimh thús na n-oibreacha (mír 30 RAG). Más iomchuí, soláthair doiciméadacht ina bhfuil na sonraí cainníochtúla ábhartha.
…
|
|
2.3.6.
|
I gcásanna lena mbaineann léasú sócmhainní inláimhsithe, soláthair tagairt do na forálacha ábhartha sa bhunús dlí ina sonraítear go n-urramaítear na coinníollacha seo a leanas (mír 31 RAG) nó mínigh conas a urramaítear é sin ar shlí eile.
|
—
|
maidir le talamh agus foirgnimh, ní mór go mairfidh an léas go ceann 5 bliana ar a laghad tar éis dháta críochnaithe tuartha na hinfheistíochta d’fhiontair móra, agus 3 bliana do FBManna;
…
|
|
—
|
i gcás gléasra nó innealra, ní mór go mbeidh an léas i bhfoirm léasú airgeadais agus ní mór oibleagáid a bheith ann do thairbhí na cabhrach an tsócmhainn a cheannach ar dhul in éag théarma an léasa.
…
|
|
|
2.3.7.
|
Foráiltear i mír 32 RAG i gcás éadáil bunaíochta ‘i bprionsabal nár cheart ach na costais a bhaineann le sócmhainní a cheannach ó thríú páirtithe nach mbaineann leis an gceannaitheoir a chur san áireamh. Mar sin féin, má ghlacann duine de theaghlach an úinéara bunaidh, nó fostaí, ceannas ar fhiontar beag, ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll nach mór na sócmhainní a cheannach ó thríú páirtithe nach mbaineann leis an gceannaitheoir. Ní mór an t-idirbheart a dhéanamh faoi dhálaí an mhargaidh. Má tá infheistíocht bhreise atá cáilithe le haghaidh cabhair réigiúnach ag gabháil le fáil sócmhainní bunaíochta, ba cheart costais cháilithe na hinfheistíochta breise sin a chur leis na costais a bhaineann le sócmhainní na bunaíochta a fháil’.
Más ábhartha sa chás a cuireadh in iúl, mínigh le do thoil conas a comhlíonadh na coinníollacha sin, agus soláthair doiciméadacht tacaíochta ábhartha.
…
|
|
2.3.8.
|
Má áirítear sócmhainní doláimhsithe le na costais incháilithe don tionscadal infheistíochta, mínigh conas a áirithítear go n-urramófar na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 33-34 RAG (38). I gcásanna den sórt sin soláthair tagairt bheacht don fhoráil ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
2.4.
|
Costais incháilithe arna ríomh ar bhonn costais phá
|
|
2.4.1.
|
Le do thoil:
|
—
|
mínigh conas a suíodh costais incháilithe arna ríomh ar bhonn na gcostas pá (mír 35 RAG);
|
|
—
|
mínigh conas a ríomhadh líon na bpost a cruthaíodh ag tagairt do mír 19(16) RAG;
|
|
—
|
mínigh conas a suíodh costais phá na ndaoine a fostaíodh ag tagairt do mhír 19(33) RAG; agus
|
|
—
|
soláthair na ríomhanna agus an doiciméadacht ábhartha a thacaíonn leis na figiúirí.
…
|
|
|
2.5.
|
Ríomh na gcostas incháilithe lascainithe agus méid na cabhrach
|
|
2.5.1.
|
Líon isteach an tábla thíos le mionsonraí na gcostas incháilithe de réir chatagóir an chostais incháilithe a bheidh le híoc thar thréimhse iomlán an tionscadail infheistíochta:
|
|
Ainmniúil/ lascainithe
|
N-0 (39)
|
N+1 (39)
|
N+2 (39)
|
N+3 (39)
|
N+X (39)
|
Iomlán (39)
|
|
Ullmhúchán staidéir etc. (FBMAnna amháin)
|
Ainmniúil
|
|
|
|
|
|
|
|
Lascainithe
|
|
|
|
|
|
|
|
Talamh
|
Ainmniúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lascainithe
|
|
|
|
|
|
|
|
Foirgnimh
|
Ainmniúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lascainithe
|
|
|
|
|
|
|
|
Gléasra/innealra/
|
Ainmniúil
|
|
|
|
|
|
|
|
trealamh
|
Lascainithe
|
|
|
|
|
|
|
|
Sócmhainní doláimhsithe
|
Ainmniúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lascainithe
|
|
|
|
|
|
|
|
Costais phá
|
Ainmniúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lascainithe
|
|
|
|
|
|
|
|
Eile (sonraigh le do thoil)
|
Ainmniúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lascainithe
|
|
|
|
|
|
|
|
Iomlán
|
Ainmniúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lascainithe
|
|
|
|
|
|
|
Cuir in iúl an dáta a lascainíodh na méideanna, chomh maith leis an ráta lascainithe a úsáideadh (40):
…
|
|
2.5.2.
|
Líon isteach an tábla thíos leis na mionsonraí maidir leis an gcabhair a dtugtar fógra ina leith (a bheidh) le deonú don tionscadal infheistíochta trí thagairt don fhoirm iarratais ar chabhair:
|
|
Ainmniúil/ lascainithe
|
N-0 (41)
|
N+1 (41)
|
N+2 (41)
|
N+3 (41)
|
N+X (41)
|
Iomlán (41)
|
|
Deontas
|
Ainmniúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lascainithe
|
|
|
|
|
|
|
|
Iasacht
|
Ainmniúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lascainithe
|
|
|
|
|
|
|
|
Ráthaíocht
|
Ainmniúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lascainithe
|
|
|
|
|
|
|
|
Buntáiste chánach
|
Ainmniúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lascainithe
|
|
|
|
|
|
|
|
…
|
Ainmniúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lascainithe
|
|
|
|
|
|
|
|
…
|
Ainmniúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lascainithe
|
|
|
|
|
|
|
|
Iomlán
|
Ainmniúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lascainithe
|
|
|
|
|
|
|
Cuir in iúl an dáta a lascainíodh na méideanna, chomh maith leis an ráta lascainithe a úsáideadh:
…
Maidir le gach foirm chabhrach a luaitear sa tábla thuas, léirigh conas a ríomhtar coibhéis an deontais:
|
Iasacht ar lacáiste:
…
|
|
Ráthaíocht:
…
|
|
Laghdú cánach:
…
|
|
Eile:
…
|
|
|
2.5.3.
|
Mura bhfuil aon cheann de na bearta cabhrach a bheidh le deonú i gcomhair an tionscadail sainithe go fóill, cuir é sin in iúl le do thoil, agus mínigh conas a áiritheoidh an t-údarás deonaithe go mbeidh aird ar an uasdéine cabhrach is infheidhme (míreanna 93 agus 94 RAG):
…
|
|
2.5.4.
|
An bhfuil an tionscadal cómhaoinithe ó aon cheann de Chistí an Aontais atá curtha chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte (na ‘Cistí’)? Más amhlaidh, tabhair míniú faoin gclár faoina bhfaighfear an maoiniú sin. Léirigh freisin méid an mhaoinithe ó na Cistí a bheidh i gceist.
…
|
|
2.5.5.
|
Má fuair an tairbhí (ar leibhéal an ghrúpa) cabhair i gcomhair ceann amháin (nó níos mó) de na hinfheistíochtaí tosaigh a bhaineann leis an ngníomhaíocht chéanna nó le gníomhaíocht chomhchosúil a tosaíodh sa réigiún NUTS 3 céanna i dtréimhse trí bliana roimh dháta tosaigh oibreacha an tionscadail infheistíochta ar tugadh fógra ina leith (mír 19(27) RAG), tabhair sonraí faoi na bearta cabhrach, le do thoil, maidir le gach ceann de na hinfheistíochtaí tosaigh a bhfuarthas cabhair ina leith roimhe seo (lena n-áirítear tuairisc ghairid ar an tionscadal infheistíochta, dáta an iarratais ar chabhair, an dáta a deonaíodh an chabhair, dáta tosaithe na n-oibreacha, méid nó méideanna na cabhrach agus na costais incháilithe (42)).
|
|
Costas infheistíochta incháilithe (43)
|
Méid cabhrach a deonaíodh (43)
|
Dáta an iarratais
|
Dáta a deonaíodh an chabhair
|
Dáta tosaigh na hoibre
|
Tuairisc ghairid
|
Tagairt(í) na cabhrach
|
|
Infheistíocht tosaigh Thionscadal 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Infheistíocht tosaigh Tionscadal 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Infheistíocht tosaigh Thionscadal 3
|
|
|
|
|
|
|
|
|
…
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
2.5.6.
|
Deimhnigh nach sáraíonn méid iomlán na cabhrach a dheonófar i leith an tionscadail infheistíochta tosaigh an méid a eascraíonn as an ‘uasteorainn cabhrach‘ (mar a shainítear i mír 19(19) RAG), agus an déine cabhrach mhéadaithe do FBManna (mar a chinntear i mír 186 RAG) agus an ‘méid cabhrach coigeartaithe’ (mar a shainítear i mír 19 (3) RAG), á gcur san áireamh, i gcás inarb infheidhme. Soláthair doiciméadacht agus ríomhanna ábhartha ar fáil chun tacú leis an deimhniú sin.
…
|
|
2.5.7.
|
Deimhnigh, le do thoil, nach sárófar an t-uasmhéid cabhrach formheasta i luach lascainithe, ná an déine cabhrach formheasta má imíonn méid na gcostas incháilithe ón méid ar tugadh fógra ina leith.
|
|
2.5.8.
|
I gcás ina ndéanfar an chabhair a bheidh le deonú i gcomhair an tionscadail infheistíochta a dheonú faoi roinnt scéimeanna cabhrach réigiúnacha nó a charnadh le cabhair ad hoc, deimhnigh go bhfuil an uasteorainn cabhrach is incheadaithe a fhéadfar a dheonú i gcomhair an tionscadail ríofa roimh ré ag an gcéad údarás deonaithe agus sonraigh an uasteorainn cabhrach sin. Mínigh conas a áiritheoidh na húdaráis deonaithe cabhrach go dtabharfar aird ar an uasdéine cabhrach (mír 99 RAG).
|
|
2.5.9.
|
Má tá an infheistíocht tosaigh nasctha le tionscadal um Chomhar Críochach Eorpach (CCE) mínigh le tagairt do na forálacha a leagtar amach i mír 100 RAG conas a shuítear an uasteorainn cabhrach is infheidhme maidir leis an tionscadal agus na tairbhithe difriúla lena mbaineann.
…
|
|
3.
|
MEASÚNÚ COMHOIRIÚNACHTA AN BHIRT
|
|
3.1.
|
Rannchuidiú le forbairt réigiúnach, éifeachtaí dearfacha agus an gá atá le hidirghabháil Stáit
|
|
3.1.1.
|
Le do thoil:
|
—
|
léirigh suíomh beacht an tionscadail dá dtugtar cabhair (i.e. an ceantar agus NUTS 2 nó 3 lena mbaineann an ceantar);
|
|
—
|
soláthair sonraí maidir lena stádas cabhrach réigiúnaí sa léarscáil cabhrach réigiúnaí reatha (i.e. an bhfuil sé i limistéar atá incháilithe do chabhair réigiúnach faoi Airteagal 107(3), pointí ( a) nó (c)); agus
|
|
—
|
tabhair an uasteorainn cabhrach is infheidhme maidir le fiontair mhóra,
…
|
|
|
3.1.2.
|
Mínigh conas a chuirfidh an chabhair le forbairt réigiúnach agus, más infheidhme, cad iad na héifeachtaí dearfacha eile a sholáthrófar leis an gcabhair? (44)
…
|
|
3.1.3.
|
Má bhaineann an fógra le hiarratas aonair ar chabhair faoi scéim, mínigh conas a rannchuidíonn an tionscadal i dtreo chuspóir na scéime agus soláthair doiciméid tacaíochta ábhartha (mír 46 RAG)?
…
|
|
3.1.4.
|
Má bhaineann an fógra le cabhair ad hoc, mínigh conas a rannchuidíonn an tionscadal i dtreo straitéis forbartha an limistéir lena mbaineann agus soláthair doiciméid tacaíochta ábhartha (mír 53 RAG)?
…
|
|
3.1.5.
|
Mínigh conas a chuirtear an fhoráil chun feidhme lena gceanglaítear go gcothófar an infheistíocht sa limistéar lena mbaineann ar feadh 5 bliana ar a laghad (3 bliana le haghaidh FBManna) tar éis é a chríochnú (mír 47 RAG). Soláthair an tagairt don fhoráil ábhartha sa bhunús dlí (an conradh deonaithe cabhrach, mar shampla).
…
|
|
3.1.6.
|
I gcásanna ina ríomhtar an chabhair ar bhonn costais phá, mínigh conas a dhéanfar an fhoráil lena gceanglaítear go gcruthaítear poist laistigh de thrí bliana ó chur i gcrích na hinfheistíochta agus go ndéanfar gach post arna chruthú leis an infheistíocht a choinneáil ar bun laistigh den limistéar ar feadh tréimhse cúig bliana (trí bliana i gcás FBManna) ón dáta a líonfar an post ar dtús go gcuirfear chun feidhme é (mír 36 RAG). Soláthair an tagairt don fhoráil ábhartha sa bhunús dlí (an conradh deonaithe cabhrach, mar shampla).
…
|
|
3.1.7.
|
Soláthair tagairt don bhunús dlí nó taispeáin go gcaithfidh an faighteoir (na faighteoirí) ranníocaíocht 25 % ar a laghad de na costais incháilithe a dhéanamh, trína chuid acmhainní dílse nó trí mhaoiniú seachtrach, i bhfoirm atá díolmhaithe ó aon tacaíocht airgeadais phoiblí. (45) (mír 48 RAG)
…
|
|
3.1.8.
|
An ndearna tú nó an ngeallann tú go ndéanfaidh tú Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (‘MTC’) le haghaidh na hinfheistíochta? (mír 49 RAG)?
|
☐
|
Ní dhearna/ní gheallann
|
Mura ndearna tú nó mura ngeallann tú, mínigh cén fáth nach gceanglaítear MTC le haghaidh an tionscadail seo
…
|
|
3.2.
|
Éifeacht dreasachta an bhirt
|
|
3.2.1.
|
Deimhnigh nár thosaigh na hoibreacha ar an infheistíocht aonair ar tugadh fógra ina leith ach amháin tar éis an t-iarratas ar an gcabhair a chur isteach (mír 62 RAG). Soláthair cóip den iarratas ar chabhair a sheol an tairbhí chuig an údarás deonaithe agus fianaise dhoiciméadach den dáta ar ar cuireadh tús leis na hoibreacha.
…
|
|
3.2.2.
|
Mínigh éifeacht dreasachta na cabhrach trí thuairisc a thabhairt ar an gcás frithfhíorasach le tagairt do cheann den dá chás fhéideartha a leagtar amach i mír 59 RAG.
…
|
|
3.2.3.
|
Má dheonaítear an chabhair réigiúnach trí chistí an bheartais chomhtháthaithe nó trí CETFT i limistéir ‘a’ i gcomhair infheistíochtaí atá riachtanach chun caighdeáin a leagtar síos le dlí an Aontais a bhaint amach, mínigh an méid seo a leanas (agus soláthair doiciméadacht tacaíochta):
|
—
|
Cad é an caighdeán atá i gceist?
|
|
—
|
Cén fáth a bhfuil an infheistíocht riachtanach chun an caighdeán a bhaint amach?
|
|
—
|
Cén fáth nach mbeadh sé brabúsach go leor don tairbhí, gan an chabhair, an infheistíocht a dhéanamh sa limistéar lena mbaineann (mír 61 RAG)
|
…
|
|
3.3.1.
|
Má bhaineann an fógra le cabhair ad hoc, taispeáin conas a áirithítear forbairt an limistéir lena mbaineann níos fearr le cabhair den sórt sin i gcomparáid le cabhair faoi scéim nó cineálacha eile beart (mír 83 RAG):
…
|
|
3.3.2.
|
Má dheonaítear an chabhair i bhfoirmeacha lena soláthraítear buntáiste airgid díreach (46), léirigh cén fáth nach iomchuí foirmeacha eile cabhrach nach bhfuil chomh saobhach sin, b’fhéidir, amhail airleacain inaisíoctha nó foirmeacha cabhrach atá bunaithe ar ionstraimí fiachais nó cothromais (47) (mír 85 RAG):
…
|
|
3.4.
|
Comhréireacht an bhirt
|
|
3.4.1.
|
I gcásanna Chás 1, soláthair an fhaisnéis seo a leanas (nó féach na codanna ábhartha den chás fhrithfhíorasach) (mír 96 RAG):
|
—
|
ráta toraidh inmheánach na hinfheistíochta ('IRR') a ríomh leis an gcabhair agus gan an chabhair (48):
…
|
|
—
|
faisnéis maidir leis na tagarmharcanna ábhartha don chuideachta (gnáthrátaí toraidh arna n-iarraidh ag an tairbhí chun tabhairt faoi thionscadail chomhchosúla, costas caipitil na cuideachta trí chéile, tagarmharcanna ábhartha an tionscail, mar shampla):
…
|
|
—
|
míniú ar an bhfáth, ar bhonn an mhéid thuas, arb ionann an chabhair agus an t-íosmhéid is gá chun go mbeidh an tionscadal sách brabúsach:
…
|
|
|
3.4.2.
|
I gcásanna Chás 2, soláthair an fhaisnéis seo a leanas (nó féach na codanna ábhartha den chás fhrithfhíorasach) (mír 97 RAG):
|
—
|
ríomh na difríochta idir Glanluach Reatha (‘NPV’) na hinfheistíochta sa sprioclimistéar agus Glanluach Reatha na hinfheistíochta sa suíomh malartach (49):
…
|
|
—
|
na paraiméadair go léir a úsáidtear don ríomh thuas (i measc nithe eile an t-achar ama lena mbaineann, an ráta lascaine a úsáideadh, etc.):
…
|
|
—
|
mínigh an fáth, ar bhonn an mhéid thuas, nach sáraíonn an chabhair an difríocht idir Glanluach Reatha na hinfheistíochta sa sprioclimistéar agus an Glanluach reatha sa suíomh malartach:
…
|
|
|
3.5.
|
Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus ar thrádáil
Sainmhíniú ar an margadh ábhartha:
|
|
3.5.1.
|
Soláthair an fhaisnéis a shonraítear thíos chun an margadh (na margaí) táirgí lena mbaineann a shainaithint (i.e. táirgí ar a dtéann an t-athrú ar iompar thairbhí na cabhrach i gcion ) agus na hiomaitheoirí agus custaiméirí/tomhaltóirí dá ndéantar difear a shainaithint (RAG míreanna 124 agus 125):
|
—
|
Sonraigh an táirge (na táirgí) go léir a tháirgfear sa bhunaíocht chuidithe ar thabhairt i gcrích na hinfheistíochta agus cuir in iúl, i gcás inarb iomchuí, an cód NACE nó an cód Prodcom nó ainmníocht CPA le haghaidh tionscadal sna hearnálacha seirbhíse.
…
|
|
—
|
Sonraigh le do thoil an gcuirfear na táirgí atá beartaithe leis an tionscadal in ionad aon táirgí eile a tháirgeann an tairbhí (ar leibhéal an ghrúpa). Cén táirge (táirgí) ar a dtiocfaidh sé in ionad? Mura ndéantar na táirgí ionadaithe a tháirgeadh ag suíomh an tionscadail, cuir in iúl cá háit a bhfuil siad á dtáirgeadh faoi láthair. Soláthair tuairisc ar an nasc atá idir an táirgeacht arna hionadú agus an infheistíocht reatha agus tabhair sceideal ama don ionadú.
…
|
|
—
|
Léirigh cén táirge (táirgí) eile is féidir a tháirgeadh leis na saoráidí nua céanna (trí sholúbthacht shuiteálacha táirgeachta an tairbhí) ar bheagán costais nó gan aon chostas breise.
…
|
|
—
|
Mínigh, le do thoil, an le táirge idirmheánach a bhaineann an tionscadal, agus an ndíoltar cuid shuntasach den aschur ar shlí eile seachas ar an margadh (faoi dhálaí margaidh). Bunaithe ar an míniú thuas, chun an sciar den mhargadh a ríomh agus an méadú acmhainneachta sa chuid eile den roinn sin, léirigh an ionann an táirge lena mbaineann agus an táirge atá beartaithe leis an tionscadal, nó an táirge iartheachtach é.
…
|
|
—
|
Sonraigh an margadh/na margaí ábhartha táirgí. Cuimsíonn margadh ábhartha táirge an táirge lena mbaineann agus a chuid ionadaithe ar thaobh an éilimh, i.e. táirgí a mheasann an tomhaltóir gur táirgí den sórt sin iad (de bharr saintréithe, praghsanna agus úsáid bheartaithe an táirge) agus a gcuid ionadaithe ar thaobh an tsoláthair, i.e. táirgí a measann táirgeoirí gur táirgí den sórt sin iad (trí sholúbthacht shuiteálacha táirgeachta an tairbhí agus a chuid iomaitheoirí). Léirigh cad a mheasann tú mar ionadaigh thaobh an éilimh de agus thaobh an tsoláthair de sa chás seo. Soláthair fianaise, ó thríú páirtí neamhspleách más féidir, chun tacú le do chonclúidí maidir leis an bpointe seo.
…
|
|
|
3.5.2.
|
Soláthair faisnéis, agus fianaise thacaíochta, maidir le margadh tíreolaíoch ábhartha an tairbhí:
…
Maidir le cásanna chás 1
(50)
Cumhacht Mhargaidh (míreanna 108 agus 127 RAG):
|
|
3.5.3.
|
Soláthair an fhaisnéis seo a leanas maidir le suíomh an tairbhí ar an margadh (thar thréimhse ama roimh an chabhair a fháil agus an suíomh ar an margadh a bhfuil coinne leis tar éis an infheistíocht a chur i gcrích) (mír 133 RAG):
|
—
|
meastachán ar dhíolacháin uile (i dtéarmaí luacha agus toirte) fhaighteoir na cabhrach sa mhargadh ábhartha (ar leibhéal grúpa).
…
|
|
—
|
meastachán ar dhíolacháin fhoriomlána na dtáirgeoirí uile sa mhargadh ábhartha (i dtéarmaí luacha agus toirte). Má tá sé ar fáil, áirigh staidreamh arna ullmhú ag foinsí poiblí agus/nó neamhspleácha.
…
|
|
|
3.5.4.
|
Soláthair measúnú de struchtúr an mhargaidh ábhartha lena n-áirítear, mar shampla, an leibhéal comhchruinnithe sa mhargadh, bacainní féideartha ar iontráil, cumhacht an cheannaitheora agus bacainní ar leathnú nó scoir. Soláthair fianaise, ó thríú páirtí neamhspleách más féidir, chun tacú le do chonclúidí maidir leis an bpointe seo.
…
Acmhainneacht (mír 127(1) RAG): …
|
|
3.5.5.
|
Soláthair meastachán den acmhainneacht táirgeachta bhreise arna cruthú ag an infheistíocht (i dtéarmaí toirte agus luacha):
…
Maidir le gach cás
Éifeachtaí diúltacha follasach: …
|
|
3.5.6.
|
I gcásanna chás 1, soláthair an fhaisnéis seo a leanas, agus fianaise thacaíochta, maidir leis an margadh táirgí ábhartha: (51)
|
—
|
Ó pheirspictíocht fhadtéarmach, an bhfuil meath absalóideach go struchtúrtha ar an margadh ábhartha (i.e. an bhfuil ráta fáis diúltach á léiriú aige)? (mír 130 RAG)
…
|
|
—
|
An bhfuil meath coibhneasta ag teacht ar an margadh ábhartha (i.e. an é go bhfuil ráta fáis dearfach á léiriú, ach gur ráta é nach sáraíonn ráta fáis tagarmhairc)? (mír 130 RAG)
…
|
|
|
3.5.7.
|
I gcásanna chás 2, cuir in iúl an amhlaidh, in éagmais na cabhrach, a bheadh an infheistíocht lonnaithe i limistéar le déine cabhrach réigiúnach atá níos airde nó mar an gcéanna leis an sprioclimistéar? (mír 117 RAG) Tabhair fianaise chun tacú le do sheasamh.
…
|
|
3.5.8.
|
Deimhnigh an bhfuil ráiteas curtha isteach ag an tairbhí ina ndearbhaíonn sé, ar leibhéal an ghrúpa, nár chuir sé críoch le gníomhaíocht den chineál céanna nó gníomhaíocht chomhchosúil in LEE sa 2 bhliain roimh an iarratas ar chabhair agus nach bhfuil sé i gceist aige críoch a chur leis an ngníomhaíocht chéanna nó le gníomhaíocht chomhchosúil in LEE sa 2 bhliain tar éis an infheistíocht a chur i gcrích (mír 118 RAG).
Má cuireadh ráiteas den sórt sin ar fáil, cuir cóip den ráiteas i gceangal leis an bhfógra, le do thoil. Murar cuireadh, mínigh an fáth nár cuireadh.
…
|
|
3.5.9.
|
Má chuir an tairbhí ar leibhéal grúpa críoch leis an ngníomhaíocht chéanna nó gníomhaíocht chomhchosúil i limistéar eile in LEE sa 2 bhliain roimh an iarratas ar chabhair, nó go bhfuil sé beartaithe aige amhlaidh a dhéanamh sa 2 bhliain tar éis an infheistíocht a chur i gcrích, agus gur athlonnaigh sé an ghníomhaíocht sin chuig an sprioc-limistéar, nó go bhfuil sé beartaithe aige amhlaidh a dhéanamh, mínigh cén fáth a measann sé nach bhfuil aon chúisíocht idir an chabhair agus an t-athshocrú (mír 118 RAG).
…
|
|
3.5.10.
|
Mínigh cé acu a chaillfí nó nach gcaillfí líon substaintiúil post i suíomhanna atá ann cheana laistigh de LEE mar thoradh díreach na státchabhrach. Dá gcaillfí líon substaintiúil post i suíomhanna atá ann cheana laistigh de LEE mar thoradh ar an státchabhair, cuir in iúl a líon agus a gcion i gcomparáid leis an bhfostaíocht iomlán sa suíomh (suíomhanna) lena mbaineann.
…
|
|
4.1.
|
Deimhnigh go ndéanfar téacs iomlán an chinnidh ar dheonú cabhrach aonair nó na scéime formheasta cabhrach agus a forálacha cur chun feidhme, nó nasc chuici agus faisnéis faoi gach deonú aonair cabhrach níos mó ná EUR 100 000, a fhoilsiú trí úsáid a bhaint as an struchtúr in Iarscríbhinn VIII i Modúl Dámhachtana um Thrédhearcacht (TAM) an Choimisiúin Eorpaigh nó ar shuíomh gréasáin cuimsitheach státchabhrach, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach (52) laistigh de shé mhí ó dháta um dheonú na cabhrach nó, le haghaidh cabhrach i bhfoirm buntáistí cánach, laistigh de bhliain amháin ón dáta a bhfuil an dearbhú cánach dlite.
|
|
4.2.
|
Soláthair tagairtí do na forálacha ábhartha sa bhunús dlí lena leagtar síos gur cheart don údarás deonaithe an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad maidir leis na scéimeanna státchabhrach dá dtugtar fógra ar an Modúl Dámhachtana um Thrédhearcacht (TAM) nó ar shuíomh gréasáin cuimsitheach státchabhrach, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach (53): téacs na scéime cabhrach faoina dtugtar fógra agus na forálacha cur chun feidhme, an t-údarás deonaithe, na tairbhithe aonair, an méid cabhrach in aghaidh an tairbhí, agus déine na cabhrach. (mír 136 RAG)
Mura bhfuil na forálacha sin i bhfeidhm, mínigh an fáth nach bhfuil. Mar an gcéanna, mura bhfuil forálacha den sórt sin sa bhunús dlí don scéim ar tugadh fógra ina leith, ach go bhfuil siad i ndoiciméid reachtacha eile, léirigh é sin le do thoil.
…
|
|
4.3.
|
Déan tagairtí do na forálacha ábhartha sa bhonn dlíthiúil lena leagtar síos go gcuirfear an fhaisnéis thuasluaite ar fáil don phobal i gcoitinne gan srianta ar feadh 10 mbliana ar a laghad ó dháta um dheonú na cabhrach. (mír 140 RAG).
|
|
5.
|
TUAIRISCIÚ AGUS FAIREACHÁN
|
|
5.1.
|
Deimhnigh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/1589 agus Rialachán (CE) Uimh. 794/2004, go gcuirfear na tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin.
|
|
5.2.
|
Deimhnigh go gcoinneoidh tú taifid mhionsonraithe ar feadh 10 mbliana ar a laghad ó dháta um dheonú na cabhrach ina mbeidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht tacaíochta is gá lena dheimhniú go gcomhlíontar na coinníollacha comhoiriúnachta go léir, agus go gcuirfear na taifid sin ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó.
|
CUID III.1.B
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE SCÉIMEANNA CABHRACH FAOI CHOINNE INFHEISTÍOCHT RÉIGIÚNACH.
Níl an bhileog faisnéise forlíontaí seo éigeantach. Moltar é a líonadh isteach, áfach, mar aon leis an bhfoirm 'Faisnéis Ghinearálta', chun fógra a thabhairt faoi aon chabhair infheistíochta aonair a chumhdaítear sna Treoirlínte maidir le Státchabhair réigiúnach is infheidhme ón 1 Eanáir 2022 (RAG).
(54)
|
1.1.
|
Cúiseanna leis an scéim a chur in iúl in ionad í a chur i bhfeidhm faoi Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (‘GBER’) (55)
nó Rialachán de minimis
(56)
:
|
☐
|
Baineann an fógra le scéim earnála. Sa chás sin, sonraigh an earnáil a chumhdaíonn an scéim (cód NACE):
…
|
|
|
1.2.
|
Raon feidhme na scéime a dtugtar fógra ina leith
|
|
1.2.1.
|
Deimhnigh go gcuimsítear sa bhunús dlí don scéim ar tugadh fógra ina leith oibleagáid fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le cabhair aonair do thairbhí i gcás go sáraíonn an chabhair ó gach foinse an tairseach fógartha aonair atá leagtha síos i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (‘GBER’) le haghaidh cabhair faoi choinne infheistíochta réigiúnach (mír 22 RAG)
Soláthair an tagairt don fhoráil ábhartha den bhunús dlí:
…
|
|
1.2.2.
|
Deimhnigh go gcuimsítear sa bhunús dlí atá leis an scéim a dtugtar fógra ina leith oibleagáid fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chabhair aonair do thairbhí mura bhfuil sé deimhnithe (1) nach ndearna sé, sa dá bhliain roimh an iarratas ar chabhair, athlonnú go dtí an bhunaíocht ina ndéanfar an infheistíocht tosaigh dár deonaíodh cabhair agus (2) nach bhfuil sé geallta aige athlonnú den sórt sin a dhéanamh go ceann tréimhse dhá bhliain i ndiaidh an infheistíocht tosaigh a thabhairt chun críche. (mír 23 RAG)
|
|
1.2.3.
|
Soláthair an tagairt don fhoráil ábhartha den bhunús dlí:
…
|
|
1.2.4.
|
Deimhnigh go bhforáiltear sa scéim cabhrach faoina dtugtar fógra nach ndeonófar aon chabhair faoi choinne infheistíocht réigiúnach do chatagóirí cuideachtaí agus earnálacha liostaithe thíos? I ngach cás, liostaigh an fhoráil ábhartha sa bhunús dlí den scéim.
|
Catagóirí cuideachtaí agus earnálacha eisiata
|
An fhoráil ábhartha sa bhunús dlí den scéim
|
|
Gnólachtaí atá i gcruachás (57)
|
|
|
An earnáil cruach (58)
|
|
|
Earnáil na ligníte (59)
|
|
|
An earnáil guail (60)
|
|
|
Iascaigh agus dobharshaothrú (61)
|
|
|
Talmhaíocht (62)
|
|
|
Próiseáil agus/nó margú na dtáirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (63) chuig na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I
|
|
|
Iompar (64)
|
|
|
Leathanbhanda (65)
|
|
|
Fuinneamh (66)
|
|
|
|
2.
|
INFHEISTÍOCHT TOSAIGH, COSTAIS INCHÁILITHE AGUS CABHAIR
|
|
2.1.
|
Cineálacha infheistíochtaí tosaigh a chumhdaítear faoin scéim
|
|
2.1.1.
|
I gcás go gcumhdaítear faoin scéim infheistíochtaí i limistéir 'a' arna ndéanamh ag FBManna nó Fiontair Mhóra (67) nó infheistíochtaí arna ndéanamh ag FBM/FBManna i limistéir ‘c’ (mír 45 RAG), sonraigh an chatagóir/na catagóirí infheistíochta tosaigh lena mbaineann an fógra (mír 19(13) RAG):
|
☐
|
síneadh le hacmhainn bunaíochta atá ann cheana
|
|
☐
|
éagsúlú aschuir bunaíochta i dtáirgí nár táirgeadh roimhe sin sa bhunaíocht
|
|
☐
|
athrú ó bhonn ar phróiseas foriomlán táirgthe an táirge/na dtáirgí lena mbaineann an infheistíocht sa bhunaíocht
|
|
☐
|
éadáil sócmhainní ar le bunaíocht iad a dúnadh nó a dhúnfaí murar ceannaíodh í (68).
|
|
|
2.1.2.
|
I gcás ina gcumhdaítear infheistíochtaí i limistéir ‘c’ arna ndéanamh ag Fiontair Mhóra faoin scéim, sonraigh an chatagóir nó na catagóirí infheistíochta tosaigh lena mbaineann an fógra (mír 19(14) agus mír 14 RAG):
|
☐
|
éagsúlú gníomhaíochta bunaíochta, ar choinníoll nach ionann an ghníomhaíocht nua agus gníomhaíocht a rinneadh cheana féin sa bhunaíocht ná nach bhfuil cosúil le gníomhaíoch (69) a rinneadh cheana féin sa bhunaíocht
|
|
☐
|
éadáil sócmhainní ar le bunaíocht iad a dúnadh nó a dhúnfaí murar ceannaíodh í, faoin gcoinníoll nach ionann an ghníomhaíocht nua a bheidh le déanamh agus na sócmhainní arna n-éadáil á n-úsáid agus gníomhaíocht a rinneadh cheana féin sa bhunaíocht ná nach bhfuil cosúil le gníomhaíocht a rinneadh cheana féin sa bhunaíocht roimh an éadáil (70)
|
|
|
2.2.
|
Costais incháilithe arna ríomh ar bhonn costais incháilithe
|
|
2.2.1.
|
I gcás ina mbaineann na costais incháilithe faoin scéim le sócmhainní inláimhsithe (mír 19(31) RAG), léirigh an bhfuil luach na hinfheistíochta bunaithe mar chéatadán de chostais na talún, na bhfoirgneamh agus an ghléasra, an innealra agus an trealaimh:
|
☐
|
gléasra/innealra/trealamh
Soláthair an tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí:
…
|
|
|
2.2.2.
|
Tabhair tagairt don fhoráil ábhartha den bhunús dlí ina bhfuil sé leagtha síos gur cheart go mbeadh na sócmhainní faighte nua (71)? (mír 27 RAG)
…
|
|
2.2.3.
|
Soláthair tagairt don fhoráil ábhartha sa bhunús dlí ina sonraítear i gcás FBManna nach féidir níos mó ná 50 % de na costais a bhaineann le staidéir ullmhachta nó costais sainchomhairleoireachta atá nasctha leis an infheistíocht a mheas mar chostais incháilithe (mír 28 RAG).
…
|
|
2.2.4.
|
Soláthair tagairt don fhoráil ábhartha den bhunús dlí ina leagtar síos i gcás cabhrach arna deonú ar fhiontair mhóra le haghaidh athrú bunúsach ar an bpróiseas táirgthe gur mó na costais incháilithe ná dímheas na sócmhainní atá nasctha leis an ngníomhaíocht atá le nuachóiriú i rith na dtrí bliana fhioscacha roimhe sin (mír 29 RAG).
…
|
|
2.2.5.
|
Soláthair tagairt d'fhoráil ábhartha an bhunúis dlí ina leagtar síos i gcás na cabhrach arna deonú le haghaidh éagsúlú bunaíochta atá ann cheana gur mó na costais incháilithe le 200 % ar a laghad ná luach de réir na leabhar na sócmhainní a athúsáidtear, mar a cláraíodh sa bhliain fhioscach roimh thús na n-oibreacha (mír 30 RAG).
…
|
|
2.2.6.
|
I gcásanna lena mbaineann léasú sócmhainní inláimhsithe, soláthair tagairt do na forálacha ábhartha sa bhunús dlí ina leagtar síos gur cheart cloí leis na coinníollacha seo a leanas (mír 31 RAG).
|
—
|
maidir le talamh agus foirgnimh, ní mór go mairfidh an léas go ceann 5 bliana ar a laghad tar éis dháta críochnaithe tuartha na hinfheistíochta d’fhiontair móra, agus 3 bliana do FBManna;
…
|
|
—
|
i gcás gléasra nó innealra, ní mór go mbeidh an léas i bhfoirm léasú airgeadais agus ní mór oibleagáid a bheith ann do thairbhí na cabhrach an tsócmhainn a cheannach ar dhul in éag théarma an léasa.
…
|
|
|
2.2.7.
|
Foráiltear i mír 32 RAG i gcás éadáil bunaíochta ‘i bprionsabal nár cheart ach na costais a bhaineann le sócmhainní a cheannach ó thríú páirtithe nach mbaineann leis an gceannaitheoir a chur san áireamh. Mar sin féin, má ghlacann duine de theaghlach an úinéara bunaidh, nó fostaí, ceannas ar fhiontar beag, ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll nach mór na sócmhainní a cheannach ó thríú páirtithe nach mbaineann leis an gceannaitheoir. Ní mór an t-idirbheart a dhéanamh faoi dhálaí an mhargaidh. Má tá infheistíocht bhreise atá cáilithe le haghaidh cabhair réigiúnach ag gabháil le fáil sócmhainní bunaíochta, ba cheart costais cháilithe na hinfheistíochta breise sin a chur leis na costais a bhaineann le sócmhainní na bunaíochta a fháil’.
Más ábhartha sa scéim ar tugadh fógra ina leith, tabhair tagairt d'fhorálacha an bhunúis dlí ina bhfuil sé leagtha síos gur cheart cloí leis na coinníollacha thuas.
…
|
|
2.2.8.
|
I gcás ina mbaineann na costais incháilithe faoin scéim le sócmhainní doláimhsithe (mír 19(15) RAG), sonraigh an bhfuil luach na hinfheistíochta bunaithe ar bhonn an chaiteachais a bhí i gceist maidir le haistriú teicneolaíochta trí fháil ceart paitinne, ceadúnas, saineolas nó maoin intleachtúil eile:
|
☐
|
maoin intleachtúil eile
Soláthair an tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí:
…
|
|
|
2.2.9.
|
Soláthair tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí ina leagtar síos nár cheart an caiteachas ar infheistíocht incháilithe doláimhsithe a bheith níos mó ná 50 % de chostais infheistíochta incháilithe iomlána an tionscadail le haghaidh gnóthais mhóra (mír 33 RAG).
…
|
|
2.2.10.
|
Soláthair tagairt d'fhorálacha ábhartha an bhunúis dlí ina leagtar síos gur cheart cloí leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 34 RAG (72).
…
|
|
2.3.
|
Costais incháilithe arna ríomh ar bhonn costais phá
|
|
2.3.1.
|
Soláthair tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí ina sonraítear an chaoi ar cheart na costais incháilithe arna ríomh ar bhonn costais phá a bhunú (mír 35 RAG), an chaoi ar cheart an líon post a ríomh le tagairt do mhír 19(16) RAG agus an chaoi ar cheart costais phá an duine a fhostaítear a bhunú le tagairt do mhír 19(33) RAG.
…
|
|
2.4.
|
Ríomh na gcostas incháilithe lascainithe
|
|
2.4.1.
|
Sonraigh cad iad na cineálacha cabhrach atá ceadaithe faoin scéim:
|
☐
|
deontais. Soláthair an tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí:
– …
|
|
☐
|
iasachtaí. Cuir in iúl an chaoi a ríomhfar an coibhéis deontais agus soláthair an tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí:
– …
|
|
☐
|
ráthaíochtaí. Cuir in iúl an chaoi a ríomhfar an coibhéis deontais agus soláthair an tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí:
– …
|
|
☐
|
buntáiste cánach. Sonraigh cén cineál beart agus cuir in iúl an chaoi a ríomhfar an choibhéis deontais. Soláthair freisin an tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí:
– …
|
|
☐
|
eile. Sonraigh agus cuir in iúl an chaoi a ríomhfar an choibhéis deontais. Soláthair freisin an tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí:
…
|
|
|
2.4.2.
|
Sonraigh an bhfuil an scéim cabhrach incháilithe le bheith cómhaoinithe ó aon cheann de Chistiú an Aontais a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte (na ‘Cistí’). Má tá, luaigh an clár faoina bhféadfaí an maoiniú sin a fháil. Cuir in iúl freisin méid an mhaoinithe ó na Cistí a bheidh i gceist, má tá sé ar eolas ag an tráth seo.
…
|
|
2.4.3.
|
Soláthair an tagairt d’fhorálacha ábhartha an bhunúis dlí ina leagtar síos gur cheart d'údarás deonaithe na cabhrach, sula ndeonóidh sé cabhair aonair faoin scéim dá dtugtar fógra, a shuí an bhfuair an tairbhí (ar leibhéal an ghrúpa) cabhair le haghaidh infheistíocht tosaigh amháin (nó níos mó) a thosaigh sa réigiún NUTS 3 céanna i dtréimhse trí bliana ón dáta a thosaigh na hoibreacha ar an tionscadal infheistíochta.
…
|
|
2.4.4.
|
Soláthair an tagairt d’fhorálacha ábhartha an bhunúis dlí ina leagtar síos nach mó an méid iomlán cabhrach a dheonófar faoin scéim don tionscadal infheistíochta tosaigh ná an méid a eascraíonn as an ‘uasteorainn cabhrach’ (mar a shainítear i mír 19(19) RAG), agus an dlús méadaithe cabhrach le haghaidh FBManna (mar a chinntear i mír 186 RAG) nó an ‘méid cabhrach coigeartaithe’ (mar a shainmhínítear i mír 19(3) RAG) á gcur san áireamh, i gcás inarb infheidhme.
…
|
|
2.4.5.
|
Soláthair an tagairt d’fhorálacha ábhartha an bhunúis dlí ina leagtar síos i gcás ina ndéanfar cabhair aonair a dheonú faoi roinnt scéimeanna cabhrach réigiúnacha nó a charnadh le cabhair ad hoc, go ríomhfaidh an chéad údarás deonaithe an uasdéine cabhrach is incheadaithe a fhéadfar a dheonú don tionscadal roimh ré (mír 99 RAG).
…
|
|
2.4.6.
|
I gcás ina gceadaíonn an scéim cabhrach do chabhair le hinfheistíocht tosaigh nasctha le tionscadail um Chomhar Críochach Eorpach (CCE) soláthair an tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí lena sonraítear (le tagairt do na forálacha a leagtar amach i mír 100 RAG) conas a bhunófar an uasteorainn cabhrach is infheidhme don tionscadal agus na tairbhithe difriúla lena mbaineann.
…
|
|
3.
|
MEASÚNÚ COMHOIRIÚNACHTA NA SCÉIME CABHRAÍ
|
|
3.1.
|
Rannchuidiú le forbairt réigiúnach, éifeachtaí dearfacha agus an gá atá le hidirghabháil Stáit
|
|
3.1.1.
|
Mínigh an chaoi a bhfuil an scéim comhsheasmhach agus a rannchuidíonn sí le straitéis forbartha an limistéir lena mbaineann (mír 44 RAG):
…
|
|
3.1.2.
|
Soláthair an tagairt d'fhorálacha ábhartha an bhunúis dlí ina bhfuil an ceanglas chun Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (‘EIA’) a dhéanamh le haghaidh na n-infheistíochtaí lena mbaineann sula ndeonaítear cabhair do thionscadail aonair, nuair a cheanglaítear é sin de réir an dlí (mír 49 RAG).
…
|
|
3.1.3.
|
Mínigh an chaoi a dtabharfaidh na húdaráis deonúcháin tús áite do na tionscadail infheistíochta agus a roghnóidh siad na tionscadail infheistíochta de réir chuspóirí na scéime (mar shampla, ar bhonn cur chuige scórála foirmiúil) (mír 44 RAG). Soláthair freisin an tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí nó do ghníomhartha riaracháin bainteacha eile.
…
|
|
3.1.4.
|
Mínigh, agus cabhair á deonú ar thionscadail infheistíochta aonair faoin scéim a dtugtar fógra ina leith, an chaoi a suífidh an t-údarás deonaithe go rannchuidíonn an tionscadal/na tionscadail roghnaithe i dtreo chuspóir na scéime agus dá bhrí sin i dtreo straitéis forbartha an limistéir lena mbaineann. (mír 46 RAG)
…
|
|
3.1.5.
|
Mínigh an chaoi a gcuirtear chun feidhme an fhoráil ina gceanglaítear go gcothófar aon infheistíocht a dtacaítear leis faoin scéim a dtugtar fógra ina leith sa limistéar lena mbaineann ar feadh 5 bliana ar a laghad (3 bliana le haghaidh FBManna) tar éis é a chríochnú (mír 47 RAG). Soláthair an tagairt do na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
3.1.6.
|
I gcásanna ina ríomhtar an chabhair arna deonú faoin scéim a dtugtar fógra ina leith ar bhonn costais phá, mínigh conas a dhéanfar an fhoráil lena gceanglaítear go gcruthaítear poist laistigh de thrí bliana ó chur i gcrích na hinfheistíochta agus go ndéanfar gach post arna chruthú leis an infheistíocht a choinneáil ar bun laistigh den limistéar ar feadh tréimhse cúig bliana (trí bliana i gcás FBManna) ón dáta a líonfar an post ar dtús go gcuirfear chun feidhme é (mír 36 RAG). Soláthair an tagairt don fhoráil ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
3.1.7.
|
Soláthair tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí ina leagtar síos gur gá d’fhaighteoirí ranníocaíocht 25 % ar a laghad de na costais incháilithe a dhéanamh, trína n-acmhainní dílse nó trí chistiú seachtrach, i bhfoirm atá díolmhaithe ó aon tacaíocht airgeadais phoiblí. (73) (mír 48 RAG)
…
|
|
3.1.8.
|
Soláthair tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí ina léirítear gur cheart meas a bheith ag an scéim ar uasteorainneacha na léarscáile cabhrach réigiúnaí is infheidhme tráth deonaithe na cabhrach (mír 88 RAG). Soláthair freisin an tagairt don chinneadh ón gCoimisiún ina bhformheastar an léarscáil cabhrach réigiúnaí lena mbaineann.
…
|
|
3.2.
|
Éifeacht dreasachta na scéime
|
|
3.2.1.
|
Soláthair an tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí lena sonraítear gur gá aon iarratas ar chabhair a sheoladh isteach sula dtosaítear ar an obair ar an tionscadal infheistíochta lena mbaineann (mír 62 RAG).
…
|
|
3.2.2.
|
Soláthair an tagairt d'fhorálacha ábhartha an bhunúis dlí ina leagtar síos go mbeidh orthu siúd a dhéanann iarratas ar chabhair faoin scéim a dtugtar fógra ina leith an ghnáthfhoirm iarratais a chuireann an t-údarás deonaithe cabhrach ar fáil a chur isteach inar gá dóibh míniú a thabhairt go frithfhíorasach ar an méid a tharlódh mura bhfaigheann siad an chabhair agus a thabhairt le fios cé acu cás (cás 1 – cinneadh infheistíochta nó cás 2 – cinneadh suímh) a bhfuil feidhm leis (míreanna 64 agus 59 RAG). Má bhíonn an fhoirm iarratais difriúil leis an sampla a thugtar in Iarscríbhinn VII le RAG, soláthair cóip den fhoirm sin.
…
|
|
3.2.3.
|
Soláthair an tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí ina leagtar síos go gceanglaítear ar fhiontair mhóra a dhéanann iarratas ar chabhair faoin scéim a dtugtar fógra ina leith fianaise dhoiciméadach a sholáthar mar thacaíocht ar an gcás frithfhíorasach a dtugtar tuairisc air. (mír 65 RAG). Mínigh freisin cén cineál doiciméad a bheith ag teastáil.
…
|
|
3.2.4.
|
Soláthair an tagairt d'fhorálacha ábhartha an bhunúis dlí ina leagtar síos, agus measúnú á dhéanamh ar iarratais ar chabhair aonair go bhfuil an t-údarás deonaithe faoi oibleagáid seiceáil inchreidteachta a dhéanamh ar an gcás frithfhíorasach a sholáthraítear agus a fhíorú go bhfuil an éifeacht dreasachta is gá ag an gcabhair réigiúnach a chomhfhreagraíonn do chás 1 nó do chás 2 (74) (mír 66 RAG).
…
|
|
3.3.
|
Oiriúnacht na scéime
|
|
3.3.1.
|
Mínigh an fáth gur ionstraim chuí is ea cabhair réigiúnach chun cuidiú leis an gceantar a fhorbairt (75) (mír 80 RAG):
…
|
|
3.3.2.
|
I gcás ina bhfuil an scéim earnáilsonrach, léirigh na buntáistí a bheadh le hionstraim den sórt sin i gcomparáid le scéim il-earnálach nó roghanna beartais eile (mír 81 RAG):
…
|
|
3.3.3.
|
Sonraigh cé acu a dheonófar nó nach ndeonófar cabhair aonair faoin scéim a dtugtar fógra ina leith:
|
☐
|
Go huathoibríoch, ba cheart coinníollacha na scéime a chomhlíonadh nó
|
|
☐
|
Ar bhonn discréideach, tar éis cinneadh ó na húdaráis
Soláthair an tagairt don fhoráil ábhartha den bhunús dlí:
…
Má bhíonn an chabhair le deonú ar bhonn lánroghnach, soláthair tuairisc ghairid ar na critéir a úsáideadh agus cuir i gceangal cóip d’fhorálacha riaracháin inmheánacha an údaráis deonaithe is infheidhme chun an chabhair a dheonú:
…
|
|
|
3.3.4.
|
Má dheonaítear an chabhair faoin scéim i bhfoirmeacha lena soláthraítear buntáiste airgid díreach (76), léirigh an fáth nach iomchuí foirmeacha eile cabhrach nach bhfuil chomh saobhach sin, airleacain inaisíoctha nó foirmeacha cabhrach atá bunaithe ar ionstraimí fiachais nó cothromais (77), cuir i gcás (mír 85 RAG):
…
|
|
3.4.
|
Éifeacht dreasachta agus comhréireacht na scéime
|
|
3.4.1.
|
Soláthair an tagairt d’fhorálacha ábhartha an bhunúis dlí ina leagtar síos go mbeidh an chabhair aonair a dheonófar d’fhiontair mhóra faoin scéim a dtugtar fógra ina leith teoranta do na glanchostais bhreise a bhaineann leis an infheistíocht a chur chun feidhme sa limistéar lena mbaineann i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach in éagmais cabhrach, ag úsáid an mhodha a mhínítear i míreanna 96 agus 97 RAG (mír 95 RAG).
…
|
|
3.5.
|
Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus ar thrádáil
|
|
3.5.1.
|
Mínigh an chaoi a mbeidh saobhadh na hiomaíochta agus na trádála mar gheall ar an scéim cabhrach faoina dtugtar fógra teoranta don íosmhéid (mír 120 RAG) (78):
…
|
|
3.5.2.
|
Soláthair tagairtí do na forálacha ábhartha sa bhunús dlí ina leagtar síos nuair a bheidh cabhair á deonú faoin scéim i gcomhair tionscadail aonair, go bhfíoróidh agus go ndeimhneoidh an t-údarás deonaithe nach mbeidh éifeachtaí diúltacha follasacha mar thoradh ar an gcabhair sin amhail ró-acmhainn a chruthú i margadh ar a bhfuil meath absalóideach (míreanna 112 go 115 RAG), éifeachtaí frith-chomhleá (míreanna 116 agus 117 RAG) nó athlonnú (mír 118 agus 121 RAG).
…
|
|
4.1.
|
Deimhnigh go ndéanfar téacs iomlán an chinnidh ar dheonú cabhrach aonair nó na scéime formheasta cabhrach agus a forálacha cur chun feidhme, nó nasc chuici agus faisnéis faoi gach deonú aonair cabhrach níos mó ná EUR 100 000, a fhoilsiú trí úsáid a bhaint as an struchtúr in Iarscríbhinn VIII i Modúl Dámhachtana um Thrédhearcacht (TAM) an Choimisiúin Eorpaigh nó ar shuíomh gréasáin cuimsitheach státchabhrach, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach (79) laistigh de shé mhí ó dháta um dheonú na cabhrach nó, le haghaidh cabhrach i bhfoirm buntáistí cánach, laistigh de bhliain amháin ón dáta a bhfuil an dearbhú cánach dlite.
|
|
4.2.
|
Soláthair tagairtí do na forálacha ábhartha sa bhunús dlí lena leagtar síos gur cheart don údarás deonaithe an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad maidir leis na scéimeanna státchabhrach dá dtugtar fógra ar an Modúl Dámhachtana um Thrédhearcacht (TAM) nó ar shuíomh gréasáin cuimsitheach Státchabhrach, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach (80): téacs na scéime cabhrach faoina dtugtar fógra agus na forálacha cur chun feidhme, an t-údarás deonaithe, na tairbhithe aonair, an méid cabhrach in aghaidh an tairbhí, agus déine na cabhrach. (mír 136 RAG)
Mura bhfuil na forálacha sin i bhfeidhm, mínigh an fáth nach bhfuil. Mar an gcéanna, mura bhfuil forálacha den sórt sin sa bhunús dlí don scéim ar tugadh fógra ina leith, ach go bhfuil siad i ndoiciméid reachtacha eile, léirigh é sin le do thoil.
…
Déan tagairtí do na forálacha ábhartha sa bhonn dlíthiúil lena leagtar síos go gcuirfear an fhaisnéis thuasluaite ar fáil don phobal i gcoitinne gan srianta ar feadh 10 mbliana ar a laghad ó dháta um dheonú na cabhrach. (mír 140 RAG)
…
|
|
5.
|
MEASTÓIREACHT, TUAIRISCIÚ AGUS FAIREACHÁN
|
|
5.1.1.
|
Léirigh líon SA na scéimeanna státchabhrach go léir roimhe seo agus na scéimeanna atá ar siúl faoi láthair lena mbaineann an cuspóir céanna agus an limistéar geografach céanna. (mír 144 RAG)
…
An ndearnadh aon cheann de na scéimeanna státchabhrach liostaithe thuas a mheas ar bhonn ex post? (mír 144 RAG)
Má rinneadh, tabhair achoimre ghearr ar phríomhthorthaí na meastóireachta (meastóireachtaí ex post (más ábhartha, le tagairt agus nasc).
…
Tabhair tuairisc, le do thoil, ar an dóigh ar cuireadh torthaí na meastóireachtaí sin san áireamh i ndearadh na scéime nua.
…
|
|
5.1.2.
|
Léirigh an bhfuil buiséad státchabhrach na scéime níos mó ná EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith (mír 143 RAG):
Léirigh an bhfuil buiséad státchabhrach na scéime níos nó ná EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéime (i.e. fad iomlán na scéime agus aon scéim roimhe sin ina gcumhdaítear limistéar oibiachtúil agus geografach comhchosúil, ag tosú ón 1 Eanáir 2022):
|
|
5.1.3.
|
Léirigh an bhfuil an scéim (mír 143 RAG) ina:
Scéim ina bhfuil saintréithe nuálacha?
Scéim inar féidir foráil a dhéanamh maidir le hathruithe móra margaidh, teicneolaíochta nó rialála?
Scéim a bhfuil sé beartaithe agat meastóireacht a dhéanamh uirthi fiú mura bhfuil feidhm ag na critéir thuas in 5.1.2. agus 5.1.3?
Más é ‘Níl’ an freagra ar cheist 5.1.1. agus ‘Tá’ ar aon cheann de na ceisteanna in 5.1.2 nó 5.1.3, breithneofar an scéim le haghaidh meastóireacht ex post (mír 143 RAG). Más amhlaidh an cás, tabhair freagra ‘Tá’ ar an gceist ábhartha san fhoirm ghinearálta um fhógra, sonraigh tréimhse na meastóireachta, agus tabhair fógra faoin dréachtphlean meastóireachta in Iarscríbhinn I - Cuid III.8 (81).
|
|
5.2.
|
Tuairisciú agus Faireachán
|
|
5.2.1.
|
Deimhnigh go ndéanfaidh tú an méid seo a leanas:
|
—
|
tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/1589 agus Rialachán (CE) Uimh. 794/2004; agus
|
|
—
|
taifid mhionsonraithe a choinneáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad ó dháta um dheonú aon cabhrach faoin scéim ina mbeidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht tacaíochta is gá lena dheimhniú go gcomhlíontar na coinníollacha comhoiriúnachta go léir, agus go gcuirfear na taifid sin ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó.
|
|
CUID III.1.C
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE SCÉIMEANNA CABHRACH OIBRIÚCHÁIN RÉIGIUNAÍ
Níl an bhileog faisnéise forlíontaí seo éigeantach. Moltar é a líonadh isteach, áfach, mar aon leis an bhfoirm 'Faisnéis Ghinearálta', chun fógra a thabhairt faoi aon scéimeanan cabhrach oibriúcháin a chumhdaítear sna Treoirlínte maidir le státchabhair réigiúnach is infheidhme ón 1 Eanáir 2022 (‘RAG’)
(82)
.
|
1.1.
|
Sonraigh an cineál cabhrach oibriúcháin is mian le d'údaráis a dheonú:
|
☐
|
Cabhair oibriúcháin chun deacrachtaí sonracha áirithe a bhíonn ag FBManna i limistéir ‘a’ a laghdú
|
|
☐
|
Cabhair oibriúcháin chun costais bhreise a chúiteamh sna réigiúin is forimeallaí
|
|
☐
|
Cabhair oibriúcháin chun dídhaonrú a chosc nó a laghdú i limistéir tearc nó fíorthearc ar dhaonra
|
|
|
1.2.
|
Deimhnigh go bhforáiltear sa scéim cabhrach faoina dtugtar fógra nach ndeonófar aon chabhair oibriúcháin do chatagóirí cuideachtaí agus earnálacha liostaithe thíos. I ngach cás, liostaigh an fhoráil ábhartha sa bhunús dlí den scéim.
|
Catagóirí cuideachtaí agus earnálacha eisiata
|
|
An fhoráil ábhartha sa bhunús dlí den scéim
|
|
Gnólachtaí atá i gcruachás (83)
|
|
|
|
An earnáil cruach (84)
|
|
|
|
Earnáil na ligníte (85)
|
|
|
|
An earnáil guail (86)
|
|
|
|
Iascaigh agus dobharshaothrú (87)
|
|
|
|
Talmhaíocht (88)
|
|
|
|
Próiseáil agus/nó margú na dtáirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (89) chuig na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I
|
|
|
|
Iompar (90)
|
|
|
|
Leathanbhanda (91)
|
|
|
|
Fuinneamh (92)
|
|
|
|
Roinn K ‘Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais’ in aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Ath. 2
|
|
|
|
70.10 ‘Gníomhaíochtaí ceannoifigí’ agus 70.22 ‘Gníomhaíochtaí sainchomhairliúcháin gnó agus bainistíochta eile’
|
|
|
|
|
2.1.
|
Soláthair tuairisc ar phríomhghnéithe na scéime agus a cuspóirí:
…
|
|
2.2.
|
Sonraigh cad iad na cineálacha cabhrach atá ceadaithe faoin scéim:
|
☐
|
Deontais. Soláthair an tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí:
…
|
|
☐
|
Iasachtaí. Cuir in iúl an chaoi a ríomhfar an coibhéis deontais agus soláthair an tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí:
…
|
|
☐
|
Ráthaíochtaí. Cuir in iúl an chaoi a ríomhfar an coibhéis deontais agus soláthair an tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí:
…
|
|
☐
|
Buntáiste cánach. Sonraigh cén cineál beart agus cuir in iúl an chaoi a ríomhfar an choibhéis deontais. Soláthair freisin an tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí:
…
|
|
☐
|
Eile. Sonraigh agus cuir in iúl an chaoi a ríomhfar an choibhéis deontais. Soláthair freisin an tagairt do na forálacha ábhartha den bhunús dlí:
…
|
|
|
2.3.
|
Sonraigh cé acu a dheonófar nó nach ndeonófar cabhair aonair faoin scéim a dtugtar fógra ina leith:
|
☐
|
Go huathoibríoch, ba cheart coinníollacha na scéime a chomhlíonadh.
|
|
☐
|
Ar bhonn discréideach, tar éis cinneadh ó na húdaráis.
|
I gcás ina ndeonaítear an chabhair de réir an cháis, tabhair tuairisc ghairid ar na critéir a leantar agus ceangail cóip de na forálacha riaracháin is infheidhme chun cabhair a dheonú:
…
|
|
2.4.
|
Sonraigh an mbeidh an scéim cabhrach cómhaoinithe ó aon cheann de Chistí an Aontais a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte (na ‘Cistí’). Más amhlaidh, tabhair míniú faoin gclár faoina bhfaighfear an maoiniú sin. Léirigh freisin méid an mhaoinithe ó na Cistí a bheidh i gceist.
…
|
|
3.
|
COMHOIRIÚNACHT NA CABHRACH
|
|
3.1.
|
Ranníocaíocht le forbairt réigiúnach agus éifeacht dreasachta:
Cabhair oibriúcháin chun deacrachtaí sonracha áirithe a bhíonn ag FBManna
(93)
i limistéir ‘a’ a laghdú:
|
|
3.1.1.
|
Sonraigh na deacrachtaí sonracha a bhíonn ag FBManna sa réigiún lena mbaineann a bhfuil an scéim le dul i ngleic leo (mír 54 RAG) agus léirigh go bhfuil ann do na deacrachtaí sin agus scála na ndeacrachtaí (mír 55 RAG).
…
|
|
3.1.2.
|
Mínigh an chúis nach féidir na deacrachtaí a liostaítear a shárú le cabhair infheistíochta agus dá bhrí sin go dteastaíonn an scéim cabhrach oibriúcháin a dtugtar fógra ina leith (mír 55 RAG):
…
Le haghaidh cabhrach chun costais bhreise áirithe a chúiteamh sna réigiúin is forimeallaí:
|
|
3.1.3.
|
Sainaithin na costais bhreise shonracha (94) a chúiteofar faoin scéim agus léirigh an chaoi a mbaineann na costais sin leis na baic bhuana a leagtar amach in Airteagal 349 CFAE (mír 56 RAG):
…
Le haghaidh cabhair chun dídhaonrú a laghdú i limistéir thearc ar dhaonra nó fhíorthearc ar dhaonra:
|
|
3.1.4.
|
Léirigh riosca dídhaonraithe an limistéir ábhartha in éagmais cabhair oibriúcháin (mír 57 RAG):
…
|
|
3.2.
|
Oiriúnacht na scéime
|
|
3.2.1.
|
Sonraigh an fáth a measann tú go bhfuil an chabhair a mhol tú iomchuí chun cuspóir na scéime a bhaint amach. Tabhair míniú go háirithe ar an gcúis nach iomchuí ionstraimí beartais nach bhfuil chomh saobhach céanna agus cineálacha eile cabhrach nach bhfuil chomh saobhach céanna chun an rannchuidiú dearfach céanna le forbairt réigiúnach a bhaint amach (míreanna 78, 84, 85 RAG):
…
|
|
3.3.
|
Oiriúnacht na scéime
Le haghaidh gach cineál cabhrach oibriúcháin:
|
|
3.3.1.
|
Cinn na costais incháilithe atá inchurtha go díreach leis na fadhbanna a bhfuil sé i gceist go rachaidh an chabhair i ngleic leo (mír 102 RAG):
…
|
|
3.3.2.
|
Deimhnigh nach n-áireofar sna costais incháilithe don chabhair oibriúcháin (mír 19(22) RAG) na táillí dímheasa agus na costais a bhaineann le cómhaoiniú a áirítear sna costais incháilithe ábhartha don chabhair faoi choinne infheistíocht réigiúnach, agus soláthair an tagairt don fhoráil ábhartha den bhunús dlí:
…
|
|
3.3.3.
|
Tabhair tuairisc ar an tsamhail chúitimh (mír 84 RAG) a ghlacfar agus an chaoi a n-éascófar leis an tsamhail sin ríomh iomchuí ar mhéid na cabhrach, rud a áiritheoidh nach bhfuil aon róchúiteamh ann, mar a shainmhínítear i mír 102 RAG:
…
|
|
3.3.4.
|
Cuir in iúl an ndeonaítear cabhair oibriúcháin freisin trí scéimeanna cabhrach oibriúcháin eile sa réigiún, trí thagairt státchabhrach ábhartha na scéimeanna sin a lua:
…
I gcás scéimeanna cabhrach oibriúcháin eile atá infheidhme sa réigiún céanna, mínigh an chaoi a gcinntítear nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar chabhair oibriúcháin a dheonaítear faoi scéimeanna cabhrach oibriúcháin éagsúla:
…
Le haghaidh cabhair oibriúcháin sna réigiúin is forimeallaí amháin:
|
|
3.3.5.
|
Léirigh go ndéanfar na costais bhreise atá le cúiteamh faoin scéim a dtugtar fógra ina leith a chainníochtú i ndáil le leibhéal na gcostas a thabhaigh gnóthais chomhchosúla bunaithe i réigiúin eile den Bhallstát lena mbaineann (mír 38 RAG):
…
Le haghaidh cabhair oibriúcháin chun deacrachtaí sonracha áirithe atá roimh FBManna a laghdú i limistéir ‘a’ amháin:
|
|
3.3.6.
|
Mínigh an chaoi a laghdófar an leibhéal cabhrach de réir a chéile thar fhad na scéime (mír 103 RAG) agus soláthair an tagairt don fhoráil ábhartha den bhunús dlí:
…
|
|
3.4.
|
Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus ar thrádáil
Mínigh an chúis nach dóchúil go gcruthóidh an chabhair a dheonaítear faoin scéim saobhadh an-suntasach ar iomaíocht sa mhargadh (mír 135 RAG):
…
|
|
4.1.
|
Deimhnigh go ndéanfar téacs iomlán an chinnidh ar dheonú cabhrach aonair nó na scéime formheasta cabhrach agus a forálacha cur chun feidhme, nó nasc chuici agus faisnéis faoi gach deonú aonair cabhrach níos mó ná EUR 100 000, a fhoilsiú trí úsáid a bhaint as an struchtúr in Iarscríbhinn VIII i Modúl Dámhachtana um Thrédhearcacht (TAM) an Choimisiúin Eorpaigh nó ar shuíomh gréasáin cuimsitheach státchabhrach, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach (95) laistigh de shé mhí ó dháta um dheonú na cabhrach nó, le haghaidh cabhrach i bhfoirm buntáistí cánach, laistigh de bhliain amháin ón dáta a bhfuil an dearbhú cánach dlite.
|
|
4.2.
|
Soláthair tagairtí do na forálacha ábhartha sa bhunús dlí lena leagtar síos gur cheart don údarás deonaithe an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad maidir leis na scéimeanna státchabhrach dá dtugtar fógra ar an Modúl Dámhachtana um Thrédhearcacht (TAM) nó ar shuíomh gréasáin cuimsitheach státchabhrach, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach (96): téacs na scéime cabhrach faoina dtugtar fógra agus na forálacha cur chun feidhme, an t-údarás deonaithe, na tairbhithe aonair, an méid cabhrach in aghaidh an tairbhí, agus déine na cabhrach. (mír 136 RAG)
Mura bhfuil na forálacha sin i bhfeidhm, mínigh an fáth nach bhfuil. Mar an gcéanna, mura bhfuil forálacha den sórt sin sa bhunús dlí don scéim ar tugadh fógra ina leith, ach go bhfuil siad i ndoiciméid reachtacha eile, léirigh é sin le do thoil.
…
Déan tagairtí do na forálacha ábhartha sa bhonn dlíthiúil lena leagtar síos go gcuirfear an fhaisnéis thuasluaite ar fáil don phobal i gcoitinne gan srianta ar feadh 10 mbliana ar a laghad ó dháta um dheonú na cabhrach. (mír 140 RAG)
…
|
|
5.
|
MEASTÓIREACHT, TUAIRISCIÚ AGUS FAIREACHÁN
|
|
5.1.1.
|
Léirigh líon SA na scéimeanna státchabhrach go léir roimhe seo agus na scéimeanna atá ar siúl faoi láthair lena mbaineann an cuspóir céanna agus an limistéar geografach céanna. (mír 144 RAG)
…
An ndearnadh aon cheann de na scéimeanna státchabhrach liostaithe thuas a mheas ar bhonn ex post? (mír 144 RAG)
Má rinneadh, tabhair achoimre ghearr ar phríomhthorthaí na meastóireachta/meastóireachtaí ex post (más ábhartha, le tagairt agus nasc).
…
Tabhair tuairisc, le do thoil, ar an dóigh ar cuireadh torthaí na meastóireachtaí sin san áireamh i ndearadh na scéime nua.
…
|
|
5.1.2.
|
Léirigh an bhfuil buiséad státchabhrach na scéime níos mó ná EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith (mír 143 RAG):
Léirigh an bhfuil buiséad státchabhair na scéime níos mó ná EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéime (i.e. fad iomlán na scéime agus aon scéim roimhe sin ina gcumhdaítear limistéar oibiachtúil agus geografach comhchosúil, ag tosú ón 1 Eanáir 2022):
|
|
5.1.3.
|
Léirigh an bhfuil an scéim (mír 143 RAG) ina:
Scéim ina bhfuil saintréithe nuálacha?
Scéim inar féidir foráil a dhéanamh maidir le hathruithe móra margaidh, teicneolaíochta nó rialála?
Scéim a bhfuil sé beartaithe agat meastóireacht a dhéanamh uirthi fiú mura bhfuil feidhm ag na critéir thuas in 5.1.2. agus 5.1.3?
Más é ‘Níl’ an freagra ar cheist 5.1.1. agus ‘Tá’ ar aon cheann de na ceisteanna in 5.1.2 nó 5.1.3, breithneofar an scéim le haghaidh meastóireacht ex post (mír 143 RAG). Más amhlaidh an cás, tabhair freagra ‘Tá’ ar an gceist ábhartha san fhoirm ghinearálta um fhógra, sonraigh tréimhse na meastóireachta, agus tabhair fógra faoin dréachtphlean meastóireachta in Iarscríbhinn I - Cuid III.8 (97).
|
|
5.2.
|
Tuairisciú agus Faireachán
Deimhnigh:
i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2015/1589 agus Rialachán (CE) Uimh. 794/2004, go gcuirfear na tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin.
go gcoinneoidh tú taifid mhionsonraithe ar feadh 10 mbliana ar a laghad ó dháta um dheonú na cabhrach ina mbeidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht tacaíochta is gá lena dheimhniú go gcomhlíontar na coinníollacha comhoiriúnachta go léir, agus go gcuirfear na taifid sin ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó.
|
|
|
(b)
|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid III.2:
‘CUID III.2
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH TAIGHDE, FORBARTHA AGUS NUÁLAÍOCHTA
Ní mór an bhileog faisnéise forlíontaí seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon bheart cabhrach (scéimeanna cabhrach agus cabhair aonair) a chumhdaítear leis an gCreat maidir le státchabhair le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta (‘an Creat T&F&N’)
(98)
.
I gcás ina bhfuil baint ag tairbhithe éagsúla le beart cabhrach aonair, soláthrófar an fhaisnéis ábhartha do gach duine acu.
Na doiciméid uile a sholáthraíonn na Ballstáit mar iarscríbhinní a ghabhann leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo, beidh siad uimhrithe agus léireofar uimhreacha doiciméid sna ranna ábhartha den bhileog faisnéise forlíontaí seo. Léirigh go sonrach (míreanna, leathanaigh, ar bhealach físiúil) cá bhfuil an fhaisnéis ábhartha ar fáil sna hiarscríbhinní seo.
|
1.
|
SAINTRÉITHE AN BHIRT CABHRACH A DTUGTAR FÓGRA INA LEITH
|
|
1.1.
|
Scéimeanna cabhrach
|
1.
|
Na cúiseanna maidir le fógra a thabhairt faoin scéim:
|
☐
|
áirítear sa scéim cabhair nach bhfuil trédhearcach de réir bhrí Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (99);
|
Sonraigh:
…
|
|
2.
|
Soiléirigh raon feidhme earnála na scéime a dtugtar fógra ina leith.
…
|
|
3.
|
Deimhnigh go bhfógrófar aon chabhair a dheonaítear faoin scéim a dtugtar fógra ina leith go haonarach má sháraíonn sí na tairsí is infheidhme a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014.
☐fógrófar ☐ní fhógrófar
|
|
|
1.2.
|
Cabhair aonair
|
1.
|
Sainaithin tairbhí na cabhrach: a ainm dlíthiúil iomlán, a shuíomh agus a uimhir aitheantais dhlíthiúil, a shuíomh, raon feidhme na gníomhaíochta, méid an ghnóthais (beag, meánmhéid, mór). Tabhair fianaise thacaíochta ina leith seo.
…
|
|
2.
|
I gcás ina bhfuil an chabhair bunaithe ar scéim atá formheasta ag an gCoimisiún nó ar scéim arna cur chun feidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 651/2014, tabhair eolas maidir leis an scéim sin, agus a tagairt foilseacháin (nasc gréasáin) agus uimhir chlárúcháin státchabhrach san áireamh.
…
|
|
3.
|
Más infheidhme, tabhair an ráta malairte, sonraigh an fhoinse agus an dáta a úsáideadh le haghaidh an fhógra.
…
|
|
|
1.3.
|
Faisnéis ghinearálta
|
1.
|
Sainaithin an cineál birt cabhrach agus chun comhlíontacht le pointe 13 den Chreat T&F&N a léiriú, sonraigh an chaoi a gcomhlíonann sé na coinníollacha is infheidhme:
|
☐
|
cabhair le haghaidh tionscadail T&F (pointe 13(a))
…
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh staidéir indéantachta (pointe 13(b))
…
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh bonneagair thaighde a thógáil agus a uasghrádú (pointe 13(c))
…
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh bonneagair thástála agus thurgnamhaíochta a thógáil agus a uasghrádú (pointe 13(d))
…
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí nuálaíochta le haghaidh FBManna (pointe 13(e))
…
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh nuálaíocht próiseas agus eagraíochta (pointe 13(f))
…
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh braislí nuálaíochta (pointe 13(g))
…
|
|
|
2.
|
An mbaineann an beart a dtugtar fógra ina leith le maoiniú ón Aontas atá á bhainistiú go lárnach ag institiúidí, gníomhaireachtaí, gnóthais chomhpháirteacha nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais, nach bhfuil faoi rialú díreach nó indíreach na mBallstát, (nach státchabhair é)?
☐baineann ☐ní bhaineann
Má bhaineann, sonraigh foinse an mhaoinithe agus an méid:
…
|
|
3.
|
An mbaineann an beart a dtugtar fógra ina leith le gnóthais atá i gcruachás, mar a shainmhínítear sna Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (100) (féach pointe 11 den Chreat T&F&N)?
☐baineann ☐ní bhaineann
Má bhaineann, sonraigh:
…
|
|
4.
|
An mbaineann an beart a dtugtar fógra ina leith le gnóthais atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach (féach pointe 12 den Chreat T&F&N)?
☐baineann ☐ní bhaineann
Má bhaineann, sonraigh agus léirigh na méideanna atá le haisghabháil go fóill:
…
|
|
5.
|
An mbaineann eagraíochtaí taighde agus scaipthe eolais (‘eagraíochtaí taighde’) nó bonneagair thaighde, mar a shainmhínítear i bpointí 16(ff) agus (gg) den Chreat T&F&N leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith?
☐baineann ☐ní bhaineann
Má bhaineann, sonraigh:
…
|
|
6.
|
An mbaineann an beart a dtugtar fógra ina leith le bonneagair thástála agus thurgnamhaíochta, mar a shainmhínítear i bpointe 16(ll) den Chreat T&F&N?
☐baineann ☐ní bhaineann
Má bhaineann, sonraigh:
…
|
|
7.
|
An mbaineann an beart a dtugtar fógra ina leith le braislí nuálaíochta, mar a shainmhínítear i bpointe 16(t) den Chreat T&F&N?
☐baineann ☐ní bhaineann
Má bhaineann, sonraigh:
…
|
|
8.
|
An mbaineann an beart a dtugtar fógra ina leith le soláthar poiblí seirbhísí taighde agus forbartha?
☐baineann ☐ní bhaineann
Má bhaineann, sonraigh:
…
|
|
9.
|
An féidir an státchabhair a deonaíodh faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith a charnadh le státchabhair eile?
☐is féidir ☐ní féidir
Más féidir, sonraigh:
…
|
|
10.
|
Más infheidhme maidir leis an mbeart lena mbaineann, cuir tic sa bhosca ábhartha thíos chun a dheimhniú go gcomhlíonann na tairbhithe an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) dá bhforáiltear sa Mholadh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (101) agus, i gcás cabhair aonair, cuir an fhianaise ábhartha i gceangal leis an bhfógra.
☐comhlíonann ☐ní chomhlíonann
…
|
|
|
2.
|
EAGRAÍOCHTAÍ SCAIPTHE TAIGHDE AGUS EOLAIS AGUS BONNEAGAIR THAIGHDE MAR FHAIGHTEOIRÍ STÁTCHABHRACH
|
1.
|
An ndéanann eagraíochtaí taighde nó bonneagair thaighde lena mbaineann an beart cabhrach a dtugtar fógra ina leith aon ghníomhaíocht eacnamaíoch lena mbaineann earraí nó seirbhísí a thairiscint ar mhargadh áirithe?
☐déanann ☐ní dhéanann
Tabhair sonraí maidir leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch atá i gceist.
…
Thairis sin, cuir san áireamh faisnéis maidir le hacmhainneacht bhliantúil an eintitis ábhartha (is é sin eintiteas ar nós saotharlann nó roinn a bhfuil an struchtúr eagraíochta, an caipiteal, an t-ábhar agus an lucht saothair ar fáil dó go héifeachtach chun an ghníomhaíocht lena mbaineann a dhéanamh as féin, ar an leibhéal ar gá an measúnú a dhéanamh air i gcomhréir le pointe 21 den Chreat T&F&N), atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch nó do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha den sórt sin agus an sciar den acmhainneacht bhliantúil sin atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha le 5 bliana anuas.
…
|
|
2.
|
Má dhéanann an t-eintiteas céanna gníomhaíochtaí de chineál eacnamaíoch agus neamheacnamaíoch (102), an féidir an dá chineál gníomhaíochta agus a gcostais, a maoiniú agus a n-ioncaim a scaradh go soiléir?
☐is féidir ☐ní féidir
Más féidir, sonraigh:
…
|
|
3.
|
Má dhéanann an t-eintiteas céanna gníomhaíochtaí de chineál eacnamaíoch agus neamheacnamaíoch araon, an bhfuil méid an mhaoinithe phoiblí a leithdháiltear air le linn tréimhse chuntasaíochta ar leithligh teoranta do chostais na ngníomhaíochtaí neamheacnamaíocha a tabhaíodh sa tréimhse chéanna (103)?
☐tá ☐níl
Má tá, sonraigh:
…
|
|
4.
|
Má dhéanann an t-eintiteas céanna gníomhaíochtaí de chineál eacnamaíoch agus neamheacnamaíoch, an bhfanann an úsáid eacnamaíoch coimhdeach amháin, is é sin an gcomhfhreagraíonn sí do ghníomhaíocht atá gaolmhar go díreach agus atá riachtanach le haghaidh oibriú na heagraíochta taighde nó an bhonneagair thaighde nó a bhfuil nasc bunúsach aici lena príomhúsáid neamheacnamaíoch, agus atá teoranta i dtaobh raon feidhme?
☐fanann ☐ní fhanann
Má fhanann, sonraigh agus léirigh sciar na hacmhainneachta foriomláine a úsáidtear nó a mheastar a úsáidfear le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha den sórt sin gach bliain:
…
|
|
5.
|
Má sholáthraítear maoiniú poiblí le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha eagraíochtaí taighde nó bonneagar taighde, an féidir a léiriú go gcuirtear ar aghaidh go hiomlán an maoiniú poiblí agus aon bhuntáiste a fhaightear tríd sin chuig na faighteoirí deiridh, mar shampla trí phraghsanna laghdaithe, agus nach ndeonaítear aon bhuntáiste breise ar an eagraíocht taighde nó ar an mbonneagar taighde nach bhfuil ach ag gníomhú mar idirghabhálaí?
☐is féidir ☐ní féidir
Más féidir, sonraigh:
…
|
|
|
3.
|
STÁTCHABHAIR INDÍREACH DO GHNÓTHAIS TRÍ EAGRAÍOCHTAÍ TAIGHDE AGUS BONNEAGAIR THAIGHDE
|
|
3.1.
|
Taighde thar ceann gnóthas
|
1.
|
An ndéanann eagraíochtaí taighde nó bonneagair thaighde lena mbaineann an beart cabhrach a dtugtar fógra ina leith an taighde conartha nó an gcuireann siad seirbhísí taighde ar fáil do ghnóthais?
☐déanann/cuireann ☐ní dhéanann/ní chuireann
Tabhair tuilleadh sonraí:
…
|
|
2.
|
Má dhéanann eagraíochtaí taighde nó bonneagair thaighde taighde ar conradh nó má chuireann siad seirbhísí taighde ar fáil do ghnóthais, an gcuireann siad na seirbhísí sin ar fáil ar phraghas margaidh?
☐cuireann ☐ní chuireann
Tabhair tuilleadh sonraí:
…
|
|
3.
|
Má dhéanann eagraíochtaí taighde nó bonneagair thaighde taighde ar conradh nó má chuireann siad seirbhísí taighde ar fáil do ghnóthais, agus mura bhfuil aon phraghas margaidh ann, an gcuireann siad seirbhísí den sórt sin ar fáil:
|
(a)
|
ag praghas a léiríonn costais iomlána na seirbhísí agus lena ngabhann corrlach i gcoitinne arna shuí faoi threoir na gcorrlach sin arna gcur i bhfeidhm go coitianta ag gnóthais atá gníomhach san earnáil lena mbaineann, nó
☐cuireann ☐ní chuireann
|
|
(b)
|
ar toradh é ar chaibidlíochtaí ar neamhthuilleamaí (104) ina ndéanann na heagraíochtaí taighde nó na bonneagair thaighde, caibidlíocht chun an leas eacnamaíoch is mó a bhaint amach tráth a thugtar an conradh i gcrích agus ina gcumhdaíonn siad ar a laghad a gcostais imeallacha?
☐is ea ☐ní hea
Tabhair tuilleadh sonraí:
…
|
|
|
4.
|
Más infheidhme, an bhfanfaidh úinéireacht nó cearta rochtana ar chearta maoine intleachtúla (‘CMI’) leis an eagraíocht taighde nó leis an mbonneagar taighde?
☐fanfaidh ☐ní fhanfaidh
Má fhanann, an ndéanfar a margadhluach a asbhaint ón bpraghas is iníoctha ar na seirbhísí lena mbaineann?
☐déanfar ☐ní dhéanfar
Tabhair tuilleadh sonraí:
…
|
|
|
3.2.
|
Comhar le gnóthais
|
1.
|
An ndéanann eagraíochtaí taighde nó bonneagair thaighde lena mbaineann an beart cabhrach a dtugtar fógra ina leith comhoibriú éifeachtach le gnóthais (105) d’fhonn tionscadail ar leith a dhéanamh go comhpháirteach?
☐déanann ☐ní dhéanann
Má dhéanann, sonraigh:
…
|
|
2.
|
Deimhnigh an bhfuil téarmaí agus coinníollacha tionscadail comhair, go háirithe a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí lena chostais, comhroinnt rioscaí agus torthaí, scaipeadh torthaí, rochtain ar CMI agus rialacha maidir le leithdháileadh CMI, tugtha i gcrích roimh thús an tionscadail (ní chuimsítear leis sin comhaontuithe cinnte maidir le margadhluach an CMI a eascraíonn as sin agus luach na ranníocaíochtaí leis an tionscadal).
☐tá ☐níl
Tabhair tuilleadh sonraí agus cuir isteach fianaise ábhartha:
…
|
|
3.
|
Má chomhoibríonn eagraíochtaí taighde nó bonneagair thaighde go héifeachtach le gnóthais, léirigh an gcomhlíontar ceann ar bith de na coinníollacha a leanas:
|
(a)
|
seasann na gnóthais rannpháirteacha costais iomlána an tionscadail (na dtionscadal)
☐seasann ☐ní sheasann
|
|
(b)
|
d’fhéadfaí torthaí an chomhair, nach mbíonn cearta maoine intleachtúla (CMI) mar thoradh orthu, a scaipeadh go forleathan agus leithdháiltear go hiomlán orthu aon CMI a eascraíonn as gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí taighde nó na mbonneagar taighde
☐d’fhéadfaí/leithdháiltear ☐ní fhéadfaí/ní leithdháiltear
|
|
(c)
|
déantar aon CMI a eascraíonn as an tionscadal, chomh maith le cearta rochtana gaolmhara, a leithdháileadh ar na comhpháirtithe comhair éagsúla ar bhealach ina léirítear go cuí a bpacáistí oibre, a rannchuidithe agus a leasanna faoi seach
☐déantar ☐ní dhéantar
|
Má thug tú freagra dearfach ar cheann ar bith de na ceisteanna thuas, tabhair sonraí (agus cuir isteach fianaise ábhartha).
…
|
|
4.
|
Má chomhoibríonn eagraíochtaí taighde nó bonneagair thaighde go héifeachtach le gnóthais agus murar ‘tá’ aon cheann de na freagraí ar cheist (3), cuir in iúl an gcomhlíontar ceann ar bith de na coinníollacha a leanas:
|
(a)
|
Faigheann na heagraíochtaí taighde nó na bonneagair thaighde cúiteamh an CMI a eascraíonn as a ngníomhaíochtaí agus atá sannta do na gnóthais rannpháirteacha, nó dá leithdháiltear cearta rochtana ar ghnóthais rannpháirteacha. Suíodh méid an chúitimh le nós imeachta díola iomaíoch atá oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.
☐faigheann/suíodh ☐ní fhaigheann/níor suíodh
|
|
(b)
|
Faigheann na heagraíochtaí taighde nó na bonneagair thaighde cúiteamh an CMI a eascraíonn as a ngníomhaíochtaí agus atá sannta do na gnóthais rannpháirteacha, nó dá leithdháiltear cearta rochtana ar ghnóthais rannpháirteacha. Deimhnítear trí luacháil ó shaineolaí neamhspleách go bhfuil méid an chúitimh ar a laghad cothrom leis an bpraghas margaidh.
☐faigheann/deimhnítear ☐ní fhaigheann/ní dheimhnítear
|
|
(c)
|
is féidir leis na heagraíochtaí taighde nó na bonneagair thaighde a léiriú gur chaibidligh siad an cúiteamh go héifeachtach (le haghaidh CMI a eascraíonn as a ngníomhaíochtaí agus a shanntar do na gnóthais rannpháirteacha, nó a leithdháiltear cearta rochtana ar ghnóthais rannpháirteacha), ar neamhthuilleamaí (106), chun an tairbhe eacnamaíoch is mó a bhaint amach tráth a thugtar an conradh i gcrích.
☐is féidir ☐ní féidir
|
|
(d)
|
i gcás ina bhfolaíonn an comhaontú comhair ceart an chéad diúltú ar na gnóthais chomhair maidir le CMI arna ghiniúint ag eagraíochtaí taighde nó bonneagair thaighde, gníomhaíonn na heagraíochtaí taighde nó na bonneagair thaighde sin ceart cómhalartach chun tairiscintí a bhfuil buntáiste eacnamaíoch níos mó leo a iarradh ó thríú páirtithe ionas go mbeidh ar na gnóthais chomhair a dtairiscint a mheaitseáil dá réir.
☐gníomhaíonn ☐ní ghníomhaíonn
|
Tabhair sonraí agus cuir isteach fianaise ábhartha:
…
|
|
|
4.
|
SOLÁTHAR POIBLÍ SEIRBHÍSÍ TAIGHDE AGUS FORBARTHA
|
1.
|
Má bhaineann an beart a dtugtar fógra ina leith le soláthar poiblí seirbhísí taighde agus forbartha ó ghnóthais, an roghnaítear na soláthraithe le nós imeachta tairisceana oscailte a dhéantar i gcomhréir leis na treoracha is infheidhme (107)?
☐roghnaítear ☐ní roghnaítear
Má roghnaítear, sonraigh:
…
|
|
2.
|
I gcásanna nach ndearnadh próiseas tairisceana oscailte le haghaidh soláthar poiblí i gcomhréir leis na treoracha is infheidhme, agus i gcás ina mbaineann an beart a dtugtar fógra ina leith le ceannach poiblí seirbhísí taighde agus forbartha ó ghnóthais, agus soláthar réamhthráchtála san áireamh, léirigh cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
tá an nós imeachta roghnúcháin oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, agus tá sé bunaithe ar chritéir oibiachtúla roghnúcháin agus deonaithe a shonraítear roimh an nós imeachta tairisceana.
☐tá ☐níl
Mura bhfuil, tabhair sonraí a thugann le fios cé acu a leanadh nó nár leanadh nós imeachta iomaíoch, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach i gcomhréir leis na treoracha is infheidhme (mar shampla, nós imeachta iomaíoch le hidirbheartaíochta, comhpháirtíocht nuálaíochta, nó idirphlé iomaíoch).
…
|
|
(b)
|
cuirtear ar fáil do na tairgeoirí tairiscintí na socruithe conarthacha beartaithe ina dtugtar tuairisc ar chearta agus oibleagáidí na bpáirtithe, agus maidir le CMI san áireamh, roimh an nós imeachta tairisceana.
☐cuirtear ☐ní chuirtear
Tabhair sonraí:
…
|
|
(c)
|
ní thugann an soláthar aon chóir fhabhrach do cheann ar bith de na soláthraithe rannpháirteacha i soláthar méideanna tráchtála de na táirgí nó na seirbhísí deiridh do cheannaitheoir poiblí sa Bhallstát lena mbaineann (108), agus comhlíontar ceann amháin de na coinníollacha a leanas (léirigh trí thic a chur sa bhosca ábhartha thíos).
|
—
|
is féidir na torthaí ar fad nach bhfuil CMI ina thoradh orthu a scaipeadh ar bhealach a chuireann ar chumas gnóthais eile iad a atáirgeadh, agus leithdháiltear aon CMI go hiomlán ar an gceannaitheoir poiblí, nó
☐is féidir ☐ní féidir
|
|
—
|
ceanglaítear ar aon soláthraí seirbhíse ar a leithdháiltear torthaí as a n-eascraíonn CMI rochtain gan teorainn a dheonú ar an gceannaitheoir poiblí ar na torthaí sin saor in aisce, agus rochtain a dheonú ar thríú páirtithe faoi choinníollacha margaidh.
☐ceanglaítear ☐ní cheanglaítear
|
Tabhair sonraí:
…
|
|
|
|
5.
|
TUAIRISC AR AN MBEART CABHRACH A DTUGTAR FÓGRA INA LEITH
|
|
5.1.
|
Cabhair le haghaidh tionscadail T&F
|
1.
|
Léirigh na céimeanna T&F a dtacaítear leo faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith:
|
☐
|
taighde bunúsach mar a shainmhínítear i bpointe 16(n) den Chreat T&F&N
|
|
☐
|
taighde tionsclaíoch, mar a shainmhínítear i bpointe 16(r) den Chreat T&F&N
|
|
☐
|
forbairt thurgnamhach, mar a shainmhínítear i bpointe 16 (k) den Chreat T&F&N
|
|
|
2.
|
Le haghaidh cabhair aonair, tabhair faisnéis mhionsonraithe faoi ábhar an tionscadail T&F, agus faisnéis faoi na nithe seo a leanas san áireamh:
|
(a)
|
staid na cabhrach, de réir mar is infheidhme maidir leis an earnáil lena mbaineann, atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an tionscadal, agus mínigh conas a rachaidh an tionscadal níos faide ná í/cé na gnéithe ina rachaidh sé níos faide ná í
…
|
|
(b)
|
na gníomhaíochtaí taighde nithiúla (le mionsonraí eolaíocha agus teicniúla leordhóthanacha)
…
|
|
(c)
|
na torthaí beartaithe / na táirgí insoláthartha / torthaí an tionscadail
…
|
|
(d)
|
struchtúr soiléir an tionscadail i bpacáistí oibre
…
|
|
(f)
|
fad an tionscadail (dáta tosaigh – dáta deiridh an tionscadail), lena n-áirítear cairt GANTT maidir leis an gcaoi a bhforbróidh agus a gcríochnóidh pacáistí oibre an tionscadail
…
|
|
(g)
|
má chuimsíonn an tionscadal catagóirí éagsúla taighde, liostaigh agus cáiligh na tascanna éagsúla mar a thagann faoi chatagóirí taighde bunúsach, taighde tionsclaíoch nó forbairt thurgnamhach
…
|
|
(h)
|
aon faisnéis eile a mheasann tú a bheith riachtanach chun ábhar an taighde agus an cineál taighde atá le déanamh a thaispeáint
…
|
|
|
3.
|
Sonraigh na costais iomlána, na costais incháilithe iomlána agus, i gcás cabhair aonair, sonraigh a méid in aghaidh an chineáil costais incháilithe. I gcás taighde a bhaineann leis an tsláinte, soiléirigh cineál na gcostas incháilithe trí mhiondealú níos mionsonraithe ar na costais incháilithe a sholáthar (109).
…
Tacaigh le do chuid ríomhanna ar na costais incháilithe T&F leis an bhfianaise dhoiciméadach is déanaí, fianaise a bheidh soiléir agus sonrach agus a bheidh i gceangal leis an bhfoirm fógra.
|
Costais incháilithe le haghaidh tionscadal T&F
|
Méid an chostais incháilithe:
Taighde bunúsach
|
Méid an chostais incháilithe:
Taighde tionsclaíoch
|
Méid an chostais incháilithe:
Forbairt thurgnamhach
|
|
Costais phearsanra: taighdeoirí, teicneoirí agus baill foirne tacaíochta eile a mhéid a fhostaítear le haghaidh an tionscadail iad
|
|
|
|
|
Costais na n-ionstraimí agus an trealaimh (dímheas maidir leis an am agus a mhéid a úsáidtear le haghaidh an tionscadail iad)
|
|
|
|
|
Costais na bhfoirgneamh agus na talún (dímheas maidir leis an am agus a mhéid a úsáidtear le haghaidh an tionscadail iad)
|
|
|
|
|
Costas taighde chonarthaigh, eolais agus paitinní a cheannaítear nó a cheadúnaítear ó fhoinsí seachtracha de réir coinníollacha maidir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mar aon le costais seirbhísí comhairleoireachta agus seirbhísí coibhéiseacha a úsáidtear go heisiach don tionscadal
|
|
|
|
|
Forchostais bhreise a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an tionscadal (110)
|
|
|
|
|
Speansais oibriúcháin eile
|
|
|
|
|
Go sonrach le haghaidh tionscadal T&F atá ábhartha don tsláinte/a bhaineann leis an tsláinte, na costais uile, agus le haghaidh trialacha réamhchliniciúla agus cliniciúla san áireamh, trialacha chéim IV a chuireann dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch chun cinn
|
|
|
|
|
Costais incháilithe iomlána
|
|
|
|
…
|
|
4.
|
Sonraigh an déine cabhrach is infheidhme agus tabhair údar breise má tá aon mhéadú ar an mbundéine cabhrach infheidhme.
|
Déine cabhrach a cuireadh i bhfeidhm:
|
Fiontar beag
%
|
Fiontar meánmhéide
%
|
Fiontar mór
%
|
|
Taighde bunúsach
|
|
|
|
|
Bundéine cabhrach le haghaidh taighde tionsclaíoch
|
|
|
|
|
Méadú ar an mbundéine cabhrach le haghaidh taighde tionsclaíoch:
|
—
|
faoi réir comhar éifeachtach idir gnóthais (le haghaidh fiontair mhóra trasteorann nó le FBM amháin ar a laghad) nó idir gnóthas agus eagraíocht taighde; nó
|
|
—
|
faoi réir scaipeadh forleathan torthaí, nó
|
|
|
|
|
|
—
|
faoi réir an tionscadail T&F atá á chur i gcrích i limistéir fóirithinte agus a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh nó
|
|
—
|
faoi réir an tionscadail T&F atá á chur i gcrích i limistéir fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (a) den Chonradh
|
|
|
|
|
|
Déine cabhrach is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí taighde tionsclaíocha:
|
|
|
|
|
Bundéine cabhrach le haghaidh forbairt thurgnamhach
|
|
|
|
|
Méadú ar an mbundéine cabhrach le haghaidh forbairt thurgnamhach:
|
—
|
faoi réir comhar éifeachtach idir gnóthais (le haghaidh fiontair mhóra trasteorann nó le FBM amháin ar a laghad) nó idir gnóthas agus eagraíocht taighde; nó
|
|
—
|
faoi réir scaipeadh forleathan torthaí, nó
|
|
|
|
|
|
—
|
faoi réir an tionscadail T&F atá á chur i gcrích i limistéir fóirithinte agus a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh, nó
|
|
—
|
faoi réir an tionscadail T&F atá á chur i gcrích i limistéir fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (a) den Chonradh
|
|
|
|
|
|
Déine cabhrach is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí forbartha turgnamhaí:
|
|
|
|
|
|
5.
|
Tabhair faisnéis faoin státchabhair atá beartaithe agat a dheonú, agus na nithe seo a leanas san áireamh:
|
(a)
|
Méid foriomlán ainmniúil na státchabhrach
…
|
|
(b)
|
Cad í an ionstraim státchabhrach (cineál na cabhrach)
…
|
|
(c)
|
Cé acu a eisíocfar nó nach n-eisíocfar an státchabhair i dtráthchuid amháin nó i dtráthchodanna éagsúla
…
|
|
(d)
|
Dátaí sealadacha na heisíocaíochta (na blianta ar a laghad) agus méideanna gach ceann de na tráthchodanna sin
…
|
|
(e)
|
Míniú ar an gcaoi ar shuí tú méid na státchabhrach atá beartaithe agat a dheonú don tionscadal agus méideanna agus sceideal na dtráthchodanna
…
|
|
|
6.
|
I gcás ina mbaineann an fógra le beart fioscach ar státchabhair é, tabhair tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
an mbaineann an beart fioscach gan idirdhealú le gach gníomhaíocht incháilithe, ach nach sáraíonn sé an déine cabhrach is infheidhme d’fhorbairt thurgnamhach
…
|
|
(b)
|
cé acu a shárófar nó nach sárófar déine cabhrach ábhartha, i gcás ina ndéanfar idirdhealú le beart cabhrach fioscaí idir catagóirí éagsúla T&F
…
|
|
|
|
5.2.
|
Cabhair le haghaidh staidéir indéantachta
|
1.
|
Tabhair tuairisc ar an ábhar agus ar na gníomhaíochtaí lena mbaineann na staidéir indéantachta (féach an sainmhíniú i bpointe 16(l) den Chreat T&F&N). Tabhair faisnéis freisin maidir le fad na staidéar indéantachta (dáta tosaigh agus dáta deiridh), agus i gcás inarb infheidhme cairt GANTT chun léiriú a thabhairt ar an gcaoi a bhforbróidh agus a gcríochnóidh na pacáistí oibre agus na gníomhaíochtaí (más ann dóibh) san áireamh.
…
|
|
2.
|
Sonraigh na costais incháilithe agus, don chabhair aonair, sonraigh méid na gcostas sin agus tabhair tuilleadh sonraí maidir leis na toimhdí bunúsacha lena ríomh. Tacaigh le do chuid ríomhanna ar na costais incháilithe T&F leis an bhfianaise dhoiciméadach is déanaí, fianaise a bheidh soiléir agus sonrach agus a bheidh i gceangal leis an bhfoirm fógra.
|
Costais incháilithe le haghaidh staidéar indéantachta
|
Méid na gcostas incháilithe
|
|
[cuir isteach ró le haghaidh gach míre costais atá san áireamh i gcostais incháilithe an staidéir féidearthachta]
|
|
…
|
|
3.
|
Chun comhlíonadh Iarscríbhinn II agus phointe 81 den Chreat T&F&N a léiriú, sonraigh an déine cabhrach is infheidhme. Tabhair údar, más ábhartha, leis an gcúis a bhfuil aon mhéadú ar an mbundéine cabhrach infheidhme.
|
Déine cabhrach is infheidhme
|
Fiontar beag
%
|
Fiontar meánmhéide
%
|
Fiontar mór
%
|
|
Bundéine cabhrach le haghaidh staidéir indéantachta
|
|
|
|
|
Méadú ar an mbundéine cabhrach:
|
—
|
i limistéir fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh, nó
|
|
—
|
i limistéir fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (a), den Chonradh
|
|
|
|
|
|
Déine cabhrach is infheidhme
|
|
|
|
|
|
4.
|
Tabhair faisnéis faoin státchabhair atá beartaithe agat a dheonú, agus na nithe seo a leanas san áireamh:
|
(a)
|
méid foriomlán ainmniúil na státchabhrach
…
|
|
(b)
|
cad í an ionstraim státchabhrach (cineál na cabhrach)
…
|
|
(c)
|
cé acu a eisíocfar nó nach n-eisíocfar an státchabhair i dtráthchuid amháin nó i dtráthchodanna éagsúla
|
|
(d)
|
dátaí sealadacha na heisíocaíochta (na blianta ar a laghad) agus méideanna gach ceann de na tráthchodanna sin
|
|
(e)
|
míniú ar an gcaoi ar shuí tú méid na státchabhrach atá beartaithe agat a dheonú don staidéar indéantachta agus sceideal na dtráthchodanna
…
|
|
|
|
5.3.
|
Cabhair le haghaidh bonneagair thástála a thógáil agus a uasghrádú
|
1.
|
Sonraigh cé acu atá nó nach bhfuil an beart dírithe ar bhonneagar taighde nua a thógáil nó ar bhonneagar taighde atá ann cheana a uasghrádú.
…
|
|
2.
|
Tabhair tuairisc iomlán ar an mbonneagar taighde (féach an sainmhíniú i bpointe 16 (gg) den Chreat T&F&N) lena n-airítear a shuíomh, a fheidhmiúlachtaí, saoráidí agus trealamh, réimsí taighde agus seirbhísí, úsáideoirí beartaithe, srl. Tabhair freisin fad an tionscadail (dáta tosaigh agus deiridh na ngníomhaíochtaí tógála nó uasghrádaithe), lena n-áirítear cairt GANTT chun léiriú a thabhairt ar conas agus cathain a dhéanfar agus a chríochnófar na gníomhaíochtaí infheistíochta dá dtugtar cabhair, chomh maith leis an dáta a chuirfear an bonneagar i bhfeidhm agus a shaolré beartaithe.
…
|
|
3.
|
Sonraigh an ndéanfaidh an bonneagar taighde aon ghníomhaíocht eacnamaíoch lena mbaineann earraí nó seirbhísí a thairiscint ar mhargadh áirithe? Tabhair mionsonraí na ngníomhaíochtaí sin, agus mionsonraí maidir leis an eintiteas ábhartha san áireamh (is é sin eintiteas ar nós saotharlann nó roinn a bhfuil an struchtúr eagraíochta, an caipiteal, an t-ábhar agus an lucht saothair ar fáil dó go héifeachtach chun an ghníomhaíocht lena mbaineann a dhéanamh as féin, ar an leibhéal ar gá an measúnú a dhéanamh air), acmhainneacht bhliantúil an eintitis ábhartha agus sciar bliantúil na hacmhainneachta sin chun bheith ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch nó do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha den sórt sin ar feadh shaolré bheartaithe an bhonneagair taighde.
…
|
|
4.
|
Sonraigh na costais incháilithe agus, don chabhair aonair, sonraigh méid na gcostas sin agus tabhair tuilleadh sonraí maidir leis na toimhdí bunúsacha lena ríomh. Tacaigh le do chuid ríomhanna ar na costais incháilithe T&F leis an bhfianaise dhoiciméadach is déanaí atá ar fáil, fianaise a bheidh soiléir agus sonrach agus i gceangal leis an bhfoirm fógra.
|
Costais incháilithe
|
Méid na gcostas incháilithe
|
|
costais infheistíochta le haghaidh bonneagair thástála a thógáil agus a uasghrádú
|
|
|
[cuir san áireamh ró le haghaidh gach costais a mheasann tú a thagann faoi chatagóir foriomlán na gcostas infheistíochta i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe]
|
|
|
Costais incháilithe iomlána
|
|
…
|
|
5.
|
Sonraigh an déine cabhrach is infheidhme agus tabhair údar breise más ábhartha leis an gcúis a bhfuil aon mhéadú ar an mbundéine cabhrach infheidhme.
|
Déine cabhrach is infheidhme
|
%
|
|
Bundéine cabhrach le haghaidh cabhair infheistíochta chun bonneagair thaighde a thógáil agus a uasghrádú
|
|
|
Méadú ar an mbundéine cabhrach:
|
—
|
faoi réir go soláthróidh ar a laghad dhá Bhallstát an maoiniú poiblí, nó
|
|
—
|
le haghaidh bonneagair thaighde a mheastar agus a roghnaítear ar leibhéal an Aontais
|
|
|
|
Déine cabhrach is infheidhme
|
|
…
|
|
6.
|
Tabhair faisnéis faoin státchabhair atá beartaithe agat a dheonú, agus na nithe seo a leanas san áireamh:
|
(a)
|
Méid foriomlán ainmniúil na státchabhrach
…
|
|
(b)
|
Cad í an ionstraim státchabhrach (cineál na cabhrach)
…
|
|
(c)
|
Cé acu a eisíocfar nó nach n-eisíocfar an státchabhair i dtráthchuid amháin nó i dtráthchodanna éagsúla
…
|
|
(d)
|
Dátaí sealadacha na heisíocaíochta (na blianta ar a laghad) agus méideanna gach ceann de na tráthchodanna sin
…
|
|
(e)
|
Míniú ar an gcaoi ar shuí tú méid na státchabhrach atá beartaithe agat a dheonú don staidéar féidearthachta agus sceideal na dtráthchodanna
…
|
|
|
7.
|
Má bhíonn idir ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha ar bun sna bonneagair thaighde, cuir tic leis an mbosca thíos lena dheimhniú go bhfuil cuntas ar leithligh ar mhaoiniú, costais, agus ioncaim gach cineál gníomhaíochta ar bhonn prionsabal cuntasaíochta a chuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach agus a bhfuil údar oibiachtúil leo.
☐tá ☐níl
Le haghaidh cabhair aonair, tabhair an fhaisnéis agus an fhianaise ábhartha:
…
|
|
8.
|
Má fhaigheann bonneagair thaighde maoiniú poiblí as gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus neamh-eacnamaíocha, cuir tic leis an mbosca thíos lena dheimhniú go bhfuil sásra monatóireachta agus aisghlámtha i bhfeidhm d’fhonn a chinntiú nach sáraítear an uasdéine cabhrach is infheidhme.
☐tá ☐níl
Tabhair faisnéis agus fianaise ábhartha:
…
|
|
9.
|
An gcomhfhreagraíonn an praghas a ghearrtar as na bonneagair thaighde a oibriú nó a úsáid leis an bpraghas margaidh?
☐comhfhreagraíonn ☐ní chomhfhreagraíonn
Sonraigh:
…
|
|
10.
|
An bhfuil rochtain ar na bonneagair thaighde oscailte do roinnt úsáideoirí ar bhonn trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach?
☐tá ☐níl
I gcás ina ndeonaítear rochtain tosaíochta do roinnt gnóthas, tabhair sonraí agus léirigh sciar na gcostas infheistíochta a iompraíonn na gnóthais sin:
…
|
|
|
5.4.
|
Cabhair le haghaidh bonneagair thástála agus thurgnamhaíochta a thógáil agus a uasghrádú (féadfar ‘bonneagair theicneolaíochta’ a thabhairt orthu freisin)
|
1.
|
Tabhair tuairisc iomlán ar an mbonneagar tástála agus turgnamhaíochta (féach an sainmhíniú i bpointe 16 (ll) den Chreat T&F&N), agus a shuíomh, a fheidhmiúlachtaí, a shaoráidí agus a threalamh, a sheirbhísí, úsáideoirí beartaithe agus próifíl na n-úsáideoirí (agus a méid, a n-earnáil agus eolas ábhartha eile san áireamh) srl san áireamh.
…
|
|
2.
|
Tabhair freisin fad an tionscadail (dáta tosaigh agus deiridh na ngníomhaíochtaí tógála nó uasghrádaithe), agus cairt GANTT san áireamh chun léiriú a thabhairt ar conas agus cathain a dhéanfar agus a chríochnófar na gníomhaíochtaí infheistíochta dá dtugtar cabhair, chomh maith leis an dáta a chuirfear an bonneagar i bhfeidhm agus a shaolré beartaithe.
…
|
|
3.
|
Sonraigh na costais incháilithe agus, le haghaidh cabhair aonair, léirigh méid na gcostas sin agus tabhair tuilleadh sonraí maidir leis na heilimintí costais agus na toimhdí bunúsacha lena ríomh. Tacaigh le do chuid ríomhanna le fianaise chuí atá le cur i gceangal leis an bhfoirm fógra.
|
Costais incháilithe
|
Méid na gcostas incháilithe
|
|
cabhair chun bonneagair thástála agus thurgnamhaíochta a thógáil agus a uasghrádú
agus na nithe seo a leanas san áireamh
|
|
|
[cuir san áireamh ró le haghaidh gach costais a mheasann tú a thagann faoi chatagóir foriomlán na gcostas infheistíochta i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe]
|
|
|
Costais incháilithe iomlána
|
|
…
|
|
4.
|
Sonraigh an déine cabhrach is infheidhme agus tabhair údar breise má tá aon mhéadú ar an mbundéine cabhrach infheidhme:
|
Déine cabhrach is infheidhme
|
Fiontar beag
%
|
Fiontar meánmhéide
%
|
Fiontar mór
%
|
|
Bundéine cabhrach le haghaidh cabhair infheistíochta chun bonneagair thaighde a thógáil agus a uasghrádú
|
|
|
|
|
Méadú ar an mbundéine cabhrach:
|
—
|
faoi réir go soláthróidh ar a laghad dhá Bhallstát an maoiniú poiblí, nó
|
|
—
|
le haghaidh bonneagair thástála agus thugnamhaíochta arna meas agus arna roghnú ar leibhéal an Aontais , agus/nó
|
|
|
|
|
|
—
|
faoi réir an bhonneagair thástála agus thurgnamhaíochta a chuireann seirbhísí ar fáil do FBManna den chuid is mó (agus 80 % dá chumas a leithdháileadh chun na críche sin ar a laghad)
|
|
|
|
|
|
Déine cabhrach is infheidhme
|
|
|
|
|
|
5.
|
Tabhair faisnéis faoin státchabhair atá beartaithe agat a dheonú, agus na nithe seo a leanas san áireamh:
|
(a)
|
Méid foriomlán ainmniúil na státchabhrach
…
|
|
(b)
|
Cad í an ionstraim státchabhrach (cineál na cabhrach)
…
|
|
(c)
|
Cé acu a eisíocfar nó nach n-eisíocfar an státchabhair i dtráthchuid amháin nó i dtráthchodanna éagsúla
…
|
|
(d)
|
Dátaí sealadacha na heisíocaíochta (na blianta ar a laghad) agus méideanna gach ceann de na tráthchodanna sin
…
|
|
(e)
|
Míniú ar an gcaoi ar shuí tú méid na státchabhrach atá beartaithe agat a dheonú don bhonneagar tástála agus turgnamhaíochta agus sceideal na dtráthchodanna.
…
|
|
|
6.
|
Tabhair faisnéis mhionsonraithe beacht maidir le speisialtóireacht phleanáilte nó ionchais an bhonneagair, a chineál úrscothach agus an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an mbonneagar chun aistriú digiteach agus glas gheilleagar an Aontais a éascú ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais.
…
|
|
7.
|
Tabhair faisnéis i dtaobh an bhfuil bonneagair thástála agus thurgnamhaíochta den chineál céanna ann san Aontas, bíodh siad maoinithe go poiblí nó ná bíodh.
…
|
|
8.
|
An gcomhfhreagraíonn an praghas a ghearrtar as an mbonneagar turgnamhaíochta nó as na bonneagair thurgnamaíochta a oibriú nó a úsáid leis an bpraghas margaidh?
☐comhfhreagraíonn ☐ní chomhfhreagraíonn
Sonraigh agus tabhair tuilleadh sonraí maidir leis na praghsanna margaidh agus na praghsanna a ghearrtar, chomh maith le fianaise chuí chun praghsanna margaidh a chinneadh:
…
|
|
9.
|
An bhfuil rochtain ar an mbonneagar tástála agus turgnamhaíochta oscailte do roinnt úsáideoirí ar bhonn trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus ar théarmaí an mhargaidh?
☐tá ☐níl
Tabhair tuilleadh sonraí maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an rochtain oscailte, thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach:
…
I gcás ina ndeonaítear rochtain fhabhrach do ghnóthais áirithe, tabhair sonraí agus údar le cur chuige den sórt sin:
…
|
|
10.
|
Tabhair faisnéis faoin méid a leithdháilfí acmhainneacht an bhonneagair thástála agus thurgnamhaíochta ar sheirbhísí a sholáthraítear do FBManna. Tabhair tuilleadh sonraí agus cuir isteach fianaise ábhartha.
…
|
|
11.
|
Léirigh nach mbeidh dúbailt i seirbhísí atá á dtairiscint cheana féin ag bonneagair thástála agus thurgnamhaíochta atá ann cheana agus atá ag feidhmiú laistigh den Aontas mar thoradh ar an tacaíocht phoiblí.
…
|
|
|
5.5.
|
Cabhair nuálaíochta le haghaidh FBManna
|
1.
|
Sonraigh agus tabhair tuairisc ar na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith:
|
☐
|
paitinní agus sócmhainní doláimhsithe eile a fháil, a bhailíochtú agus a chosaint
|
|
☐
|
pearsanra ardcháilithe a fháil ar iasacht
|
|
☐
|
seirbhísí comhairleacha nuálaíochta agus tacaíochta a fháil (111)
|
|
|
2.
|
Sonraigh an tréimhse ina ndéanfar na gníomhaíochtaí nuálaíochta dá dtugtar tacaíocht (dáta tosaigh – dáta deiridh):
…
|
|
3.
|
Sonraigh na costais incháilithe agus, don chabhair aonair, léirigh méid na gcostas sin.
|
Costais incháilithe
|
Méid na gcostas incháilithe
|
|
Costais a bhaineann le paitinní agus sócmhainní doláimhsithe eile a fháil, a bhailíochtú agus a chosaint
|
|
|
Costas pearsanra ardcháilithe a fháil ar iasacht
|
|
|
Costais a bhaineann le seirbhísí comhairleacha agus tacaíochtaí nuálaíochta a fháil
|
|
|
Costais incháilithe iomlána
|
|
…
|
|
4.
|
Sonraigh an déine cabhrach is infheidhme agus tabhair údar breise má tá aon mhéadú ar an mbundéine cabhrach infheidhme.
|
Déine cabhrach is infheidhme
|
Fiontar beag
%
|
Fiontar meánmhéide
%
|
|
Cabhair nuálaíochta le haghaidh FBManna
|
|
|
|
|
5.
|
Tabhair faisnéis faoin státchabhair atá beartaithe agat a dheonú, agus na nithe seo a leanas san áireamh:
|
(a)
|
Méid foriomlán ainmniúil na státchabhrach
…
|
|
(b)
|
Cad í an ionstraim státchabhrach (cineál na cabhrach)
…
|
|
(c)
|
Cé acu a eisíocfar nó nach n-eisíocfar an státchabhair i dtráthchuid amháin nó i dtráthchodanna éagsúla
…
|
|
(d)
|
Dátaí sealadacha na heisíocaíochta (na blianta ar a laghad) agus méideanna gach ceann de na tráthchodanna sin
…
|
|
(e)
|
Míniú ar an gcaoi ar shuí tú méid na státchabhrach atá beartaithe agat a dheonú don staidéar féidearthachta agus sceideal na dtráthchodanna
…
|
|
|
|
5.6.
|
Cabhair le haghaidh nuálaíocht próiseas agus eagraíochta
|
1.
|
Sonraigh agus tabhair tuairisc ar na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith:
|
☐
|
nuálaíocht eagraíochta
Tabhair tuairisc ar an ngníomhaíocht dá dtugtar tacaíocht:
…
|
|
|
2.
|
Tabhair tuairisc nithiúil ar na gníomhaíochtaí arb éard a bheidh sa phróiseas nó sa nuálaíocht eagraíochta agus tabhair údar leis an gcúis, i do thuairim, a léiríonn na gníomhaíochtaí sin an nuálaíocht sin (féach na sainmhínithe i bpointe 16(z) agus (cc) den Chreat T&F&N). Tabhair freisin fad na ngníomhaíochtaí dá dtugtar cabhair (dáta tosaigh agus dáta deiridh), chomh maith le cairt GANTT.
…
|
|
3.
|
Sonraigh na costais incháilithe agus, don chabhair aonair, léirigh méid na gcostas sin.
|
Costais incháilithe
|
Méid na gcostas incháilithe
|
|
Costais phearsanra a mhéid a fhostaítear sa tionscadal iad
|
|
|
Costais na n-ionstraimí agus an trealaimh (dímheas a mhéid a úsáidtear le haghaidh an tionscadail iad agus an tréimhse a úsáidtear dó sin iad)
|
|
|
Costas na bhfoirgneamh agus na talún, (dímheas a mhéid a úsáidtear le haghaidh an tionscadail iad agus an tréimhse a úsáidtear dó sin iad)
|
|
|
Costas taighde chonarthaigh, eolais agus paitinní a cheannaítear nó a cheadúnaítear ó fhoinsí seachtracha de réir coinníollacha maidir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mar aon le costais seirbhísí comhairleoireachta agus seirbhísí coibhéiseacha a úsáidtear go heisiach don tionscadal
|
|
|
Forchostais bhreise a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an tionscadal
|
|
|
Costais oibriúcháin eile, agus costais ábhar, soláthairtí agus táirgí comhchosúla a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an tionscadal san áireamh.
|
|
|
Costais incháilithe iomlána
|
|
…
|
|
4.
|
Sonraigh an déine cabhrach is infheidhme agus tabhair údar breise má tá aon mhéadú ar an mbundéine cabhrach infheidhme.
|
Déine cabhrach is infheidhme
|
Fiontar beag
%
|
Fiontar meánmhéide
%
|
Fiontar mór
%
|
|
Cabhair le haghaidh nuálaíocht próiseas agus eagraíochta
|
—
|
is faoi réir comhar éifeachtach le FBM amháin ar a laghad atá cabhair le haghaidh gnóthais mhóra
|
|
|
|
|
…
|
|
5.
|
Tabhair faisnéis faoin státchabhair atá beartaithe agat a dheonú, agus na nithe seo a leanas san áireamh:
|
(a)
|
Méid foriomlán ainmniúil na státchabhrach
…
|
|
(b)
|
Cad í an ionstraim státchabhrach (cineál na cabhrach)
…
|
|
(c)
|
Cé acu a eisíocfar nó nach n-eisíocfar an státchabhair i dtráthchuid amháin nó i dtráthchodanna éagsúla
…
|
|
(d)
|
Dátaí sealadacha na heisíocaíochta (na blianta ar a laghad) agus méideanna gach ceann de na tráthchodanna sin
…
|
|
(e)
|
Míniú ar an gcaoi ar shuí tú méid na státchabhrach atá beartaithe agat a dheonú don staidéar féidearthachta agus sceideal na dtráthchodanna
…
|
|
|
6.
|
I gcás ina ndeonaítear cabhair ar fhiontair mhóra, cuir tic leis an mbosca thíos lena dheimhniú go gcomhoibríonn siad go héifeachtach le FBManna sa ghníomhaíocht a fhaigheann cabhair agus go dtabhaíonn na FBManna comhair 30 % ar a laghad de na costais incháilithe iomlána.
☐
Le haghaidh cabhair aonair, tabhair faisnéis agus fianaise ábhartha:
…
|
|
|
5.7.
|
Cabhair le haghaidh braislí nuálaíochta
|
1.
|
Sonraigh an bhfuil an beart dírithe ar infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar taighde nua nó ar bhonneagar taighde atá ann cheana a uasghrádú.
…
|
|
2.
|
Tabhair tuairisc fhóinteach ar an mbraisle nuálaíochta, agus a suíomh, speisialtóireacht, feidhmeanna, úsáideoirí beartaithe, saoráidí, agus más infheidhme, cathain a chuir an bhraisle nuálaíochta tús lena gníomhaíochtaí srl san áireamh.
…
|
|
3.
|
Sonraigh más é tairbhí na cabhrach úinéir agus/nó oibreoir na braisle nuálaíochta. I gcás an oibreora, murab ionann é agus an t-úinéir, sonraigh an bhfuil pearsantacht dhlítheanach ar leithligh aige nó an cuibhreannas gnóthas é nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige (sa chás deireanach sin, tabhair, seachas ainmneacha chomhaltaí an chuibhreannais, an comhaontú cuibhreannais freisin agus deimhnigh go gcoinneoidh gach ceann de na comhaltaí sin cuntasaíocht ar leithligh ar na costais agus ar na hioncaim ó gach gníomhaíocht)
…
Le haghaidh cabhair aonair, tabhair sonraí:
…
|
|
4.
|
An gcomhfhreagraíonn na táillí chun saoráidí braislí a úsáid agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí braislí leis an bpraghas margaidh nó an léiríonn siad a gcostais?
☐comhfhreagraíonn ☐ní chomhfhreagraíonn
Sonraigh:
…
|
|
5.
|
An bhfuil rochtain ar áitreabh, áiseanna agus gníomhaíochtaí na mbraislí oscailte do roinnt úsáideoirí ar bhonn trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach?
☐tá ☐níl
Sonraigh:
…
|
|
6.
|
I gcás ina ndeonaítear rochtain tosaíochta do roinnt gnóthas, tabhair sonraí agus léirigh sciar na gcostas infheistíochta a iompraíonn na gnóthais sin.
…
|
|
7.
|
Le haghaidh cabhair aonair (a bhaineann le cabhair infheistíochta agus/nó cabhair oibriúcháin araon), tabhair faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
an speisialtóireacht phleanáilte nó ionchais na braisle nuálaíochta, an cumas réigiúnach atá ann cheana agus láithreacht braislí san Aontas a bhfuil cuspóirí comhchosúla acu
…
|
|
(b)
|
conas is féidir leis an mbraisle nualaíochta tionchar dearfach a imirt ar dhul chun cinn teicneolaíoch agus ar chlaochlú digiteach gheilleagar an Aontais
…
|
|
(c)
|
cé acu atá nó nach bhfuil an bhraisle nuálaíochta dá dtugtar tacaíocht ina Mol Nuálaíochta Digití
…
|
|
(d)
|
cibé an ndíreofaí leis na cásanna comhair a spreagfaí nó a dhreasófaí le gníomhaíochtaí na braisle nuálaíochta ar an am is gá idir cruthú an eolais nua agus trasuí an eolais sin isteach i bhfeidhmeanna nuálacha a ghiorrú, i measc nithe eile
…
|
|
(e)
|
Aon faisnéis eile a mheasann tú a bheith ábhartha
…
|
|
|
|
5.7.1.
|
Cabhair infheistíochta
|
1.
|
Sonraigh na costais incháilithe agus, don chabhair aonair, léirigh méid na gcostas sin.
|
Costais incháilithe
|
Méid na gcostas incháilithe
|
|
Costais infheistíochta chun an bhraisle nuálaíochta a thógáil agus a uasghrádú lena n-áirítear
|
|
|
[cuir san áireamh ró le haghaidh gach costais a mheasann tú a thagann faoi chatagóir foriomlán na gcostas infheistíochta i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe]
|
|
|
Costais incháilithe iomlána
|
|
|
|
2.
|
Sonraigh an déine cabhrach is infheidhme, agus aon mhéadú le haghaidh braislí atá lonnaithe i limistéir fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointí (a) nó (c) den Chonradh san áireamh.
|
Cabhair infheistíochta le haghaidh braislí nuálaíochta
|
Fiontar beag
%
|
Fiontar meánmhéide
%
|
Fiontar mór
%
|
|
Bundéine cabhrach le haghaidh cabhair infheistíochta
|
|
|
|
|
Méadú ar an mbundéine cabhrach:
|
—
|
i limistéir fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh, nó
|
|
—
|
i limistéir fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (a), den Chonradh
|
|
|
|
|
|
Déine cabhrach is infheidhme:
|
|
|
|
|
|
3.
|
Tabhair faisnéis faoin státchabhair atá beartaithe agat a dheonú, agus na nithe seo a leanas san áireamh:
|
(a)
|
Méid foriomlán ainmniúil na státchabhrach
…
|
|
(b)
|
Cad í an ionstraim státchabhrach (cineál na cabhrach)
…
|
|
(c)
|
Cé acu a eisíocfar nó nach n-eisíocfar an státchabhair i dtráthchuid amháin nó i dtráthchodanna éagsúla
…
|
|
(d)
|
Dátaí sealadacha na heisíocaíochta (na blianta ar a laghad) agus méideanna gach ceann de na tráthchodanna sin
…
|
|
(e)
|
Míniú ar an gcaoi ar shuí tú méid na státchabhrach atá beartaithe agat a dheonú don staidéar féidearthachta agus sceideal na dtráthchodanna
…
|
|
|
|
5.7.2.
|
Cabhair oibriúcháin
|
1.
|
Léirigh cé na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith agus tabhairt tuilleadh faisnéise maidir le substaint agus uainiú na ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo:
|
☐
|
bainistíocht shaoráidí na braisle
|
|
☐
|
cláir oiliúna, ceardlanna agus comhdhálacha a eagrú
…
|
|
|
2.
|
Sonraigh na costais incháilithe agus, don chabhair aonair, sonraigh méid na gcostas sin agus tabhair tuilleadh sonraí maidir leis na toimhdí bunúsacha lena ríomh. Tacaigh le do chuid ríomhanna le fianaise chuí atá le cur i gceangal leis an bhfoirm fógra.
|
Cabhair oibriúcháin le haghaidh braislí nuálaíochta
|
Méid na gcostas incháilithe
|
|
Costais phearsanta agus riaracháin (agus forchostais san áireamh) a bhaineann le beochan na braisle
|
|
|
Costais phearsanta agus riaracháin (agus forchostais san áireamh) a bhaineann le margaíocht na braisle
|
|
|
Costais phearsanta agus riaracháin (agus forchostais san áireamh) a bhaineann le bainistiú shaoráidí na braisle
|
|
|
Costais phearsanta agus riaracháin (agus forchostais san áireamh) a bhaineann le cláir oiliúna, ceardlanna agus comhdháil a eagrú
|
|
|
Costais incháilithe iomlána
|
|
…
|
|
3.
|
Sonraigh an déine cabhrach is infheidhme:
|
Déine cabhrach le haghaidh cabhair oibriúcháin don bhraisle nuálaíochta
|
%
|
|
|
|
|
|
4.
|
Tabhair faisnéis faoin státchabhair atá beartaithe agat a dheonú, agus na nithe seo a leanas san áireamh:
|
(a)
|
Méid foriomlán ainmniúil na státchabhrach
…
|
|
(b)
|
Cad í an ionstraim státchabhrach (cineál na cabhrach)
…
|
|
(c)
|
Cé acu a eisíocfar nó nach n-eisíocfar an státchabhair i dtráthchuid amháin nó i dtráthchodanna éagsúla
|
…
|
(d)
|
Dátaí sealadacha na heisíocaíochta (na blianta ar a laghad) agus méideanna gach ceann de na tráthchodanna sin
…
|
|
(e)
|
Míniú ar an gcaoi ar shuí tú méid na státchabhrach atá beartaithe agat a dheonú don staidéar féidearthachta agus sceideal na dtráthchodanna
…
|
|
|
|
6.
|
MEASÚNÚ COMHOIRIÚNACHTA AN BHIRT CABHRACH A DTUGTAR FÓGRA INA LEITH
|
|
6.1.
|
An chéad choinníoll: Éascaíonn cabhair T&F&N gníomhaíocht eacnamaíoch a fhorbairt
|
|
6.1.1.
|
An ghníomhaíocht eacnamaíoch a dtugtar tacaíocht di a shainaithint
|
1.
|
Le haghaidh cabhair aonair, tabhair tuairisc chuimsitheach ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht dá dtugtar cabhair (nó féach siar ar na ranna roimhe seo má soláthraíodh tuairisc mhionsonraithe den sórt sin ansin).
…
|
|
2.
|
Sonraigh agus tabhair tuairisc ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch a dtacófar léi faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith.
…
|
|
|
6.1.2.
|
Éifeacht dreasachta
|
|
6.1.2.1.
|
Coinníollacha ginearálta
|
1.
|
Deimhnigh cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar costais ghníomhaíochta a thabhódh an gnóthas ar aon nós a fhóirdheonú leis an gcabhair:
☐déanfar ☐ní dhéanfar
|
|
2.
|
Deimhnigh cé acu a chúiteoidh nó nach gcúiteoidh an chabhair an gnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch:
☐cúiteoidh ☐ní chúiteoidh
|
|
3.
|
Tabhair mínithe breise nó déan tagairt do roinn inar féidir teacht ar fhaisnéis den sórt sin:
…
|
|
4.
|
Cuir tic leis an mbosca thíos lena dheimhniú, nuair a bheidh an chabhair á deonú faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith, go gcinnteofar nár thosaigh obair ar na gníomhaíochtaí T&F&N ábhartha sula gcuireann an tairbhí an t-iarratas ar chabhair faoi bhráid na n-údarás náisiúnta (112) agus, le haghaidh cabhair aonair, sonraigh na dátaí ábhartha:
☐cinnteofar ☐ní chinnteofar
…
|
|
5.
|
Cuir tic i gceann amháin de na boscaí thíos lena dheimhniú go gcuimsítear sna hiarratais ar chabhair ó thairbhí na cabhrach go dtí na húdaráis náisiúnta ar a laghad ainm an iarratasóra agus méid a ghnóthais, tuairisc ar an tionscadal, agus a shuíomh agus dátaí tosaigh agus deiridh, an méid tacaíochta poiblí is gá chun é a dhéanamh, agus liosta de na costais incháilithe san áireamh:
☐cuimsítear ☐ní chuimsítear
…
|
|
6.
|
Má dheonaítear an chabhair i bhfoirm beart fioscach, tabhair sonraí agus, le haghaidh bearta neamh-incriminteacha, aon staidéar meastóireachta lena éifeacht dreasachta a shuí:
…
|
|
|
6.1.2.2.
|
Nithe breise a bhaineann le cabhair aonair
|
1.
|
Deimhnigh an méadófar méid an tionscadail de bharr an bhirt a dtugtar fógra ina leith?
☐méadófar ☐ní mhéadófar
Má mhéadaítear, sonraigh an cineál méadaithe agus cuir isteach fianaise ábhartha:
|
☐
|
méadú ar chostais iomlána an tionscadail (gan laghdú ar chaiteachas ag tairbhí na cabhrach i gcomparáid leis an gcás gan chabhair)
|
|
☐
|
méadú ar an líon daoine a shanntar do ghníomhaíochtaí T&F&N
|
Tabhair údar le do chuid freagraí agus tabhair tuilleadh sonraí agus cuir isteach fianaise ábhartha:
…
|
|
2.
|
Sonraigh an méadófar raon feidhme an tionscadail de bharr an bhirt a dtugtar fógra ina leith?
☐méadófar ☐ní mhéadófar
Má mhéadaítear, sonraigh an cineál méadaithe agus cuir isteach fianaise ábhartha:
|
☐
|
méadú ar an líon táirgí insoláthartha a mheastar a bheidh sa tionscadal;
|
|
☐
|
méadú ar leibhéal uaillmhéine an tionscadail arna fianú ag líon níos mó comhpháirtithe atá páirteach, dóchúlacht níos airde de nuáil eolaíochta nó teicneolaíochta nó riosca teipe níos airde (nasctha go suntasach le cineál fadtéarmach an tionscadail agus neamhchinnteacht faoina thorthaí);
|
Tabhair údar le do chuid freagraí trí thuilleadh sonraí agus fianaise a chur ar fáil:
…
|
|
3.
|
Deimhnigh an méadófar luas an tionscadail de bharr an bhirt a dtugtar fógra ina leith?
☐méadófar ☐ní mhéadófar
Má mhéadaítear, tabhair údar breise, sonraí agus fianaise ábhartha:
…
|
|
4.
|
Deimhnigh an méadófar an méid iomlán a chaithfear de bharr an bhirt a dtugtar fógra ina leith?
☐méadófar ☐ní mhéadófar
Má mhéadaítear, sonraigh an cineál méadaithe agus cuir isteach údar breise, sonraí agus fianaise ábhartha:
|
☐
|
méadú ar chaiteachas foriomlán T&F&N ag an tairbhí cabhrach, i dtéarmaí absalóideacha nó mar chion de láimhdeachas
|
|
☐
|
athruithe ar an mbuiséad tiomanta don tionscadal (gan laghdú comhfhreagrach ar an mbuiséad leithdháilte do thionscadail eile)
|
…
|
|
5.
|
Deimhnigh an mbeidh an beart a dtugtar fógra ina leith faoi réir meastóireacht ex post atá ar fáil go poiblí ar a rannchuidiú leis an leas coiteann?
☐beidh ☐ní bheidh
Má bhíonn, sonraigh:
…
|
|
6.
|
Tabhair tuairisc chuimsitheach, trí bhíthin anailíse ar an gcás frithfhíorasach, ar iompraíocht an tairbhí in éagmais cabhrach (is é sin ar an méid a tharlódh nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach a tharlódh gan chabhair). Léirigh le fianaise inmheánach chomhaimseartha más rud é gur bhreithnigh an tairbhí an cás frithfhíorasach ina chinnteoireacht inmheánach agus cuir fianaise den sórt sin i gceangal leis an bhfoirm seo.
…
|
|
7.
|
Sonraigh agus tabhair tuilleadh sonraí maidir leis na gnéithe atá ábhartha chun éifeacht dreasachta an bhirt a dtugtar fógra ina leith a léiriú agus tabhair fianaise tacaíochta, ar nós doiciméid bhoird, measúnuithe riosca, tuarascálacha airgeadais, pleananna gnó inmheánacha, tuairimí saineolacha agus staidéir eile a bhaineann leis an tionscadal atá á mheasúnú:
|
☐
|
leibhéal na brabúsachta (is é sin i gcás nach mbeadh tionscadal nó infheistíocht brabúsach ann féin lena dhéanamh do ghnóthas, ach go gcruthódh sé sochair thábhachtacha don tsochaí)
…
|
|
☐
|
méid na hinfheistíochta agus fráma ama na sreafaí airgid (mar shampla an mbaineann an beart le hinfheistíocht ard nuathionscanta, leibhéal íseal sreafaí airgid cuí agus codán nach beag den sreabhadh airgid a thagann chun cinn sa todhchaí i bhfad nó ar bhealach an-neamhchinnte, srl.)
…
|
|
☐
|
an leibhéal riosca atá i gceist (tabhair measúnú riosca, ina gcuirfear san áireamh go háirithe, mar is infheidhme, do-athraitheacht na hinfheistíochta, an dóchúlacht go gclisfidh ar bhonn tráchtála, an riosca nach mbeidh an tionscadal chomh táirgiúil is a bhíothas ag súil leis, an riosca go mbainfidh an tionscadal an bonn ó ghníomhaíochtaí eile de chuid thairbhí na cabhrach agus an riosca go mbainfidh costais an tionscadail an bonn d’inmharthanacht airgeadais an tionscadail)
…
|
|
|
8.
|
Má tá sé ar fáil, tabhair sonraí a bhaineann go sonrach leis an tionscal a léiríonn go bhfuil cás frithfhíorasach an tairbhí, a leibhéal brabúsachta is gá agus a shreafaí airgid ionchais, réasúnach.
…
|
|
9.
|
Sonraigh cé acu atá nó nach bhfuil comhar trasteorann i gceist leis an mbeart cabhrach nó cé acu atá nó nach bhfuil sé á mhaoiniú ag níos mó ná Ballstát amháin (is é sin baineann sé le gníomhaíochtaí T&F trasteorann, bonneagair thaighde, bonneagair thástála agus thurgnamhaíochta nó braislí nuálaíochta).
…
|
|
|
6.1.3.
|
Gan dlí ábhartha an Aontais a shárú
|
1.
|
Cuir tic i gceann amháin de na boscaí thíos lena dheimhniú nach mbaineann sárú ar dhlí ábhartha an Aontais leis an mbeart státchabhrach, leis na coinníollacha atá ag gabháil leis, agus a modh maoiniúcháin san áireamh nuair is cuid lárnach den bheart státchabhrach é an modh maoiniúcháin, nó leis an ngníomhaíocht a mhaoinítear leis.
☐ní bhaineann ☐baineann
|
|
2.
|
Le haghaidh cabhair aonair: sonraigh an bhfuil aon imeacht um shárú atá ábhartha maidir le Airteagail 101 nó 102 den Chonradh a d’fhéadfadh a bheith bainteach le tairbhí na cabhrach agus a d’fhéadfadh a bheith ábhartha dá mheasúnú faoi Airteagal 107(3) den Chonradh.
☐tá ☐níl
Tabhair tuilleadh faisnéise agus soiléirithe maidir leis na pointí sin go léir freisin:
…
|
|
|
6.2.
|
An dara coinníoll: Ní dhéanann cabhair T&F&N difear míchuí do dhálaí trádála sa mhéid go bhfuil siad contrártha don leas coiteann
|
|
6.2.1.
|
An gá atá le hidirghabháil Stáit
|
1.
|
Sainaithin trí thic a chur sa bhosca ábhartha thíos na teipeanna margaidh a chuireann bac ar ghníomhaíochtaí T&F&N sa chás seo agus tabhair údar leis an ngá atá le státchabhair. Cuir isteach tuilleadh mínithe, soiléirithe agus fianaise ábhartha.
|
☐
|
seachtrachtaí dearfacha/iarmhairtí eolais
|
|
☐
|
faisnéis neamhfhoirfe agus neamhshiméadrach
|
|
☐
|
teipeanna comhordaithe agus líonra
…
|
|
|
2.
|
Mínigh conas is féidir leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith na clistí margaidh a dhéanann difear do ghníomhaíochtaí T&F&N a mhaolú go héifeachtach (is é sin conas is féidir leis an státchabhair feabhsú ábhartha a dhéanamh nach féidir leis an margadh amháin a sholáthar).
…
|
|
|
6.2.1.1.
|
Coinníollacha breise maidir le cabhair aonair
|
1.
|
Mínigh a thuilleadh cé acu a théann nó nach dtéann an chabhair i ngleic le cliseadh margaidh ginearálta maidir le gníomhaíochtaí T&F&N san Aontas, nó cliseadh margaidh sonrach maidir le, mar shampla, earnáil nó cineál gnó áirithe.
…
|
|
2.
|
Má tá sé ar fáil, tabhair aon chomparáid earnálach agus aon staidéar eile ar féidir leo bunús a thabhairt leis an anailís ar na clistí margaidh líomhnaithe.
…
|
|
3.
|
Má tá sé ar fáil, tabhair aon faisnéis maidir le tionscadail nó gníomhaíochtaí T&F&N (eile) ar tugadh fúthu laistigh den Aontas, i ndáil lena n-ábhar teicneolaíochta, a leibhéal riosca agus a méid, atá comhchosúil leo siúd lena mbaineann an beart a dtugtar fógra ina leith agus mínigh an chúis a bhfuil gá leis an gcabhair sa chás lena mbaineann.
…
|
|
|
6.2.2.
|
Oiriúnacht an bhirt cabhrach
|
1.
|
Ionstraim beartais iomchuí
|
|
1.1.
|
Mínigh an chúis, i do thuairim, gurb í an státchabhair an ionstraim beartais iomchuí chun an T&F&N atá i gceist a chumasú agus nach bhfuil aon ionstraim beartais ann atá níos fearr agus nach bhfuil chomh saobhach céanna agus atá in ann na torthaí céanna a bhaint amach. Ina theannta sin, mínigh an chaoi ar suíodh na buntáistí a bhaineann le hionstraim beartais roghnaíoch cosúil le státchabhair a úsáid d’fhonn gníomhaíochtaí T&F&N a mhéadú, agus tabhair aon mheasúnú tionchair agus doiciméad tacaíochta lena mbaineann.
…
|
|
2.
|
I gcás ina maoiníonn an tAontas an tionscadal nó na gníomhaíochtaí T&F&N freisin, léirigh go gcruthófaí sineirgí le maoiniú nó le cómhaoiniú ó chláir an Aontais le státchabhair don tionscadal nó don ghníomhaíocht T&F&N a ndearnadh measúnú uirthi.
…
|
|
3.
|
Oiriúnacht i measc ionstraimí cabhrach éagsúla:
|
(a)
|
Tabhair míniú ar do thuairimí maidir leis an gcúis ar dócha go nginfidh cineál roghnaithe na státchabhrach an saobhadh is lú ar an iomaíocht agus ar an trádáil. Má dheonaítear an chabhair i bhfoirmeacha lena dtugtar buntáiste díreach airgid, ar nós deontais dhíreacha, díolúintí nó laghduithe ar chánacha nó muirir éigeantacha eile, tabhair anailís ar roghanna eile agus mínigh an chúis nó conas nach bhfuil cineálacha cabhrach (ar nós airleacain inaisíoctha nó cineálacha cabhrach atá bunaithe ar ionstraimí fiachais nó cothromais, ar nós ráthaíochtaí Stáit, ceannach téarmaí iasachta nó soláthar malartach caipitil ar théarmaí is lú fabhar) gan a bheith chomh hiomchuí le dul i ngleic leis na clistí margaidh sainaitheanta.
…
|
|
(b)
|
Le haghaidh scéimeanna cabhrach: sonraigh freisin an gcuireann an scéim a dtugtar fógra ina leith cuspóirí agus tosaíochtaí na gClár Oibríochtúil chun feidhme agus sainaithin an ionstraim mhaoinithe a roghnaíodh sna cláir sin.
…
|
|
|
|
6.2.3.
|
Comhréireacht na cabhrach
|
1.
|
Deimhnigh an gcinntear an chabhair i ndáil le tacar réamhshainithe costas incháilithe agus an bhfuil sí teoranta do chion áirithe de na costais incháilithe sin (‘déine cabhrach’). Deimhnigh freisin an suitear an déine cabhrach le haghaidh gach tairbhí den chabhair, agus i gcás tionscadal comhair san áireamh.
☐cinntear/tá/suitear ☐ní chinntear/níl/ní shuitear
|
|
2.
|
I gcás státchabhrach le haghaidh tionscadail atá á chur i gcrích i gcomhar idir eagraíochtaí taighde agus gnóthais, deimhnigh gurb amhlaidh nach mbeidh ranníocaíocht na tacaíochta poiblí dírí agus, más státchabhair atá ann, ranníocaíochtaí ó eagraíochtaí taighde leis an tionscadal céanna níos mó ná an déine cabhrach is infheidhme i gcás gach gnóthais is tairbhí.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Sonraigh a thuilleadh:
…
|
|
3.
|
Airleacain inaisíoctha:
|
(a)
|
Má dheonaítear an chabhair i bhfoirm réamhíocaíocht in-aisíoctha a sloinntear mar choibhéis deontais chomhláin, tabhair sonraí ar an modheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm d’fhonn an choibhéis deontais chomhláin sin a ríomh, agus sonraí infhíoraithe bunúsacha san áireamh nó, le haghaidh cabhair aonair, sonraigh bunús na scéime cabhrach faofa lena ndeonaítear an chabhair.
…
|
|
(b)
|
Má dheonaítear an chabhair i bhfoirm réamhíocaíocht in-aisíoctha a sloinntear mar chéatadán de na costais incháilithe agus má sháraíonn sí, le suas le 10 bpointe céatadáin, an uasdéine cabhrach a leagtar síos sa Chreat T&F&N, deimhnigh, trí tic a chur sa bhosca:
|
☐
|
i gcás toradh dearfach, foráiltear sa bheart a dtugtar fógra ina leith go bhfuil an réamhíocaíocht le haisíoc le ráta úis nach lú ná an ráta lascaine a thagann as cur i bhfeidhm na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú an mhodha chun na rátaí tagartha agus lascaine a shocrú (113)
|
|
☐
|
i gcás rath níos mó ná an toradh a shainmhínítear a bheith rathúil, iarrann an Ballstát lena mbaineann íocaíochtaí níos mó ná aisíoc na réamhíocaíochta agus ús de réir an ráta lascaine is infheidhme san áireamh
|
|
☐
|
i gcás teipe nó rath páirteach, bíonn an aisíocaíocht comhréireach le méid an ratha a bhaintear amach
|
|
|
(c)
|
Tabhair sonraí ar aisíoc na réamhíocaíochta agus sainmhínigh go soiléir an rud a mheastar mar thoradh rathúil na ngníomhaíochtaí a fhaigheann cabhair, ar bhonn hipitéis réasúnach agus stuama.
…
|
|
|
4.
|
Bearta fioscacha arb ionann iad agus státchabhair: má dheonaítear an chabhair i bhfoirm beart fioscach, sonraigh an chaoi a ríomhtar an déine cabhrach agus tabhair aon sonraí ábhartha:
|
☐
|
ar bhonn tionscadail aonair, nó
|
|
☐
|
ar leibhéal an ghnóthais, ar nós an chóimheasa idir an faoiseamh cánach foriomlán agus suim na gcostas T&F&N incháilithe a tabhaíodh i dtréimhse nach mó ná 3 bliana fioscacha i ndiaidh a chéile
…
|
|
|
|
6.2.3.1.
|
Coinníollacha breise maidir le cabhair aonair
|
1.
|
Tabhair plean gnó cuimsitheach don tionscadal a fhaigheann cabhair (le cabhair agus gan chabhair), agus na costais agus na tairbhithe ábhartha uile a bhfuil coinne leo ar feadh shaolré an tionscadail san áireamh. Cuir isteach mínithe mionsonraithe, údair agus fianaise ábhartha le haghaidh na dtoimhdí bunúsacha uile.
…
|
|
2.
|
Má bhíonn rogha shoiléir roimh thairbhí na cabhrach idir an tionscadal a fhaigheann cabhair nó tionscadal malartach gan chabhair, tabhair plean gnó cuimsitheach freisin le haghaidh saolré an tionscadail fhrithfhíorasaigh. Tabhair mínithe mionsonraithe, údair agus fianaise ábhartha le haghaidh na dtoimhdí bunúsacha uile.
…
|
|
3.
|
In éagmais tionscadal malartach, mínigh conas atá an chabhair teoranta don íosmhéid is gá don tionscadal a fhaigheann cabhair le bheith sách brabúsach, mar shampla trí chur ar a chumas dó ráta toraidh inmheánach (‘IRR’) a bhaint amach a chomhfhreagraíonn don tagarmharc nó don íosráta toraidh a bhaineann go sonrach leis an earnáil nó leis an ngnólacht.
…
|
|
4.
|
Má bhíonn rogha shoiléir roimh thairbhí na cabhrach idir an tionscadal a fhaigheann cabhair nó tionscadal malartach gan chabhair, mínigh conas atá an chabhair teoranta don íosmhéid is gá chun glanchostais bhreise an tionscadail a fhaigheann cabhair a chumhdach i gcomparáid leis an tionscadal frithfhíorasach, trí na dóchúlachtaí go dtarlóidh cásanna gnó éagsúla a chur san áireamh.
…
|
|
5.
|
Cuir isteach aon doiciméad tacaíochta, ar nós doiciméid ghnólachta inmheánacha, a léiríonn gur tionscadal malartach sainmhínithe go soiléir agus intuartha go leordhóthanach atá sa tionscadal frithfhíorasach a ndearna an tairbhí breith air ina chinnteoireacht inmheánach.
…
|
|
6.
|
Mínigh an chaoi ar suíodh méid na cabhrach agus tabhair aon doiciméad tacaíochta.
…
|
|
7.
|
Dá mbeadh roinnt iarrthóirí féideartha ann chun an ghníomhaíocht a fhaigheann cabhair a dhéanamh, an ndeonaítear an chabhair ar bhonn critéir thrédhearcacha, oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
Tabhair sonraí:
…
|
|
8.
|
Má tá an chabhair ceaptha aghaidh a thabhairt ar shaobhadh díreach nó indíreach iarbhír nó féideartha ar thrádáil idirnáisiúnta, is é sin i gcás, go díreach nó go hindíreach, ina bhfuair iomaitheoirí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas cabhair le 3 bliana anuas nó ina bhfaighidh siad cabhair de dhéine choibhéiseach le haghaidh tionscadail chomhchosúla, tabhair faisnéis leordhóthanach agus aon fhaisnéis atá ar fáil chun a chur ar a chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcás, go háirithe an gá atá leis an mbuntáiste iomaíoch atá ag iomaitheoir tríú tír a chur san áireamh. I gcás inar dócha go dtarlóidh saobhadh ar thrádáil idirnáisiúnta tar éis níos mó ná trí bliana, áfach, i bhfianaise chineál sonrach na hearnála atá i gceist, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse thagartha dá réir.
…
|
|
|
6.2.4.
|
Carnadh cabhrach
|
1.
|
Deimhnigh an méid seo a leanas trí thic a chur sa bhosca cuí:
|
(a)
|
Maidir le maoiniú ón Aontas atá á bhainistiú go lárnach ag institiúidí, gníomhaireachtaí, gnóthais chomhpháirteacha nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais, ar maoiniú é nach bhfuil faoi rialú díreach nó indíreach na mBallstát, i gcás ina ndéantar é a chomhcheangal le státchabhair, is amhlaidh nár cheart go sáródh méid iomlán an mhaoinithe phoiblí arna dheonú i ndáil leis na costais incháilithe chéanna an ráta maoinithe is fabhraí a leagtar síos sna rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
(b)
|
I gcás ina bhféadfadh an caiteachas atá incháilithe le haghaidh cabhair T&F&N a bheith incháilithe freisin go hiomlán nó go páirteach le haghaidh cabhair chun críocha eile, beidh an chuid fhorluiteach faoi réir na huasteorann is fabhraí faoi aon cheann de na rialacha iomchuí.
☐beidh ☐ní bheidh
|
|
(c)
|
Ní dhéanfar cabhair le haghaidh T&F&N a charnadh le tacaíocht de minimis i leith na gcostas incháilithe céanna dá mbeadh déine cabhrach níos mó ná na cinn atá leagtha síos sa chreat seo mar thoradh air sin.
☐ní dhéanfar ☐déanfar
|
|
(d)
|
Maidir le bearta cabhrach le haghaidh bonneagair thástála agus thurgnamhaíochta arna gcomh-mhaoiniú ag maoiniú ón Aontas: léirigh an méid is gá den mhaoiniú poiblí iomlán (is é sin státchabhair agus foinsí eile maoinithe phoiblí) ar bhonn measúnú inchreidte ar bhearnaí maoinithe lena n-áirithítear nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán an mhaoinithe phoiblí.
Tabhair faisnéis leordhóthanach chun measúnú a dhéanamh ar mhéid riachtanach an mhaoinithe phoiblí iomláin le haghaidh an bhonneagair thástála agus thurgnamhaíochta agus cuir isteach an fhaisnéis ábhartha:
…
|
|
|
2.
|
Maidir leis na dearbhuithe a iarradh i bpointe (1) thuas, tabhair tuilleadh sonraí agus luaigh an litir ó na ceisteanna thuas a bhfuil na mínithe sin ábhartha dóibh.
…
|
|
|
6.2.5.
|
Trédhearcacht
|
1.
|
Cuir tic sa bhosca ábhartha lena dheimhniú go bhfoilseoidh an Ballstát na nithe seo a leanas i modúl an Choimisiúin maidir le trédhearcacht deonaithe nó ar shuíomh gréasáin státchabhrach cuimsitheach, ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach:
|
(a)
|
téacs iomlán an chinnidh aonair maidir le cabhair a dheonú nó na scéime cabhrach formheasta agus a bhforálacha cur chun feidhme, nó nasc chuig an gcinneadh sin;
☐foilseoidh ☐ní fhoilseoidh
|
|
(b)
|
an fhaisnéis seo a leanas faoi gach dámhachtain cabhrach aonair arna deonú ad hoc nó faoi scéim cabhrach arna formheas ar bhonn an chreata seo agus ar mó ná EUR 100 000 í:
|
—
|
Céannacht thairbhí aonair na cabhrach
|
—
|
Aitheantóir an tairbhí
☐foilseoidh ☐ní fhoilseoidh
|
|
|
—
|
An cineál gnóthais tairbhí cabhrach tráth an iarratais:
|
—
|
Gnóthas mór
☐foilseoidh ☐ní fhoilseoidh
|
|
|
—
|
An réigiún ina bhfuil an tairbhí lonnaithe, ar leibhéal II NUTS nó faoina bhun
☐foilseoidh ☐ní fhoilseoidh
|
|
—
|
An phríomhearnáil eacnamaíoch ina bhfuil a ghníomhaíochtaí ag an tairbhí, ar leibhéal grúpa NACE
☐foilseoidh ☐ní fhoilseoidh
|
|
—
|
I gcás ina mbeidh sé éagsúil leis an gcomhchuid cabhrach, méid ainmniúil na cabhrach, a sloinntear mar mhéid iomlán san airgeadra náisiúnta
☐foilseoidh ☐ní fhoilseoidh
|
|
—
|
Ionstraim chabhrach:
|
—
|
Deontas/Fóirdheontas ráta úis/Díscríobh fiachais
|
|
—
|
Iasacht/Réamhíocaíochtaí inaisíoctha/Deontas inaisíoctha
|
|
—
|
Buntáiste cánach nó díolúine chánach
|
|
—
|
Eile (sonraigh)
☐foilseoidh ☐ní fhoilseoidh
|
|
|
—
|
An dáta a rinneadh an deonú agus an dáta foilsithe
☐foilseoidh ☐ní fhoilseoidh
|
|
—
|
Cuspóir na cabhrach
☐foilseoidh ☐ní fhoilseoidh
|
|
—
|
Céannacht an údaráis nó na n-údarás deonúcháin
☐foilseoidh ☐ní fhoilseoidh
|
|
—
|
I gcás inarb infheidhme, ainm an eintitis a bhfuil cúram air, agus ainmneacha na n-idirghabhálaithe airgeadais roghnaithe
☐foilseoidh ☐ní fhoilseoidh
|
|
—
|
Tagairt an bhirt cabhrach
☐foilseoidh ☐ní fhoilseoidh
|
|
|
(c)
|
Tabhair seoladh gréasáin an tsuímh gréasáin maidir le státchabhair:
…
|
|
(d)
|
I gcás scéimeanna i bhfoirm buntáistí cánach, deimhnigh go bhfoilseofar an fhaisnéis is gá maidir le méideanna cabhrach aonair sna raonta a thuairiscítear i bpointe 102 den Chreat T&F&N:
☐foilseofar ☐ní fhoilseofar
|
|
|
2.
|
Cuir tic sa bhosca ábhartha thíos chun a dheimhniú go n-eagróidh an Ballstát a shuíomh gréasáin cuimsitheach maidir le státchabhair (mar a dearbhaíodh sa phointe roimhe seo) ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis, go bhfoilseofar an fhaisnéis i bhformáid sonraí scarbhileoige neamhdhílseánaigh, lenar féidir sonraí a chuardach, a asbhaint, a íoslódáil agus a fhoilsiú go héifeachtach ar an idirlíon, mar shampla i bhformáid CSV nó XML, agus go mbeidh cead ag an bpobal i gcoitinne rochtain a fháil ar an suíomh gréasáin gan aon srian, agus réamhchlárú úsáideoirí san áireamh.
☐eagróidh/foilseofar/beidh ☐ní eagróidh/ní fhoilseofar/ní bheidh
|
|
3.
|
Cuir tic sa bhosca ábhartha thíos lena dheimhniú go bhfoilseofar an fhaisnéis a luaitear thuas laistigh de 6 mhí ón dáta ar deonaíodh an chabhair, nó, le haghaidh cabhrach i bhfoirm buntáistí cánach, laistigh de bhliain amháin ón dáta a mbeidh an dearbhú cánach dlite.
☐foilseofar ☐ní fhoilseofar
Sonraigh an tréimhse ama is infheidhme maidir le do bheart cabhrach:
…
|
|
4.
|
I gcás arb infheidhme, cuir tic sa bhosca ábhartha lena dheimhniú, i gcás cabhair a bhí neamhdhleathach ach a fuarthas ina dhiaidh sin a bheith comhoiriúnach, go bhfoilseoidh an Ballstát an fhaisnéis sin laistigh de 6 mhí ó dháta an chinnidh ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach.
☐foilseofar ☐ní fhoilseofar
…
|
|
5.
|
Chun forfheidhmiú na rialacha maidir le státchabhair faoin gConradh a chumasú, is gá an fhaisnéis a bheith ar fáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad ón dáta a deonaíodh an chabhair.
☐is gá ☐ní gá
|
|
|
6.2.6.
|
A dheimhniú go n-íoslaghdaítear nó go seachnaítear éifeachtaí diúltacha sonracha chabhair T&F&N ar iomaíocht agus coinníollacha trádála
Léirigh an méid seo a leanas:
|
1.
|
le deonú na cabhrach, ceadaítear do thairbhí na cabhrach buntáiste iomaíoch a fháil tríd an méid seo a leanas:
|
☐
|
costais táirgeachta laghdaithe
|
|
☐
|
acmhainneacht táirgeachta mhéadaithe
|
|
☐
|
éifeachtaí eile, sonraigh:
…
|
|
|
2.
|
tá deonú na cabhrach faoi réir na hoibleagáide go mbeadh tús áite ag an tairbhí, nó go mbeadh sé bunaithe den chuid is mó sa Bhallstát ábhartha (pointe 117 den Chreat T&F&N):
☐tá ☐níl
|
|
3.
|
tá deonú na cabhrach faoi réir na hoibleagáide go n-úsáidfeadh an tairbhí táirgí nó seirbhísí náisiúnta (pointe 117 den Chreat T&F&N):
☐tá ☐níl
|
|
4.
|
cuireann an beart cabhrach srian ar an bhféidearthacht go ndéanfaidh an tairbhí torthaí T&F&N a shaothrú i mBallstáit eile (pointe 117 den Chreat T&F&N):
☐cuireann ☐ní chuireann
|
|
5.
|
forchuireann an beart cabhrach aon oibleagáid eile ar an tairbhí:
☐forchuireann ☐ní fhorchuireann
|
|
6.
|
Tabhair údar cuí leis na freagraí a roghnaigh tú agus cuir isteach fianaise i gcás inar gá. Má thug tú freagra dearfach ar cheann ar bith de na ceisteanna sa roinn seo, tabhair sonraí:
…
|
|
|
6.2.6.1.
|
Scéim cabhrach
|
1.
|
Le haghaidh scéimeanna cabhrach, mínigh cén chaoi a gcinnteofar go gcuirfear teorainn le haon éifeacht dhiúltach ionas gurb é a laghad éifeachta agus is féidir a bheidh i gceist (agus méid na dtionscadal lena mbaineann, méideanna aonair na cabhrach agus méid carnach na cabhrach, líon ionchasach na dtairbhithe agus saintréithe na n-earnálacha ar díríodh orthu, mar shampla, á gcur san áireamh) agus tabhair aon mheasúnú tionchair nó meastóireacht ex-post a rinneadh le haghaidh scéimeanna comhchosúla roimhe seo.
…
|
|
|
6.2.6.2.
|
Coinníollacha breise maidir le cabhair aonair
|
1.
|
Más infheidhme, tabhair tuairisc ar thionchar dóchúil na cabhrach ar iomaíocht sa phróiseas nuálaíochta (féach pointe 109 den Chreat T&F&N).
…
|
|
2.
|
Sainaithin na margaí táirge a bhfuil sé dóchúil go mbeidh tionchar ag an gcabhair orthu agus tabhair sciar reatha an mhargaidh agus measúnú ar sheasamh margaidh agus ar chumhacht mhargaidh an tairbhí i ngach ceann de na margaí lena mbaineann, chomh maith le hathruithe ar bith sna sciartha sin den mhargadh, an seasamh margaidh agus an chumhacht mhargaidh a bheadh mar thoradh ar na gníomhaíochtaí a fhaigheann cabhair.
…
|
|
3.
|
Le haghaidh gach ceann de na margaí táirge lena mbaineann, sainaithin príomhiomaitheoirí an tairbhí cabhrach agus tabhair a sciar den mhargadh.
…
Má tá sé ar fáil, tabhair an treoiruimhir Herfindahl-Hirschmann (‘THH’) lena mbaineann.
…
|
|
4.
|
Le haghaidh gach ceann de na margaí táirge lena mbaineann, tabhair faisnéis ar na custaiméirí nó na tomhaltóirí a bhfuil tionchar ag na gníomhaíochtaí a fhaigheann cabhair orthu.
…
|
|
5.
|
Tabhair tuairisc ar struchtúr agus ar dhinimicí na margaí ábhartha maidir leis na gnéithe a leanas (pointí 124 agus 126 den Chreat T&F&N):
|
(a)
|
forbairtí a rinneadh le déanaí agus ionchais fáis don todhchaí
…
|
|
(b)
|
an méid a chaith na príomhghníomhaithe ar thionscadail den chineál céanna
…
|
|
(c)
|
leibhéal na mbacainní iontrála agus imeachta
…
|
|
(d)
|
cumhacht ceannaitheora frithchúitimh a bheith ann
…
|
|
(e)
|
dreasachtaí le dul in iomaíocht i margaí amach anseo
…
|
|
(f)
|
difreáil táirge agus déine iomaíochais
…
|
|
(g)
|
gnéithe eile ar dócha go mbeidh tionchar acu ar iomaitheoirí, custaiméirí nó tomhaltóirí
…
|
|
|
6.
|
An raibh aon tionchar ag tairbhí na cabhrach ar an bpróiseas roghnúcháin, mar shampla tríd an ceart a bheith aige chun gnóthais a mholadh nó tionchar a imirt ar an gconair thaighde?
☐bhí ☐ní raibh
Má bhí, tabhair sonraí:
…
|
|
7.
|
Cuir tic sa bhosca ábhartha chun a dhearbhú an ndeonaítear an chabhair i margaí ina bhfuil ró-acmhainneacht nó i dtionscail atá ag meath.
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
Má dheonaítear, tabhair sonraí maidir leis na margaí agus na tionscail sin agus an údar i do thuairim leis an gcúis nach n-ardódh an chabhair ábhair imní, dar leat:
…
|
|
8.
|
Léirigh ar bhreithnigh an tairbhí aon suíomh malartach do na gníomhaíochtaí a fhaigheann cabhair.
☐bhreithnigh ☐níor bhreithnigh
Tabhair sonraí agus fianaise inmheánach chomhaimseartha inchreidte thairbhí na cabhrach chun tacú leis an éileamh.
…
|
|
9.
|
Tabhair tuairim ghinearálta ar an gcúis a gcreideann tú nach mbeidh saobhadh féideartha ar an iomaíocht agus ar an trádáil idir na Ballstáit mar thoradh ar an gcabhair.
…
|
|
|
6.2.7.
|
Éifeachtaí dearfacha agus diúltacha na cabhrach a thomhas
|
1.
|
Sainaithin, de réir do thuairime, na héifeachtaí dearfacha a bhaineann leis an gcabhair ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch a fhaigheann cabhair agus na héifeachtaí dearfacha níos leithne a bhaineann le T&F&N mar gheall ar an gcabhair nach mór a chur san áireamh san anailís. Le haghaidh tuilleadh sonraí agus chun údar a thabhairt, féadfaidh tú tagairt ar thabhairt le do chuid freagraí mionsonraithe ar na chéad cheisteanna eile.
…
|
|
2.
|
Sainmhínigh go beacht an cuspóir a bhfuiltear ina bhun agus mínigh an chaoi a bhfuil sé i gceist ag an mbeart a dtugtar fógra ina leith gníomhaíochtaí T&F&N a chur chun cinn.
…
|
|
3.
|
Tabhair tuilleadh sonraí maidir le cé acu a thagann nó nach dtagann éifeachtaí dearfacha níos leithne a bhaineann le T&F&N chun cinn mar gheall ar an gcabhair.
…
Tabhair tuilleadh sonraí maidir le cé acu a chorpraítear nó nach gcorpraítear na héifeachtaí dearfacha sin i mbeartais an Aontais (ar nós LET nua le haghaidh Taighde agus Nuálaíochta, an Comhaontú Glas don Eoraip, Straitéis Dhigiteach na hEorpa agus an Straitéis Tionsclaíochta Nua don Eoraip)?
…
|
|
4.
|
Léirigh an rannchuidíonn an beart státchabhrach le claochlú digiteach thionscal an Aontais agus le haistriú an Aontais chuig geilleagar saor ó charbón/ísealcharbóin, agus má rannchuidíonn, mínigh conas a dhéantar amhlaidh.
…
|
|
5.
|
I gcás scéim cabhrach, an bhfuil sé mar chuid de chlár nó de phlean gníomhaíochta cuimsitheach chun gníomhaíochtaí T&F&N nó straitéisí speisialaithe cliste a spreagadh?
☐tá ☐níl
Soláthair, i gcás inarb ábhartha, an tagairt do mheastóireachtaí ar bhearta cabhrach comhchosúla roimhe seo:
…
|
|
6.
|
Más ábhartha, soiléirigh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil gníomhaíochtaí T&F&N i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (114).
…
Mura bhfuil, mínigh ar cuireadh modheolaíocht mhalartach i bhfeidhm chun gníomhaíochtaí T&F&N le haghaidh teicneolaíochtaí, táirgí nó réitigh eile le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shainaithint.
…
|
|
|
6.2.7.1.
|
Comhardú na n-éifeachtaí dearfacha in aghaidh éifeachtaí diúltacha na cabhrach
|
1.
|
Tabhair tuairim (i gcás scéimeanna cabhrach agus cabhair aonair araon) ar an gcúis a gcreideann tú gur mó éifeachtaí dearfacha na cabhrach, mar a shainaithin tú agus mar a thug tú údar leo thuas sa roinn seo, ná éifeachtaí diúltacha na cabhrach ar an iomaíocht agus ar dhálaí trádála.
…
|
|
|
7.
|
FAISNÉIS EILE
|
1.
|
Tabhair aon fhaisnéis eile a bheadh ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an mbeart cabhrach a dtugtar fógra ina leith faoin gCreat T&F&N.
…
|
|
2.
|
Liostaigh thíos na hiarscríbhinní uile atá i gceangal leis an bhfoirm (ar cheart fianaise ábhartha, pleananna gnó, staidéir, etc. a bheith san áireamh iontu). Léirigh go sonrach (míreanna, leathanaigh, ar bhealach físiúil) cá bhfuil an fhaisnéis a thacaíonn leis na freagraí a thugtar san fhoirm le fáil sna hiarscríbhinní seo.
…’
|
|
|
|
(c)
|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid III.5:
‘CUID III.5.A
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE STÁTCHABHAIR LE hAGHAIDH BEARTA GLACTHA
Ba cheart an bhileog faisnéise forlíontaí seo a úsáid le haghaidh fógraí maidir le cabhair le haghaidh cur in úsáid beart glactha arna gcumhdach leis na Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le státchabhair do líonraí leathanbhanda
(115)
(‘Treoirlínte Leathanbhanda’).
|
1.1.
|
Soláthair tuairisc mhionsonraithe ar an mbeart cabhrach agus ar a chuspóirí.
…
|
|
1.2.
|
Mínigh cén fáth, i do thuairim, gur státchabhair atá sa bheart cabhrach (116).
…
|
|
1.3.
|
Cuir in iúl an bhfuil an méid seo a leanas sa bheart cabhrach:
|
☐
|
Dearbháin shóisialta (117)
|
|
☐
|
Dearbháin nascachta (118)
|
|
|
1.4.
|
Mínigh an chaoi a n-oireann an beart cabhrach don straitéis náisiúnta leathanbhanda agus do chuspóirí beartais dhigitigh agus comhshaoil an Aontais (119).
…
|
|
1.5.
|
Mínigh an é seo a leanas an chúis atá leis an mbeart cabhrach: (120):
|
☐
|
Tionchar eacnamaíoch an chostais a bhaineann le síntiús le seirbhísí leathanbhanda. Más tá, tabhair sonraí.
…
|
|
☐
|
Easpa feasachta maidir leis na tairbhí a bhaineann leis síntiús le seirbhísí leathanbhanda. Más tá, tabhair sonraí.
. …
|
|
☐
|
Cúiseanna eile. Más tá, tabhair sonraí.
…
|
|
|
1.6.
|
Mínigh comhthéacs an bhirt cabhrach (mar shampla, leibhéal reatha cumhdaigh na líonraí leathanbhanda sa Bhallstát, leibhéal reatha glactha na seirbhísí leathanbhanda), agus léirigh na foinsí faisnéise a chuirtear ar fáil.
…
|
|
1.7.
|
Deimhnigh go meastar gur luasanna faoi dhálaí buaic-ama atá sna luasanna uile a luaitear san fhógra seo (121).
☐Meastar ☐Ní mheastar
|
|
1.8.
|
Má tá siad ar fáil, cuir isteach na doiciméid seo a leanas agus tabhair tuairisc ar an ábhar lena mbaineann.
|
☐
|
Measúnú tionchair ar an mbeart cabhrach …
|
|
☐
|
Pleananna meastóireachta ex post maidir le scéimeanna réamhtheachta comhchosúla …
|
|
☐
|
Anailís fhrithfhíorasach a léiríonn go bhfuil éifeachtaí dearfacha ag an mbeart i gcomparáid leis an méid a bheadh tarlaithe gan an chabhair …
|
|
|
2.1.
|
Cuir in iúl na catagóirí áirithe tomhaltóirí aonair a bhfuil an beart cabhrach dírithe orthu, agus sonraigh na cúinsí airgeadais lena dtugtar údar le cabhair a dhámhachtain ar chúiseanna sóisialta (mar shampla, teaghlaigh ar ioncam íseal, mic léinn, daltaí, etc.) agus na critéir oibiachtúla a úsáidtear chun tomhaltóirí incháilithe a shainaithint (122).
…
|
|
2.2.
|
Soláthair meastachán ar líon na dtomhaltóirí a d’fhéadfadh leas a bhaint as an mbeart cabhrach.
…
|
|
2.3.
|
Cuir in iúl na soláthraithe seirbhíse incháilithe.
…
|
|
2.4.
|
Sonraigh na seirbhísí incháilithe a chumhdaítear leis an mbeart cabhrach (mar shampla, maidir le luas íoslódála, luas uaslódála, etc.) agus mínigh conas a shainaithin d’údaráis na seirbhísí sin.
…
|
|
2.5.
|
Sonraigh conas a úsáidfear na dearbháin agus tabhair sonraí sonracha (123):
|
☐
|
Síntiús le seirbhísí leathanbhanda nua. Sonraí:
…
|
|
☐
|
Síntiúis atá acu cheana a choinneáil. Sonraí:
…
|
|
|
2.6.
|
Liostaigh na costais incháilithe a chumhdaítear leis an mbeart cabhrach (124).
…
|
|
2.7.
|
Léirigh fad uasta an dearbháin (más ann dó).
…
|
|
2.8.
|
Cuir in iúl foirm agus méid na ndearbhán, agus sonraigh conas a socraíodh an méid sin agus céatadán chostas an tsíntiúis a chumhdaítear leis an dearbhán.
…
|
|
2.9.
|
Mínigh má chomhlíonann agus conas a chomhlíonann an beart cabhrach prionsabal na neodrachta teicneolaíche (125).
…
|
|
2.10.
|
Chun a léiriú go n-áirithítear leis an mbeart cabhrach go gcaithfear le gach soláthraí seirbhíse féideartha go cothrom agus go dtairgfear an rogha is leithne is féidir de sholáthraithe do thomhaltóirí freisin (126), deimhnigh an méid seo a leanas (agus tabhair sonraí ábhartha) (127):
|
(a)
|
Cuirfear clárlann ar líne de gach soláthraí seirbhíse incháilithe (nó ardán malartach coibhéiseach) chun feidhme.
…
|
|
(b)
|
Tá saorchead ag tomhaltóirí dul i gcomhairle leis an gclárlann.
…
|
|
(c)
|
Féadfaidh gach gnóthas atá in ann na seirbhísí leathanbhanda incháilithe a sholáthar a iarraidh go gcuirfear é san áireamh sa chlárlann (nó ar an ardán malartach a roghnófar).
…
|
|
(d)
|
Soláthraítear faisnéis bhreise leis an gclárlann (nó leis an ardán malartach a roghnaítear) chun cuidiú le tomhaltóirí (mar shampla, cineál na seirbhísí a sholáthraíonn gnóthais éagsúla, etc.). Más ann di, léirigh an fhaisnéis bhreise a cuireadh ar fáil.
…
|
|
|
2.11.
|
Mínigh go mionsonraithe nós imeachta cur chun feidhme an bhirt cabhrach.
…
|
|
2.12.
|
Comhairliúchán poiblí (128). Tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
Dáta tosaithe agus deiridh gach comhairliúcháin phoiblí a rinneadh.
…
|
|
(b)
|
Ábhar gach comhairliúcháin phoiblí.
…
|
|
(c)
|
Suíomh Idirlín atá inrochtana go poiblí (ar an leibhéal réigiúnach agus/nó náisiúnta) inar foilsíodh an comhairliúchán.
…
|
|
(d)
|
Achoimre ar na príomhbharúlacha a chuir rannpháirtithe isteach i ngach comhairliúchán poiblí, agus sonraigh conas ar tugadh aghaidh orthu.
…
|
|
|
2.13.
|
Léirigh cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear coimircí breise chun feidhme chun mí-úsáid fhéideartha na ndearbhán sóisialta a sheachaint. Má chuirfear, tabhair sonraí (129).
…
|
|
2.14.
|
Léirigh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar foráil sa bheart cabhrach maidir le rialacha sonracha a bhaineann le bainistiú an tsíntiúis, maidir le, inter alia, luathfhoirceannadh an tsíntiúis, an fhéidearthacht an síntiús a aistriú chuig soláthraí eile le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an dearbhán (más amhlaidh atá, cad iad na coinníollacha atá i gceist leis sin), leanúint den síntiús tar éis don dearbhán dul in éag. Má dhéantar, tabhair sonraí.
…
|
|
3.1.
|
Léirigh an cineál úsáideora deiridh ar a ndírítear leis an mbeart.
|
|
3.2.
|
Mínigh na coinníollacha incháilitheachta d’úsáideoirí deiridh chun dearbháin nascachta a fháil.
…
|
|
3.3.
|
Soláthair meastachán ar líon na n-úsáideoirí deiridh a d’fhéadfadh leas a bhaint as an mbeart cabhrach.
…
|
|
3.4.
|
Cuir in iúl na soláthraithe seirbhíse incháilithe.
…
|
|
3.5.
|
Sonraigh na seirbhísí incháilithe a chumhdaítear leis an mbeart cabhrach (mar shampla, maidir le luas íoslódála, luas uaslódála, etc.) agus mínigh conas a shainaithin d’údaráis na seirbhísí sin. Maidir leis sin, sonraigh riachtanais úsáideoirí deiridh ar féidir aghaidh a thabhairt orthu trí naisc a sholáthraíonn na seirbhísí incháilithe, agus cuir fianaise thacaíochta infhíoraithe isteach ina leith sin (mar shampla, suirbhéanna ar thomhaltóirí, staidéir neamhspleácha) (130).
…
|
|
3.6.
|
Sonraigh conas a úsáidfear na dearbháin agus tabhair sonraí sonracha. Ina theannta sin, deimhnigh nach féidir na dearbháin a úsáid chun síntiúis atá acu cheana a choinneáil (131).
|
☐
|
Síntiús le seirbhísí leathanbhanda nua. Sonraí:
…
|
|
☐
|
Síntiúis atá acu cheana a uasghrádú. Sonraí:
…
|
|
☐
|
Deimhniú nach féidir na dearbháin a úsáid chun síntiúis atá acu cheana a choinneáil. Sonraí:
…
|
|
|
3.7.
|
Liostaigh na costais incháilithe a chumhdaítear leis an mbeart cabhrach (132).
…
|
|
3.8.
|
Cuir in iúl foirm agus méid na ndearbhán, agus sonraigh conas a socraíodh an méid sin agus céatadán chostas an tsíntiúis a chumhdaítear leis an dearbhán) (133).
…
|
|
3.9.
|
Mínigh má chomhlíonann agus conas a chomhlíonann an beart cabhrach prionsabal na neodrachta teicneolaíche (134).
…
|
|
3.10.
|
Chun a léiriú go n-áirithítear leis an mbeart cabhrach go gcaithfear le gach soláthraí seirbhíse féideartha go cothrom agus go dtairgfear an rogha is leithne is féidir de sholáthraithe do thomhaltóirí freisin, deimhnigh an méid seo a leanas (agus tabhair sonraí ábhartha) (135):
|
(a)
|
Cuirfear clárlann ar líne de gach soláthraí seirbhíse incháilithe (nó ardán malartach coibhéiseach) chun feidhme.
…
|
|
(b)
|
Tá saorchead ag tomhaltóirí dul i gcomhairle leis an gclárlann.
…
|
|
(c)
|
Féadfaidh gach gnóthas atá in ann na seirbhísí leathanbhanda incháilithe a sholáthar a iarraidh go gcuirfear é san áireamh sa chlárlann (nó ar an ardán malartach a roghnófar).
…
|
|
(d)
|
Soláthraítear faisnéis bhreise leis an gclárlann (nó leis an ardán malartach a roghnaítear) chun cuidiú le tomhaltóirí (mar shampla, cineál na seirbhísí a sholáthraíonn gnóthais éagsúla, etc.). Más ann di, léirigh an fhaisnéis bhreise a cuireadh ar fáil.
…
|
|
|
3.11.
|
Mínigh go mionsonraithe nós imeachta cur chun feidhme an bhirt cabhrach.
…
|
|
3.12.
|
Comhairliúchán poiblí. Tabhair an fhaisnéis seo a leanas (136):
|
(a)
|
Dáta tosaithe agus deiridh gach comhairliúcháin phoiblí a rinneadh.
…
|
|
(b)
|
Ábhar gach comhairliúcháin phoiblí.
…
|
|
(c)
|
Suíomh Idirlín atá inrochtana go poiblí (ar an leibhéal réigiúnach agus/nó náisiúnta) inar foilsíodh an comhairliúchán.
…
|
|
(d)
|
Achoimre ar na príomhbharúlacha a chuir rannpháirtithe isteach i ngach comhairliúchán poiblí, agus sonraigh conas ar tugadh aghaidh orthu.
…
|
|
|
3.13.
|
Léirigh cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear coimircí breise chun feidhme chun mí-úsáid fhéideartha na ndearbhán sóisialta a sheachaint. Má chuirfear, tabhair sonraí (137).
…
|
|
3.14.
|
Léirigh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar foráil sa bheart cabhrach maidir le rialacha sonracha a bhaineann le bainistiú an tsíntiúis, maidir le, inter alia, luathfhoirceannadh an tsíntiúis, an fhéidearthacht an síntiús a aistriú chuig soláthraí eile le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an dearbhán (más amhlaidh atá, cad iad na coinníollacha atá i gceist leis sin), leanúint den síntiús tar éis don dearbhán dul in éag. Má dhéantar, tabhair sonraí.
…
|
|
3.15.
|
Cuir in iúl na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar leis an mbeart cabhrach trí nascacht agus rochtain ar sheirbhísí leathanbhanda feidhmiúla a mhéadú, agus mínigh an chaoi a dtacaítear le forbairt na ngníomhaíochtaí sin (138).
…
|
|
3.16.
|
Soláthair fianaise maidir le héifeacht dreasachta an bhirt cabhrach (139).
…
|
|
3.17.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach bhfuil aon sárú ar fhorálacha ná ar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais i gceist leis an mbeart cabhrach, leis na coinníollacha a ghabhann leis (lena n-áirítear a mhodh maoiniúcháin i gcás inar cuid dhílis den chabhair é an modh sin) nó leis an ngníomhaíocht a mhaoinítear leis.
☐Is amhlaidh ☐Ní hamhlaidh. Sa chás sin, tabhair mínithe.
…
|
|
3.18.
|
Mínigh cén fáth nach bhfuil bearta malartacha ar státchabhair (mar shampla, bearta riaracháin agus rialála, ionstraimí margadhbhunaithe, iasachtaí, bearta cánach) in ann aghaidh a thabhairt ar chuspóir nó ar chuspóirí an bhirt cabhrach (140).
…
|
|
3.19.
|
Cuir isteach measúnú margaidh ina mbeidh na sonraí seo a leanas: (i) measúnú ar an riosca go dtabharfaidh an beart cabhrach buntáiste díréireach – ar an leibhéal miondíola agus/nó ar an leibhéal mórdhíola – do roinnt soláthraithe, rud a dhéanann dochar do sholáthraithe eile, rud a d’fhéadfadh ceannasacht margaidh (áitiúla) a atreisiú; (ii) measúnú ar an ngá iarbhír atá le dearbhán nascachta a chur chun feidhme trí chomparáid a dhéanamh idir an cás sa limistéar nó sna limistéir idirghabhála agus an cás i limistéir eile den Bhallstát nó den Aontas; (iii) anailís ar na treochtaí maidir le glacadh seirbhísí incháilithe ag úsáideoirí deiridh (141).
…
|
|
3.20.
|
Léirigh an bhfuil aon duine de sholáthraithe incháilithe na seirbhísí leathanbhanda comhtháite go hingearach agus an bhfuil sciar os cionn 25 % den mhargadh miondíola aige.
☐Tá ☐Níl.
|
|
3.21.
|
I gcás ina bhfuil an freagra ar an gceist roimhe seo dearfach, deimhnigh go dtairgfidh aon duine de na soláthraithe seirbhísí leathanbhanda atá comhtháite go hingearach agus a bhfuil sciar os cionn 25 % den mhargadh miondíola aige, ar an margadh comhfhreagrach rochtana mórdhíola, táirgí rochtana mórdhíola ar ar a mbonn a bheidh aon iarrthóir rochtana in ann na seirbhísí incháilithe a sholáthar faoi choinníollacha oscailte, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.
☐Tairgfidh ☐Ní thairgfidh
|
|
3.22.
|
Léirigh fad an bhirt cabhrach agus tréimhse bailíochta na ndearbhán don úsáideoir deiridh aonair (142).
…
|
|
3.23.
|
Mínigh cé na héifeachtaí diúltacha féideartha ar an iomaíocht agus ar an trádáil a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart cabhrach agus cé na gnéithe i gceapadh an bhirt a d’fhéadfadh na rioscaí sin a íoslaghdú.
…
|
|
4.
|
FAISNÉIS EILE (IS INFHEIDHME MAIDIR LE DEARBHÁIN SHÓISIALTA AGUS NASCACHTA ARAON)
|
|
4.1.
|
Mínigh an ról atá ag an údarás rialála náisiúnta maidir leis an mbeart cabhrach a dhearadh, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air.
…
|
|
4.2.
|
Tuairiscigh tuairim an údaráis rialála náisiúnta maidir leis an mbeart cabhrach (má tá sé ar fáil).
…
|
|
4.3.
|
Tuairiscigh tuairim an Údaráis Iomaíochta Náisiúnta maidir leis an mbeart cabhrach (má tá sé ar fáil).
…
|
|
4.4.
|
Trédhearcacht.
|
(a)
|
Deimhnigh go bhfoilseoidh an Ballstát (i) téacs iomlán an chinnidh lena bhformheastar an beart cabhrach agus a fhorálacha cur chun feidhme (nó nasc leo), agus (ii) faisnéis maidir le gach dámhachtain cabhrach aonair ar mó í ná EUR 100 000, i gcomhréir le hIarscríbhinn II (143) (laistigh de 6 mhí ón dáta a dámhadh an chabhair nó, le haghaidh cabhrach i bhfoirm buntáistí cánach, laistigh de 1 bhliain amháin ón dáta a bheidh an dearbhú cánach dlite) (144),
|
☐
|
I modúl dámhachtana trédhearcachta an Choimisiúin (145).
|
|
☐
|
Ar shuíomh gréasáin cuimsitheach státchabhrach (agus tabhair an seoladh gréasáin ábhartha). Sa chás sin, sonraigh an suíomh gréasáin náisiúnta nó réigiúnach é (146) agus an gceadaítear rochtain éasca ar an bhfaisnéis atá cláraithe ar shuíomh gréasáin na cabhrach (i.e., ní mór cead a bheith ag an bpobal i gcoitinne rochtain a fháil ar an suíomh gréasáin gan srianta) (147).
|
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh go mbeidh an fhaisnéis faoi phointe 4.4. ar fáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad ón dáta a dámhadh an chabhair, go bhfoilseofar í i bhformáid scarbhileoige sonraí neamhdhílsithe, lena bhféadfar na sonraí a chuardach, a asbhaint, a íoslódáil agus a fhoilsiú go héasca ar an idirlíon (mar shampla, i bhformáid CSV nó XML).
☐Beidh ☐Ní bheidh
|
|
(c)
|
Deimhnigh, i gcás cabhair atá neamhdhleathach ach a chinntear a bheith comhoiriúnach dá éis sin, go bhfoilseofar an fhaisnéis ábhartha ar shuíomh gréasáin státchabhrach (agus sonraigh an seoladh gréasáin ábhartha) laistigh de 6 mhí ón dáta a rinne an Coimisiún cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach (148).
☐Foilseofar ☐Ní fhoilseofar
|
|
|
4.5.
|
Tuairisciú. Deimhnigh go gcuirfidh d’údaráis (i) tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le gach beart a fhormheastar faoi na Treoirlínte Leathanbhanda, agus (ii) tuarascáil gach 2 bhliain ina mbeidh faisnéis bhunriachtanach faoin mbeart cabhrach a fhormheastar faoi na Treoirlínte Leathanbhanda, i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis na Treoirlínte Leathanbhanda céanna (149).
…
|
|
4.6.
|
Faireachán. Deimhnigh go gcoinneoidh d’údaráis – ar feadh 10 mbliana ó dháta um dheonú na cabhrach – taifid mhionsonraithe maidir leis na bearta cabhrach uile, ina mbeidh an fhaisnéis uile is gá lena dheimhniú go gcomhlíontar na coinníollacha comhoiriúnachta uile a leagtar amach sna Treoirlínte Leathanbhanda, agus go ngeallann sé iad a sholáthar don Choimisiún arna iarraidh sin dó (150).
…
|
|
4.7.
|
Léirigh cé acu a mheastar nó nach meastar an beart cabhrach le haghaidh plean meastóireachta ex post.
|
☐
|
Ní mheastar. Mínigh an chúis go measann tú nach bhfuil na critéir don phlean meastóireachta ex post comhlánaithe.
…
|
|
☐
|
Meastar. Má mheastar, léirigh de réir na gcritéar a meastar an beart cabhrach le haghaidh meastóireacht ex post agus soláthair an fhaisnéis ábhartha maidir leis an bplean meastóireachta ex post a thuairiscítear i roinn 8 de na Treoirlínte Leathanbhanda.
…
|
|
|
4.8.
|
Léirigh aon fhaisnéis eile atá ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar an mbeart cabhrach faoi na Treoirlínte Leathanbhanda nó aon fhaisnéis eile atá ábhartha ó thaobh rialacha an Aontais maidir le hiomaíocht agus maidir leis an margadh inmheánach.
…
|
|
4.9.
|
Léirigh cé acu atá faisnéis faoi rún sa bhileog faisnéise forlíontaí seo nár cheart a nochtadh do thríú páirtithe (151).
|
☐
|
Tá. Má tá, léirigh an fhaisnéis rúnda agus tabhair cúiseanna leis an rúndacht.
|
|
|
4.10.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach gcumhdaítear an beart cabhrach le hAirteagal 52c de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 (152) ná le Rialachán (AE) 2023/2831 (153).
☐Is amhlaidh ☐Ní hamhlaidh
|
CUID III.5.B
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAI MAIDIR LE STÁTCHABHAIR LE hAGHAIDH LIONRAÍ LEATHANBHANDA A CHUR IN ÚSÁID
Ba cheart an bhileog faisnéise forlíontaí seo a úsáid le haghaidh fógraí maidir le cabhair chun líonraí leathanbhanda a chur in úsáid, arna gcumhdach leis na Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le státchabhair do líonraí leathanbhanda
(154)
(‘Treoirlínte Leathanbhanda’).
|
1.1.
|
Soláthair tuairisc mhionsonraithe ar an mbeart cabhrach agus ar a chuspóirí.
…
|
|
1.2.
|
Sainaithin an cineál líonra leathanbhanda (155) lena dtacaíonn an beart cabhrach.
|
☐
|
líonraí rochtana fosaithe a chur in úsáid (156). Más amhlaidh an cás, sonraigh cineál na limistéar ar a ndíríonn an beart cabhrach.
|
☐
|
Measctha (bán agus liath) (159)
|
|
|
☐
|
líonraí rochtana móibíleacha a chur in úsáid (161).
|
|
☐
|
líonraí aisiompair a chur in úsáid (162).
|
☐
|
aisiompar atá nasctha le cur in úsáid líonra rochtana (163)
|
|
|
|
1.3.
|
Mínigh an chaoi a n-oireann an beart cabhrach don straitéis náisiúnta leathanbhanda agus do chuspóirí beartais dhigitigh agus comhshaoil an Aontais (164).
…
|
|
1.4.
|
Deimhnigh go meastar gur luasanna faoi dhálaí buaic-ama atá sna luasanna uile a luaitear san fhógra seo (165).
☐Meastar ☐Ní mheastar
|
|
1.5.
|
Léirigh tréimhse ama (166) an bhirt cabhrach agus an chaoi ar cinneadh é.
…
|
|
1.6.
|
Léirigh an tsamhail infheistíochta trína gcuirtear an beart cabhrach chun feidhme.
|
☐
|
Maoiniú sa bhearna (167)
|
|
☐
|
Tacaíocht chomhchineáil (168)
|
|
☐
|
Infheistíocht dhíreach (169)
|
|
☐
|
Eile. Más amhlaidh an cás, tabhair sonraí. …
|
|
|
2.
|
FORBAIRT GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE A ÉASCÚ
|
|
2.1.
|
Sainaithin na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar leis an mbeart cabhrach agus mínigh an chaoi a dtacaítear le forbairt na ngníomhaíochtaí sin (171).
…
|
|
2.2.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach bhfuil aon sárú ar fhorálacha ná ar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais i gceist leis an mbeart cabhrach, leis na coinníollacha a ghabhann leis (lena n-áirítear a mhodh maoiniúcháin i gcás inar cuid dhílis den chabhair é an modh sin) nó leis an ngníomhaíocht a mhaoinítear leis (172).
☐Is amhlaidh ☐Ní hamhlaidh. Sa chás sin, tabhair mínithe …
|
|
3.
|
ÉIFEACHTAÍ DEARFACHA NA CABHRACH
|
|
3.1.
|
Tabhair tuairisc ar cé acu a bheidh nó nach mbeidh éifeachtaí dearfacha ag baint leis an mbeart cabhrach (mar shampla, i dtéarmaí an deighilt dhigiteach a laghdú (173), neamhionannais shóisialta nó réigiúnacha a cheartú, cothromas, spriocanna inbhuanaitheachta (174), praghsanna níos ísle agus rogha níos fearr d'úsáideoirí deiridh, cáilíocht agus nuálaíocht níos airde, an Margadh Aonair Digiteach a chur i gcrích (175)) (176).
…
|
|
4.
|
CLISEADH MARGAIDH A MHÉID A BHAINEANN LE LÍONRAÍ ROCHTANA FOSAITHE
|
|
4.1.
|
Sonraigh an fheidhmíocht maidir le luas íoslódála (agus, más infheidhme, maidir le luas uaslódála agus paraiméadair eile) nach mór do na líonraí fóirdheonaithe a sholáthar (177).
…
|
|
4.2.
|
Sonraigh riachtanais reatha agus amach anseo úsáideoirí deiridh ar féidir aghaidh a thabhairt orthu trí líonraí fosaithe a sholáthraíonn an fheidhmíocht a luaitear ag an bpointe4.1 (agus ní trí na líonraí fosaithe atá ann cheana), agus fianaise thacaíochta infhíoraithe a chur isteach ina leith sin (mar shampla, suirbhéanna ar thomhaltóirí, staidéir neamhspleácha) (178).
…
|
|
4.3.
|
Cleachtadh mapála (179). Soláthair an fhaisnéis seo a leanas.
|
(a)
|
Feidhmíocht na líonraí atá ann cheana agus atá beartaithe (sa tréimhse ama ábhartha) agus a mapáladh (mar shampla, luas íoslódála, luas uaslódála, aga folaigh, caillteanas paicéad, earráid i bpaicéad, giodam, infhaighteacht seirbhísí, etc.) (180).
…
|
|
(b)
|
An chaoi a ndearnadh measúnú ar phleananna infheistíochta don todhchaí i dtréimhse ama ábhartha an bhirt cabhrach chun a n-inchreidteacht a chinneadh (181). Inter alia, léirigh an méid seo a leanas:
…
|
(i)
|
An fhianaise a iarradh ar na páirtithe leasmhara ábhartha agus a chuir siad isteach chun inchreidteacht a bpleananna infheistíochta a léiriú (182).
…
|
|
(ii)
|
Na critéir mheasúnaithe a cuireadh i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar inchreidteacht na bpleananna infheistíochta don todhchaí (183).
…
|
|
(iii)
|
Cé acu a iarradh nó nár iarradh ar na páirtithe leasmhara lena mbaineann comhaontuithe gealltanais a shíniú maidir le cur chun feidhme na bpleananna infheistíochta dearbhaithe (184).
☐Iarradh ☐Níor iarradh
Má iarradh, soiléirigh an bhfuil garspriocanna agus oibleagáidí chun dul chun cinn a thuairisciú san áireamh i gcomhaontuithe gealltanais den sórt sin (185).
…
|
|
(iv)
|
Cé acu a cuireadh nó nár cuireadh torthaí an mheasúnaithe agus na conclúidí ábhartha a raibh bonn cirt leo in iúl do gach páirtí leasmhar a chuir faisnéis isteach maidir lena bpleananna infheistíochta príobháidí (agus conas a cuireadh in iúl iad) (186)
..
…
|
|
|
(c)
|
Dáta tosaithe agus deiridh gach céim den chleachtadh mapála.
…
|
|
(d)
|
Líon agus céannacht na rannpháirtithe i ngach céim den chleachtadh mapála.
…
|
|
(e)
|
Torthaí idirmheánacha agus torthaí deiridh an chleachtaidh mapála.
…
|
|
(f)
|
Deimhniú go ndearnadh an cleachtadh mapála (187):
|
☐
|
i gcás líonraí fosaithe sreangaithe, ar leibhéal seolta i gcás líonraí lánfhosaithe (188).
|
|
☐
|
i gcás líonraí fosaithe gan sreang, ar leibhéal seolta i gcás áitribh in-nasctha nó ar bhonn eangach 100 x 100 méadar ar a mhéad (nó níos lú). Sonraigh cé acu den dá chritéar a cuireadh i bhfeidhm: …
|
|
|
(g)
|
Deimhnigh gur mhapáil an cleachtadh mapála líonraí atá ann cheana freisin, líonraí a d’fhéadfaí a uasghrádú le hinfheistíochtaí beaga (amhail uasghrádú ar na comhpháirteanna gníomhacha) chun luasanna íoslódála 1 Gbps agus uaslódála 150 Mbps a sholáthar agus go bhfuil limistéir den sórt sin gearrtha amach ón limistéar idirghabhála (189).
☐Mhapáil ☐Níor mhapáil
|
|
(h)
|
Cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon d’údaráis na cleachtais is fearr chun na modheolaíochtaí mapála a thuairiscítear in Iarscríbhinn I de na Treoirlínte Leathanbhanda a chur i bhfeidhm (190).
|
☐
|
Níor chomhlíon. Sa chás sin, sonraigh conas a d'imigh do chuid údarás ó Iarscríbhinn I de na Treoirlínte Leathanbhanda agus cén fáth.
…
|
|
|
(i)
|
Deimhniú gur cuireadh an mhodheolaíocht agus na bunchritéir theicniúla maidir le mapáil ar fáil go poiblí (agus conas a rinneadh sin) (191).
…
|
|
|
4.4.
|
Má dhíríonn an beart cabhrach ar limistéir ina bhfuil dhá líonra neamhspleácha ar a laghad a sholáthraíonn luas íoslódála 100 Mbps ar a laghad faoi na dálaí buaic-ama ann nó pleanáilte go hinchreidte (192), soiléirigh más rud é:
|
(a)
|
Nach soláthraíonn aon cheann de na líonraí atá ann cheana ná na líonraí atá beartaithe go hinchreidte luas íoslódála de 300 Mbps ar a laghad faoi na dálaí buaic-ama (193).
☐Ní sholáthraíonn ☐Soláthraíonn
|
|
(b)
|
Go soláthraíonn ceann amháin ar a laghad de na líonraí atá ann cheana nó atá beartaithe go hinchreidte luas íoslódála de 300 Mbps ar a laghad faoi na dálaí buaic-ama ach ní sholáthraíonn sé luas íoslódála de 500 Mbps ar a laghad faoi na dálaí buaic-ama (194).
☐Soláthraíonn ☐Ní sholáthraíonn
Más fíor sin, soiléirigh an fáth a bhfuil d’údaráis den tuairim nach bhforbróidh aon líonra i dtreo luas íoslódála céanna (agus, más iomchuí, na gnéithe breise céanna) na líonraí ar tugadh fóirdheontas ina leith faoin mbeart cabhrach a sholáthar agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le hidirghabháil Stáit chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh margaidh (195).
…
|
|
(c)
|
Soláthraíonn ceann amháin ar a laghad de na líonraí atá ann cheana nó atá beartaithe go hinchreidte luas íoslódála de 500 Mbps ar a laghad (196).
☐Soláthraíonn ☐Ní sholáthraíonn
|
|
|
4.5.
|
Comhairliúchán poiblí. Tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
Dáta tosaithe agus deiridh gach comhairliúcháin phoiblí a rinneadh (197).
…
|
|
(b)
|
Ábhar gach comhairliúcháin phoiblí (198).
…
|
|
(c)
|
Suíomh Idirlín atá inrochtana go poiblí (ar an leibhéal réigiúnach agus/nó náisiúnta) inar foilsíodh an comhairliúchán (199).
…
|
|
(d)
|
Achoimre ar na príomhbharúlacha a chuir rannpháirtithe isteach i ngach comhairliúchán poiblí, agus sonraigh conas ar tugadh aghaidh orthu.
…
|
|
|
4.6.
|
Sonraigh raon feidhme deiridh an bhirt cabhrach i dtéarmaí mhéid an limistéir idirghabhála agus dhéine a dhaonra.
…
|
|
5.
|
CLISEADH MARGAIDH I NDÁIL LE LÍONRAÍ ROCHTANA MÓIBÍLEACHA
|
|
5.1.
|
Sonraigh an fheidhmíocht maidir le luas íoslódála (agus, más infheidhme, maidir le luas uaslódála agus paraiméadair eile) nach mór do na líonraí fóirdheonaithe a sholáthar (200).
…
|
|
5.2.
|
Sonraigh riachtanais reatha agus riachtanais amach anseo úsáideoirí deiridh ar féidir aghaidh a thabhairt orthu trí líonraí móibíleacha a sholáthraíonn an fheidhmíocht a luaitear ag pointe5.1 (agus ní trí na líonraí móibíleacha atá ann cheana), agus fianaise thacaíochta infhíoraithe a chur isteach ina leith sin (mar shampla, suirbhéanna ar thomhaltóirí, suirbhéanna neamhspleácha) (201).
…
|
|
5.3.
|
Deimhnigh nach féidir an beart cabhrach a úsáid chun aon oibleagáid dlíthiúil a chomhlíonadh (mar shampla, oibleagáidí atá nasctha leis na cearta chun speictream a úsáid) (202).
…
|
|
5.4.
|
Léirigh cé acu a dhíríonn nó nach ndíríonn an beart cabhrach ar limistéir ina bhfuil líonra móibíleach amháin ar a laghad atá ann cheana nó atá beartaithe go hinchreidte (203) agus atá in ann aghaidh a thabhairt ar riachtanais úsáideoirí deiridh sainaitheanta.
☐Díríonn ☐Ní dhíríonn
Má dhíríonn, léirigh (le tacaíocht ó fhianaise infhíoraithe): (a) an fáth a meastar nach leor an líonra sin chun cáilíocht leormhaith seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh chun a gcuid riachtanas athraitheacha a chomhlíonadh; agus (b) más rud é go soláthróidh an beart cabhrach cáilíocht den sórt sin seirbhísí, conas a dhéanfaidh sé amhlaidh, ionas go dtiocfaidh feabhas ábhartha chun cinn mar thoradh air, feabhas nach féidir leis an margadh a bhaint amach (204).
…
|
|
5.5.
|
Cleachtadh mapála (205). Tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
An cineál líonraí (mar shampla, 3G, 4G, 5G, 6G, cinn eile) agus an líon acu atá ar fáil sa limistéar idirghabhála
|
|
(b)
|
Critéir feidhmiúcháin na líonraí atá ann cheana agus atá beartaithe (sa tréimhse ama ábhartha) agus a mapáladh (mar shampla, luas íoslódála, luas uaslódála, aga folaigh, caillteanas paicéad, earráid i bpaicéad, giodam, infhaighteacht seirbhísí, etc.) (206).
…
|
|
(c)
|
An chaoi a ndearnadh measúnú ar phleananna infheistíochta don todhchaí i dtréimhse ama ábhartha an bhirt cabhrach chun a n-inchreidteacht a chinneadh. Inter alia, léirigh an méid seo a leanas:
|
(i)
|
An fhianaise a iarradh ar na páirtithe leasmhara ábhartha agus a chuir siad isteach chun inchreidteacht a bpleananna infheistíochta a léiriú (207).
…
|
|
(ii)
|
Na critéir mheasúnaithe a cuireadh i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar inchreidteacht na bpleananna infheistíochta don todhchaí (208).
…
|
|
(iii)
|
Cé acu a iarradh nó nár iarradh ar na páirtithe leasmhara lena mbaineann comhaontuithe gealltanais a shíniú maidir le cur chun feidhme na bpleananna infheistíochta dearbhaithe (209).
☐Iarradh ☐Níor iarradh
Má iarradh, soiléirigh an bhfuil garspriocanna agus oibleagáidí chun dul chun cinn a thuairisciú san áireamh i gcomhaontuithe gealltanais den sórt sin (210).
…
|
|
(iv)
|
Cé acu a cuireadh nó nár cuireadh torthaí an mheasúnaithe agus na conclúidí ábhartha a raibh bonn cirt leo in iúl do gach páirtí leasmhar a chuir faisnéis isteach maidir lena bpleananna infheistíochta príobháidí, agus conas a cuireadh in iúl iad (211).
…
|
|
|
(d)
|
Dáta tosaithe agus deiridh gach céim den chleachtadh mapála.
…
|
|
(e)
|
Líon agus céannacht na rannpháirtithe i ngach céim den chleachtadh mapála.
…
|
|
(f)
|
Torthaí idirmheánacha agus torthaí deiridh an chleachtaidh mapála.
…
|
|
(g)
|
Deimhniú go ndearnadh an cleachtadh mapála ar leibhéal seolta ar bhonn áitribh in-nasctha nó ar bhonn eangach 100 x 100 méadar ar a mhéad (nó níos lú) (212). Sonraigh cé acu den dá chritéar a cuireadh i bhfeidhm.
…
|
|
(h)
|
Cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon d’údaráis na cleachtais is fearr chun na modheolaíochtaí mapála a thuairiscítear in Iarscríbhinn I de na Treoirlínte Leathanbhanda a chur i bhfeidhm (213).
|
☐
|
Níor chomhlíon. Sa chás sin, sonraigh conas a d’imigh do chuid údarás ó Iarscríbhinn I ó na Treoirlínte Leathanbhanda agus cén fáth.
…
|
|
|
(i)
|
Deimhniú gur cuireadh an mhodheolaíocht agus na bunchritéir theicniúla maidir le mapáil ar fáil go poiblí (agus conas a rinneadh sin) (214).
…
|
|
|
5.6.
|
Comhairliúchán poiblí. Tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
Dáta tosaithe agus deiridh gach comhairliúcháin phoiblí a rinneadh (215).
…
|
|
(b)
|
Ábhar gach comhairliúcháin phoiblí (216).
…
|
|
(c)
|
Suíomh Idirlín atá inrochtana go poiblí (ar an leibhéal réigiúnach agus/nó náisiúnta) inar foilsíodh an comhairliúchán (217).
…
|
|
(d)
|
Achoimre ar na príomhbharúlacha a chuir rannpháirtithe isteach i ngach comhairliúchán poiblí, agus sonraigh conas ar tugadh aghaidh orthu.
…
|
|
|
6.
|
CLISEADH MARGAIDH I NDÁIL LE LÍONRAÍ AISIOMPAIR
|
|
6.1.
|
Soiléirigh cé acu a thacaíonn na líonraí aisiompair ar tugadh fóirdheontais ina leith leis an méid seo a leanas:
|
☐
|
Líonraí rochtana móibíleacha
|
|
☐
|
Líonraí rochtana móibíleacha
|
|
|
6.2.
|
Cuir in iúl saintréithe teicniúla na líonraí aisiompair ar tugadh fóirdheontas ina leith, lena n-áirítear a leibhéal inmhianaithe feidhmíochta, iontaofachta, acmhainneachta nó toisiúcháin (218).
…
|
|
6.3.
|
Mínigh an fhorbairt a bhfuil coinne léi maidir le líonraí rochtana fosaithe nó móibíleacha bunaithe ar riachtanais úsáideoirí deiridh atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus an fáth nach féidir leis an acmhainneacht aisiompair atá ann cheana nó atá beartaithe déileáil leis an bhforbairt a bhfuil coinne léi, agus fianaise thacaíochta infhíoraithe a chur isteach ina leith sin (mar shampla, suirbhéanna neamhspleácha) (219).
…
|
|
6.4.
|
Soiléirigh an meastar go bhfuil gá le hidirghabháil Stáit, toisc go soláthraíonn líonraí aisiompair atá ann cheana meascán de cháilíocht seirbhíse agus praghsanna nach bhfuil maith go leor (220).
…
|
|
6.5.
|
Cleachtadh mapála (221). Tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
Cé acu atá na líonraí aisiompair atá ann cheana nó atá beartaithe bunaithe ar na nithe a leanas:
|
☐
|
teicneolaíocht eile lena mbaineann an fheidhmíocht chéanna agus a bhaineann le snáithín
|
|
☐
|
teicneolaíochtaí eile nach mbaineann an fheidhmíocht chéanna leo agus a bhaineann le snáithín
|
|
|
(b)
|
Critéir feidhmíochta na líonraí aisiompair atá ann cheana nó atá beartaithe (sa tréimhse ama ábhartha) agus a mapáladh.
…
|
|
(c)
|
An chaoi a ndearnadh measúnú ar phleananna infheistíochta don todhchaí i dtréimhse ama ábhartha an bhirt cabhrach chun a n-inchreidteacht a chinneadh. Inter alia, léirigh an méid seo a leanas:
|
(i)
|
An fhianaise a iarradh ar na páirtithe leasmhara ábhartha agus a chuir siad isteach chun inchreidteacht a bpleananna infheistíochta a léiriú (222).
…
|
|
(ii)
|
Na critéir mheasúnaithe a cuireadh i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar inchreidteacht na bpleananna infheistíochta don todhchaí (223).
…
|
|
(iii)
|
Cé acu a iarradh nó nár iarradh ar na páirtithe leasmhara lena mbaineann comhaontuithe gealltanais a shíniú maidir le cur chun feidhme na bpleananna infheistíochta dearbhaithe (224).
☐Iarradh ☐Níor iarradh
Má iarradh, soiléirigh an bhfuil garspriocanna agus oibleagáidí chun dul chun cinn a thuairisciú san áireamh i gcomhaontuithe gealltanais den sórt sin (225).
…
|
|
(iv)
|
Cé acu a cuireadh nó nár cuireadh torthaí an mheasúnaithe agus na conclúidí ábhartha a raibh bonn cirt leo in iúl do gach páirtí leasmhar a chuir faisnéis isteach maidir lena bpleananna infheistíochta príobháidí (agus conas a cuireadh in iúl iad) (226).
…
|
|
|
(d)
|
Dáta tosaithe agus deiridh gach céim den chleachtadh mapála.
…
|
|
(e)
|
Líon agus céannacht na rannpháirtithe i ngach céim den chleachtadh mapála.
…
|
|
(f)
|
Torthaí idirmheánacha agus torthaí deiridh an chleachtaidh mapála.
…
|
|
(g)
|
Deimhniú gur cuireadh an mhodheolaíocht agus na bunchritéir theicniúla maidir le mapáil ar fáil go poiblí (agus conas a rinneadh sin) (227).
…
|
|
|
6.6.
|
Comhairliúchán poiblí. Tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
Dáta tosaithe agus deiridh gach comhairliúcháin phoiblí a rinneadh (228).
…
|
|
(b)
|
Ábhar gach comhairliúcháin phoiblí (229).
…
|
|
(c)
|
Suíomh Idirlín atá inrochtana go poiblí (ar an leibhéal réigiúnach agus/nó náisiúnta) inar foilsíodh an comhairliúchán (230).
…
|
|
(d)
|
Achoimre ar na príomhbharúlacha a chuir rannpháirtithe isteach i ngach comhairliúchán poiblí, agus sonraigh conas ar tugadh aghaidh orthu.
…
|
|
|
7.
|
OIRIÚNACHT NA CABHRACH MAR IONSTRAIM BHEARTAIS
|
|
7.1.
|
Mínigh cén fáth nach bhfuil bearta malartacha, nach bhfuil chomh saobhach le státchabhair (mar shampla, bearta riaracháin, bearta rialála, ionstraimí margadhbhunaithe, iasachtaí, bearta cánach, etc.) in ann aghaidh a thabhairt ar chuspóir nó ar chuspóirí an bhirt cabhrach agus ar an gcliseadh margaidh a sainaithníodh (231).
…
|
|
7.2.
|
Athrú ó bhonn (232).
|
(a)
|
Le haghaidh beart cabhrach a bhaineann le líonraí rochtana fosaithe, soláthair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(i)
|
Má bhaineann an idirghabháil Stáit le limistéir bhána nó limistéir liatha, cuir in iúl, maidir leis na líonraí ar tugadh fóirdheontas ina leith, an méadóidh siad faoi thrí ar a laghad an luas íoslódála a sholáthraíonn an líonra nó na líonraí atá ann cheana, agus an é atá san idirghabháil infheistíocht shuntasach nua i mbonneagar lena dtugtar cumais nua shuntasacha chuig an margadh (mar shampla, i dtéarmaí infhaighteachta, acmhainneachta, luasanna agus iomaíochta) (233).
…
|
|
(ii)
|
Má bhaineann an idirghabháil Stáit le limistéir mheasctha (i.e. limistéir bhána agus limistéir liatha), luaigh na cúiseanna nach bhfuil údar le scaradh na limistéar bán agus limistéar liath (234).
…
Thairis sin, deimhnigh go gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas (235):
|
—
|
Nach gcruthaíonn róthógáil na limistéar liath (236) saobhadh míchuí ar an iomaíocht, bunaithe ar thorthaí comhairliúcháin phoiblí.
|
|
—
|
Go bhfuil an róthógáil teoranta do 10 % ar a mhéad de na háitribh uile sa sprioclimistéar.
|
|
—
|
Méadaíonn na líonraí ar tugadh fóirdheontas ina leith faoi thrí ar a laghad an luas íoslódála a sholáthraíonn líonra(í) atá ann cheana sa chuid bhán den limistéar measctha, agus soláthraíonn siad seirbhísí i bhfad níos fearr ná na seirbhísí atá ar fáil sa chuid liath den limistéar measctha.
…
|
|
|
(iii)
|
Má bhaineann an idirghabháil Stáit le limistéir dhubha, deimhnigh go gcomhlíonann na líonraí ar tugadh fóirdheontas ina leith na coinníollacha carnacha seo a leanas (237):
|
—
|
Tá siad ar a laghad trí huaire níos gaiste ná an luas íoslódála a sholáthraíonn na líonraí atá ann cheana.
|
|
—
|
Soláthraíonn siad luas íoslódála de 1 Gbps agus luas uaslódála de 150 Mbps ar a laghad.
|
|
—
|
Is é atá iontu infheistíocht nua shuntasach i mbonneagar lena dtugtar cumais nua shuntasacha chuig an margadh (mar shampla, i dtéarmaí infhaighteachta, acmhainneachta, luasanna agus iomaíochta).
…
|
|
|
|
(b)
|
Maidir le beart cabhrach a bhaineann le líonraí rochtana móibílí, mínigh an n-áiritheofar leis an mbeart cabhrach feabhas a chur ar infhaighteacht, ar acmhainneacht, ar luasanna agus ar iomaíocht na seirbhíse móibílí atá in ann glacadh seirbhísí nuálacha nua a chothú (238).
…
|
|
(c)
|
Maidir le beart cabhrach a bhaineann le líonraí aisiompair, mínigh cé acu, de thoradh na hidirghabhála Stáit, arb é atá sna líonraí ar tugadh fóirdheontas ina leith infheistíocht shuntasach i mbonneagar aisiompair agus cé acu a thacaíonn siad go leormhaith le riachtanais líonraí rochtana fosaithe agus/nó móibíleacha atá ag méadú, agus conas a dhéantar sin (239).
…
|
|
|
8.
|
COMHRÉIREACHT NA CABHRACH
|
|
8.1.
|
Nós imeachta roghnúcháin iomaíoch.
|
(a)
|
Sonraigh cé acu a dhámhtar nó nach ndámhtar an chabhair ar bhonn nós imeachta roghnúcháin iomaíoch a bheidh oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, i gcomhréir le prionsabail an tsoláthair phoiblí (240).
☐Dámhtar ☐Ní dhámhtar
|
|
(b)
|
Más ‘dámhtar’ an freagra:
|
(i)
|
Mínigh an féidir le dearadh an nós imeachta roghnúcháin iomaíoch an rannpháirtíocht is leithne agus is féidir a chothú (241).
…
|
|
(ii)
|
Deimhnigh, mura bhfuil líon na rannpháirtithe sa nós imeachta roghnúcháin iomaíoch nó líon na dtairiscintí incháilithe leordhóthanach, cé acu a chuirfear an measúnú ar an tairiscint ar éirigh léi ar iontaoibh iniúchóra neamhspleách (lena n-áirítear ríomh na gcostas) (242).
…
|
|
(iii)
|
Deimhnigh go ndámhfar an tairiscint ar bhonn na tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch (243) agus tabhair sonraí ina leith sin.
…
|
|
(iv)
|
Sonraigh na critéir dhámhachtana oibiachtúla, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus sonraigh ualú coibhneasta na gcritéar ar fad (244).
…
|
|
|
(c)
|
Mura ndámhfar, deimhnigh go gcuirfear an idirghabháil Stáit chun feidhme trí shamhail infheistíochta dírí agus tabhair údar leormhaith le rogha an líonra agus an réitigh theicneolaíoch a ghlacfar (245).
…
|
|
(d)
|
Deimhnigh go ndéanfar aon lamháltas nó aon iontaoibh eile a thabharfaidh údarás poiblí nó eintiteas inmheánach do thríú páirtí chun an líonra fóirdheonaithe a dhearadh, a thógáil nó a oibriú a leithdháileadh trí nós imeachta roghnúcháin iomaíoch oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, i gcomhréir le prionsabail an tsoláthair phoiblí, bunaithe ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch (246). Tabhair sonraí ina leith sin.
…
|
|
|
8.2.
|
Neodracht theicneolaíoch. Mínigh má chomhlíonann agus conas a chomhlíonann an beart cabhrach prionsabal na neodrachta teicneolaíche (247).
…
|
|
8.3.
|
Úsáid bonneagair atá ann cheana. Tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
Cé acu a spreagtar gnóthais atá toilteanach a bheith rannpháirteach i nós imeachta roghnúcháin iomaíoch chun úsáid a bhaint as bonneagair reatha atá ar fáil chun líonraí fóirdheonaithe a chur in úsáid agus, má spreagtar, conas a spreagtar iad (248).
…
|
|
(b)
|
Cé acu a spreagtar gnóthais atá toilteanach a bheith rannpháirteach i nós imeachta roghnúcháin iomaíoch, agus más amhlaidh go spreagtar iad, chun faisnéis mhionsonraithe a sholáthar maidir leis na bonneagair atá ann cheana agus atá faoi úinéireacht acu nó atá faoina rialú sa limistéar idirghabhála beartaithe, ar bonneagair iad atá le cur san áireamh in am trátha agus na tairiscintí á n-ullmhú, agus an cineál faisnéise a iarrtar á sonrú (249).
…
|
|
(c)
|
Cé acu atá soláthar na faisnéise sin ina choinníoll le haghaidh rannpháirtíochta sa nós imeachta roghnúcháin (250).
☐Tá ☐Níl
|
|
(d)
|
Cé acu a chuirtear an fhaisnéis uile ar fáil maidir leis an mbonneagar atá ann cheana, faisnéis a d’fhéadfaí a úsáid chun líonraí leathanbhanda a leathadh amach sna limistéir idirghabhála agus, má chuirtear, conas a chuirtear ar fáil í. Sonraigh an bhfuil Pointe Faisnéise Aonair curtha ar bun de bhun Airteagal 4(2) de Threoir 2014/61/AE (251).
…
|
|
|
8.4.
|
Rochtain mhórdhíola do thríú páirtithe ar líonraí fóirdheonaithe.
|
(a)
|
Faisnéis ghinearálta.
|
(i)
|
Deimhnigh go ndámhfar rochtain mhórdhíola a luaithe agus is féidir sula dtosófar ag soláthar na seirbhísí ábhartha agus, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an oibreoir líonra seirbhísí miondíola a sholáthar freisin, ar a laghad 6 mhí roimh na seirbhísí miondíola sin a sheoladh (252).
…
|
|
(ii)
|
Deimhnigh go dtairgfidh na líonraí ar tugadh fóirdheontas ina leith rochtain faoi choinníollacha cothroma agus neamh-idirdhealaitheacha, lena sonraítear cé acu an bhfuil uasghrádú agus/nó méadú acmhainneacht an bhonneagair atá ann cheana le tuiscint leis sin, i gcás inar gá, agus cur in úsáid bonneagair nua leordhóthanaigh (253). Tabhair sonraí ina leith sin.
…
|
|
(iii)
|
Deimhnigh go léireofar na téarmaí, na coinníollacha agus na praghsanna le haghaidh na dtáirgí rochtana mórdhíola sna doiciméid a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin iomaíoch agus ar shuíomh gréasáin cuimsitheach, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, atá inrochtana don phobal i gcoitinne gan aon srianta (lena sonraítear an seoladh gréasáin ábhartha) (254).
…
|
|
(iv)
|
Deimhnigh go ndámhfar rochtain mhórdhíola freisin ar chodanna den líonra nach bhfuil Státchistithe nó a d’fhéadfadh nár chuir tairbhí na cabhrach in úsáid iad, más gá chun go mbeidh an rochtain mhórdhíola éifeachtach agus chun go mbeidh cuardaitheoirí rochtana in ann a seirbhísí a sholáthar (255).
…
|
|
|
(b)
|
Téarmaí agus coinníollacha maidir le rochtain mhórdhíola.
|
(i)
|
Cuir in iúl cé mhéad bliain a dhámhfar rochtain mhórdhíola éifeachtach ar an méid seo a leanas:
|
☐
|
Táirgí gníomhacha (seachas VULA) (256) …
|
|
|
(ii)
|
Deimhnigh, sa chás go ndeonófar státchabhair le haghaidh bonneagar nua, go mbeidh an bonneagar sách mór chun freastal ar éileamh reatha agus ar éileamh méadaithe na gcuardaitheoirí rochtana (259).
☐Beidh ☐Ní bheidh
|
|
(iii)
|
Mínigh conas a bheidh an bonneagar nua in ann freastal ar éileamh reatha agus ar éileamh athraitheach na gcuardaitheoirí rochtana (mar shampla, méid na nduchtanna, líon na snáithíní, etc.).
…
|
|
(iv)
|
Deimhnigh go bhfuil feidhm ag na coinníollacha rochtana céanna maidir leis an líonra fóirdheonaithe iomlán, lena n-áirítear na codanna den líonra inar úsáideadh bonneagar atá ann cheana (260).
☐Tá ☐Níl
|
|
(v)
|
Deimhnigh go ndéanfar na hoibleagáidí rochtana a fhorfheidhmiú, gan beann ar aon athrú in úinéireacht, bainistíocht nó oibriú an líonra fhóirdheonaithe (261).
☐Déanfar ☐Ní dhéanfar
|
|
(vi)
|
Mínigh cé acu a cheadaítear nó nach gceadaítear do thairbhí na cabhrach agus/nó do chuardaitheoirí rochtana atá nasctha le tairbhí na cabhrach a gcuid líonraí a shíneadh chuig limistéir chóngaracha lasmuigh den sprioclimistéar agus a n-acmhainní féin á n-úsáid acu (262).
☐Ceadaítear ☐Ní cheadaítear
Má cheadaítear, deimhnigh an méid seo a leanas:
|
—
|
Sa chomhairliúchán poiblí tugadh le fios gur ceadaíodh síntí príobháideacha tráth níos déanaí anonn agus cuireadh faisnéis úsáideach ar fáil maidir le cumhdach féideartha na síntí sin (263).
☐Tugadh/Cuireadh☐Níor tugadh/níor cuireadh
|
|
—
|
Ní léirítear i dtorthaí an chomhairliúcháin phoiblí fianaise ar rioscaí de shaobhadh suntasach iomaíochta (264).
☐Ní léirítear ☐Léirítear
|
|
—
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach féidir síntí chuig limistéir chóngaracha a dhéanamh ach 2 bhliain tar éis don líonra fóirdheonaithe teacht i bhfeidhm, i gcás ina dtarlaíonn ceann amháin de na cásanna a leanas (265):
|
—
|
sa chomhairliúchán poiblí, léiríonn páirtithe leasmhara go mbeadh riosca ann go rachadh an síneadh atá beartaithe isteach i limistéar cóngarach ar a bhfreastalaíonn dhá líonra neamhspleácha ar a laghad cheana féin, líonraí atá ag soláthar luasanna atá inchomparáide le luasanna an líonra Státchistithe; sin nó
|
|
—
|
tá líonra amháin ar a laghad sa limistéar cóngarach a sholáthraíonn luasanna atá inchomparáide le luasanna an líonra fhóirdheonaithe a tháinig i bhfeidhm níos lú ná 5 bliana roimh an líonra fóirdheonaithe (266).
☐Is amhlaidh ☐Ní hamhlaidh
…
|
|
|
|
|
(c)
|
Táirgí rochtana mórdhíola.
|
(i)
|
Líonraí rochtana fosaithe arna gcur in úsáid i limistéir bhána. Liostaigh na táirgí rochtana mórdhíola nach mór don líonra fóirdheonaithe a sholáthar, agus é á chur san áireamh nach mór dó rochtain sruth giotán, rochtain ar shnáithín dorcha agus rochtain ar bhonneagar a sholáthar (lena n-áirítear caibinéid sráide, cuaillí, crainn, túir agus duchtanna) (267) agus, ina theannta sin, díchuachadh fisiceach nó VULA ar a laghad (268).
…
|
|
(ii)
|
Líonraí rochtana fosaithe arna gcur in úsáid i limistéir liatha agus dhubha. Liostaigh na táirgí rochtana mórdhíola nach mór don líonra fóirdheonaithe a sholáthar, agus é á chur san áireamh nach mór dó rochtain sruth giotán, rochtain ar shnáithín dorcha agus rochtain ar bhonneagar a sholáthar (lena n-áirítear caibinéid sráide, cuaillí, crainn, túir agus duchtanna) agus, ina theannta sin, díchuachadh fisiceach (269). Má tá sé i gceist ag d’údaráis maolú a dheonú ón oibleagáid chun díchuachadh fisiceach a sholáthar, tabhair údar ábhartha, léirigh nach bhfuil baol ann go ndéanfar iomaíocht a shaobhadh go míchuí leis an maolú agus léirigh na barúlacha a fuarthas ina leith sin sa chomhairliúchán poiblí (agus an chaoi ar tugadh aghaidh orthu) (270).
…
|
|
(iii)
|
Líonraí rochtana móibíleacha. Liostaigh na táirgí rochtana mórdhíola nach mór don líonra fóirdheonaithe a sholáthar, agus é á chur san áireamh nach mór dó fánaíocht ar a laghad a sholáthar (271) agus rochtain ar chuaillí, crainn, túir agus duchtanna a sholáthar. Thairis sin, deimhnigh go mbeidh ar an líonra fóirdheonaithe na táirgí rochtana is gá a sholáthar chun na gnéithe níos casta (mar shampla,. MORAN, MOCN, slisniú líonra (272)) a bhaineann le líonraí móibíleacha a shaothrú, amhail 5G agus glúnta de líonraí móibíleacha amach anseo, a luaithe agus a bheidh siad ar fáil (273).
…
|
|
(iv)
|
Líonraí aisiompair. Liostaigh na táirgí rochtana mórdhíola nach mór don líonra fóirdheonaithe a sholáthar, agus é á chur san áireamh nach mór dó seirbhís ghníomhach amháin ar a laghad a sholáthar agus rochtain ar chuaillí, crainn, túir, duchtanna agus snáithín dorcha a sholáthar (274). Thairis sin, deimhnigh go bhforáiltear leis an mbeart cabhrach go n-úsáidfear acmhainneacht leordhóthanach le haghaidh bonneagar nua chun rochtain éifeachtach a áirithiú faoi choinníollacha córa agus neamh-idirdhealaitheacha (275).
…
|
|
(v)
|
Rochtain mhórdhíola ar bhonn éilimh réasúnta. Má tá sé i gceist ag d’údaráis soláthar táirgí rochtana mórdhíola a theorannú do chásanna éilimh réasúnta ó chuardaitheoir rochtana, déan an méid seo a leanas:
|
—
|
sonraí agus argóintí dea-réasúnaithe, oibiachtúla agus infhíoraithe a sholáthar (lena n-áirítear ríomhanna costais) lena gcruthófar go méadódh soláthar táirgí den sórt sin costais infheistíochta go díréireach gan tairbhí suntasacha a chur ar fáil i dtéarmaí iomaíochas méadaithe (276).
|
|
—
|
deimhnigh go meastar éileamh an chuardaitheora a bheith réasúnach má sholáthraíonn an cuardaitheoir rochtana plean gnó ina dtugtar údar le forbairt an táirge ar an líonra fóirdheonaithe agus mura dtairgeann gnóthas eile aon táirge rochtana inchomparáide faoi láthair sa limistéar tíreolaíoch céanna ar phraghsanna comhionanna leo sin i limistéir ina bhfuil daonra níos dlúithe (277).
☐Meastar ☐Ní mheastar
|
|
—
|
deimhnigh, má mheastar iarraidh ar rochtain a bheith réasúnach, gur gá do thairbhí na cabhrach íoc as an gcostas breise a bhaineann le freastal ar an iarraidh ar rochtain (278).
☐Is gá ☐Ní gá
…
|
|
|
|
(d)
|
Praghsáil rochtana mórdhíola. Sonraigh cé acu de na tagarmharcanna agus na prionsabail phraghsála seo a leanas a bhfuil an praghas rochtana mórdhíola le haghaidh gach táirge bunaithe orthu:
|
☐
|
na meánphraghsanna mórdhíola foilsithe atá i réim i limistéir eile inchomparáide agus níos iomaíche den Bhallstát (279).
|
|
☐
|
na praghsanna rialáilte atá socraithe nó formheasta ag an Údarás Rialála Náisiúnta cheana le haghaidh na margaí agus na seirbhísí lena mbaineann (280).
|
|
☐
|
treoshuíomh costas nó modheolaíocht sainordaithe i gcomhréir leis an gcreat rialála earnála (281).
|
|
|
|
8.5.
|
Aisghlámadh. Sonraigh an gcuirfear sásra aisghlámtha i bhfeidhm ar an mbeart cabhrach:
☐Cuirfear (282)☐Ní chuirfear
Mura gcuirfear, mínigh cén fáth: …
Má chuirtear, soláthair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
Deimhnigh go gcuirfear an sásra aisghlámtha i bhfeidhm ar feadh shaolré an líonra fhóirdheonaithe (283).
☐Cuirfear ☐Ní chuirfear
|
|
(b)
|
Deimhnigh go bhfuil rialacha an tsásra aisghlámtha leagtha amach go trédhearcach agus go soiléir sa doiciméadacht maidir leis an nós imeachta roghnúcháin iomaíoch (284). Tabhair sonraí ina leith sin.
…
|
|
(c)
|
Mínigh conas a bhreithneoidh agus conas a chothromóidh dearadh an tsásra aisghlámtha dhá chuspóir, mar atá aisghabháil na méideanna ag an mBallstát a sháraíonn brabús réasúnta agus cosaint dreasachtaí do ghnóthais a bheith rannpháirteach i nós imeachta roghnúcháin iomaíoch agus féachaint le héifeachtúlachtaí costais (gnóthachain éifeachtúlachta) a bhaint amach nuair atá an líonra á chur ar fáil (285). I ndáil leis sin, sonraigh na critéir a glacadh chun gnóthachain éifeachtúlachta a dhreasú.
…
|
|
(d)
|
Léirigh uasmhéid dreasachta (i gcéatadán an bhrabúis réasúnaigh a cheadaítear (286)). Thairis sin, sonraigh coincheap an bhrabúis réasúnaigh a chuirtear i bhfeidhm chun críocha an tsásra aisghlámtha (287).
…
|
|
(e)
|
Deimhnigh nach ndéanfaidh an Ballstát aon bhrabús breise atá cothrom leis an tairseach faoi bhun nó faoi bhun na tairsí (i.e., an brabús réasúnta arna mhéadú faoin méid dreasachta) a aistarraingt, ach go roinnfear aon bhrabús os cionn na tairsí idir tairbhí na cabhrach agus an Ballstát, ar bhonn dhéine na cabhrach a thagann as toradh an nós imeachta roghnúcháin iomaíoch (288). Tabhair sonraí ina leith sin.
…
|
|
(f)
|
Deimhnigh go gcuirfear san áireamh freisin sa sásra aisghlámtha brabúis ó idirbhearta eile a bhaineann leis an líonra fóirdheonaithe (289).
☐Cuirfear ☐Ní chuirfear
|
|
|
8.6.
|
Deighilt cuntasaíochta. Deimhnigh gur gá do thairbhí na cabhrach deighilt chuntasaíochta a áirithiú ionas go sainaithneofar go soiléir na costais a bhaineann le cur in úsáid agus oibriú, chomh maith leis na hioncaim ó shaothrú an líonra fhóirdheonaithe (290).
☐Is gá ☐Ní gá
|
|
9.
|
RÓL NA N-ÚDARÁS NÁISIÚNTA
|
|
9.1.
|
Mínigh an ról atá ag an údarás rialála náisiúnta maidir leis an mbeart cabhrach a dhearadh, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air (291). Inter alia, soiléirigh cé acu a bhí nó nach raibh baint aige leis an méid a leanas:
|
☐
|
Cleachtadh mapála (292). Má bhí, tabhair sonraí: …
|
|
☐
|
Pleananna infheistíochta príobháidí a mheasúnú (293). Má bhí, tabhair sonraí: …
|
|
☐
|
Comhairliúchán poiblí (294). Má bhí, tabhair sonraí: …
|
|
☐
|
Measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le hathrú ó bhonn (295). Má bhí, tabhair sonraí: …
|
|
☐
|
Sainmhíniú ar tháirgí rochtana mórdhíola, coinníollacha agus praghsáil (296). Má bhí, tabhair sonraí: …
|
|
☐
|
Díospóidí a bhaineann le rochtain mhórdhíola a réiteach (297). Má bhí, tabhair sonraí: …
|
|
☐
|
Bonneagar atá ann cheana atá faoi réir rialála ex ante (298). Má bhí, tabhair sonraí: …
|
|
☐
|
Sainmhíniú ar an sásra aisghlámtha. Má bhí, tabhair sonraí: …
|
|
|
9.2.
|
Tabhair tuairim an údaráis rialála náisiúnta maidir leis an mbeart cabhrach (299) (má tá sí ar fáil).
…
|
|
9.3.
|
Léirigh, i measc nithe eile, ar eisigh an t-údarás rialála náisiúnta treoirlínte maidir le hanailís mhargaidh a dhéanamh agus maidir le sainmhínithe ar tháirgí rochtana mórdhíola agus praghsáil. Má d’eisigh, tabhair sonraí maidir leis na treoirlínte agus soiléirigh cé acu a chuireann siad san áireamh an creat rialála ábhartha agus na moltaí a d’eisigh an Coimisiún (300).
…
|
|
9.4.
|
Tabhair tuairim an Údaráis Iomaíochta Náisiúnta maidir leis an mbeart cabhrach (301) (má tá sí ar fáil).
…
|
|
9.5.
|
Sonraigh cé acu a bhí nó nach raibh an Oifig um Inniúlachtaí Leathanbhanda páirteach i gceapadh an bhirt cabhrach (302).
…
|
|
10.
|
TRÉDHEARCACHT, TUAIRISCIÚ, FAIREACHÁN NA CABHRACH
|
|
10.1.
|
Trédhearcacht.
|
(a)
|
Deimhnigh go bhfoilseoidh an Ballstát (i) téacs iomlán an chinnidh lena bhformheastar an beart cabhrach agus a fhorálacha cur chun feidhme (nó nasc leo), agus (ii) faisnéis maidir le gach dámhachtain cabhrach aonair ar mó í ná EUR 100 000, i gcomhréir le hIarscríbhinn II (303) (laistigh de 6 mhí ón dáta a dámhadh an chabhair nó, le haghaidh cabhrach i bhfoirm buntáistí cánach, laistigh de 1 bhliain amháin ón dáta a bheidh an dearbhú cánach dlite) (304),
|
☐
|
I modúl dámhachtana trédhearcachta an Choimisiúin (305).
|
|
☐
|
Ar shuíomh gréasáin cuimsitheach státchabhrach (agus tabhair an seoladh gréasáin ábhartha). Sa chás sin, sonraigh an suíomh gréasáin náisiúnta nó réigiúnach é (306) agus cé acu an gceadaítear rochtain éasca ar an bhfaisnéis atá cláraithe ar shuíomh gréasáin na cabhrach (i.e., ní mór cead a bheith ag an bpobal i gcoitinne rochtain a fháil ar an suíomh gréasáin gan srianta) (307).
…
|
|
|
(b)
|
Deimhnigh go mbeidh an fhaisnéis faoi phointe 10.1. ar fáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad ón dáta a dámhadh an chabhair, go bhfoilseofar í i bhformáid scarbhileoige sonraí neamhdhílsithe, lena bhféadfar na sonraí a chuardach, a asbhaint, a íoslódáil agus a fhoilsiú go héasca ar an idirlíon (mar shampla, i bhformáid CSV nó XML).
☐Beidh ☐Ní bheidh
|
|
(c)
|
Deimhnigh, i gcás cabhair atá neamhdhleathach ach a chinntear a bheith comhoiriúnach dá éis sin, go bhfoilseofar an fhaisnéis ábhartha ar shuíomh gréasáin státchabhrach (agus sonraigh an seoladh gréasáin ábhartha) laistigh de 6 mhí ón dáta a rinne an Coimisiún cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach (308).
☐Foilseofar ☐Ní fhoilseofar
|
|
|
10.2.
|
Tuairisciú. Deimhnigh go gcuirfidh d’údaráis (i) tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le gach beart a fhormheastar faoi na Treoirlínte Leathanbhanda, agus (ii) tuarascáil gach 2 bhliain ina mbeidh faisnéis bhunriachtanach faoin mbeart cabhrach a fhormheastar faoi na Treoirlínte Leathanbhanda, i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis na Treoirlínte Leathanbhanda céanna (309).
…
|
|
10.3.
|
Faireachán. Deimhnigh go gcoinneoidh d’údaráis – ar feadh 10 mbliana ó dháta um dheonú na cabhrach – taifid mhionsonraithe maidir leis na bearta cabhrach uile, ina mbeidh an fhaisnéis uile is gá lena dheimhniú go gcomhlíontar na coinníollacha comhoiriúnachta uile a leagtar amach sna Treoirlínte Leathanbhanda, agus go ngeallann sé iad a sholáthar don Choimisiún arna iarraidh sin dó (310).
…
|
|
11.
|
ÉIFEACHTAÍ DIÚLTACHA AR IOMAÍOCHT AGUS AR THRÁDÁIL
|
|
11.1.
|
Mínigh cé na héifeachtaí diúltacha féideartha ar iomaíocht agus ar thrádáil a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart cabhrach (mar shampla, an cumas le bheith ina chúis le plódú amach as infheistíochtaí príobháideacha (311) nó atreisiú ceannasachta) agus cé na gnéithe i gceapadh an bhirt a d'fhéadfadh na rioscaí sin a íoslaghdú (312).
…’
|
|
|
(d)
|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid III.6:
‘CUID III.6.A
Bileog Faisnéise Forlíontaí maidir le státchabhair a dheonaítear faoi na Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (dá ngairtear ‘CEEAG’ anseo feasta) le haghaidh bearta a chumhdaítear i Roinn 4.1 CEEAG.
Baineann an bhileog faisnéise forlíontaí seo le bearta a chumhdaítear i roinn 4.1 CEEAG. Má áirítear san fhógra bearta a chumhdaítear i níos mó ná roinn amháin CEEAG, líon isteach freisin an bhileog faisnéise forlíontaí a bhaineann leis an roinn CEEAG lena mbaineann a luaithe a bheidh sí ar fáil.
Na doiciméid uile a sholáthraíonn na Ballstáit mar iarscríbhinní a ghabhann leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo, ní mór iad a bheith uimhrithe agus ní mór uimhreacha na ndoiciméad a bheith léirithe sna ranna ábhartha den bhileog faisnéise forlíontaí seo.
Roinn A: Achoimre ar phríomh-shaintréithe an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith
|
1.
|
Cúlra agus cuspóir/cuspóirí an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith.
|
|
1.1.
|
Más rud é nár pléadh iad cheana féin faoi roinn 5.2 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an cúlra agus an príomhchuspóir, lena n-áirítear aon sprioc de chuid an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú nó a bhaint a bhfuil sé beartaithe leis an mbeart tacú léi.
…
|
|
1.2.
|
Sonraigh aon chuspóir eile a shaothraítear leis an mbeart. Maidir le cuspóirí nach cuspóirí comhshaoil amháin iad, mínigh cibé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh aon saobhadh ar an margadh inmheánach a bheith ina thoradh orthu.
…
|
|
2.
|
Teacht i bhfeidhm agus fad:
|
|
2.1.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi roinn 5.5 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), sonraigh an dáta óna bhfuil sé beartaithe go dtiocfaidh an scéim cabhrach i bhfeidhm;
…
|
|
2.2.
|
Sonraigh fad na scéime. (313)
…
|
|
3.1.
|
Mura bhfuil sé curtha ar fáil cheana faoi roinn 3 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair tuairisc ar thairbhí (féideartha) an bhirt/na mbeart.
…
|
|
3.2.
|
Sonraigh suíomh an tairbhí nó na dtairbhithe (féideartha) (i.e. mura bhfuil ach eintitis eacnamaíocha atá lonnaithe sna Ballstáit lena mbaineann nó i mBallstáit eile freisin incháilithe chun páirt a ghlacadh sa bheart).
…
|
|
3.3.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 15 CEEAG, sonraigh an ndeonaítear cabhair faoin mbeart nó faoi na bearta i bhfabhar gnóthas (gnóthas aonair nó cuid de scéim) atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
Más amhlaidh, tabhair faisnéis maidir leis an méid cabhrach atá fós le haisghabháil ionas go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh é sa mheasúnú ar an mbeart cabhrach/na bearta cabhrach.
…
|
|
4.
|
Deimhnigh nach mbaineann an beart/na bearta le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm CEEAG (féach pointe 13 CEEAG). Murab amhlaidh, tabhair sonraí.
…
|
|
5.
|
Buiséad agus maoiniú an bhirt/na mbeart.
|
|
5.1.
|
Mura bhfuil sé luaite cheana sa tábla faoi roinn 7.1 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an buiséad bliantúil agus/nó an buiséad iomlán le haghaidh fhad iomlán an bhirt/na mbeart; murab eol an buiséad iomlán (mar shampla toisc go mbraitheann sé ar thorthaí na dtairiscintí), sonraigh buiséad measta, lena n-áirítear na toimhdí a úsáideadh chun an buiséad measta lena mbaineann a ríomh. (314)
…
|
|
5.2.
|
Más trí thobhach a mhaoinítear an beart, soiléirigh na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
an le dlí nó le haon ghníomh reachtach eile a shocraítear an tobhach; más amhlaidh, tabhair an gníomh dlí, uimhir agus dáta a ghlactha agus a theacht i bhfeidhm, an nasc idirlín chuig an ngníomh dlí;
…
|
|
(b)
|
an ngearrtar an tobhach go cothrom ar tháirgí intíre agus allmhairithe;
…
|
|
(c)
|
an rachaidh an beart a dtugtar fógra ina leith chun tairbhe do tháirgí intíre agus do tháirgí a allmhairítear go cothrom;
…
|
|
(d)
|
an maoinítear an beart go hiomlán nó go páirteach leis an tobhach. Mura maoinítear an beart ach go páirteach leis an tobhach, sonraigh foinsí eile maoinithe an bhirt agus cion gach foinse acu sin;
…
|
|
(e)
|
an maoinítear bearta cabhrach eile leis an tobhach lena maoinítear an beart a dtugtar fógra ina leith. Más amhlaidh, sonraigh na bearta cabhrach eile a mhaoinítear leis an tobhach lena mbaineann.
…
|
|
Roinn B: Measúnú comhoiriúnachta ar an gcabhair
|
1.
|
COINNÍOLL DEARFACH: NÍ MÓR FORBAIRT GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE A ÉASCÚ LEIS AN GCABHAIR
|
|
1.1.
|
Cuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.1 (pointí 23-25) agus ranna 4.1.1 (pointe 77), agus 4.1.2 (pointí 78--88) CEEAG.
|
|
6.
|
Le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’) foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin ‘cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann’. Dá bhrí sin, le cabhair a luíonn leis an margadh inmheánach faoin bhforáil sin den Chonradh ní mór rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe.
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 23 CEEAG, sainaithin na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar mar thoradh ar an gcabhair agus an chaoi a dtacaítear le forbairt na ngníomhaíochtaí sin.
…
|
|
7.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 25 CEEAG, tabhair tuairisc ar cibé ‘a rannchuideoidh an chabhair le cuspóirí bheartas aeráide an Aontais, cuspóirí bheartas comhshaoil an Aontais agus cuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus conas a dhéanfar sin, agus, go sonrach, tairbhí na cabhrach a bhfuil coinne leo maidir le cuidiú nach beag le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear maolú ar an athrú aeráide, nó feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh’.
…
|
|
8.
|
Ina theannta sin, léirigh a mhéid a bhaineann an chabhair leis na beartais a dtugtar tuairisc orthu faoi phointe 77 CEEAG.
…
|
|
9.
|
Tabhair tuairisc ar na ceanglais incháilitheachta is infheidhme maidir leis an tairbhí/na tairbhithe (mar shampla trí aon cheanglas teicniúil, comhshaoil (i.e. ceadanna), airgeadais (i.e. comhthaobhachtaí) nó aon cheanglas eile is gá don tairbhí/do na tairbhithe a chomhlíonadh a áireamh).
…
|
|
10.
|
Tabhair faisnéis ar raon feidhme beacht agus ar ghníomhaíochtaí beachta lena dtacaítear den bheart/de na bearta cabhrach, mar a fhoráiltear i roinn 4.1.2. (pointí 78-88) CEEAG.
|
(a)
|
I gcás cabhair le haghaidh fuinneamh in-athnuaite, sonraigh cé acu a thacaítear nó nach dtacaítear le gach cineál fuinnimh in-athnuaite agus tabhair tuairisc ar an raon feidhme beacht le haghaidh gach foinse fuinnimh in-athnuaite lena mbaineann agus soláthair faisnéis ina léirítear go gcomhfhreagraíonn an raon feidhme do na cineálacha fuinnimh in-athnuaite a chomhlíonann na coinníollacha dá bhforáiltear i bpointí 79-82 CEEAG.
…
|
|
(b)
|
I gcás cabhair eile chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus éifeachtúlacht fuinnimh a laghdú agus a bhaint, tabhair an raon feidhme beacht chomh maith leis an bhfaisnéis ina léirítear go gcomhlíonann an raon feidhme na coinníollacha dá bhforáiltear i bpointí 83-88 CEEAG.
|
|
|
1.2.
|
Éifeacht dreasachta
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.2 (pointí 26-32) CEEAG.
|
|
11.
|
Ní féidir a mheas go n-éascaíonn cabhair gníomhaíocht eacnamaíoch ach amháin má tá éifeacht dreasachta aici. Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 26 CEEAG, mínigh conas a ‘spreagann [an beart/na bearta] an tairbhí chun a iompraíocht a athrú, chun dul i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch bhreise nó gníomhaíocht eacnamaíoch atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, nach ndéanfadh sé gan an chabhair nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó éagsúil’.
…
|
|
12.
|
De bhun phointe 28 CEEAG, tabhair tuairisc chuimsitheach ar an gcás fíorasach a bhfuil coinne leis mar thoradh ar an mbeart cabhrach agus ar an gcás frithfhíorasach/na cásanna frithfhíorasacha dóchúla d’uireasa an bhirt cabhrach. (315) I gcás ina measann tú go bhféadfar tacú le catagóirí éagsúla tairbhithe, áirithigh go bhfuil an cás frithfhíorasach inchreidte le haghaidh gach ceann de na catagóirí sin.
…
|
|
13.
|
Mínigh go hachomair an réasúnaíocht atá le rogha an cháis fhrithfhíorasaigh dhóchúil nó na gcásanna frithfhíorasacha dóchúla, i bhfianaise na gcatagóirí éagsúla tairbhithe atá beartaithe, más infheidhme.
|
(a)
|
I gcás ina ndeonaítear cabhair gan próiseas tairisceana iomaíoch, tabhair údar leis an athrú iompraíochta i gcás inarb ábhartha le haghaidh gach catagóire tairbhe, bunaithe ar an tionscadal tagartha faoi seach, ar na cásanna frithfhíorasacha comhfhreagracha agus ar an mbearna chistiúcháin is ann dá thoradh i gcomhréir leis an gcainníochtú atá le soláthar faoi cheist 21 thíos.
…
NÓ
|
|
(b)
|
I gcás ina ndeonaítear cabhair bunaithe ar phróiseas tairisceana iomaíoch, tabhair údar leis an athrú iompraíochta (i gcás inarb ábhartha le haghaidh gach catagóire tairbhe/ tionscadail tagartha) ag úsáid na fianaise céanna atá riachtanach faoi (a) thuas, nó de rogha air sin tabhair fianaise ábhartha bunaithe ar fhianaise chainníochtúil nó cháilíochtúil eile, lena n-áirítear staidéir ar an margadh, pleananna infheisteoirí, tuarascálacha airgeadais, pleananna gnó inmheánacha, tuairimí saineolacha, faisnéis faoi thionscadail inchomparáide i réigiúin eile, lena n-áirítear tairiscintí a rinne tionscadail chomhchosúla i bpróisis tairisceana iomaíocha inchomparáide le déanaí. (316)
…
|
|
|
14.
|
Chun comhlíontacht phointe 27 CEEAG a mheasúnú, tabhair faisnéis le deimhniú nach dtacaíonn an chabhair leis na costais a bhaineann le gníomhaíocht a dhéanfadh tairbhí na cabhrach pé scéal é agus nach gcúitíonn an chabhair an gnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch.
…
|
|
15.
|
Chun comhlíonadh phointí 29 agus 31 CEEAG a léiriú déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Deimhnigh nár cuireadh tús leis na hoibreacha ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht sula ndearna an tairbhí iarratas i scríbhinn ar chabhair chuig na húdaráis náisiúnta;
…
NÓ
|
|
(b)
|
I gcás tionscadail ar cuireadh tús leo roimh an iarratas ar chabhair, léirigh go dtagann an tionscadal faoi cheann de na cásanna eisceachtúla dá bhforáiltear i bpointe 31 CEEAG ((a), (b) nó (c)).
…
|
|
|
16.
|
Chun comhlíonadh phointe 30 CEEAG a léiriú, deimhnigh go n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chabhair: ainm an iarratasóra, tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear a suíomh, agus an méid cabhrach is gá chun an tionscadal nó an ghníomhaíocht a dhéanamh.
…
|
|
17.
|
Chun comhlíonadh phointe 32 CEEAG a léiriú, sonraigh an bhfuil caighdeáin de chuid an Aontais (317) ann atá infheidhme maidir leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith, caighdeáin náisiúnta shainordaitheacha atá níos déine nó níos uaillmhianaí ná caighdeáin chomhfhreagracha an Aontais, nó caighdeáin náisiúnta shainordaitheacha arna nglacadh in éagmais chaighdeáin de chuid an Aontais. Sa chomhthéacs sin, tabhair faisnéis chun an éifeacht dreasachta a léiriú.
…
|
|
18.
|
I gcásanna inar glacadh caighdeán ábhartha de chuid an Aontais cheana ach nach bhfuil sé i bhfeidhm go fóill, léirigh gur féidir éifeacht dreasachta a bheith ag cabhair toisc go ndreasaíonn sé an infheistíocht atá le cur chun feidhme agus le tabhairt i gcrích ar a laghad 18 mí sula dtiocfaidh an caighdeán i bhfeidhm.
|
|
1.3.
|
Gan sárú ar aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.3 (pointe 33) CEEAG.
|
|
19.
|
Tabhair faisnéis chun comhlíonadh fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais a dheimhniú, i gcomhréir le pointe 33 CEEAG.
…
|
|
20.
|
Má úsáidtear tobhach chun an beart/na bearta a mhaoiniú, soiléirigh an gá an measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Más gá, léirigh conas a chomhlíonann an beart forálacha Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Sa chomhthéacs sin, is féidir tagairt a dhéanamh don fhaisnéis a chuirtear isteach faoi cheist 5.2. thuas, i gcás ina maoinítear an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith trí thobhach.
|
|
2.
|
COINNÍOLL DIÚLTACH: NÍ FÉIDIR LEIS AN GCABHAIR DIFEAR MÍCHUÍ A DHÉANAMH DO CHOINNÍOLLACHA TRÁDÁLA AN OIREAD IS GO MBEADH DOCHAR ANN DON LEAS COITEANN
|
|
2.1.
|
Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála
|
|
2.1.1.
|
Ceanglais chainníochtaithe a bhraitheann ar dhearadh an bhirt
Ceanglaítear ar na Ballstáit fianaise chainníochtúil a chur isteach atá ábhartha le haghaidh codanna ábhartha de na ranna thíos, go háirithe ar riachtanas agus ar chomhréireacht cabhrach. Chun tabhairt na faisnéise a shimpliú, déantar na sonraí ábhartha is gá a ghrúpáil faoin roinn seo den fhoirm fógra agus ba cheart tagairt dóibh sna ranna ábhartha thíos (féach go háirithe ceisteanna 30, 32, 39, 42, 43, agus 56 thíos). An leibhéal mionsonraí is gá a thabhairt, braitheann sé ar an mbeart sonrach a bheartaítear. Dá réir sin, is foranna malartacha iad foranna 2.1.1.1 go 2.1.1.3 seo a leanas: ná tabhair freagraí ach san fhoroinn ábhartha amháin, ag brath ar dhearadh an bhirt a bheartaítear.
|
|
2.1.1.1.
|
Scéimeanna gan próiseas tairisceana iomaíoch ná fógraí ad hoc
I gcás ina ndeonófar cabhair gan nós imeachta tairisceana iomaíoch, is gá fianaise chainníochtúil a thabhairt, ina gcuirtear san áireamh an cás frithfhíorasach chomh maith le costais agus ioncaim ábhartha lena n-áirítear iad sin atá nasctha le CTA, lena léirítear nach ndéanfaí an tionscadal tagartha, nó tionscadal gach tairbhí más rud é nach dtéann an beart a dtugtar fógra ina leith ach chun tairbhe d’aon tairbhí amháin nó do líon an-teoranta tairbhithe, d’uireasa na cabhrach. I gcásanna den sórt sin, beidh gá le measúnú iomlán ar an mbearna chistiúcháin chun na glanchostais bhreise a chainníochtú. Dá bhrí sin, tabhair an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh gach birt den sórt sin:
|
|
21.
|
De bhun phointe 51 CEEAG, is féidir na glanchostais bhreise thipiciúla a mheas mar an difríocht idir glanluach láithreach (‘NPV’) an cháis fhíorasaigh agus NPV an cháis fhrithfhíorasaigh thar shaolré an tionscadail nó in aghaidh an tionscadail tagartha i gcás inarb infheidhme. Le haghaidh an mheasúnaithe sin, cuir isteach cainníochtú, maidir leis an gcás fíorasach agus le cás frithfhíorasach réalaíoch (318) a sainaithníodh mar fhreagra ar cheist 12 thuas, de na príomhchostais agus ioncaim ar fad, meánchostas ualaithe caipitil (WACC) measta na dtairbhithe (nó na dtionscadal tagartha) chun sreafaí airgid todhchaí a lascainiú, chomh maith le glanluach láithreach (NPV) na gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha, thar shaolré an tionscadail/an tionscadail tagartha.
|
(a)
|
Tabhair é sin in Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfoirm fógra seo (trí chomhad Excel a úsáid ina bhfuil na foirmlí uile le feiceáil).
|
|
(b)
|
Cuir faisnéis mhionsonraithe isteach maidir leis na toimhdí, na modheolaíochtaí, an réasúnaíocht agus na foinsí is bonn leo, a úsáidtear le haghaidh gach gné de chainníochtú na gcostas agus na n-ioncam sa chás fíorasach agus an cás frithfhíorasach is dócha a bheidh ann (mar shampla, cuir na toimhdí a úsáideadh chun na cásanna sin a fhorbairt agus foinse/réasúnaíocht maidir leis na toimhdí sin san áireamh).
|
|
(c)
|
Is féidir leat na doiciméid a luaitear i bhfonóta 39 CEEAG a chur i gceangal leis an bhfoirm fógra seo freisin. D’fhéadfadh doiciméid bhoird a bheith úsáideach go háirithe le haghaidh bearta cabhrach aonair nó scéimeanna cabhrach aonair atá ag dul chun tairbhe do líon an-teoranta tairbhithe. Má tá na doiciméid sin i gceangal leis an bhfoirm fógra, tabhair liosta de na doiciméid sin thíos, ina sonraítear an t-údar, an dáta ar dréachtaíodh iad agus an comhthéacs inar úsáideadh iad.
|
…
|
|
22.
|
Má bhaineann scéim cabhrach le fad os cionn 3 bliana leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith, deimhnigh do ndéanfaidh tú, mar a cheanglaítear le pointe 92 CEEAG, an anailís ar chostais agus ioncaim ábhartha de thionscadail tagartha a thabhairt cothrom le dáta, lena áirithiú go mbeidh an chabhair riachtanach i gcónaí le haghaidh gach catagóire tairbhí.
…
|
|
2.1.1.2.
|
Scéimeanna le próiseas tairisceana iomaíoch atá oscailte do gach tairbhí incháilithe
Cé go soiléirítear le pointe 49 CEEAG nach mbeidh gá le measúnú mionsonraithe ar ghlanchostais bhreise má chinntear méideanna na cabhrach trí phróiseas tairisceana iomaíoch, ní mór a léiriú agus fianaise chainníochtúil á cur san áireamh freisin go bhfuil an próiseas tairisceana iomaíoch iarbhír. De bhun na chéad abairte de phointe 104 CEEAG, ba cheart, i bprionsabal, go mbeadh an próiseas tairisceana oscailte do gach tairbhí incháilithe chun leithdháileadh costéifeachtach cabhrach a chumasú agus chun saobhadh iomaíochta a laghdú, i gcás inarb amhlaidh an scéal, mínigh na nithe seo a leanas:
|
|
23.
|
Mínigh na gnéithe ar ar bhunaigh tú an toimhde go mbeidh an próiseas tairisceana oscailte agus suibscríofa go cuí, i.e. gur féidir coinne a bheith leis nach bhfaighidh gach tairgeoir cabhair agus gur leordhóthanach an líon tairgeoirí a bhfuil coinne leo chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú ar feadh fhad na scéime (pointe 49(c) CEEAG). I do mhíniúchán, cuir buiséad nó méid na scéime san áireamh. I gcás inarb ábhartha, tagair don fhianaise a tugadh mar fhreagra ar cheisteanna 12 agus 13 thuas.
…
|
|
24.
|
Mínigh cibé acu a úsáidfear nó nach n-úsáidfear uasteorainneacha ar thairiscintí. I gcás ina léirítear san anailís a thugtar mar fhreagra ar cheisteanna 12 agus thuas 13 nó ar cheisteanna 31 agus 43 thíos go bhféadfadh diallas nach beag a bheith ann idir leibhéil tairisceana a bhfuil coinne leo ó chatagóirí éagsúla tairbhithe, mínigh conas a sheachnófar róchúiteamh teicneolaíochtaí is saoire (féach pointe 106 CEEAG). Má bheartaítear uasteorainneacha ar thairiscintí, tabhair an fhianaise chainníochtúil ábhartha chun údar a thabhairt leis na leibhéil a fhoráiltear, mar shampla trí thagairt don fhianaise a tugadh cheana mar fhreagra ar cheisteanna 12 agus 13 thuas.
…
|
|
2.1.1.3.
|
Scéimeanna lena mbaineann próiseas tairisceana iomaíoch atá teoranta d’aon chatagóir shonrach amháin tairbhithe nó níos mó
I bprionsabal, de bhun na chéad abairte de phointe 104 CEEAG, ba cheart go mbeadh próisis tairisceana oscailte do gach tairbhí incháilithe. Mar sin féin, de bhun an dara habairt de phointe 104 CEEAG, féadfar an próiseas tairisceana a theorannú freisin d’aon chatagóir shonrach amháin tairbhithe nó níos mó. I gcás inarb amhlaidh an scéal, tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
|
25.
|
I gcomhréir le pointe 104(a) CEEAG, tabhair údar sonrach go mbeadh toradh fo-optamach ar phróiseas tairisceana aonair a bheadh oscailte do gach tairbhí incháilithe nó nach bhféadfaí cuspóirí an bhirt a bhaint amach leis. Sa fhreagra, is féidir tagairt do na critéir shonracha a liostaítear i bpointe 96 CEEAG.
…
|
|
26.
|
I gcomhréir le pointí 104(b) agus 105 CEEAG, is féidir údar a bheith le teorainneacha sa phróiseas tairisceana, más rud é go bhfuil éagsúlacht os cionn 10 % sna tairiscintí a bhfuil coinne leo idir catagóirí tairbhithe éagsúla. I gcás ina bhfuil coinne le cás den sórt sin, tabhair tuairisc ar an leibhéal tairisceana a bhfuil coinne leis le haghaidh gach catagóire tairbhí, agus úsáid fianaise mar shampla fianaise a tugadh mar fhreagra ar cheisteanna 12 agus 13 thuas, agus tabhair údar leis an éagsúlacht idir na catagóirí a roghnaítear.
…
|
|
27.
|
Mínigh na gnéithe ar ar bhunaigh tú an toimhde go mbeidh an próiseas tairisceana le haghaidh gach catagóire oscailte agus go mbeidh éileamh cuí air, i.e. gur féidir a mheas nach bhfaighidh gach tairgeoir cabhair agus gur leor líon measta na dtairgeoirí chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú ar feadh fhad na scéime (pointe 49(c) CEEAG). I do mhíniúchán, cuir buiséad nó méid na scéime san áireamh. I gcás inarb ábhartha, tagair don fhianaise a tugadh mar fhreagra ar cheisteanna 12 agus 13 thuas.
…
|
|
28.
|
Má bhaineann scéim cabhrach le fad os cionn 3 bliana leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith, deimhnigh go ndéanfaidh tú, mar a cheanglaítear le pointe 92 CEEAG, an anailís ar chostais agus ioncaim ábhartha le haghaidh na gcatagóirí éagsúla a thabhairt cothrom le dáta, lena áirithiú go mbeidh an chabhair riachtanach i gcónaí le haghaidh gach catagóire tairbhí. Ina theannta sin, deimhnigh go n-urramófar pointe 105 CEEAG.
…
|
|
29.
|
Mínigh cibé acu a úsáidfear nó nach n-úsáidfear uasteorainneacha ar thairiscintí. I gcás ina léirítear san anailís a thugtar mar fhreagra ar cheisteanna 12 agus thuas 13 nó ar cheisteanna 31 agus 43 thíos go bhféadfadh diallas nach beag a bheith ann idir leibhéil tairisceana a bhfuil coinne leo ó chatagóirí éagsúla tairbhithe, mínigh conas a sheachnófar róchúiteamh teicneolaíochtaí is saoire (féach pointe 106 CEEAG). Má bheartaítear uasteorainneacha ar thairiscintí, tabhair an fhianaise chainníochtúil ábhartha chun údar a thabhairt leis na leibhéil a fhoráiltear, mar shampla trí thagairt don fhianaise a tugadh cheana mar fhreagra ar cheisteanna 12 agus 13 thuas.
…
|
|
2.1.2.
|
Riachtanas na cabhrach
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.1.3.1 (pointí 89-92) CEEAG.
|
|
30.
|
I gcomhréir le pointe 89 CEEAG, sainaithin aon bheart beartais atá i bhfeidhm cheana chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, go háirithe iad sin a bhfuil feidhm acu maidir leis na hearnálacha lena mbaineann an beart/na bearta.
…
|
|
31.
|
Chun comhlíontacht na chéad abairte de phointe 90 CEEAG a mheasúnú, léirigh, agus úsáid á baint freisin i gcás inarb ábhartha as an bhfianaise a tugadh cheana mar fhreagra ar cheist 12 thuas, go bhfuil gá leis an gcabhair le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá beartaithe agus an cás frithfhíorasach á chur san áireamh mar aon le costais agus ioncaim ábhartha lena n-áirítear costais agus ioncam a bhaineann le CTA agus beartais agus bearta gaolmhara a tugadh faoi cheist 30 thuas.
…
|
|
32.
|
Chun comhlíontacht an dara habairt de phointe 90 CEEAG a mheasúnú, mínigh an ann d’éiginnteacht nach beag maidir le forbairtí margaidh amach anseo a bhaineann le cuid mhór den chás gnó. Más ann d’éiginnteacht, a) tabhair tuairisc ar an éiginnteacht nach beag maidir le forbairtí margaidh amach anseo, b) tabhair tuairisc ar chineál na tacaíochta agus go háirithe an bhfuil sí i bhfoirm luach saothair ráthaithe áirithe chun an nochtadh do chásanna diúltacha atá beartaithe a theorannú agus c) mínigh an mbeartaítear teorainneacha ar bhrabúsacht agus/nó aisghlámadh (i.e. sásra chun cabhair iomarcach fhéideartha a ghnóthú mar thoradh ar chás dearfach féideartha e.g. le hioncaim arda amach anseo nó costais ísle amach anseo) mar chuid den bheart/de na bearta chun an chomhréireacht a áirithiú.
…
|
|
33.
|
Má bhaineann scéim cabhrach le fad os cionn 3 bliana leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith, deimhnigh go ndéanfaidh tú, mar a cheanglaítear le pointe 92 CEEAG, an anailís ar chostais agus ioncaim ábhartha le haghaidh na gcatagóirí éagsúla a thabhairt cothrom le dáta, lena áirithiú go mbeidh an chabhair riachtanach i gcónaí le haghaidh gach catagóire tairbhí.
…
|
|
2.1.3.
|
Oiriúnacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.1.3.2 (pointí 93-94) CEEAG.
|
|
34.
|
Má tá conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh i gceist leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith, sonraigh cineál na gné sin den chabhair (féach pointe 94 CEEAG).
…
|
|
2.1.4.
|
Incháilitheacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.1.3.3 (pointí 95-97) CEEAG.
|
|
35.
|
Chun comhlíontacht phointí 95 agus 96 CEEAG a fhíorú, maidir le bearta nach n-áirítear orthu gach teicneolaíocht agus tionscadal atá san iomaíocht, tabhair cúiseanna mionsonraithe leis an incháilitheacht theoranta.
…
|
|
36.
|
Má bhaineann scéim leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith, deimhnigh go ndéanfar na rialacha incháilitheachta agus aon riail a bhaineann leo a choimeád faoi athbhreithniú mar a cheanglaítear le pointe 97 CEEAG.
|
|
2.1.5.
|
Comhairliúchán poiblí
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.1.3.4 (pointí 98-102) CEEAG.
|
|
37.
|
Mínigh cé acu is gá nó nach gá comhairliúchán poiblí a dhéanamh faoi Roinn 4.1.3.4 le haghaidh an bhirt/na mbeart, agus más rud é nach gá, tabhair cúis leis sin.
…
|
|
38.
|
Más gá comhairliúchán poiblí a dhéanamh le haghaidh an bhirt, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Sonraigh fad an chomhairliúcháin phoiblí agus tabhair achoimre ar na príomh-shaincheisteanna a chumhdaítear:
…
|
|
(b)
|
I gcomhréir leis na ceanglais i bpointe 101 CEEAG, tabhair seoladh an tsuímh gréasáin phoiblí ar a bhfoilseofar/bhfoilsítear ceistneoirí an chomhairliúcháin agus achoimre an rialtais ar na freagraí:
…
|
|
|
2.1.6.
|
Comhréireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a thabhairt, féach roinn 3.2.1.3 (pointí 47-57) agus roinn 4.1.3.5. (pointí 103-113) CEEAG. Tabhair faoi deara go bhfuil an dá roinn 2.1.6.1. agus 2.1.6.2. seo a leanas malartach. Ná tabhair freagraí ach ar an roinn is infheidhme, de réir dhearadh an bhirt atá beartaithe.
|
|
2.1.6.1.
|
Comhréireacht na cabhrach a dheonaítear trí phróiseas tairisceana iomaíoch
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a thabhairt, féach pointí 49, 50, 103-106 agus 111-112 CEEAG.
|
|
39.
|
Chun comhlíontacht phointí 49, 50 agus 103 CEEAG a fhíorú, tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh conas a áirithíonn na húdaráis go bhfuil an próiseas tairisceana oscailte, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, arna sainiú ex ante i gcomhréir le cuspóir an bhirt agus go n-íoslaghdaíonn sé riosca na dtairiscintí straitéiseacha (pointe 49(a) CEEAG). I gcás inarb infheidhme, déan tagairt do na freagraí a thug tú cheana ar cheisteanna 23 nó 26 thuas.
…
|
|
(b)
|
Na critéir roghnúcháin a úsáidtear chun na tairiscintí a rangú, agus chun an leibhéal cabhrach sa phróiseas tairisceana iomaíoch a shainaithint ar deireadh. I gcás inarb ábhartha, tagair don fhianaise a tugadh mar fhreagra ar cheisteanna 12 nó 13 thuas. Go sonrach:
|
(i)
|
Tabhair liosta de na critéir roghnúcháin agus sonraigh cé acu atá baint dhíreach nó indíreach acu le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart. Cuir isteach a n-ualú.
…
|
|
(ii)
|
Mínigh conas a chuir na critéir roghnúcháin an rannchuidiú le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart i gcoibhneas díreach nó indíreach le méid na cabhrach arna iarraidh ag an iarratasóir. Féadfar é sin a shloinneadh, mar shampla, i dtéarmaí cabhair in aghaidh an aonaid cosanta comhshaoil nó i dtéarmaí cabhair in aghaidh an aonaid fuinnimh (pointe 50 agus fonóta 44 CEEAG).
…
|
|
|
(c)
|
I gcás ina bhfuil critéir roghnúcháin eile ann nach bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart, tabhair cúiseanna leis an gcur chuige atá beartaithe agus mínigh conas atá sé iomchuí do na cuspóirí a shaothraítear leis an mbeart/na bearta. Deimhnigh freisin nach mó ná 30 % d’ualú na gcritéar roghnúcháin ar fad na critéir sin (pointe 50 CEEAG).
…
|
|
(d)
|
Mínigh cé chomh fada roimh an sprioc-am chun iarratais a chur isteach i ngach próiseas tairisceana iomaíoch a fhoilseofar na critéir roghnúcháin (pointe 49(b) agus fonóta 43 CEEAG).
…
|
|
(e)
|
Deimhnigh gur srian ceangailteach é an buiséad nó an méid a bhaineann leis an bpróiseas tairisceana a mhéid is féidir a mheas nach bhfaighidh gach tairgeoir cabhair (pointe 49(c) CEEAG). I gcás inarb ábhartha, tagair do na freagraí a thug tú ar cheisteanna 22 nó 26 thuas de réir mar is infheidhme.
…
|
|
(f)
|
Tabhair faisnéis maidir leis an líon babhtaí tairisceana atá beartaithe agus an líon tairgeoirí a bhfuil coinne leo sa chéad bhabhta agus le himeacht ama.
…
|
|
(g)
|
I gcás aon phróisis tairisceana amháin nó níos mó a bhfuil tearc-éileamh i gceist, mínigh conas a cheartófar dearadh na bpróiseas tairisceana le linn chur chun feidhme na scéime i gceist chun iomaíocht éifeachtach a aischur, agus cén uair (pointe 49(c) CEEAG).
…
|
|
(h)
|
Deimhnigh go seachnaítear coigeartuithe ex post ar thoradh an phróisis tairisceana (amhail caibidlíocht ina dhiaidh sin maidir le torthaí tairisceana nó ciondáil (pointe 49(d) CEEAG).
…
|
|
(i)
|
I gcás inar féidir ‘tairiscintí fóirdheontais nialasacha’ a bheith ann, mínigh conas a dhéanfar an chomhréireacht a áirithiú. Soiléirigh an bhfuil foráil déanta ag na húdaráis maidir le bonnphraghsanna nó uasteorainneacha a úsáid sa phróiseas tairisceana iomaíoch. I gcás deimhneach, tabhair údar lena n-úsáid agus mínigh conas nach gcuireann siad srian ar an bpróiseas tairisceana iomaíoch (pointe 49 agus fonóta 42 CEEAG).
…
|
|
|
40.
|
Deimhnigh, agus an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith á dhearadh/ndearadh, gur cuireadh san áireamh an fhaisnéis maidir le tacaíocht a fuarthas cheana ó dhoiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cothromúcháin maise faoi Airteagal 30 de Threoir (AE) 2018/2001 (pointe 111 CEEAG).
…
|
|
41.
|
Mínigh cé acu a bhaineann aistriú ceart lamháltais, ceart nasctha eangaí nó sochar eile leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith nó nach mbaineann agus, má bhaineann, conas a leithdháiltear na cearta sin (pointe 112 CEEAG).
|
|
2.1.6.2.
|
Comhréireacht na cabhrach nach ndeonaítear trí phróiseas tairisceana iomaíoch
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a thabhairt, féach pointí 51-55 agus 107-113 CEEAG.
|
|
42.
|
Mínigh cén fáth nach n-úsáidtear próiseas tairisceana iomaíoch (de bhun phointe 107 CEEAG). Tagair do na freagraí a thug tú ar cheist 21 thuas de réir mar is iomchuí.
…
|
|
43.
|
Léirigh nach mó an chabhair ná an t-íosmhéid is gá, i.e. an difríocht idir NPV an cháis fhíorasaigh agus NPV an cháis fhrithfhíorasaigh thar shaolré an tionscadail tagartha, trí thagairt don chainníochtú a cuireadh isteach sa fhreagra ar cheist 21 thuas nó i gcás phointe 52 CEEAG nach mó an chabhair ná NPV an cháis fhíorasaigh. I gcás ina bhfuil coinne leis go bhféadfadh catagóirí éagsúla tairbhithe cabhair a fháil faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith, tabhair an míniú thuasluaite le haghaidh gach catagóire tairbhithe.
…
|
|
44.
|
Más infheidhme pointe 55 CEEAG, tabhair faisnéis ar na samhlacha cúitimh a bhféadfadh sé a bheith i gceist ag an mBallstát iad a thabhairt isteach (meascán de shamhlacha ex ante agus ex post nó sásraí aisghlámtha nó sásraí faireacháin costais ex post).
Mura bhfuil pointe 55 CEEAG infheidhme maidir leis an mbeart/na bearta, tabhair údar leis sin.
…
|
|
45.
|
Deimhnigh, agus an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith á dhearadh/ndearadh, gur cuireadh san áireamh an fhaisnéis maidir le tacaíocht a fuarthas cheana ó dhoiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cothromúcháin maise faoi Airteagal 30 de Threoir (AE) 2018/2001 (pointe 111 CEEAG).
…
|
|
46.
|
Mínigh cé acu a bhaineann aistriú ceart lamháltais, ceart nasctha eangaí nó sochar eile leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith nó nach mbaineann agus, má bhaineann, conas a leithdháiltear na cearta sin (pointe 112 CEEAG).
…
|
|
47.
|
Más rud é go bhfuil an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith i bhfoirm deimhniú iomaíoch nó scéim oibleagáide soláthróra (pointe 108 CEEAG):
|
(a)
|
deimhnigh go socrófar an t-éileamh sa scéim faoi bhun an tsoláthair a d’fhéadfadh a bheith ann;
|
|
(b)
|
mínigh conas a bhunófar an praghas ceannaigh thar barr amach nó pionóis; agus
|
|
(c)
|
i gcás ina mbaineann bithmhais leis an scéim, mínigh conas a chuirfear san áireamh faisnéis faoi thacaíocht a fuarthas cheana féin ón gcóras cothromúcháin maise.
|
…
|
|
48.
|
Más rud é go bhfuil an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith i bhfoirm laghdú ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifhioscacha:
|
(a)
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na cánacha agus/nó na tobhaigh pharaifhioscacha a laghdófar (lena n-áirítear a gcuspóir, conas a ghearrtar iad thar an mbonn, an mhodheolaíocht chun an ráta a ríomh agus na heintitis atá páirteach i leagan amach an ráta agus in athbhreithniú air chomh maith le bailiú agus bainistiú na n-ioncam a chruinnítear). Ar an mbonn sin, léirigh nach mbaineann leis an mbeart a bheartaítear laghduithe ar chánacha ná ar thobhaigh lena léirítear na costais fhíor-riachtanacha ar fhuinneamh nó ar sheirbhísí lena mbaineann a sholáthar, amhail muirir líonra nó muirir lena maoinítear sásraí acmhainneachta.
…
|
|
(b)
|
Tabhair cur síos ar conas a dheonaítear cabhair, go háirithe chun na nithe seo a leanas a áirithiú:
|
(i)
|
I gcomhréir le pointe 109 CEEAG, go ndéanfar státchabhair a dheonú ar an mbealach céanna le haghaidh na ngnóthas incháilithe uile atá ag oibriú san earnáil chéanna gníomhaíochta eacnamaíche lena mbaineann an cás fíorasach céanna nó i gcás fíorasach comhchosúil maidir le haidhmeanna nó cuspóirí an bhirt cabhrach;
…
|
|
(ii)
|
I gcomhréir le pointe 110 CEEAG, nach rachaidh méid na cabhrach thar an difríocht idir costais an tionscadail nó na gníomhaíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus costais an cháis fhrithfhíorasaigh is mó díobháil. Tabhair sonraí freisin ar conas a chuirfear san áireamh coigiltis costas féideartha agus/nó ioncaim bhreise an tionscadail is neamhdhíobhálaí don chomhshaol.
…
|
|
|
(c)
|
Tabhair tuairisc ar an bhfaireachán bliantúil a dhéanfar lena áirithiú go bhfuil gá leis an gcabhair i gcónaí.
…
|
|
|
49.
|
I gcás ina mbeidh an chabhair i bhfoirm iasacht shinsearach do sholáthraí na mbeart feidhmíochta feabhsaithe fuinnimh faoi chonradh feidhmíochta fuinnimh (pointe 113 CEEAG),
|
(a)
|
Léirigh an méid seo a leanas:
|
(i)
|
leibhéal an ráta comhinfheistíochta ó sholáthraithe tráchtála cistithe fiachais;
|
|
(ii)
|
luach phunann an tsoláthraí maidir leis an mbunchonradh feidhmíochta fuinnimh; agus
|
|
(iii)
|
cibé acu is gá nó nach gá d’aisíocaíocht na mbeart feidhmíochta feabhsaithe fuinnimh ag an soláthraí a bheith cothrom, ar a laghad, le luach ainmniúil na hiasachta.
|
…
|
|
(b)
|
deimhnigh go bhfuil an iasacht phoiblí teoranta do 10 mbliana ar a mhéad agus sonraigh a fad cruinn.
…
|
|
|
50.
|
I gcás ina ndeonaítear an chabhair i bhfoirm ráthaíochta do sholáthraí na mbeart feidhmíochta feabhsaithe fuinnimh faoi chonradh feidhmíochta fuinnimh (pointe 113 CEEAG):
|
(a)
|
Sonraigh an sciar de phríomhshuim na hiasachta bunúsaí a chumhdófar leis an ráthaíocht phoiblí;
…
|
|
(b)
|
Sonraigh conas a chothófaí na caillteanais i gcomparáid le conas a dhéanfadh an institiúid chreidmheasa caillteanais a chothú (comhréir agus coinníollacha);
…
|
|
(c)
|
Deimhnigh go dtagann laghdú comhréireach ar mhéid na ráthaíochta, ar bhealach nach gcomhdaíonn an ráthaíocht níos mó ná 80 % den iasacht gan íoc riamh; agus
…
|
|
(d)
|
Deimhnigh go bhfuil an ráthaíocht teoranta do 10 mbliana ar a mhéad agus sonraigh a fad cruinn.
…
|
|
|
2.1.7.
|
Carnadh
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 56-57 CEEAG.
|
|
51.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi Chuid I den fhoirm fógra ghinearálta agus chun comhlíonadh phointe 56 CEEAG a fhíorú, soiléirigh an bhféadfaí an chabhair faoin mbeart nó faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a dhámhachtain i gcomhthráth faoi roinnt scéimeanna cabhrach nó a charnadh le cabhair ad hoc nó de minimis i ndáil leis na costais incháilithe chéanna. Más amhlaidh an cás, tabhair sonraí maidir leis na scéimeanna cabhrach sin, cabhair ad hoc nó cabhair de minimis agus conas a charnfar an chabhair. Tabhair faoi deara gur féidir gur mhaith leat tagairt don chainníochtú a tugadh thuas.
…
|
|
52.
|
Más infheidhme pointe 56 CEEAG, tabhair údar leis an gcaoi nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán na cabhrach a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta le haghaidh tionscadail nó gníomhaíochta agus nach rachaidh sé thar an uasmhéid cabhrach a cheadaítear faoi phointe 51 CEEAG. Le haghaidh gach birt, sonraigh ar féidir an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta cabhrach a dtugtar fógra ina leith a charnadh leis, an modh a úsáidtear chun comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe 56 CEEAG a áirithiú.
…
|
|
53.
|
I gcás inarb infheidhme pointe 57 CEEAG, i.e. déantar an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a chomhcheangal le cistiú ón Aontas a bhainistítear go lárnach (319) (nach státchabhair é), tabhair údar leis an gcaoi nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán an chistithe phoiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe chéanna
…
|
|
2.1.8.
|
Trédhearcacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.4 (pointí 58-61) CEEAG.
|
|
54.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le trédhearcacht dá bhforáiltear i bpointí 58-61 CEEAG.
…
|
|
55.
|
Tabhair an nasc idirlín ina bhfoilseofar téacs iomlán na scéime cabhrach formheasta nó an chinnidh deonaithe cabhrach aonair agus a fhorálacha cur chun feidhme agus faisnéis maidir le gach dámhachtain cabhrach aonair a deonaíodh ad hoc nó faoi scéim cabhrach a formheasadh ar bhonn CEEAG agus ar mó ná EUR 100 000 í.
…
|
|
2.2.
|
Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.1.4 (pointí 114-133) CEEAG.
|
|
56.
|
Chun comhlíonadh phointe 115 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas,
|
(a)
|
tabhair meastachán ar an bhfóirdheontas in aghaidh an tonna d’astaíochtaí coibhéiseacha CO2 a sheachnaítear le haghaidh gach tionscadail nó tionscadail tagartha; agus
|
|
(b)
|
na toimhdí agus an mhodheolaíocht le haghaidh an ríofa a thugtar.
|
I gcás ina ndeonaítear cabhair trí phróiseas tairisceana iomaíoch, ba cheart an meastachán thuas a bhunú ar an bhfianaise a thugtar, go háirithe mar fhreagra ar cheisteanna 12, 13, 25, 26, 31 agus 39 thuas.
I gcás ina ndeonaítear cabhair gan próiseas tairisceana iomaíoch, ba cheart an cainníochtú a thugtar sa fhreagra ar phointe 21 thuas a chur san áireamh sna ríomhanna.
…
|
|
57.
|
Chun comhlíontacht phointí 116, 127, 128 agus 129 CEEAG a fhíorú:
|
(a)
|
léirigh go ndéanfaidh an chabhair níos mó ná na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a aistriú ó earnáil amháin go hearnáil eile (trí mhéadú ar astaíochtaí indíreacha) agus go mbaintear amach léi laghduithe foriomlána ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Ba cheart é sin a léiriú le haghaidh gach tionscadail nó tionscadail tagartha. Ba cheart na toimhdí agus an mhodheolaíocht lena aghaidh sin a thabhairt.
…
|
|
(b)
|
mínigh an bhféadfadh infheistíochtaí nó gníomhaíochtaí dá dtugtar cabhair roghanna níos glaine atá ar fáil ar an margadh cheana a chur as áit, nó teicneolaíochtaí áirithe a ghaibhniú (rud a chuirfeadh bac ar fhorbairt níos leithne ar mhargadh le haghaidh réitigh níos glaine agus ar úsáid na réiteach sin).
…
|
|
(c)
|
dá bhféadfadh an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith dreasachtaí a thabhairt le haghaidh infheistíochtaí nua san fhuinneamh nó táirgeadh tionsclaíoch bunaithe ar ghás nádúrtha, mínigh conas a áiritheofar leis an mbeart go rannchuideoidh sé le sprioc aeráide 2030 an Aontais agus sprioc aeráidneodrachta 2050 an Aontais a bhaint amach. Go háirithe, mínigh conas a sheachnófar glasáil na giniúna fuinnimh gásadhainte sin nó an trealaimh táirgthe gásadhainte sin.
…
|
|
|
58.
|
Dá bhféadfadh an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith tacú le tionscadail lena mbaineann giniúint fuinnimh, deimhnigh nach ann do dhreasachtaí le haghaidh na giniúna fuinnimh lena gcuirfí cineálacha fuinnimh is lú truailliú as áit (féach pointe 126 CEEAG).
…
|
|
59.
|
Chun comhlíontacht phointí 117, 118 agus 119 CEEAG a fhíorú:
|
(a)
|
Maidir le cabhair chun gníomhaíochtaí tionsclaíocha a dhícharbónú, deimhnigh go laghdaítear leis an mbeart na hastaíochtaí a thagann go díreach ón ngníomhaíocht thionsclaíoch sin.
…
|
|
(b)
|
Maidir le cabhair chun éifeachtúlacht fuinnimh gníomhaíochtaí tionsclaíocha a fheabhsú, deimhnigh go gcuirtear feabhas leis an mbeart ar éifeachtúlacht fuinnimh ghníomhaíochtaí na dtairbhithe nó go ndeonaítear tacaíocht chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a éascú.
…
|
|
(c)
|
I gcás nach ndeonófar cabhair chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a éascú mar thoradh ar phróiseas tairisceana iomaíoch, deimhnigh go ndéantar státchabhair a dheonú ar an mbealach céanna i gcás gach gnóthais incháilithe atá ag oibriú san earnáil chéanna de ghníomhaíocht eacnamaíoch agus atá sa chás fíorasach céanna nó i gcás fíorasach comhchosúil i ndáil le haidhmeanna nó cuspóirí an bhirt cabhrach.
…
|
|
|
60.
|
Chun comhlíontacht phointe 120 CEEAG a fhíorú, tabhair faisnéis orthu seo a leanas:
|
(a)
|
Na bearta a ghlactar lena áirithiú go bhforbrófar iarbhír na dtionscadail dá ndeonófar cabhair.
…
|
|
(b)
|
Más rud é go ndeonaítear leis an mbeart/na bearta cabhrach níos mó solúbthachta maidir le ceanglais réamhcháiliúcháin le haghaidh tionscadail arna bhforbairt ag FBManna nó pobail fuinnimh in-athnuaite agus atá 100 % faoi úinéireacht FBManna nó pobal fuinnimh in-athnuaite mar mhodh chun bacainní ar a rannpháirtíocht a laghdú, tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na solúbthachtaí/éascuithe sin.
…
|
|
(c)
|
Má dheonaítear, tabhair údar freisin le conas is treise na héifeachtaí dearfacha de rannpháirtíocht agus glacadh FBManna nó pobal fuinnimh in-athnuaite sa bheart/sna bearta a dtugtar fógra ina leith a áirithiú ná na héifeachtaí saobhacha féideartha.
…
|
|
|
61.
|
Chun comhlíontacht phointí 121 agus 122 CEEAG a fhíorú, tabhair faisnéis orthu seo a leanas:
|
(a)
|
Cineál beacht na cabhrach sa bheart.
…
|
|
(b)
|
Má chumhdaítear leis an mbeart cabhrach costais a bhaineann den chuid is mó le hoibriú seachas le hinfheistíocht, léirigh gurb é an toradh a bheidh air sin cinntí oibriúcháin atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol.
…
|
|
(c)
|
Más rud é go bhfuil gá leis an mbeart cabhrach go príomha chun costais ghearrthéarmacha a d’fhéadfadh a bheith athraitheach a chumhdach (amhail costais breosla bithmhaise nó costais ionchuir leictreachais), agus a íoctar thar thréimhsí is faide ná 1 bhliain, deimhnigh go ndéanfar faireachán ar na costais táirgthe ar a bhfuil méid na cabhrach bunaithe agus go ndéanfar méid na cabhrach a nuashonrú uair sa bhliain ar a laghad.
…
|
|
|
62.
|
Chun comhlíontacht phointe 123 CEEAG a fhíorú:
|
(a)
|
Sonraigh an margadh/na margaí dá bhféadfadh an beart cabhrach difear díreach a dhéanamh (e.g. margadh leictreachais, margadh gáis nó margaí breosla eile, margaí táirgí).
…
|
|
(b)
|
Mínigh go mionsonraithe conas a chaomhnaítear leis an mbeart dreasachtaí oibriúcháin agus comharthaí praghais éifeachtúla (neamhchosaint ar éagsúlacht praghsanna agus ar riosca margaidh, easpa dreasachtaí chun aschur a thairiscint faoi bhun costais imeallacha, easpa cabhrach le haghaidh táirgeadh in aon tréimhse ina bhfuil luach margaidh an táirgthe sin diúltach).
…
|
|
|
63.
|
Dá bhféadfadh an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith tacú le tionscadail lena mbaineann bonneagar tiomnaithe, chun comhlíontacht phointí 124 agus 125 CEEAG a fhíorú:
|
(a)
|
Tabhair tuairisc ar mhéid agus ar raon feidhme an bhonneagair thiomnaithe i ndáil leis an margadh/na margaí dá ndéantar difear, agus an tionchar ar an dóchúlacht go mbeidh infheistíochtaí breise margadhbhunaithe ann.
…
|
|
(b)
|
Mínigh cé mhéad úsáideoir nó grúpa úsáideoirí a thairbheoidh den bhonneagar tiomnaithe ar dtús agus an ann do phlean inchreidte nó do ghealltanas daingean chun nascadh le líonra níos leithne.
…
|
|
(c)
|
Más infheidhme, sonraigh fad aon mhaolaithe nó díolúine ó reachtaíocht an mhargaidh inmheánaigh, struchtúr an mhargaidh agus seasamh na dtairbhithe sa mhargadh sin.
…
|
|
|
64.
|
Dá bhféadfadh an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith tacú le tionscadail lena mbaineann táirgeadh bithbhreoslaí ó bharra bia agus beatha, chun comhlíontacht phointe 130 CEEAG a fhíorú:
|
(a)
|
Deimhnigh nach sáróidh státchabhair le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna, bithghás agus breoslaí bithmhaise na huasteorainneacha lena gcinntear a n-incháilitheacht chun an t-olltomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a ríomh sa Bhallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2018/2001.
…
|
|
(b)
|
Má sháraítear na huasteorainneacha nó dá bhféadfaí iad a shárú, mínigh go mionsonraithe éifeachtaí dearfacha an bhirt a d’fhéadfadh a bheith níos mó ná na héifeachtaí diúltacha.
…
|
|
|
65.
|
Más rud é nach dtéann an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith ach chun tairbhe d’aon tairbhí amháin nó do líon an-teoranta tairbhithe, chun comhlíontacht phointí 131 agus 132 CEEAG a fhíorú, tabhair an fhaisnéis seo a leanas go háirithe:
|
(a)
|
liosta na gcúig ghníomhaí is mó sa mhargadh sna hearnálacha lena mbaineann agus a láimhdeachas (de réir méide nó luacha) i gcomparáid le láimhdeachas iomlán na n-earnálacha. (320)
…
|
|
(b)
|
na cúiseanna a measann na Ballstáit nach ndéanfaí leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith cumhacht mhargaidh an tairbhí/na dtairbhithe a neartú ná a choinneáil ar bun ná leathnú iomaitheoirí atá ann cheana a dhíspreagadh ná imeacht ón margadh a spreagadh ná iontráil iomaitheoirí nua a dhíspreagadh.
Mínigh i dtaca leis sin an mbeidh méadú ar acmhainneacht táirgeachta an tairbhí/na dtairbhithe ina thoradh ar an mbeart cabhrach.
…
|
|
(c)
|
na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun srian a chur le saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an gcabhair a dheonú don tairbhí/do na tairbhithe.
…
|
|
Roinn C: Meastóireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointe 76(a), 131 agus Roinn 5 (pointí 455-463) CEEAG.
|
66.
|
I gcás ina sáraíonn an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith na tairseacha buiséid/caiteachais i bpointe 456 CEEAG, mínigh cén fáth, i do thuairim, ar cheart feidhm a bheith ag an eisceacht i bpointe 457 CEEAG, nó cuir Iarscríbhinn i gceangal leis an bhfoirm fógra seo ina bhfuil dréachtphlean meastóireachta ina gcumhdaítear an raon feidhme a luaitear i bpointe 458 CEEAG. (321)
…
|
|
67.
|
Má sholáthraítear dréachtphlean meastóireachta, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
tabhair thíos achoimre ar an dréachtphlean meastóireachta sin atá san Iarscríbhinn.
…
|
|
(b)
|
deimhnigh go n-urramófar pointe 460 CEEAG.
…
|
|
(c)
|
tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh an plean meastóireachta ar fáil go poiblí.
…
|
|
|
68.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(b) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair agus gur faide í ná 3 bliana, deimhnigh go dtabharfaidh tú fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis modhnú mór lena méadófar buiséad na scéime go dtí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéime.
…
|
|
69.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(c) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair, tabhair gealltanas thíos go dtabharfaidh an Ballstát fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachas os cionn EUR 150 milliún sa bhliain roimhe sin a thaifeadadh i gcuntais oifigiúla.
…
|
|
70.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Soiléirigh an bhfuil an saineolaí neamhspleách roghnaithe cheana nó an roghnófar amach anseo é.
|
…
|
(b)
|
Tabhair faisnéis faoin nós imeachta chun an saineolaí a roghnú.
|
…
|
(c)
|
Tabhair údar leis an gcaoi a bhfuil an saineolaí neamhspleách ar an údarás deonúcháin.
|
…
|
|
71.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Tabhair na sprioc-amanna atá beartaithe agat chun an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach a chur isteach. Tabhair faoi deara nach mór an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin in am trátha ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fhadú féideartha na scéime cabhrach agus, ar a dhéanaí, 9 mí sula rachaidh sí in éag, i gcomhréir le pointe 463 CEEAG. Tabhair faoi deara go bhféadfaí an sprioc-am sin a laghdú i gcás scéimeanna a spreagann an ceanglas meastóireachta le linn an 2 bhliain dheireanacha dá gcur chun feidhme.
|
…
|
(b)
|
Deimhnigh go gcuirfear an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach ar fáil go poiblí. Tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh na tuarascálacha sin le fáil go poiblí.
|
…
|
Roinn D: Tuairisciú agus faireachán
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach Roinn 6 (pointí 464-465) CEEAG.
|
72.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le tuairisciú agus faireachán a atá i Roinn 6, pointí 464 agus 465, CEEAG.
…
|
CUID III.6.B
Bileog faisnéise forlíontaí maidir le státchabhair a dheonaítear faoi na Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (dá ngairtear ‘CEEAG’ anseo feasta) - Roinn 4.2 – Cabhair chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil foirgneamh
Baineann an bhileog faisnéise forlíontaí seo le bearta a chumhdaítear i roinn 4.2 CEEAG. Má áirítear san fhógra bearta a chumhdaítear i níos mó ná roinn amháin CEEAG, líon isteach freisin an bhileog faisnéise forlíontaí a bhaineann leis an roinn CEEAG lena mbaineann a luaithe a bheidh sí ar fáil.
Na doiciméid uile a sholáthraíonn na Ballstáit mar iarscríbhinní a ghabhann leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo, ní mór iad a bheith uimhrithe agus ní mór uimhreacha na ndoiciméad a bheith léirithe sna ranna ábhartha den bhileog faisnéise forlíontaí seo.
Roinn A: Achoimre ar phríomh-shaintréithe an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith
|
1.
|
Cúlra agus cuspóir/cuspóirí an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith:
|
|
1.1.
|
Mura bhfuil sé pléite cheana faoi roinn 5.2 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an cúlra agus an príomhchuspóir, lena n-áirítear aon sprioc de chuid an Aontais maidir le feidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil foirgneamh a bhfuil sé beartaithe tacú leo leis an mbeart.
…
|
|
1.2.
|
Sonraigh aon chuspóir eile a shaothraítear leis an mbeart. I gcás aon chuspóir nach cuspóir comhshaoil amach is amach é, mínigh cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh aon saobhadh iomaíochta ar an margadh inmheánach a bheith mar thoradh air.
…
|
|
2.
|
Teacht i bhfeidhm agus fad:
|
|
2.1.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi roinn 5.5 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), sonraigh an dáta óna bhfuil sé beartaithe go dtiocfaidh an scéim cabhrach i bhfeidhm;
…
|
|
2.2.
|
Sonraigh fad na scéime (322).
…
|
|
3.1.
|
Mura bhfuil sé curtha ar fáil cheana faoi roinn 3 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair tuairisc ar thairbhí (féideartha) an bhirt/na mbeart;
…
|
|
3.2.
|
Sonraigh suíomh an tairbhí nó na dtairbhithe (féideartha) (i.e. mura bhfuil ach eintitis eacnamaíocha atá lonnaithe sna Ballstáit lena mbaineann nó i mBallstáit eile freisin incháilithe chun páirt a ghlacadh sa bheart).
…
|
|
3.3.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 15 CEEAG, sonraigh an ndeonaítear cabhair faoin mbeart nó faoi na bearta i bhfabhar gnóthas (gnóthas aonair nó cuid de scéim) atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
Más amhlaidh, tabhair faisnéis maidir leis an méid cabhrach atá fós le haisghabháil ionas go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh é sa mheasúnú ar an mbeart cabhrach/na bearta cabhrach.
…
|
|
4.
|
Deimhnigh nach mbaineann an beart/na bearta le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm CEEAG (féach pointe 13 CEEAG). Murab amhlaidh, tabhair sonraí.
…
|
|
5.
|
Buiséad agus maoiniú an bhirt/na mbeart.
|
|
5.1.
|
Mura bhfuil sé luaite cheana sa tábla faoi roinn 7.1 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an buiséad bliantúil agus/nó an buiséad iomlán le haghaidh fhad iomlán an bhirt/na mbeart; murab eol an buiséad iomlán (mar shampla toisc go mbraitheann sé ar thorthaí na dtairiscintí), sonraigh buiséad measta, lena n-áirítear na toimhdí a úsáideadh chun an buiséad measta lena mbaineann a ríomh (323).
…
|
|
5.2.
|
Más trí thobhach a mhaoinítear an beart nó na bearta, soiléirigh na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
an le dlí nó le haon ghníomh reachtach eile a shocraítear an tobhach; más amhlaidh, tabhair an gníomh dlí, uimhir agus dáta a ghlactha agus a theacht i bhfeidhm, an nasc idirlín chuig an ngníomh dlí;
…
|
|
(b)
|
an ngearrtar an tobhach go cothrom ar tháirgí intíre agus allmhairithe;
…
|
|
(c)
|
an rachaidh an beart a dtugtar fógra ina leith chun tairbhe do tháirgí intíre agus do tháirgí a allmhairítear go cothrom;
…
|
|
(d)
|
an maoinítear an beart nó na bearta go hiomlán nó go páirteach leis an tobhach. Mura maoinítear an beart ach go páirteach leis an tobhach, sonraigh foinsí eile maoinithe an bhirt agus cion gach foinse acu sin;
…
|
|
(e)
|
an maoinítear bearta cabhrach eile leis an tobhach lena maoinítear an beart a dtugtar fógra ina leith. Más amhlaidh, sonraigh na bearta cabhrach eile a mhaoinítear leis an tobhach lena mbaineann.
…
|
|
Roinn B: Measúnú comhoiriúnachta ar an gcabhair
|
1.
|
COINNÍOLL DEARFACH: NÍ MÓR FORBAIRT GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE A ÉASCÚ LEIS AN GCABHAIR
|
|
1.1.
|
Cuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.1 (pointí 23-25) agus ranna 4.2.1 agus 4.2.2) (pointí 136 go 140) CEEAG.
|
|
6.
|
Le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’) foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin ‘cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann’. Dá bhrí sin, le cabhair a luíonn leis an margadh inmheánach faoin bhforáil sin den Chonradh ní mór rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe.
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 23 CEEAG, sainaithin na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar mar thoradh ar an gcabhair agus an chaoi a dtacaítear le forbairt na ngníomhaíochtaí sin.
…
|
|
7.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 25 CEEAG, tabhair tuairisc ar cibé a rannchuideoidh an chabhair le cuspóirí bheartas aeráide an Aontais, cuspóirí bheartas comhshaoil an Aontais agus cuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus conas a dhéanfar sin, agus, go sonrach, tairbhí na cabhrach a bhfuil coinne leo maidir le cuidiú nach beag le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear maolú ar an athrú aeráide, nó feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh.
Ina theannta sin, cuir i dtábhacht a mhéid a bhaineann an chabhair leis na beartais a thuairiscítear faoi phointe 135 CEEAG.
…
|
|
8.
|
Tabhair tuairisc ar na ceanglais incháilitheachta is infheidhme maidir leis an tairbhí/na tairbhithe (mar shampla trí aon cheanglas teicniúil, comhshaoil (i.e. ceadanna), airgeadais (i.e. comhthaobhachtaí) nó aon cheanglas eile is gá don tairbhí/do na tairbhithe a chomhlíonadh a chur san áireamh).
…
|
|
9.
|
Tabhair faisnéis maidir le raon feidhme beacht agus gníomhaíochtaí an bhirt cabhrach nó na mbeart cabhrach a dtacaítear leo, mar a fhoráiltear i roinn 4.2.2 CEEAG. Go sonrach:
|
(a)
|
Mínigh cé acu a dhéantar leis an mbeart/na bearta cabhair a sholáthar chun éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, agus é sin amháin, nó a dhéantar leis/leo cabhair chun éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú a chomhcheangal le cabhair le haghaidh aon cheann nó gach ceann de na hinfheistíochtaí a liostaítear i bpointe 137 CEEAG. Sa dara cás, soiléirigh cé hiad na hinfheistíochta atá incháilithe do chabhair faoin mbeart/faoi na bearta.
…
|
|
(b)
|
Mínigh an áirítear freisin sa bheart cabhrach/sna bearta cabhrach na cineálacha cabhrach a eisiatar ó raon feidhme roinn 4.2 CEEAG, de bhua phointe 138 de. Más amhlaidh, ní mór an fhoirm fógra/na foirmeacha fógra iomchuí a chur isteach a mhéid a bhaineann leis an gcuid/na codanna ábhartha den bheart/de na bearta.
…
|
|
|
10.
|
Sonraigh an mbaineann an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta le hathchóiriú foirgneamh atá ann cheana, le suiteáil nó athsholáthar cineál amháin eiliminte foirgnimh (324), agus/nó le hinfheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh nua, mar a shainmhínítear i bpointe 139 (litreacha (a) go (c)) CEEAG.
…
|
|
11.
|
Léirigh go spreagfar leis an gcabhair a dheonaítear faoin mbeart cabhrach/faoi na bearta cabhrach na feabhsuithe san fheidhmíocht fuinnimh a cheanglaítear i bpointe 139 (litreacha (a) go (c), de réir mar is infheidhme) CEEAG.
…
|
|
12.
|
Sonraigh an ndeonaítear an chabhair faoin mbeart cabhrach/faoi na bearta cabhrach do FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga a sholáthraíonn bearta feidhmíochta feabhsaithe fuinnimh, chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a éascú, mar a fhoráiltear i bpointe 140 CEEAG.
…
|
|
1.2.
|
Éifeacht dreasachta
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.2 (pointí 26-32) agus roinn 4.2.3 (pointí 141-143) CEEAG.
|
|
13.
|
Ní féidir a mheas go n-éascaíonn cabhair gníomhaíocht eacnamaíoch ach amháin má tá éifeacht dreasachta aici. Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 26 CEEAG, mínigh conas a
‘sreagann [an beart/na bearta] an tairbhí chun a iompraíocht a athrú, chun dul i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch bhreise nó gníomhaíocht eacnamaíoch atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, nach ndéanfadh sé gan an chabhair nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó éagsúil’
. Ina theannta sin, chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 27 CEEAG, deimhnigh ‘nach gcúitítear leis an mbeart an gnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch’ agus mínigh go hachomair cén fáth.
…
|
|
14.
|
De bhun phointe 28 CEEAG:
|
(a)
|
Tabhair tuairisc chuimsitheach ar an gcás fíorasach a bhfuil coinne leis mar thoradh ar an mbeart cabhrach agus ar an gcás frithfhíorasach dóchúil nó na cásanna frithfhíorasacha dóchúla in éagmais an bhirt cabhrach. (325) I gcás ina measann tú go bhféadfar tacú le catagóirí éagsúla tairbhithe, áirithigh go bhfuil an cás frithfhíorasach inchreidte le haghaidh gach ceann de na catagóirí sin.
…
|
|
(b)
|
Mínigh go hachomair an réasúnaíocht atá le rogha an cháis fhrithfhíorasaigh dhóchúil nó na gcásanna frithfhíorasacha dóchúla, i bhfianaise na gcatagóirí éagsúla tairbhithe atá beartaithe, más infheidhme.
…
|
|
(c)
|
Déan cainníochtú ar na costais agus na hioncaim a bhaineann le cásanna fíorasacha agus cásanna frithfhíorasacha agus tabhair údar leis an athrú iompraíochta i gcás inarb ábhartha le haghaidh gach catagóir tairbhí, ar bhonn an mhéid seo a leanas:
|
(i)
|
an tionscadal/na tionscadail lena mbaineann (326), na cásanna frithfhíorasacha comhfhreagracha agus an bhearna chistithe atá mar thoradh orthu;
…
NÓ
|
|
(ii)
|
fianaise chainníochtúil ábhartha atá bunaithe ar staidéir mhargaidh (go háirithe staidéir ar na tréimhsí aisíoca a bhfuil coinne leo), ar phleananna infheisteoirí, ar thuarascálacha airgeadais, nó fianaise chainníochtúil eile lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, tairiscintí a rinneadh maidir le tionscadail chomhchosúla i bpróisis tairisceana iomaíocha inchomparáide le déanaí. (327)
…
|
|
|
|
15.
|
Chun comhlíonadh phointí 29 agus 31 CEEAG a léiriú:
|
(a)
|
Deimhnigh nár cuireadh tús leis na hoibreacha ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht sula ndearna an tairbhí iarratas i scríbhinn ar chabhair chuig na húdaráis náisiúnta;
…
NÓ
|
|
(b)
|
I gcás tionscadail ar cuireadh tús leo roimh an iarratas ar chabhair, léirigh go dtagann an tionscadal faoi cheann de na cásanna eisceachtúla dá bhforáiltear i bpointe 31 de litreacha (a), (b) nó (c) CEEAG.
…
|
|
|
16.
|
Chun comhlíonadh phointe 30 CEEAG a léiriú, deimhnigh go n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chabhair: ainm an iarratasóra, tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear a suíomh, agus an méid cabhrach is gá chun an tionscadal nó an ghníomhaíocht a dhéanamh.
…
|
|
17.
|
Chun comhlíonadh phointí 32 agus 142 CEEAG a léiriú:
|
(a)
|
Sonraigh an ann do chaighdeáin de chuid an Aontais (328) is infheidhme maidir leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith, an ann do chaighdeáin náisiúnta shainordaitheacha atá níos déine nó níos uaillmhianaí ná caighdeáin chomhfhreagracha an Aontais, nó an ann do chaighdeáin náisiúnta shainordaitheacha arna nglacadh in éagmais caighdeáin de chuid an Aontais;
…
|
|
(b)
|
I gcásanna inar bhforchuirtear caighdeáin de chuid an Aontais le dlí an Aontais, deimhnigh agus léirigh go bhfuil éifeacht dreasachta ag an gcabhair toisc go ndreasaíonn sé an infheistíocht atá le cur chun feidhme agus le tabhairt i gcrích ar a laghad 18 mí sula dtiocfaidh an caighdeán i bhfeidhm.
…
|
|
(c)
|
Mínigh maidir le tionscadail a bhfuil tréimhse aisíoca (329) acu faoi bhun 5 bliana an bhfuil siad incháilithe do chabhair faoin mbeart/faoi na bearta. Más amhlaidh, tabhair fianaise chun a léiriú go bhfuil gá le cabhair chun athrú iompraíochta a spreagadh, mar a cheanglaítear le pointe 142 CEEAG.
…
|
|
|
1.3.
|
Gan sárú ar aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.3 (pointe 33) CEEAG.
|
|
18.
|
Tabhair faisnéis chun comhlíonadh fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais a dheimhniú, i gcomhréir le pointe 33 CEEAG.
…
|
|
19.
|
Má úsáidtear tobhach chun an beart/na bearta a mhaoiniú, soiléirigh an gá an measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Más gá, léirigh conas a chomhlíonann an beart forálacha Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Sa chomhthéacs sin, is féidir tagairt a dhéanamh don fhaisnéis a chuirtear isteach faoi cheist 5.2. thuas, i gcás ina maoinítear an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith trí thobhach.
…
|
|
2.
|
COINNÍOLL DIÚLTACH: NÍ FÉIDIR LEIS AN GCABHAIR DIFEAR MÍCHUÍ A DHÉANAMH DO CHOINNÍOLLACHA TRÁDÁLA AN OIREAD IS GO MBEADH DOCHAR ANN DON LEAS COITEANN
|
|
2.1.
|
Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála
|
|
2.1.1.
|
Riachtanas na cabhrach
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.1 (pointí 34-38) CEEAG.
|
|
20.
|
Mínigh cén cliseadh/cé na clistí margaidh a shainaithin d’údaráis agus a chuireann cosc ar leibhéal leordhóthanach cosanta comhshaoil a bhaint amach. Sonraigh an chatagóir faoina dtagann na clistí margaidh sainaitheanta, trí thagairt a dhéanamh do litreacha (a), (b), (c) nó (d) de phointe 34 CEEAG.
…
|
|
21.
|
I gcomhréir le pointe 35 CEEAG, tabhair faisnéis maidir le haon bheartas agus aon bheart atá ann cheana a shainaithin d’údaráis, agus atá dírithe cheana féin ar na clistí rialála nó margaidh a sainaithníodh.
…
|
|
22.
|
Chun comhlíonadh phointe 36 CEEAG a léiriú tabhair faisnéis a léiríonn go ndírítear an chabhair go héifeachtach ar chlistí margaidh iarmharacha, agus aird á tabhairt freisin ar aon bheartas agus aon bheart eile atá i bhfeidhm cheana chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na clistí margaidh a sainaithníodh.
…
|
|
23.
|
Chun comhlíonadh phointe 37 CEEAG a léiriú, mínigh, go bhfios do d’údaráis, an bhfuil tionscadail nó gníomhaíochtaí cosúil leo siúd a chumhdaítear leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith maidir lena n-ábhar teicneolaíoch, lena leibhéal riosca agus lena méid, curtha i gcrích cheana laistigh den Aontas faoi choinníollacha an mhargaidh. I gcás deimhneach, tabhair tuilleadh fianaise chun an gá atá le státchabhair a léiriú.
…
|
|
24.
|
Chun comhlíonadh phointe 38 CEEAG a léiriú, féach an fhianaise chainníochtúil a soláthraíodh cheana faoi cheist 14 (c) thuas.
…
|
|
2.1.2.
|
Oiriúnacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.2 (pointí 39-46) agus roinn 4.2.4.1 (pointí 144-145) agus pointí 153 agus 157 CEEAG.
|
|
25.
|
Chun comhlíonadh phointe 40 CEEAG a fhíorú, léirigh nach bhfuil ionstraimí ar fáil nach bhfuil chomh saobhach céanna agus atá níos iomchuí ná státchabhair.
…
|
|
26.
|
Chun comhlíonadh phointe 41 CEEAG a fhíorú, léirigh go bhfuil an beart cabhrach deartha ar bhealach nach mbainfear an bonn d’éifeachtúlacht beart eile lena leigheastar an cliseadh margaidh céanna, amhail sásra/sásraí margadhbhunaithe (e.g. CTA AE).
…
|
|
27.
|
Chun comhlíonadh phointe 42 CEEAG a fhíorú, deimhnigh nach bhféadfaí aon duine de thairbhithe an bhirt chabhrach/na mbeart cabhrach a chur faoi dhliteanas i leith an truaillithe faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá ann cheana (an prionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’).
…
|
|
28.
|
Chun comhlíonadh phointí 43 go 46 CEEAG a fhíorú, chun oiriúnacht na cabhrach i measc ionstraimí cabhrach éagsúla a léiriú, tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh cén fáth nach bhfuil foirmeacha cabhrach eile, nach bhfuil chomh saobhach céanna b’fhéidir, chomh hiomchuí céanna, mar a cheanglaítear i bpointe 44 CEEAG. Ar na foirmeacha cabhrach nach mbeadh chomh saobhach céanna a d’fhéadfadh a bheith ann, tá airleacain in-aisíoctha in ionad deontais dhíreacha; creidmheasanna cánach in ionad laghduithe cánach; nó cineálacha cabhrach atá bunaithe ar ionstraimí airgeadais, amhail fiachas, in ionad ionstraimí cothromais, lena n-áirítear, mar shampla, iasachtaí ar ús íseal nó lacáistí ar ús, ráthaíochtaí Stáit, nó soláthar malartach maoinithe ar théarmaí fabhracha.
…
|
|
(b)
|
Léirigh go bhfuil rogha na hionstraime cabhrach iomchuí don chliseadh margaidh a bhfuil sé d’aidhm ag an mbeart cabhrach nó ag na bearta cabhrach aghaidh a thabhairt uirthi, mar a cheanglaítear i bpointe 45 CEEAG.
…
|
|
(c)
|
Mínigh conas atá an beart agus a dhearadh iomchuí chun cuspóir an bhirt ar a bhfuil an chabhair dírithe a bhaint amach, mar a cheanglaítear i bpointe 46 CEEAG.
…
|
|
|
29.
|
Má dheonaítear an chabhair faoin mbeart cabhrach/faoi na bearta cabhrach do FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga a sholáthraíonn bearta feidhmíochta feabhsaithe fuinnimh faoi chonarthaí feidhmíochta fuinnimh, deimhnigh, mar a cheanglaítear le pointe 145 CEEAG, gur i bhfoirm iasachta nó ráthaíochta don soláthraí atá an chabhair nó gur táirge airgeadais í atá dírithe ar an soláthraí a mhaoiniú (fachtóireacht nó forfáidiú, mar shampla).
…
|
|
30.
|
Má dheonaítear cabhair faoin mbeart/faoi na bearta i bhfoirm ionstraimí airgeadais, deimhnigh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Is i bhfoirm ráthaíochta nó iasachta d’úinéir nó do thionónta an fhoirgnimh atá an chabhair, i gcomhréir le pointe 153 CEEAG; agus
…
|
|
(b)
|
Is i bhfoirm dearlaice, cothromais, ráthaíochta nó iasachta don idirghabhálaí airgeadais (e.g. ciste éifeachtúlachta fuinnimh) atá an chabhair, i gcomhréir le pointe 157 CEEAG.
…
|
|
|
2.1.3.
|
Comhréireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.2.4.2 (pointí 146-153) CEEAG.
Tabhair faoi deara go bhfuil na trí roinn 2.1.3.1., 2.1.3.2 agus 2.1.3.3. seo a leanas malartach. Ná tabhair freagraí ach ar an roinn is infheidhme, de réir dhearadh an bhirt atá beartaithe.
|
|
2.1.3.1.
|
Comhréireacht na cabhrach i gcás nach ndeonaítear an chabhair trí phróiseas tairisceana iomaíoch agus nach ndeonaítear í i bhfoirm ionstraimí airgeadais
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 146, 151 agus 153 CEEAG.
|
|
31.
|
Chun comhlíonadh phointe 146 CEEAG a fhíorú, mínigh cé hiad na costais incháilithe faoin mbeart/faoi na bearta agus conas a theorannaítear iad do na costais infheistíochta atá nasctha go díreach le leibhéal níos airde feidhmíochta fuinnimh nó comhshaoil a bhaint amach.
…
|
|
32.
|
Sonraigh na huasteorainneacha cabhrach is infheidhme faoin mbeart agus sonraigh an bhfuil feidhm ag aon bhónas (mar a thuairiscítear i bpointí 147-150 CEEAG).
…
|
|
33.
|
Más infheidhme, tabhair údar le cur i bhfeidhm an bhónais déine cabhrach le haghaidh feabhsuithe a mbíonn laghdú 40 % ar a laghad ar an éileamh ar fhuinneamh príomha mar thoradh orthu, i gcomhréir le pointe 148 CEEAG.
…
|
|
34.
|
Más é, de mhaolú ar phointí 147-150 CEEAG, go meastar go bhfuil gá le cabhair thar uasteorainneacha na cabhrach a shocraítear sna pointí sin, sonraigh an leibhéal cabhrach a mheastar a bheith riachtanach agus tabhair údar leis ar bhonn anailís ar an mbearna chistithe, i gcomhréir le pointí 51-52 CEEAG.
Maidir leis an anailís sin ar an mbearna chistithe, cuir cainníochtú isteach, maidir leis an gcás fíorasach agus maidir le cás réalaíoch frithfhíorasach (330) a sainaithníodh mar fhreagra ar cheist 14(c) thuas, i leith na bpríomhchostas agus na bpríomhioncam uile, meánchostas ualaithe measta chaipitil na dtairbhithe (nó na dtionscadal tagartha) chun sreafaí airgid todhchaí a lascainiú, chomh maith leis an nglanluach láithreach le haghaidh na gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha, le linn shaolré an tionscadail/an tionscadail tagartha.
Tabhair faoi deara, i gcásanna cabhrach aonair agus scéimeanna aonair atá ag dul chun tairbhe do líon an-teoranta tairbhithe, nach mór don Bhallstát an fhianaise thacaíochta a chur i láthair ar leibhéal phlean gnó mionsonraithe an tionscadail, agus i gcásanna scéimeanna cabhrach, nach mór don Bhallstát an fhianaise thacaíochta a chur i láthair ar bhonn tionscadal tagartha amháin nó níos mó.
|
(a)
|
Tabhair é sin in Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfoirm fógra seo (trí chomhad Excel a úsáid ina bhfuil na foirmlí uile le feiceáil).
…
|
|
(b)
|
Cuir faisnéis mhionsonraithe isteach maidir leis na toimhdí, na modheolaíochtaí, an réasúnaíocht agus na foinsí is bonn leo, a úsáidtear le haghaidh gach gné de chainníochtú na gcostas agus na n-ioncam sa chás fíorasach agus an cás frithfhíorasach is dócha a bheidh ann (mar shampla, cuir na toimhdí a úsáideadh chun na cásanna sin a fhorbairt agus foinse/réasúnaíocht maidir leis na toimhdí sin san áireamh).
…
|
|
(c)
|
Is féidir leat na doiciméid a luaitear i bhfonóta 39 CEEAG a chur i gceangal leis an bhfoirm fógra seo freisin. D’fhéadfadh doiciméid bhoird a bheith úsáideach go háirithe le haghaidh bearta cabhrach aonair nó scéimeanna cabhrach aonair atá ag dul chun tairbhe do líon an-teoranta tairbhithe. Má tá na doiciméid sin i gceangal leis an bhfoirm fógra, tabhair liosta de na doiciméid sin thíos, ina sonraítear an t-údar, an dáta ar dréachtaíodh iad agus an comhthéacs inar úsáideadh iad.
…
|
|
|
35.
|
Léirigh nach sárófaí an bhearna chistithe mar thoradh ar dhéine cabhrach níos airde, arna cinneadh mar a shonraítear i gceist 34, a chur i bhfeidhm.
…
|
|
36.
|
I gcás inarb infheidhme pointe 52 CEEAG, i.e. is é is dóichí gurb é atá i gceist le cás frithfhíorasach nach ndéanann an tairbhí gníomhaíocht nó infheistíocht, nó nach leanann sé dá ghnó gan athruithe, tabhair fianaise chun tacú leis an toimhde sin (331).
…
|
|
2.1.3.2.
|
Comhréireacht na cabhrach i gcás ina dheonaítear an chabhair i bhfoirm ionstraimí airgeadais
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 146 agus 153 CEEAG.
|
|
37.
|
Chun comhlíonadh phointe 146 CEEAG a fhíorú, mínigh cé hiad na costais incháilithe faoin mbeart/faoi na bearta agus conas a theorannaítear iad do na costais infheistíochta atá nasctha go díreach le leibhéal níos airde feidhmíochta fuinnimh nó comhshaoil a bhaint amach.
…
|
|
38.
|
Chun comhlíonadh phointe 153 CEEAG a fhíorú, tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
I gcás ina ndeonaítear an chabhair i bhfoirm ráthaíochta, deimhnigh nach sáróidh an ráthaíocht 80 % den bhuniasacht, agus mínigh conas a áiritheofar comhlíonadh an cheanglais sin.
…
|
|
(b)
|
I gcás ina ndeonaítear an chabhair i bhfoirm iasachta, deimhnigh maidir leis an aisíocaíocht a dhéanann úinéir/úinéirí an fhoirgnimh leis an gciste éifeachtúlachta fuinnimh nó leis an gciste fuinnimh in-athnuaite nó le hidirghabhálaí airgeadais eile, go mbeidh an aisíocaíocht sin cothrom le luach ainmniúil na hiasachta ar a laghad, agus mínigh conas a áiritheofar comhlíonadh an cheanglais sin.
…
|
|
|
2.1.3.3.
|
Comhréireacht na cabhrach a dheonaítear trí phróiseas tairisceana iomaíoch
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 49 agus 50 CEEAG.
|
|
39.
|
Chun comhlíonadh phointí 49 agus 50 CEEAG a fhíorú, tabhair na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh conas a áirithíonn na húdaráis go bhfuil an próiseas tairisceana oscailte, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, arna sainiú ex ante i gcomhréir le cuspóir an bhirt agus go n-íoslaghdaíonn sé riosca na dtairiscintí straitéiseacha (pointe 49(a) CEEAG).
…
|
|
(b)
|
Na critéir roghnúcháin a úsáidtear chun na tairiscintí a rangú, agus chun an leibhéal cabhrach sa phróiseas tairisceana iomaíoch a shainaithint ar deireadh. Go sonrach:
|
(i)
|
Tabhair liosta de na critéir roghnúcháin agus sonraigh cé acu atá baint dhíreach nó indíreach acu le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart. Cuir isteach a n-ualú.
…
|
|
(ii)
|
Mínigh conas a chuir na critéir roghnúcháin an rannchuidiú le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart i gcoibhneas díreach nó indíreach le méid na cabhrach arna iarraidh ag an iarratasóir. Féadfar é sin a shloinneadh, mar shampla, i dtéarmaí cabhrach in aghaidh an aonaid cosanta comhshaoil (332) (pointe 50 CEEAG agus fonóta 44 CEEAG).
…
|
|
(iii)
|
I gcás ina bhfuil critéir roghnúcháin eile ann nach bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart, tabhair cúiseanna leis an gcur chuige atá beartaithe agus mínigh conas atá sé iomchuí do na cuspóirí a shaothraítear leis an mbeart/na bearta. Deimhnigh freisin nach mó ná 30 % d’ualú na gcritéar roghnúcháin uile iad na critéir sin (pointe 50 CEEAG).
…
|
|
(iv)
|
Mínigh cé chomh fada roimh gach próiseas tairisceana iomaíoch a fhoilseofar na critéir roghnúcháin (pointe 49(b) agus fonóta 43 CEEAG).
…
|
|
|
(c)
|
Mínigh na gnéithe ar ar bhunaigh tú an toimhde go mbeidh an próiseas tairisceana oscailte agus suibscríofa go cuí, i.e. gur féidir coinne a bheith leis nach bhfaighidh gach tairgeoir cabhair agus gur leordhóthanach an líon tairgeoirí a bhfuil coinne leo chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú ar feadh fhad na scéime (pointe 49(c) CEEAG). I do mhíniúchán, cuir buiséad nó méid na scéime san áireamh. I gcás inarb ábhartha, déan tagairt don fhianaise a tugadh sna freagraí faoi cheist 14.
…
|
|
(d)
|
Tabhair faisnéis maidir leis an líon babhtaí tairisceana atá beartaithe agus an líon tairgeoirí a bhfuil coinne leo sa chéad bhabhta agus le himeacht ama.
…
|
|
(e)
|
I gcás próiseas tairisceana gann-suibscríofa amháin nó níos mó, mínigh cén chaoi a gceartófar dearadh na bpróiseas tairisceana le linn chur chun feidhme na scéime chun iomaíocht éifeachtach a athbhunú agus cathain a dhéanfar sin (pointe 49(c) CEEAG).
…
|
|
(f)
|
Deimhnigh go seachnaítear coigeartuithe ex post ar thoradh an phróisis tairisceana (amhail caibidlíocht ina dhiaidh sin maidir le torthaí tairisceana nó ciondáil) (pointe 49(d) CEEAG).
…
|
|
(g)
|
I gcás inar féidir ‘tairiscintí fóirdheontais nialasacha’ a bheith ann, mínigh cén chaoi a ndéanfar an chomhréireacht a áirithiú (féach pointe 49, fonóta 42 CEEAG).
…
|
|
(h)
|
Soiléirigh an bhfuil foráil déanta ag na húdaráis maidir le bonnphraghsanna nó uasteorainneacha a úsáid sa phróiseas tairisceana iomaíoch. I gcás deimhneach, tabhair údar lena n-úsáid agus mínigh conas nach gcuireann siad srian ar an bpróiseas tairisceana iomaíoch (pointe 49 agus fonóta 42 CEEAG).
…
|
|
|
2.1.4.
|
Carnadh
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 56-57 CEEAG.
|
|
40.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi Chuid I den fhoirm fógra ghinearálta agus chun comhlíonadh phointe 56 CEEAG a fhíorú, soiléirigh an bhféadfaí an chabhair faoin mbeart nó faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a dhámhachtain i gcomhthráth faoi roinnt scéimeanna cabhrach nó a charnadh le cabhair ad hoc nó de minimis i ndáil leis na costais incháilithe chéanna. Más amhlaidh an cás, tabhair sonraí maidir leis na scéimeanna cabhrach sin, cabhair ad hoc nó cabhair de minimis agus conas a charnfar an chabhair.
…
|
|
41.
|
I gcás ina bhfuil pointe 56 CEEAG infheidhme, tabhair údar le conas nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán na cabhrach a dheonaítear faoin mbeart nó faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith le haghaidh tionscadail nó gníomhaíochta ná nach sáraíonn sé uasmhéid na cabhrach a cheadaítear faoi roinn 4.2.4.2. CEEAG. Le haghaidh gach birt, sonraigh ar féidir an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta cabhrach a dtugtar fógra ina leith a charnadh leis, an modh a úsáidtear chun comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe 56 CEEAG a áirithiú.
…
|
|
42.
|
I gcás inarb infheidhme pointe 57 CEEAG, i.e. déantar an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a chomhcheangal le cistiú ón Aontas a bhainistítear go lárnach (333) (nach státchabhair é), tabhair údar leis an gcaoi nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán an chistithe phoiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe chéanna.
…
|
|
2.1.5.
|
Trédhearcacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.4 (pointí 58-62) CEEAG.
|
|
43.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le trédhearcacht dá bhforáiltear i bpointí 58-61 CEEAG.
…
|
|
44.
|
Tabhair an nasc idirlín ina bhfoilseofar téacs iomlán na scéime cabhrach formheasta nó an chinnidh deonaithe cabhrach aonair agus a fhorálacha cur chun feidhme agus faisnéis maidir le gach dámhachtain cabhrach aonair a deonaíodh ad hoc nó faoi scéim cabhrach a formheasadh ar bhonn CEEAG agus ar mó ná EUR 100 000 í.
…
|
|
2.2.
|
Éifeachtaí diúltacha míchuí na cabhrach ar iomaíocht agus ar thrádáil agus ar chothromú a sheachaint
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.2 (pointí 63-70) agus roinn 4.2.4.3 (pointí 154-157) CEEAG.
|
|
45.
|
Chun comhlíonadh phointe 67 CEEAG a fhíorú, tabhair faisnéis maidir leis na héifeachtaí diúltacha gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart nó ag na bearta a dtugtar fógra ina leith ar an iomaíocht agus ar an trádáil.
…
|
|
46.
|
Mínigh an dtagann an beart faoi aon cheann de na cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
Baineann sé le margadh (nó margaí) ina bhfuair sealbhóirí cumhacht mhargaidh roimh léirscaoileadh an mhargaidh;
…
|
|
(b)
|
Baineann próisis tairisceana iomaíocha i margadh/margaí nuaghinte leis, i gcás ina bhfuil gníomhaí ann a bhfuil suíomh láidir aige ar an margadh;
…
|
|
(c)
|
Ní rachaidh sé chun tairbhe ach do thairbhí amháin nó do líon an-teoranta tairbhithe.
…
|
|
|
47.
|
Dá ndíreodh an beart cabhrach ar rogha/conair theicneolaíoch shonrach, tabhair údar leis an gcúis leis an rogha theicneolaíoch agus nach ndíspreagfaidh sé úsáid teicneolaíochtaí níos glaine.
…
|
|
48.
|
Más rud é nach rachadh an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith chun tairbhe ach do thairbhí amháin nó do líon an-teoranta tairbhithe, chun comhlíonadh phointe 68 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh an neartaíonn nó an gcoinníonn an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith cumhacht mhargaidh an tairbhí/na dtairbhithe ar bun nó an ndíspreagann sé/siad forleathnú na n-iomaitheoirí atá ann cheana nó an spreagann sé/siad a scor nó an ndíspreagann sé/siad iontráil iomaitheoirí nua. Mínigh ina leith sin freisin cé acu a bheidh nó nach mbeidh méadú ar acmhainneacht an tairbhí mar thoradh ar an mbeart cabhrach.
…
|
|
(b)
|
Tabhair tuairisc ar an mbeart/na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun teorainn a chur leis an saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an gcabhair a dheonú don tairbhí/do na tairbhithe.
…
|
|
|
49.
|
Chun comhlíonadh phointe 69 CEEAG a léiriú, mínigh na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
Má tá sé d’aidhm ag an gcabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith gníomhaíocht eacnamaíoch a chaomhnú i réigiún amháin nó í a mhealladh ó réigiúin eile laistigh den mhargadh inmheánach.
…
|
|
(b)
|
Más amhlaidh, sonraigh an ghlanéifeacht chomhshaoil atá ag an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith agus conas a fheabhsaítear an leibhéal cosanta comhshaoil atá ann cheana sna Ballstáit leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith.
…
|
|
(c)
|
Conas nach mbeidh aon éifeacht diúltach follasach ar an iomaíocht ná ar an trádáil mar thoradh ar an gcabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith.
…
|
|
(d)
|
I gcás cabhair aonair, na príomhchúiseanna le rogha an tairbhí maidir leis an suíomh le haghaidh na n-infheistíochtaí.
…
|
|
|
50.
|
Chun comhlíonadh phointe 70 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Deimhnigh go bhféadfar cabhair a dheonú faoin scéim a dtugtar fógra ina leith ar feadh uastréimhse 10 mbliana ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh sa chás gur mian le d’údaráis síneadh a chur le tréimhse na scéime thar an uastréimhse, go dtabharfaidh siad fógra an athuair faoin mbeart/faoi na bearta.
…
|
|
|
51.
|
Má dheonaítear an chabhair i bhfoirm dearlaice, cothromais, ráthaíochta nó iasachta do chiste éifeachtúlachta fuinnimh nó do chiste fuinnimh in-athnuaite nó d’idirghabhálaí airgeadais eile, déan an méid seo a leanas chun comhlíonadh phointe 157 CEEAG a fhíorú:
|
(a)
|
Léirigh go ndéanfar idirghabhálaithe airgeadais nó bainisteoirí cistí a roghnú trí phróiseas oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a dhéantar i gcomhréir le dlíthe an Aontais agus leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme;
…
|
|
(b)
|
Léirigh go bhfuil coinníollacha i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar idirghabhálaithe airgeadais, lena n-áirítear cistí éifeachtúlachta fuinnimh nó cistí fuinnimh in-athnuaite, a bhainistiú ar bhonn tráchtála agus go n-áiritheofar cinntí maoiniúcháin atá dírithe ar bhrabús;
…
|
|
(c)
|
Léirigh go gceanglófar ar bhainisteoirí an chiste éifeachtúlachta fuinnimh nó an chiste fuinnimh in-athnuaite nó idirghabhálaithe airgeadais eile an buntáiste a chur ar aghaidh a oiread is féidir chuig na tairbhithe deiridh (úinéir/úinéirí nó tionónta/tionóntaí an fhoirgnimh), i bhfoirm méideanna níos airde maoinithe, ceanglas comhthaobhachta níos ísle, préimheanna ráthaíochta níos ísle nó rátaí úis níos ísle.
…
|
|
|
3.
|
ÉIFEACHTAÍ DEARFACHA NA CABHRACH A CHUR I GCOMPARÁID LEIS NA HÉIFEACHTAÍ DIÚLTACHA AR AN IOMAÍOCHT AGUS AR AN TRÁDÁIL
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.3 (pointí 71-76) CEEAG.
|
|
52.
|
Chun comhlíonadh phointe 72 CEEAG a fhíorú, mínigh an gcomhlíonann gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith na critéir maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (334), lena n-áirítear an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, nó modheolaíochtaí inchomparáide eile.
…
|
|
53.
|
(I gcás próiseas tairisceana iomaíoch) Mínigh an bhfuil gnéithe sa bheart/sna bearta a dtugtar fógra ina leith chun rannpháirtíocht FBManna i bpróisis tairisceana iomaíocha a éascú. I gcás deimhneach, tabhair faisnéis maidir leis na gnéithe sin agus tabhair údar leis an gcaoi gur mó na héifeachtaí dearfacha a bhaineann le rannpháirtíocht FBManna a áirithiú sa bheart/sna bearta a dtugtar fógra ina leith ná na hiarmhairtí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ann.
…
|
|
54.
|
Chun comhlíonadh phointí 74 agus 155-156 CEEAG a léiriú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Sonraigh an bhfuil infheistíochtaí i dtrealamh ina n-úsáidtear gás nádúrtha incháilithe do chabhair faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith. Más amhlaidh, léirigh nach gcuirfidh an chabhair as áit infheistíochtaí i roghanna malartacha níos glaine atá ar fáil ar an margadh cheana ná nach ngaibhneoidh sí teicneolaíochtaí áirithe. Mínigh freisin an gcuirfear an trealamh ina n-úsáidtear gás nádúrtha in ionad an trealaimh fuinnimh ina n-úsáidtear na breoslaí iontaise is mó truailliú amhail ola agus gual.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh nach bhfuil infheistíochtaí i dtrealamh ina n-úsáidtear breoslaí iontaise truaillitheacha amhail ola agus gual incháilithe do chabhair faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith. Tabhair faoi deara go meastar go bhfuil éifeachtaí diúltacha ar an iomaíocht ag an gcabhair le haghaidh suiteáil trealaimh ina n-úsáidtear breoslaí iontaise amhail ola agus gual mar gheall ar na hastaíochtaí carbóin níos mó a bhaineann le húsáid breoslaí iontaise, mar gheall ar an riosca nach beag go ngaibhneofaí teicneolaíochtaí breoslaí iontaise agus go gcuirfí as áit infheistíochtaí i roghanna malartacha níos glaine atá ar fáil ar an margadh cheana.
…
|
|
Roinn C: Meastóireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach Roinn 5 (pointí 455-463) CEEAG.
|
55.
|
I gcás ina sáraíonn an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith na tairseacha buiséid/caiteachais i bpointe 456 CEEAG, mínigh cén fáth, i do thuairim, ar cheart feidhm a bheith ag an eisceacht i bpointe 457 CEEAG, nó cuir Iarscríbhinn i gceangal leis an bhfoirm fógra seo ina bhfuil dréachtphlean meastóireachta ina gcumhdaítear an raon feidhme a luaitear i bpointe 458 CEEAG (335).
…
|
|
56.
|
Má sholáthraítear dréachtphlean meastóireachta, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Tabhair thíos achoimre ar an dréachtphlean meastóireachta sin atá san Iarscríbhinn.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh go n-urramófar pointe 460 CEEAG.
…
|
|
(c)
|
Tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh an plean meastóireachta le fáil go poiblí.
…
|
|
|
57.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(b) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair agus gur faide í ná 3 bliana, deimhnigh go dtabharfaidh tú fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis modhnú mór lena méadófar buiséad na scéime go dtí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéime.
…
|
|
58.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(c) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair, tabhair gealltanas thíos go dtabharfaidh an Ballstát fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachas os cionn EUR 150 milliún sa bhliain roimhe sin a thaifeadadh i gcuntais oifigiúla.
…
|
|
59.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Soiléirigh an bhfuil an saineolaí neamhspleách roghnaithe cheana nó an roghnófar amach anseo é.
…
|
|
(b)
|
Tabhair faisnéis faoin nós imeachta chun an saineolaí a roghnú.
…
|
|
(c)
|
Tabhair údar leis an gcaoi a bhfuil an saineolaí neamhspleách ar an údarás deonúcháin.
…
|
|
(d)
|
Tabhair na sprioc-amanna atá beartaithe agat chun an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach a chur isteach. Tabhair faoi deara nach mór an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin in am trátha ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fhadú féideartha na scéime cabhrach agus, ar a dhéanaí, 9 mí sula rachaidh sí in éag, i gcomhréir le pointe 463 CEEAG. Tabhair faoi deara go bhféadfaí an sprioc-am sin a laghdú i gcás scéimeanna a spreagann an ceanglas meastóireachta le linn an 2 bhliain dheireanacha dá gcur chun feidhme.
…
|
|
(e)
|
Deimhnigh go gcuirfear an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach ar fáil go poiblí. Tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh na tuarascálacha sin le fáil go poiblí.
…
|
|
Roinn D: Tuairisciú agus faireachán
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 6 (pointí 464-465) CEEAG.
|
60.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le tuairisciú agus faireachán a leagtar amach i Roinn 6, pointí 464 agus 465 CEEAG.
…
|
CUID III.6.C
Bileog faisnéise forlíontaí maidir le státchabhair a dheonaítear faoi na Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (dá ngairtear ‘CEEAG’ anseo feasta) - Roinn 4.3.1 - Cabhair chun feithiclí glana agus trealamh seirbhíse soghluaiste glan a fháil agus a fháil ar léas agus chun feithiclí agus trealamh seirbhíse soghluaiste a iarfheistiú
Baineann an bhileog faisnéise forlíontaí seo le bearta a chumhdaítear i roinn 4.3.1 CEEAG. Má áirítear san fhógra bearta a chumhdaítear i níos mó ná roinn amháin CEEAG, líon isteach freisin an bhileog faisnéise forlíontaí a bhaineann leis an roinn CEEAG lena mbaineann a luaithe a bheidh sí ar fáil.
Na doiciméid uile a sholáthraíonn na Ballstáit mar iarscríbhinní a ghabhann leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo, ní mór iad a bheith uimhrithe agus ní mór uimhreacha na ndoiciméad a bheith léirithe sna ranna ábhartha den bhileog faisnéise forlíontaí seo.
Roinn A: Achoimre ar phríomh-shaintréithe an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith
|
1.
|
Cúlra agus cuspóir/cuspóirí an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith.
|
|
1.1.
|
Mura bhfuil sé pléite cheana faoi roinn 5.2 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an cúlra agus an príomhchuspóir, lena n-áirítear aon sprioc de chuid an Aontais chun astaíochtaí iompair a laghdú a bhfuil sé beartaithe leis an mbeart tacú léi.
…
|
|
1.2.
|
Sonraigh aon chuspóir eile a shaothraítear leis an mbeart. I gcás aon chuspóir nach cuspóir comhshaoil amach is amach é, mínigh cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh aon saobhadh iomaíochta ar an margadh inmheánach a bheith mar thoradh air.
…
|
|
2.
|
Teacht i bhfeidhm agus fad:
|
|
2.1.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi roinn 5.5 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), sonraigh an dáta óna bhfuil sé beartaithe go dtiocfaidh an scéim cabhrach i bhfeidhm;
…
|
|
2.2.
|
Sonraigh fad na scéime. (336)
…
|
|
3.1.
|
Mura bhfuil sé curtha ar fáil cheana faoi roinn 3 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair tuairisc ar thairbhí (féideartha) an bhirt/na mbeart;
…
|
|
3.2.
|
Sonraigh suíomh an tairbhí nó na dtairbhithe (féideartha) (i.e. mura bhfuil ach eintitis eacnamaíocha atá lonnaithe sna Ballstáit lena mbaineann nó i mBallstáit eile freisin incháilithe chun páirt a ghlacadh sa bheart).
…
|
|
3.3.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 15 CEEAG, sonraigh an ndeonaítear cabhair faoin mbeart nó faoi na bearta i bhfabhar gnóthas (gnóthas aonair nó cuid de scéim) atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
Más amhlaidh, tabhair faisnéis maidir leis an méid cabhrach atá fós le haisghabháil ionas go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh é sa mheasúnú ar an mbeart cabhrach/na bearta cabhrach.
…
|
|
4.
|
Deimhnigh nach mbaineann an beart/na bearta le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm CEEAG (féach pointe 13 CEEAG). Murab amhlaidh, tabhair sonraí.
…
|
|
5.
|
Buiséad agus maoiniú an bhirt/na mbeart.
|
|
5.1.
|
Mura bhfuil sé luaite cheana sa tábla faoi roinn 7.1 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an buiséad bliantúil agus/nó an buiséad iomlán le haghaidh fhad iomlán an bhirt/na mbeart; murab eol an buiséad iomlán (mar shampla toisc go mbraitheann sé ar thorthaí na dtairiscintí), sonraigh buiséad measta, lena n-áirítear na toimhdí a úsáideadh chun an buiséad measta lena mbaineann a ríomh. (337)
…
|
|
5.2.
|
más trí thobhach a mhaoinítear an beart, soiléirigh na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
an le dlí nó le haon ghníomh reachtach eile a shocraítear an tobhach; más amhlaidh, tabhair an gníomh dlí, uimhir agus dáta a ghlactha agus a theacht i bhfeidhm, an nasc idirlín chuig an ngníomh dlí;
…
|
|
(b)
|
an ngearrtar an tobhach go cothrom ar tháirgí intíre agus allmhairithe;
…
|
|
(c)
|
an rachaidh an beart a dtugtar fógra ina leith chun tairbhe do tháirgí intíre agus do tháirgí a allmhairítear go cothrom;
…
|
|
(d)
|
an maoinítear an beart go hiomlán nó go páirteach leis an tobhach. Mura maoinítear an beart ach go páirteach leis an tobhach, sonraigh foinsí eile maoinithe an bhirt agus cion gach foinse acu sin;
…
|
|
(e)
|
an maoinítear bearta cabhrach eile leis an tobhach lena maoinítear an beart a dtugtar fógra ina leith. Más amhlaidh, sonraigh na bearta cabhrach eile a mhaoinítear leis an tobhach lena mbaineann.
…
|
|
Roinn B: Measúnú comhoiriúnachta ar an gcabhair
|
1.
|
COINNÍOLL DEARFACH: NÍ MÓR FORBAIRT GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE A ÉASCÚ LEIS AN GCABHAIR
|
|
1.1.
|
Cuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.1 (pointí 23-25) agus ranna 4.3.1.1 (pointí 160 agus 161) agus 4.3.1.2 (pointí 162 agus 163) CEEAG.
|
|
6.
|
Le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’) foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin ‘cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann’. Dá bhrí sin, le cabhair a luíonn leis an margadh inmheánach faoin bhforáil sin den Chonradh ní mór rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe.
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 23 CEEAG, sainaithin na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar mar thoradh ar an gcabhair agus an chaoi a dtacaítear le forbairt na ngníomhaíochtaí sin.
…
|
|
7.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 25 CEEAG, tabhair tuairisc ar cibé ‘a rannchuideoidh an chabhair le cuspóirí bheartas aeráide an Aontais, cuspóirí bheartas comhshaoil an Aontais agus cuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus conas a dhéanfar sin, agus, go sonrach, tairbhí na cabhrach a bhfuil coinne leo maidir le cuidiú nach beag le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear maolú ar an athrú aeráide, nó feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh’.
…
|
|
8.
|
Ina theannta sin, cuir i dtábhacht a mhéid a bhaineann an chabhair leis na beartais a dtugtar tuairisc orthu faoi phointí 160 agus 161 CEEAG.
…
|
|
9.
|
Tabhair tuairisc ar na ceanglais incháilitheachta is infheidhme maidir leis an tairbhí/na tairbhithe (mar shampla trí aon cheanglas teicniúil, comhshaoil (i.e. ceadanna), airgeadais (i.e. comhthaobhachtaí) nó aon cheanglas eile is gá don tairbhí/do na tairbhithe a chomhlíonadh a chur san áireamh).
…
|
|
10.
|
Tabhair faisnéis maidir le raon feidhme beacht agus gníomhaíochtaí beachta an bhirt chabhrach/na mbeart cabhrach a dtacaítear leo, mar a fhoráiltear i roinn 4.3.1.2 (pointí 162 agus 163) CEEAG.
…
|
|
1.2.
|
Éifeacht dreasachta
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.2 (pointí 26-32) agus roinn 4.3.1.3 (pointí 164-169) CEEAG.
|
|
11.
|
Ní féidir a mheas go n-éascaíonn cabhair gníomhaíocht eacnamaíoch ach amháin má tá éifeacht dreasachta aici. Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 26 CEEAG, mínigh conas a ‘spreagann [an beart/na bearta] an tairbhí chun a iompraíocht a athrú, chun dul i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch bhreise nó gníomhaíocht eacnamaíoch atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, nach ndéanfadh sé gan an chabhair nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó éagsúil’.
…
|
|
12.
|
De bhun phointe 28 CEEAG:
|
(a)
|
Tabhair tuairisc chuimsitheach ar an gcás fíorasach a bhfuil coinne leis mar thoradh ar an mbeart cabhrach agus ar an gcás frithfhíorasach dóchúil nó na cásanna frithfhíorasacha dóchúla in éagmais an bhirt cabhrach. (338) I gcás ina measann tú go bhféadfar tacú le catagóirí éagsúla tairbhithe, áirithigh go bhfuil an cás frithfhíorasach inchreidte le haghaidh gach ceann de na catagóirí sin. Tabhair faoi deara go gceanglaítear le pointe 165 CEEAG cás frithfhíorasach d’infheistíocht ag a mbeidh an acmhainneacht chéanna, an saolré chéanna agus, i gcás inarb iomchuí, na saintréithe ábhartha teicniúla eile agus atá ag infheistíocht atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Tabhair faoi deara go bhforchuirtear le pointí 165 go 169 CEEAG ceanglais mhalartacha bhreise maidir leis an gcás frithfhíorasach:
|
(i)
|
I gcás inarb é atá i gceist leis an gcás frithfhíorasach feithiclí nó trealamh seirbhíse soghluaiste den chatagóir chéanna atá níos díobhálaí don chomhshaol agus an acmhainneacht chéanna leis an bhfeithicil astaíochtaí nialasacha nó glan a fháil nó a léasú, léirigh go bhfuil an fheithicil nó an trealamh atá níos díobhálaí don chomhshaol i gcomhréir le caighdeáin an Aontais ar a laghad, i gcás inarb infheidhme.
…
|
|
(ii)
|
I gcás inarb é atá i gceist leis an gcás frithfhíorasach an fheithicil nó an trealamh seirbhíse soghluaiste atá ann cheana a choinneáil i mbun oibríochta ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn do shaolré na hinfheistíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, tabhair faoi deara gur cheart na costais chothabhála, deisithe agus nuachóirithe lascainithe le linn na tréimhse sin a chur san áireamh.
…
|
|
(iii)
|
I gcás inarb é atá i gceist leis an gcás frithfhíorasach an fheithicil nó an trealamh seirbhíse soghluaiste a athsholáthar ina dhiaidh sin, tabhair luach lascainithe na feithicle nó an trealaimh seirbhíse soghluaiste chun an difríocht i saolré eacnamaíoch an trealaimh a chur san áireamh.
…
|
|
(iv)
|
I gcás feithiclí nó trealamh seirbhíse soghluaiste atá faoi réir socruithe léasaithe, déan comparáid idir an luach lascainithe a bhaineann leis na feithiclí glana nó an trealamh seirbhíse soghluaiste glan a fháil ar léas a agus an luach lascainithe a bhaineann leis an bhfeithicil nó an trealamh seirbhíse soghluaiste atá níos díobhálaí don chomhshaol a d’úsáidfí in éagmais na cabhrach a fháil ar léas.
…
|
|
(v)
|
I gcás inarb é atá i gceist leis an infheistíocht trealamh a chur le feithicil nó trealamh seirbhíse soghluaiste atá ann cheana chun a feidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú (mar shampla, córas rialaithe truaillithe a iarfheistiú ), mínigh an bhfuil leanúint de bheith ag úsáid na feithicle gan an infheistíocht iarfheistithe i gceist leis an gcás frithfhíorasach. Sa chás sin, féadfaidh na costais iomlána infheistíochta a bheith sna costais incháilithe.
…
|
|
|
(b)
|
Mínigh go hachomair an réasúnaíocht atá le rogha an cháis fhrithfhíorasaigh dhóchúil nó na gcásanna frithfhíorasacha dóchúla, i bhfianaise na gcatagóirí éagsúla tairbhithe atá beartaithe, más infheidhme.
…
|
|
(c)
|
Déan na costais agus ioncaim cásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha a chainníochtú mar a leanas:
|
(i)
|
I gcás ina ndeonaítear cabhair gan próiseas tairisceana iomaíoch, tabhair údar leis an athrú iompraíochta i gcás inarb ábhartha do gach catagóir tairbhí, bunaithe ar an tionscadal tagartha lena mbaineann (339), ar na cásanna frithfhíorasacha comhfhreagracha agus ar an mbearna chistithe mar thoradh air.
…
|
|
(ii)
|
I gcás ina ndeonaítear cabhair ar bhonn próiseas tairisceana iomaíoch, tabhair údar leis an athrú iompraíochta (i gcás inarb ábhartha do gach catagóir tairbhí/tionscadail tagartha) agus úsáid á baint as an bhfianaise chéanna a cheanglaítear faoi (c)(i) thuas, nó de rogha air sin tabhair fianaise chainníochtúil ábhartha atá bunaithe ar staidéir mhargaidh, ar phleananna infheisteoirí, ar thuarascálacha airgeadais, nó fianaise chainníochtúil eile lena n-áirítear tairiscintí a rinneadh maidir le tionscadail chomhchosúla i bpróisis tairisceana iomaíocha inchomparáide le déanaí. (340)
…
|
|
|
|
13.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 27 CEEAG, tabhair faisnéis chun a dheimhniú nach dtacaíonn an chabhair leis na costais a bhaineann le gníomhaíocht a dhéanfadh tairbhí na cabhrach pé scéal é agus nach gcúitíonn an chabhair an gnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch.
…
|
|
14.
|
Chun comhlíonadh phointí 29 agus 31 CEEAG a léiriú:
|
(a)
|
Deimhnigh nár cuireadh tús leis na hoibreacha ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht sula ndearna an tairbhí iarratas i scríbhinn ar chabhair chuig na húdaráis náisiúnta;
NÓ
|
|
(b)
|
I gcás tionscadail ar cuireadh tús leo roimh an iarratas ar chabhair, léirigh go dtagann an tionscadal faoi cheann de na cásanna eisceachtúla dá bhforáiltear i bpointe 31 CEEAG ((a), (b) nó (c)).
…
|
|
|
15.
|
Chun comhlíonadh phointe 30 CEEAG a léiriú, deimhnigh go n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chabhair: ainm an iarratasóra, tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear a suíomh, agus an méid cabhrach is gá chun an tionscadal nó an ghníomhaíocht a dhéanamh.
…
|
|
16.
|
Chun comhlíonadh phointe 32 CEEAG a léiriú, sonraigh an bhfuil caighdeáin de chuid an Aontais (341) ann atá infheidhme maidir leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith, caighdeáin náisiúnta shainordaitheacha atá níos déine nó níos uaillmhianaí ná caighdeáin chomhfhreagracha an Aontais, nó caighdeáin náisiúnta shainordaitheacha arna nglacadh in éagmais chaighdeáin de chuid an Aontais. Sa chomhthéacs sin, tabhair faisnéis chun an éifeacht dreasachta a léiriú.
…
|
|
17.
|
I gcásanna inar glacadh caighdeán ábhartha de chuid an Aontais cheana ach nach bhfuil sé i bhfeidhm go fóill, léirigh gur féidir éifeacht dreasachta a bheith ag cabhair toisc go ndreasaíonn sé an infheistíocht atá le cur chun feidhme agus le tabhairt i gcrích ar a laghad 18 mí sula dtiocfaidh an caighdeán i bhfeidhm.
…
|
|
1.3.
|
Gan sárú ar aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.3 (pointe 33) CEEAG.
|
|
18.
|
Tabhair faisnéis chun comhlíonadh fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais a dheimhniú, i gcomhréir le pointe 33 CEEAG.
…
|
|
19.
|
Má úsáidtear tobhach chun an beart/na bearta a mhaoiniú, soiléirigh an gá an measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Más gá, léirigh conas a chomhlíonann an beart forálacha Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Sa chomhthéacs sin, is féidir tagairt a dhéanamh don fhaisnéis a chuirtear isteach faoi cheist 5.2. thuas, i gcás ina maoinítear an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith trí thobhach.
…
|
|
2.
|
Coinníoll diúltach: ní féidir leis an gcabhair difear míchuí a dhéanamh do choinníollacha trádála an oiread is go mbeadh dochar ann don leas coiteann
|
|
2.1.
|
Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála
|
|
2.1.1.
|
Riachtanas na cabhrach
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.1 (pointí 34-38) CEEAG.
|
|
20.
|
Mínigh cén cliseadh/cé na clistí margaidh a shainaithin d’údaráis agus a chuireann cosc ar leibhéal leordhóthanach cosanta comhshaoil a bhaint amach. Sonraigh an chatagóir faoina dtagann na clistí margaidh sainaitheanta, trí thagairt a dhéanamh do litreacha (a), (b), (c) nó (d) de phointe 34 CEEAG.
…
|
|
21.
|
I gcomhréir le pointe 35 CEEAG, tabhair faisnéis maidir le haon bheartas agus aon bheart atá ann cheana a shainaithin d’údaráis, agus atá dírithe cheana féin ar na clistí rialála nó margaidh a sainaithníodh.
…
|
|
22.
|
Chun comhlíonadh phointe 36 CEEAG a léiriú tabhair faisnéis a léiríonn go ndírítear an chabhair go héifeachtach ar chlistí margaidh iarmharacha, agus aird á tabhairt freisin ar aon bheartas agus aon bheart eile atá i bhfeidhm cheana chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na clistí margaidh a sainaithníodh.
…
|
|
23.
|
Chun comhlíonadh phointe 37 CEEAG a léiriú, mínigh, go bhfios do d’údaráis, an bhfuil tionscadail nó gníomhaíochtaí cosúil leo siúd a chumhdaítear leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith maidir lena n-ábhar teicneolaíoch, lena leibhéal riosca agus lena méid, curtha i gcrích cheana laistigh den Aontas faoi choinníollacha an mhargaidh. I gcás deimhneach, tabhair tuilleadh fianaise chun an gá atá le státchabhair a léiriú.
…
|
|
24.
|
Chun comhlíonadh phointe 38 CEEAG a léiriú, féach an fhianaise chainníochtúil a soláthraíodh cheana faoi cheist 12(c) thuas.
…
|
|
2.1.2.
|
Oiriúnacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.2 (pointí 39-46) agus roinn 4.3.1.4.1 (pointe 171) CEEAG.
|
|
25.
|
Chun comhlíonadh phointe 41 CEEAG a fhíorú, léirigh go bhfuil an beart cabhrach deartha ar bhealach nach mbainfear an bonn d’éifeachtúlacht beart eile lena leigheastar an cliseadh margaidh céanna, amhail sásraí margadhbhunaithe (e.g. CTA AE).
…
|
|
26.
|
Chun comhlíonadh phointe 42 CEEAG a fhíorú, deimhnigh nach bhféadfaí aon duine de thairbhithe an bhirt chabhrach/na mbeart cabhrach a chur faoi dhliteanas i leith an truaillithe faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá ann cheana (an prionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’).
…
|
|
27.
|
Chun comhlíonadh phointí 43 go 46 CEEAG a fhíorú, chun oiriúnacht na cabhrach i measc ionstraimí cabhrach éagsúla a léiriú, tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh cén fáth nach bhfuil foirmeacha cabhrach eile, nach bhfuil chomh saobhach céanna b’fhéidir, chomh hiomchuí céanna, mar a cheanglaítear i bpointe 44 CEEAG. Ar na foirmeacha cabhrach nach mbeadh chomh saobhach céanna a d’fhéadfadh a bheith ann, tá airleacain in-aisíoctha in ionad deontais dhíreacha; creidmheasanna cánach in ionad laghduithe cánach; nó cineálacha cabhrach atá bunaithe ar ionstraimí airgeadais, amhail fiachas, in ionad ionstraimí cothromais, lena n-áirítear, mar shampla, iasachtaí ar ús íseal nó lacáistí ar ús, ráthaíochtaí Stáit, nó soláthar malartach maoinithe ar théarmaí fabhracha.
…
|
|
(b)
|
Léirigh go bhfuil rogha na hionstraime cabhrach iomchuí don chliseadh margaidh a bhfuil sé d’aidhm ag an mbeart cabhrach nó ag na bearta cabhrach aghaidh a thabhairt uirthi, mar a cheanglaítear i bpointe 45 CEEAG.
…
|
|
(c)
|
Mínigh conas atá an beart cabhrach agus a dhearadh iomchuí chun cuspóir an bhirt ar a bhfuil an chabhair dírithe a bhaint amach (pointe 46 CEEAG).
…
|
|
|
28.
|
Chun comhlíonadh phointí 40 agus 171 CEEAG a fhíorú, mínigh an bhféadfadh cineálacha eile idirghabhála seachas státchabhair forbairt an mhargaidh soghluaisteachta glaine a spreagadh agus tabhair tuairisc ar an tionchar a mheastar a bheadh acu i gcomparáid leis an tionchar a bheidh ag an mbeart atá beartaithe. Féadfar a áireamh ar na hidirghabhálacha eile sin bearta ginearálta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh fáil feithiclí glana a chur chun cinn, amhail scéimeanna bónais éiceolaíocha nó scéimeanna traipisithe nó saincheantair astaíochtaí ísle a chruthú sa Bhallstát lena mbaineann
…
|
|
2.1.3.
|
Comhréireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.3 (pointí 47-55) agus roinn 4.3.1.4.2 (pointe 172-181) CEEAG. Tabhair faoi deara go bhfuil an dá roinn 2.1.3.1. agus 2.1.3.2. seo a leanas malartach. Ná tabhair freagraí ach ar an roinn is infheidhme, de réir dhearadh an bhirt atá beartaithe.
|
|
2.1.3.1.
|
Comhréireacht na cabhrach a dheonaítear trí phróiseas tairisceana iomaíoch
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 49, 50, 173, 174 agus 175 CEEAG.
|
|
29.
|
Chun comhlíonadh phointí 49, 50 agus 173 CEEAG a léiriú, tabhair na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh conas a áirithíonn na húdaráis go bhfuil an próiseas tairisceana oscailte, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, arna sainiú ex ante i gcomhréir le cuspóir an bhirt agus go n-íoslaghdaíonn sé riosca na dtairiscintí straitéiseacha (pointe 49(a) CEEAG).
…
|
|
(b)
|
Na critéir roghnúcháin a úsáidtear chun na tairiscintí a rangú, agus chun an leibhéal cabhrach sa phróiseas tairisceana iomaíoch a shainaithint ar deireadh. Go sonrach:
|
(i)
|
Tabhair liosta de na critéir roghnúcháin agus sonraigh cé acu atá baint dhíreach nó indíreach acu le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart. Cuir isteach a n-ualú.
…
|
|
(ii)
|
Mínigh conas a chuir na critéir roghnúcháin an rannchuidiú le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart i gcoibhneas díreach nó indíreach le méid na cabhrach arna iarraidh ag an iarratasóir. Féadfar é sin a shloinneadh, mar shampla, i dtéarmaí cabhrach in aghaidh an aonaid cosanta comhshaoil nó cabhrach in aghaidh feithicil ghlan nó feithicil astaíochtaí nialasacha (pointe 50 agus fonóta 44 CEEAG).
…
|
|
(iii)
|
I gcás ina bhfuil critéir roghnúcháin eile ann nach bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart, tabhair cúiseanna leis an gcur chuige atá beartaithe agus mínigh conas atá sé iomchuí do na cuspóirí a shaothraítear leis an mbeart/na bearta. Deimhnigh freisin nach mó ná 30 % d’ualú na gcritéar roghnúcháin uile iad na critéir sin (pointe 50 agus pointe 174 CEEAG).
…
|
|
(iv)
|
Mínigh cé chomh fada roimh an sprioc-am chun iarratais a chur isteach i ngach próiseas tairisceana iomaíoch a fhoilseofar na critéir roghnúcháin (pointe 49(b) agus fonóta 43 CEEAG).
…
|
|
|
(c)
|
Mínigh na gnéithe ar ar bhunaigh tú an toimhde go mbeidh an próiseas tairisceana oscailte agus suibscríofa go cuí, i.e. gur féidir coinne a bheith leis nach bhfaighidh gach tairgeoir cabhair agus gur leordhóthanach an líon tairgeoirí a bhfuil coinne leo chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú ar feadh fhad na scéime (pointe 49(c) CEEAG). I do mhíniúchán, cuir buiséad nó méid na scéime san áireamh. I gcás inarb ábhartha, déan tagairt don fhianaise a tugadh sna freagraí faoi cheist 12.
…
|
|
(d)
|
Tabhair faisnéis maidir leis an líon babhtaí tairisceana atá beartaithe agus an líon tairgeoirí a bhfuil coinne leo sa chéad bhabhta agus le himeacht ama.
…
|
|
(e)
|
I gcás próiseas tairisceana amháin nó níos mó nár cuireadh go leor suime iontu, mínigh cén chaoi a gceartófar dearadh na bpróiseas tairisceana le linn chur chun feidhme na scéime chun iomaíocht éifeachtach a athbhunú agus cathain a dhéanfar sin (pointe 49(c) CEEAG).
…
|
|
(f)
|
Deimhnigh go seachnaítear coigeartuithe ex post ar thoradh an phróisis tairisceana (amhail caibidlíocht ina dhiaidh sin maidir le torthaí tairisceana nó ciondáil) (pointe 49(d) CEEAG).
…
|
|
(g)
|
I gcás inar féidir ‘tairiscintí fóirdheontais nialasacha’ a bheith ann, mínigh conas a dhéanfar an chomhréireacht a áirithiú (féach pointe 49, fonóta 42, CEEAG).
…
|
|
(h)
|
Soiléirigh an bhfuil foráil déanta ag na húdaráis maidir le bonnphraghsanna nó uasteorainneacha a úsáid sa phróiseas tairisceana iomaíoch. I gcás deimhneach, tabhair údar lena n-úsáid agus mínigh conas nach gcuireann siad srian ar an bpróiseas tairisceana iomaíoch (pointe 49 agus fonóta 42 CEEAG).
…
|
|
|
30.
|
Mínigh conas a áirithítear le dearadh an nóis imeachta tairisceana iomaíoch go bhfuil dóthain dreasachtaí ann d’iarratasóirí chun tairiscint a dhéanamh ar thionscadail a bhaineann le feithiclí astaíochtaí nialasacha a fháil, ar feithiclí iad atá níos costasaí de ghnáth ná roghanna eile atá níos díobhálaí don chomhshaol, sa mhéid go bhfuil siad ar fáil don mhodh iompair sin. Mar shampla, mínigh an áirítear leis an dearadh tairisceana iomaíoch préimheanna lena bhféadfaí scór níos airde a shannadh do thionscadail a mbeidh sochair chomhshaoil ag baint leo thar na cinn sin a eascraíonn as ceanglais incháilitheachta nó príomhchuspóir an bhirt (pointe 175 CEEAG).
…
|
|
2.1.3.2.
|
Comhréireacht na cabhrach nach ndeonaítear trí phróiseas tairisceana iomaíoch
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a thabhairt, féach pointí 51-55 agus 176-181 CEEAG.
|
|
31.
|
Mínigh cén fáth nach n-úsáidtear próiseas tairisceana iomaíoch (trí thagairt do na heisceachtaí a leagtar amach i bpointe 176 CEEAG):
|
(a)
|
ní leor an líon rannpháirtithe a bhfuil coinne leo chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú nó chun tairiscintí straitéiseacha a sheachaint; NÓ
|
|
(b)
|
níl próiseas tairisceana iomaíoch, mar a leagtar amach i bpointí 49 agus 50, iomchuí chun comhréireacht na cabhrach a áirithiú agus nach méadófaí an riosca a bhaineann le saobhadh míchuí ar iomaíocht trí úsáid a bhaint as na modhanna malartacha i bpointí 177 go 180 CEEAG chun comhréireacht a léiriú, de réir shaintréithe an bhirt nó ar shaintréithe na n-earnálacha nó na modhanna iompair lena mbaineann; NÓ
|
|
(c)
|
deonaítear an chabhair chun feithiclí a fháil nó a fháil ar léas, ar feithiclí iad atá ceaptha lena n-úsáid ag gnóthais atá gníomhach in earnáil an iompair phoiblí do phaisinéirí de thalamh, d’iarnród nó d’uisce.
…
|
|
|
32.
|
Sainaithin glanchostais bhreise na hinfheistíochta. Déantar iad a ríomh mar an difríocht, ar thaobh amháin, idir costas iomlán úinéireachta na feithicle glaine a bhfuil coinne leis go bhfaighfear í nó go bhfaighfear ar léas í, agus ar an taobh eile an costas iomlán úinéireachta sa chás frithfhíorasach, seachas costais nach bhfuil nasctha go díreach le leibhéal níos airde cosanta comhshaoil a bhaint amach. A mhéid a bhaineann le hiarfheistiú feithiclí nó trealaimh seirbhíse soghluaiste, d’fhéadfadh gurb iad na costais incháilithe costais iomlána an iarfheistithe, ar choinníoll go gcoinneoidh na feithiclí nó an trealamh seirbhíse soghluaiste an saolré eacnamaíoch céanna in éagmais an iarfheistithe (pointí 178-179 CEEAG).
…
|
|
33.
|
Sonraigh huasdéiní na cabhrach is infheidhme faoin mbeart agus sonraigh an bhfuil feidhm ag aon bhónas (mar a thuairiscítear i bpointe 177 CEEAG).
…
|
|
34.
|
Más de mhaolú ar phointí 177-179 CEEAG, meastar go bhfuil gá le cabhair thar uasdéiní na cabhrach a shocraítear faoi phointe 177 CEEAG, sonraigh an leibhéal cabhrach a mheastar a bheith riachtanach agus tabhair údar leis ar bhonn anailís ar bhearnaí cistithe le haghaidh tionscadail tagartha sna cásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha mar a shainaithnítear mar fhreagra ar cheist 12(c)(i) thuas, i gcomhréir le pointí 51-52 CEEAG.
Maidir leis an anailís sin ar an mbearna chistithe, cuir cainníochtú isteach, maidir leis an gcás fíorasach agus maidir le cás réalaíoch frithfhíorasach (342) a sainaithníodh mar fhreagra ar cheist 12 thuas, i leith na bpríomhchostas agus na bpríomhioncam uile, meánchostas ualaithe measta chaipitil na dtairbhithe (nó na dtionscadal tagartha) chun sreafaí airgid todhchaí a lascainiú, chomh maith leis an nglanluach láithreach le haghaidh na gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha, le linn shaolré an tionscadail/an tionscadail tagartha.
|
(a)
|
Tabhair é sin in Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfoirm fógra seo (trí chomhad Excel a úsáid ina bhfuil na foirmlí uile le feiceáil).
…
|
|
(b)
|
Cuir faisnéis mhionsonraithe isteach maidir leis na toimhdí, na modheolaíochtaí, an réasúnaíocht agus na foinsí is bonn leo, a úsáidtear le haghaidh gach gné de chainníochtú na gcostas agus na n-ioncam sa chás fíorasach agus an cás frithfhíorasach is dócha a bheidh ann (mar shampla, cuir na toimhdí a úsáideadh chun na cásanna sin a fhorbairt agus foinse/réasúnaíocht maidir leis na toimhdí sin san áireamh).
…
|
|
(c)
|
Maidir le cásanna cabhrach aonair agus scéimeanna aonair atá ag dul chun tairbhe do líon an-teoranta tairbhithe, ní mór don Bhallstát an fhianaise thacaíochta a chur i láthair ar leibhéal phlean gnó mionsonraithe an tionscadail.
Maidir le cásanna scéimeanna cabhrach, ní mór don Bhallstát an fhianaise thacaíochta a chur i láthair ar bhonn tionscadal tagartha amháin nó níos mó.
…
|
|
(d)
|
Is féidir leat na doiciméid a luaitear i bhfonóta 39 CEEAG a chur i gceangal leis an bhfoirm fógra seo freisin. D’fhéadfadh doiciméid bhoird a bheith úsáideach go háirithe le haghaidh bearta cabhrach aonair nó scéimeanna cabhrach aonair atá ag dul chun tairbhe do líon an-teoranta tairbhithe. Má tá na doiciméid sin i gceangal leis an bhfoirm fógra, tabhair liosta de na doiciméid sin thíos, ina sonraítear an t-údar, an dáta ar dréachtaíodh iad agus an comhthéacs inar úsáideadh iad.
…
|
|
|
35.
|
Léirigh freisin nach mbeadh cabhair a sháródh an bhearna chistithe mar thoradh ar chabhair níos airde a chur i bhfeidhm, ar cabhair í a chinnfí mar a shonraítear i gceist 34.
…
|
|
36.
|
I gcás inarb infheidhme pointe 52 CEEAG, i.e. is é is dóichí gurb é atá i gceist leis an gcás frithfhíorasach nach ndéanann an tairbhí gníomhaíocht ná infheistíocht, nó nach leanann sé dá ghnó gan athruithe, tabhair fianaise chun tacú leis an toimhde sin (343).
…
|
|
37.
|
I ngach cás ina bhfuil an chomhréireacht bunaithe ar anailís ar bhearna cistithe, deimhnigh freisin go ndéanfaidh d’údaráis faireachán ex post chun na toimhdí a rinneadh faoin leibhéal cabhrach is gá a fhíorú agus sásra aisghlámtha a chur i bhfeidhm. Tabhair tuairisc freisin ar an sásra faireacháin agus aisghlámtha atá beartaithe ag d’údaráis a chur i bhfeidhm (pointe 180 CEEAG).
…
|
|
2.1.4.
|
Carnadh
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 56-57 CEEAG.
|
|
38.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi Chuid I den fhoirm fógra ghinearálta agus chun comhlíonadh phointe 56 CEEAG a fhíorú, soiléirigh an bhféadfaí an chabhair faoin mbeart nó faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a dhámhachtain i gcomhthráth faoi roinnt scéimeanna cabhrach nó a charnadh le cabhair ad hoc nó de minimis i ndáil leis na costais incháilithe chéanna. Más amhlaidh an cás, tabhair sonraí maidir leis na scéimeanna cabhrach sin, cabhair ad hoc nó cabhair de minimis agus conas a charnfar an chabhair.
…
|
|
39.
|
I gcás inarb infheidhme pointe 56 CEEAG, tabhair údar leis conas nach mbíonn róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán na cabhrach a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith le haghaidh tionscadail nó gníomhaíochta ná nach sáraíonn sé uasmhéid na cabhrach a cheadaítear faoi phointe 173, pointe 177 nó pointe 180 CEEAG. Le haghaidh gach birt, sonraigh ar féidir an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta cabhrach a dtugtar fógra ina leith a charnadh leis, an modh a úsáidtear chun comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe 56 CEEAG a áirithiú.
…
|
|
40.
|
I gcás inarb infheidhme pointe 57 CEEAG, i.e. déantar an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a chomhcheangal le cistiú ón Aontas a bhainistítear go lárnach (344) (nach státchabhair é), tabhair údar leis an gcaoi nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán an chistithe phoiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe chéanna.
…
|
|
2.1.5.
|
Trédhearcacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.4 (pointí 58-61) CEEAG.
|
|
41.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le trédhearcacht dá bhforáiltear i bpointí 58-61 CEEAG.
…
|
|
42.
|
Tabhair an nasc idirlín ina bhfoilseofar téacs iomlán na scéime cabhrach formheasta nó an chinnidh deonaithe cabhrach aonair agus a fhorálacha cur chun feidhme agus faisnéis maidir le gach dámhachtain cabhrach aonair a deonaíodh ad hoc nó faoi scéim cabhrach a formheasadh ar bhonn CEEAG agus ar mó ná EUR 100 000 í.
…
|
|
2.2.
|
Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.2 (pointí 63-70) agus roinn 4.3.1.5 (pointí 183-189) CEEAG.
|
|
43.
|
Chun comhlíonadh phointe 67 CEEAG a fhíorú, tabhair faisnéis maidir leis na héifeachtaí diúltacha gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart nó ag na bearta a dtugtar fógra ina leith ar an iomaíocht agus ar an trádáil.
…
|
|
44.
|
Mínigh an dtagann an beart faoi aon cheann de na cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
Baineann sé le margadh (nó margaí) ina bhfuair sealbhóirí cumhacht mhargaidh roimh léirscaoileadh an mhargaidh;
…
|
|
(b)
|
Baineann próisis tairisceana iomaíocha i margadh/margaí nuaghinte leis, i gcás ina bhfuil gníomhaí ann a bhfuil suíomh láidir aige ar an margadh;
…
|
|
(c)
|
Ní rachaidh sé chun tairbhe ach do thairbhí amháin nó do líon an-teoranta tairbhithe.
…
|
|
|
45.
|
Dá ndíreodh an beart cabhrach ar rogha/conair theicneolaíoch shonrach, tabhair údar leis an gcúis leis an rogha theicneolaíoch agus nach ndíspreagfaidh sé úsáid teicneolaíochtaí níos glaine.
…
|
|
46.
|
Mura rachaidh an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith chun tairbhe ach do thairbhí amháin nó do líon an-teoranta tairbhithe, chun comhlíonadh phointe 68 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh an neartaíonn nó an gcoinníonn an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith cumhacht mhargaidh an tairbhí ar bun nó an ndíspreagann sé/siad forleathnú iomaitheoirí atá ann cheana nó an spreagann sé/siad a scor nó an ndíspreagann sé/siad iontráil iomaitheoirí nua. Mínigh ina leith sin freisin cé acu a bheidh nó nach mbeidh méadú ar acmhainneacht an tairbhí mar thoradh ar an mbeart cabhrach.
…
|
|
(b)
|
Tabhair tuairisc ar na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun teorainn a chur leis an saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an gcabhair a dheonú don tairbhí/do na tairbhithe.
…
|
|
|
47.
|
Chun comhlíonadh phointe 69 CEEAG a léiriú, mínigh na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
Má tá sé d’aidhm ag an gcabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith gníomhaíocht eacnamaíoch a chaomhnú i réigiún amháin nó í a mhealladh ó réigiúin eile laistigh den mhargadh inmheánach.
…
|
|
(b)
|
Más amhlaidh, sonraigh an ghlanéifeacht chomhshaoil atá ag an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith agus conas a fheabhsaítear an leibhéal cosanta comhshaoil atá ann cheana sna Ballstáit leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith.
…
|
|
(c)
|
Conas nach mbeidh aon éifeacht diúltach follasach ar an iomaíocht ná ar an trádáil mar thoradh ar an gcabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith.
…
|
|
(d)
|
I gcás cabhair aonair, na príomhchúiseanna le rogha an tairbhí maidir leis an suíomh le haghaidh na n-infheistíochtaí.
…
|
|
|
48.
|
Chun comhlíonadh phointe 70 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Deimhnigh go bhféadfar cabhair a dheonú faoin scéim a dtugtar fógra ina leith ar feadh uastréimhse 10 mbliana ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh sa chás gur mian le d’údaráis síneadh a chur le tréimhse na scéime thar an uastréimhse, go dtabharfaidh siad fógra an athuair faoin mbeart/faoi na bearta.
…
|
|
|
49.
|
I gcás ina bhféadfaidh an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith infheistíochtaí nua i bhfeithiclí agus i dtrealamh seirbhíse soghluaiste ina n-úsáidtear gás nádúrtha a dhreasú, mínigh conas is féidir a mheas nach bhfuil éifeachtaí glasála fadtéarmacha ag an mbeart agus nach n-gcuirtear infheistíochtaí ina roghanna malartacha níos glaine as áit. Dá bhrí sin, maidir le cabhair chun feithiclí faoi thiomáint gáis nádúrtha chomhbhrúite agus feithiclí GNL a fháil nó a fháil ar léas le haghaidh iompar d’uisce agus trealamh seirbhíse soghluaiste, léirigh nach bhfuil roghanna malartacha níos glaine chun an modh iompair ábhartha a dhícharbónú ar fáil go héasca ar an margadh agus nach meastar go mbeidh siad ar fáil sa ghearrthéarma. Chuige sin, meas tréimhse idir 2 bhliain agus 5 bliana tar éis fógra a thabhairt faoin mbeart cabhrach (nó tréimhse dhifriúil, má tá údar cuí leis) agus cuir staidéir mhargaidh neamhspleácha tacaíochta nó aon fhianaise iomchuí eile isteach.
…
|
|
50.
|
I gcás ina bhféadfaidh an beart a dtugtar fógra ina leith infheistíochtaí in aerárthaí glana (seachas aerárthaí astaíochtaí nialasacha) a úsáideann breoslaí iontaise a dhreasú, léirigh go rannchuidíonn an chabhair le haerárthaí nua, níos éifeachtúla agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a thabhairt isteach ar an margadh nó le glacadh na n-aerárthaí sin ar bhonn luathaithe. Mínigh freisin conas atá infheistíochtaí den sórt sin i gcomhréir le conair i dtreo na haeráidneodrachta, agus conas a sheachnaítear leis an mbeart an riosca go ndéanfar gnáththeicneolaíochtaí a ghaibhniú agus infheistíochtaí a chur ina roghanna malartacha níos glaine as áit.
…
|
|
51.
|
I gcás ina mbaineann an beart leis an tseirbhís aeriompair, mínigh an bhfuil sé beartaithe ag d’údaráis a cheangal ar an tairbhí líon coibhéiseach aerárthaí a dhíchoimisiúnú, ar aerárthaí iad atá níos díobhálaí don chomhshaol ag a bhfuil mais éirí de thalamh atá comhchosúil leis an aerárthach a fuarthas nó a fuarthas ar léas le státchabhair, chun iarmhairtí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ag an gcabhair a mhaolú ag féachaint do shuíomh an tairbhí ar an margadh nó chun éifeachtaí dearfacha an bhirt cabhrach a mhéadú.
…
|
|
52.
|
Maidir leis an gcabhair chun feithiclí nó trealamh seirbhíse soghluaiste a fháil nó a léasú, mínigh an gcuirfear le clistí margaidh atá ann cheana mar thoradh ar fheithiclí nua a chur i seirbhís, amhail ró-acmhainneacht san earnáil lena mbaineann.
…
|
|
53.
|
I gcás ina ndeonaítear leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith tacaíocht spriocdhírithe do thairbhí aonair nó do líon teoranta tairbhithe sonracha in éagmais tairiscint iomaíoch, tabhair údar le dearadh an bhirt agus leis na cúiseanna nach bhfuil sé ar oscailt do gach iomaitheoir atá toilteanach an tseirbhís, an táirge nó an tairbhe chéanna a sholáthar agus léirigh go dtugann sé aghaidh go cuí ar na rioscaí níos airde a bhaineann le saobhadh iomaíochta.
…
|
|
3.
|
ÉIFEACHTAÍ DEARFACHA NA CABHRACH A CHUR I GCOMPARÁID LEIS NA HÉIFEACHTAÍ DIÚLTACHA AR AN IOMAÍOCHT AGUS AR AN TRÁDÁIL
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.3 (pointí 71-76) CEEAG.
|
|
54.
|
Chun comhlíonadh phointe 72 CEEAG a fhíorú, mínigh an gcomhlíonann gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith na critéir maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (345), lena n-áirítear an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, nó modheolaíochtaí inchomparáide eile.
…
|
|
55.
|
(I gcás próiseas tairisceana iomaíoch) Mínigh an bhfuil gnéithe sa bheart/sna bearta a dtugtar fógra ina leith chun rannpháirtíocht FBManna i bpróisis tairisceana iomaíocha a éascú. I gcás deimhneach, tabhair faisnéis maidir leis na gnéithe sin agus tabhair údar leis an gcaoi gur mó na héifeachtaí dearfacha a bhaineann le rannpháirtíocht FBManna a áirithiú sa bheart/sna bearta a dtugtar fógra ina leith ná na hiarmhairtí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ann.
…
|
Roinn C: Meastóireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach Roinn 5 (pointí 455-463) CEEAG.
|
56.
|
I gcás ina sáraíonn an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith na tairseacha buiséid/caiteachais i bpointe 456 CEEAG, mínigh cén fáth, i do thuairim, ar cheart feidhm a bheith ag an eisceacht i bpointe 457 CEEAG, nó cuir Iarscríbhinn i gceangal leis an bhfoirm fógra seo ina bhfuil dréachtphlean meastóireachta ina gcumhdaítear an raon feidhme a luaitear i bpointe 458 CEEAG (346).
…
|
|
57.
|
Má sholáthraítear dréachtphlean meastóireachta, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
tabhair thíos achoimre ar an dréachtphlean meastóireachta sin atá san Iarscríbhinn.
…
|
|
(b)
|
deimhnigh go n-urramófar pointe 460 CEEAG.
…
|
|
(c)
|
tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh an plean meastóireachta ar fáil go poiblí.
…
|
|
|
58.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(b) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair agus gur faide í ná 3 bliana, deimhnigh go dtabharfaidh tú fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis modhnú mór lena méadófar buiséad na scéime go dtí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéime.
…
|
|
59.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(c) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair, tabhair gealltanas thíos go dtabharfaidh an Ballstát fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachas os cionn EUR 150 milliún sa bhliain roimhe sin a thaifeadadh i gcuntais oifigiúla.
…
|
|
60.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Soiléirigh an bhfuil an saineolaí neamhspleách roghnaithe cheana nó an roghnófar amach anseo é.
…
|
|
(b)
|
Tabhair faisnéis faoin nós imeachta chun an saineolaí a roghnú.
…
|
|
(c)
|
Tabhair údar leis an gcaoi a bhfuil an saineolaí neamhspleách ar an údarás deonúcháin.
…
|
|
|
61.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Tabhair na sprioc-amanna atá beartaithe agat chun an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach a chur isteach. Tabhair faoi deara nach mór an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin in am trátha ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fhadú féideartha na scéime cabhrach agus, ar a dhéanaí, 9 mí sula rachaidh sí in éag, i gcomhréir le pointe 463 CEEAG. Tabhair faoi deara go bhféadfaí an sprioc-am sin a laghdú i gcás scéimeanna a spreagann an ceanglas meastóireachta le linn an 2 bhliain dheireanacha dá gcur chun feidhme.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh go gcuirfear an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach ar fáil go poiblí. Tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh na tuarascálacha sin le fáil go poiblí.
…
|
|
Roinn D: Tuairisciú agus faireachán
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach Roinn 6 (pointí 464-465) CEEAG.
|
62.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le tuairisciú agus faireachán a leagtar amach i Roinn 6, pointí 464 agus 465 CEEAG.
…
|
CUID III.6.D
Bileog faisnéise forlíontaí maidir le státchabhair a dheonaítear faoi na Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (dá ngairtear ‘CEEAG’ anseo feasta) - Roinn 4.3.2. - Cabhair chun bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a úsáid
Baineann an bhileog faisnéise forlíontaí seo le bearta a chumhdaítear i Roinn 4.3.2 CEEAG. Má áirítear san fhógra bearta a chumhdaítear i níos mó ná roinn amháin CEEAG, líon isteach freisin an bhileog faisnéise forlíontaí a bhaineann leis an roinn CEEAG lena mbaineann a luaithe a bheidh sí ar fáil.
Na doiciméid uile a sholáthraíonn na Ballstáit mar iarscríbhinní a ghabhann leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo, ní mór iad a bheith uimhrithe agus ní mór uimhreacha na ndoiciméad a bheith léirithe sna ranna ábhartha den bhileog faisnéise forlíontaí seo.
Roinn A: Achoimre ar phríomh-shaintréithe an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith
|
1.
|
Cúlra agus cuspóir/cuspóirí an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith.
|
|
1.1.
|
Más rud é nár pléadh iad cheana féin faoi roinn 5.2 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an cúlra agus an príomhchuspóir, lena n-áirítear aon sprioc de chuid an Aontais chun astaíochtaí iompair a laghdú a bhfuil sé beartaithe leis an mbeart tacú léi.
…
|
|
1.2.
|
Sonraigh aon chuspóir eile a shaothraítear leis an mbeart. I gcás aon chuspóir nach cuspóir comhshaoil amach is amach é, mínigh cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh aon saobhadh iomaíochta ar an margadh inmheánach a bheith mar thoradh air.
…
|
|
2.
|
Teacht i bhfeidhm agus fad:
|
|
2.1.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi roinn 5.5 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), sonraigh an dáta óna bhfuil sé beartaithe go dtiocfaidh an scéim cabhrach i bhfeidhm.
…
|
|
2.2.
|
Sonraigh fad na scéime. (347)
…
|
|
3.1.
|
Mura bhfuil sé curtha ar fáil cheana faoi roinn 3 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair tuairisc ar thairbhí (féideartha) an bhirt/na mbeart;
…
|
|
3.2.
|
Sonraigh suíomh an tairbhí nó na dtairbhithe (féideartha) (i.e. mura bhfuil ach eintitis eacnamaíocha atá lonnaithe sna Ballstáit lena mbaineann nó i mBallstáit eile freisin incháilithe chun páirt a ghlacadh sa bheart).
…
|
|
3.3.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 15 CEEAG, sonraigh an ndeonaítear cabhair faoin mbeart nó faoi na bearta i bhfabhar gnóthas (gnóthas aonair nó cuid de scéim) atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
Más amhlaidh, tabhair faisnéis maidir leis an méid cabhrach atá fós le haisghabháil ionas go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh é sa mheasúnú ar an mbeart cabhrach/na bearta cabhrach.
…
|
|
4.
|
Deimhnigh nach mbaineann an beart/na bearta le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm CEEAG (féach pointe 13 CEEAG). Murab amhlaidh, tabhair sonraí.
…
|
|
5.
|
Buiséad agus maoiniú an bhirt/na mbeart.
|
|
5.1.
|
Mura bhfuil sé luaite cheana sa tábla faoi roinn 7.1 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an buiséad bliantúil agus/nó an buiséad iomlán le haghaidh fhad iomlán an bhirt/na mbeart; murab eol an buiséad iomlán (mar shampla toisc go mbraitheann sé ar thorthaí na dtairiscintí), sonraigh buiséad measta, lena n-áirítear na toimhdí a úsáideadh chun an buiséad measta lena mbaineann a ríomh. (348)
…
|
|
5.2.
|
más trí thobhach a mhaoinítear an beart, soiléirigh na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
an le dlí nó le haon ghníomh reachtach eile a shocraítear an tobhach; más amhlaidh, tabhair an gníomh dlí, uimhir agus dáta a ghlactha agus a theacht i bhfeidhm, an nasc idirlín chuig an ngníomh dlí;
…
|
|
(b)
|
an ngearrtar an tobhach go cothrom ar tháirgí intíre agus allmhairithe;
…
|
|
(c)
|
an rachaidh an beart a dtugtar fógra ina leith chun tairbhe do tháirgí intíre agus do tháirgí a allmhairítear go cothrom;
…
|
|
(d)
|
an maoinítear an beart go hiomlán nó go páirteach leis an tobhach. Mura maoinítear an beart ach go páirteach leis an tobhach, sonraigh foinsí eile maoinithe an bhirt agus cion gach foinse acu sin;
…
|
|
(e)
|
an maoinítear bearta cabhrach eile leis an tobhach lena maoinítear an beart a dtugtar fógra ina leith. Más amhlaidh, sonraigh na bearta cabhrach eile a mhaoinítear leis an tobhach lena mbaineann.
…
|
|
Roinn B: Measúnú comhoiriúnachta ar an gcabhair
|
1.
|
COINNÍOLL DEARFACH: NÍ MÓR FORBAIRT GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE A ÉASCÚ LEIS AN GCABHAIR
|
|
1.1.
|
Cuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.1 (pointí 23-25) agus ranna 4.3.2.1 (pointí 190 agus 191) agus 4.3.2.2 (pointí 192 agus 193) CEEAG.
|
|
6.
|
Le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin ‘cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann’. Dá bhrí sin, le cabhair a luíonn leis an margadh inmheánach faoin bhforáil sin den Chonradh ní mór rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe.
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 23 CEEAG, sainaithin na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar mar thoradh ar an gcabhair agus an chaoi a dtacaítear le forbairt na ngníomhaíochtaí sin.
…
|
|
7.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 25 CEEAG, tabhair tuairisc ar cibé ‘a rannchuideoidh an chabhair le cuspóirí bheartas aeráide an Aontais, cuspóirí bheartas comhshaoil an Aontais agus cuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus conas a dhéanfar sin, agus, go sonrach, tairbhí na cabhrach a bhfuil coinne leo maidir le cuidiú nach beag le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear maolú ar an athrú aeráide, nó feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh’.
…
|
|
8.
|
Ina theannta sin, cuir i dtábhacht a mhéid a bhaineann an chabhair leis na beartais a dtugtar tuairisc orthu faoi phointí 190 agus 191 CEEAG.
…
|
|
9.
|
Tabhair tuairisc ar na ceanglais incháilitheachta is infheidhme maidir leis an tairbhí/na tairbhithe (mar shampla trí thagairt a dhéanamh d’aon cheanglas teicniúil, comhshaoil (i.e. ceadanna), airgeadais (i.e. comhthaobhachtaí) nó aon cheanglas eile is gá don tairbhí/do na tairbhithe a chomhlíonadh).
…
|
|
10.
|
Tabhair faisnéis maidir le raon feidhme beacht agus gníomhaíochtaí beachta an bhirt chabhrach/na mbeart cabhrach a dtacaítear leo, mar a fhoráiltear i roinn 4.3.2.2 (pointí 192 agus 193) CEEAG.
…
|
|
1.2.
|
Éifeacht dreasachta
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.2 (pointí 26-32) CEEAG.
|
|
11.
|
Ní féidir a mheas go n-éascaíonn cabhair gníomhaíocht eacnamaíoch ach amháin má tá éifeacht dreasachta aici. Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 26 CEEAG, mínigh conas a ‘spreagann [an beart/na bearta] an tairbhí chun a iompraíocht a athrú, chun dul i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch bhreise nó gníomhaíocht eacnamaíoch atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, nach ndéanfadh sé gan an chabhair nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó éagsúil’.
…
|
|
12.
|
De bhun phointe 28 CEEAG:
|
(a)
|
Tabhair tuairisc chuimsitheach ar an gcás fíorasach a bhfuil coinne leis mar thoradh ar an mbeart cabhrach agus ar an gcás frithfhíorasach dóchúil nó na cásanna frithfhíorasacha dóchúla in éagmais an bhirt cabhrach. (349) I gcás ina measann tú go bhféadfar tacú le catagóirí éagsúla tairbhithe, áirithigh go bhfuil an cás frithfhíorasach inchreidte le haghaidh gach ceann de na catagóirí sin.
…
|
|
(b)
|
Mínigh go hachomair an réasúnaíocht atá le rogha an cháis fhrithfhíorasaigh dhóchúil nó na gcásanna frithfhíorasacha dóchúla, i bhfianaise na gcatagóirí éagsúla tairbhithe atá beartaithe, más infheidhme.
. …
|
|
(c)
|
Déan na costais agus ioncaim cásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha a chainníochtú mar a leanas:
|
(i)
|
I gcás ina ndeonaítear cabhair gan próiseas tairisceana iomaíoch, tabhair údar leis an athrú iompraíochta i gcás inarb ábhartha do gach catagóir tairbhí, bunaithe ar an tionscadal tagartha lena mbaineann (350), ar na cásanna frithfhíorasacha comhfhreagracha agus ar an mbearna chistithe mar thoradh air.
…
|
|
(ii)
|
I gcás ina ndeonaítear cabhair ar bhonn próiseas tairisceana iomaíoch, tabhair údar leis an athrú iompraíochta (i gcás inarb ábhartha do gach catagóir tairbhí/tionscadail tagartha) agus úsáid á baint as an bhfianaise chéanna a cheanglaítear faoi (a) thuas, nó de rogha air sin tabhair fianaise chainníochtúil ábhartha atá bunaithe ar staidéir mhargaidh, ar phleananna infheisteoirí, ar thuarascálacha airgeadais, nó fianaise chainníochtúil eile lena n-áirítear tairiscintí a rinneadh maidir le tionscadail chomhchosúla i bpróisis tairisceana iomaíocha inchomparáide le déanaí. (351)
…
|
|
|
|
13.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 27 CEEAG, tabhair faisnéis chun a dheimhniú nach dtacaíonn an chabhair leis na costais a bhaineann le gníomhaíocht a dhéanfadh tairbhí na cabhrach pé scéal é agus nach gcúitíonn an chabhair an gnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch.
…
|
|
14.
|
Chun comhlíonadh phointí 29 agus 31 CEEAG a léiriú:
|
(a)
|
Deimhnigh nár cuireadh tús leis na hoibreacha ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht sula ndearna an tairbhí iarratas i scríbhinn ar chabhair chuig na húdaráis náisiúnta;
…
NÓ
|
|
(b)
|
I gcás tionscadail ar cuireadh tús leo roimh an iarratas ar chabhair, léirigh go dtagann an tionscadal faoi cheann de na cásanna eisceachtúla dá bhforáiltear i bpointe 31 CEEAG ((a), (b) nó (c)).
…
|
|
|
15.
|
Chun comhlíonadh phointe 30 CEEAG a léiriú, deimhnigh go n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chabhair: ainm an iarratasóra, tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear a suíomh, agus an méid cabhrach is gá chun an tionscadal nó an ghníomhaíocht a dhéanamh.
…
|
|
16.
|
Chun comhlíonadh phointe 32 CEEAG a léiriú, sonraigh an bhfuil caighdeáin de chuid an Aontais (352) ann atá infheidhme maidir leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith, caighdeáin náisiúnta shainordaitheacha atá níos déine nó níos uaillmhianaí ná caighdeáin chomhfhreagracha an Aontais, nó caighdeáin náisiúnta shainordaitheacha arna nglacadh in éagmais chaighdeáin de chuid an Aontais. Sa chomhthéacs sin, tabhair faisnéis chun an éifeacht dreasachta a léiriú.
…
|
|
17.
|
I gcásanna inar glacadh caighdeán ábhartha de chuid an Aontais cheana ach nach bhfuil sé i bhfeidhm go fóill, léirigh gur féidir éifeacht dreasachta a bheith ag cabhair toisc go ndreasaíonn sé an infheistíocht atá le cur chun feidhme agus le tabhairt i gcrích ar a laghad 18 mí sula dtiocfaidh an caighdeán i bhfeidhm.
…
|
|
1.3.
|
Gan sárú ar aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.3 (pointe 33) CEEAG.
|
|
18.
|
Tabhair faisnéis chun comhlíonadh fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais a dheimhniú, i gcomhréir le pointe 33 CEEAG.
…
|
|
19.
|
Má úsáidtear tobhach chun an beart/na bearta a mhaoiniú, soiléirigh an gá an measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Más gá, léirigh conas a chomhlíonann an beart forálacha Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Sa chomhthéacs sin, is féidir tagairt a dhéanamh don fhaisnéis a chuirtear isteach faoi cheist 5.2. thuas, i gcás ina maoinítear an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith trí thobhach.
…
|
|
2.
|
COINNÍOLL DIÚLTACH: NÍ FÉIDIR LEIS AN GCABHAIR DIFEAR MÍCHUÍ A DHÉANAMH DO CHOINNÍOLLACHA TRÁDÁLA AN OIREAD IS GO MBEADH DOCHAR ANN DON LEAS COITEANN
|
|
2.1.
|
Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála
|
|
2.1.1.
|
Riachtanas na cabhrach
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.3.2.3.1 (pointí 194 agus 195) CEEAG.
|
|
20.
|
Mínigh cé acu a fíoraíodh nó nár fíoraíodh, agus conas a fíoraíodh, úsáid an bhonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe den chatagóir chéanna leis an mbonneagar a d’úsáidfí le státchabhair, go bhfuil gá le cabhair chun imscaradh a dhreasú, sa mhéid nach dócha go bhforbrófar bonneagar comhchosúil ar théarmaí tráchtála sa ghearrthéarma. Is féidir é sin a léiriú trí thagairt a dhéanamh do chomhairliúchán poiblí oscailte ex ante, do staidéar neamhspleách ar an margadh nó bunaithe ar aon fhianaise iomchuí eile mar a leagtar amach i Roinn 3.2.1.1 CEEAG. I gcás inarb infheidhme, tabhair faisnéis maidir le tionchar CTA. Tabhair na doiciméid tacaíochta.
…
|
|
21.
|
Más rud é go mbeidh rochtain ag úsáideoirí seachas tairbhí nó tairbhithe na cabhrach ar an mbonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe dá dtugtar tacaíocht, sonraigh (i) leibhéal dul i bhfód na bhfeithiclí glana ar an margadh ar a bhfreastalódh an bonneagar i gcomparáid le flít iomlán na bhfeithiclí cláraithe i do Bhallstát; agus/nó (ii) na méideanna tráchta sa réigiún nó sna réigiúin lena mbaineann an beart.
…
|
|
2.1.2.
|
Oiriúnacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1,2 (pointí 39-46) agus roinn 4.3.2.3.2 (pointí 196 agus 197) CEEAG.
|
|
22.
|
Chun comhlíonadh phointe 41 CEEAG a fhíorú, léirigh go bhfuil an beart cabhrach deartha ar bhealach nach mbainfear an bonn d’éifeachtúlacht beart eile lena leigheastar an cliseadh margaidh céanna, amhail sásraí margadhbhunaithe (e.g. CTA AE).
…
|
|
23.
|
Chun comhlíonadh phointe 42 CEEAG a fhíorú, deimhnigh nach bhféadfaí aon duine de thairbhithe an bhirt chabhrach/na mbeart cabhrach a chur faoi dhliteanas i leith an truaillithe faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá ann cheana (an prionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’).
…
|
|
24.
|
Chun comhlíonadh phointí 43 go 46 CEEAG a fhíorú, chun oiriúnacht na cabhrach i measc ionstraimí cabhrach éagsúla a léiriú, tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh cén fáth nach bhfuil foirmeacha cabhrach eile, nach bhfuil chomh saobhach céanna b’fhéidir, chomh hiomchuí céanna, mar a cheanglaítear i bpointe 44 CEEAG. Ar na foirmeacha cabhrach nach mbeadh chomh saobhach céanna a d’fhéadfadh a bheith ann, tá airleacain in-aisíoctha in ionad deontais dhíreacha; creidmheasanna cánach in ionad laghduithe cánach; nó cineálacha cabhrach atá bunaithe ar ionstraimí airgeadais, amhail fiachas, in ionad ionstraimí cothromais, lena n-áirítear, mar shampla, iasachtaí ar ús íseal nó lacáistí ar ús, ráthaíochtaí Stáit, nó soláthar malartach maoinithe ar théarmaí fabhracha.
…
|
|
(b)
|
Léirigh go bhfuil rogha na hionstraime cabhrach iomchuí don chliseadh margaidh a bhfuil sé d’aidhm ag an mbeart cabhrach nó ag na bearta cabhrach aghaidh a thabhairt uirthi, mar a cheanglaítear i bpointe 45 CEEAG.
…
|
|
(c)
|
Mínigh conas atá an beart agus a dhearadh iomchuí chun cuspóir an bhirt ar a bhfuil an chabhair dírithe a bhaint amach (pointe 46 CEEAG).
…
|
|
|
25.
|
Chun comhlíonadh phointe 197 CEEAG a fhíorú, mínigh an bhféadfadh idirghabhála rialála (lena n-áirítear cinn nua) an t-aistriú i dtreo soghluaisteacht ghlan a spreagadh agus tabhair tuairisc ar an tionchar a mheastar a bheidh acu i gcomparáid leis an tionchar atá ag an mbeart atá beartaithe.
…
|
|
2.1.3.
|
Comhréireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.3.2.3.3 (pointí 198-204) CEEAG. Tabhair faoi deara go bhfuil an dá roinn 2.1.3.1. agus 2.1.3.2. seo a leanas malartach. Ná tabhair freagraí ach ar an roinn is infheidhme, de réir dhearadh an bhirt atá beartaithe.
|
|
2.1.3.1.
|
Comhréireacht na cabhrach a dheonaítear trí phróiseas tairisceana iomaíoch
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 49, 50 agus 199 CEEAG.
|
|
26.
|
Chun comhlíonadh phointí 49, 50 agus 199 CEEAG a léiriú, tabhair na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh conas a áirithíonn na húdaráis go bhfuil an próiseas tairisceana oscailte, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, arna sainiú ex ante i gcomhréir le cuspóir an bhirt agus go n-íoslaghdaíonn sé riosca na dtairiscintí straitéiseacha (pointe 49(a) CEEAG).
…
|
|
(b)
|
Na critéir roghnúcháin a úsáidtear chun na tairiscintí a rangú, agus chun an leibhéal cabhrach sa phróiseas tairisceana iomaíoch a shainaithint ar deireadh. Go sonrach:
|
(i)
|
Tabhair liosta de na critéir roghnúcháin agus sonraigh cé acu atá baint dhíreach nó indíreach acu le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart. Cuir isteach a n-ualú.
…
|
|
(ii)
|
Mínigh conas a chuir na critéir roghnúcháin an rannchuidiú le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart i gcoibhneas díreach nó indíreach le méid na cabhrach arna iarraidh ag an iarratasóir. Féadfar é sin a shloinneadh, mar shampla, i dtéarmaí cabhrach in aghaidh an aonaid cosanta comhshaoil nó i dtéarmaí cabhrach in aghaidh pointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe (pointe 50 agus fonóta 44 CEEAG).
…
|
|
(iii)
|
I gcás ina bhfuil critéir roghnúcháin eile ann nach bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart, tabhair cúiseanna leis an gcur chuige atá beartaithe agus mínigh conas atá sé iomchuí do na cuspóirí a shaothraítear leis an mbeart/na bearta. Deimhnigh freisin nach mó ná 30 % d’ualú na gcritéar roghnúcháin uile iad na critéir sin (pointe 50 agus pointe 199 CEEAG).
…
|
|
(iv)
|
Mínigh cé chomh fada roimh an sprioc-am chun iarratais a chur isteach i ngach próiseas tairisceana iomaíoch a fhoilseofar na critéir roghnúcháin (pointe 49(b) agus fonóta 43 CEEAG).
…
|
|
|
(c)
|
Mínigh na gnéithe ar ar bhunaigh tú an toimhde go mbeidh an próiseas tairisceanaoscailte agus suibscríofa go cuí, i.e. gur féidir coinne a bheith leis nach bhfaighidh gach tairgeoir cabhair agus gur leordhóthanach an líon tairgeoirí a bhfuil coinne leo chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú ar feadh fhad na scéime (pointe 49(c) CEEAG). I do mhíniúchán, cuir buiséad nó méid na scéime san áireamh. I gcás inarb ábhartha, déan tagairt don fhianaise a tugadh sna freagraí thíos ar cheist 12 (c)(ii) thuas.
…
|
|
(d)
|
Tabhair faisnéis maidir leis an líon babhtaí tairisceana atá beartaithe agus an líon tairgeoirí a bhfuil coinne leo sa chéad bhabhta agus le himeacht ama.
…
|
|
(e)
|
I gcás próiseas tairisceana amháin nó níos mó nár cuireadh go leor suime iontu, mínigh cén chaoi a gceartófar dearadh na bpróiseas tairisceana le linn chur chun feidhme na scéime chun iomaíocht éifeachtach a athbhunú agus cathain a dhéanfar sin (pointe 49(c) CEEAG).
…
|
|
(f)
|
Deimhnigh go seachnaítear coigeartuithe ex post ar thoradh an phróisis tairisceana (amhail caibidlíocht ina dhiaidh sin maidir le torthaí tairisceana nó ciondáil) (pointe 49(d) CEEAG).
…
|
|
(g)
|
I gcás inar féidir ‘tairiscintí fóirdheontais nialasacha’ a bheith ann, mínigh cén chaoi a ndéanfar an chomhréireacht a áirithiú (féach pointe 49, fonóta 42 CEEAG).
…
|
|
(h)
|
Soiléirigh an bhfuil foráil déanta ag na húdaráis maidir le bonnphraghsanna nó uasteorainneacha a úsáid sa phróiseas tairisceana iomaíoch. I gcás deimhneach, tabhair údar lena n-úsáid agus mínigh conas nach gcuireann siad srian ar an bpróiseas tairisceana iomaíoch (pointe 49 agus fonóta 42 CEEAG). Má úsáidtear uasteorainneacha tairisceana, tabhair údar lena leibhéil trí thagairt a dhéanamh do chainníochtú ar chostais agus ioncaim na dtionscadal tagartha de réir cheist 12 (c)(ii) thuas.
…
|
|
|
27.
|
Mínigh conas a áirithíonn an dearadh próisis tairisceana iomaíoch go mbeidh dreasachtaí leordhóthanacha fós ann d’iarratasóirí chun tairiscint a dhéanamh ar thionscadail a bhaineann le bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe nach soláthraíonn ach leictreachas in-athnuaite nó hidrigin in-athnuaite. Mar shampla, mínigh an áirítear leis an dearadh tairisceana iomaíoch préimheanna lena bhféadfaí scór níos airde a shannadh do thionscadail a mbeidh sochair chomhshaoil ag baint leo thar na cinn sin a eascraíonn as ceanglais incháilitheachta nó príomhchuspóir an bhirt (pointe 199 CEEAG).
…
|
|
2.1.3.2.
|
Comhréireacht na cabhrach nach ndeonaítear trí phróiseas tairisceana iomaíoch
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 200-204 CEEAG.
|
|
28.
|
Mínigh cén fáth nach n-úsáidtear próiseas tairisceana iomaíoch (trí thagairt do na díolúintí a leagtar amach i bpointe 200 CEEAG):
|
(a)
|
ní leor an líon rannpháirtithe a bhfuil coinne leo chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú nó chun tairiscintí straitéiseacha a sheachaint;
…
NÓ
|
|
(b)
|
níl próiseas tairisceana iomaíoch, mar a leagtar amach i bpointí 49 agus 50, iomchuí chun comhréireacht na cabhrach a áirithiú agus nach méadófaí an riosca a bhaineann le saobhadh míchuí ar iomaíocht trí úsáid a bhaint as na modhanna malartacha i bpointí 201 go 204 CEEAG chun comhréireacht a léiriú, de réir shaintréithe an bhirt nó ar shaintréithe na n-earnálacha nó na modhanna iompair lena mbaineann;
…
NÓ
|
|
(c)
|
deonaítear an chabhair le haghaidh bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá beartaithe go heisiach nó go príomha lena úsáid ag gnóthais atá gníomhach in earnáil an iompair phoiblí do phaisinéirí de thalamh, d’iarnród nó d’uisce;
…
NÓ
|
|
(d)
|
deonaítear an chabhair le haghaidh bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá beartaithe go heisiach nó go príomha lena úsáid ag tairbhí na cabhrach agus nach bhfuil inrochtana don phobal. Sa chás sin, tabhair na cúiseanna nach bhfuil próiseas tairisceana iomaíoch beartaithe;
…
NÓ
|
|
(e)
|
deonaítear an chabhair le haghaidh bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá beartaithe lena úsáid ag cineálacha áirithe feithiclí a bhfuil an ráta ábhartha dul i bhfód ar an margadh (in aghaidh an chineáil ábhartha feithicle a d’úsáidfeadh an bonneagar) sa Bhallstát lena mbaineann nó na méideanna tráchta sa réigiún nó sna réigiúin lena mbaineann an-teoranta, agus tabhair fianaise thacaíochta.
…
|
|
|
2.1.3.2.1.
|
Comhréireacht na cabhrach a dheonaítear trí anailís ar an mbearna chistithe
|
|
29.
|
Má chinntear an chabhair bunaithe ar anailís ar an mbearna chistithe, chun comhlíonadh phointe 201 CEEAG a fhíorú, tabhair údar le méid na cabhrach ar bhonn anailís ar an mbearna chistithe i gcomhréir le pointí 48, 51-52 CEEAG le haghaidh tionscadail tagartha sna cásanna fíorasacha agus sna cásanna frithfhíorasacha mar a shainaithnítear sa fhreagra ar cheist 12 thuas.
…
|
|
30.
|
Maidir leis an anailís sin ar an mbearna chistithe, cuir cainníochtú isteach, maidir leis an gcás fíorasach agus maidir le cás réalaíoch frithfhíorasach (353) a sainaithníodh mar fhreagra ar cheist 12 thuas, i leith na bpríomhchostas agus na bpríomhioncam uile, meánchostas ualaithe measta chaipitil na dtairbhithe (nó na dtionscadal tagartha) chun sreafaí airgid todhchaí a lascainiú, chomh maith leis an nglanluach láithreach le haghaidh na gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha, le linn shaolré an tionscadail/an tionscadail tagartha.
|
(a)
|
Tabhair é sin in Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfoirm fógra seo (trí chomhad Excel a úsáid ina bhfuil na foirmlí uile le feiceáil).
…
|
|
(b)
|
Cuir faisnéis mhionsonraithe isteach maidir leis na toimhdí, na modheolaíochtaí, an réasúnaíocht agus na foinsí is bonn leo, a úsáidtear le haghaidh gach gné de chainníochtú na gcostas agus na n-ioncam sa chás fíorasach agus an cás frithfhíorasach is dócha a bheidh ann (mar shampla, cuir na toimhdí a úsáideadh chun na cásanna sin a fhorbairt agus foinse/réasúnaíocht maidir leis na toimhdí sin san áireamh).
…
|
|
(c)
|
Maidir le cásanna cabhrach aonair agus scéimeanna aonair atá ag dul chun tairbhe do líon an-teoranta tairbhithe, ní mór don Bhallstát an fhianaise thacaíochta a chur i láthair ar leibhéal phlean gnó mionsonraithe an tionscadail.
Maidir le cásanna scéimeanna cabhrach, ní mór don Bhallstát an fhianaise thacaíochta a chur i láthair ar bhonn tionscadal tagartha amháin nó níos mó (pointe 53 CEEAG).
…
|
|
(d)
|
Is féidir leat na doiciméid a luaitear i bhfonóta 39 CEEAG a chur i gceangal leis an bhfoirm fógra seo freisin. D’fhéadfadh doiciméid bhoird a bheith úsáideach go háirithe le haghaidh bearta cabhrach aonair nó scéimeanna cabhrach aonair atá ag dul chun tairbhe do líon an-teoranta tairbhithe. Má tá na doiciméid sin i gceangal leis an bhfoirm fógra, tabhair liosta de na doiciméid sin thíos, ina sonraítear an t-údar, an dáta ar dréachtaíodh iad agus an comhthéacs inar úsáideadh iad.
…
|
|
|
31.
|
I gcás inarb infheidhme pointe 52 CEEAG, i.e. is é is dóichí gurb é atá i gceist le cás frithfhíorasach nach ndéanann an tairbhí gníomhaíocht nó infheistíocht, nó nach leanann sé dá ghnó gan athruithe, tabhair fianaise chun tacú leis an toimhde sin (354).
…
|
|
32.
|
I ngach cás ina bhfuil an chomhréireacht bunaithe ar anailís ar bhearna cistithe, deimhnigh freisin go ndéanfaidh d’údaráis faireachán ex post chun na toimhdí a rinneadh faoin leibhéal cabhrach is gá a fhíorú agus sásra aisghlámtha a chur i bhfeidhm. Tabhair tuairisc freisin ar an sásra aisghlámtha atá beartaithe ag d’údaráis a chur i bhfeidhm (pointe 201 CEEAG).
…
|
|
2.1.3.2.2.
|
Comhréireacht na cabhrach arna deonú ar bhonn costais incháilithe agus déiní cabhrach
|
|
33.
|
Má chinntear méid na cabhrach ar bhonn na gcostas incháilithe agus na ndéiní cabhrach, tabhair tuairisc ar na costais incháilithe faoin mbeart, agus tabhair faoi deara gurb iad na costais incháilithe faoi phointí 202, 203 agus 204 CEEAG na costais infheistíochta uile chun bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú nó a leathnú. Mar shampla, d’fhéadfadh costais na nithe seo a leanas a bheith san áireamh:
|
(a)
|
an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe agus an trealamh teicniúil gaolmhar;
|
|
(b)
|
suiteáil comhpháirteanna leictreacha nó comhpháirteanna eile nó uasghrádú orthu, lena n-áirítear cáblaí leictreacha agus trasfhoirmeoirí cumhachta, atá riachtanach chun an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a nascadh leis an eangach nó le haonad áitiúil táirgthe nó stórála leictreachais nó hidrigine agus chun ullmhacht chliste an bhonneagair athluchtaithe a áirithiú;
|
|
(c)
|
oibreacha innealtóireachta sibhialta, oiriúnuithe talún nó bóithre, costais suiteála agus costais a bhaineann le ceadanna gaolmhara a fháil;
|
|
(d)
|
costais infheistíochta an leictreachais in-athnuaite ar an láthair nó na n-aonad táirgthe hidrigin in-athnuaite/ísealcharbóin nó na saoráidí stórála.
…
|
|
|
34.
|
Sonraigh huasdéiní na cabhrach is infheidhme faoin mbeart agus sonraigh an bhfuil feidhm ag aon bhónas (mar a thuairiscítear i bpointe 202 CEEAG).
…
|
|
2.1.4.
|
Carnadh
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 56-57 CEEAG.
|
|
35.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi Chuid I den fhoirm fógra ghinearálta agus chun comhlíonadh phointe 56 CEEAG a fhíorú, soiléirigh an bhféadfaí an chabhair faoin mbeart nó faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a dhámhachtain i gcomhthráth faoi roinnt scéimeanna cabhrach nó a charnadh le cabhair ad hoc nó de minimis i ndáil leis na costais incháilithe chéanna. Más amhlaidh an cás, tabhair sonraí maidir leis na scéimeanna cabhrach sin, cabhair ad hoc nó cabhair de minimis agus conas a charnfar an chabhair.
…
|
|
36.
|
I gcás inarb infheidhme pointe 56 CEEAG, tabhair údar leis conas nach mbíonn róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán na cabhrach a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith le haghaidh tionscadail nó gníomhaíochta ná nach sáraíonn sé uasmhéid na cabhrach a cheadaítear faoi phointe 199, pointe 201 nó pointe 202 CEEAG. Le haghaidh gach birt, sonraigh ar féidir an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta cabhrach a dtugtar fógra ina leith a charnadh leis, an modh a úsáidtear chun comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe 56 CEEAG a áirithiú.
…
|
|
37.
|
I gcás inarb infheidhme pointe 57 CEEAG, i.e. déantar an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a chomhcheangal le cistiú ón Aontas a bhainistítear go lárnach (355) (nach státchabhair é), tabhair údar leis an gcaoi nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán an chistithe phoiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe chéanna.
…
|
|
2.1.5.
|
Trédhearcacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.4 (pointí 58-61) CEEAG.
|
|
38.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le trédhearcacht dá bhforáiltear i bpointí 58-61 CEEAG.
…
|
|
39.
|
Tabhair an nasc idirlín ina bhfoilseofar téacs iomlán na scéime cabhrach formheasta nó an chinnidh deonaithe cabhrach aonair agus a fhoráil cur chun feidhme agus faisnéis maidir le gach dámhachtain cabhrach aonair a deonaíodh ad hoc nó faoi scéim cabhrach a formheasadh ar bhonn CEEAG agus ar mó ná EUR 100 000 í.
…
|
|
2.2.
|
Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.2 (pointí 63-70) agus roinn 4.3.2.4 (pointí 205-216) CEEAG.
|
|
40.
|
Chun comhlíonadh phointe 67 CEEAG a fhíorú, tabhair faisnéis maidir leis na héifeachtaí diúltacha gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart nó ag na bearta a dtugtar fógra ina leith ar an iomaíocht agus ar an trádáil.
…
|
|
41.
|
Mínigh an dtagann an beart faoi aon cheann de na cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
Baineann sé le margadh (nó margaí) ina bhfuair sealbhóirí cumhacht mhargaidh roimh léirscaoileadh an mhargaidh;
…
|
|
(b)
|
Baineann próisis tairisceana iomaíocha i margadh/margaí nuaghinte leis, i gcás ina bhfuil gníomhaí ann a bhfuil suíomh láidir aige ar an margadh;
…
|
|
(c)
|
Ní rachaidh sé chun tairbhe ach do thairbhí amháin nó do líon an-teoranta tairbhithe.
…
|
|
|
42.
|
Dá ndíreodh an beart cabhrach ar rogha/conair theicneolaíoch shonrach, tabhair údar leis an gcúis leis an rogha theicneolaíoch agus nach ndíspreagfaidh sé úsáid teicneolaíochtaí níos glaine.
…
|
|
43.
|
Mura rachaidh an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith chun tairbhe ach do thairbhí amháin nó do líon an-teoranta tairbhithe, chun comhlíonadh phointe 68 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh an neartaíonn nó an gcoinníonn an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith cumhacht mhargaidh an tairbhí ar bun nó an ndíspreagann sé/siad forleathnú iomaitheoirí atá ann cheana nó an spreagann sé/siad a scor nó an ndíspreagann sé/siad iontráil iomaitheoirí nua. Mínigh ina leith sin freisin cé acu a bheidh nó nach mbeidh méadú ar acmhainneacht an tairbhí mar thoradh ar an mbeart cabhrach.
…
|
|
(b)
|
Tabhair tuairisc ar na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun teorainn a chur leis an saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an gcabhair a dheonú don tairbhí/do na tairbhithe.
…
|
|
|
44.
|
Chun comhlíonadh phointe 69 CEEAG a léiriú, mínigh na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
Má tá sé d’aidhm ag an gcabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith gníomhaíocht eacnamaíoch a chaomhnú i réigiún amháin nó í a mhealladh ó réigiúin eile laistigh den mhargadh inmheánach.
…
|
|
(b)
|
Más amhlaidh, sonraigh an ghlanéifeacht chomhshaoil atá ag an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith agus conas a fheabhsaítear an leibhéal cosanta comhshaoil atá ann cheana sna Ballstáit leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith.
…
|
|
(c)
|
Conas nach mbeidh aon éifeacht diúltach follasach ar an iomaíocht ná ar an trádáil mar thoradh ar an gcabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith.
…
|
|
(d)
|
I gcás cabhair aonair, na príomhchúiseanna le rogha an tairbhí maidir leis an suíomh le haghaidh na n-infheistíochtaí.
|
|
|
45.
|
Chun comhlíonadh phointe 70 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Deimhnigh go bhféadfar cabhair a dheonú faoin scéim a dtugtar fógra ina leith ar feadh uastréimhse 10 mbliana ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh sa chás gur mian le d’údaráis síneadh a chur le tréimhse na scéime thar an uastréimhse, go dtabharfaidh siad fógra an athuair faoin mbeart/faoi na bearta.
…
|
|
|
46.
|
Bonneagar athluchtaithe nua lenar féidir leictreachas a aistriú a bhfuil aschur cumhachta suas le 22 kW aige, deimhnigh go bhfuil sé sin in ann tacú le feidhmiúlachtaí athluchtaithe cliste (pointe 206 CEEAG).
…
|
|
47.
|
Má dheonaítear cabhair le haghaidh bonneagar athbhreoslaithe d’iompar d’uisce agus aeriompar agus do sholáthairtí breoslaí sintéiseacha, lena n-áirítear breoslaí iompair in-athnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, nó bithbhreoslaí, tabhair údar leis an ngá atá le bonneagar nua. I gcás breoslaí sintéiseacha inionadaithe nó bithbhreoslaí, cuir san áireamh a mhéid is féidir bonneagar atá ann cheana a úsáid chun breoslaí sintéiseacha inionadaithe nó bithbhreoslaí a sholáthar (pointe 207 CEEAG).
…
|
|
48.
|
Más cabhair í chun bonneagar athbhreoslaithe GNC agus GNL a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú nó a leathnú le haghaidh iompar d’uisce, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
léirigh nach bhfuil aon rogha mhalartach níos glaine ar fáil go héasca ar an margadh agus go bhfuil coinne leis nach mbeidh rogha den chineál sin ar fáil sa ghearrthéarma.
…
|
|
(b)
|
míniú conas a d’úsáidfí an bonneagar athbhreoslaithe sin chun an t-aistriú i dtreo breoslaí ísealcharbóin a spreagadh (pointe 209 CEEAG), agus
…
|
|
(c)
|
cé acu atá nó nach bhfuil an infheistíocht ina cuid de bhealach dícharbónaithe agus conas a rannchuidíonn an chabhair le baint amach na spriocanna a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid (pointe 209 CEEAG).
…
|
|
|
49.
|
Más cabhair í chun bonneagar athbhreoslaithe GNL i gcomhar feithiclí tromshaothair a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú nó a leathnú, deimhnigh nach ndeonófar í tar éis 2025. Míniú conas a rannchuideoidh an chabhair le baint amach na spriocanna a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid (pointe 210 CEEAG).
…
|
|
50.
|
I gcás bonneagar athbhreoslaithe hidrigine, léirigh an bhfuil cabhair faoin mbeart faoi réir an choinníll go mbeidh an hidrigin a sholáthraítear ag an mbonneagar athbhreoslaithe dá dtugtar tacaíocht, go mbeidh sí in-athnuaite nó ísealcharbóin ar feadh a saolré iomláine. Mura bhfuil, mínigh cé acu a áiritheofar nó nach n-áiritheofar go mbeidh bealach inchreidte ag tairbhithe i dtreo deireadh a chur de réir a chéile le hidrigin nach hidrigin in-athnuaite ná ísealcharbóin í chun an bonneagar athbhreoslaithe a sholáthar faoi 2035 ar a dhéanaí, agus conas a áiritheofar sin (pointe 212 CEEAG).
…
|
|
51.
|
Mínigh cé acu atá nó nach bhfuil coimircí sa bheart a dtugtar fógra ina leith i gcoinne seasaimh cumhachta margaidh a chruthú nó a threisiú, seasaimh a d’fhéadfadh iomaíocht éifeachtach i margaí nua nó i margaí atá i mbéal forbartha a chosc nó a dhochrú (mar shampla, uaschéatadán den bhuiséad a bhunú don bheart is féidir a leithdháileadh ar ghnóthas aonair amháin) (pointe 213 CEEAG).
…
|
|
52.
|
Tabhair tuairisc ar na coimircí atá i bhfeidhm mar chuid den bheart a dtugtar fógra ina leith chun a áirithiú nach ndéanfaidh oibreoirí bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe a thairgeann nó a cheadaíonn íocaíochtaí atá bunaithe ar chonradh maidir lena mbonneagar, nach ndéanfaidh siad idirdhealú míchuí idir soláthraithe seirbhísí soghluaisteachta, mar shampla trí choinníollacha rochtana fabhracha nach bhfuil údar maith leo a chur i bhfeidhm, nó trí phraghsanna a dhifreáil gan údar maith (pointe 214 CEEAG).
…
|
|
53.
|
Aon lamháltas nó aon ní eile a thugtar do thríú páirtí (seachas an tairbhí) chun an bonneagar athbhreoslaithe a oibriú, deimhnigh go mbeadh sé á dhámhachtain ar bhonn iomaíoch trédhearcach neamh-idirdhealaitheach, agus aird chuí á tabhairt ar rialacha soláthair phoiblí an Aontais, i gcás inarb infheidhme (pointe 215 CEEAG).
…
|
|
54.
|
Más rud é go mbeidh rochtain ar an mbonneagar ag úsáideoirí seachas tairbhí nó tairbhithe na cabhrach, deimhnigh go n-áiritheofar rochtain neamh-idirdhealaitheach d’úsáideoirí, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, i ndáil le taraifí, modhanna fíordheimhniúcháin agus íocaíochta agus téarmaí agus coinníollacha úsáide eile (pointe 216 CEEAG).
…
|
|
55.
|
Na táillí a ghearrtar ar úsáideoirí as an mbonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe dá dtugtar tacaíocht a úsáid, deimhnigh go gcomhfhreagraíonn siad do phraghsanna margaidh (pointe 216 CEEAG). Léirigh an mbeidh oibreoirí an bhonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe dá dtugtar tacaíocht faoi réir aon uasteorann praghais; más rud é go mbeidh, mínigh conas a bunaíodh uasteorainneacha praghais den sórt sin.
…
|
|
3.
|
Éifeachtaí dearfacha na cabhrach a chur i gcomparáid leis na héifeachtaí diúltacha ar an iomaíocht agus ar an trádáil
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.3 (pointí 71-76) CEEAG.
|
|
56.
|
Chun comhlíonadh phointe 72 CEEAG a fhíorú, mínigh an gcomhlíonann gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith na critéir maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (356), lena n-áirítear an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, nó modheolaíochtaí inchomparáide eile.
…
|
|
57.
|
(I gcás próiseas tairisceana iomaíoch) Mínigh an bhfuil gnéithe sa bheart/sna bearta a dtugtar fógra ina leith chun rannpháirtíocht FBManna i bpróisis tairisceana iomaíocha a éascú. I gcás deimhneach, tabhair faisnéis maidir leis na gnéithe sin agus tabhair údar leis an gcaoi gur mó na héifeachtaí dearfacha a bhaineann le rannpháirtíocht FBManna a áirithiú sa bheart/sna bearta a dtugtar fógra ina leith ná na hiarmhairtí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ann.
…
|
Roinn C: Meastóireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach Roinn 5 (pointí 455-463) CEEAG.
|
58.
|
I gcás ina sáraíonn an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith na tairseacha buiséid/caiteachais i bpointe 456 CEEAG, mínigh cén fáth, i do thuairim, ar cheart feidhm a bheith ag an eisceacht i bpointe 457 CEEAG, nó cuir Iarscríbhinn i gceangal leis an bhfoirm fógra seo ina bhfuil dréachtphlean meastóireachta ina gcumhdaítear an raon feidhme a luaitear i bpointe 458 CEEAG (357).
…
|
|
59.
|
Má sholáthraítear dréachtphlean meastóireachta, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
tabhair thíos achoimre ar an dréachtphlean meastóireachta sin atá san Iarscríbhinn.
…
|
|
(b)
|
deimhnigh go n-urramófar pointe 460 CEEAG.
…
|
|
(c)
|
tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh an plean meastóireachta ar fáil go poiblí.
…
|
|
|
60.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(b) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair agus gur faide í ná 3 bliana, deimhnigh go dtabharfaidh tú fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis modhnú mór lena méadófar buiséad na scéime go dtí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéime.
…
|
|
61.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(c) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair, tabhair gealltanas thíos go dtabharfaidh an Ballstát fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachas os cionn EUR 150 milliún sa bhliain roimhe sin a thaifeadadh i gcuntais oifigiúla.
…
|
|
62.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Soiléirigh an bhfuil an saineolaí neamhspleách roghnaithe cheana nó an roghnófar amach anseo é.
…
|
|
(b)
|
Tabhair faisnéis faoin nós imeachta chun an saineolaí a roghnú.
…
|
|
(c)
|
Tabhair údar leis an gcaoi a bhfuil an saineolaí neamhspleách ar an údarás deonúcháin.
…
|
|
|
63.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Tabhair na sprioc-amanna atá beartaithe agat chun an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach a chur isteach. Tabhair faoi deara nach mór an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin in am trátha ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fhadú féideartha na scéime cabhrach agus, ar a dhéanaí, 9 mí sula rachaidh sí in éag, i gcomhréir le pointe 463 CEEAG. Tabhair faoi deara go bhféadfaí an sprioc-am sin a laghdú i gcás scéimeanna a spreagann an ceanglas meastóireachta le linn an 2 bhliain dheireanacha dá gcur chun feidhme.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh go gcuirfear an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach ar fáil go poiblí. Tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh na tuarascálacha sin le fáil go poiblí.
…
|
|
Roinn D: Tuairisciú agus faireachán
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach Roinn 6 (pointí 464-465) CEEAG.
|
64.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le tuairisciú agus faireachán a leagtar amach i Roinn 6, pointí 464 agus 465 CEEAG.
…
|
CUID III.6.E
Bileog faisnéise forlíontaí maidir le státchabhair a dheonaítear faoi na Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (dá ngairtear ‘CEEAG’ anseo feasta) - Roinn 4.4 – Cabhair le haghaidh éifeachtúlacht acmhainní agus chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach
Baineann an bhileog faisnéise forlíontaí seo le bearta a chumhdaítear i Roinn 4.4 CEEAG. Má áirítear san fhógra bearta a chumhdaítear i níos mó ná roinn amháin CEEAG, líon isteach freisin an bhileog faisnéise forlíontaí a bhaineann leis an roinn CEEAG lena mbaineann a luaithe a bheidh sí ar fáil.
Na doiciméid uile a sholáthraíonn na Ballstáit mar iarscríbhinní a ghabhann leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo, ní mór iad a bheith uimhrithe agus ní mór uimhreacha na ndoiciméad a bheith léirithe sna ranna ábhartha den bhileog faisnéise forlíontaí seo.
Roinn A: Achoimre ar phríomh-shaintréithe an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith
|
1.
|
Cúlra agus cuspóir/cuspóirí an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith.
|
|
1.1.
|
Mura bhfuil sé pléite cheana faoi roinn 5.2 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an cúlra agus an príomhchuspóir, lena n-áirítear aon sprioc de chuid an Aontais maidir leis an aistriú i dtreo geilleagar ciorclach a bhfuil sé beartaithe leis an mbeart tacú léi.
…
|
|
1.2.
|
Sonraigh aon chuspóir eile a shaothraítear leis an mbeart. I gcás aon chuspóir nach cuspóir comhshaoil amach is amach é, mínigh cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh aon saobhadh iomaíochta ar an margadh inmheánach a bheith mar thoradh air.
…
|
|
2.
|
Teacht i bhfeidhm agus fad:
|
|
2.1.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi roinn 5.5 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), sonraigh an dáta óna bhfuil sé beartaithe go dtiocfaidh an scéim cabhrach i bhfeidhm;
…
|
|
2.2.
|
Sonraigh fad na scéime (358).
…
|
|
3.1.
|
Mura bhfuil sé curtha ar fáil cheana faoi roinn 3 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair tuairisc ar thairbhí (féideartha) an bhirt/na mbeart;
…
|
|
3.2.
|
Sonraigh suíomh an tairbhí nó na dtairbhithe (féideartha) (i.e. mura bhfuil ach eintitis eacnamaíocha atá lonnaithe sna Ballstáit lena mbaineann nó i mBallstáit eile freisin incháilithe chun páirt a ghlacadh sa bheart).
…
|
|
3.3.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 15 CEEAG, sonraigh an ndeonaítear cabhair faoin mbeart nó faoi na bearta i bhfabhar gnóthas (gnóthas aonair nó cuid de scéim) atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
Más amhlaidh, tabhair faisnéis maidir leis an méid cabhrach atá fós le haisghabháil ionas go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh é sa mheasúnú ar an mbeart cabhrach/na bearta cabhrach.
…
|
|
4.
|
Deimhnigh nach mbaineann an beart/na bearta le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm CEEAG (féach pointe 13 CEEAG). Murab amhlaidh, tabhair sonraí.
…
|
|
5.
|
Buiséad agus maoiniú an bhirt/na mbeart.
|
|
5.1.
|
Mura bhfuil sé luaite cheana sa tábla faoi roinn 7.1 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an buiséad bliantúil agus/nó an buiséad iomlán le haghaidh fhad iomlán an bhirt/na mbeart; murab eol an buiséad iomlán (mar shampla toisc go mbraitheann sé ar thorthaí na dtairiscintí), sonraigh buiséad measta, lena n-áirítear na toimhdí a úsáideadh chun an buiséad measta lena mbaineann a ríomh (359).
…
|
|
5.2.
|
más trí thobhach a mhaoinítear an beart, soiléirigh na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
an le dlí nó le haon ghníomh reachtach eile a shocraítear an tobhach; más amhlaidh, tabhair an gníomh dlí, uimhir agus dáta a ghlactha agus a theacht i bhfeidhm, an nasc idirlín chuig an ngníomh dlí;
…
|
|
(b)
|
an ngearrtar an tobhach go cothrom ar tháirgí intíre agus allmhairithe;
…
|
|
(c)
|
an rachaidh an beart a dtugtar fógra ina leith chun tairbhe do tháirgí intíre agus do tháirgí a allmhairítear go cothrom;
…
|
|
(d)
|
an maoinítear an beart go hiomlán nó go páirteach leis an tobhach. Mura maoinítear an beart ach go páirteach leis an tobhach, sonraigh foinsí eile maoinithe an bhirt agus cion gach foinse acu sin;
…
|
|
(e)
|
an maoinítear bearta cabhrach eile leis an tobhach lena maoinítear an beart a dtugtar fógra ina leith. Más amhlaidh, sonraigh na bearta cabhrach eile a mhaoinítear leis an tobhach lena mbaineann.
…
|
|
Roinn B: Measúnú comhoiriúnachta ar an gcabhair
|
1.
|
COINNÍOLL DEARFACH: NÍ MÓR FORBAIRT GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE A ÉASCÚ LEIS AN GCABHAIR
|
|
1.1.
|
Cuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.1 (pointí 23-25) agus ranna 4.4.1 (pointí 217-219) agus 4.4.2 (pointí 220-224) CEEAG.
|
|
6.
|
Le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’) foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin ‘cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann’
. Dá bhrí sin, le cabhair a luíonn leis an margadh inmheánach faoin bhforáil sin den Chonradh ní mór rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe.
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 23 CEEAG, sainaithin na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar mar thoradh ar an gcabhair agus an chaoi a dtacaítear le forbairt na ngníomhaíochtaí sin.
…
|
|
7.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 25 CEEAG, tabhair tuairisc ar cibé ‘a rannchuideoidh an chabhair le cuspóirí bheartas aeráide an Aontais, cuspóirí bheartas comhshaoil an Aontais agus cuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus conas a dhéanfar sin, agus, go sonrach, tairbhí na cabhrach a bhfuil coinne leo maidir le cuidiú nach beag le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear maolú ar an athrú aeráide, nó feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh’.
…
|
|
8.
|
Ina theannta sin, cuir i dtábhacht a mhéid a bhaineann an chabhair leis na beartais a dtugtar tuairisc orthu faoi phointí 217 go 219 CEEAG.
…
|
|
9.
|
Tabhair tuairisc ar na ceanglais incháilitheachta is infheidhme maidir leis an tairbhí/na tairbhithe (mar shampla trí aon cheanglas teicniúil, comhshaoil (i.e. ceadanna), airgeadais (i.e. comhthaobhachtaí) nó aon cheanglas eile is gá don tairbhí/do na tairbhithe a chomhlíonadh a chur san áireamh).
…
|
|
10.
|
Maidir le cabhair aonair agus scéimeanna cabhrach atá ag dul chun tairbhe do líon an-teoranta tairbhithe nó do thairbhí atá ann faoi láthair, soláthair cainníochtú ar na tairbhí comhshaoil a bhfuil coinne leo de bharr an bhirt (acmhainní a shábháiltear/ídiú acmhainní a sheachnaítear) agus mínigh an modh a úsáideadh chun iad a chainníochtú.
…
|
|
11.
|
Tabhair faisnéis maidir le raon feidhme agus gníomhaíochtaí an bhirt cabhrach/na mbeart cabhrach a dtacaítear leo, agus léirigh cé acu de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointí 220 agus 221 CEEAG lena gcomhfhreagraíonn siad.
…
|
|
12.
|
Tabhair faoi deara nach ndéantar measúnú ar na bearta cabhrach infheistíochta seo a leanas faoi Roinn 4.4:
|
(a)
|
Teas iarmharach a aisghabháil ó phróisis táirgthe
|
|
(b)
|
Gabháil, úsáid agus stóráil carbóin
|
|
(c)
|
Bithbhreoslaí, bithleachtanna, bithghás nó breoslaí bithmhaise a tháirgtear le dramhaíl
|
|
(d)
|
Giniúint fuinnimh ó dhramhaíl
|
|
(e)
|
Fuinnimh nó teas a tháirgtear le dramhaíl a bhaineann le hinfheistíochtaí i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair nó lena n-oibriú.
|
Féach an fhoirm fógra a bhaineann le Roinn 4.1 le haghaidh infheistíochtaí a liostaítear i bpointí a go d, toisc go ndéanfar measúnú ar na bearta sin mar a leagtar amach i Roinn 4.1 CEEAG, agus an fhoirm fógra a bhaineann le Roinn 4.10 le haghaidh na hinfheistíochta ar a dtugtar tuairisc i bpointe e, toisc go ndéanfar measúnú air sin mar a leagtar amach i Roinn 4.10 CEEAG
…
|
|
13.
|
Léirigh cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear leis an mbeart cabhrach freisin costais oibriúcháin chun dramhaíl a bhailiú agus a shórtáil ar leithligh agus má chumhdaítear, cé na sruthanna dramhaíola nó na cineálacha dramhaíola a chumhdaítear.
…
|
|
1.2.
|
Éifeacht dreasachta
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.2 (pointí 26-32) agus roinn 4.4.3 (pointí 225-233) CEEAG.
|
|
14.
|
Ní féidir a mheas go n-éascaíonn cabhair gníomhaíocht eacnamaíoch ach amháin má tá éifeacht dreasachta aici. Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 26 CEEAG, mínigh conas a ‘spreagann [an beart/na bearta] an tairbhí chun a iompraíocht a athrú, chun dul i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch bhreise nó gníomhaíocht eacnamaíoch atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, nach ndéanfadh sé gan an chabhair nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó éagsúil’.
…
|
|
15.
|
De bhun phointe 28 CEEAG:
|
|
15.1.
|
Tabhair tuairisc chuimsitheach ar an gcás fíorasach a bhfuil coinne leis mar thoradh ar an mbeart cabhrach agus ar an gcás frithfhíorasach dóchúil nó na cásanna frithfhíorasacha dóchúla in éagmais an bhirt cabhrach. (360) I gcás ina measann tú go bhféadfar tacú le catagóirí éagsúla tairbhithe, áirithigh go bhfuil an cás frithfhíorasach inchreidte le haghaidh gach ceann de na catagóirí sin. Cuir san áireamh na ceanglais maidir leis an gcás frithfhíorasach a áirítear i bpointí 226-230 agus i bpointe 239 CEEAG, go háirithe:
|
(a)
|
Go ginearálta, comhfhreagraíonn an cás frithfhíorasach d’infheistíocht ag a bhfuil an acmhainneacht chéanna, an saolré chéanna agus, i gcás inarb iomchuí, na saintréithe teicniúla ábhartha eile céanna, leis an infheistíocht atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, ach is cás é as a n-eascraíonn leibhéal níos ísle cosanta comhshaoil, mar shampla suiteáil ina gcóireáiltear an dramhaíl bunaithe ar oibríocht atá níos ísle in ord tosaíochta ord na réiteach dramhaíola nó ar bhealach nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna ó thaobh acmhainní de; i gcás inar féidir an príomh-amhábhar nó an príomhtháirge a chur in ionad, go teicniúil agus go heacnamaíoch, an táirge (thánaistigh) athúsáidte nó athchúrsáilte, féadfar an ghnáthshuiteáil a bhaineann le táirgeadh an phríomh-amhábhair nó an phríomhtháirge a úsáid mar chás frithfhíorasach.
|
|
(b)
|
De rogha ar an méid sin, féadfaidh an cás frithfhíorasach comhfhreagairt do cheann amháin de na cásanna seo a leanas freisin:
|
(i)
|
na suiteálacha nó an trealamh atá i bhfeidhm cheana féin a choinneáil ar bun ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn do shaolré na hinfheistíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol; sa chás sin, ba cheart na costais lascainithe chothabhála, deisiúcháin agus nuachóirithe thar an tréimhse sin a chur san áireamh (pointe 227 CEEAG);
|
|
(ii)
|
athsholáthar na suiteálacha nó an trealaimh ina dhiaidh sin; sa chás sin, ní mór luach lascainithe na suiteálacha agus an trealaimh a chur san áireamh agus ní mór an difríocht i saolré eacnamaíoch na suiteálacha nó an trealaimh faoi seach a chothromú i gcomhréir le pointe 228 CEEAG;
|
|
(iii)
|
léasú trealaimh nach bhfuil chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus a d’úsáidfí in éagmais na cabhrach; sa chás sin, ba cheart luach lascainithe léasaithe an trealaimh nach bhfuil chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur san áireamh i gcomhréir le pointe 229 CEEAG;
|
|
(iv)
|
i gcás nach bhfuil tionscadal infheistíochta malartach ann, go háirithe i gcás inarb é atá san infheistíocht dá dtugtar cabhair suiteálacha nó trealamh a chur le saoráidí atá ann cheana, sa chás sin féadfar a úsáid mar chás frithfhíorasach suiteálacha nó trealamh nach bhfuil aon ghnáthrogha mhalartach den chineál céanna ann ina leith.
|
|
Agus tuairisc á tabhairt ar an gcás fíorasach agus ar an gcás frithfhíorasach nó ar na cásanna frithfhíorasacha a d’fhéadfadh a bheith ann, sonraigh acmhainneacht, saolré agus saintréithe teicniúla eile na hinfheistíochta le haghaidh an cháis fhíorasaigh nó an cháis fhrithfhíorasaigh nó le haghaidh na gcásanna fíorasacha nó na gcásanna frithfhíorasacha araon.
…
|
|
15.2.
|
Mínigh go hachomair an réasúnaíocht atá le rogha an cháis fhrithfhíorasaigh dhóchúil nó na gcásanna frithfhíorasacha dóchúla, i bhfianaise na gcatagóirí éagsúla tairbhithe atá beartaithe, más infheidhme
…
|
|
15.3.
|
Déan cainníochtú ar na costais agus na hioncaim a bhaineann le cásanna fíorasacha agus cásanna frithfhíorasacha agus tabhair údar leis an athrú iompraíochta i gcás inarb ábhartha le haghaidh gach catagóir tairbhí, ar bhonn an mhéid seo a leanas:
|
(a)
|
an tionscadal/na tionscadail lena mbaineann (361), na cásanna frithfhíorasacha comhfhreagracha agus an bhearna chistithe atá mar thoradh orthu
…
NÓ
|
|
(b)
|
fianaise chainníochtúil ábhartha atá bunaithe ar staidéir mhargaidh, ar phleananna infheisteoirí, ar thuarascálacha airgeadais, nó ar fhianaise chainníochtúil eile lena n-áirítear tairiscintí a rinneadh maidir le tionscadail chomhchosúla i bpróisis tairisceana iomaíocha inchomparáide le déanaí. (362)
…
|
|
|
16.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 27 CEEAG, tabhair faisnéis chun a dheimhniú nach dtacaíonn an chabhair leis na costais a bhaineann le gníomhaíocht a dhéanfadh tairbhí na cabhrach pé scéal é agus nach gcúitíonn an chabhair an gnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch.
…
|
|
17.
|
Chun comhlíonadh phointí 29 agus 31 CEEAG a léiriú:
|
(a)
|
Deimhnigh nár cuireadh tús leis na hoibreacha ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht sula ndearna an tairbhí iarratas i scríbhinn ar chabhair chuig na húdaráis náisiúnta;
…
NÓ
|
|
(b)
|
I gcás tionscadail ar cuireadh tús leo roimh an iarratas ar chabhair, léirigh go dtagann an tionscadal faoi cheann de na cásanna eisceachtúla dá bhforáiltear i bpointe 31 CEEAG ((a), (b) nó (c)).
|
…
|
|
18.
|
Chun comhlíonadh phointe 30 CEEAG a léiriú, deimhnigh go n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chabhair: ainm an iarratasóra, tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear a suíomh, agus an méid cabhrach is gá chun an tionscadal nó an ghníomhaíocht a dhéanamh.
…
|
|
19.
|
Chun comhlíonadh phointí 32, 232 agus 233 CEEAG a léiriú:
|
(a)
|
Sonraigh an ann do chaighdeáin de chuid an Aontais (363) is infheidhme maidir leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith, an ann do chaighdeáin náisiúnta shainordaitheacha atá níos déine nó níos uaillmhianaí ná caighdeáin chomhfhreagracha an Aontais, nó an ann do chaighdeáin náisiúnta shainordaitheacha arna nglacadh in éagmais caighdeáin de chuid an Aontais;
Sa chomhthéacs sin, tabhair faisnéis chun an éifeacht dreasachta a léiriú.
…
|
|
(b)
|
I gcásanna inar glacadh caighdeán ábhartha an Aontais cheana ach nach bhfuil sé i bhfeidhm go fóill, léirigh go bhfuil éifeacht dreasachta ag an gcabhair toisc go ndreasaíonn sé an infheistíocht atá le cur chun feidhme agus le tabhairt i gcrích 18 mí ar a laghad sula dtiocfaidh an caighdeán i bhfeidhm i gcomhréir le pointe 233 CEEAG.
…
|
|
|
20.
|
Chun comhlíonadh Roinn 4.4.3 CEEAG a léiriú, léirigh cé acu atá nó nach bhfuil tionscadail lena mbaineann tréimhse aisíoca níos lú ná 5 bliana incháilithe do chabhair faoin mbeart cabhrach. Más amhlaidh, mínigh cén fáth a bhfuil gá leis an gcabhair sin chun athrú iompraíochta a spreagadh i gcomhréir le pointe 231 CEEAG.
…
|
|
1.3.
|
Gan sárú ar aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.3 (pointe 33) CEEAG.
|
|
21.
|
Tabhair faisnéis chun comhlíonadh fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais a dheimhniú, i gcomhréir le pointe 33 CEEAG.
…
|
|
22.
|
Má úsáidtear tobhach chun an beart/na bearta a mhaoiniú, soiléirigh an gá an measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Más gá, léirigh conas a chomhlíonann an beart forálacha Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Sa chomhthéacs sin, is féidir tagairt a dhéanamh don fhaisnéis a chuirtear isteach faoi cheist 5.2. thuas, i gcás ina maoinítear an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith trí thobhach.
…
|
|
2.
|
COINNÍOLL DIÚLTACH: NÍ FÉIDIR LEIS AN GCABHAIR DIFEAR MÍCHUÍ A DHÉANAMH DO CHOINNÍOLLACHA TRÁDÁLA AN OIREAD IS GO MBEADH DOCHAR ANN DON LEAS COITEANN
|
|
2.1.
|
Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála
|
|
2.1.1.
|
Riachtanas na cabhrach
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1,1 (pointí 34--38) agus roinn 4.4.4,1 (pointí 234-236) CEEAG.
|
|
23.
|
Mínigh cén cliseadh margaidh/clistí margaidh a shainaithin d’údaráis a chuireann cosc ar leibhéal leordhóthanach cosanta comhshaoil a bhaint amach. Sonraigh an chatagóir faoina dtagann na clistí margaidh sainaitheanta, trí thagairt a dhéanamh do litreacha (a), (b), (c) nó (d) de phointe 34 CEEAG.
…
|
|
24.
|
I gcomhréir le pointe 35 CEEAG, tabhair faisnéis maidir le haon bheartas agus aon bheart atá ann cheana a shainaithin d’údaráis, agus atá dírithe cheana féin ar na clistí rialála nó margaidh a sainaithníodh.
…
|
|
25.
|
Chun comhlíonadh phointe 36 CEEAG a léiriú tabhair faisnéis a léiríonn go ndírítear an chabhair go héifeachtach ar chlistí margaidh iarmharacha, agus aird á tabhairt freisin ar aon bheartas agus aon bheart eile atá i bhfeidhm cheana chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na clistí margaidh a sainaithníodh.
…
|
|
26.
|
Chun comhlíonadh phointe 37 CEEAG a léiriú, mínigh, go bhfios do d’údaráis, an bhfuil tionscadail nó gníomhaíochtaí cosúil leo siúd a chumhdaítear leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith maidir lena n-ábhar teicneolaíoch, lena leibhéal riosca agus lena méid, curtha i gcrích cheana laistigh den Aontas faoi choinníollacha an mhargaidh. I gcás deimhneach, tabhair tuilleadh fianaise chun an gá atá le státchabhair a léiriú.
…
|
|
27.
|
Chun comhlíonadh phointe 38 CEEAG a léiriú, féach an fhianaise chainníochtúil a soláthraíodh cheana faoi cheist 15 thuas.
…
|
|
28.
|
Ina theannta sin, tabhair tuairisc, i gcomhréir le pointe 235 CEEAG, ar na cleachtais tráchtála sheanbhunaithe san earnáil lena mbaineann agus taispeáin go dtéann an tionscadal thar na cleachtais tráchtála sheanbhunaithe sin a chuirtear i bhfeidhm go ginearálta ar fud an Aontais agus ar fud na dteicneolaíochtaí.
…
|
|
29.
|
Chun comhlíonadh phointe 236 CEEAG a léiriú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
I gcás cabhrach le haghaidh bailiú agus sórtáil ar leithligh dramhaíola agus táirgí, ábhar agus substaintí eile, léirigh go bhfuil an bailiú agus sórtáil ar leithligh sin tearcfhorbartha i do Bhallstát (364).
…
|
|
(b)
|
I gcás cabhrach a dheonaítear chun costais oibriúcháin a chumhdach, léirigh go bhfuil gá leis an gcabhair sin le linn idirthréimhse chun forbairt na ngníomhaíochtaí a bhaineann le bailiú agus sórtáil ar leithligh dramhaíola a éascú. Cuir san áireamh aon oibleagáid atá ag gnóthais faoi scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora agus tabhair tuairisc uirthi, ar oibleagáid í a d’fhéadfadh a bheith curtha chun feidhme agat de bhun Airteagal 8 de Threoir 2008/98/CE.
…
|
|
|
2.1.2.
|
Oiriúnacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.2 (pointí 39-46) agus roinn 4.4.4.2 (pointe 238) CEEAG.
|
|
30.
|
Chun comhlíonadh phointe 40 CEEAG a fhíorú, léirigh nach bhfuil ionstraimí ar fáil nach bhfuil chomh saobhach céanna agus atá níos iomchuí.
|
|
31.
|
Chun comhlíonadh phointe 41 CEEAG a fhíorú, léirigh go bhfuil an beart cabhrach deartha ar bhealach nach mbainfear an bonn d’éifeachtúlacht beart eile lena leigheastar an cliseadh margaidh céanna, amhail sásraí margadhbhunaithe (e.g. CTA AE).
…
|
|
32.
|
Chun comhlíonadh phointe 42 CEEAG a fhíorú, deimhnigh nach bhféadfaí aon duine de thairbhithe an bhirt chabhrach/na mbeart cabhrach a chur faoi dhliteanas i leith an truaillithe faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá ann cheana (an prionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’).
…
|
|
33.
|
Chun chomhlíonadh phointe 238 CEEAG a fhíorú, léirigh nach scaoiltear leis an gcabhair gnóthais a ghineann dramhaíl ó aon chostas nó oibleagáid a bhaineann le cóireáil dramhaíola a bhfuil siad faoi dhliteanas ina leith faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear faoi scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora; agus nach scaoiltear gnóthais ó chostais ar cheart a mheas mar ghnáthchostais an ghnóthais mar gheall ar an gcabhair.
…
|
|
34.
|
Chun comhlíonadh phointí 43 go 46 CEEAG a fhíorú, chun oiriúnacht na cabhrach i measc ionstraimí cabhrach éagsúla a léiriú, tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh cén fáth nach bhfuil foirmeacha cabhrach eile, nach bhfuil chomh saobhach céanna b’fhéidir, chomh hiomchuí céanna, mar a cheanglaítear i bpointe 44 CEEAG. Ar na foirmeacha cabhrach nach mbeadh chomh saobhach céanna a d’fhéadfadh a bheith ann, tá airleacain in-aisíoctha in ionad deontais dhíreacha; creidmheasanna cánach in ionad laghduithe cánach; nó cineálacha cabhrach atá bunaithe ar ionstraimí airgeadais, amhail fiachas, in ionad ionstraimí cothromais, lena n-áirítear, mar shampla, iasachtaí ar ús íseal nó lacáistí ar ús, ráthaíochtaí Stáit, nó soláthar malartach maoinithe ar théarmaí fabhracha.
…
|
|
(b)
|
Léirigh go bhfuil rogha na hionstraime cabhrach iomchuí don chliseadh margaidh a bhfuil sé d’aidhm ag an mbeart cabhrach nó ag na bearta cabhrach aghaidh a thabhairt uirthi, mar a cheanglaítear i bpointe 45 CEEAG.
…
|
|
(c)
|
Mínigh conas atá an beart agus a dhearadh iomchuí chun cuspóir an bhirt ar a bhfuil an chabhair dírithe a bhaint amach, mar a cheanglaítear i bpointe 46 CEEAG.
…
|
|
|
2.1.3.
|
Comhréireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 239-244 CEEAG. Tabhair faoi deara go bhfuil na trí roinn 2.1.3.1., 2.1.3.2 agus 2.1.3.3. seo a leanas malartach. Ná tabhair freagraí ach ar an roinn is infheidhme, ag brath ar dhearadh an bhirt atá beartaithe [i gcás cabhair oibriúcháin le haghaidh bailiú, féach roinn 2.1.3.3].
|
|
2.1.3.1.
|
Cabhair bunaithe ar dhéine cabhrach a leagtar amach i bpointí 240-244 CEEAG
|
|
35.
|
Chun tuairisc a thabhairt ar na costais incháilithe i gcomhréir le pointe 239 CEEAG, sonraigh na costais infheistíochta bhreise atá nasctha go díreach le leibhéal níos airde cosanta comhshaoil a bhaint amach.
…
|
|
36.
|
Mínigh cén chaoi a gcinnfear agus a bhfíorófar costais infheistíochta na gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha.
…
|
|
37.
|
I gcás táirgí, substaintí nó ábhar ar féidir a rá fúthu gur dramhaíl iad agus i gcás nach bhfuil aon cheanglas dlíthiúil ann go ndéanfaí na táirgí, na substaintí nó ná hábhair sin a dhiúscairt nó a chóireáil ar shlí eile, deimhnigh go mbeidh na costais incháilithe ag comhfhreagairt don infheistíocht is gá chun na táirgí, na substaintí nó na hábhair lena mbaineann a aisghabháil.
…
|
|
38.
|
Sonraigh na huasteorainneacha cabhrach is infheidhme faoin mbeart agus sonraigh an bhfuil feidhm ag aon bhónas (mar a thuairiscítear i bpointí 241-244 CEEAG).
…
|
|
39.
|
I gcás gníomhaíochtaí éiceanuálaíochta, léirigh go gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas (pointe 244 CEEAG):
|
(a)
|
Tá an ghníomhaíocht éiceanuálaíochta nua nó tá sí feabhsaithe go mór i gcomparáid le húrscothacht a tionscail féin san Aontas (365);
|
|
(b)
|
Tá an sochar comhshaoil a bhfuil coinne leis i bhfad níos airde ná an feabhas a thiocfaidh as forás ginearálta na húrscothachta i ngníomhaíochtaí inchomparáide (366);
|
|
(c)
|
Baineann leibhéal soiléir riosca, ó thaobh na teicneolaíochta, an mhargaidh nó an airgeadais de, le gné nuálach na gníomhaíochta, ar riosca é atá níos airde ná an riosca a bhaineann de ghnáth le gníomhaíochtaí inchomparáide neamhnuálacha (367).
…
|
|
|
40.
|
Más de mhaolú ar phointí 241-244 CEEAG a mheastar go bhfuil gá le cabhair thar uasdéiní na cabhrach, sonraigh an leibhéal cabhrach a mheastar a bheith riachtanach agus tabhair údar leis ar bhonn anailís ar an mbearna chistithe le haghaidh tionscadail tagartha sna cásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha mar a shainaithnítear mar fhreagra ar cheist 15 thuas, i gcomhréir le pointí 51-52 CEEAG.
Maidir leis an anailís sin ar an mbearna chistithe, cuir cainníochtú isteach, maidir leis an gcás fíorasach/na cásanna fíorasacha agus maidir le cás(anna) réalaíoch frithfhíorasach(a) (368) a sainaithníodh mar fhreagra ar cheist 15 thuas, i leith na bpríomhchostas agus na bpríomhioncam uile, meánchostas ualaithe measta chaipitil na dtairbhithe (nó na dtionscadal tagartha) chun sreafaí airgid todhchaí a lascainiú, chomh maith leis an nglanluach láithreach le haghaidh na gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha, le linn shaolré an tionscadail/an tionscadail tagartha.
|
(a)
|
Tabhair é sin in Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfoirm fógra seo (trí chomhad Excel a úsáid ina bhfuil na foirmlí uile le feiceáil).
…
|
|
(b)
|
Cuir faisnéis mhionsonraithe isteach maidir leis na toimhdí, na modheolaíochtaí, an réasúnaíocht agus na foinsí is bonn leo, a úsáidtear le haghaidh gach gné de chainníochtú na gcostas agus na n-ioncam sa chás fíorasach agus an cás frithfhíorasach is dócha a bheidh ann (mar shampla, cuir na toimhdí a úsáideadh chun na cásanna sin a fhorbairt agus foinse/réasúnaíocht maidir leis na toimhdí sin san áireamh).
…
|
|
(c)
|
Maidir le cásanna cabhrach aonair agus scéimeanna aonair atá ag dul chun tairbhe do líon an-teoranta tairbhithe, ní mór don Bhallstát an fhianaise thacaíochta a chur i láthair ar leibhéal phlean gnó mionsonraithe an tionscadail.
Maidir le cásanna scéimeanna cabhrach, ní mór don Bhallstát an fhianaise thacaíochta a chur i láthair ar bhonn tionscadal tagartha amháin nó níos mó.
…
|
|
(d)
|
Is féidir leat na doiciméid a luaitear i bhfonóta 39 CEEAG a chur i gceangal leis an bhfoirm fógra seo freisin. D’fhéadfadh doiciméid bhoird a bheith úsáideach go háirithe le haghaidh bearta cabhrach aonair nó scéimeanna cabhrach aonair atá ag dul chun tairbhe do líon an-teoranta tairbhithe. Má tá na doiciméid sin i gceangal leis an bhfoirm fógra, tabhair liosta de na doiciméid sin thíos, ina sonraítear an t-údar, an dáta ar dréachtaíodh iad agus an comhthéacs inar úsáideadh iad.
…
|
|
|
41.
|
Léirigh freisin nach mbeadh cabhair a sháródh an bhearna chistithe mar thoradh ar chabhair níos airde a chur i bhfeidhm, ar cabhair í a chinnfí mar a shonraítear i gceist 40.
…
|
|
42.
|
I gcás inarb infheidhme pointe 52 CEEAG, i.e. is é is dóichí gurb é atá i gceist leis an gcás frithfhíorasach nach ndéanann an tairbhí gníomhaíocht ná infheistíocht, nó nach leanann sé dá ghnó gan athruithe, tabhair fianaise chun tacú leis an toimhde sin.
…
|
|
43.
|
I gcomhréir le pointe 245 CEEAG, deimhnigh, má tá gá le déine cabhrach cabhair níos airde bunaithe ar cheist 40, go ndéanfaidh d’údaráis faireachán ex post chun na toimhdí a rinneadh faoin leibhéal cabhrach is gá a fhíorú agus chun sásra aisghlámtha a chur i bhfeidhm agus chun tuairisc a thabhairt ar na sásraí faireacháin agus aisghlámtha atá beartaithe ag an mBallstát a thabhairt isteach.
…
|
|
2.1.3.2.
|
Comhréireacht na cabhrach a dheonaítear trí phróiseas tairisceana iomaíoch
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 49, 50 agus 246 CEEAG.
|
|
44.
|
Chun comhlíonadh phointí 49, 50 agus 246 CEEAG a fhíorú, tabhair na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh conas a áirithíonn na húdaráis go bhfuil an próiseas tairisceana oscailte, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, arna sainiú ex ante i gcomhréir le cuspóir an bhirt agus go n-íoslaghdaíonn sé riosca na dtairiscintí straitéiseacha (pointe 49(a) CEEAG).
…
|
|
(b)
|
Na critéir roghnúcháin a úsáidtear chun na tairiscintí a rangú, agus chun an leibhéal cabhrach sa phróiseas tairisceana iomaíoch a shainaithint ar deireadh. Go sonrach:
|
(i)
|
Tabhair liosta de na critéir roghnúcháin agus sonraigh cé acu atá baint dhíreach nó indíreach acu le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart. Cuir isteach a n-ualú.
…
|
|
(ii)
|
Mínigh conas a chuir na critéir roghnúcháin an rannchuidiú le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart i gcoibhneas díreach nó indíreach le méid na cabhrach arna iarraidh ag an iarratasóir. Féadfar é sin a shloinneadh, mar shampla, i dtéarmaí cabhair in aghaidh an aonaid cosanta comhshaoil nó i dtéarmaí cabhair in aghaidh an aonaid fuinnimh (pointe 50 agus fonóta 44 CEEAG).
…
|
|
(iii)
|
I gcás ina bhfuil critéir roghnúcháin eile ann nach bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart, tabhair cúiseanna leis an gcur chuige atá beartaithe agus mínigh conas atá sé iomchuí do na cuspóirí a shaothraítear leis an mbeart/na bearta. Deimhnigh freisin nach mó ná 30 % d’ualú na gcritéar roghnúcháin uile iad na critéir sin (pointe 50 CEEAG).
…
|
|
(iv)
|
Mínigh cé chomh fada roimh an sprioc-am chun iarratais a chur isteach i ngach próiseas tairisceana iomaíoch a fhoilseofar na critéir roghnúcháin (pointe 49(b) agus fonóta 43 CEEAG).
…
|
|
|
(c)
|
Mínigh na gnéithe ar ar bhunaigh tú an toimhde go mbeidh an próiseas tairisceana oscailte agus suibscríofa go cuí, i.e. gur féidir coinne a bheith leis nach bhfaighidh gach tairgeoir cabhair agus gur leordhóthanach an líon tairgeoirí a bhfuil coinne leo chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú ar feadh fhad na scéime (pointe 49(c) CEEAG). I do mhíniúchán, cuir buiséad nó méid na scéime san áireamh. I gcás inarb ábhartha, déan tagairt don fhianaise a tugadh sna freagraí faoi cheist 15.
…
|
|
(d)
|
Tabhair faisnéis maidir leis an líon babhtaí tairisceana atá beartaithe agus an líon tairgeoirí a bhfuil coinne leo sa chéad bhabhta agus le himeacht ama.
…
|
|
(e)
|
I gcás próiseas tairisceana gann-suibscríofa amháin nó níos mó, mínigh cén chaoi a gceartófar dearadh na bpróiseas tairisceana le linn chur chun feidhme na scéime chun iomaíocht éifeachtach a athbhunú agus cathain a dhéanfar sin (pointe 49(c) CEEAG).
…
|
|
(f)
|
Deimhnigh go seachnaítear coigeartuithe ex post ar thoradh an phróisis tairisceana (amhail caibidlíocht ina dhiaidh sin maidir le torthaí tairisceana nó ciondáil (pointe 49(d) CEEAG).
…
|
|
(g)
|
I gcás inar féidir ‘tairiscintí fóirdheontais nialasacha’ a bheith ann, mínigh cén chaoi a ndéanfar an chomhréireacht a áirithiú (féach pointe 49, fonóta 42 CEEAG).
…
|
|
(h)
|
Soiléirigh an bhfuil foráil déanta ag na húdaráis maidir le bonnphraghsanna nó uasteorainneacha a úsáid sa phróiseas tairisceana iomaíoch. I gcás deimhneach, tabhair údar lena n-úsáid agus mínigh conas nach gcuireann siad srian ar an bpróiseas tairisceana iomaíoch (pointe 49 agus fonóta 42 CEEAG).
…
|
|
|
2.1.3.3.
|
Comhréireacht na cabhrach lena gcumhdaítear costais oibriúcháin a bhaineann le bailiú agus sórtáil ar leithligh dramhaíola
|
|
45.
|
De réir phointe 247 CEEAG, féadfaidh an chabhair na costais oibriúcháin a chumhdach i gcás ina mbaineann sí le bailiú agus sórtáil ar leithligh dramhaíola nó táirgí, ábhar nó substaintí eile a bhaineann le sruthanna sonracha dramhaíola nó cineálacha sonracha dramhaíola d’fhonn ullmhú d’athúsáid nó athchúrsáil. I gcás ina mbeartaíonn tú cabhair den sórt sin, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Tabhair fianaise go ndeonófar an chabhair tar éis próiseas tairisceana iomaíoch a dhéanfar i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointí 49 agus 50 CEEAG, próiseas nach mór a bheith eagraithe ar bhonn neamh-idirdhealaitheach oscailte do gach oibreoir a sholáthraíonn seirbhísí bailithe agus sórtála ar leithligh. Chuige sin, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise a liostaítear faoi phointe 42 thuas a thabhairt.
|
|
(b)
|
Tabhair le fios cé acu atá nó nach bhfuil rialacha sa phróiseas tairisceana lena gcuirtear teorainn le cabhair in imthosca áirithe dea-shainaitheanta a bhunaítear ex ante. Más amhlaidh atá, déan an méid seo a leanas:
|
(i)
|
Léirigh go bhfuil údar leis na teorainneacha sin mar gheall ar ardleibhéal éiginnteachta maidir le héabhlóid na gcostas oibriúcháin amach anseo i gcaitheamh fhad an bhirt.
…
|
|
(ii)
|
Tabhair tuairisc ar na rialacha sin agus ar na himthosca seanbhunaithe gaolmhara.
…
|
|
|
(c)
|
Tabhair faisnéis maidir le haon chabhair infheistíochta a dheonaítear le haghaidh suiteáil a úsáidtear chun dramhaíl a bhailiú agus a shórtáil ar leithligh, ar dramhaíl í a thairbhíonn freisin de chabhair oibriúcháin. I gcás ina gcumhdaítear na costais incháilithe chéanna leis an dá chineál cabhrach, léirigh go n-asbhainfear an chabhair infheistíochta ón gcabhair oibriúcháin a dheonaítear don tsuiteáil chéanna, agus conas a áiritheofar é sin.
…
|
|
(d)
|
Deimhnigh nach dtéann fad na cabhrach deonaithe thar 5 bliana.
…
|
|
|
2.1.4.
|
Carnadh
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 56-57 CEEAG.
|
|
46.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi Chuid I den fhoirm fógra ghinearálta agus chun comhlíonadh phointe 56 CEEAG a fhíorú, soiléirigh an bhféadfaí an chabhair faoin mbeart nó faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a dhámhachtain i gcomhthráth faoi roinnt scéimeanna cabhrach nó a charnadh le cabhair ad hoc nó de minimis i ndáil leis na costais incháilithe chéanna. Más amhlaidh an cás, tabhair sonraí maidir leis na scéimeanna cabhrach sin, cabhair ad hoc nó cabhair de minimis agus conas a charnfar an chabhair.
…
|
|
47.
|
Má tá feidhm ag pointe 56 CEEAG, tabhair údar leis an gcaoi nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán na cabhrach a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith, beart/bearta le haghaidh tionscadail nó gníomhaíochta agus nach rachaidh sé thar an uasmhéid cabhrach a cheadaítear faoi phointí 241-245 CEEAG. Le haghaidh gach birt, sonraigh ar féidir an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta cabhrach a dtugtar fógra ina leith a charnadh leis, an modh a úsáidtear chun comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe 56 CEEAG a áirithiú.
…
|
|
48.
|
I gcás inarb infheidhme pointe 57 CEEAG, i.e. déantar an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a chomhcheangal le cistiú ón Aontas a bhainistítear go lárnach (369) (nach státchabhair é), tabhair údar leis an gcaoi nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán an chistithe phoiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe chéanna.
…
|
|
2.1.5.
|
Trédhearcacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.4 (pointí 58-61) CEEAG.
|
|
49.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le trédhearcacht dá bhforáiltear i bpointí 58-61 CEEAG.
…
|
|
50.
|
Tabhair an nasc idirlín ina bhfoilseofar téacs iomlán na scéime cabhrach formheasta nó an chinnidh deonaithe cabhrach aonair agus a fhorálacha cur chun feidhme agus faisnéis maidir le gach dámhachtain cabhrach aonair a deonaíodh ad hoc nó faoi scéim cabhrach a formheasadh ar bhonn CEEAG agus ar mó ná EUR 100 000 í.
…
|
|
2.2.
|
Seachaint éifeachtaí míchuí na cabhrach ar an iomaíocht agus ar an trádáil
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.2 (pointí 63-70) agus roinn 4.4.5 (pointí 248-252) CEEAG.
|
|
51.
|
Chun comhlíonadh phointe 67 CEEAG a fhíorú, tabhair faisnéis maidir leis na héifeachtaí diúltacha gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart nó ag na bearta a dtugtar fógra ina leith ar an iomaíocht agus ar an trádáil.
…
|
|
52.
|
Mínigh an dtagann an beart faoi aon cheann de na cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
Baineann sé le margadh (nó margaí) ina bhfuair sealbhóirí cumhacht mhargaidh roimh léirscaoileadh an mhargaidh;
…
|
|
(b)
|
Baineann próisis tairisceana iomaíocha i margadh/margaí nuaghinte leis, i gcás ina bhfuil gníomhaí ann a bhfuil suíomh láidir aige ar an margadh;
…
|
|
(c)
|
Ní rachaidh sé chun tairbhe ach do thairbhí amháin nó do líon an-teoranta tairbhithe.
…
|
|
|
53.
|
Dá ndíreodh an beart cabhrach ar rogha/conair theicneolaíoch shonrach, tabhair údar leis an gcúis leis an rogha theicneolaíoch agus nach ndíspreagfaidh sé úsáid teicneolaíochtaí níos glaine.
…
|
|
54.
|
Mura rachaidh an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith chun tairbhe ach do thairbhí amháin nó do líon an-teoranta tairbhithe, chun comhlíonadh phointe 68 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh an neartaíonn nó an gcoinníonn an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith cumhacht mhargaidh an tairbhí/na dtairbhithe ar bun nó an ndíspreagann sé/siad forleathnú iomaitheoirí atá ann cheana nó an spreagann sé/siad a scor nó an ndíspreagann sé/siad iontráil iomaitheoirí nua. Mínigh ina leith sin freisin cé acu a bheidh nó nach mbeidh méadú ar acmhainneacht an tairbhí mar thoradh ar an mbeart cabhrach.
…
|
|
(b)
|
Tabhair tuairisc ar an mbeart/na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun teorainn a chur leis an saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an gcabhair a dheonú don tairbhí/do na tairbhithe.
…
|
|
|
55.
|
Chun comhlíonadh phointe 69 CEEAG a léiriú, mínigh na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
Má tá sé d’aidhm ag an gcabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith gníomhaíocht eacnamaíoch a chaomhnú i réigiún amháin nó í a mhealladh ó réigiúin eile laistigh den mhargadh inmheánach.
…
|
|
(b)
|
Más amhlaidh, sonraigh an ghlanéifeacht chomhshaoil atá ag an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith agus conas a fheabhsaítear an leibhéal cosanta comhshaoil atá ann cheana sna Ballstáit leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith
…
|
|
(c)
|
Conas nach mbeidh aon éifeacht diúltach follasach ar an iomaíocht ná ar an trádáil mar thoradh ar an gcabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith.
…
|
|
(d)
|
I gcás cabhair aonair, na príomhchúiseanna le rogha an tairbhí maidir leis an suíomh le haghaidh na n-infheistíochtaí.
…
|
|
|
56.
|
Chun comhlíonadh phointe 70 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Deimhnigh go bhféadfar cabhair a dheonú faoin scéim a dtugtar fógra ina leith ar feadh uastréimhse 10 mbliana ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh, más mian le d’údaráis síneadh a chur le fad an bhirt thar an uastréimhse, go dtabharfaidh siad fógra an athuair faoin mbeart.
…
|
|
|
57.
|
Chun comhlíonadh phointe 249 CEEAG a fhíorú, tabhair údar nach ndreasóidh an chabhair giniúint dramhaíola ná nach méadóidh sí úsáid acmhainní.
…
|
|
58.
|
Chun comhlíonadh phointe 250 CEEAG a fhíorú, léirigh, i gcás ina méadóidh an chabhair an t-éileamh ar an dramhaíl nó ar ábhair agus acmhainní eile a bhfuil sé beartaithe iad a athúsáid, a athchúrsáil nó a aisghabháil, léirigh go méadófar acmhainneacht bhailithe na dramhaíola sin, na n-ábhar agus na n-acmhainní eile dá réir sin chun freastal ar an éileamh méadaithe.
…
|
|
59.
|
Chun comhlíonadh phointe 251 CEEAG a fhíorú, léirigh cé acu a bheidh nó nach mbeidh aon éifeacht fhéideartha ag an gcabhair ar fheidhmiú na margaí le haghaidh ábhair phríomhúla agus thánaisteacha a bhaineann leis na táirgí lena mbaineann, agus cad iad na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh orthu sin.
…
|
|
60.
|
Chun comhlíonadh phointe 252 CEEAG a fhíorú, i gcás ina gcumhdaítear leis an gcabhair costais oibriúcháin a bhaineann le bailiú agus sórtáil ar leithligh dramhaíola nó táirgí, ábhar nó substaintí eile i ndáil le sruthanna dramhaíola sonracha nó cineálacha dramhaíola sonracha d’fhonn iad a ullmhú d’athúsáid nó athchúrsáil, léirigh an bhféadfadh an chabhair idirghníomhú le haon scéim freagrachta leathnaithe táirgeora i do Bhallstát, tabhair tuairisc ar aon scéim den sórt sin agus sonraigh an chaoi a bhféadfadh sí idirghníomhú.
…
|
|
3.
|
ÉIFEACHTAÍ DEARFACHA NA CABHRACH A CHUR I GCOMPARÁID LEIS NA HÉIFEACHTAÍ DIÚLTACHA AR AN IOMAÍOCHT AGUS AR AN TRÁDÁIL
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.3 (pointí 71-76) CEEAG.
|
|
61.
|
Chun comhlíonadh phointe 72 CEEAG a fhíorú, mínigh an gcomhlíonann gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith na critéir maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (370), lena n-áirítear an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, nó modheolaíochtaí inchomparáide eile.
…
|
|
62.
|
(I gcás próiseas tairisceana iomaíoch) Mínigh an bhfuil gnéithe sa bheart/sna bearta a dtugtar fógra ina leith chun rannpháirtíocht FBManna i bpróisis tairisceana iomaíocha a éascú. I gcás deimhneach, tabhair faisnéis maidir leis na gnéithe sin agus tabhair údar leis an gcaoi gur mó na héifeachtaí dearfacha a bhaineann le rannpháirtíocht FBManna a áirithiú sa bheart/sna bearta a dtugtar fógra ina leith ná na hiarmhairtí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ann.
|
Roinn C: Meastóireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach Roinn 5 (pointí 455-463) CEEAG.
|
63.
|
I gcás ina sáraíonn an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith na tairseacha buiséid/caiteachais i bpointe 456 CEEAG, mínigh cén fáth, i do thuairim, ar cheart feidhm a bheith ag an eisceacht i bpointe 457 CEEAG, nó cuir Iarscríbhinn i gceangal leis an bhfoirm fógra seo ina bhfuil dréachtphlean meastóireachta ina gcumhdaítear an raon feidhme a luaitear i bpointe 458 CEEAG (371)
.
…
|
|
64.
|
Má sholáthraítear dréachtphlean meastóireachta, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
tabhair thíos achoimre ar an dréachtphlean meastóireachta sin atá san Iarscríbhinn.
…
|
|
(b)
|
deimhnigh go n-urramófar forálacha phointe 460 CEEAG.
…
|
|
(c)
|
tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh an plean meastóireachta ar fáil go poiblí.
…
|
|
|
65.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(b) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair agus gur faide í ná 3 bliana, deimhnigh go dtabharfaidh tú fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis modhnú mór lena méadófar buiséad na scéime go dtí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéime.
…
|
|
66.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(c) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair, tabhair gealltanas thíos go dtabharfaidh an Ballstát fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachas os cionn EUR 150 milliún sa bhliain roimhe sin a thaifeadadh i gcuntais oifigiúla.
…
|
|
67.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas,
|
(a)
|
Soiléirigh an bhfuil an saineolaí neamhspleách roghnaithe cheana nó an roghnófar amach anseo é.
…
|
|
(b)
|
Tabhair faisnéis faoin nós imeachta chun an saineolaí a roghnú.
…
|
|
(c)
|
Tabhair údar leis an gcaoi a bhfuil an saineolaí neamhspleách ar an údarás deonúcháin.
…
|
|
|
68.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Tabhair na sprioc-amanna atá beartaithe agat chun an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach a chur isteach. Tabhair faoi deara nach mór an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin in am trátha ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fhadú féideartha na scéime cabhrach agus, ar a dhéanaí, 9 mí sula rachaidh sí in éag, i gcomhréir le pointe 463 CEEAG. Tabhair faoi deara go bhféadfaí an sprioc-am sin a laghdú i gcás scéimeanna a spreagann an ceanglas meastóireachta le linn an 2 bhliain dheireanacha dá gcur chun feidhme.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh go gcuirfear an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach ar fáil go poiblí. Tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh na tuarascálacha sin le fáil go poiblí.
…
|
|
Roinn D: Tuairisciú agus faireachán
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 6 (pointí 464-465) CEEAG.
|
69.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le tuairisciú agus faireachán a leagtar amach i Roinn 6, pointí 464 agus 465 CEEAG.
…
|
CUID III.6.F
Bileog faisnéise forlíontaí maidir le státchabhair a dheonaítear faoi na Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (dá ngairtear ‘CEEAG’ anseo feasta) - Roinn 4.5 – Cabhair chun truailliú seachas truailliú ó gháis ceaptha teasa chosc nó a laghdú
Baineann an bhileog faisnéise forlíontaí seo le bearta a chumhdaítear i Roinn 4.5 CEEAG. Má áirítear san fhógra bearta a chumhdaítear i níos mó ná roinn amháin CEEAG, líon isteach freisin an bhileog faisnéise forlíontaí a bhaineann leis an roinn CEEAG lena mbaineann a luaithe a bheidh sí ar fáil.
Na doiciméid uile a sholáthraíonn na Ballstáit mar iarscríbhinní a ghabhann leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo, ní mór iad a bheith uimhrithe agus ní mór uimhreacha na ndoiciméad a bheith léirithe sna ranna ábhartha den bhileog faisnéise forlíontaí seo.
Roinn A: Achoimre ar phríomh-shaintréithe an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith
|
1.
|
Cúlra agus cuspóir/cuspóirí an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith.
|
|
1.1.
|
Mura bhfuil sé pléite cheana faoi roinn 5.2 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an cúlra agus an príomhchuspóir, lena n-áirítear aon sprioc de chuid an Aontais le haghaidh an chuspóra comhshaoil nó na gcuspóirí comhshaoil a bhfuil sé beartaithe leis an mbeart tacú léi.
…
|
|
1.2.
|
Sonraigh aon chuspóir eile a shaothraítear leis an mbeart. I gcás aon chuspóir nach cuspóir comhshaoil amach is amach é, mínigh cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh aon saobhadh iomaíochta ar an margadh inmheánach a bheith mar thoradh air.
…
|
|
2.
|
Teacht i bhfeidhm agus fad:
|
|
2.1.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi roinn 5.5 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), sonraigh an dáta óna bhfuil sé beartaithe go dtiocfaidh an scéim cabhrach i bhfeidhm;
…
|
|
2.2.
|
Sonraigh fad na scéime (372).
…
|
|
3.1.
|
Mura bhfuil sé curtha ar fáil cheana faoi roinn 3 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair tuairisc ar thairbhí (féideartha) an bhirt/na mbeart;
…
|
|
3.2.
|
Sonraigh suíomh an tairbhí nó na dtairbhithe (féideartha) (i.e. mura bhfuil ach eintitis eacnamaíocha atá lonnaithe sna Ballstáit lena mbaineann nó i mBallstáit eile freisin incháilithe chun páirt a ghlacadh sa bheart).
…
|
|
3.3.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 15 CEEAG, sonraigh an ndeonaítear cabhair faoin mbeart nó faoi na bearta i bhfabhar gnóthas (gnóthas aonair nó cuid de scéim) atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
Más amhlaidh, tabhair faisnéis maidir leis an méid cabhrach atá fós le haisghabháil ionas go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh é sa mheasúnú ar an mbeart cabhrach/na bearta cabhrach.
…
|
|
4.
|
Deimhnigh nach mbaineann an beart/na bearta le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm CEEAG (féach pointe 13 CEEAG). Murab amhlaidh, tabhair sonraí.
…
|
|
5.
|
Buiséad agus maoiniú an bhirt/na mbeart.
|
|
5.1.
|
Mura bhfuil sé luaite cheana sa tábla faoi roinn 7.1 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an buiséad bliantúil agus/nó an buiséad iomlán le haghaidh fhad iomlán an bhirt/na mbeart; murab eol an buiséad iomlán (mar shampla toisc go mbraitheann sé ar thorthaí na dtairiscintí), sonraigh buiséad measta, lena n-áirítear na toimhdí a úsáideadh chun an buiséad measta lena mbaineann a ríomh (373).
…
|
|
5.2.
|
más trí thobhach a mhaoinítear an beart, soiléirigh na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
an le dlí nó le haon ghníomh reachtach eile a shocraítear an tobhach; más amhlaidh, tabhair an gníomh dlí, uimhir agus dáta a ghlactha agus a theacht i bhfeidhm, an nasc idirlín chuig an ngníomh dlí;
…
|
|
(b)
|
an maoinítear an laghdú tobhaigh tríd an tobhach a ardú do thomhaltóirí eile;
…
|
|
(c)
|
an ngearrtar an tobhach go cothrom ar tháirgí intíre agus allmhairithe;
…
|
|
(d)
|
an rachaidh an beart a dtugtar fógra ina leith chun tairbhe do tháirgí intíre agus do tháirgí a allmhairítear go cothrom;
…
|
|
(e)
|
an maoinítear an beart go hiomlán nó go páirteach leis an tobhach. Mura maoinítear an beart ach go páirteach leis an tobhach, sonraigh foinsí eile maoinithe an bhirt agus cion gach foinse acu sin;
…
|
|
(f)
|
an maoinítear bearta cabhrach eile leis an tobhach lena maoinítear an beart a dtugtar fógra ina leith. Más amhlaidh, sonraigh na bearta cabhrach eile a mhaoinítear leis an tobhach lena mbaineann.
…
|
|
Roinn B: Measúnú comhoiriúnachta ar an gcabhair
|
1.
|
COINNÍOLL DEARFACH: NÍ MÓR FORBAIRT GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE A ÉASCÚ LEIS AN GCABHAIR
|
|
1.1.
|
Cuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.1 (pointí 23-25) agus ranna 4.5.1 (pointí 253-254), agus 4.5.2 (pointí 255-259) CEEAG.
|
|
6.
|
Le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’) foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin ‘cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann’
. Dá bhrí sin, le cabhair a luíonn leis an margadh inmheánach faoin bhforáil sin den Chonradh ní mór rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe.
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 23 CEEAG, sainaithin na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar mar thoradh ar an gcabhair agus an chaoi a dtacaítear le forbairt na ngníomhaíochtaí sin.
…
|
|
7.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 25 CEEAG, tabhair tuairisc ar cibé ‘a rannchuideoidh an chabhair le cuspóirí bheartas aeráide an Aontais, cuspóirí bheartas comhshaoil an Aontais agus cuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus conas a dhéanfar sin, agus, go sonrach, tairbhí na cabhrach a bhfuil coinne leo maidir le cuidiú nach beag le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear maolú ar an athrú aeráide, nó feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh’.
…
|
|
8.
|
Ina theannta sin, cuir i dtábhacht a mhéid a bhaineann an chabhair leis na beartais a dtugtar tuairisc orthu faoi phointí 253-254 CEEAG.
…
|
|
9.
|
Tabhair tuairisc ar na ceanglais incháilitheachta is infheidhme maidir leis an tairbhí/na tairbhithe (mar shampla trí aon cheanglas teicniúil, comhshaoil (i.e. ceadanna), airgeadais (i.e. comhthaobhachtaí) nó aon cheanglas eile is gá don tairbhí/do na tairbhithe a chomhlíonadh a chur san áireamh).
…
|
|
10.
|
Tabhair faisnéis ar raon feidhme beacht agus ar ghníomhaíochtaí beachta lena dtacaítear den bheart/de na bearta cabhrach, mar a fhoráiltear i roinn 4.5.2. (pointí 255-259) CEEAG. Sonraigh cé acu de na catagóirí infheistíochtaí seo a leanas atá incháilithe faoin mbeart cabhrach:
|
(a)
|
Infheistíochtaí a chuireann ar a gcumas do ghnóthais truailliú seachas truailliú ó gháis ceaptha teasa a chosc nó a laghdú thar chaighdeáin an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil;
|
|
(b)
|
Infheistíochtaí a chuireann ar a gcumas do ghnóthais truailliú seachas truailliú ó gháis ceaptha teasa a chosc nó a laghdú in éagmais chaighdeáin an Aontais;
|
|
(c)
|
Infheistíochtaí lena gcuirtear ar a gcumas do ghnóthais caighdeáin an Aontais atá glactha ach nach bhfuil i bhfeidhm go fóill a chomhlíonadh.
|
…
|
|
11.
|
Más i bhfoirm ceadanna intrádála atá an chabhair (374):
|
(a)
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an scéim ceadanna intrádála, lena n-áirítear inter alia na cuspóirí, an mhodheolaíocht deonúcháin, na húdaráis nó na heintitis atá rannpháirteach, ról an Stáit, na tairbhithe agus na gnéithe nós imeachta.
…
|
|
(b)
|
Mínigh cén chaoi a ndeartar an scéim ceadanna intrádála ar shlí go gcoiscfear nó go laghdófar truailliú thar na leibhéil atá le baint amach ar bhonn chaighdeáin an Aontais atá éigeantach do na gnóthais lena mbaineann.
…
|
|
|
12.
|
Deimhnigh go ndíríonn an chabhair ar chosc nó ar laghdú truaillithe atá nasctha go díreach le gníomhaíochtaí an tairbhí nó na dtairbhithe féin.
…
|
|
13.
|
Tabhair tuairisc ar an gcaoi a n-áiritheofar go ndéanfar níos mó leis an gcabhair ná an truailliú a aistriú ó earnáil amháin go hearnáil eile nó ó mheán comhthimpeallach amháin go meán comhthimpeallach eile agus go mbainfear amach laghdú foriomlán ar an truailliú leis an gcabhair.
…
|
|
14.
|
Maidir le cabhair aonair agus scéimeanna cabhrach a thairbhíonn de líon an-teoranta tairbhithe nó de thairbhí atá ann faoi láthair agus arb é is aidhm dóibh a dtruailliú seachas truailliú ó gháis ceaptha teasa a laghdú, tabhair cainníochtú ar an gcoigilteas astaíochtaí/truailleán a bhfuil coinne leis ón mbeart agus mínigh an modh a leantar chun iad a chainníochtú.
…
|
|
15.
|
Léirigh an rannchuidíonn an beart cabhrach freisin le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chosc nó a laghdú.
Má rannchuidíonn, tabhair comparáid idir na torthaí a bhfuil coinne leo ón mbeart i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa agus astaíochtaí truailleán eile a chosc nó a laghdú ar bhonn cainníochtuithe inchreidte mionsonraithe.
…
Más é cosc nó laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa príomhchuspóir an bhirt cabhrach, féach an bhileog faisnéise forlíontaí le haghaidh roinn 4.1 toisc go ndéanfar measúnú ar a comhoiriúnacht ar bhonn roinn 4.1. Más é príomhchuspóir an bhirt, áfach, truailliú seachas truailliú ó astaíochtaí gás ceaptha teasa a chosc nó a laghdú, déanfar measúnú air ar bhonn roinn 4.5 (pointe 259 CEEAG).
|
|
1.2.
|
Éifeacht dreasachta
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.2 (pointí 26-32) agus roinn 4.5.3 (pointí 260-262) CEEAG.
|
|
16.
|
Ní féidir a mheas go n-éascaíonn cabhair gníomhaíocht eacnamaíoch ach amháin má tá éifeacht dreasachta aici. Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 26 CEEAG, mínigh conas a ‘spreagann [an beart/na bearta] an tairbhí chun a iompraíocht a athrú, chun dul i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch bhreise nó gníomhaíocht eacnamaíoch atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, nach ndéanfadh sé gan an chabhair nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó éagsúil’.
…
|
|
17.
|
De bhun phointe 28 CEEAG:
|
|
17.1.
|
Tabhair tuairisc chuimsitheach ar an gcás fíorasach a bhfuil coinne leis mar thoradh ar an mbeart cabhrach agus ar an gcás frithfhíorasach dóchúil nó na cásanna frithfhíorasacha dóchúla in éagmais an bhirt cabhrach. (375) I gcás ina measann tú go bhféadfar tacú le catagóirí éagsúla tairbhithe, áirithigh go bhfuil an cás frithfhíorasach inchreidte le haghaidh gach ceann de na catagóirí sin.
Cuir san áireamh na ceanglais maidir leis an gcás frithfhíorasach a áirítear i bpointe 266 agus i bpointí 226-230 CEEAG, go háirithe:
|
(a)
|
I gcoitinne, comhfhreagraíonn an cás frithfhíorasach d’infheistíocht ag a mbeidh an acmhainneacht chéanna, an saolré chéanna agus, i gcás inarb iomchuí, na saintréithe ábhartha teicniúla eile céanna aici agus atá ag infheistíocht atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, rud a fhágann go mbíonn leibhéal níos ísle cosanta comhshaoil ann, áfach;
|
|
(b)
|
De rogha ar an méid sin, féadfaidh an cás frithfhíorasach comhfhreagairt do cheann amháin de na cásanna seo a leanas freisin:
|
(i)
|
na suiteálacha nó an trealamh atá i bhfeidhm cheana féin a choinneáil ar bun ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn do shaolré na hinfheistíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol; sa chás sin, ba cheart na costais lascainithe chothabhála, deisiúcháin agus nuachóirithe thar an tréimhse sin a chur san áireamh (pointe 227 CEEAG);
|
|
(ii)
|
athsholáthar na suiteálacha nó an trealaimh ina dhiaidh sin; sa chás sin, ní mór luach lascainithe na suiteálacha agus an trealaimh a chur san áireamh agus ní mór an difríocht i saolré eacnamaíoch na suiteálacha nó an trealaimh faoi seach a chothromú i gcomhréir le pointe 228 CEEAG;
|
|
(iii)
|
léasú trealaimh nach bhfuil chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus a d’úsáidfí in éagmais na cabhrach; sa chás sin, ba cheart luach lascainithe léasaithe an trealaimh nach bhfuil chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur san áireamh i gcomhréir le pointe 229 CEEAG;
|
|
(iv)
|
easpa tionscadal malartach, go háirithe i gcás inarb é atá san infheistíocht dá dtugtar cabhair suiteálacha nó trealamh a chur le saoráidí, suiteálacha nó trealamh atá ann cheana.
|
|
Agus tuairisc á tabhairt ar an gcás fíorasach agus ar an gcás frithfhíorasach nó ar na cásanna frithfhíorasacha a d’fhéadfadh a bheith ann, sonraigh acmhainneacht, saolré agus saintréithe teicniúla eile na hinfheistíochta le haghaidh an cháis fhíorasaigh nó an cháis fhrithfhíorasaigh nó le haghaidh na gcásanna fíorasacha nó na gcásanna frithfhíorasacha araon.
…
|
|
17.2.
|
Mínigh go hachomair an réasúnaíocht atá le rogha an cháis fhrithfhíorasaigh dhóchúil nó na gcásanna frithfhíorasacha dóchúla, i bhfianaise na gcatagóirí éagsúla tairbhithe atá beartaithe, más infheidhme;
…
|
|
17.3.
|
Déan cainníochtú ar na costais agus ar na hioncaim a bhaineann le cásanna fíorasacha agus le cásanna frithfhíorasacha agus tabhair údar leis an athrú iompraíochta i gcás inarb ábhartha le haghaidh gach catagóire tairbhí, ar bhonn an mhéid seo a leanas:
|
(a)
|
an tionscadal/na tionscadail lena mbaineann (376), na cásanna frithfhíorasacha comhfhreagracha agus an bhearna chistithe atá mar thoradh orthu;
NÓ
|
|
(b)
|
fianaise chainníochtúil ábhartha atá bunaithe ar staidéir mhargaidh, ar phleananna infheisteoirí, ar thuarascálacha airgeadais, nó ar fhianaise chainníochtúil eile lena n-áirítear tairiscintí a rinneadh maidir le tionscadail chomhchosúla i bpróisis tairisceana iomaíocha inchomparáide le déanaí. (377)
…
|
|
|
18.
|
Chun comhlíonadh phointí 29 agus 31 CEEAG a léiriú:
|
(a)
|
Deimhnigh nár cuireadh tús leis na hoibreacha ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht sula ndearna an tairbhí iarratas i scríbhinn ar chabhair chuig na húdaráis náisiúnta;
…
NÓ
|
|
(b)
|
I gcás tionscadail ar cuireadh tús leo roimh an iarratas ar chabhair, léirigh go dtagann an tionscadal faoi cheann de na cásanna eisceachtúla dá bhforáiltear i bpointe 31 CEEAG ((a), (b) nó (c)).
…
|
|
|
19.
|
Chun comhlíonadh phointe 30 CEEAG a léiriú, deimhnigh go n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chabhair: ainm an iarratasóra, tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear a suíomh, agus an méid cabhrach is gá chun an tionscadal nó an ghníomhaíocht a dhéanamh.
…
|
|
20.
|
Chun comhlíonadh phointí 32, 261 agus 262 CEEAG a léiriú:
|
(a)
|
Sonraigh an ann do chaighdeáin de chuid an Aontais (378) is infheidhme maidir leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith, an ann do chaighdeáin náisiúnta shainordaitheacha atá níos déine nó níos uaillmhianaí ná caighdeáin chomhfhreagracha an Aontais, nó an ann do chaighdeáin náisiúnta shainordaitheacha arna nglacadh in éagmais caighdeáin de chuid an Aontais.
Sa chomhthéacs sin, tabhair faisnéis chun an éifeacht dreasachta a léiriú.
…
|
|
(b)
|
I gcásanna inar glacadh caighdeán ábhartha an Aontais cheana féin ach nach bhfuil sé i bhfeidhm go fóill, léirigh go bhfuil éifeacht dreasachta ag an gcabhair toisc go ndreasaíonn sé an infheistíocht atá le cur chun feidhme agus le tabhairt i gcrích 18 mí ar a laghad sula dtiocfaidh an caighdeán i bhfeidhm i gcomhréir le pointe 262 CEEAG.
…
|
|
|
1.3.
|
Gan sárú ar aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.3 (pointe 33) CEEAG.
|
|
21.
|
Tabhair faisnéis chun comhlíonadh fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais a dheimhniú, i gcomhréir le pointe 33 CEEAG.
…
|
|
22.
|
Má úsáidtear tobhach chun an beart/na bearta a mhaoiniú, soiléirigh an gá an measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Más gá, léirigh conas a chomhlíonann an beart forálacha Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Sa chomhthéacs sin, is féidir tagairt a dhéanamh don fhaisnéis a chuirtear isteach faoi cheist 5.2. thuas, i gcás ina maoinítear an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith trí thobhach.
…
|
|
2.
|
COINNÍOLL DIÚLTACH: NÍ FÉIDIR LEIS AN GCABHAIR DIFEAR MÍCHUÍ A DHÉANAMH DO CHOINNÍOLLACHA TRÁDÁLA AN OIREAD IS GO MBEADH DOCHAR ANN DON LEAS COITEANN
|
|
2.1.
|
Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála
|
|
2.1.1.
|
Riachtanas na cabhrach
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.1 (pointí 34-38) agus roinn 4.5.4.1 (pointe 264) CEEAG.
|
|
23.
|
Mínigh cén cliseadh/cé na clistí margaidh a shainaithin d’údaráis agus a chuireann cosc ar leibhéal leordhóthanach cosanta comhshaoil a bhaint amach. Sonraigh an chatagóir faoina dtagann na clistí margaidh sainaitheanta, trí thagairt a dhéanamh do litreacha (a), (b), (c) nó (d) de phointe 34 CEEAG.
…
|
|
24.
|
I gcomhréir le pointe 35 CEEAG, tabhair faisnéis maidir le haon bheartas agus aon bheart atá ann cheana a shainaithin d’údaráis, agus atá dírithe cheana féin ar na clistí rialála nó margaidh a sainaithníodh.
…
|
|
25.
|
Chun comhlíonadh phointe 36 CEEAG a léiriú tabhair faisnéis a léiríonn go ndírítear an chabhair go héifeachtach ar chlistí margaidh iarmharacha, agus aird á tabhairt freisin ar aon bheartas agus aon bheart eile atá i bhfeidhm cheana chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na clistí margaidh a sainaithníodh.
…
|
|
26.
|
Chun comhlíonadh phointe 37 CEEAG a léiriú, mínigh, go bhfios do d’údaráis, an bhfuil tionscadail nó gníomhaíochtaí cosúil leo siúd a chumhdaítear leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith maidir lena n-ábhar teicneolaíoch, lena leibhéal riosca agus lena méid, curtha i gcrích cheana laistigh den Aontas faoi choinníollacha an mhargaidh. I gcás deimhneach, tabhair tuilleadh fianaise chun an gá atá le státchabhair a léiriú.
…
|
|
27.
|
Chun comhlíonadh phointe 38 CEEAG a léiriú, féach an fhianaise chainníochtúil a soláthraíodh cheana faoi cheist 17 thuas.
…
|
|
28.
|
Más i bhfoirm ceadanna intrádála atá an chabhair, tabhair fianaise lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas, i gcomhréir le pointe 264 CEEAG:
|
(a)
|
Bíonn méadú suntasach ar chostais táirgthe do gach earnáil nó catagóir de thairbhithe aonair mar thoradh ar cheantáil iomlán;
…
|
|
(b)
|
Ní féidir an méadú suntasach ar chostais táirgthe a chur ar aghaidh chuig custaiméirí gan laghduithe suntasacha ar dhíolacháin a bheith mar thoradh air (379);
…
|
|
(c)
|
Níl an deis ag gnóthais aonair san earnáil leibhéil astaíochtaí a laghdú chun costais na ndeimhnithe/na gceadanna intrádála a laghdú go leibhéal inghlactha do na gnóthais sin. Is féidir é sin a léiriú trí chomparáid a dhéanamh idir leibhéal astaíochtaí na dtairbhithe féideartha agus na leibhéil astaíochtaí a bhaintear amach tríd an teicníc is fearr feidhmíochta a chur chun feidhme agus trína léiriú gur úsáideadh an teicníc is fearr feidhmíochta in LEE mar thagarmharc do leibhéal an lamháltais a deonaíodh.
…
|
|
|
2.1.2.
|
Oiriúnacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.2 (pointí 39-46) CEEAG.
|
|
29.
|
Chun comhlíonadh phointe 40 CEEAG a fhíorú, léirigh nach bhfuil ionstraimí ar fáil nach bhfuil chomh saobhach céanna agus atá níos iomchuí.
…
|
|
30.
|
Chun comhlíonadh phointe 41 CEEAG a fhíorú, léirigh go bhfuil an beart cabhrach deartha ar bhealach nach mbainfear an bonn d’éifeachtúlacht beart eile lena leigheastar an cliseadh margaidh céanna, amhail sásraí margadhbhunaithe (e.g. CTA AE).
…
|
|
31.
|
Chun comhlíonadh phointe 42 CEEAG a fhíorú, deimhnigh nach bhféadfaí aon duine de thairbhithe an bhirt chabhrach/na mbeart cabhrach a chur faoi dhliteanas i leith an truaillithe faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá ann cheana (an prionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’).
…
|
|
32.
|
Chun comhlíonadh phointí 43 go 46 CEEAG a fhíorú, chun oiriúnacht na cabhrach i measc ionstraimí cabhrach éagsúla a léiriú, tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh cén fáth nach bhfuil foirmeacha cabhrach eile, nach bhfuil chomh saobhach céanna b’fhéidir, chomh hiomchuí céanna, mar a cheanglaítear i bpointe 44 CEEAG. Ar na foirmeacha cabhrach nach mbeadh chomh saobhach céanna a d’fhéadfadh a bheith ann, tá airleacain in-aisíoctha in ionad deontais dhíreacha; creidmheasanna cánach in ionad laghduithe cánach; nó cineálacha cabhrach atá bunaithe ar ionstraimí airgeadais, amhail fiachas, in ionad ionstraimí cothromais, lena n-áirítear, mar shampla, iasachtaí ar ús íseal nó lacáistí ar ús, ráthaíochtaí Stáit, nó soláthar malartach maoinithe ar théarmaí fabhracha.
…
|
|
(b)
|
Léirigh go bhfuil rogha na hionstraime cabhrach iomchuí don chliseadh margaidh a bhfuil sé d’aidhm ag an mbeart cabhrach nó ag na bearta cabhrach aghaidh a thabhairt uirthi, mar a cheanglaítear i bpointe 45 CEEAG.
…
|
|
(c)
|
Mínigh cén chaoi a bhfuil an beart cabhrach agus a dhearadh iomchuí chun cuspóir an bhirt a bhaint amach (pointe 46 CEEAG).
…
|
|
|
2.1.3.
|
Comhréireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a thabhairt, féach roinn 3.2.1,3 (pointí 47-57) agus roinn 4.5.4,2. (pointí 265-273) CEEAG. Tabhair faoi deara go bhfuil na trí roinn 2.1.3.2., 2.1.3.3. agus 2.1.3.4. seo a leanas malartach. Ná tabhair freagraí ach ar an roinn is infheidhme, de réir dhearadh an bhirt atá beartaithe. Maidir le cabhair a dheonaítear i bhfoirm ceadanna intrádála, tabhair freagra ar cheist 33 freisin (roinn 2.1.3.1).
|
|
2.1.3.1.
|
Comhréireacht na cabhrach arna deonú i bhfoirm ceadanna intrádála
|
|
33.
|
Más i bhfoirm ceadanna intrádála atá an chabhair, i gcomhréir le pointe 273, mínigh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
An chaoi a ndéantar an leithdháileadh ar bhealach trédhearcach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus ar fhoinsí sonraí den cháilíocht is airde atá ar fáil;
…
|
|
(b)
|
An chaoi nach mbeidh méid iomlán na gceadanna intrádála ná na lamháltas intrádála a dheonaítear do gach gnóthas ar phraghas faoi bhun a luacha margaidh níos airde ná a riachtanais a bhfuil coinne leo mar a mheastar le haghaidh staid gan an scéim trádála.
…
|
|
|
2.1.3.2.
|
Comhréireacht na cabhrach bunaithe ar dhéine cabhrach a leagtar amach i bpointí 265-273 CEEAG
|
|
34.
|
Chun tuairisc a thabhairt ar na costais incháilithe faoin mbeart, sonraigh na costais infheistíochta bhreise atá nasctha go díreach le leibhéal níos airde cosanta comhshaoil a bhaint amach. Chun na críche sin, féach an cás frithfhíorasach ábhartha, mar a shainaithnítear sa fhreagra ar cheist 17 agus ar phointe 266 agus ar phointí 226 go 230 CEEAG.
…
|
|
35.
|
Mínigh cén chaoi a gcinnfear agus a bhfíorófar costais infheistíochta na gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha.
…
|
|
36.
|
Sonraigh na huasteorainneacha cabhrach is infheidhme faoin mbeart agus sonraigh an bhfuil feidhm ag aon bhónas (mar a thuairiscítear i bpointí 267-270 CEEAG).
…
|
|
37.
|
I gcás gníomhaíochtaí éiceanuálaíochta, léirigh go gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas (pointe 270 CEEAG):
|
(a)
|
Tá an ghníomhaíocht éiceanuálaíochta nua nó tá sí feabhsaithe go mór i gcomparáid le húrscothacht a tionscail féin san Aontas (380);
|
|
(b)
|
Tá an sochar comhshaoil a bhfuil coinne leis i bhfad níos airde ná an feabhas a thiocfaidh as forás ginearálta na húrscothachta i ngníomhaíochtaí inchomparáide (381);
|
|
(c)
|
Baineann leibhéal soiléir riosca, ó thaobh na teicneolaíochta, an mhargaidh nó an airgeadais de, le gné nuálach na gníomhaíochta, ar riosca é atá níos airde ná an riosca a bhaineann de ghnáth le gníomhaíochtaí inchomparáide neamhnuálacha (382).
…
|
|
|
38.
|
Más de mhaolú ar phointí 267-270 CEEAG a mheastar go bhfuil gá le cabhair thar uasdéiní na cabhrach a leagtar síos faoi roinn 4.5.4.2 CEEAG, sonraigh an leibhéal cabhrach a mheastar a bheith riachtanach agus tabhair údar leis ar bhonn anailís ar bhearnaí cistithe le haghaidh tionscadail tagartha sna cásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha mar a shainaithnítear mar fhreagra ar cheist 17(c) thuas, i gcomhréir le pointí 51-52 CEEAG.
Maidir leis an anailís sin ar bhearnaí cistithe, cuir cainníochtú isteach, maidir leis an gcás fíorasach/na cásanna fíorasacha agus maidir le cás réalaíoch frithfhíorasach/cásanna réalaíocha frithfhíorasacha (383) a sainaithníodh mar fhreagra ar cheist 17(c) thuas, i leith na bpríomhchostas agus na bpríomhioncam uile, meánchostas ualaithe measta chaipitil na dtairbhithe (nó na dtionscadal tagartha) chun sreafaí todhchaíocha airgid a lascainiú, chomh maith leis an nglanluach láithreach le haghaidh na gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha, le linn shaolré an tionscadail/an tionscadail tagartha.
|
(a)
|
Cuir an cainníochtú sin ar fáil in Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfoirm fógra seo (trí chomhad Excel a úsáid ina bhfuil na foirmlí uile le feiceáil).
…
|
|
(b)
|
Cuir faisnéis mhionsonraithe isteach maidir leis na toimhdí, na modheolaíochtaí, an réasúnaíocht agus na foinsí is bonn leo, a úsáidtear le haghaidh gach gné de chainníochtú na gcostas agus na n-ioncam sa chás fíorasach agus an cás frithfhíorasach is dócha a bheidh ann (mar shampla, cuir na toimhdí a úsáideadh chun na cásanna sin a fhorbairt agus foinse/réasúnaíocht maidir leis na toimhdí sin san áireamh).
…
|
|
(c)
|
Maidir le cásanna cabhrach aonair agus scéimeanna aonair atá ag dul chun tairbhe do líon an-teoranta tairbhithe, ní mór don Bhallstát an fhianaise thacaíochta a chur i láthair ar leibhéal phlean gnó mionsonraithe an tionscadail.
Maidir le cásanna scéimeanna cabhrach, ní mór don Bhallstát an fhianaise thacaíochta a chur i láthair ar bhonn tionscadal tagartha amháin nó níos mó.
…
|
|
(d)
|
Is féidir leat na doiciméid a luaitear i bhfonóta 39 CEEAG a chur i gceangal leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo freisin. D’fhéadfadh doiciméid bhoird a bheith úsáideach go háirithe le haghaidh bearta cabhrach aonair nó scéimeanna cabhrach aonair atá ag dul chun tairbhe do líon an-teoranta tairbhithe. Má tá na doiciméid sin i gceangal leis an mbileog faisnéise forlíontaí, tabhair liosta de na doiciméid sin thíos, ina sonraítear an t-údar, an dáta a dréachtaíodh iad agus an comhthéacs inar úsáideadh iad.
…
|
|
|
39.
|
Léirigh freisin nach mbeadh cabhair a sháródh an bhearna chistithe mar thoradh ar chabhair níos airde a chur i bhfeidhm, ar cabhair í a chinnfí mar a shonraítear i gceist 38.
…
|
|
40.
|
I gcás inarb infheidhme pointe 52 CEEAG, i.e. is é is dóichí gurb é atá i gceist leis an gcás frithfhíorasach nach ndéanann an tairbhí gníomhaíocht ná infheistíocht, nó nach leanann sé dá ghnó gan athruithe, tabhair fianaise chun tacú leis an toimhde sin (384).
…
|
|
41.
|
I ngach cás ina bhfuil údar leis an gcomhréireacht trí thagairt d’anailís ar bhearna cistithe, deimhnigh go ndéanfaidh d’údaráis faireachán ex post chun na toimhdí a rinneadh faoin leibhéal cabhrach is gá a fhíorú agus sásra aisghlámtha a chur i bhfeidhm. Tabhair tuairisc freisin ar an sásra faireacháin agus aisghlámtha atá beartaithe ag d’údaráis a chur i bhfeidhm (pointe 271 CEEAG).
…
|
|
2.1.3.3.
|
Comhréireacht na cabhrach a dheonaítear trí phróiseas tairisceana iomaíoch
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 49, 50 agus 272 CEEAG.
|
|
42.
|
Chun comhlíonadh phointí 49 agus 50 CEEAG a fhíorú, tabhair na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh conas a áirithíonn na húdaráis go bhfuil an próiseas tairisceana oscailte, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, arna sainiú ex ante i gcomhréir le cuspóir an bhirt agus go n-íoslaghdaíonn sé riosca na dtairiscintí straitéiseacha (pointe 49(a) CEEAG).
…
|
|
(b)
|
Na critéir roghnúcháin a úsáidtear chun na tairiscintí a rangú, agus chun an leibhéal cabhrach sa phróiseas tairisceana iomaíoch a shainaithint ar deireadh. Go sonrach:
|
(i)
|
Tabhair liosta de na critéir roghnúcháin agus sonraigh cé acu atá baint dhíreach nó indíreach acu le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart. Cuir isteach a n-ualú.
…
|
|
(ii)
|
Mínigh conas a chuir na critéir roghnúcháin an rannchuidiú le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart i gcoibhneas díreach nó indíreach le méid na cabhrach arna iarraidh ag an iarratasóir. Féadfar é sin a shloinneadh, mar shampla, i dtéarmaí cabhrach in aghaidh an aonaid cosanta comhshaoil (385) (pointe 50 CEEAG agus fonóta 44 CEEAG).
…
|
|
(iii)
|
I gcás ina bhfuil critéir roghnúcháin eile ann nach bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart, tabhair cúiseanna leis an gcur chuige atá beartaithe agus mínigh conas atá sé iomchuí do na cuspóirí a shaothraítear leis an mbeart/na bearta. Deimhnigh freisin nach mó ná 30 % d’ualú na gcritéar roghnúcháin uile iad na critéir sin (pointe 50 CEEAG).
…
|
|
(iv)
|
Mínigh cé chomh fada roimh an sprioc-am chun iarratais a chur isteach i ngach próiseas tairisceana iomaíoch a fhoilseofar na critéir roghnúcháin (pointe 49(b) agus fonóta 43 CEEAG).
…
|
|
|
|
43.
|
Mínigh na gnéithe ar ar bhunaigh tú an toimhde go mbeidh an próiseas tairisceana oscailte agus suibscríofa go cuí, i.e. gur féidir coinne a bheith leis nach bhfaighidh gach tairgeoir cabhair agus gur leordhóthanach an líon tairgeoirí a bhfuil coinne leo chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú ar feadh fhad na scéime (pointe 49(c) CEEAG). I do mhíniúchán, cuir buiséad nó méid na scéime san áireamh. I gcás inarb ábhartha, déan tagairt don fhianaise a tugadh sna freagraí ar cheist 17.
…
|
|
44.
|
Tabhair faisnéis maidir leis an líon babhtaí tairisceana atá beartaithe agus an líon tairgeoirí a bhfuil coinne leo sa chéad bhabhta agus le himeacht ama.
…
|
|
45.
|
I gcás próiseas tairisceana amháin nó níos mó nár cuireadh go leor suime iontu, mínigh cén chaoi a gceartófar dearadh na bpróiseas tairisceana le linn chur chun feidhme na scéime chun iomaíocht éifeachtach a athbhunú agus cathain a dhéanfar sin (pointe 49(c) CEEAG).
…
|
|
46.
|
Deimhnigh go seachnaítear coigeartuitheex post ar thoradh an phróisis tairisceana (amhail caibidlíocht ina dhiaidh sin maidir le torthaí tairisceana nó ciondáil (pointe 49(d) CEEAG).
…
|
|
47.
|
I gcás inar féidir ‘tairiscintí fóirdheontais nialasacha’ a bheith ann, mínigh cén chaoi a ndéanfar an chomhréireacht a áirithiú (féach pointe 49, fonóta 42 CEEAG).
…
|
|
48.
|
Soiléirigh an bhfuil foráil déanta ag na húdaráis maidir le bonnphraghsanna nó uasteorainneacha a úsáid sa phróiseas tairisceana iomaíoch. I gcás deimhneach, tabhair údar lena n-úsáid agus mínigh conas nach gcuireann siad srian ar an bpróiseas tairisceana iomaíoch (pointe 49 agus fonóta 42 CEEAG).
…
|
|
2.1.4.
|
Carnadh
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 56-57 CEEAG.
|
|
49.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi Chuid I den fhoirm fógra ghinearálta agus chun comhlíonadh phointe 56 CEEAG a fhíorú, soiléirigh an bhféadfaí an chabhair faoin mbeart nó faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a dhámhachtain i gcomhthráth faoi roinnt scéimeanna cabhrach nó a charnadh le cabhair ad hoc nó de minimis i ndáil leis na costais incháilithe chéanna. Más amhlaidh an cás, tabhair sonraí maidir leis na scéimeanna cabhrach sin, cabhair ad hoc nó cabhair de minimis agus conas a charnfar an chabhair.
…
|
|
50.
|
Más infheidhme pointe 56 CEEAG, tabhair údar leis an gcaoi nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán na cabhrach a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra in leith, beart/bearta le haghaidh tionscadail nó gníomhaíochta agus nach rachaidh sé thar an uasmhéid cabhrach a cheadaítear faoi phointí 267-273 CEEAG. Le haghaidh gach birt, sonraigh ar féidir an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta cabhrach a dtugtar fógra ina leith a charnadh leis, an modh a úsáidtear chun comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe 56 CEEAG a áirithiú.
…
|
|
51.
|
I gcás inarb infheidhme pointe 57 CEEAG, i.e. déantar an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a chomhcheangal le cistiú ón Aontas a bhainistítear go lárnach (386) (nach státchabhair é), tabhair údar leis an gcaoi nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán an chistithe phoiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe chéanna.
…
|
|
2.1.5.
|
Trédhearcacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.4 (pointí 58-62) CEEAG.
|
|
52.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le trédhearcacht dá bhforáiltear i bpointí 58-61 CEEAG.
…
|
|
53.
|
Tabhair an nasc idirlín ina bhfoilseofar téacs iomlán na scéime cabhrach formheasta nó an chinnidh deonaithe cabhrach aonair agus a fhorálacha cur chun feidhme agus faisnéis maidir le gach dámhachtaincabhrach aonair a deonaíodh ad hoc nó faoi scéim cabhrach a formheasadh ar bhonn CEEAG agus ar mó ná EUR 100 000 í.
…
|
|
2.2.
|
Éifeachtaí diúltacha míchuí na cabhrach ar iomaíocht agus ar thrádáil agus ar chothromú a sheachaint
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a thabhairt, féach roinn 3.2.2 (pointí 63-70) agus roinn 4.5.5. (pointí 274-275) CEEAG.
|
|
54.
|
Chun comhlíonadh phointe 67 CEEAG a fhíorú, tabhair faisnéis maidir leis na héifeachtaí diúltacha gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart nó ag na bearta a dtugtar fógra ina leith ar an iomaíocht agus ar an trádáil.
…
|
|
55.
|
Mínigh an dtagann an beart faoi aon cheann de na cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
Baineann sé le margadh (nó margaí) ina bhfuair sealbhóirí cumhacht mhargaidh roimh léirscaoileadh an mhargaidh;
…
|
|
(b)
|
Baineann próisis tairisceana iomaíocha i margadh/margaí nuaghinte leis, i gcás ina bhfuil gníomhaí ann a bhfuil suíomh láidir aige ar an margadh;
…
|
|
(c)
|
Ní rachaidh sé chun tairbhe ach do thairbhí amháin nó do líon an-teoranta tairbhithe.
…
|
|
|
56.
|
Dá ndíreodh an beart cabhrach ar rogha/conair theicneolaíoch shonrach, tabhair údar leis an gcúis leis an rogha theicneolaíoch agus nach ndíspreagfaidh sé úsáid teicneolaíochtaí níos glaine.
…
|
|
57.
|
Mura rachaidh an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith chun tairbhe ach do thairbhí amháin nó do líon an-teoranta tairbhithe, chun comhlíonadh phointe 68 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh an neartaíonn nó an gcoinníonn an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith cumhacht mhargaidh an tairbhí/na dtairbhithe ar bun nó an ndíspreagann sé/siad forleathnú iomaitheoirí atá ann cheana nó an spreagann sé/siad a scor nó an ndíspreagann sé/siad iontráil iomaitheoirí nua. Mínigh ina leith sin freisin cé acu a bheidh nó nach mbeidh méadú ar acmhainneacht an tairbhí mar thoradh ar an mbeart cabhrach.
…
|
|
(b)
|
Tabhair tuairisc ar an mbeart/na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun teorainn a chur leis an saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an gcabhair a dheonú don tairbhí/do na tairbhithe.
…
|
|
|
58.
|
Chun comhlíonadh phointe 69 CEEAG a léiriú, mínigh na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
Má tá sé d’aidhm ag an gcabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith gníomhaíocht eacnamaíoch a chaomhnú i réigiún amháin nó í a mhealladh ó réigiúin eile laistigh den mhargadh inmheánach.
…
|
|
(b)
|
Más amhlaidh, sonraigh an ghlanéifeacht chomhshaoil atá ag an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith agus conas a fheabhsaítear an leibhéal cosanta comhshaoil atá ann cheana sna Ballstáit leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith.
…
|
|
(c)
|
Conas nach mbeidh aon éifeacht diúltach follasach ar an iomaíocht ná ar an trádáil mar thoradh ar an gcabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith.
…
|
|
(d)
|
I gcás cabhair aonair, na príomhchúiseanna le rogha an tairbhí maidir leis an suíomh le haghaidh na n-infheistíochtaí.
…
|
|
|
59.
|
Chun comhlíonadh phointe 70 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Deimhnigh go bhféadfar cabhair a dheonú faoin scéim a dtugtar fógra ina leith ar feadh uastréimhse 10 mbliana ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh sa chás gur mian le d’údaráis síneadh a chur le tréimhse na scéime thar an uastréimhse, go dtabharfaidh siad fógra an athuair faoin mbeart/faoi na bearta.
…
|
|
|
60.
|
Más i bhfoirm ceadanna intrádála atá an chabhair, chun comhlíonadh phointe 275 CEEAG a fhíorú, deimhnigh go gcomhlíonann an beart na critéir uile seo a leanas:
|
(a)
|
Tá rogha na dtairbhithe bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus thrédhearcacha agus deonaítear an chabhair i bprionsabal ar an mbealach céanna le haghaidh na n-iomaitheoirí uile san earnáil chéanna má tá siad i staid fhíorasach chomhchosúil;
…
|
|
(b)
|
Ní fhabhraíonn an mhodheolaíocht leithdháilte gnóthais áirithe nó earnálacha áirithe.
…
|
|
(c)
|
I gcás ina bhfabhraíonn an mhodheolaíocht leithdháilte gnóthais áirithe nó earnálacha áirithe, mínigh an chaoi a bhfuil údar leis de bharr loighic chomhshaoil na scéime féin nó a bhfuil gá leis ar mhaithe le comhsheasmhacht le beartais chomhshaoil eile.
…
|
|
(d)
|
Ní fhaigheann iontrálaithe nua ceadanna ná liúntais ar choinníollacha is fabhraí ná coinníollacha gnóthas atá ann cheana agus a oibríonn ar na margaí céanna.
…
|
|
(e)
|
Níl bacainní míchuí ar iontráil á gcruthú mar thoradh ar leithdháiltí níos airde a dheonú ar shuiteálacha atá ann cheana i gcomparáid le hiontrálaithe nua.
…
|
|
|
3.
|
ÉIFEACHTAÍ DEARFACHA NA CABHRACH A CHUR I GCOMPARÁID LEIS NA HÉIFEACHTAÍ DIÚLTACHA AR AN IOMAÍOCHT AGUS AR AN TRÁDÁIL
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.3 (pointí 71-76) CEEAG.
|
|
61.
|
Chun comhlíonadh phointe 72 CEEAG a fhíorú, mínigh an gcomhlíonann gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith na critéir maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (387), lena n-áirítear an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, nó modheolaíochtaí inchomparáide eile.
…
|
|
62.
|
(I gcás próiseas tairisceana iomaíoch) Mínigh an bhfuil gnéithe sa bheart/sna bearta a dtugtar fógra ina leith chun rannpháirtíocht FBManna i bpróisis tairisceana iomaíocha a éascú. I gcás deimhneach, tabhair faisnéis maidir leis na gnéithe sin agus tabhair údar leis an gcaoi gur mó na héifeachtaí dearfacha a bhaineann le rannpháirtíocht FBManna a áirithiú sa bheart/sna bearta a dtugtar fógra ina leith ná na hiarmhairtí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ann.
…
|
Roinn C: Meastóireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach Roinn 5 (pointí 455-463) CEEAG.
|
63.
|
I gcás ina sáraíonn an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith na tairseacha buiséid/caiteachais i bpointe 456 CEEAG, mínigh cén fáth, i do thuairim, ar cheart feidhm a bheith ag an eisceacht i bpointe 457 CEEAG, nó cuir Iarscríbhinn i gceangal leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo ina bhfuil dréachtphlean meastóireachta ina gcumhdaítear an raon feidhme a luaitear i bpointe 458 CEEAG (388).
…
|
|
64.
|
Má sholáthraítear dréachtphlean meastóireachta, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
tabhair thíos achoimre ar an dréachtphlean meastóireachta sin atá san Iarscríbhinn.
…
|
|
(b)
|
deimhnigh go n-urramófar pointe 460 CEEAG.
…
|
|
(c)
|
tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh an plean meastóireachta ar fáil go poiblí.
…
|
|
|
65.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(b) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair agus gur faide í ná 3 bliana, deimhnigh go dtabharfaidh tú fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis modhnú mór lena méadófar buiséad na scéime go dtí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéime.
…
|
|
66.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(c) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair, tabhair gealltanas thíos go dtabharfaidh an Ballstát fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachas os cionn EUR 150 milliún sa bhliain roimhe sin a thaifeadadh i gcuntais oifigiúla.
…
|
|
67.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Soiléirigh an bhfuil an saineolaí neamhspleách roghnaithe cheana nó an roghnófar amach anseo é.
…
|
|
(b)
|
Tabhair faisnéis faoin nós imeachta chun an saineolaí a roghnú.
…
|
|
(c)
|
Tabhair údar leis an gcaoi a bhfuil an saineolaí neamhspleách ar an údarás deonúcháin.
…
|
|
|
68.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Tabhair na sprioc-amanna atá beartaithe agat chun an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach a chur isteach. Tabhair faoi deara nach mór an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin in am trátha ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fhadú féideartha na scéime cabhrach agus, ar a dhéanaí, 9 mí sula rachaidh sí in éag, i gcomhréir le pointe 463 CEEAG. Tabhair faoi deara go bhféadfaí an sprioc-am sin a laghdú i gcás scéimeanna a spreagann an ceanglas meastóireachta le linn an 2 bhliain dheireanacha dá gcur chun feidhme.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh go gcuirfear an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach ar fáil go poiblí. Tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh na tuarascálacha sin le fáil go poiblí.
…
|
|
Roinn D: Tuairisciú agus faireachán
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 6 (pointí 464-465) CEEAG.
|
69.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le tuairisciú agus faireachán a leagtar amach i Roinn 6, pointí 464 agus 465 CEEAG.
…
|
CUID III.6.G
Bileog faisnéise forlíontaí maidir le státchabhair a dheonaítear faoi na Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (dá ngairtear ‘CEEAG’ anseo feasta) - Roinn 4.6 – Cabhair chun láithreáin éillithe a leigheas, chun gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú agus le haghaidh na bithéagsúlachta agus réiteach dúlrabhunaithe
Baineann an bhileog faisnéise forlíontaí seo le bearta a chumhdaítear i Roinn 4.6 CEEAG. Má áirítear san fhógra bearta a chumhdaítear i níos mó ná roinn amháin CEEAG, líon isteach freisin an bhileog faisnéise forlíontaí a bhaineann leis an roinn CEEAG lena mbaineann a luaithe a bheidh sí ar fáil.
Na doiciméid uile a sholáthraíonn na Ballstáit mar iarscríbhinní a ghabhann leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo, ní mór iad a bheith uimhrithe agus ní mór uimhreacha na ndoiciméad a bheith léirithe sna ranna ábhartha den bhileog faisnéise forlíontaí seo.
Roinn A: Achoimre ar phríomh-shaintréithe an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith
|
1.
|
Cúlra agus cuspóir/cuspóirí an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith.
|
|
1.1.
|
Mura bhfuil siad pléite cheana faoi roinn 5.2 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an cúlra agus an príomhchuspóir, lena n-áirítear aon sprioc de chuid an Aontais a bhfuil sé beartaithe tacú léi leis an mbeart, ar sprioc í a bhaineann le láithreáin éillithe a leigheas, le gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais agus an bhithéagsúlacht a athshlánú agus le réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme.
…
|
|
1.2.
|
Sonraigh aon chuspóir eile a shaothraítear leis an mbeart. I gcás aon chuspóir nach cuspóir comhshaoil amach is amach é, mínigh cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh aon saobhadh iomaíochta ar an margadh inmheánach a bheith mar thoradh air.
…
|
|
2.
|
Teacht i bhfeidhm agus fad:
|
|
2.1.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi roinn 5.5 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), sonraigh an dáta óna bhfuil sé beartaithe go dtiocfaidh an scéim cabhrach i bhfeidhm;
…
|
|
2.2.
|
Sonraigh fad na scéime. (389)
…
|
|
3.1.
|
Mura bhfuil sé curtha ar fáil cheana faoi roinn 3 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair tuairisc ar thairbhí (féideartha) an bhirt/na mbeart;
…
|
|
3.2.
|
Sonraigh suíomh an tairbhí nó na dtairbhithe (féideartha) (i.e. mura bhfuil ach eintitis eacnamaíocha atá lonnaithe sna Ballstáit lena mbaineann nó i mBallstáit eile freisin incháilithe chun páirt a ghlacadh sa bheart).
…
|
|
3.3.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 15 CEEAG, sonraigh an ndeonaítear cabhair faoin mbeart nó faoi na bearta i bhfabhar gnóthas (gnóthas aonair nó cuid de scéim) atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
Más amhlaidh, tabhair faisnéis maidir leis an méid cabhrach atá fós le haisghabháil ionas go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh é sa mheasúnú ar an mbeart cabhrach/na bearta cabhrach.
…
|
|
4.
|
Deimhnigh nach mbaineann an beart/na bearta le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm CEEAG (féach pointe 13 CEEAG). Murab amhlaidh, tabhair sonraí.
…
|
|
5.
|
Buiséad agus maoiniú an bhirt/na mbeart.
|
|
5.1.
|
Mura bhfuil sé luaite cheana sa tábla faoi roinn 7.1 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an buiséad bliantúil agus/nó an buiséad iomlán le haghaidh fhad iomlán an bhirt/na mbeart; murab eol an buiséad iomlán (mar shampla toisc go mbraitheann sé ar thorthaí na dtairiscintí), sonraigh buiséad measta, lena n-áirítear na toimhdí a úsáideadh chun an buiséad measta lena mbaineann a ríomh. (390)
…
|
|
5.2.
|
más trí thobhach a mhaoinítear an beart, soiléirigh na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
an le dlí nó le haon ghníomh reachtach eile a shocraítear an tobhach; más amhlaidh, tabhair an gníomh dlí, uimhir agus dáta a ghlactha agus a theacht i bhfeidhm, an nasc idirlín chuig an ngníomh dlí;
…
|
|
(b)
|
an ngearrtar an tobhach go cothrom ar tháirgí intíre agus allmhairithe;
…
|
|
(c)
|
an rachaidh an beart a dtugtar fógra ina leith chun tairbhe do tháirgí intíre agus do tháirgí a allmhairítear go cothrom;
…
|
|
(d)
|
an maoinítear an beart go hiomlán nó go páirteach leis an tobhach. Mura maoinítear an beart ach go páirteach leis an tobhach, sonraigh foinsí eile maoinithe an bhirt agus cion gach foinse acu sin;
…
|
|
(e)
|
an maoinítear bearta cabhrach eile leis an tobhach lena maoinítear an beart a dtugtar fógra ina leith. Más amhlaidh, sonraigh na bearta cabhrach eile a mhaoinítear leis an tobhach lena mbaineann.
…
|
|
Roinn B: Measúnú comhoiriúnachta ar an gcabhair
|
1.
|
COINNÍOLL DEARFACH: NÍ MÓR FORBAIRT GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE A ÉASCÚ LEIS AN GCABHAIR
|
|
1.1.
|
Cuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.1 (pointí 23-25) agus ranna 4.6.1 (pointí 276-278) agus 4.6.2 (pointí 279-282) CEEAG.
|
|
6.
|
Le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’) foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin ‘cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann’. Dá bhrí sin, le cabhair a luíonn leis an margadh inmheánach faoin bhforáil sin den Chonradh ní mór rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe.
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 23 CEEAG, sainaithin na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar mar thoradh ar an gcabhair agus an chaoi a dtacaítear le forbairt na ngníomhaíochtaí sin.
…
|
|
7.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 25 CEEAG, tabhair tuairisc ar cibé ‘a rannchuideoidh an chabhair le cuspóirí bheartas aeráide an Aontais, cuspóirí bheartas comhshaoil an Aontais agus cuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus conas a dhéanfar sin, agus, go sonrach, tairbhí na cabhrach a bhfuil coinne leo maidir le cuidiú nach beag le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear maolú ar an athrú aeráide, nó feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh’.
…
|
|
8.
|
Ina theannta sin, cuir i dtábhacht a mhéid a bhaineann an chabhair leis na beartais a dtugtar tuairisc orthu faoi phointí, 276, 277 agus 278 CEEAG.
…
|
|
9.
|
Tabhair tuairisc ar na ceanglais incháilitheachta is infheidhme maidir leis an tairbhí/na tairbhithe (mar shampla trí aon cheanglas teicniúil, comhshaoil (i.e. ceadanna), airgeadais (i.e. comhthaobhachtaí) nó aon cheanglas eile is gá don tairbhí/do na tairbhithe a chomhlíonadh a chur san áireamh).
…
|
|
10.
|
Tabhair faisnéis maidir le raon feidhme beacht agus gníomhaíochtaí beachta an bhirt chabhrach/na mbeart cabhrach a dtacaítear leo, chun a léiriú go gcumhdaítear leis an scéim gníomhaíochtaí a thagann faoi cheann amháin nó níos mó de na catagóirí a liostaítear faoi phointe 281 CEEAG.
…
|
|
11.
|
An chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta le haghaidh leighis nó athshlánú tar éis dhúnadh na ngléasraí cumhachta agus oibríochtaí mianadóireachta nó eastósctha, deimhnigh nach ndeonaítear an chabhair a mhéid a chumhdaítear an chabhair i gceist le Roinn 4.12 (Pointe 280(a) CEEAG). I gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh leighis nó athshlánú go díreach tar éis gníomhaíochtaí brabúsacha guail, móna agus scealla ola a dhúnadh go luath nó tar éis gníomhaíochtaí neamhiomaíocha guail, móna agus scealla ola a dhúnadh, líon isteach an bhileog faisnéise forlíontaí maidir le státchabhair arna deonú faoi Roinn 4.12 CEEAG, toisc go ndéantar measúnú ar an gcabhair sin faoi Roinn 4.12.
…
|
|
12.
|
Deimhnigh nach ndeonaítear an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta chun an damáiste a rinneadh trí thubaistí nádúrtha a shlánú, amhail creathanna talún, maidhmeanna sléibhe, sciorrthaí talún, tuilte, tornádónna, hairicíní, brúchtaí bolcánacha agus dóiteáin fhiáine de bhunadh nádúrtha (Pointe 280(b) CEEAG).
…
|
|
13.
|
Chun a chinneadh cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar measúnú ar chomhoiriúnacht an bhirt faoi Roinn 4.6 nó Roinn 4.1, tabhair le fios cé acu a rannchuidíonn nó nach rannchuidíonn an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú freisin.
…
|
|
14.
|
Más amhlaidh, chun príomhchuspóir an bhirt a chinneadh i gcomhréir le pointe 282 agus fonóta 124 CEEAG, tabhair comparáid idir na torthaí a bhfuil coinne leo ón mbeart i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a chosc nó a laghdú agus damáiste don chomhshaol a leigheas, gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, an bhithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide, ar bhonn cainníochtuithe inchreidte mionsonraithe.
…
|
|
1.2.
|
Éifeacht dreasachta
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.2 (pointí 26-32) agus roinn 4.6.3 (pointí 283-287) CEEAG.
|
|
15.
|
Ní féidir a mheas go n-éascaíonn cabhair gníomhaíocht eacnamaíoch ach amháin má tá éifeacht dreasachta aici. Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 26 CEEAG, mínigh conas a ‘spreagann [an beart/na bearta] an tairbhí chun a iompraíocht a athrú, chun dul i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch bhreise nó gníomhaíocht eacnamaíoch atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, nach ndéanfadh sé gan an chabhair nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó éagsúil’.
…
|
|
16.
|
De bhun phointe 28 CEEAG, tabhair tuairisc chuimsitheach ar an gcás fíorasach a bhfuil coinne leis mar thoradh ar an mbeart cabhrach agus ar an gcás frithfhíorasach/na cásanna frithfhíorasacha dóchúla d’uireasa an bhirt cabhrach. (391) I gcás ina measann tú go bhféadfar tacú le catagóirí éagsúla tairbhithe, áirithigh go bhfuil an cás frithfhíorasach inchreidte le haghaidh gach ceann de na catagóirí sin agus tabhair údar le rogha an cháis fhrithfhíorasaigh.
…
Tabhair údar leis an athrú iompraíochta i gcás inarb ábhartha do gach catagóir tairbhí, bunaithe ar an tionscadal tagartha lena mbaineann (392), ar na cásanna frithfhíorasacha comhfhreagracha agus ar an mbearna chistithe mar thoradh air.
…
|
|
17.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 27 CEEAG, tabhair faisnéis chun a dheimhniú nach dtacaíonn an chabhair leis na costais a bhaineann le gníomhaíocht a dhéanfadh tairbhí na cabhrach pé scéal é agus nach gcúitíonn an chabhair an gnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch.
…
|
|
18.
|
Chun comhlíonadh phointí 29 agus 31 CEEAG a léiriú:
|
(a)
|
Deimhnigh nár cuireadh tús leis na hoibreacha ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht sula ndearna an tairbhí iarratas i scríbhinn ar chabhair chuig na húdaráis náisiúnta;
…
NÓ
|
|
(b)
|
I gcás tionscadail ar cuireadh tús leo roimh an iarratas ar chabhair, léirigh go dtagann an tionscadal faoi cheann de na cásanna eisceachtúla dá bhforáiltear i bpointe 31 CEEAG ((a), (b) nó (c)).
…
|
|
|
19.
|
Chun comhlíonadh phointe 30 CEEAG a léiriú, deimhnigh go n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chabhair: ainm an iarratasóra, tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear a suíomh, agus an méid cabhrach is gá chun an tionscadal nó an ghníomhaíocht a dhéanamh.
…
|
|
20.
|
Chun comhlíonadh phointe 32 CEEAG a léiriú, sonraigh an bhfuil caighdeáin de chuid an Aontais (393) ann atá infheidhme maidir leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith, caighdeáin náisiúnta shainordaitheacha atá níos déine nó níos uaillmhianaí ná caighdeáin chomhfhreagracha an Aontais, nó caighdeáin náisiúnta shainordaitheacha arna nglacadh in éagmais chaighdeáin de chuid an Aontais. Sa chomhthéacs sin, tabhair faisnéis chun an éifeacht dreasachta a léiriú.
…
|
|
21.
|
I gcásanna inar glacadh caighdeán ábhartha de chuid an Aontais cheana ach nach bhfuil sé i bhfeidhm go fóill, léirigh gur féidir éifeacht dreasachta a bheith ag cabhair toisc go ndreasaíonn sé an infheistíocht atá le cur chun feidhme agus le tabhairt i gcrích ar a laghad 18 mí sula dtiocfaidh an caighdeán i bhfeidhm.
…
|
|
22.
|
Gan dochar do Threoir 2004/35/CE ná do rialacha ábhartha eile de chuid an Aontais (394), chun comhlíonadh phointí 284 agus 285 CEEAG agus an phrionsabail ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’ a fhíorú:
|
(a)
|
Deimhnigh nach féidir an gnóthas ag tionscnamh an damáiste don chomhshaol a aithint ná a chur faoi dhliteanas i leith mhaoiniú na n-oibreacha is gá chun an damáiste don chomhshaol a chosc agus a cheartú i gcomhréir leis an bprionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’.
…
|
|
(b)
|
Léirigh go ndearnadh gach beart is gá, lena n-áirítear caingean dlí, chun an t-eintiteas nó an gnóthas atá faoi dhliteanas a rinne an damáiste don chomhshaol a shainaithint agus chun na costais ábhartha a iompar.
…
|
|
(c)
|
An gnóthas a rinne an damáiste don chomhshaol, léirigh cé acu is ann dó a thuilleadh ó thaobh dlí de nó nach ann agus cé acu is féidir nó nach féidir aon ghnóthas eile a mheas mar a chomharba dlíthiúil nó eacnamaíoch, agus cé acu atá nó nach bhfuil slándáil airgeadais leordhóthanach ann chun íoc as na costais leighis.
…
|
|
|
23.
|
Chun comhlíonadh phointe 286 CEEAG a fhíorú, deimhnigh nach ndeonaítear an chabhair chun bearta cúiteacha dá dtagraítear in Airteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle a chur chun feidhme (395).
…
|
|
24.
|
Léirigh cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear leis an gcabhair na costais bhreise is gá chun raon feidhme nó uaillmhian na mbeart cúiteach a mhéadú thar na hoibleagáidí dlíthiúla faoi Airteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle.
…
|
|
1.3.
|
Gan sárú ar aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.3 (pointe 33) CEEAG.
|
|
25.
|
Tabhair faisnéis chun comhlíonadh fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais a dheimhniú, i gcomhréir le pointe 33 CEEAG.
…
|
|
26.
|
Má úsáidtear tobhach chun an beart/na bearta a mhaoiniú, soiléirigh an gá an measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Más gá, léirigh conas a chomhlíonann an beart forálacha Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Sa chomhthéacs sin, is féidir tagairt a dhéanamh don fhaisnéis a chuirtear isteach faoi cheist 5.2. thuas, i gcás ina maoinítear an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith trí thobhach.
…
|
|
2.
|
COINNÍOLL DIÚLTACH: NÍ FÉIDIR LEIS AN GCABHAIR DIFEAR MÍCHUÍ A DHÉANAMH DO CHOINNÍOLLACHA TRÁDÁLA AN OIREAD IS GO MBEADH DOCHAR ANN DON LEAS COITEANN
|
|
2.1.
|
Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála
|
|
2.1.1.
|
Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.1 (pointí 34-38) CEEAG.
|
|
27.
|
Mínigh cén cliseadh/cé na clistí margaidh a shainaithin d’údaráis agus a chuireann cosc ar leibhéal leordhóthanach cosanta comhshaoil a bhaint amach. Sonraigh an chatagóir faoina dtagann na clistí margaidh sainaitheanta, trí thagairt a dhéanamh do litreacha (a), (b), (c) nó (d) de phointe 34 CEEAG.
…
|
|
28.
|
I gcomhréir le pointe 35 CEEAG, tabhair faisnéis maidir le haon bheartas agus aon bheart atá ann cheana a shainaithin d’údaráis, agus atá dírithe cheana féin ar na clistí rialála nó margaidh a sainaithníodh.
…
|
|
29.
|
Chun comhlíonadh phointe 36 CEEAG a léiriú tabhair faisnéis a léiríonn go ndírítear an chabhair go héifeachtach ar chlistí margaidh iarmharacha, agus aird á tabhairt freisin ar aon bheartas agus aon bheart eile atá i bhfeidhm cheana chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na clistí margaidh a sainaithníodh.
…
|
|
30.
|
Chun comhlíonadh phointe 37 CEEAG a léiriú, mínigh, go bhfios do d’údaráis, an bhfuil tionscadail nó gníomhaíochtaí cosúil leo siúd a chumhdaítear leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith maidir lena n-ábhar teicneolaíoch, lena leibhéal riosca agus lena méid, curtha i gcrích cheana laistigh den Aontas faoi choinníollacha an mhargaidh. I gcás deimhneach, tabhair tuilleadh fianaise chun an gá atá le státchabhair a léiriú.
…
|
|
31.
|
Chun comhlíonadh phointe 38 CEEAG a léiriú, féach an fhianaise chainníochtúil a soláthraíodh cheana faoi cheist 16 thuas.
…
|
|
2.1.2.
|
Oiriúnacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.2 (pointí 39-46) CEEAG.
|
|
32.
|
Chun comhlíonadh phointe 40 CEEAG a fhíorú, léirigh nach bhfuil ionstraimí ar fáil nach bhfuil chomh saobhach céanna agus atá níos iomchuí.
…
|
|
33.
|
Chun comhlíonadh phointe 41 CEEAG a fhíorú, léirigh go bhfuil an beart cabhrach deartha ar bhealach nach mbainfear an bonn d’éifeachtúlacht beart eile lena leigheastar an cliseadh margaidh céanna, amhail sásraí margadhbhunaithe (e.g. CTA an Aontais).
…
|
|
34.
|
Chun comhlíonadh phointí 43 go 46 CEEAG a fhíorú, chun oiriúnacht na cabhrach i measc ionstraimí cabhrach éagsúla a léiriú, tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh cén fáth nach bhfuil foirmeacha cabhrach eile, nach bhfuil chomh saobhach céanna b’fhéidir, chomh hiomchuí céanna, mar a cheanglaítear i bpointe 44 CEEAG. Ar na foirmeacha cabhrach nach mbeadh chomh saobhach céanna a d’fhéadfadh a bheith ann, tá airleacain in-aisíoctha in ionad deontais dhíreacha; creidmheasanna cánach in ionad laghduithe cánach; nó cineálacha cabhrach atá bunaithe ar ionstraimí airgeadais, amhail fiachas, in ionad ionstraimí cothromais, lena n-áirítear, mar shampla, iasachtaí ar ús íseal nó lacáistí ar ús, ráthaíochtaí Stáit, nó soláthar malartach maoinithe ar théarmaí fabhracha.
…
|
|
(b)
|
Léirigh go bhfuil rogha na hionstraime cabhrach iomchuí don chliseadh margaidh a bhfuil sé d’aidhm ag an mbeart cabhrach nó ag na bearta cabhrach aghaidh a thabhairt uirthi, mar a cheanglaítear i bpointe 45 CEEAG.
…
|
|
(c)
|
Mínigh conas atá an beart agus a dhearadh iomchuí chun cuspóir an bhirt ar a bhfuil an chabhair dírithe a bhaint amach (pointe 46 CEEAG).
…
|
|
|
2.1.3.
|
Comhréireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.6.4 (pointí 288-291) CEEAG.
|
|
35.
|
Tabhair tuairisc ar na costais atá incháilithe faoin mbeart cabhrach agus conas a shainaithneofar iad.
…
|
|
36.
|
Maidir le hinfheistíochtaí i ndamáiste don chomhshaol a leigheas nó i ngnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú:
|
(a)
|
Léirigh (i) costais an leighis nó an athshlánaithe agus soláthair a méideanna trí úsáid a bhaint as cainníochtú chostais an tionscadail nó chostais an tionscadail tagartha atá i gceist 16 agus (ii) luach na talún sula ndearnadh an leigheas nó an t-athshlánú agus luach na talún i ndiaidh an leighis nó an athshlánaithe, nó tabhair tuairisc ar an nós imeachta chun an méadú ar luach na talún a chinneadh.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh nach bhféadfaidh an chabhair a bheith níos mó ná an difríocht idir costais an leighis nó an athshlánaithe agus an méadú ar luach talún (pointe 288 CEEAG).
…
|
|
(c)
|
Deimhnigh go ndéanfar meastóireachtaí ar an méadú ar luach na talún nó na maoine de thoradh an leighis nó an athshlánaithe a bheith déanta ag saineolaí cáilithe neamhspleách (pointe 288 CEEAG).
…
|
|
|
37.
|
I gcás infheistíochtaí chun an bhithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus chun réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide, costais iomlána na n-oibreacha a mbíonn an méid a chuireann siad leis an mbithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú nó le réitigh nádúr-bhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide ina dtoradh orthu, deimhnigh nach féidir na costais incháilithe a bheith níos mó ná na costais iomlána sin (pointe 289 CEEAG).
…
|
|
38.
|
I gcás cabhrach a dheonaítear chun réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme i bhfoirgnimh a bhfuil teastas feidhmíochta fuinnimh ann ina leith, léirigh nach gcuireann na hinfheistíochtaí sin cosc ar chur chun feidhme na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh arna moladh sa teastas feidhmíochta fuinnimh (pointe 290 CEEAG).
…
|
|
39.
|
Ceadaítear le pointe 291 CCEAG go sroichfidh déine na cabhrach suas le 100 %. Tabhair na huasdéiní cabhrach is infheidhme faoin mbeart.
|
|
2.1.4.
|
Carnadh
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 56-57 CEEAG.
|
|
40.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi Chuid I den fhoirm fógra ghinearálta agus chun comhlíonadh phointe 56 CEEAG a fhíorú, soiléirigh an bhféadfaí an chabhair faoin mbeart nó faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a dhámhachtain i gcomhthráth faoi roinnt scéimeanna cabhrach nó a charnadh le cabhair ad hoc nó de minimis i ndáil leis na costais incháilithe chéanna. Más amhlaidh an cás, tabhair sonraí maidir leis na scéimeanna cabhrach sin, cabhair ad hoc nó cabhair de minimis agus conas a charnfar an chabhair.
…
|
|
41.
|
Más infheidhme pointe 56 CEEAG, tabhair údar leis an gcaoi nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán na cabhrach a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith, beart/bearta le haghaidh tionscadail nó gníomhaíochta agus nach rachaidh sé thar an uasmhéid cabhrach a cheadaítear faoi phointe 291 CEEAG. Le haghaidh gach birt, sonraigh ar féidir an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta cabhrach a dtugtar fógra ina leith a charnadh leis, an modh a úsáidtear chun comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe 56 CEEAG a áirithiú.
…
|
|
42.
|
I gcás inarb infheidhme pointe 57 CEEAG, i.e. déantar an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a chomhcheangal le cistiú ón Aontas a bhainistítear go lárnach (396) (nach státchabhair é), tabhair údar leis an gcaoi nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán an chistithe phoiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe chéanna.
…
|
|
2.1.5.
|
Trédhearcacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.4 (pointí 58-61) CEEAG.
|
|
43.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le trédhearcacht dá bhforáiltear i bpointí 58-61 CEEAG.
…
|
|
44.
|
Tabhair an nasc idirlín ina bhfoilseofar téacs iomlán na scéime cabhrach formheasta nó an chinnidh deonaithe cabhrach aonair agus a fhorálacha cur chun feidhme agus faisnéis maidir le gach dámhachtain cabhrach aonair a deonaíodh ad hoc nó faoi scéim cabhrach a formheasadh ar bhonn CEEAG agus ar mó ná EUR 100 000 í.
…
|
|
2.2.
|
Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.2 (pointí 63-70) CEEAG.
|
|
45.
|
Chun comhlíonadh phointe 67 CEEAG a fhíorú, tabhair faisnéis maidir leis na héifeachtaí diúltacha gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart nó ag na bearta a dtugtar fógra ina leith ar an iomaíocht agus ar an trádáil.
…
|
|
46.
|
Mínigh an dtagann an beart faoi aon cheann de na cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
Baineann sé le margadh (nó margaí) ina bhfuair sealbhóirí cumhacht mhargaidh roimh léirscaoileadh an mhargaidh;
…
|
|
(b)
|
Baineann próisis tairisceana iomaíocha i margadh/margaí nuaghinte leis, i gcás ina bhfuil gníomhaí ann a bhfuil suíomh láidir aige ar an margadh;
…
|
|
(c)
|
Ní rachaidh sé chun tairbhe ach do thairbhí amháin nó do líon an-teoranta tairbhithe.
…
|
|
|
47.
|
Dá ndíreodh an beart cabhrach ar rogha/conair theicneolaíoch shonrach, tabhair údar leis an gcúis leis an rogha theicneolaíoch agus nach ndíspreagfaidh sé úsáid teicneolaíochtaí níos glaine.
…
|
|
48.
|
Mura rachaidh an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith chun tairbhe ach do thairbhí amháin nó do líon an-teoranta tairbhithe, chun comhlíonadh phointe 68 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh an neartaíonn nó an gcoinníonn an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith cumhacht mhargaidh an tairbhí/na dtairbhithe ar bun nó an ndíspreagann sé/siad forleathnú iomaitheoirí atá ann cheana nó an spreagann sé/siad a scor nó an ndíspreagann sé/siad iontráil iomaitheoirí nua. Mínigh ina leith sin freisin cé acu a bheidh nó nach mbeidh méadú ar acmhainneacht an tairbhí mar thoradh ar an mbeart cabhrach.
…
|
|
(b)
|
Tabhair tuairisc ar na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun teorainn a chur leis an saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an gcabhair a dheonú don tairbhí/do na tairbhithe aonair.
…
|
|
|
49.
|
Chun comhlíonadh phointe 69 CEEAG a léiriú, mínigh na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
Má tá sé d’aidhm ag an gcabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith gníomhaíocht eacnamaíoch a chaomhnú i réigiún amháin nó í a mhealladh ó réigiúin eile laistigh den mhargadh inmheánach.
…
|
|
(b)
|
Más amhlaidh, sonraigh an ghlanéifeacht chomhshaoil atá ag an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith agus conas a fheabhsaítear an leibhéal cosanta comhshaoil atá ann cheana sna Ballstáit leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith.
…
|
|
(c)
|
Conas nach mbeidh aon éifeacht diúltach follasach ar an iomaíocht ná ar an trádáil mar thoradh ar an gcabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith.
…
|
|
(d)
|
I gcás cabhair aonair, na príomhchúiseanna le rogha an tairbhí maidir leis an suíomh le haghaidh na n-infheistíochtaí.
…
|
|
|
50.
|
Chun comhlíonadh phointe 70 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Deimhnigh go bhféadfar cabhair a dheonú faoin scéim a dtugtar fógra ina leith ar feadh uastréimhse 10 mbliana ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh sa chás gur mian le d’údaráis síneadh a chur le tréimhse na scéime thar an uastréimhse, go dtabharfaidh siad fógra an athuair faoin mbeart/faoi na bearta.
…
|
|
|
3.
|
ÉIFEACHTAÍ DEARFACHA NA CABHRACH A CHUR I GCOMPARÁID LEIS NA HÉIFEACHTAÍ DIÚLTACHA AR AN IOMAÍOCHT AGUS AR AN TRÁDÁIL
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.3 (pointí 71-76) CEEAG.
|
|
51.
|
Chun comhlíonadh phointe 72 CEEAG a fhíorú, mínigh an gcomhlíonann gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith na critéir maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (397), lena n-áirítear an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, nó modheolaíochtaí inchomparáide eile.
…
|
Roinn C: Meastóireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach Roinn 5 (pointí 455-463) CEEAG.
|
52.
|
I gcás ina sáraíonn an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith na tairseacha buiséid/caiteachais i bpointe 456 CEEAG, mínigh cén fáth, i do thuairim, ar cheart feidhm a bheith ag an eisceacht i bpointe 457 CEEAG, nó cuir Iarscríbhinn i gceangal leis an bhfoirm fógra seo ina bhfuil dréachtphlean meastóireachta ina gcumhdaítear an raon feidhme a luaitear i bpointe 458 CEEAG (398).
…
|
|
53.
|
Má sholáthraítear dréachtphlean meastóireachta, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
tabhair thíos achoimre ar an dréachtphlean meastóireachta sin atá san Iarscríbhinn.
…
|
|
(b)
|
deimhnigh go n-urramófar pointe 460 CEEAG.
…
|
|
(c)
|
tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh an plean meastóireachta ar fáil go poiblí.
…
|
|
|
54.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(b) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair agus gur faide í ná 3 bliana, deimhnigh go dtabharfaidh tú fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis modhnú mór lena méadófar buiséad na scéime go dtí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéime.
…
|
|
55.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(c) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair, tabhair gealltanas thíos go dtabharfaidh an Ballstát fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachas os cionn EUR 150 milliún sa bhliain roimhe sin a thaifeadadh i gcuntais oifigiúla.
…
|
|
56.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Soiléirigh an bhfuil an saineolaí neamhspleách roghnaithe cheana nó an roghnófar amach anseo é.
…
|
|
(b)
|
Tabhair faisnéis faoin nós imeachta chun an saineolaí a roghnú.
…
|
|
(c)
|
Tabhair údar leis an gcaoi a bhfuil an saineolaí neamhspleách ar an údarás deonúcháin.
…
|
|
|
57.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Tabhair na sprioc-amanna atá beartaithe agat chun an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach a chur isteach. Tabhair faoi deara nach mór an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin in am trátha ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fhadú féideartha na scéime cabhrach agus, ar a dhéanaí, 9 mí sula rachaidh sí in éag, i gcomhréir le pointe 463 CEEAG. Tabhair faoi deara go bhféadfaí an sprioc-am sin a laghdú i gcás scéimeanna a spreagann an ceanglas meastóireachta le linn an 2 bhliain dheireanacha dá gcur chun feidhme.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh go gcuirfear an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach ar fáil go poiblí. Tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh na tuarascálacha sin le fáil go poiblí.
…
|
|
Roinn D: Tuairisciú agus faireachán
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach Roinn 6 (pointí 464-465) CEEAG.
|
58.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le tuairisciú agus faireachán a leagtar amach i Roinn 6, pointí 464 agus 465 CEEAG.
…
|
CUID III.6.H
Bileog faisnéise forlíontaí maidir le státchabhair a dheonaítear faoi na Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (dá ngairtear ‘CEEAG’ anseo feasta) - Roinn 4.7.1. – Cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha comhshaoil nó ar thobhaigh pharaifioscacha
Baineann an bhileog faisnéise forlíontaí seo le bearta a chumhdaítear i Roinn 4.7.1 CEEAG. Má áirítear san fhógra bearta a chumhdaítear i níos mó ná roinn amháin CEEAG, líon isteach freisin an bhileog faisnéise forlíontaí a bhaineann leis an roinn CEEAG lena mbaineann a luaithe a bheidh sí ar fáil.
Na doiciméid uile a sholáthraíonn na Ballstáit mar iarscríbhinní a ghabhann leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo, ní mór iad a bheith uimhrithe agus ní mór uimhreacha na ndoiciméad a bheith léirithe sna ranna ábhartha den bhileog faisnéise forlíontaí seo.
Roinn A: Achoimre ar phríomh-shaintréithe an bhirt/na mbeart
|
1.
|
Cúlra agus cuspóir/cuspóirí an bhirt/na mbeart:
|
|
1.1.
|
Más rud é nár pléadh iad cheana féin faoi roinn 5.2 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an cúlra agus an príomhchuspóir, lena n-áirítear an nasc le haon spriocanna de chuid an Aontais a bhfuil sé beartaithe leis an mbeart tacú leo.
…
|
|
1.2.
|
Más rud é nár pléadh iad cheana féin faoi roinn 5.2 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), sonraigh aon chuspóir eile atá á shaothrú leis an mbeart. Maidir le cuspóirí nach cuspóirí comhshaoil amháin iad, mínigh cibé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh aon saobhadh ar an margadh inmheánach a bheith ina thoradh orthu.
…
|
|
2.
|
Teacht i bhfeidhm agus fad:
|
|
2.1.
|
Más rud é nár pléadh iad cheana féin faoi roinn 5.5 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair:
|
(a)
|
Le haghaidh scéim cabhrach:
|
—
|
an dáta óna mbeartaítear go dtiocfaidh an scéim i bhfeidhm:
…
|
|
|
(b)
|
Le haghaidh cabhair aonair:
|
—
|
dáta (beartaithe) deonaithe na cabhrach (gealltanas na cabhrach):
…
agus
|
|
—
|
dáta na híocaíochta (an chéad dáta íocaíochta má dhéantar foráil maidir le híocaíochtaí comhleanúnacha éagsúla).
…
|
|
|
|
3.1.
|
Mura bhfuil sé curtha ar fáil cheana faoi roinn 3 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair tuairisc ar thairbhí (féideartha) an bhirt/na mbeart.
…
|
|
3.2.
|
Sonraigh suíomh an tairbhí nó na dtairbhithe (i.e. mura bhfuil ach eintitis eacnamaíocha atá lonnaithe sna Ballstáit lena mbaineann nó i mBallstáit eile freisin incháilithe chun páirt a ghlacadh sa bheart).
…
|
|
3.3.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 15 CEEAG, sonraigh an ndeonaítear cabhair faoin mbeart nó faoi na bearta i bhfabhar gnóthas (gnóthas aonair nó cuid de scéim) atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
…
Más amhlaidh, tabhair faisnéis maidir leis an méid cabhrach atá fós le haisghabháil ionas go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh é sa mheasúnú ar an mbeart cabhrach/na bearta cabhrach.
…
|
|
4.
|
Deimhnigh nach mbaineann an beart/na bearta le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm na dTreoirlínte (féach pointe 13 CEEAG). Murab amhlaidh, tabhair sonraí.
…
|
|
5.
|
Buiséad agus maoiniú an bhirt/na mbeart:
|
|
5.1.
|
Mura bhfuil sé luaite cheana sa tábla faoi roinn 7.1 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an buiséad bliantúil agus/nó an buiséad iomlán le haghaidh fhad iomlán an bhirt/na mbeart; murab eol an buiséad iomlán (mar shampla braitheann sé ar thorthaí na dtairiscintí), sonraigh buiséad measta, lena n-áirítear na toimhdí a úsáideadh chun an buiséad measta lena mbaineann a ríomh. (400)
…
|
|
5.2.
|
Ós rud é go mbaineann an beart le cáin chomhshaoil/tobhach paraifhioscach (401), soiléirigh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
An le dlí nó le haon ghníomh reachtach eile a shocraítear an tobhach; más amhlaidh, tabhair an gníomh dlí, uimhir agus dáta a ghlactha agus a theacht i bhfeidhm, an nasc idirlín chuig an ngníomh dlí.
…
|
|
(b)
|
An maoinítear an laghdú tobhaigh tríd an tobhach a ardú do thomhaltóirí eile.
…
|
|
(c)
|
An ngearrtar an tobhach go cothrom ar tháirgí intíre agus allmhairithe.
…
|
|
(d)
|
An rachaidh an beart chun tairbhe go cothrom do tháirgeoirí intíre agus do tháirgeoirí allmhairithe.
…
|
|
(e)
|
An maoinítear an beart go hiomlán nó go páirteach leis an tobhach. Mura maoinítear an beart ach go páirteach leis an tobhach, sonraigh foinsí eile maoinithe an bhirt agus cion gach foinse acu sin.
…
|
|
(f)
|
An maoinítear bearta cabhrach eile leis an tobhach lena maoinítear an beart. Más amhlaidh, sonraigh na bearta cabhrach eile a mhaoinítear leis an tobhach lena mbaineann.
…
|
|
Roinn B: Measúnú comhoiriúnachta ar an gcabhair
|
1.
|
COINNÍOLL DEARFACH: NÍ MÓR FORBAIRT GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE A ÉASCÚ LEIS AN GCABHAIR
|
|
1.1.
|
Rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche, éifeacht dreasachta, réasúnaíocht na cabhrach agus raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach ranna 3.1.1 agus 3.1.2, a mhéid atá siad infheidhme maidir leis an mbeart/na bearta, agus ranna 4.7.1.1 agus 4.7.1.2 (pointí 293-296) CEEAG.
|
|
6.
|
Le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’) foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin ‘cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann’. Dá bhrí sin, le cabhair a luíonn leis an margadh inmheánach faoin bhforáil sin den Chonradh ní mór rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe.
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 23 CEEAG, sainaithin na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar mar thoradh ar an gcabhair agus an chaoi a dtacaítear le forbairt na ngníomhaíochtaí sin.
…
|
|
7.
|
Ní féidir a mheas go n-éascaíonn cabhair gníomhaíocht eacnamaíoch ach amháin má tá éifeacht dreasachta aici. Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh roinn 3.1.2 CEEAG, mínigh conas a ‘spreagann [an beart/na bearta] an tairbhí chun a iompraíocht a athrú, chun dul i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch bhreise nó gníomhaíocht eacnamaíoch atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, nach ndéanfadh sé gan an chabhair nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó éagsúil’, i bhfianaise na réasúnaíochta leis an gcabhair mar a mhínítear i roinn 4.7.1.1 CEEAG.
…
|
|
8.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 293 CEEAG, tabhair tuairisc ar (i) laghduithe ar chánacha comhshaoil nó ar thobhaigh pharaifhioscacha a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar chuspóir na cosanta comhshaoil, cén fáth a bhféadfadh gá a bheith leo, mar sin féin, agus (ii) cén fáth a bhféadfadh, murach sin, na tairbhithe a bheith faoi mhíbhuntáiste iomaíoch chomh mór sin nach mbeadh sé indéanta an cháin chomhshaoil nó an tobhach paraifhioscach a thabhairt isteach ar an gcéad dul síos.
…
|
|
9.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 294 CEEAG, tabhair tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Cén fáth a bhféadfaí ‘leibhéal ginearálta ranníocaíochta níos airde do na cánacha comhshaoil nó do thobhaigh pharaifhioscacha’ a bhaint amach ‘trí chóireáil níos fabhraí a dheonú do roinnt gnóthas’.
…
|
|
(b)
|
Cén fáth ar féidir ‘le laghduithe ar chánacha nó tobhaigh chomhshaoil cur go hindíreach le leibhéal níos airde cosanta comhshaoil’;
…
AGUS
|
|
(c)
|
Conas a áirithíonn an Ballstát nach ndéanfaí le laghdaithe den sórt sin ‘an bonn a bhaint de chuspóir foriomlán na cánach comhshaoil nó an tobhaigh pharaifhioscaigh chun iompraíocht dhíobhálach don chomhshaol a dhíspreagadh agus/nó chun an costas a bhaineann le hiompraíocht den sórt sin a mhéadú i gcás nach bhfuil roghanna malartacha sásúla ar fáil’.
…
|
|
|
10.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 295 CEEAG, tabhair an fhaisnéis a dtugtar tuairisc uirthi i bpointe 296 CEEAG:
|
(a)
|
tuairisc ar na hearnálacha nó ar na catagóirí tairbhithe atá incháilithe le haghaidh na laghduithe
…
|
|
(b)
|
Liosta de na tairbhithe is mó i ngach earnáil lena mbaineann, a láimhdeachas, a sciartha den mhargadh, méid an bhoinn cánach agus an chuid a bheadh sa cháin nó sa tobhach comhshaoil ina mbrabús réamhchánach, i dteannta an laghdaithe agus ina éagmais (is féidir liosta a chur ar fáil in iarscríbhinn ar leith a ghabhann leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo).
…
|
|
(c)
|
Tuairisc ar chás na dtairbhithe sin ina mínítear cén fáth nach mbeidís in ann an ráta caighdeánach cánach nó tobhaigh comhshaoil a íoc.
…
|
|
(d)
|
Míniú ar an gcaoi a gcuirfeadh an cháin laghdaithe nó an tobhach laghdaithe le méadú iarbhír ar leibhéal na cosanta comhshaoil i gcomparáid le leibhéal na cosanta comhshaoil atá le baint amach in éagmais laghduithe (402).
…
|
|
|
1.2.
|
Gan sárú ar aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.3 (pointe 33) CEEAG.
|
|
11.
|
Tabhair faisnéis chun comhlíonadh fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais a dheimhniú, i gcomhréir le pointe 33 CEEAG.
…
|
|
12.
|
Má úsáidtear tobhach chun an beart/na bearta a mhaoiniú, soiléirigh an gá an measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Más gá, léirigh conas a chomhlíonann an beart forálacha Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Sa chomhthéacs sin, is féidir tagairt a dhéanamh don fhaisnéis a chuirtear isteach faoi cheist 5.2 thuas.
…
|
|
2.
|
COINNÍOLL DIÚLTACH: NÍ FÉIDIR LEIS AN GCABHAIR DIFEAR MÍCHUÍ A DHÉANAMH DO CHOINNÍOLLACHA TRÁDÁLA AN OIREAD IS GO MBEADH DOCHAR ANN DON LEAS COITEANN
|
|
2.1.
|
Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála
Tabhair faoi deara gur ranna malartacha iad roinn 2.1.1 agus roinn 2.1.2. Maidir le cásanna atá incháilithe le haghaidh cur chuige simplithe i gcomhréir le roinn 2.1.1 thíos, ní gá freagraí faoi roinn 2.1.2 a thabhairt.
|
|
2.1.1.
|
Cur chuige simplithe maidir le cánacha comhshaoil comhchuibhithe
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.7.1.3 (pointí 297-300) CEEAG. Nuair a dhéantar cánacha comhshaoil a chomhchuibhiú, féadfaidh an Coimisiún cur chuige simplithe a chur i bhfeidhm chun riachtanas agus comhréireacht na cabhrach a mheasúnú. I gcomhthéacs Threoir 2003/96/CE, féadfaidh an Coimisiún cur chuige simplithe a chur i bhfeidhm maidir le laghduithe ar cháin agus urraim á tabhairt d’íosleibhéal cánach an Aontais a leagtar amach i bpointí 298 agus 299.
|
|
13.
|
Soiléirigh cé acu a thagann nó nach dtagann an beart/na bearta faoi raon feidhme Threoir 2003/96/CE.
…
|
|
14.
|
Má thagann, agus chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 298 CEEAG, tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
Cuir in iúl íosleibhéal cánach an Aontais is infheidhme agus an ráta cánach is infheidhme a d’íoc an tairbhí faoin mbeart.
…
|
|
(b)
|
Tabhair agus mínigh na critéir maidir le roghnú na dtairbhithe. I do fhreagra, mínigh cén fáth a bhfuil siad sin oibiachtúil agus trédhearcach.
…
|
|
(c)
|
Deimhnigh go ndeonaítear an chabhair ar an mbealach céanna le haghaidh na ngnóthas uile san earnáil chéanna má tá siad i staid fhíorasach chomhchosúil, agus tabhair tuairisc air sin.
…
|
|
(d)
|
Deimhnigh go ndearnadh comhairliúchán poiblí oscailte ex ante inar tugadh tuairisc cheart ar na hearnálacha atá incháilithe le haghaidh na laghduithe agus inar soláthraíodh liosta de na tairbhithe is mó i ngach earnáil. Tabhair fianaise ábhartha maidir leis an gcomhairliúchán sin.
…
|
|
|
15.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 299 CEEAG, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Sonraigh cé acu a dheonaítear nó nach ndeonaítear an chabhair i bhfoirm laghdú ar an ráta cánach nó mar mhéid cúitimh bliantúil seasta (aisíocaíocht cánach), nó mar chomhcheangal den dá rud;
…
|
|
(b)
|
I gcás ina bhfuil an chabhair (nó cuid di) i bhfoirm aisíocaíocht cánach, deimhnigh (i) go ríomhtar méid na haisíocaíochta cánach ar bhonn sonraí stairiúla, is é sin le rá an leibhéal táirgeachta, agus an t-ídiú nó an truailliú a thaifeadtar i gcás an ghnóthais i mbonnbhliain ar leith; agus (ii) nach dtéann leibhéal na haisíocaíochta cánach thar íosmhéid cánach an Aontais a bheadh dlite don bhonnbhliain murach sin.
…
|
|
|
2.1.2.
|
Measúnú cuimsitheach ar an mbeart/na bearta
I gcás ina bhfuil cánacha comhshaoil neamh-chomhchuibhithe nó ina n-íocann na tairbhithe níos lú ná íosleibhéal an Aontais maidir leis an gcáin chomhchuibhithe i gcás ina gceadaítear sin le Treoir 2003/96/CE, tá gá le measúnú cuimsitheach ar riachtanas agus comhréireacht na cabhrach.
|
|
2.1.2.1.
|
Riachtanas na cabhrach
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.1, a mhéid atá sí infheidhme maidir leis an mbeart/na bearta, agus roinn 4.7.1.3.1 (pointí 301-303) CEEAG.
|
|
16.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme i roinn 3.2.1.1 CEEAG, tabhair tuairisc ar an gcaoi a bhfuil an beart/na bearta dírithe ar chás inar féidir leis/leo forbairt ábhartha a dhéanamh nach féidir leis an margadh amháin a bhaint amach. I do fhreagra, déan tagairt do chlistí margaidh mar a thugtar tuairisc orthu i bpointe 34 CEEAG, de réir mar is infheidhme, agus mínigh cén fáth nach leor beartais agus bearta eile atá i bhfeidhm cheana féin mar a luaitear i bpointe 35 CEEAG chun aghaidh a thabhairt orthu sin.
…
|
|
17.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 302 CEEAG, sonraigh cé acu a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas nó nach gcomhlíontar:
|
(a)
|
tá roghnú na dtairbhithe bunaithe ar chritéir oibiachtúla thrédhearcacha, agus deonaítear an chabhair ar an mbealach céanna le haghaidh na ngnóthas incháilithe uile atá ag oibriú san earnáil chéanna gníomhaíochta eacnamaíche lena mbaineann an cás fíorasach céanna nó i gcás fíorasach comhchosúil maidir le haidhmeanna nó cuspóirí an bhirt cabhrach;
…
|
|
(b)
|
bheadh méadú suntasach ar chostais táirgthe de toradh na cánach comhshaoil nó an tobhaigh pharaifhioscaigh gan an laghdú, arna ríomh mar sciar den oll-bhreisluach i gcás na n-earnálacha uile nó i gcás chatagóirí uile na dtairbhithe (e.g. bunaithe ar fhigiúirí ó thairbhithe ionadaíocha nó ar fhigiúirí comhiomlánaithe don earnáil nó don chatagóir tairbhithe);
…
|
|
(c)
|
ní fhéadfaí an méadú suntasach ar chostais táirgthe a chur ar aghaidh chuig custaiméirí gan laghduithe suntasacha ar mhéideanna díolacháin a bheith mar thoradh air (e.g. bunaithe ar thagairtí d’iomaíocht ó ghnóthais i ndlínsí nach bhfuil faoi réir na cánach agus ar mhéid inionadaitheachta an táirge ábhartha);
…
|
|
|
18.
|
I gcás laghduithe cánach ar bhithbhreoslaí, ar bhithleachtanna agus ar bhreoslaí bithmhaise, chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 303 CEEAG, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
deimhniú go mbeidh sásra i bhfeidhm chun a fhíorú go bhfuil gá leis an mbeart go fóill, agus coinníollacha riachtanais roinn 4.1.3.1. CEEAG á gcur i bhfeidhm;
…
|
|
(b)
|
tabhair míniú ar an gcaoi a n-oibreoidh an sásra sin; agus
…
|
|
(c)
|
deimhniú go ndéanfaidh an Ballstát bearta iomchuí, amhail deireadh a chur leis an díolúine nó an leibhéal tacaíochta a laghdú, agus na bearta iomchuí a chuirfear i bhfeidhm go nithiúil a shonrú.
…
|
|
|
2.1.2.2.
|
Oiriúnacht na cabhrach
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.2, a mhéid atá sí infheidhme maidir leis an mbeart/na bearta, agus roinn 4.7.1.3.2 (pointí 304-306) CEEAG.
|
|
19.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme i roinn 3.2.1.2 CEEAG, tabhair tuairisc ar an bhfáth gur ionstraim beartais iomchuí é an beart/na bearta chun cuspóir beartaithe na cabhrach a bhaint amach, is é sin le rá nár cheart beartas agus ionstraim chabhrach nach bhfuil chomh saobhach céanna a bheith ann agus atá in ann na torthaí céanna a bhaint amach, agus ionstraimí beartais eile agus ionstraimí cabhrach éagsúla a d’fhéadfaí a chur chun feidhme mar rogha mhalartach á gcur san áireamh.
…
|
|
20.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 305 CEEAG, deimhnigh (i) gurb é 10 mbliana ar a mhéad fad an bhirt/na mbeart agus (ii) go mbeidh aon athfhógra bunaithe ar athmheastóireacht ar oiriúnacht an bhirt/na mbeart.
…
|
|
21.
|
I gcás ina bhfuil an chabhair (nó cuid di) i bhfoirm aisíocaíocht cánach, chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 306 CEEAG, deimhnigh go ríomhfar méid na haisíocaíochta cánach ar bhonn sonraí stairiúla, is é sin le rá an leibhéal táirgeachta, agus an t-ídiú nó an truailliú a thaifeadtar i gcás an ghnóthais i mbonnbhliain ar leith.
…
|
|
2.1.2.3.
|
Comhréireacht na cabhrach
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.7.1.3.3 (pointí 307-309) CEEAG.
|
|
22.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 308 CEEAG (lena gceanglaítear go gcomhlíonfar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas), tabhair ceachtar den dá mhír faisnéise seo a leanas:
|
(a)
|
Sonraigh an íocfaidh gach tairbhí cabhrach ar a laghad 20 % de mhéid ainmniúil na cánach comhshaoil nó an tobhaigh pharaifhioscaigh a bheadh infheidhme murach sin maidir leis an tairbhí sin in éagmais an laghdaithe.
…
|
|
(b)
|
Nó sonraigh (i) an bhfuil an laghdú cánach nó tobhaigh níos mó ná 100 % den cháin náisiúnta chomhshaoil nó den tobhach paraifhioscach; (ii) an bhfuil an laghdú cánach nó tobhaigh coinníollach ar chomhaontuithe a thabhairt i gcrích idir an Ballstát agus na tairbhithe nó comhlachais tairbhithe ina ndéanfaidh na tairbhithe nó na comhlachais tairbhithe gealltanas cuspóirí maidir le cosaint an chomhshaoil a bhaint amach a bhfuil an éifeacht chéanna acu is a bheadh ann dá n-íocfadh tairbhithe nó comhlachais tairbhithe 20 % ar a laghad den cháin náisiúnta nó den tobhach náisiúnta (403).
…
|
|
|
23.
|
Má bhraitear ar rogha ii de cheist 22, chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 309 CEEAG, tabhair tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
substaint na gcomhaontuithe is infheidhme, lena n-áirítear na spriocanna sonracha agus an sceideal ama socraithe chun iad a bhaint amach;
…
|
|
(b)
|
an chaoi a n-áiritheofar faireachán neamhspleách agus rialta ar na gealltanais sna comhaontuithe;
…
|
|
(c)
|
déanfar athbhreithniú ar na comhaontuithe go tréimhsiúil i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta agus forbairtí eile agus déanfar foráil iontu maidir le pionóis éifeachtacha i gcás nach gcomhlíonfar na gealltanais.
…
|
|
|
2.2.
|
Carnadh
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 56-57 CEEAG.
|
|
24.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi Chuid I den fhoirm fógra ghinearálta agus chun comhlíonadh phointe 56 CEEAG a fhíorú, soiléirigh an bhféadfaí an chabhair faoin mbeart nó faoi na bearta a dhámhachtain i gcomhthráth faoi roinnt scéimeanna cabhrach nó a charnadh le cabhair ad hoc nó de minimis i ndáil leis na costais incháilithe chéanna. Más amhlaidh an cás, tabhair sonraí maidir leis na scéimeanna cabhrach sin, cabhair ad hoc nó cabhair de minimis agus conas a charnfar an chabhair.
…
|
|
25.
|
I gcás ina bhfuil pointe 56 CEEAG infheidhme, tabhair údar le conas nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán na cabhrach a dheonaítear faoin mbeart nó faoi na bearta le haghaidh tionscadail nó gníomhaíochta ná nach sáraíonn sé uasmhéid na cabhrach a cheadaítear faoi phointe 308 CEEAG. Le haghaidh gach birt, sonraigh ar féidir an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta cabhrach a dtugtar fógra ina leith a charnadh leis, an modh a úsáidtear chun comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe 56 CEEAG a áirithiú.
…
|
|
26.
|
I gcás ina bhfuil pointe 57 CEEAG infheidhme, i.e. déantar an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a chomhcheangal le cistiú ón Aontas a bhainistítear go lárnach (404) (nach státchabhair é), tabhair údar leis an gcaoi nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán an chistithe phoiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe chéanna.
…
|
|
2.3.
|
Trédhearcacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.4 (pointí 58-62) CEEAG.
|
|
27.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le trédhearcacht dá bhforáiltear i bpointí 58-61 CEEAG.
…
|
|
28.
|
Tabhair an nasc/na naisc idirlín ina bhfoilseofar téacs iomlán na scéime cabhrach formheasta nó an chinnidh deonaithe cabhrach aonair agus a fhorálacha cur chun feidhme, agus faisnéis maidir le gach dámhachtain cabhrach aonair a deonaíodh ad hoc nó faoi scéim cabhrach a formheasadh ar bhonn na dtreoirlínte seo agus ar mó ná EUR 100 000 í.
…
|
|
2.4.
|
Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.2 CEEAG, a mhéid atá sí infheidhme maidir leis an mbeart/na bearta.
|
|
29.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas i roinn 3.2.2 CEEAG, tabhair tuairisc ar an gcaoi a maolaíonn an beart/na bearta aon éifeacht dhiúltach fhollasach ar an iomaíocht agus ar an trádáil.
…
|
|
30.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 70 CEEAG, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Mura ndearnadh amhlaidh sa fhreagra ar cheist 20 thuas, deimhnigh go mbaineann uastréimhse 10 mbliana ar a mhéad leis an scéim, ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh go mbeidh gá le fógra nua maidir leis an mbeart/na bearta chun fad an bhirt a shíneadh thar an uastréimhse sin.
…
|
|
|
3.
|
ÉIFEACHTAÍ DEARFACHA NA CABHRACH A CHUR I GCOMPARÁID LEIS NA HÉIFEACHTAÍ DIÚLTACHA AR AN IOMAÍOCHT AGUS AR AN TRÁDÁIL
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.3 (pointí 71-76) CEEAG, a mhéid atá sí infheidhme maidir leis an mbeart/na bearta.
|
|
31.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas infheidhme i bpointe 3.3 CEEAG, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Tabhair údar leis an gcaoi gur mó, go ginearálta, éifeachtaí dearfacha an bhirt/na mbeart ná na héifeachtaí diúltacha.
…
|
|
(b)
|
A mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm phointe 75 CEEAG, soiléirigh cé acu atá nó nach bhfuil gnéithe sa bheart nó sna bearta a dtugtar fógra ina leith chun rannpháirtíocht FBManna a éascú. Más tá, tabhair faisnéis maidir leis na gnéithe sin agus tabhair údar leis an gcaoi gur mó na héifeachtaí dearfacha a bhaineann le rannpháirtíocht agus glacadh FBManna a áirithiú sa bheart/sna bearta ná na hiarmhairtí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ann.
…
|
|
(c)
|
A mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm phointe 76(c) CEEAG, sonraigh cé acu atá nó nach bhfuil an beart cabhrach nó na bearta cabhrach faoi réir teorainn ama.
…
|
|
Roinn C: Meastóireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointe 76(a) agus Roinn 5 (pointí 455-463) CEEAG.
|
32.
|
I gcás ina sáraíonn an beart/na bearta na tairseacha buiséid/caiteachais i bpointe 456 CEEAG, mínigh cén fáth, i dtuairim an Bhallstáit, ar cheart feidhm a bheith ag an eisceacht i bpointe 457 CEEAG, nó cuir iarscríbhinn i gceangal leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo ina bhfuil dréachtphlean meastóireachta ina gcumhdaítear an raon feidhme a luaitear i bpointe 458 CEEAG. (405)
…
|
|
33.
|
Má sholáthraítear dréachtphlean meastóireachta, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
tabhair thíos achoimre ar an dréachtphlean meastóireachta sin atá san Iarscríbhinn.
…
|
|
(b)
|
deimhnigh go n-urramófar pointe 460 CEEAG.
…
|
|
(c)
|
tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh an plean meastóireachta ar fáil go poiblí.
…
|
|
|
34.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 459(b) CEEAG, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair agus gur faide í ná 3 bliana, deimhnigh go dtabharfaidh an Ballstát fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis modhnú mór lena méadófar buiséad na scéime go dtí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéime.
…
|
|
35.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 459(c) CEEAG, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair, tabhair gealltanas thíos go dtabharfaidh an Ballstát fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachas os cionn EUR 150 milliún sa bhliain roimhe sin a thaifeadadh i gcuntais oifigiúla.
…
|
|
36.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 461 CEEAG, tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
Soiléirigh an bhfuil an saineolaí neamhspleách roghnaithe cheana nó an roghnófar amach anseo é.
…
|
|
(b)
|
Tabhair faisnéis faoin nós imeachta chun an saineolaí a roghnú.
…
|
|
(c)
|
Tabhair údar leis an gcaoi a bhfuil an saineolaí neamhspleách ar an údarás deonúcháin.
…
|
|
|
37.
|
Chun measúnú a dhéanamh a thuilleadh ar chomhlíonadh phointe 461 CEEAG, tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
Tabhair na sprioc-amanna atá beartaithe ag an mBallstát chun an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach a chur isteach. Tabhair faoi deara nach mór an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin in am trátha ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fhadú féideartha na scéime cabhrach agus, ar a dhéanaí, 9 mí sula rachaidh sí in éag, i gcomhréir le pointe 463 CEEAG. Tabhair faoi deara go bhféadfaí an sprioc-am sin a laghdú i gcás scéimeanna a spreagann an ceanglas meastóireachta le linn an 2 bhliain dheireanacha dá gcur chun feidhme.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh go gcuirfear an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach ar fáil go poiblí. Tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh na tuarascálacha sin le fáil go poiblí.
…
|
|
Roinn D: Tuairisciú agus faireachán
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach Roinn 6 (pointí 464-465) CEEAG.
|
38.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le tuairisciú agus faireachán a atá i Roinn 6, pointí 464 agus 465, CEEAG.
…
|
CUID III.6.I
Bileog faisnéise forlíontaí maidir le státchabhair a dheonaítear faoi na Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (dá ngairtear ‘CEEAG’ anseo feasta) - Roinn 4.7.2. – Cabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil i bhfoirm laghduithe ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifhioscacha
Baineann an bhileog faisnéise forlíontaí seo le bearta a chumhdaítear i Roinn 4.7.2 CEEAG. Má áirítear san fhógra bearta a chumhdaítear i níos mó ná roinn amháin CEEAG, líon isteach freisin an bhileog faisnéise forlíontaí a bhaineann leis an roinn CEEAG lena mbaineann a luaithe a bheidh sí ar fáil.
Na doiciméid uile a sholáthraíonn na Ballstáit mar iarscríbhinní a ghabhann leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo, ní mór iad a bheith uimhrithe agus ní mór uimhreacha na ndoiciméad a bheith léirithe sna ranna ábhartha den bhileog faisnéise forlíontaí seo.
Roinn A: Achoimre ar phríomh-shaintréithe an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith
|
1.
|
Cúlra agus cuspóir/cuspóirí an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith.
|
|
1.1.
|
Mura bhfuil sé pléite cheana faoi roinn 5.2 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an cúlra agus an príomhchuspóir, lena n-áirítear aon sprioc de chuid an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil a bhfuil sé beartaithe leis an mbeart tacú leo.
…
|
|
1.2.
|
Sonraigh aon chuspóir eile a shaothraítear leis an mbeart. I gcás aon chuspóir nach cuspóir comhshaoil amach is amach é, mínigh cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh aon saobhadh iomaíochta ar an margadh inmheánach a bheith mar thoradh air.
…
|
|
2.
|
Teacht i bhfeidhm agus fad:
|
|
2.1.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi roinn 5.5 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), sonraigh an dáta óna bhfuil sé beartaithe go dtiocfaidh an scéim cabhrach i bhfeidhm;
…
|
|
2.2.
|
Sonraigh fad na scéime (406).
…
|
|
3.1.
|
Mura bhfuil sé curtha ar fáil cheana faoi roinn 3 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair tuairisc ar thairbhí (féideartha) an bhirt/na mbeart;
…
|
|
3.2.
|
Sonraigh suíomh an tairbhí nó na dtairbhithe (féideartha) (i.e. mura bhfuil ach eintitis eacnamaíocha atá lonnaithe sna Ballstáit lena mbaineann nó i mBallstáit eile freisin incháilithe chun páirt a ghlacadh sa bheart).
…
|
|
3.3.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 15 CEEAG, sonraigh an ndeonaítear cabhair faoin mbeart nó faoi na bearta i bhfabhar gnóthas (gnóthas aonair nó cuid de scéim) atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
Más amhlaidh, tabhair faisnéis maidir leis an méid cabhrach atá fós le haisghabháil ionas go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh é sa mheasúnú ar an mbeart cabhrach/na bearta cabhrach.
…
|
|
4.
|
Deimhnigh nach mbaineann an beart/na bearta le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm CEEAG (féach pointe 13 CEEAG). Murab amhlaidh, tabhair sonraí.
…
|
|
5.
|
Buiséad agus maoiniú an bhirt/na mbeart.
|
|
5.1.
|
Mura bhfuil sé luaite cheana sa tábla faoi roinn 7.1 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an buiséad bliantúil agus/nó an buiséad iomlán le haghaidh fhad iomlán an bhirt/na mbeart; murab eol an buiséad iomlán (mar shampla toisc go mbraitheann sé ar thorthaí na dtairiscintí), sonraigh buiséad measta, lena n-áirítear na toimhdí a úsáideadh chun an buiséad measta lena mbaineann a ríomh (407).
…
|
|
5.2.
|
más trí thobhach a mhaoinítear an beart (i.e. an laghdú cánach/paraifhioscach), soiléirigh na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
an le dlí nó le haon ghníomh reachtach eile a shocraítear an tobhach; más amhlaidh, tabhair an gníomh dlí, uimhir agus dáta a ghlactha agus a theacht i bhfeidhm, an nasc idirlín chuig an ngníomh dlí;
…
|
|
(b)
|
an ngearrtar an tobhach go cothrom ar tháirgí intíre agus allmhairithe;
…
|
|
(c)
|
an rachaidh an beart a dtugtar fógra ina leith chun tairbhe do tháirgí intíre agus do tháirgí a allmhairítear go cothrom;
…
|
|
(d)
|
an maoinítear an beart go hiomlán nó go páirteach leis an tobhach. Mura maoinítear an beart ach go páirteach leis an tobhach, sonraigh foinsí eile maoinithe an bhirt agus cion gach foinse acu sin;
…
|
|
(e)
|
an maoinítear bearta cabhrach eile leis an tobhach lena maoinítear an beart a dtugtar fógra ina leith. Más amhlaidh, sonraigh na bearta cabhrach eile a mhaoinítear leis an tobhach lena mbaineann.
…
|
|
Roinn B: Measúnú comhoiriúnachta ar an gcabhair
|
1.
|
COINNÍOLL DEARFACH: NÍ MÓR FORBAIRT GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE A ÉASCÚ LEIS AN GCABHAIR
|
|
1.1.
|
Cuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.1 (pointí 23-25) agus ranna 4.7.2.1 (pointe 310), agus 4.7.2,2 (pointí 311-313) CEEAG.
|
|
6.
|
Le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’) foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin ‘cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann’
. Dá bhrí sin, le cabhair a luíonn leis an margadh inmheánach faoin bhforáil sin den Chonradh ní mór rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe.
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 23 CEEAG, sainaithin na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar mar thoradh ar an gcabhair agus an chaoi a dtacaítear le forbairt na ngníomhaíochtaí sin.
…
|
|
7.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 25 CEEAG, tabhair tuairisc ar cibé ‘a rannchuideoidh an chabhair le cuspóirí bheartas aeráide an Aontais, cuspóirí bheartas comhshaoil an Aontais agus cuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus conas a dhéanfar sin, agus, go sonrach, tairbhí na cabhrach a bhfuil coinne leo maidir le cuidiú nach beag le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear maolú ar an athrú aeráide, nó feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh’.
…
|
|
8.
|
Ina theannta sin, ag brath ar an Roinn de CEAAG faoina dtagann na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo, aibhsigh a mhéid a bhaineann an chabhair leis na cuspóirí agus/nó na beartais ar a dtugtar tuairisc faoi phointe 135 CEEAG (le haghaidh Roinn 4.2), pointí 160-161 CEEAG (le haghaidh Roinn 4.3.1), pointí 190-191 CEEAG (le haghaidh Roinn 4.3.2), pointí 217-219 CEEAG (le haghaidh Roinn 4.4), pointí 253-254 CEEAG (le haghaidh Roinn 4.5) nó pointí 276-278 CEEAG (le haghaidh Roinn 4.6).
…
|
|
9.
|
De bhun phointe 311 CEEAG, agus ag brath ar an Roinn de CEEAG faoina dtagann na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo, tabhair faisnéis maidir le raon feidhme beacht agus gníomhaíochtaí beachta an bhirt cabhrach nó na mbeart cabhrach a dtacaítear leo tríd an gceist/na ceisteanna seo a leanas den bhileog faisnéise forlíontaí ábhartha a líonadh isteach. Le haghaidh gníomhaíochtaí a thagann faoi Roinn:
|
☐
|
4.2 (ceisteanna 9-12 den bhileog faisnéise forlíontaí ábhartha)
|
|
☐
|
4.3.1 (ceist 10 den bhileog faisnéise forlíontaí ábhartha)
|
|
☐
|
4.3.2 (ceist 10 den bhileog faisnéise forlíontaí ábhartha)
|
|
☐
|
4.4 (ceisteanna 11-13 den bhileog faisnéise forlíontaí ábhartha)
|
|
☐
|
4.5 (ceisteanna 10-15 den bhileog faisnéise forlíontaí ábhartha)
|
|
☐
|
4.6 (ceisteanna 10-12 den bhileog faisnéise forlíontaí ábhartha)
|
…
|
|
10.
|
Sonraigh an ndírítear ar chuspóir dícharbónaithe go príomha leis na gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht. Más é cosc nó laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa príomhchuspóir an bhirt cabhrach, féach an bhileog faisnéise forlíontaí le haghaidh Roinn 4.1 CEEAG i gcomhréir le pointe 312 CEEAG, ós rud é go ndéantar cabhair den sórt sin a mheas bhunaithe ar Roinn 4.1 CEEAG.
…
|
|
11.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na cánacha agus/nó na tobhaigh pharaifhioscacha a laghdófar (lena n-áirítear a gcuspóir, conas a ghearrtar iad thar an mbonn, agus na heintitis atá páirteach i leagan amach an ráta agus in athbhreithniú air chomh maith le bailiú agus bainistiú na n-ioncam a chruinnítear). Ar an mbonn sin, chun a áirithiú go gcomhlíonfar pointe 313 CEEAG, léirigh nach bhfuil laghduithe ar chánacha ná ar thobhaigh i gceist leis an mbeart atá beartaithe lena léirítear na costais fhíor-riachtanacha a bhaineann le fuinneamh nó seirbhísí gaolmhara a sholáthar, amhail muirir ghréasáin nó muirir lena maoinítear sásraí acmhainneachta. Ina theannta sin, dearbhaigh nach gcumhdaítear leis an mbeart laghduithe ar thobhaigh ar ídiú leictreachais lena maoinítear cuspóir beartais fuinnimh.
…
|
|
12.
|
Tabhair tuairisc ar na ceanglais incháilitheachta is infheidhme maidir leis an tairbhí/na tairbhithe (mar shampla trí aon cheanglas teicniúil, comhshaoil (i.e. ceadanna), airgeadais (i.e. comhthaobhachtaí) nó aon cheanglas eile is gá don tairbhí/do na tairbhithe a chomhlíonadh a chur san áireamh).
…
|
|
1.2.
|
Éifeacht dreasachta
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.2 (pointí 26-32) agus roinn 4.7.2.3 (pointí 315-316) CEEAG.
|
|
13.
|
Ní féidir a mheas go n-éascaíonn cabhair gníomhaíocht eacnamaíoch ach amháin má tá éifeacht dreasachta aici. Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 26 CEEAG, mínigh conas a ‘spreagann [an beart/na bearta] an tairbhí chun a iompraíocht a athrú, chun dul i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch bhreise nó gníomhaíocht eacnamaíoch atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, nach ndéanfadh sé gan an chabhair nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó éagsúil’.
…
|
|
14.
|
De bhun phointe 28 agus 315 CEEAG:
|
|
14.1.
|
Tabhair tuairisc chuimsitheach ar an gcás fíorasach a bhfuil coinne leis mar thoradh ar an mbeart cabhrach agus ar an gcás frithfhíorasach dóchúil nó na cásanna frithfhíorasacha dóchúla in éagmais an bhirt cabhrach. (408) I gcás ina measann tú go bhféadfar tacú le catagóirí éagsúla tairbhithe, áirithigh go bhfuil an cás frithfhíorasach inchreidte le haghaidh gach ceann de na catagóirí sin.
Cuir san áireamh na ceanglais maidir leis an gcás frithfhíorasach a áirítear i ndáil le pointí 165-169 CEEAG (le haghaidh tionscadail agus gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Roinn 4.3.1) agus 226-230 CEEAG (le haghaidh tionscadail agus gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Ranna 4.4 agus 4.5) agus líon isteach na ceisteanna ón mbileog faisnéise forlíontaí faoi seach le haghaidh Ranna 4.3.1, 4.4 nó 4.5.
…
|
|
14.2.
|
Mínigh go hachomair an réasúnaíocht atá le rogha an cháis fhrithfhíorasaigh dhóchúil nó na gcásanna frithfhíorasacha dóchúla, i bhfianaise na gcatagóirí éagsúla tairbhithe atá beartaithe, más infheidhme;
…
|
|
14.3.
|
Déan costais agus ioncaim na gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha a chainníochtú agus tabhair údar leis an athrú iompraíochta, le haghaidh gach catagóire tairbhí i gcás inarb ábhartha, trí bhrabúsacht an tionscadail nó na gníomhaíochta tagartha (409) a chur i gcomparáid leis an laghdú cánach nó an laghdú ar an tobhach paraifhioscach (410) agus dá uireasa, bunaithe ar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
an tionscadal lena mbaineann, na cásanna frithfhíorasacha comhfhreagracha agus an bhearna chistithe atá mar thoradh orthu (411);
…
NÓ
|
|
(b)
|
sonraí coibhéiseacha.
…
|
|
|
15.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 27 CEEAG, tabhair faisnéis chun a dheimhniú nach dtacaíonn an chabhair leis na costais a bhaineann le gníomhaíocht a dhéanfadh tairbhí na cabhrach pé scéal é agus nach gcúitíonn an chabhair an gnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch.
…
|
|
16.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointí 29, 31 agus 316 CEEAG, léirigh ar cuireadh tús leis an tionscadal nó leis an ngníomhaíocht cheana féin sula ndearna an tairbhí iarratas i scríbhinn ar chabhair chuig na húdaráis náisiúnta.
…
|
|
17.
|
I gcás tionscadail nó gníomhaíochtaí a tosaíodh sular cuireadh an t-iarratas ar chabhair isteach, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
deimhnigh go mbunaítear leis an mbeart ceart chun cabhrach i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha agus gan discréid a bheith á feidhmiú a thuilleadh ag na Ballstáit agus gur glacadh an beart agus go raibh sé i bhfeidhm sular cuireadh tús leis an obair ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht dá dtugtar cabhair;
NÓ
|
|
(b)
|
I gcás inar cuireadh tús leis an tionscadal nó leis an ngníomhaíocht cheana féin sula ndearnadh iarratas i scríbhinn ar chabhair agus roimh ghlacadh agus/nó theacht i bhfeidhm an bhirt, deimhnigh go raibh an tionscadal nó an ghníomhaíocht cumhdaithe cheana féin ag scéim chomhchosúil a bhí ann roimhe sin i bhfoirm buntáistí cánach nó paraifhioscacha
NÓ
|
|
(c)
|
léirigh go dtagann an tionscadal faoi cheann de na cásanna eisceachtúla dá bhforáiltear i bpointe 31 CEEAG (b) nó (c).
…
|
|
|
18.
|
Chun comhlíonadh phointe 30 CEEAG a léiriú, deimhnigh go n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chabhair: ainm an iarratasóra, tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear a suíomh, agus an méid cabhrach is gá chun an tionscadal nó an ghníomhaíocht a dhéanamh.
…
|
|
19.
|
Chun comhlíonadh phointe 32 CEEAG a léiriú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Sonraigh an ann do chaighdeáin de chuid an Aontais (412) is infheidhme maidir leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith, an ann do chaighdeáin náisiúnta shainordaitheacha atá níos déine nó níos uaillmhianaí ná caighdeáin chomhfhreagracha an Aontais, nó an ann do chaighdeáin náisiúnta shainordaitheacha arna nglacadh in éagmais caighdeáin de chuid an Aontais.
Sa chomhthéacs sin, tabhair faisnéis chun an éifeacht dreasachta a léiriú.
…
|
|
(b)
|
I gcásanna inar glacadh caighdeán ábhartha de chuid an Aontais cheana ach nach bhfuil sé i bhfeidhm go fóill, léirigh gur féidir éifeacht dreasachta a bheith ag cabhair toisc go ndreasaíonn sé an infheistíocht atá le cur chun feidhme agus le tabhairt i gcrích ar a laghad 18 mí sula dtiocfaidh an caighdeán i bhfeidhm.
…
|
|
(c)
|
Maidir le tionscadail agus gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Roinn 4.2, mínigh cé acu atá nó nach bhfuil tionscadail a bhfuil tréimhse aisíoca (413) níos lú ná 5 bliana acu incháilithe do chabhair faoin mbeart nó faoi na bearta. Más amhlaidh, tabhair fianaise chun a léiriú go bhfuil gá le cabhair chun athrú iompraíochta a spreagadh, mar a cheanglaítear le pointe 142 CEEAG.
…
|
|
|
1.3.
|
Gan sárú ar aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.3 (pointe 33) CEEAG.
|
|
20.
|
Tabhair faisnéis chun comhlíonadh fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais a dheimhniú, i gcomhréir le pointe 33 CEEAG.
…
|
|
21.
|
Má úsáidtear tobhach chun an beart/na bearta a mhaoiniú, soiléirigh an gá an measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Más gá, léirigh conas a chomhlíonann an beart forálacha Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Sa chomhthéacs sin, is féidir tagairt a dhéanamh don fhaisnéis a chuirtear isteach faoi cheist 5.2. thuas, i gcás ina maoinítear an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith trí thobhach.
…
|
|
2.
|
COINNÍOLL DIÚLTACH: NÍ FÉIDIR LEIS AN GCABHAIR DIFEAR MÍCHUÍ A DHÉANAMH DO CHOINNÍOLLACHA TRÁDÁLA AN OIREAD IS GO MBEADH DOCHAR ANN DON LEAS COITEANN
|
|
2.1.
|
Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála
|
|
2.1.1.
|
Riachtanas na cabhrach
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.1 (pointí 34-38) CEEAG.
|
|
22.
|
Mínigh cén cliseadh/cé na clistí margaidh a shainaithin d’údaráis agus a chuireann cosc ar leibhéal leordhóthanach cosanta comhshaoil a bhaint amach. Sonraigh an chatagóir faoina dtagann na clistí margaidh sainaitheanta, trí thagairt a dhéanamh do litreacha (a), (b), (c) nó (d) de phointe 34 CEEAG.
…
|
|
23.
|
I gcomhréir le pointe 35 CEEAG, tabhair faisnéis maidir le haon bheartas agus le haon bheart atá ann cheana a shainaithin d’údaráis, agus atá dírithe cheana féin ar na clistí rialála nó margaidh a sainaithníodh.
…
|
|
24.
|
Chun comhlíonadh phointe 36 CEEAG a léiriú tabhair faisnéis a léiríonn go ndírítear an chabhair go héifeachtach ar chlistí margaidh iarmharacha, agus aird á tabhairt freisin ar aon bheartas agus aon bheart eile atá i bhfeidhm cheana chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na clistí margaidh a sainaithníodh.
…
|
|
25.
|
Chun comhlíonadh phointe 37 CEEAG a léiriú, mínigh, go bhfios do d’údaráis, an bhfuil tionscadail nó gníomhaíochtaí cosúil leo siúd a chumhdaítear leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith maidir lena n-ábhar teicneolaíoch, lena leibhéal riosca agus lena méid, curtha i gcrích cheana laistigh den Aontas faoi choinníollacha an mhargaidh. I gcás deimhneach, tabhair tuilleadh fianaise chun an gá atá le státchabhair a léiriú.
…
|
|
26.
|
Chun comhlíonadh phointe 38 CEEAG a léiriú, féach an fhianaise chainníochtúil a soláthraíodh cheana faoi cheist 14 (c) thuas.
…
|
|
2.1.2.
|
Oiriúnacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.2 (pointí 39-46) CEEAG.
|
|
27.
|
Chun comhlíonadh phointe 40 CEEAG a fhíorú, léirigh nach bhfuil ionstraimí ar fáil nach bhfuil chomh saobhach céanna agus atá níos iomchuí.
…
|
|
28.
|
Chun comhlíonadh phointe 41 CEEAG a fhíorú, léirigh go bhfuil an beart cabhrach deartha ar bhealach nach mbainfear an bonn d’éifeachtúlacht beart eile lena leigheastar an cliseadh margaidh céanna, amhail sásraí margadhbhunaithe (e.g. CTA AE).
…
|
|
29.
|
Chun comhlíonadh phointe 42 CEEAG a fhíorú, deimhnigh nach bhféadfaí aon duine de thairbhithe an bhirt chabhrach/na mbeart cabhrach a chur faoi dhliteanas i leith an truaillithe faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá ann cheana (an prionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’).
…
|
|
30.
|
Chun comhlíonadh phointí 43 go 46 CEEAG a fhíorú, chun oiriúnacht na cabhrach i measc ionstraimí cabhrach éagsúla a léiriú, tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh cén fáth nach bhfuil foirmeacha cabhrach eile, nach bhfuil chomh saobhach céanna b’fhéidir, chomh hiomchuí céanna, mar a cheanglaítear i bpointe 44 CEEAG.
…
|
|
(b)
|
Léirigh go bhfuil rogha na hionstraime cabhrach iomchuí don chliseadh margaidh a bhfuil sé d’aidhm ag an mbeart cabhrach nó ag na bearta cabhrach aghaidh a thabhairt uirthi, mar a cheanglaítear i bpointe 45 CEEAG.
…
|
|
(c)
|
Mínigh cén chaoi a bhfuil an beart cabhrach agus a dhearadh iomchuí chun cuspóir an bhirt a bhaint amach (pointe 46 CEEAG).
…
|
|
|
2.1.3.
|
Comhréireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.7.2.4 (pointí 318-320) CEEAG.
|
|
31.
|
Chun chomhlíonadh phointe 318 CEEAG a fhíorú, tabhair faisnéis chun a léiriú nach mó an chabhair ná gnáthmhéid na cánach nó an tobhaigh a bheadh infheidhme murach sin.
…
|
|
32.
|
I gcásanna ina bhfuil an laghdú cánach nó an laghdú ar an tobhach paraifhioscach nasctha le costais infheistíochta, ag brath ar an Roinn de CEAAG faoina dtagann na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo, tabhair tuairisc i gcomhréir le pointe 319 CEEAG ar an gcaoi a n-áiritheofar nach sáróidh an chabhair na déiní cabhrach agus na huasmhéideanna cabhrach is infheidhme:
|
☐
|
Le haghaidh Roinn 4.2 (pointí 146-151 CEEAG)
|
|
☐
|
Le haghaidh Roinn 4.3.1 (pointí 177-180 CEEAG)
|
|
☐
|
Le haghaidh Roinn 4.3.2 (pointí 200-204 CEEAG
|
|
☐
|
Le haghaidh Roinn 4.4 (pointí 239-245 CEEAG)
|
|
☐
|
Le haghaidh Roinn 4.5 (pointí 265-271 CEEAG)
|
|
☐
|
Le haghaidh Roinn 4.6 (pointí 288-291 CEEAG)
|
Líon isteach na ceisteanna ón mbileog faisnéise forlíontaí faoi seach maidir leis na huasdéiní cabhrach agus na huasmhéideanna cabhrach le haghaidh na Roinne ábhartha.
|
|
33.
|
I gcásanna ina laghdaítear costais oibriúcháin athfhillteacha leis an laghdú cánach nó an laghdú ar thobhach paraifhioscach, chun comhlíonadh phointe 320 CEEAG a fhíorú, tabhair tuairisc ar an gcaoi a n-áiritheofar nach sáróidh méid na cabhrach an difríocht idir costais an tionscadail nó na gníomhaíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus costais an cháis fhrithfhíorasaigh nach bhfuil chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol. Tabhair sonraí freisin ar conas a chuirfear san áireamh coigiltis costas féideartha agus/nó ioncaim bhreise an tionscadail is neamhdhíobhálaí don chomhshaol.
…
|
|
2.1.4.
|
Trédhearcacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.4 (pointí 58-62) CEEAG.
|
|
34.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le trédhearcacht dá bhforáiltear i bpointí 58-61 CEEAG.
…
|
|
35.
|
Tabhair an nasc idirlín ar a bhfoilseofar téacs iomlán na scéime cabhrach formheasta nó an chinnidh ar leith lena ndeonaítear cabhair agus a fhorálacha cur chun feidhme, agus faisnéis maidir le gach dámhachtain cabhrach aonair a deonaíodh ad hoc nó faoi scéim cabhrach arna formheas ar bhonn CEEAG agus ar mó ná EUR 100 000 í, áit a bhféadfaí méideanna cabhrach aonair a fhoilsiú i raonta mar a leagtar amach i bpointe 60 CEEAG.
…
|
|
2.2.
|
Éifeachtaí diúltacha míchuí na cabhrach ar iomaíocht agus ar thrádáil agus ar chothromú a sheachaint
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.2 (pointí 63-70) agus roinn 4.7.2.5 (pointí 322-324) CEEAG.
|
|
36.
|
Chun comhlíonadh phointe 67 CEEAG a fhíorú, tabhair faisnéis maidir leis na héifeachtaí diúltacha gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart nó ag na bearta a dtugtar fógra ina leith ar an iomaíocht agus ar an trádáil.
…
|
|
37.
|
Mínigh an dtagann an beart faoi aon cheann de na cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
Ní rachaidh sé chun tairbhe ach do thairbhí amháin nó do líon an-teoranta tairbhithe;
…
|
|
(b)
|
Baineann sé le margadh (nó le margaí) ina bhfuair sealbhóirí cumhacht mhargaidh roimh léirscaoileadh an mhargaidh.
…
|
|
|
38.
|
Dá ndíreodh an beart cabhrach ar rogha/conair theicneolaíoch shonrach, tabhair údar leis an gcúis leis an rogha theicneolaíoch agus nach ndíspreagfaidh sé úsáid teicneolaíochtaí níos glaine.
…
|
|
39.
|
Mura rachaidh an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith chun tairbhe ach do thairbhí amháin nó do líon an-teoranta tairbhithe, chun comhlíonadh phointe 68 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh an neartaíonn nó an gcoinníonn an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith cumhacht mhargaidh an tairbhí/na dtairbhithe ar bun nó an ndíspreagann sé/siad forleathnú iomaitheoirí atá ann cheana nó an spreagann sé/siad a scor nó an ndíspreagann sé/siad iontráil iomaitheoirí nua. Mínigh ina leith sin freisin cé acu a bheidh nó nach mbeidh méadú ar acmhainneacht an tairbhí mar thoradh ar an mbeart cabhrach.
…
|
|
(b)
|
Tabhair tuairisc ar an mbeart/na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun teorainn a chur leis an saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an gcabhair a dheonú don tairbhí/do na tairbhithe.
…
|
|
|
40.
|
Chun comhlíonadh phointe 69 CEEAG a léiriú, mínigh na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
Má tá sé d’aidhm ag an gcabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith gníomhaíocht eacnamaíoch a chaomhnú i réigiún amháin nó í a mhealladh ó réigiúin eile laistigh den mhargadh inmheánach.
…
|
|
(b)
|
Más amhlaidh, sonraigh an ghlanéifeacht chomhshaoil atá ag an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith agus conas a fheabhsaítear an leibhéal cosanta comhshaoil atá ann cheana sna Ballstáit leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith.
…
|
|
(c)
|
Conas nach mbeidh aon éifeacht diúltach follasach ar an iomaíocht ná ar an trádáil mar thoradh ar an gcabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith.
…
|
|
|
41.
|
Chun comhlíonadh phointe 70 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Deimhnigh go bhféadfar cabhair a dheonú faoin scéim a dtugtar fógra ina leith ar feadh uastréimhse 10 mbliana ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh sa chás gur mian le d’údaráis síneadh a chur le tréimhse na scéime thar an uastréimhse, go dtabharfaidh siad fógra an athuair faoin mbeart/faoi na bearta.
…
|
|
|
42.
|
Déan cur síos ar an gcaoi a áirithítear go ndéantar cabhair den sórt sin a dheonú, i gcomhréir le pointe 322 CEEAG, ar an mbealach céanna i gcás gach gnóthais cháilithe atá ag oibriú san earnáil chéanna de ghníomhaíocht eacnamaíoch agus atá sa chás fíorasach céanna nó i gcás fíorasach comhchosúil i ndáil le haidhmeanna nó cuspóirí an bhirt cabhrach.
…
|
|
43.
|
I gcás scéimeanna a mhaireann níos mó ná 3 bliana, tabhair tuairisc i gcomhréir le pointe 323 CEEAG ar an bhfaireachán a dhéanfar chun a áirithiú go mbeidh gá fós leis an gcabhair agus deimhnigh go mbeidh an scéim faoi réir cleachtadh fíorúcháin gach 3 bliana ar a laghad.
…
|
|
44.
|
De bhun phointe 324 CEEAG, agus ag brath ar an Roinn de CEEAG faoina dtagann na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo, déan an cheist/na ceisteanna seo a leanas den bhileog faisnéise forlíontaí ábhartha a líonadh isteach. Le haghaidh gníomhaíochtaí a thagann faoi Roinn:
|
☐
|
4.2 (ceist 52 den bhileog faisnéise forlíontaí ábhartha).
|
|
☐
|
4.3.1 (ceisteanna 49-52 den bhileog faisnéise forlíontaí ábhartha).
|
|
☐
|
4.3.2 (ceisteanna 46-55 den bhileog faisnéise forlíontaí ábhartha).
|
…
|
|
3.
|
ÉIFEACHTAÍ DEARFACHA NA CABHRACH A CHUR I GCOMPARÁID LEIS NA HÉIFEACHTAÍ DIÚLTACHA AR AN IOMAÍOCHT AGUS AR AN TRÁDÁIL
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.3 (pointí 71-76) CEEAG.
|
|
45.
|
Chun comhlíonadh phointe 72 CEEAG a fhíorú, mínigh an gcomhlíonann gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith na critéir maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (414), lena n-áirítear an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, nó modheolaíochtaí inchomparáide eile.
…
|
Roinn C: Meastóireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach Roinn 5 (pointí 455-463) CEEAG.
|
46.
|
I gcás ina sáraíonn an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith na tairseacha buiséid/caiteachais i bpointe 456 CEEAG, mínigh cén fáth, i do thuairim, ar cheart feidhm a bheith ag an eisceacht i bpointe 457 CEEAG, nó cuir Iarscríbhinn i gceangal leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo ina bhfuil dréachtphlean meastóireachta ina gcumhdaítear an raon feidhme a luaitear i bpointe 458 CEEAG (415).
…
|
|
47.
|
Má sholáthraítear dréachtphlean meastóireachta, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
tabhair thíos achoimre ar an dréachtphlean meastóireachta sin atá san Iarscríbhinn.
…
|
|
(b)
|
deimhnigh go n-urramófar pointe 460 CEEAG.
…
|
|
(c)
|
tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh an plean meastóireachta ar fáil go poiblí.
…
|
|
|
48.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(b) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair agus gur faide í ná 3 bliana, deimhnigh go dtabharfaidh tú fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis modhnú mór lena méadófar buiséad na scéime go dtí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéime.
…
|
|
49.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(c) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair, tabhair gealltanas thíos go dtabharfaidh an Ballstát fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachas os cionn EUR 150 milliún sa bhliain roimhe sin a thaifeadadh i gcuntais oifigiúla.
…
|
|
50.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Soiléirigh an bhfuil an saineolaí neamhspleách roghnaithe cheana nó an roghnófar amach anseo é.
…
|
|
(b)
|
Tabhair faisnéis faoin nós imeachta chun an saineolaí a roghnú.
…
|
|
(c)
|
Tabhair údar leis an gcaoi a bhfuil an saineolaí neamhspleách ar an údarás deonúcháin.
…
|
|
|
51.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Tabhair na sprioc-amanna atá beartaithe agat chun an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach a chur isteach. Tabhair faoi deara nach mór an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin in am trátha ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fhadú féideartha na scéime cabhrach agus, ar a dhéanaí, 9 mí sula rachaidh sí in éag, i gcomhréir le pointe 463 CEEAG. Tabhair faoi deara go bhféadfaí an sprioc-am sin a laghdú i gcás scéimeanna a spreagann an ceanglas meastóireachta le linn an 2 bhliain dheireanacha dá gcur chun feidhme.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh go gcuirfear an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach ar fáil go poiblí. Tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh na tuarascálacha sin le fáil go poiblí.
…
|
|
Roinn D - Tuairisciú agus faireachán
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 6 (pointí 464-465) CEEAG.
|
52.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le tuairisciú agus faireachán a leagtar amach i Roinn 6, pointí 464 agus 465 CEEAG.
…
|
CUID III.6.J
Bileog faisnéise forlíontaí maidir le státchabhair a dheonaítear faoi na Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (dá ngairtear ‘CEEAG’ anseo feasta) - Roinn 4.8. - Cabhair le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais
Baineann an fhoirm fógra seo le bearta a chumhdaítear i Roinn 4.8 CEEAG. Má áirítear san fhógra bearta a chumhdaítear i níos mó ná roinn amháin CEEAG, líon isteach freisin an fhoirm fógra a bhaineann leis an roinn CEEAG lena mbaineann.
Na doiciméid uile a sholáthraíonn na Ballstáit mar iarscríbhinní a ghabhann leis an bhfoirm fógra, ní mór iad a bheith uimhrithe agus ní mór uimhreacha na doiciméad a bheith léirithe sna ranna ábhartha den fhoirm fógra seo.
Roinn A: Achoimre ar phríomh-shaintréithe an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith
|
1.
|
Cúlra agus cuspóir/cuspóirí an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith.
|
|
1.1.
|
Más rud é nár pléadh iad cheana féin faoi roinn 5.2 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), déan cur síos ar chúlra agus príomhchuspóir an bhirt.
…
|
|
1.2.
|
Sonraigh aon chuspóir eile a shaothraítear leis an mbeart. I gcás aon chuspóir nach mbaineann le slándáil an tsoláthair leictreachais nó le cosaint an chomhshaoil, mínigh cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh aon saobhadh ar an margadh inmheánach a bheith mar thoradh air.
…
|
|
2.
|
Teacht i bhfeidhm agus fad:
|
|
2.1.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi roinn 5.5 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), sonraigh an dáta óna bhfuil sé beartaithe go dtiocfaidh an beart/na bearta i bhfeidhm;
…
|
|
2.2.
|
Sonraigh fad an bhirt/na mbeart. (416)
…
|
|
3.1.
|
Mura bhfuil sé curtha ar fáil cheana faoi roinn 3 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair tuairisc ar thairbhí (féideartha) an bhirt/na mbeart.
…
|
|
3.2.
|
Sonraigh suíomh an tairbhí nó na dtairbhithe (i.e. mura bhfuil ach eintitis eacnamaíocha atá lonnaithe sna Ballstáit lena mbaineann nó i mBallstáit eile freisin incháilithe chun páirt a ghlacadh sa bheart).
…
|
|
3.3.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 15 CEEAG, sonraigh an ndeonaítear cabhair faoin mbeart nó faoi na bearta i bhfabhar gnóthas (gnóthas aonair nó cuid de scéim) atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
Más amhlaidh, tabhair faisnéis maidir leis an méid cabhrach atá fós le haisghabháil ionas go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh é sa mheasúnú ar an mbeart a dtugtar fógra ina leith.
…
|
|
4.
|
Deimhnigh nach mbaineann an beart/na bearta le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm CEEAG (féach pointe 13 CEEAG). Murab amhlaidh, tabhair sonraí.
…
|
|
5.1.
|
Mura bhfuil sé luaite cheana sa tábla faoi roinn 7.1 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an buiséad bliantúil agus/nó an buiséad iomlán le haghaidh fhad iomlán an bhirt/na mbeart; murab eol an buiséad iomlán (mar shampla toisc go mbraitheann sé ar thorthaí na dtairiscintí), sonraigh buiséad measta, lena n-áirítear na toimhdí a úsáideadh chun an buiséad measta lena mbaineann a ríomh. (417)
…
|
Roinn B: Measúnú comhoiriúnachta ar an gcabhair
|
1.
|
COINNÍOLL DEARFACH: NÍ MÓR FORBAIRT GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE A ÉASCÚ LEIS AN GCABHAIR
|
|
1.1.
|
Cuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.1 (pointí 23-25) agus ranna 4.8.1 agus 4.8.2) (pointí 325-328) CEEAG.
|
|
6.
|
Le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’) foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin ‘cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann’. Dá bhrí sin, le cabhair a luíonn leis an margadh inmheánach faoin bhforáil sin den Chonradh ní mór rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe.
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 23 CEEAG, sainaithin na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar mar thoradh ar an gcabhair agus an chaoi a dtacaítear le forbairt na ngníomhaíochtaí sin. Soláthraítear samplaí de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha den sórt sin i bpointe 328 CEEAG a bhaineann le bearta atá dírithe ar shlándáil an tsoláthair leictreachais a neartú.
…
|
|
7.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 25 CEEAG, tabhair tuairisc ‘ar cibé a chuideoidh an chabhair le cuspóirí bheartas aeráide an Aontais, cuspóirí bheartas comhshaoil an Aontais agus cuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus conas a dhéanfar sin, agus, go sonrach, tairbhí na cabhrach a bhfuil coinne leo maidir le cuidiú nach beag le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear maolú ar an athrú aeráide, nó feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh’.
…
|
|
8.
|
Tabhair tuairisc ar na ceanglais is infheidhme maidir leis an tairbhí/na tairbhithe (mar shampla trí aon cheanglas teicniúil, comhshaoil (i.e. ceadanna), airgeadais (i.e. comhthaobhachtaí) nó aon cheanglas eile is gá don tairbhí/do na tairbhithe a chomhlíonadh a áireamh).
…
|
|
9.
|
Tabhair faisnéis maidir le réasúnaíocht an bhirt, mar a fhoráiltear i roinn 4.8.1. (pointe 325) CEEAG.
…
|
|
10.
|
Tabhair faisnéis maidir le raon feidhme an bhirt, mar a fhoráiltear i roinn 4.8.2. (pointe 326-327) CEEAG.
…
|
|
1.2.
|
Éifeacht dreasachta
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointe 329 agus roinn 3.1.2 (pointí 29, 30, 31 agus 32) CEEAG.
|
|
11.
|
Chun comhlíonadh phointí 29 agus 31 CEEAG a léiriú déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Deimhnigh nár cuireadh tús leis na hoibreacha ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht sula ndearna an tairbhí iarratas i scríbhinn ar chabhair chuig na húdaráis náisiúnta;
…
NÓ
|
|
(b)
|
I gcás tionscadail ar cuireadh tús leo roimh an iarratas ar chabhair, léirigh go dtagann an tionscadal faoi cheann de na cásanna eisceachtúla dá bhforáiltear i bpointe 31 CEEAG ((a), (b) nó (c)).
…
|
|
|
12.
|
Chun comhlíonadh phointe 30 CEEAG a léiriú, deimhnigh go n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chabhair: ainm an iarratasóra, tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear a suíomh, agus an méid cabhrach is gá chun an tionscadal nó an ghníomhaíocht a dhéanamh.
…
|
|
13.
|
Chun comhlíonadh phointe 32 CEEAG a léiriú, sonraigh an bhfuil caighdeáin an Aontais (418) infheidhme maidir leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith, caighdeáin náisiúnta shainordaitheacha atá níos déine nó níos uaillmhianaí ná caighdeáin chomhfhreagracha an Aontais, nó caighdeáin náisiúnta shainordaitheacha arna nglacadh in éagmais chaighdeáin an Aontais. Sa chomhthéacs sin, tabhair faisnéis chun an éifeacht dreasachta a léiriú.
…
|
|
14.
|
I gcásanna inar glacadh caighdeán ábhartha de chuid an Aontais cheana ach nach bhfuil sé i bhfeidhm go fóill, léirigh gur féidir éifeacht dreasachta a bheith ag cabhair toisc go ndreasaíonn sé an infheistíocht atá le cur chun feidhme agus le tabhairt i gcrích ar a laghad 18 mí sula dtiocfaidh an caighdeán i bhfeidhm.
…
|
|
1.3.
|
Gan sárú ar aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.3 (pointe 33) CEEAG.
|
|
15.
|
Tabhair faisnéis chun comhlíonadh fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais a dheimhniú, i gcomhréir le pointe 33 CEEAG (e.g. féach ceist 49 maidir le comhlíonadh Rialachán (AE) 2019/943).
…
|
|
16.
|
Má úsáidtear tobhach chun an beart/na bearta a mhaoiniú (féach ceist 54 thíos), soiléirigh an méid seo a leanas:
…
|
(a)
|
an ngearrtar an tobhach go cothrom ar tháirgí intíre agus allmhairithe;
…
|
|
(b)
|
an rachaidh an beart a dtugtar fógra ina leith chun tairbhe do tháirgí intíre agus do tháirgí a allmhairítear go cothrom.
…
|
|
|
2.
|
COINNÍOLL DIÚLTACH: NÍ FÉIDIR LEIS AN GCABHAIR DIFEAR MÍCHUÍ A DHÉANAMH DO CHOINNÍOLLACHA TRÁDÁLA AN OIREAD IS GO MBEADH DOCHAR ANN DON LEAS COITEANN
|
|
2.1.
|
Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála
|
|
2.1.1.
|
Riachtanas na cabhrach
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.8.4.1 (pointí 331-339 CEEAG).
|
|
17.
|
Maidir le cineál na faidhbe faoi shlándáil an soláthar leictreachais agus na cúiseanna atá leis an bhfadhb sin, agus dá bhrí sin an gá atá le státchabhair chun slándáil an tsoláthair leictreachais a áirithiú, foráiltear le pointe 331 CEEAG nach mór iad sin a anailísiú agus a chainníochtú i gceart, lena n-áirítear cathain agus cén áit a bhfuil coinne leis go dtiocfaidh an fhadhb chun cinn, agus tagairt á déanamh, i gcás inarb infheidhme, don chaighdeán iontaofachta mar a shainmhínítear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/943.
Tabhair anailís lena sainaithnítear agus lena gcainníochtaítear an fhadhb maidir le slándáil an tsoláthair leictreachais. Sa fhreagra, cuir sonraí ar fáil i bhfianaise na ngnéithe a leagtar amach i bpointí 331-333 CEEAG.
…
|
|
18.
|
I gcomhréir le pointe 334 CEEAG agus i gcás bearta a bhaineann le riosca géarchéimeanna leictreachais, tabhair an plean náisiúnta maidir le riosca-ullmhacht dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/941 inar cheart an beart atá beartaithe a shainaithint.
…
|
|
19.
|
I gcomhréir le pointe 335 CEEAG agus i gcás ina moltar roinnt beart a thabhairt isteach lena ndíreofar ar shlándáil an tsoláthair leictreachais, tabhair míniú soiléir ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn siad le chéile maidir le cost-éifeachtúlacht fhoriomlán na mbeart comhcheangailte lena mbaineann slándáil an tsoláthair a áirithiú, mar shampla a mhéid a bhaineann le sásraí acmhainneachta, trí mhíniú a thabhairt ar an gcaoi a mbaineann siad amach (ach nach dtéann siad thar) an caighdeán iontaofachta dá dtagraítear i bpointe 331.
…
|
|
20.
|
I gcomhréir le pointe 336 CEEAG, sainaithin an cliseadh/na clistí rialála nó margaidh, mar aon le haon saincheist eile lena gcoisctear leibhéal leordhóthanach shlándáil an tsoláthair leictreachais (agus cosaint an chomhshaoil más ábhartha) a bhaint amach in éagmais idirghabhála.
…
|
|
21.
|
I gcomhréir le pointe 337 CEEAG, sainaithin bearta atá ann cheana lena ndírítear cheana féin ar an gcliseadh/ar na clistí margaidh nó rialála nó ar shaincheisteanna eile a shainaithnítear i bpointe 336. A mhéid is cuí, féadfaidh tú tagairt a dhéanamh don fhianaise a cuireadh ar fáil cheana mar fhreagra ar an gceist 16 thuas.
…
|
|
22.
|
I gcomhréir le pointe 338 CEEAG, léirigh na cúiseanna nach féidir coinne a bheith leis go soláthróidh an margadh slándáil an tsoláthair leictreachais in éagmais státchabhrach, agus athchóirithe margaidh agus feabhsuithe atá beartaithe ag na Ballstáit, mar aon le forbairtí teicneolaíochta, á gcur san áireamh.
…
|
|
23.
|
Tabhair an fhaisnéis seo a leanas a leagtar amach i bpointe 339 CEEAG:
|
(a)
|
Measúnú ar thionchar na giniúna athraithí, lena n-áirítear giniúint athraitheach a thionscnaíonn ó chórais chomharsanachta.
…
|
|
(b)
|
Measúnú ar an tionchar atá ag rannpháirtíocht ar thaobh an éilimh agus ar thaobh na stórála, lena n-áirítear tuairisc ar bhearta chun bainistiú ar éileamh a spreagadh.
…
|
|
(c)
|
Measúnú ar idirnascairí agus mórbhonneagar eangaí tarchurtha inmheánaigh a d’fhéadfadh a bheith nó atá ann i ndáiríre, lena n-áirítear tuairisc ar na tionscadail atá á dtógáil agus atá beartaithe.
…
|
|
(d)
|
Measúnú ar aon eilimint eile a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le fadhb shlándáil an tsoláthair leictreachais nó a d’fhéadfadh cur léi, amhail uasteorainneacha ar phraghsanna mórdhíola nó clistí rialála nó margaidh eile. I gcás inarb infheidhme, tabhair agus cuir san áireamh an plean cur chun feidhme le haghaidh bearta lena ndéantar aon saobhadh rialála nó cliseadh margaidh a sainaithníodh a dhíothú, chomh maith leis an tuairim ón gCoimisiún maidir leis an bplean cur chun feidhme sin faoi Airteagal 20(3) agus (5) de Rialachán (AE) 2019/943.
…
|
|
(e)
|
Aon inneachar ábhartha i bplean gníomhaíochta faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/943.
…
|
|
|
2.1.2.
|
Oiriúnacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.8.4.2 (pointí 341-342) CEEAG.
|
|
24.
|
Chun comhlíonadh phointe 341 CEEAG a mheasúnú, tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
Déan cur síos ar na bealaí malartacha chun slándáil an tsoláthair leictreachais a bhaint amach a ndearnadh iad a mheas, go háirithe dearadh an mhargaidh leictreachais a dhéanamh níos éifeachtúla chun go bhféadfaí na clistí margaidh a bhaineann an bonn de shlándáil an tsoláthair leictreachais a mhaolú. I ndáil leis an méid sin, soláthraítear i bpointe 341 CEEAG samplaí de na bealaí a bhféadfaí feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais (feabhas a chur ar fheidhmiú na socraíochta éagothroime leictreachais, giniúint athraitheach a chomhtháthú ar bhealach níos fearr, freagairt don éileamh agus stóráil a dhreasú agus a chomhtháthú, comharthaí éifeachtúla praghais a chumasú, bacainní ar thrádáil trasteorann a bhaint, agus bonneagar a fheabhsú, lena n-áirítear idirnascadh.).
…
|
|
(b)
|
Léirigh go bhfuil ábhar imní fós ann maidir le slándáil an tsoláthair, d’ainneoin feabhsuithe iomchuí agus comhréireacha ar dhearadh an mhargaidh agus infheistíochtaí i sócmhainní líonra, bíodh siad curtha chun feidhme nó bíodh siad beartaithe cheana féin (pointe 341 CEEAG).
…
|
|
|
25.
|
I gcás bearta plódaithe líonra, mínigh freisin conas atá éifeachtúlacht na mbeart athsheolta á feabhsú i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/943 (pointe 342 CEEAG).
…
|
|
2.1.3.
|
Incháilitheacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.8.4.3 (pointí 343-346) CEEAG.
|
|
26.
|
Chun comhlíonadh phointe 343 CEEAG a léiriú, deimhnigh go mbeidh an beart oscailte do gach tairbhí nó tionscadal atá in ann cur go héifeachtúil leis an gcuspóir maidir le slándáil an tsoláthair a bhaint amach (e.g. giniúint, stóráil, freagairt don éileamh, aonaid bheaga a chomhiomlánú i mbloic níos mó).
…
|
|
27.
|
I gcomhréir le pointe 344 CEEAG, mínigh an bhfuil aon teorainn le rannpháirtíocht sa bheart atá beartaithe maidir le slándáil an tsoláthair arb é is aidhm don teorainn sin a áirithiú nach mbainfidh an beart an bonn de chosaint an chomhshaoil.
…
|
|
28.
|
Má áirítear sa bheart maidir le slándáil an tsoláthair a dtugtar fógra ina leith critéir nó gnéithe breise chun rannpháirtíocht teicneolaíochtaí níos glaise a chur chun cinn (nó rannpháirtíocht teicneolaíochtaí truaillitheacha a laghdú), ar teicneolaíochtaí iad a bhfuil gá leo chun tacú le cuspóirí an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil a bhaint amach, léirigh go bhfuil na critéir nó na gnéithe breise sin oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach i ndáil le cuspóirí cosanta comhshaoil atá sainaitheanta go soiléir, agus nach mbeidh róchúiteamh do thairbhithe mar thoradh orthu (pointe 345 CEEAG).
…
|
|
29.
|
I gcomhréir le pointe 346 CEEAG, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Sonraigh an mbeidh an beart maidir le slándáil an tsoláthair leictreachais oscailte do rannpháirtíocht dhíreach trasteorann ó sholáthraithe acmhainneachta atá lonnaithe i mBallstát eile. Mura mbeidh, tabhair údar leis an méid sin.
…
|
|
(b)
|
Léirigh go mbeidh an deis ag acmhainneacht eachtrach, lenar féidir feidhmíocht theicniúil a sholáthar atá coibhéiseach leis an acmhainneacht intíre, a bheith rannpháirteach sa phróiseas iomaíoch céanna le hacmhainneacht intíre.
…
|
|
(c)
|
Más infheidhme, léirigh go gcomhlíontar na rialacha ábhartha a leagtar amach in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2019/943 maidir le rannpháirtíocht trasteorann i sásraí acmhainneachta.
…
|
|
|
2.1.4.
|
Comhairliúchán poiblí
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.8.4.4 (pointí 348-351) CEEAG.
|
|
30.
|
Mínigh cé acu is gá nó nach gá comhairliúchán poiblí a dhéanamh faoi Roinn 4.8.4.4 le haghaidh an bhirt/na mbeart, agus más rud é nach gá, tabhair cúis leis sin.
…
|
|
31.
|
Más gá comhairliúchán poiblí a dhéanamh le haghaidh an bhirt, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Sonraigh fad an chomhairliúcháin phoiblí agus tabhair achoimre ar na príomh-shaincheisteanna a chumhdaítear.
…
|
|
(b)
|
I gcomhréir leis na ceanglais i bpointe 350 CEEAG, tabhair seoladh an tsuímh gréasáin phoiblí ar a bhfoilseofar/bhfoilsítear ceistneoirí an chomhairliúcháin agus achoimre an rialtais ar na freagraí.
|
|
|
2.1.5.
|
Comhréireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.3 (pointí 49-53 agus 55) agus roinn 4.8.4.5. (pointí 353-357) CEEAG. Tabhair faoi deara go bhfuil an dá roinn 2.1.5.1. agus 2.1.5.2. seo a leanas malartach. Ná tabhair freagraí ach ar an roinn is infheidhme, de réir dhearadh an bhirt atá beartaithe
|
|
2.1.5.1.
|
Comhréireacht na cabhrach a dheonaítear trí phróiseas tairisceana iomaíoch
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.3 (pointí 49, 50, 51, 52, 53 agus 55) agus pointí 353, 354 agus 356 CEEAG.
Níl an roinn seo infheidhme maidir le bearta ina ndeonaítear cabhair gan phróiseas tairisceana iomaíoch. I gcás bearta den sórt sin, téigh go díreach chuig roinn 2.1.5.2.
|
|
32.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 353 CEEAG, agus i gcás nár soláthraíodh cheana í mar fhreagairt ar cheist 16 thuas, tabhair anailís a úsáideadh chun an leibhéal éilimh a shocrú sa bheart maidir le slándáil an tsoláthair ar tugadh fógra ina leith ar bhonn an chaighdeáin iontaofachta nó ar bhonn na hanailíse costais agus tairbhe. An anailís a úsáidtear chun leibhéal an éilimh a shocrú, deimhnigh go bhfuil sí 12 mhí d’aois ar a mhéad tráth a shocraítear leibhéal an éilimh.
…
|
|
33.
|
I gcomhréir le pointe 354 CEEAG, an t-aga idir deonú na cabhrach agus an sprioc-am faoi nach mór tionscadail a chur i gcrích, léirigh go mbeidh deis ann le haghaidh iomaíocht éifeachtach idir na tionscadail incháilithe éagsúla san aga sin.
…
|
|
34.
|
I gcomhréir le pointe 356 CEEAG, léirigh go mbeidh dreasachtaí éifeachtúla ag tairbhithe na mbeart maidir le slándáil an tsoláthair chun cur le slándáil an tsoláthair le linn na tréimhse seachadta. Ba cheart na dreasachtaí sin a bheith bainteach i gcoitinne leis an luach lóid chaillte arna chinneadh de réir Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/943.
…
|
|
35.
|
Chun comhlíonadh phointí 49 agus 50 CEEAG a fhíorú, tabhair na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
Mínigh conas a áirithíonn na húdaráis go bhfuil an próiseas tairisceana oscailte, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, arna sainiú ex ante i gcomhréir le cuspóir an bhirt agus go n-íoslaghdaíonn sé riosca na dtairiscintí straitéiseacha (pointe 49(a) CEEAG).
…
|
|
(b)
|
Na critéir roghnúcháin a úsáidtear chun na tairiscintí a rangú, agus chun an leibhéal cabhrach sa phróiseas tairisceana iomaíoch a shainaithint ar deireadh. Go sonrach:
|
(i)
|
Tabhair liosta de na critéir roghnúcháin agus sonraigh cé acu atá baint dhíreach nó indíreach acu le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart. Cuir isteach a n-ualú.
…
|
|
(ii)
|
Mínigh conas a chuir na critéir roghnúcháin an rannchuidiú le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart i gcoibhneas díreach nó indíreach le méid na cabhrach arna iarraidh ag an iarratasóir. Féadfar é sin a shloinneadh, mar shampla, i dtéarmaí cabhair in aghaidh an aonaid cosanta comhshaoil nó i dtéarmaí cabhair in aghaidh an aonaid fuinnimh (pointe 50 agus fonóta 44 CEEAG).
…
|
|
(iii)
|
I gcás ina bhfuil critéir roghnúcháin eile ann nach bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu le príomhchuspóirí an bhirt/na mbeart, tabhair cúiseanna leis an gcur chuige atá beartaithe agus mínigh conas atá sé iomchuí do na cuspóirí a shaothraítear leis an mbeart/na bearta. Deimhnigh freisin nach mó ná 30 % d’ualú na gcritéar roghnúcháin uile iad na critéir sin (pointe 50 CEEAG).
…
|
|
(iv)
|
Mínigh cé chomh fada roimh an sprioc-am chun iarratais a chur isteach i ngach próiseas tairisceana iomaíoch a fhoilseofar na critéir roghnúcháin (pointe 49(b) agus fonóta 43 CEEAG).
…
|
|
|
(c)
|
Deimhnigh gur srian ceangailteach é an buiséad nó an méid a bhaineann leis an bpróiseas tairisceana a mhéid is féidir a mheas nach bhfaighidh gach tairgeoir cabhair (pointe 49(c) CEEAG).
…
|
|
(d)
|
Tabhair faisnéis maidir leis an líon babhtaí tairisceana atá beartaithe agus an líon tairgeoirí a bhfuil coinne leo sa chéad bhabhta agus le himeacht ama.
…
|
|
(e)
|
I gcás próiseas tairisceana gann-suibscríofa amháin nó níos mó, mínigh conas a cheartófar dearadh na bpróiseas tairisceana le linn chur chun feidhme na scéime chun iomaíocht éifeachtach a athbhunú agus cathain a dhéanfar sin (pointe 49(c) CEEAG).
…
|
|
(f)
|
Deimhnigh go seachnaítear coigeartuithe ex post ar thoradh an phróisis tairisceana (amhail caibidlíocht ina dhiaidh sin maidir le torthaí tairisceana nó ciondáil (pointe 49(d) CEEAG).
…
|
|
(g)
|
I gcás inar féidir ‘tairiscintí fóirdheontais nialasacha’ a bheith ann, mínigh conas a dhéanfar an chomhréireacht a áirithiú.
…
|
|
(h)
|
Soiléirigh an bhfuil foráil déanta ag na húdaráis maidir le bonnphraghsanna nó uasteorainneacha a úsáid sa phróiseas tairisceana iomaíoch. I gcás deimhneach, tabhair údar lena n-úsáid agus mínigh conas nach gcuireann siad srian ar an bpróiseas tairisceana iomaíoch (419) (pointe 49 agus fonóta 42 CEEAG).
…
|
|
|
2.1.5.2.
|
Comhréireacht na cabhrach nach ndeonaítear trí phróiseas tairisceana iomaíoch
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 51-55 agus 353 go 357 CEEAG.
Níl an roinn seo infheidhme maidir le bearta ina ndeonaítear cabhair trí phróiseas tairisceana iomaíoch. Le haghaidh bearta den sórt sin, tabhair freagra ar roinn 2.5.1.1 thuas in áit na roinne seo.
|
|
36.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 353 CEEAG, agus i gcás nár soláthraíodh cheana í mar fhreagairt ar cheist 16 thuas, tabhair anailís a úsáideadh chun leibhéal an éilimh a shocrú sa bheart maidir le slándáil an tsoláthair ar tugadh fógra ina leith ar bhonn an chaighdeáin iontaofachta nó ar bhonn na hanailíse costais agus tairbhe. An anailís a úsáidtear chun leibhéal an éilimh a shocrú, deimhnigh go bhfuil sí 12 mhí d’aois ar a mhéad tráth a shocraítear leibhéal an éilimh.
…
|
|
37.
|
I gcomhréir le pointe 354 CEEAG, an t-aga idir deonú na cabhrach agus an sprioc-am faoi nach mór tionscadail a chur i gcrích, léirigh go mbeidh deis ann le haghaidh iomaíocht éifeachtach idir na tionscadail incháilithe éagsúla san aga sin.
…
|
|
38.
|
I gcomhréir le pointe 356 CEEAG, léirigh go mbeidh dreasachtaí éifeachtúla ag tairbhithe na mbeart maidir le slándáil an tsoláthair chun cur le slándáil an tsoláthair le linn na tréimhse seachadta. Ba cheart na dreasachtaí sin a bheith bainteach i gcoitinne leis an luach lóid chaillte arna chinneadh de réir Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/943.
…
|
|
39.
|
Mínigh cén fáth nach n-úsáidtear próiseas tairisceana iomaíoch (de bhun phointe 355 CEEAG).
…
|
|
40.
|
I gcás scéimeanna cabhrach, tabhair liosta de thionscadail tagartha agus míniú ar an gcúis ar sainíodh iad (mar shampla, trí mhíniú a thabhairt gur féidir coinne a bheith leis go mbeidh na costais agus na hioncaim mórán mar an gcéanna laistigh de gach tionscadal tagartha). Chun amhras a sheachaint, is éard is tionscadal tagartha ann tionscadal samplach atá ionadaíoch ar an meántionscadal i gcatagóir de thairbhithe incháilithe le haghaidh scéim cabhrach (pointe 19(63) CEEAG).
…
|
|
41.
|
De bhun phointe 51 CEEAG, i gcás gach tionscadail tagartha (i gcás scéimeanna cabhrach) nó i gcás gach tairbhí (i gcás cabhair aonair), léirigh nach sáraíonn an chabhair an t-íosmhéid is gá, i.e. an difríocht idir an glanluach láithreach le haghaidh an cháis fhíorasaigh agus an glanluach láithreach le haghaidh an cháis fhrithfhíorasaigh thar shaolré an tionscadail tagartha nó an tionscadail. Chun an measúnú sin a dhéanamh, cuir isteach cainníochtú, le haghaidh an cháis fhíorasaigh agus le haghaidh cás frithfhíorasach réalaíoch, (420) cainníocht na bpríomhchostas agus na bpríomhioncam ar fad, meánchostas ualaithe caipitil measta na dtairbhithe (nó na dtionscadal tagartha i gcás scéimeanna cabhrach) chun sreafaí airgid amach anseo a lascainiú, chomh maith le glanluach láithreach na gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha, thar shaolré an tionscadail/an tionscadail tagartha.
|
(a)
|
Tabhair é sin in Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfoirm fógra seo (trí chomhad Excel a úsáid ina bhfuil na foirmlí uile le feiceáil).
…
|
|
(b)
|
Cuir faisnéis mhionsonraithe isteach maidir leis na toimhdí, na modheolaíochtaí, an réasúnaíocht agus na foinsí is bonn leo, a úsáidtear le haghaidh gach gné de chainníochtú na gcostas agus na n-ioncam sa chás fíorasach agus an cás frithfhíorasach is dócha a bheidh ann (mar shampla, cuir na toimhdí a úsáideadh chun na cásanna sin a fhorbairt agus foinse/réasúnaíocht maidir leis na toimhdí sin san áireamh).
…
|
|
(c)
|
Is féidir leat na doiciméid a luaitear i bhfonóta 39 CEEAG a chur i gceangal leis an bhfoirm fógra seo freisin. D’fhéadfadh doiciméid bhoird a bheith úsáideach go háirithe le haghaidh bearta cabhrach aonair nó scéimeanna cabhrach aonair atá ag dul chun tairbhe do líon an-teoranta tairbhithe. Má tá na doiciméid sin i gceangal leis an bhfoirm fógra, tabhair liosta de na doiciméid sin thíos, ina sonraítear an t-údar, an dáta ar dréachtaíodh iad agus an comhthéacs inar úsáideadh iad.
…
|
|
|
42.
|
Más infheidhme pointe 55 CEEAG, tabhair faisnéis ar na samhlacha cúitimh a bhféadfadh sé a bheith i gceist ag an mBallstát iad a thabhairt isteach (meascán de shamhlacha ex ante agus ex post nó sásraí aisghlámtha nó sásraí faireacháin costais ex post).
Mura bhfuil pointe 55 CEEAG infheidhme maidir leis an mbeart/na bearta, tabhair údar leis sin.
…
|
|
43.
|
Más rud é go bhfuil an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith i bhfoirm deimhniú iomaíoch nó scéim oibleagáide soláthróra (pointe 357 CEEAG), déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
deimhnigh go socrófar an t-éileamh sa scéim faoi bhun an tsoláthair a d’fhéadfadh a bheith ann; agus
…
|
|
(b)
|
mínigh conas a bhunófar an praghas ceannaigh thar barr amach/an praghas pionóis agus conas a áirithítear leis an bpraghas sin nach mbeidh aon róchúiteamh ann.
…
|
|
|
2.1.6.
|
Carnadh
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 56 agus 57 CEEAG.
|
|
44.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi Chuid I den fhoirm fógra ghinearálta agus chun comhlíonadh phointe 56 CEEAG a fhíorú, soiléirigh an bhféadfaí an chabhair faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith a dhámhachtain i gcomhthráth faoi roinnt scéimeanna cabhrach nó a charnadh le cabhair ad hoc nó de minimis i ndáil leis na costais incháilithe chéanna. Más amhlaidh an cás, tabhair sonraí maidir leis na scéimeanna cabhrach sin, cabhair ad hoc nó cabhair de minimis agus conas a charnfar an chabhair. Tabhair faoi deara go bhféadadh sé gur mhian leat tagairt don chainníochtú a tugadh thuas.
…
|
|
45.
|
Más infheidhme pointe 56 CEEAG, tabhair údar leis an gcaoi nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán na cabhrach a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta le haghaidh tionscadail nó gníomhaíochta agus an chaoi nach rachaidh sé thar an uasmhéid cabhrach a cheadaítear faoi CEEAG. Is éard atá san uasmhéid cabhrach a cheadaítear faoi CEEAG an méid cabhrach a chuirtear san áireamh sa tairiscint rathúil nó, in éagmais próiseas iomaíoch, an bhearna chistiúcháin, agus na príomhioncaim uile á gcur san áireamh lena n-áirítear foinsí eile cabhrach (pointe 51 CEEAG). Le haghaidh gach birt, sonraigh ar féidir an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta cabhrach a dtugtar fógra ina leith a charnadh leis, an modh a úsáidtear chun comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe 56 CEEAG a áirithiú.
…
|
|
46.
|
I gcás inarb infheidhme pointe 57 CEEAG, i.e. déantar an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a chomhcheangal le cistiú ón Aontas a bhainistítear go lárnach (421) (nach státchabhair é), tabhair údar leis an gcaoi nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán an chistithe phoiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe chéanna
…
|
|
2.1.7.
|
Trédhearcacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.4 (pointí 58-61) CEEAG.
|
|
47.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le trédhearcacht dá bhforáiltear i bpointí 58-61 CEEAG.
…
|
|
48.
|
Tabhair an nasc idirlín ina bhfoilseofar téacs iomlán na scéime cabhrach formheasta nó an chinnidh deonaithe cabhrach aonair agus a fhorálacha cur chun feidhme agus faisnéis maidir le gach dámhachtain cabhrach aonair a deonaíodh ad hoc nó faoi scéim cabhrach a formheasadh ar bhonn CEEAG agus ar mó ná EUR 100 000 í.
…
|
|
2.2.
|
Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.8.5 (pointí 359-370) agus roinn 3.3 (pointí 71-76) CEEAG.
|
|
49.
|
Chun comhlíonadh phointí 359, 360 agus 361 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
léirigh (i gcás nár léiríodh amhlaidh cheana mar fhreagairt ar cheist 23 thuas) gur dearadh an chabhair chun feidhmiú éifeachtúil na margaí a choinneáil ar bun agus chun dreasachtaí oibríochta agus comharthaí praghais éifeachtúla a chaomhnú.
…
|
|
(b)
|
deimhnigh nach bhfuil aon dreasacht ann chun fuinneamh a ghiniúint a chuirfeadh cineálacha fuinnimh ar lú an truailliú a bhaineann leo as áit.
…
|
|
(c)
|
sonraigh cé acu a íocann an beart as acmhainneacht (EUR in aghaidh an mheigeavata (MW)) nó as aschur leictreachais (EUR/MWh).
…
|
|
|
50.
|
Tabhair fianaise go gcomhlíonann an beart aon choinníoll dearaidh is infheidhme in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/943 (pointe 362 CEEAG).
…
|
|
51.
|
Maidir le cúltacaí straitéiseacha agus aon bheart eile le haghaidh leordhóthanacht acmhainní, lena n-áirítear scéimeanna in-idirbhristeachta, i gcás ina gcoinnítear acmhainneacht lasmuigh den mhargadh, chun a áirithiú nach saobhtar praghasmhúnlú an mhargaidh, léirigh, i gcomhréir le pointe 363 CEEAG, go gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:
|
(a)
|
Níl acmhainní an bhirt/na mbeart le seoladh ach amháin i gcás gur dóigh go n-ídeoidh na hoibreoirí córas tarchurtha a n-acmhainní cothromúcháin chun cothromaíocht a bhunú idir an t-éileamh agus an soláthar.
…
|
|
(b)
|
Le linn tréimhsí socraíochta éagothroime inar seoladh acmhainní an bhirt, réiteofar míchothromaíochtaí sa mhargadh ar a laghad ag an luach lóid chaillte nó ag luach atá níos airde ná an teorainn praghais theicniúil ionlae, cibé acu is airde.
…
|
|
(c)
|
Maidir le haschur an bhirt/na mbeart tar éis dó a bheith seolta, déanfar é a shannadh chun páirtithe freagracha a chothromú tríd an sásra socraíochta éagothroime.
…
|
|
(d)
|
Ní fhaigheann na hacmhainní luach saothair ón mhargadh mórdhíola an leictreachais ná ó mhargaí cothromúcháin.
…
|
|
(e)
|
Déanfar na hacmhainní sa bheart a choinneáil lasmuigh de na margaí fuinnimh ar feadh thréimhse an chonartha ar a laghad.
…
|
|
|
52.
|
I gcás bearta plódaithe líonra, nuair a choinnítear acmhainní lasmuigh den mhargadh, deimhnigh nach bhfaighidh na hacmhainní sin luach saothair ón margadh mórdhíola leictreachais ná ó mhargaí cothromúcháin leis na hacmhainní sin agus go gcoinneofar iad lasmuigh de na margaí fuinnimh go gceann fhad na tréimhse conartha ar a laghad (pointe 364 CEEAG).
…
|
|
53.
|
I gcás sásraí acmhainneachta seachas cúltacaí straitéiseacha, léirigh, i gcomhréir le pointe 365 CEEAG, maidir leis an mbeart:
|
(a)
|
Go bhfuil sé bunaithe chun a áirithiú go gclaonfaidh an praghas a íocfar as infhaighteacht i dtreo an nialais i gcás ina meastar go mbeidh leibhéal na hacmhainneachta a sholáthrófar leormhaith chun an leibhéal acmhainneachta a éilítear a chomhlíonadh.
…
|
|
(b)
|
Go dtugtar luach saothair do na hacmhainní rannpháirteacha as a n-infhaighteacht amháin agus go n-áirithítear nach ndéanfaidh an luach saothair difear do chinntí an tsoláthraí acmhainneachta cibé acu an nginfidh siad nó nach nginfidh siad.
…
|
|
(c)
|
Gur féidir oibleagáidí acmhainneachta a bheith inaistrithe idir soláthraithe acmhainneachta incháilithe.
…
|
|
|
54.
|
Chun comhlíonadh phointe 366 CEEAG a fhíorú, léirigh nach ndéanfaidh an beart na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
Saobhadh margaidh míchuí a chruthú ná teorainn a chur le trádáil thraschreasach.
…
|
|
(b)
|
Dreasachtaí a laghdú chun infheistíocht a dhéanamh in acmhainneachta idirnaisc – mar shampla tríd an ioncam ó phlódú a laghdú d’idirnascairí atá ann cheana nó d’idirnascairí nua.
…
|
|
(c)
|
An bonn a bhaint de chúpláil an mhargaidh, lena n-áirítear margaí ionlae agus margaí cothromúcháin.
…
|
|
(d)
|
An bonn a bhaint de chinntí infheistíochta maidir le hacmhainneacht a tháinig roimh an mbeart.
…
|
|
|
55.
|
Chun comhlíonadh phointe 367 CEEAG a fhíorú, léirigh gurb iad na rannpháirtithe sa mhargadh a chuireann leis an ngá atá leis an mbeart/na bearta a íocfaidh costais an bhirt a dtugtar fógra ina leith. Má mheasann tú nach bhfuil gá le leithdháileadh costas den sórt sin, mínigh cén fáth agus tabhair fianaise, lena n-áirítear an fhianaise a bailíodh sa chomhairliúchán poiblí. (422)
…
|
|
56.
|
De bhun phointe 72 CEEAG, mínigh an gcomhlíonann an beart a dtugtar fógra ina leith na critéir maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (423) lena n-áirítear an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (424), nó modheolaíochtaí inchomparáide eile.
…
|
|
57.
|
De bhun phointe 75 CEEAG, i gcásanna ina roghnaíonn an Ballstát nós imeachta tairisceana iomaíoch a chur chun feidhme, soiléirigh an n-áirítear gnéithe sa bheart a dtugtar fógra ina leith chun rannpháirtíocht FBManna nó pobal fuinnimh in-athnuaite a éascú. Más amhlaidh, tabhair faisnéis maidir leis na gnéithe sin agus tabhair údar leis an gcaoi gur mó na héifeachtaí dearfacha a bhaineann le rannpháirtíocht agus glacadh FBManna a áirithiú sa bheart/sna bearta a dtugtar fógra ina leith ná na hiarmhairtí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ann.
…
|
|
58.
|
Chun comhlíonadh phointí 368 agus 369 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
I gcás ina gcruthaítear dreasachtaí le haghaidh infheistíochtaí nua sna breoslaí iontaise is truaillithí leis an mbeart ar tugadh fógra ina leith, mínigh an urramaíonn an beart, lena n-áirítear bearta um phlódú líonra agus scéimeanna in-idirbhristeachta, an tairseach astaíochtaí is infheidhme maidir le sásraí acmhainneachta a leagtar amach in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/943.
…
|
|
(b)
|
I gcás ina gcruthaítear dreasachtaí le haghaidh infheistíochtaí nua i nginiúint fuinnimh atá bunaithe ar ghás nádúrtha leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith, mínigh conas a áiritheofar leis an mbeart go gcuirfidh sé le sprioc aeráide 2030 an Aontais agus sprioc aeráidneodrachta 2050 an Aontais a bhaint amach. Go háirithe, mínigh conas a sheachnófar glasáil na giniúna fuinnimh gásadhainte sin nó an trealaimh táirgthe gásadhainte sin.
…
|
|
|
59.
|
I gcás bearta aonair cabhrach nó scéimeanna nach ndéanann tairbhe ach do líon teoranta tairbhithe nó do thairbhí atá ann faoi láthair, léirigh freisin nach mbeidh cumhacht mhéadaithe sa mhargadh mar thoradh ar an mbeart cabhrach atá beartaithe (pointe 370 CEAAG).
…
|
Roinn C: Meastóireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointe 76(a) agus Roinn 5 (pointí 455-463) CEEAG.
|
60.
|
I gcás ina sáraíonn an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith na tairseacha buiséid/caiteachais i bpointe 456 CEEAG, mínigh cén fáth, i do thuairim, ar cheart feidhm a bheith ag an eisceacht i bpointe 457 CEEAG, nó cuir Iarscríbhinn i gceangal leis an bhfoirm fógra seo ina bhfuil dréachtphlean meastóireachta ina gcumhdaítear an raon feidhme a luaitear i bpointe 458 CEEAG. (425)
…
|
|
61.
|
Má sholáthraítear dréachtphlean meastóireachta, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
tabhair thíos achoimre ar an dréachtphlean meastóireachta sin atá san Iarscríbhinn.
…
|
|
(b)
|
deimhnigh go n-urramófar pointe 460 CEEAG.
…
|
|
(c)
|
tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh an plean meastóireachta ar fáil go poiblí.
…
|
|
|
62.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(b) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair agus gur faide í ná 3 bliana, deimhnigh go dtabharfaidh tú fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis modhnú mór lena méadófar buiséad na scéime go dtí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéime.
…
|
|
63.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(c) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair, tabhair gealltanas thíos go dtabharfaidh an Ballstát fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachas os cionn EUR 150 milliún sa bhliain roimhe sin a thaifeadadh i gcuntais oifigiúla.
…
|
|
64.
|
I gcomhréir leis na forálacha i bpointe 461 CEEAG, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Soiléirigh an bhfuil an saineolaí neamhspleách roghnaithe cheana nó an roghnófar amach anseo é.
…
|
|
(b)
|
Tabhair faisnéis faoin nós imeachta chun an saineolaí a roghnú.
…
|
|
(c)
|
Tabhair údar leis an gcaoi a bhfuil an saineolaí neamhspleách ar an údarás deonúcháin.
…
|
|
|
65.
|
I gcomhréir leis na forálacha i bpointe 461 CEEAG, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Tabhair na sprioc-amanna atá beartaithe agat chun an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach a chur isteach. Tabhair faoi deara nach mór an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin in am trátha ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fhadú féideartha na scéime cabhrach agus, ar a dhéanaí, 9 mí sula rachaidh sí in éag, i gcomhréir le pointe 463 CEEAG. Tabhair faoi deara go bhféadfaí an sprioc-am sin a laghdú i gcás scéimeanna a spreagann an ceanglas meastóireachta le linn an 2 bhliain dheireanacha dá gcur chun feidhme.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh go gcuirfear an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach ar fáil go poiblí. Tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh na tuarascálacha sin le fáil go poiblí.
…
|
|
Roinn D: Tuairisciú agus faireachán
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach Roinn 6 (pointí 464-465) CEEAG.
|
66.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le tuairisciú agus faireachán a thugtar i Roinn 6, pointí 464 agus 465 CEEAG.
…
|
CUID III.6.K
Bileog faisnéise forlíontaí maidir le státchabhair a dheonaítear faoi na Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (dá ngairtear ‘CEEAG’ anseo feasta) - Roinn 4.9. - Cabhair le haghaidh bonneagar fuinnimh
Baineann an bhileog faisnéise forlíontaí seo le bearta a chumhdaítear i Roinn 4.9 CEEAG. Má áirítear san fhógra bearta a chumhdaítear i níos mó ná roinn amháin CEEAG, líon isteach freisin an bhileog faisnéise forlíontaí a bhaineann leis an roinn CEEAG lena mbaineann a luaithe a bheidh sí ar fáil.
Na doiciméid uile a sholáthraíonn na Ballstáit mar iarscríbhinní a ghabhann leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo, ní mór iad a bheith uimhrithe agus ní mór uimhreacha na ndoiciméad a bheith léirithe sna ranna ábhartha den bhileog faisnéise forlíontaí seo.
Roinn A: Achoimre ar phríomh-shaintréithe an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith
|
1.
|
Cúlra agus cuspóir/cuspóirí an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith.
|
|
1.1.
|
Más rud é nár pléadh iad cheana féin faoi roinn 5.2 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an cúlra agus an príomhchuspóir, lena n-áirítear aon sprioc de chuid an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú nó a bhaint a bhfuil sé beartaithe leis an mbeart tacú léi.
…
|
|
1.2.
|
Sonraigh aon chuspóir eile a shaothraítear leis an mbeart. Maidir le cuspóirí nach cuspóirí comhshaoil amháin iad, mínigh cibé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh aon saobhadh ar an margadh inmheánach a bheith ina thoradh orthu.
…
|
|
2.
|
Teacht i bhfeidhm agus fad:
|
|
2.1.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi roinn 5.5 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), sonraigh an dáta óna bhfuil sé beartaithe go dtiocfaidh an beart i bhfeidhm;
…
|
|
2.2.
|
Má bhaineann an beart le scéim cabhrach, sonraigh a fad. (426)
…
|
|
3.1.
|
Mura bhfuil sé curtha ar fáil cheana faoi roinn 3 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair tuairisc ar thairbhí (féideartha) an bhirt/na mbeart.
…
|
|
3.2.
|
Sonraigh suíomh an tairbhí nó na dtairbhithe (féideartha) (i.e. mura bhfuil ach eintitis eacnamaíocha atá lonnaithe sna Ballstáit lena mbaineann nó i mBallstáit eile freisin incháilithe chun páirt a ghlacadh sa bheart).
…
|
|
3.3.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 15 CEEAG, sonraigh an ndeonaítear cabhair aonair faoin mbeart/faoi na bearta i bhfabhar gnóthas (bíodh cuid de scéim i gceist nó ná bíodh) atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
Más amhlaidh, tabhair faisnéis maidir leis an méid cabhrach atá fós le haisghabháil ionas go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh é sa mheasúnú ar an mbeart cabhrach/na bearta cabhrach.
…
|
|
3.4.
|
Deimhnigh nach mbaineann an beart/na bearta le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm CEEAG (féach pointe 13 CEEAG). Murab amhlaidh, tabhair sonraí.
…
Le pointí 373 agus 374 CEEAG foráiltear nach bhfuil ‘
tacaíocht don bhonneagar fuinnimh laistigh de chreat monaplachta dlíthiúla [...] faoi réir rialacha maidir leis an státchabhair
’. D’fhéadfadh sé gurbh amhlaidh sin i gcás ina bhfuil tógáil agus oibriú bonneagar áirithe forchoimeádta go heisiach le dlí don oibreoir córais tarchurtha nó don oibreoir córais dáileacháin. Ar an gcaoi chéanna, foráiltear le pointe 375 CEEAG go ‘
measann an Coimisiún nach bhfuil aon státchabhair bainteach le hinfheistíochtaí ina bhfuil an bonneagar fuinnimh á rith faoi “mhonaplacht nádúrtha”
’.
An dtugtar fógra faoin tionscadal faoi chuimsiú monaplachta dlíthiúla nó an bhfuil sé á rith faoi ‘mhonaplacht nádúrtha’?
…
|
|
3.5.
|
Má tugadh freagra deimhneach ar an gceist roimhe, mínigh cén fáth a dtagann an tionscadal a dtugtar fógra ina leith faoi chuimsiú monaplachta dlíthiúla agus/nó nádúrtha, agus déan tagairt do gach critéar carnach a leagtar síos i bpointe 374 CEEAG i gcás monaplachtaí dlíthiúla agus/nó i bpointe 375 CEEAG i gcás monaplachtaí nádúrtha.
…
|
|
4.
|
Buiséad agus maoiniú an bhirt/na mbeart.
|
|
4.1.
|
Mura bhfuil sé luaite cheana sa tábla faoi roinn 7.1 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an buiséad bliantúil agus/nó an buiséad iomlán le haghaidh fhad iomlán an bhirt/na mbeart; murab eol an buiséad iomlán (mar shampla toisc go mbraitheann sé ar thorthaí na dtairiscintí), sonraigh buiséad measta, lena n-áirítear na toimhdí a úsáideadh chun an buiséad measta lena mbaineann a ríomh. (427)
…
|
|
4.2.
|
Más trí thobhach a mhaoinítear an beart, soiléirigh na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
an le dlí nó le haon ghníomh reachtach eile a shocraítear an tobhach; más amhlaidh, tabhair an gníomh dlí, uimhir agus dáta a ghlactha agus a theacht i bhfeidhm, an nasc idirlín chuig an ngníomh dlí;
…
|
|
(b)
|
an ngearrtar an tobhach go cothrom ar tháirgí intíre agus allmhairithe;
…
|
|
(c)
|
an rachaidh an beart a dtugtar fógra ina leith chun tairbhe do tháirgí intíre agus do tháirgí a allmhairítear go cothrom;
…
|
|
(d)
|
an maoinítear an beart go hiomlán nó go páirteach leis an tobhach. Mura maoinítear an beart ach go páirteach leis an tobhach, sonraigh foinsí eile maoinithe an bhirt agus cion gach foinse acu sin;
…
|
|
(e)
|
an maoinítear bearta cabhrach eile leis an tobhach lena maoinítear an beart a dtugtar fógra ina leith. Más amhlaidh, sonraigh na bearta cabhrach eile a mhaoinítear leis an tobhach lena mbaineann.
…
|
|
Roinn B: Measúnú comhoiriúnachta ar an gcabhair
|
1.
|
COINNÍOLL DEARFACH: NÍ MÓR FORBAIRT GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE A ÉASCÚ LEIS AN GCABHAIR
|
|
1.1.
|
Cuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.1 (pointí 23-25) agus ranna 4.9.1 agus 4.9.2 CEEAG..
|
|
5.
|
Le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’) foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin ‘cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann’. Dá bhrí sin, le cabhair a luíonn leis an margadh inmheánach faoin bhforáil sin den Chonradh ní mór rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe.
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 23 CEEAG, sainaithin na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar mar thoradh ar an gcabhair agus an chaoi a dtacaítear le forbairt na ngníomhaíochtaí sin.
…
|
|
6.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 25 CEEAG, tabhair tuairisc ‘ar cibé a chuideoidh an chabhair le cuspóirí bheartas aeráide an Aontais, cuspóirí bheartas comhshaoil an Aontais agus cuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus conas a dhéanfar sin, agus, go sonrach, tairbhí na cabhrach a bhfuil coinne leo maidir le cuidiú nach beag le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear maolú ar an athrú aeráide, nó feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh’.
…
|
|
7.
|
Ina theannta sin, cuir i dtábhacht a mhéid a bhaineann an chabhair le beartais a dtugtar tuairisc orthu faoi phointí 371 agus 372 CEEAG.
…
|
|
8.
|
Tabhair faisnéis maidir le raon feidhme agus gníomhaíochtaí an bhirt cabhrach nó na mbeart cabhrach a dtacaítear leo, mar a fhoráiltear i bpointe 376 CEEAG. Agus é sin á dhéanamh agat, déan an méid seo a leanas freisin:
|
(a)
|
Áirithigh go mbaineann an tionscadal le bonneagar fuinnimh mar a shainmhínítear faoi phointe 19(36) CEEAG.
|
|
(b)
|
Áirithigh nach mbaineann an tionscadal le bonneagar tiomnaithe agus/nó bonneagar fuinnimh eile in éineacht le gníomhaíochtaí táirgthe agus/nó ídithe.
|
|
(c)
|
Sonraigh na cineálacha costas a dtacóidh an beart leo: costais infheistíochta nó costais oibriúcháin.
|
|
(d)
|
I gcás ina gcumhdóidh an beart costais oibriúcháin, léirigh nach féidir na costais sin a aisghabháil ó úsáideoirí an líonra agus nach mbaineann siad le costais bháite, agus go mbeidh athrú iompraíochta ann de bharr na cabhrach oibriúcháin, athrú lena gcumasófar baint amach cuspóirí maidir le slándáil soláthair nó le cosaint an chomhshaoil.
|
…
|
|
1.2.
|
Éifeacht dreasachta
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.2 (pointí 26-32) CEEAG.
|
|
9.
|
Ní féidir a mheas go n-éascaíonn cabhair gníomhaíocht eacnamaíoch ach amháin má tá éifeacht dreasachta aici. Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 26 CEEAG, mínigh conas a ‘spreagann [an beart/na bearta] an tairbhí chun a iompraíocht a athrú, chun dul i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch bhreise nó gníomhaíocht eacnamaíoch atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, nach ndéanfadh sé gan an chabhair nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó éagsúil’.
…
|
|
10.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 27 CEEAG, tabhair faisnéis chun a dheimhniú nach dtacaíonn an chabhair leis na costais a bhaineann le gníomhaíocht a dhéanfadh tairbhí na cabhrach pé scéal é agus nach gcúitíonn an chabhair an gnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch (428)
.
…
|
|
11.
|
Chun a léiriú go bhfuil éifeacht dreasachta ann, ceanglaítear le pointe 28 CEEAG cás fíorasach a shainaithint mar aon leis an gcás frithfhíorasach is dócha a bheadh ann in éagmais cabhrach. Maidir le cabhair le haghaidh bonneagair, mar a mhínítear i bpointe 52, glactar leis gurb é an cás frithfhíorasach an cás nach dtarlódh an tionscadal.
|
(a)
|
Tabhair tuairisc chuimsitheach ar an gcás fíorasach. I gcás scéimeanna lena gcumhdaítear tionscadail tagartha éagsúla (429), tabhair tuairisc ar an gcás fíorasach le haghaidh gach tionscadail tagartha.
…
|
|
(b)
|
A mhéid nach scéim cabhrach é an beart, cuir i gceangal leis an bhfógra seo aon doiciméad boird oifigiúil, aon mheasúnú riosca, aon tuarascáil airgeadais, aon phlean gnó inmheánach, aon tuairim shaineolach agus aon staidéar eile a bhaineann leis an tionscadal atá á mheasúnú, doiciméid ina bhfuil faisnéis maidir le réamhaisnéisí éilimh, réamhaisnéisí costais, réamhaisnéisí airgeadais, doiciméid a chuirtear faoi bhráid coiste infheistíochta agus ina dtugtar tuilleadh sonraí faoi chásanna infheistíochta/oibriúcháin, nó doiciméid a sholáthraítear do na hinstitiúidí airgeadais mar a fhoráiltear i bpointe 28, fonóta 39 CEEAG.
|
Tabhair faoi deara nach mór na doiciméid sin a bheith comhaimseartha leis an bpróiseas cinnteoireachta maidir leis an gcinneadh infheistíochta/oibriúcháin.
Má tá na doiciméid sin i gceangal leis an bhfoirm fógra, tabhair liosta de na doiciméid sin thíos, ina sonraítear an t-údar, an dáta ar dréachtaíodh iad agus an comhthéacs inar úsáideadh iad.
…
|
|
12.
|
Chun comhlíonadh phointí 29 agus 31 CEEAG a léiriú déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Deimhnigh nár cuireadh tús leis na hoibreacha ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht sula ndearna an tairbhí iarratas i scríbhinn ar chabhair chuig na húdaráis náisiúnta;
…
NÓ
|
|
(b)
|
I gcás tionscadail ar cuireadh tús leo roimh an iarratas ar chabhair, léirigh go dtagann an tionscadal faoi cheann de na cásanna eisceachtúla dá bhforáiltear i bpointe 31 CEEAG ((a), (b) nó (c)).
…
|
|
|
13.
|
Chun comhlíonadh phointe 30 CEEAG a léiriú, deimhnigh go n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chabhair: ainm an iarratasóra, tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear a suíomh, agus an méid cabhrach is gá chun an tionscadal nó an ghníomhaíocht a dhéanamh.
…
|
|
14.
|
Chun comhlíonadh phointe 32 CEEAG a léiriú, sonraigh an bhfuil caighdeáin de chuid an Aontais (430) ann atá infheidhme maidir leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith, caighdeáin náisiúnta shainordaitheacha atá níos déine nó níos uaillmhianaí ná caighdeáin chomhfhreagracha an Aontais, nó caighdeáin náisiúnta shainordaitheacha arna nglacadh in éagmais chaighdeáin de chuid an Aontais. Sa chomhthéacs sin, tabhair faisnéis chun an éifeacht dreasachta a léiriú.
…
|
|
15.
|
I gcásanna inar glacadh caighdeán ábhartha de chuid an Aontais cheana ach nach bhfuil sé i bhfeidhm go fóill, léirigh gur féidir éifeacht dreasachta a bheith ag cabhair toisc go ndreasaíonn sé an infheistíocht atá le cur chun feidhme agus le tabhairt i gcrích ar a laghad 18 mí sula dtiocfaidh an caighdeán i bhfeidhm.
…
|
|
1.3.
|
Gan sárú ar aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.3 (pointe 33) CEEAG.
|
|
16.
|
Tabhair faisnéis chun comhlíonadh fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais a dheimhniú, i gcomhréir le pointe 33 CEEAG.
…
|
|
17.
|
Má úsáidtear tobhach chun an beart/na bearta a mhaoiniú, soiléirigh an gá an measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Más gá, léirigh conas a chomhlíonann an beart forálacha Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Sa chomhthéacs sin, is féidir tagairt a dhéanamh don fhaisnéis a chuirtear isteach faoi cheist 4.2. thuas, i gcás ina maoinítear an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith trí thobhach.
…
|
|
2.
|
COINNÍOLL DIÚLTACH: NÍ FÉIDIR LEIS AN GCABHAIR DIFEAR MÍCHUÍ A DHÉANAMH DO CHOINNÍOLLACHA TRÁDÁLA AN OIREAD IS GO MBEADH DOCHAR ANN DON LEAS COITEANN
|
|
2.1.
|
Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála
|
|
2.1.1.
|
Riachtanas agus oiriúnacht na hidirghabhála státchabhrach
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.9.3.1 (pointí 379 agus 380) CEEAG.
|
|
18.
|
Foráiltear le pointe 379 CEEAG, maidir le bonneagar fuinnimh, go dtugtar aghaidh ar chlistí margaidh nó go maoinítear iad de ghnáth trí bhíthin taraifí éigeantacha úsáideoirí, taraifí atá faoi réir rialála. Mar sin féin, mar a luadh i bpointe 380 CEEAG, d’fhéadfadh sé nach amhlaidh a bheadh i gcónaí. Mínigh a mhéid a thugann an beart aghaidh ar chlistí margaidh nach féidir aghaidh a thabhairt orthu trí bhíthin taraifí éigeantacha úsáideoirí.
…
|
|
19.
|
Chun riachtanas agus oiriúnacht na státchabhrach a léiriú, sonraigh cé acu de na cásanna seo a leanas faoinar gá measúnú a dhéanamh ar an tionscadal a dtugtar fógra ina leith:
|
(a)
|
Is tionscadal leasa choitinn é an tionscadal a dtugtar fógra ina leith mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, atá go hiomlán faoi réir na reachtaíochta maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh. Sa chás sin, measann an Coimisiún go nglactar leis go bhfuil cliseadh margaidh ann. Ní gá don Bhallstát údar breise a thabhairt le riachtanas agus oiriúnacht na státchabhrach, nó
|
|
(b)
|
ní tionscadal leasa choitinn é an tionscadal a dtugtar fógra ina leith mar atá sainmhínithe thuas nó is tionscadal leasa choitinn é ach tá sé díolmhaithe go páirteach nó go hiomlán ón reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh, nó
|
|
(c)
|
ní tionscadal leasa choitinn é an tionscadal agus tá sé idir an tAontas agus tríú tír.
…
|
|
|
20.
|
Má bhaineann an cás a luaitear i bpointe 19(b) thuas leis an tionscadal a dtugtar fógra ina leith, chun údar a thabhairt le riachtanas agus oiriúnacht an bhirt, mínigh thíos a mhéid:
|
—
|
a bhíonn soláthar fo-optamach an bhonneagair is gá mar thoradh ar an gcliseadh margaidh;
|
|
—
|
atá an bonneagar oscailte do rochtain tríú páirtí agus faoi réir rialáil taraifí;
|
|
—
|
a chuidíonn an tionscadal le slándáil an tsoláthair san Aontas nó le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais.
|
…
|
|
21.
|
Má bhaineann an cás a luaitear i bpointe 19(c) leis an tionscadal, mínigh (i) maidir leis an gcuid den bhonneagar atá lonnaithe ar chríoch an Aontais, an bhfuil an tionscadal tógtha agus á oibriú i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, go háirithe Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus (ii) maidir leis an gcuid atá lonnaithe sa tríú tír nó sna tríú tíortha lena mbaineann, an bhfuil ardleibhéal ailínithe rialála ag an tionscadal agus an dtacaíonn sé le cuspóirí foriomlána an Aontais, go háirithe chun an méid seo a leanas a áirithiú:
|
—
|
margadh inmheánach fuinnimh a fheidhmíonn go maith,
|
|
—
|
slándáil an tsoláthair fuinnimh bunaithe ar an gcomhar agus ar an dlúthpháirtíocht,
|
|
—
|
córas fuinnimh i dtreo an dícharbónaithe i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus le cuspóirí an Aontais maidir leis an aeráid, agus go háirithe
|
|
—
|
seachaint sceite carbóin.
|
…
|
|
2.1.2.
|
Comhréireacht na cabhrach
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 51, 52 agus 381 CEEAG.
|
|
22.
|
De bhun phointe 51 CEEAG, is féidir na glanchostais bhreise thipiciúla a mheas mar an difríocht idir glanluach láithreach (‘NPV’) an cháis fhíorasaigh agus NPV an cháis fhrithfhíorasaigh thar shaolré an tionscadail nó in aghaidh an tionscadail tagartha i gcás inarb infheidhme. I gcás inarb é an cás frithfhíorasach nach gcuirfear an tionscadal chun feidhme (féach pointe 52 CEEAG), tá NPV diúltach an cháis fhíorasaigh cothrom leis na glanchostais bhreise.
Tabhair an méid seo a leanas in Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfoirm fógra seo (trí chomhad Excel a úsáid ina bhfuil na foirmlí uile le feiceáil):
|
(a)
|
Chun an bhearna chistiúcháin a chinneadh (431), cuir isteach cainníochtú, le haghaidh an cháis fhíorasaigh, ar na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
príomhchostais agus príomhioncaim uile an tionscadail;
|
|
(ii)
|
meánchostas ualaithe measta caipitil (‘WACC’) na dtairbhithe chun sreafaí airgid todhchaí a lascainiú;
|
|
(iii)
|
an glanluach láithreach (‘NPV’) le haghaidh an cháis fhíorasaigh thar shaolré an tionscadail.
|
…
|
|
(b)
|
Cuir isteach in Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfoirm fógra seo faisnéis mhionsonraithe maidir leis na toimhdí, na modheolaíochtaí, an réasúnaíocht agus na foinsí foluiteacha lena n-aghaidh, a úsáidtear le haghaidh gach gné den chainníochtú costas agus ioncam sa chás fíorasach (cuir san áireamh na toimhdí a úsáideadh chun an cás fíorasach a fhorbairt, mar shampla)
…
|
|
|
23.
|
De bhun phointe 53 CEEAG, maidir le cásanna cabhrach aonair agus scéimeanna aonair atá ag dul chun tairbhe do líon an-teoranta tairbhithe, ní mór don Bhallstát an fhianaise thacaíochta a chur i láthair ar leibhéal phlean gnó mionsonraithe an tionscadail.
Maidir le cásanna scéimeanna cabhrach, ní mór don Bhallstát an fhianaise thacaíochta a chur i láthair ar bhonn tionscadal tagartha amháin nó níos mó.
|
|
24.
|
Chun gur féidir leis an gCoimisiún a fhíorú nach sáraíonn an méid cabhrach an t-íosmhéid is gá chun go mbeidh brabús leordhóthanach ag gabháil leis an tionscadal dá dtugtar cabhair (432), tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
An ráta toraidh inmheánach a chomhfhreagraíonn don tagarmharc nó don íosráta toraidh a bhaineann go sonrach leis an earnáil nó leis an ngnólacht; nó
|
|
(b)
|
Na gnáthrátaí toraidh a éilíonn an tairbhí i dtionscadail infheistíochta eile den chineál céanna, a chostas caipitil ina iomláine; nó
|
|
(c)
|
Na torthaí a thugtar faoi deara go coitianta sa tionscal lena mbaineann; nó
|
|
(d)
|
Aon fhaisnéis eile lena dtugtar údar nach mó an méid cabhrach ná an t-íosmhéid is gá chun go mbeidh brabús leordhóthanach ag gabháil leis an tionscadal dá dtugtar cabhair.
|
…
|
|
25.
|
De bhun phointe 381 CEEAG, má tá an chabhair gar don uasmhéid a cheadaítear agus i gcás ina bhfuil riosca ann go mbeidh brabúis amhantair ann, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le sásra faireacháin agus aisghlámtha, agus dreasachtaí á gcoinneáil an tráth céanna do na tairbhithe chun a gcostais a íoslaghdú agus a ngnó a fhorbairt ar bhealach níos éifeachtúla le himeacht ama. Mínigh an bhfuil aon sásra faireacháin agus aisghlámtha i bhfeidhm. Mura bhfuil, mínigh cén fáth.
…
|
|
2.1.3.
|
Carnadh
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 56-57 CEEAG.
|
|
26.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi roinn 7.4 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I) agus chun comhlíonadh phointe 56 CEEAG a fhíorú, soiléirigh an bhféadfaí an chabhair faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a dhámhachtain i gcomhthráth faoi roinnt scéimeanna cabhrach nó a charnadh le cabhair ad hoc nó de minimis i ndáil leis na costais incháilithe chéanna. Más amhlaidh an cás, tabhair sonraí maidir leis na scéimeanna cabhrach sin, cabhair ad hoc nó cabhair de minimis agus conas a charnfar an chabhair. Tabhair faoi deara go bhféadadh sé gur mhian leat tagairt don chainníochtú a tugadh thuas.
…
|
|
27.
|
Má dhéantar cabhair a dhámhachtain i gcomhthráth faoi roinnt scéimeanna cabhrach nó má dhéantar í a charnadh le cabhair ad hoc nó de minimis i ndáil leis na costais incháilithe chéanna, tabhair údar le conas nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán na cabhrach a dheonaítear do thionscadal nó gníomhaíocht faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith, agus conas nach rachaidh sé thar an uasmhéid cabhrach a cheadaítear faoi phointí 51 agus 381 CEEAG mar thoradh ar an méid sin. Sonraigh, le haghaidh gach birt ar féidir an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta cabhrach a dtugtar fógra ina leith a charnadh leis, an modh a úsáidtear chun comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe 56 CEEAG a áirithiú.
…
|
|
28.
|
I gcás ina ndéantar an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a chomhcheangal le cistiú ón Aontas a bhainistítear go lárnach de bhun phointe 57 CEEAG (433), tabhair údar le conas nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán an chistithe phoiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe chéanna.
…
|
|
2.1.4.
|
Trédhearcacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.4 (pointí 58-62) CEEAG.
|
|
29.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le trédhearcacht dá bhforáiltear i bpointí 58-61 CEEAG.
…
|
|
30.
|
Tabhair an nasc idirlín ina bhfoilseofar téacs iomlán na scéime cabhrach formheasta nó an chinnidh deonaithe cabhrach aonair agus a fhorálacha cur chun feidhme agus faisnéis maidir le gach dámhachtain cabhrach aonair a deonaíodh ad hoc nó faoi scéim cabhrach a formheasadh ar bhonn CEEAG agus ar mó ná EUR 100 000 í.
…
|
|
2.2.
|
Éifeachtaí diúltacha míchuí na cabhrach ar iomaíocht agus ar thrádáil agus ar chothromú a sheachaint
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a thabhairt, féach roinn 4.9.4 (pointí 382 et seq. CEEAG).
|
|
31.
|
Má tá an tionscadal a dtugtar fógra ina leith díolmhaithe, go hiomlán nó go páirteach, ón reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh, mínigh an méid seo a leanas:
|
—
|
Cá mhéad atá an bonneagar a dtugtar cabhair dó oscailte do rochtain tríú páirtí;
|
|
—
|
Cá mhéad is féidir le custaiméirí rochtain a fháil ar bhonneagar malartach, más ann dó;
|
|
—
|
Cé chomh mór agus a d’fhéadfadh brú amach infheistíochtaí príobháideacha a bheith mar thoradh ar an tionscadal;
|
|
—
|
Staid iomaíoch an tairbhí/na dtairbhithe, a mhéid a bhaineann le hoibriú bonneagair agus a mhéid a bhaineann le margaí táirgí ábhartha le haghaidh an earra a iompraítear leis an mbonneagar.
|
…
|
|
32.
|
Más bonneagar gáis nádúrtha é an tionscadal a dtugtar fógra ina leith, tabhair faisnéis faoi conas a chomhlíonfaidh an tionscadal a dtugtar fógra ina leith na coinníollacha seo a leanas:
|
—
|
Tá an bonneagar réidh le haghaidh úsáid hidrigine agus tiocfaidh méadú ar úsáid gás in-athnuaite dá bharr; nó mar mhalairt air sin, an chúis nach féidir an tionscadal a dhearadh ionas go mbeidh sé réidh le haghaidh úsáid hidrigine agus conas nach gcruthóidh an tionscadal éifeacht ghaibhnithe maidir le húsáid gáis nádúrtha;
|
|
—
|
Cuidíonn an infheistíocht le spriocanna aeráide 2030 an Aontais agus spriocanna 2050 an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach.
|
…
|
|
33.
|
Más Tionscadal Leasa Choitinn nó Tionscadal Leasa Fhrithpháirtigh nach bhfuil faoi réir reachtaíocht an mhargaidh inmheánaigh é an tionscadal a dtugtar fógra ina leith, mínigh cén tionchar a bheidh ag an tionscadal ar mhargaí seirbhísí gaolmhara agus ar mhargaí seirbhísí eile.
…
|
Roinn C: Meastóireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointe 76(a) agus Roinn 5 (pointí 455-463) CEEAG.
|
34.
|
I gcás ina sáraíonn an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith na tairseacha buiséid/caiteachais i bpointe 456 CEEAG, mínigh cén fáth, i do thuairim, ar cheart feidhm a bheith ag an eisceacht i bpointe 457 CEEAG, nó cuir Iarscríbhinn i gceangal leis an bhfoirm fógra seo ina bhfuil dréachtphlean meastóireachta ina gcumhdaítear an raon feidhme a luaitear i bpointe 458 CEEAG. (434)
…
|
|
35.
|
Má sholáthraítear dréachtphlean meastóireachta, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
tabhair thíos achoimre ar an dréachtphlean meastóireachta sin atá san Iarscríbhinn.
…
|
|
(b)
|
deimhnigh go n-urramófar pointe 460 CEEAG.
…
|
|
(c)
|
tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh an plean meastóireachta ar fáil go poiblí.
…
|
|
|
36.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(b) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair agus gur faide í ná 3 bliana, deimhnigh go dtabharfaidh tú fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis modhnú mór lena méadófar buiséad na scéime go dtí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéime.
…
|
|
37.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(c) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair, tabhair gealltanas thíos go dtabharfaidh an Ballstát fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachas os cionn EUR 150 milliún sa bhliain roimhe sin a thaifeadadh i gcuntais oifigiúla.
…
|
|
38.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Soiléirigh an bhfuil an saineolaí neamhspleách roghnaithe cheana nó an roghnófar amach anseo é.
…
|
|
(b)
|
Tabhair faisnéis faoin nós imeachta chun an saineolaí a roghnú.
…
|
|
(c)
|
Tabhair údar leis an gcaoi a bhfuil an saineolaí neamhspleách ar an údarás deonúcháin.
…
|
|
|
39.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Tabhair na sprioc-amanna atá beartaithe agat chun an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach a chur isteach. Tabhair faoi deara nach mór an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin in am trátha ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fhadú féideartha na scéime cabhrach agus, ar a dhéanaí, 9 mí sula rachaidh sí in éag, i gcomhréir le pointe 463 CEEAG. Tabhair faoi deara go bhféadfaí an sprioc-am sin a laghdú i gcás scéimeanna a spreagann an ceanglas meastóireachta le linn an 2 bhliain dheireanacha dá gcur chun feidhme.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh go gcuirfear an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach ar fáil go poiblí. Tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh na tuarascálacha sin le fáil go poiblí.
…
|
|
Roinn D: Tuairisciú agus faireachán
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach Roinn 6 (pointí 464-465) CEEAG.
|
40.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le tuairisciú agus faireachán a atá i Roinn 6, pointí 464 agus 465, CEEAG.
…
|
CUID III.6.L
Bileog faisnéise forlíontaí maidir le státchabhair a dheonaítear faoi na Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (dá ngairtear ‘CEEAG’ anseo feasta) - Roinn 4.10. - Cabhair le haghaidh téamh agus fuarú ceantair
Baineann an bhileog faisnéise forlíontaí seo le bearta a chumhdaítear i Roinn 4.10 CEEAG. Má áirítear san fhógra bearta a chumhdaítear i níos mó ná roinn amháin CEEAG, líon isteach freisin an bhileog faisnéise forlíontaí a bhaineann leis an roinn CEEAG lena mbaineann a luaithe a bheidh sí ar fáil.
Na doiciméid uile a sholáthraíonn na Ballstáit mar iarscríbhinní a ghabhann leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo, ní mór iad a bheith uimhrithe agus ní mór uimhreacha na ndoiciméad a bheith léirithe sna ranna ábhartha den bhileog faisnéise forlíontaí seo.
Roinn A: Achoimre ar phríomh-shaintréithe an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith
|
1.
|
Cúlra agus cuspóir/cuspóirí an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith.
|
|
1.1.
|
Más rud é nár pléadh iad cheana féin faoi roinn 5.2 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an cúlra agus an príomhchuspóir, lena n-áirítear aon sprioc de chuid an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú nó a bhaint a bhfuil sé beartaithe leis an mbeart tacú léi.
…
|
|
1.2.
|
Sonraigh aon chuspóir eile a shaothraítear leis an mbeart. Maidir le cuspóirí nach cuspóirí comhshaoil amháin iad, mínigh cibé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh aon saobhadh ar an margadh inmheánach a bheith ina thoradh orthu.
…
|
|
2.
|
Teacht i bhfeidhm agus fad:
|
|
2.1.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana faoi roinn 5.5 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), sonraigh an dáta óna bhfuil sé beartaithe go dtiocfaidh an scéim cabhrach i bhfeidhm;
…
|
|
2.2.
|
Sonraigh fad na scéime. (435)
…
|
|
3.1.
|
Mura bhfuil sé curtha ar fáil cheana faoi roinn 3 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair tuairisc ar thairbhí (féideartha) an bhirt/na mbeart.
…
|
|
3.2.
|
Sonraigh suíomh an tairbhí nó na dtairbhithe (féideartha) (i.e. mura bhfuil ach eintitis eacnamaíocha atá lonnaithe sna Ballstáit lena mbaineann nó i mBallstáit eile freisin incháilithe chun páirt a ghlacadh sa bheart).
…
|
|
3.3.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 15 CEEAG, sonraigh an ndeonaítear cabhair faoin mbeart nó faoi na bearta i bhfabhar gnóthas (gnóthas aonair nó cuid de scéim) atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
Más amhlaidh, tabhair faisnéis maidir leis an méid cabhrach atá fós le haisghabháil ionas go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh é sa mheasúnú ar an mbeart cabhrach/na bearta cabhrach.
…
|
|
4.
|
Deimhnigh nach mbaineann an beart/na bearta le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm CEEAG (féach pointe 13 CEEAG). Murab amhlaidh, tabhair sonraí.
…
|
|
5.
|
Buiséad agus maoiniú an bhirt/na mbeart.
|
|
5.1.
|
Mura bhfuil sé luaite cheana sa tábla faoi roinn 7.1 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an buiséad bliantúil agus/nó an buiséad iomlán le haghaidh fhad iomlán an bhirt/na mbeart; murab eol an buiséad iomlán (mar shampla toisc go mbraitheann sé ar thorthaí na dtairiscintí), sonraigh buiséad measta, lena n-áirítear na toimhdí a úsáideadh chun an buiséad measta lena mbaineann a ríomh. (436)
…
|
|
5.2.
|
Más trí thobhach a mhaoinítear an beart, soiléirigh na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
an le dlí nó le haon ghníomh reachtach eile a shocraítear an tobhach; más amhlaidh, tabhair an gníomh dlí, uimhir agus dáta a ghlactha agus a theacht i bhfeidhm, an nasc idirlín chuig an ngníomh dlí;
…
|
|
(b)
|
an ngearrtar an tobhach go cothrom ar tháirgí intíre agus allmhairithe;
…
|
|
(c)
|
an rachaidh an beart a dtugtar fógra ina leith chun tairbhe go cothrom do tháirgeoirí intíre agus do tháirgeoirí allmhairithe;
…
|
|
(d)
|
an maoinítear an beart go hiomlán nó go páirteach leis an tobhach. Mura maoinítear an beart ach go páirteach leis an tobhach, sonraigh foinsí eile maoinithe an bhirt agus cion gach foinse acu sin;
…
|
|
(e)
|
an maoinítear bearta cabhrach eile leis an tobhach lena maoinítear an beart a dtugtar fógra ina leith. Más amhlaidh, sonraigh na bearta cabhrach eile a mhaoinítear leis an tobhach lena mbaineann.
…
|
|
Roinn B: Measúnú comhoiriúnachta ar an gcabhair
|
1.
|
COINNÍOLL DEARFACH: NÍ MÓR FORBAIRT GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE A ÉASCÚ LEIS AN GCABHAIR
|
|
1.1.
|
Cuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.1 (pointí 23-25) agus ranna 4.10.1 agus 4.10.2) (pointí 383-390) CEEAG.
|
|
6.
|
Le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’) foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin ‘cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann’. Dá bhrí sin, le cabhair a luíonn leis an margadh inmheánach faoin bhforáil sin den Chonradh ní mór rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe.
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 23 CEEAG, sainaithin na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar mar thoradh ar an gcabhair agus an chaoi a dtacaítear le forbairt na ngníomhaíochtaí sin.
…
|
|
7.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 25 CEEAG, tabhair tuairisc ar cibé ‘a rannchuideoidh an chabhair le cuspóirí bheartas aeráide an Aontais, cuspóirí bheartas comhshaoil an Aontais agus cuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus conas a dhéanfar sin, agus, go sonrach, tairbhí na cabhrach a bhfuil coinne leo maidir le cuidiú nach beag le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear maolú ar an athrú aeráide, nó feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh’.
…
|
|
8.
|
Ina theannta sin, cuir i dtábhacht a mhéid a bhaineann an chabhair le beartais a dtugtar tuairisc orthu faoi phointí 383 agus 384 CEEAG. Agus an méid sin á dhéanamh agat, soiléirigh freisin an gcuireann an tionscadal fuinneamh in-athnuaite chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Threoir 2018/2001/AE. Go sonrach, deimhnigh an bhforbraíonn an beart córais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúla de réir bhrí Airteagal 26 de Threoir 2023/1791/AE chun téamh agus fuarú ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chur chun cinn.
…
|
|
9.
|
Foráiltear le pointí 385 agus 386 CEEAG gur féidir a mheas, in imthosca áirithe, nach dtagann tacaíocht atá teoranta do líonraí dáileacháin téimh ceantair faoi rialú státchabhrach.
|
(a)
|
An dtacaíonn an beart le líonraí dáileacháin téimh ceantair a bheidh faoi réir rochtain tríú páirtí, díchuachadh (i.e. deighilt idir giniúint agus dáileadh téimh/fuaraithe) agus taraifí rialáilte?
|
|
(b)
|
Má tugadh freagra deimhneach ar phointe a), mínigh an rithfear an líonra dáileacháin faoi mhonaplacht dhlíthiúil agus/nó nádúrtha, agus déan tagairt do na critéir a leagtar síos i bpointí 374 agus 375 CEEAG.
…
|
|
|
10.
|
Tabhair faisnéis maidir le raon feidhme agus gníomhaíochtaí an bhirt cabhrach nó na mbeart cabhrach a dtacaítear leo, mar a fhoráiltear i roinn 4.10.2 (pointí 388-389) CEEAG. Agus é sin á dhéanamh agat, déan an méid seo a leanas freisin:
|
(a)
|
Mínigh cén fáth a dtagann an tionscadal faoin sainmhíniú ar théamh/fuarú ceantair faoi phointe 19(27) CEEAG agus faoin sainmhíniú ar chóras téimh ceantair agus/nó ar chóras fuaraithe ceantair faoi phointe 19(28) CEEAG.
|
|
(b)
|
Mínigh an dtacaíonn an tionscadal le tógáil, uasghrádú nó oibriú na nithe seo a leanas:
|
—
|
gléasra stórála agus/nó
|
|
|
(c)
|
Má bhaineann an tacaíocht le haonad giniúna, mínigh cé acu de na hacmhainní seo a leanas a úsáideann an t-aonad giniúna sin chun leictreachas, téamh nó fuarú ceantair a tháirgeadh: fuinneamh in-athnuaite, dramhtheas nó comhghiniúint ardéifeachtúil lena n-áirítear réiteach teirmeastórála.
|
|
(d)
|
Má bhaineann an tacaíocht le haonad giniúna a úsáideann dramhaíl, deimhnigh go bhfuil an tacaíocht teoranta do dhramhaíl a chomhlíonann an sainmhíniú ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite nó do dhramhaíl a úsáidtear chun suiteálacha a chomhlíonann an sainmhíniú ar chomhghiniúint ardéifeachtúlachta a bhreoslú.
|
|
(e)
|
I gcás ina ndeonaítear cabhair chun córas téimh agus fuaraithe ceantair a uasghrádú, soiléirigh an gcomhlíonann an córas téimh agus fuaraithe ceantair an caighdeán maidir le téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil i gcomhréir le hAirteagal 2(46) agus Airteagal 26 de Threoir 2023/1791/AE.
|
|
(f)
|
Sonraigh na cineálacha costas a dtacóidh an beart leo: costais infheistíochta agus/nó costais oibriúcháin.
…
|
|
|
11.
|
Má tá sé d’aidhm ag an gcabhair tacú le huasghrádú córais téimh agus fuaraithe ceantair, ach nach gcomhlíonfaidh an córas an caighdeán maidir le téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil de réir bhrí Airteagal 26 de Threoir 2023/1791/AE de thoradh an uasghrádaithe a dtacaítear leis, tabhair gealltanas go gcuirfidh an tairbhí tús leis na hoibreacha chun an caighdeán éifeachtúlachta sin a bhaint amach laistigh de 3 bliana tar éis na n-oibreacha uasghrádaithe de bhun phointe 390 CEEAG.
…
|
|
1.2.
|
Éifeacht dreasachta
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.2 (pointí 26-32) CEEAG.
|
|
12.
|
Ní féidir a mheas go n-éascaíonn cabhair gníomhaíocht eacnamaíoch ach amháin má tá éifeacht dreasachta aici. Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 26 CEEAG, mínigh conas a ‘spreagann [an beart/na bearta] an tairbhí chun a iompraíocht a athrú, chun dul i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch bhreise nó gníomhaíocht eacnamaíoch atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, nach ndéanfadh sé gan an chabhair nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó éagsúil’.
…
|
|
13.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 27 CEEAG, tabhair faisnéis chun a dheimhniú nach dtacaíonn an chabhair leis na costais a bhaineann le gníomhaíocht a dhéanfadh tairbhí na cabhrach pé scéal é agus nach gcúitíonn an chabhair an gnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch (437)
.
…
|
|
14.
|
Tabhair tuairisc chuimsitheach ar an gcás fíorasach agus ar an gcás frithfhíorasach dóchúil nó ar na cásanna frithfhíorasacha dóchúla. I gcás scéimeanna lena gcumhdaítear tionscadail tagartha éagsúla (438), ní mór tuairisc den chineál sin a chur isteach le haghaidh gach tionscadail tagartha. Maidir le tógáil, uasghrádú agus oibriú líonraí dáileacháin, glactar leis gurb é an cás frithfhíorasach an cás nach dtarlódh an tionscadal (pointe 395 CEEAG).
…
|
(a)
|
Mar a fhoráiltear i bpointe 28, fonóta 39 CEEAG, cuir i gceangal leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo aon doiciméad boird oifigiúil, aon mheasúnú riosca, aon tuarascáil airgeadais, aon phlean gnó inmheánach, aon tuairim shaineolach agus aon staidéar eile a bhaineann leis an tionscadal atá á mheasúnú, doiciméid ina bhfuil faisnéis maidir le réamhaisnéisí éilimh, réamhaisnéisí costais, réamhaisnéisí airgeadais, doiciméid a chuirtear faoi bhráid coiste infheistíochta agus ina dtugtar tuilleadh sonraí faoi chásanna infheistíochta/oibriúcháin, nó doiciméid a sholáthraítear do na hinstitiúidí airgeadais.
Tabhair faoi deara nach mór na doiciméid sin a bheith comhaimseartha leis an bpróiseas cinnteoireachta maidir leis an gcinneadh infheistíochta/oibriúcháin.
Má tá na doiciméid sin i gceangal leis an mbileog faisnéise forlíontaí, tabhair liosta de na doiciméid sin thíos, ina sonraítear an t-údar, an dáta a dréachtaíodh iad agus an comhthéacs inar úsáideadh iad.
…
|
|
(b)
|
In Iarscríbhinn a ghabhann leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo, tabhair cainníochtú (trí úsáid a bhaint as comhad Excel ina bhfuil na foirmlí uile le feiceáil), maidir leis an gcás fíorasach agus le cás inchreidte frithfhíorasach mar a thugtar tuairisc orthu faoi phointe i., ar na príomhchostais agus ioncaim uile, meánchostas ualaithe caipitil measta (WACC) na dtairbhithe chun sreafaí airgid todhchaí a lascainiú, chomh maith le glanluach láithreach (NPV) na gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha, thar shaolré an tionscadail. Maidir le cásanna cabhair aonair agus scéimeanna a théann chun tairbhe do líon an-teoranta tairbhithe, is gá na ríomhanna sin agus na réamh-mheastacháin sin a chur i láthair ar leibhéal phlean gnó mionsonraithe an tionscadail, agus i gcás scéimeanna cabhrach is gá iad a chur i láthair ar bhonn tionscadal tagartha amháin nó níos mó.
|
|
(c)
|
Cuir isteach in Iarscríbhinn a ghabhann leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo faisnéis mhionsonraithe maidir leis na toimhdí, na modheolaíochtaí, an réasúnaíocht agus na foinsí foluiteacha lena n-aghaidh, a úsáidtear le haghaidh gach gné den chainníochtú costas agus ioncam sa chás fíorasach agus sa chás frithfhíorasach/sna cásanna frithfhíorasacha is dócha a bheadh ann (mar shampla, cuir isteach freisin na toimhdí a úsáideadh chun na cásanna sin a fhorbairt).
…
|
|
|
15.
|
Chun comhlíonadh phointí 29 agus 31 CEEAG a léiriú déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Deimhnigh nár cuireadh tús leis na hoibreacha ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht sula ndearna an tairbhí iarratas i scríbhinn ar chabhair chuig na húdaráis náisiúnta;
…
NÓ
|
|
(b)
|
I gcás tionscadail ar cuireadh tús leo roimh an iarratas ar chabhair, léirigh go dtagann an tionscadal faoi cheann de na cásanna eisceachtúla dá bhforáiltear i bpointe 31 CEEAG ((a), (b) nó (c)) (439).
…
|
|
|
16.
|
Chun comhlíonadh phointe 30 CEEAG a léiriú, deimhnigh go n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chabhair: ainm an iarratasóra, tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear a suíomh, agus an méid cabhrach is gá chun an tionscadal nó an ghníomhaíocht a dhéanamh.
…
|
|
17.
|
Chun comhlíonadh phointe 32 CEEAG a léiriú, sonraigh an bhfuil caighdeáin de chuid an Aontais (440) ann atá infheidhme maidir leis an mbeart/na bearta a dtugtar fógra ina leith, caighdeáin náisiúnta shainordaitheacha atá níos déine nó níos uaillmhianaí ná caighdeáin chomhfhreagracha an Aontais, nó caighdeáin náisiúnta shainordaitheacha arna nglacadh in éagmais chaighdeáin de chuid an Aontais. Sa chomhthéacs sin, tabhair faisnéis chun an éifeacht dreasachta a léiriú.
…
|
|
18.
|
I gcásanna inar glacadh caighdeán ábhartha de chuid an Aontais cheana ach nach bhfuil sé i bhfeidhm go fóill, léirigh gur féidir éifeacht dreasachta a bheith ag cabhair toisc go ndreasaíonn sé an infheistíocht atá le cur chun feidhme agus le tabhairt i gcrích ar a laghad 18 mí sula dtiocfaidh an caighdeán i bhfeidhm.
…
|
|
1.3.
|
Gan sárú ar aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.3 (pointe 33) CEEAG.
|
|
19.
|
Tabhair faisnéis chun comhlíonadh fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais a dheimhniú, i gcomhréir le pointe 33 CEEAG.
…
|
|
20.
|
Má úsáidtear tobhach chun an beart/na bearta a mhaoiniú, soiléirigh an gá an measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Más gá, léirigh conas a chomhlíonann an beart forálacha Airteagail 30 agus 110 den Chonradh. Sa chomhthéacs sin, is féidir tagairt a dhéanamh don fhaisnéis a chuirtear isteach faoi cheist 5.2. thuas, i gcás ina maoinítear an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith trí thobhach.
…
|
|
2.
|
COINNÍOLL DIÚLTACH: NÍ FÉIDIR LEIS AN GCABHAIR DIFEAR MÍCHUÍ A DHÉANAMH DO CHOINNÍOLLACHA TRÁDÁLA AN OIREAD IS GO MBEADH DOCHAR ANN DON LEAS COITEANN
|
|
2.1.
|
Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála
|
|
2.1.1.
|
Riachtanas agus oiriúnacht maidir le hidirghabháil státchabhrach
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.10.3 (pointí 391-393) CEEAG.
|
|
21.
|
Mínigh go mion conas a chuideoidh an tionscadal le córais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúla a chruthú, a leathnú nó a uasghrádú.
…
|
|
22.
|
Má chumhdaítear costais oibriúcháin go heisceachtúil leis an mbeart, léirigh nach féidir na costais sin a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí téimh/fuaraithe ceantair gan an bonn a bhaint de chosaint an chomhshaoil i gcomhréir le pointe 392 CEEAG. Léirigh go méadaíonn na córais téimh/fuaraithe ceantair a dtacaítear leo éifeachtúlacht fuinnimh, go laghdaíonn siad astaíochtaí CO2 agus foinsí truaillithe eile, chomh maith le caillteanais ón líonra, i gcomparáid le réitigh mhalartacha téimh/fuaraithe ceantair.
…
|
|
23.
|
I gcomhréir le pointe 393 CEEAG, má tá an tionscadal bunaithe ar dhramhaíl mar bhreosla ionchuir, mínigh conas a urramaíonn sé prionsabal ord na réiteach dramhaíola (Airteagal 4 pointe (1) de Threoir 2008/98/AE).
…
|
|
2.1.2.
|
Comhréireacht na cabhrach
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.3 agus roinn 4.10.4 (pointí 394 agus 395) CEEAG.
|
|
24.
|
Chun comhlíonadh phointe 51 CEEAG a fhíorú, tabhair na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
Chun an bhearna chistiúcháin a chinneadh (441), cuir isteach cainníochtú, le haghaidh an cháis fhíorasaigh agus le haghaidh cás frithfhíorasach inchreidte (442), ar na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
príomhchostais agus príomhioncaim uile an tionscadail;
|
|
(ii)
|
meánchostas ualaithe measta caipitil (‘WACC’) na dtairbhithe chun sreafaí airgid todhchaí a lascainiú;
|
|
(iii)
|
an glanluach láithreach (‘NPV’) le haghaidh na gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha, thar shaolré an tionscadail.
…
|
|
|
(b)
|
Na cúiseanna leis na toimhdí a úsáidtear i ngach gné den chainníochtú, agus mínigh aon mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm agus an t-údar léi.
…
Maidir le cásanna cabhrach aonair agus scéimeanna aonair atá ag dul chun tairbhe do líon an-teoranta tairbhithe, ní mór don Bhallstát an fhianaise thacaíochta a chur i láthair ar leibhéal phlean gnó mionsonraithe an tionscadail.
Maidir le cásanna scéimeanna cabhrach, ní mór don Bhallstát an fhianaise thacaíochta a chur i láthair ar bhonn tionscadal tagartha amháin nó níos mó.
…
|
|
|
25.
|
I gcás nach bhfuil tionscadal malartach ann, chun gur féidir leis an gCoimisiún a fhíorú nach sáraíonn an méid cabhrach an t-íosmhéid is gá chun go mbeidh brabús leordhóthanach ag gabháil leis an tionscadal dá dtugtar cabhair (443), tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
An ráta toraidh inmheánach a chomhfhreagraíonn don tagarmharc nó don íosráta toraidh a bhaineann go sonrach leis an earnáil nó leis an ngnólacht; nó
|
|
(b)
|
Na gnáthrátaí toraidh a éilíonn an tairbhí i dtionscadail infheistíochta eile den chineál céanna, a chostas caipitil ina iomláine; nó
|
|
(c)
|
Na torthaí a thugtar faoi deara go coitianta sa tionscal lena mbaineann; nó
|
|
(d)
|
Aon fhaisnéis eile lena dtugtar údar nach mó an méid cabhrach ná an t-íosmhéid is gá chun go mbeidh brabús leordhóthanach ag gabháil leis an tionscadal dá dtugtar cabhair.
…
|
|
|
2.1.3.
|
Carnadh
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 56-57 CEEAG.
|
|
26.
|
Chun comhlíonadh phointe 56 CEEAG a fhíorú, soiléirigh an bhféadfaí an chabhair faoin mbeart nó faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a dhámhachtain i gcomhthráth faoi roinnt scéimeanna cabhrach nó a charnadh le cabhair ad hoc nó de minimis i ndáil leis na costais incháilithe chéanna. Más amhlaidh an cás, tabhair sonraí maidir leis na scéimeanna cabhrach sin, cabhair ad hoc nó cabhair de minimis agus conas a charnfar an chabhair.
…
|
|
27.
|
I gcás ina bhfuil pointe 56 CEEAG infheidhme maidir leis an mbeart cabhrach/na bearta cabhrach a dtugtar fógra ina leith, tabhair údar le conas nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán na cabhrach a dheonaítear faoin mbeart nó faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith le haghaidh tionscadail nó gníomhaíochta agus conas nach sáraíonn sé uasmhéid na cabhrach a cheadaítear faoi phointe 394 CEEAG. Le haghaidh gach birt, sonraigh ar féidir an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta cabhrach a dtugtar fógra ina leith a charnadh leis, an modh a úsáidtear chun comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe 56 CEEAG a áirithiú.
…
|
|
28.
|
I gcás inarb infheidhme pointe 57 CEEAG, i.e. déantar an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a chomhcheangal le cistiú ón Aontas a bhainistítear go lárnach (444), tabhair údar leis an gcaoi nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán an chistithe phoiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe chéanna
…
|
|
2.1.4.
|
Trédhearcacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.4 (pointí 58-61) CEEAG.
|
|
29.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le trédhearcacht dá bhforáiltear i bpointí 58-61 CEEAG.
…
|
|
30.
|
Tabhair an nasc idirlín ina bhfoilseofar téacs iomlán na scéime cabhrach formheasta nó an chinnidh deonaithe cabhrach aonair agus a fhorálacha cur chun feidhme agus faisnéis maidir le gach dámhachtain cabhrach aonair a deonaíodh ad hoc nó faoi scéim cabhrach a formheasadh ar bhonn CEEAG agus ar mó ná EUR 100 000 í.
…
|
|
2.2.
|
Éifeachtaí diúltacha míchuí na cabhrach ar iomaíocht agus ar thrádáil agus ar chothromú a sheachaint
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.10.5 (pointí 396-398) CEEAG.
|
|
31.
|
Má bhíonn na córais téimh agus fuaraithe ceantair ag brath ar na breoslaí iontaise is truaillithí, amhail gual, lignít, ola agus díosal, mínigh cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas de bhun phointe 396 CEEAG:
|
(a)
|
Tá an chabhair teoranta d’infheistíochtaí ar an líonra dáileacháin.
|
…
|
(b)
|
Leis an líonra dáileacháin is féidir teas nó fuarú a ghintear ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, ó fhoinsí dramhtheasa nó ó fhoinsí atá neodrach ó thaobh carbóin de a iompar cheana féin.
|
…
|
(c)
|
Ní thagann méadú ar ghiniúint fuinnimh ó na breoslaí iontaise is truaillithí as an gcabhair (mar shampla, trí chustaiméirí breise a nascadh).
|
…
|
(d)
|
Tá amlíne shoiléir ann lena mbaineann gealltanais dhaingne chun aistriú ó na breoslaí iontaise is truaillithí, i bhfianaise sprioc aeráide 2030 an Aontais agus sprioc 2050 maidir le haeráidneodracht (féach mar shampla i bhfonóta 156 CEEAG).
|
…
|
|
32.
|
Má dhreasaíonn an tionscadal infheistíochtaí nua i ngás nádúrtha nó in oibriú sócmhainní giniúna fuinnimh atá bunaithe ar ghás nádúrtha, mínigh cé acu a áirithítear nó nach n-áirithítear an méid seo a leanas leis an tionscadal, i gcomhréir le pointe 397 CEEAG:
|
(a)
|
go gcuirfidh an chabhair le spriocanna aeráide 2030 an Aontais agus spriocanna 2050 an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach;
|
|
(b)
|
conas a sheachnófar gaibhniú teicneolaíochta i gcás giniúint fuinnimh gásadhainte;
|
|
(c)
|
conas nach gcuirtear as áit leis an gcabhair infheistíochtaí i roghanna malartacha níos glaine atá ar fáil cheana féin ar an margadh, agus conas nach gcuirtear bac léi ar fhorbairt teicneolaíochtaí níos glaine agus ar a n-úsáid.
…
|
|
|
33.
|
Chun comhlíonadh phointe 398 CEEAG a fhíorú, soiléirigh an bhfuil an córas téimh agus fuaraithe ceantair oscailte do rochtain tríú páirtí agus an bhféadfaí réitigh téimh mhalartacha inbhuanaithe a úsáid.
…
|
Roinn C: Meastóireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointe 76(a) agus Roinn 5 (pointí 455-463) CEEAG.
|
34.
|
I gcás ina sáraíonn an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith na tairseacha buiséid/caiteachais i bpointe 456 CEEAG, mínigh cén fáth, i do thuairim, ar cheart feidhm a bheith ag an eisceacht i bpointe 457 CEEAG, nó cuir Iarscríbhinn i gceangal leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo ina bhfuil dréachtphlean meastóireachta ina gcumhdaítear an raon feidhme a luaitear i bpointe 458 CEEAG. (445)
…
|
|
35.
|
Má sholáthraítear dréachtphlean meastóireachta, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
tabhair thíos achoimre ar an dréachtphlean meastóireachta sin atá san Iarscríbhinn.
…
|
|
(b)
|
deimhnigh go n-urramófar pointe 460 CEEAG.
…
|
|
(c)
|
tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh an plean meastóireachta ar fáil go poiblí.
…
|
|
|
36.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(b) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair agus gur faide í ná 3 bliana, deimhnigh go dtabharfaidh tú fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis modhnú mór lena méadófar buiséad na scéime go dtí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéime.
…
|
|
37.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(c) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair, tabhair gealltanas thíos go dtabharfaidh an Ballstát fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachas os cionn EUR 150 milliún sa bhliain roimhe sin a thaifeadadh i gcuntais oifigiúla.
…
|
|
38.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Soiléirigh an bhfuil an saineolaí neamhspleách roghnaithe cheana nó an roghnófar amach anseo é.
…
|
|
(b)
|
Tabhair faisnéis faoin nós imeachta chun an saineolaí a roghnú.
…
|
|
(c)
|
Tabhair údar leis an gcaoi a bhfuil an saineolaí neamhspleách ar an údarás deonúcháin.
…
|
|
|
39.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Tabhair na sprioc-amanna atá beartaithe agat chun an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach a chur isteach. Tabhair faoi deara nach mór an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin in am trátha ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fhadú féideartha na scéime cabhrach agus, ar a dhéanaí, 9 mí sula rachaidh sí in éag, i gcomhréir le pointe 463 CEEAG. Tabhair faoi deara go bhféadfaí an sprioc-am sin a laghdú i gcás scéimeanna a spreagann an ceanglas meastóireachta le linn an 2 bhliain dheireanacha dá gcur chun feidhme.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh go gcuirfear an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach ar fáil go poiblí. Tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh na tuarascálacha sin le fáil go poiblí.
|
|
Roinn D: Tuairisciú agus faireachán
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach Roinn 6 (pointí 464-465) CEEAG.
|
40.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le tuairisciú agus faireachán a atá i Roinn 6, pointí 464 agus 465, CEEAG.
…
|
CUID III.6.M
Bileog faisnéise forlíontaí maidir le státchabhair a dheonaítear faoi na Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (dá ngairtear ‘CEEAG’ anseo feasta) - Roinn 4.11. – Cabhair i bhfoirm laghduithe ar thobhaigh leictreachais d’úsáideoirí dianfhuinnimh
Baineann an bhileog faisnéise forlíontaí seo le bearta a chumhdaítear i Roinn 4.11 CEEAG. Má áirítear san fhógra bearta a chumhdaítear i níos mó ná roinn amháin CEEAG, líon isteach freisin an bhileog faisnéise forlíontaí a bhaineann leis an roinn CEEAG lena mbaineann a luaithe a bheidh sí ar fáil.
Na doiciméid uile a sholáthraíonn na Ballstáit mar iarscríbhinní a ghabhann leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo, ní mór iad a bheith uimhrithe agus ní mór uimhreacha na ndoiciméad a bheith léirithe sna ranna ábhartha den bhileog faisnéise forlíontaí seo.
Roinn A: Achoimre ar phríomh-shaintréithe an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith
|
1.
|
Cúlra agus cuspóir/cuspóirí an bhirt/na mbeart a dtugtar fógra ina leith.
|
|
1.1.
|
Sonraigh cé acu is beart nua nó leasú ar bheart atá ann cheana é seo. Más leasú é, tabhair sonraí maidir leis na hathruithe ar an scéim.
…
|
|
1.2.
|
Más rud é nár pléadh iad cheana féin faoi roinn 5.2 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid. I), tabhair an cúlra agus an príomhchuspóir, lena n-áirítear an nasc le haon spriocanna de chuid an Aontais a bhfuil sé beartaithe leis an mbeart tacú leo.
…
|
|
1.3.
|
Sonraigh aon chuspóir eile a shaothraítear leis an mbeart. Maidir le cuspóirí nach cuspóirí comhshaoil amháin iad, mínigh cibé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh aon saobhadh ar an margadh inmheánach a bheith ina thoradh orthu.
…
|
|
2.
|
Teacht i bhfeidhm agus fad:
|
|
2.1.
|
Más rud é nár pléadh iad cheana féin faoi roinn 5.5 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair:
|
(a)
|
Le haghaidh scéim cabhrach:
|
—
|
an dáta óna mbeartaítear go dtiocfaidh an scéim i bhfeidhm:
…
|
|
|
(b)
|
Le haghaidh cabhair aonair:
|
—
|
dáta (beartaithe) deonaithe na cabhrach (gealltanas na cabhrach):
…
agus
|
|
—
|
dáta na híocaíochta (an chéad dáta íocaíochta má dhéantar foráil maidir le híocaíochtaí comhleanúnacha éagsúla).
…
|
|
|
|
3.1.
|
Mura bhfuil sé curtha ar fáil cheana faoi roinn 3 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair tuairisc ar thairbhí/thairbhithe (féideartha) an bhirt/na mbeart.
…
|
|
3.2.
|
Sonraigh suíomh an tairbhí nó na dtairbhithe (féideartha) (i.e. mura bhfuil ach eintitis eacnamaíocha atá lonnaithe sna Ballstáit lena mbaineann nó i mBallstáit eile freisin incháilithe chun páirt a ghlacadh sa bheart).
…
|
|
3.3.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 15 CEEAG, sonraigh an ndeonaítear cabhair faoin mbeart nó faoi na bearta i bhfabhar gnóthas (gnóthas aonair nó cuid de scéim) atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
…
Más amhlaidh, tabhair faisnéis maidir leis an méid cabhrach atá fós le haisghabháil ionas go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh é sa mheasúnú ar an mbeart cabhrach/na bearta cabhrach.
…
|
|
4.
|
Deimhnigh nach mbaineann an beart/na bearta le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm CEEAG (féach pointe 13 CEEAG). Murab amhlaidh, tabhair sonraí.
…
|
|
5.
|
Buiséad agus maoiniú an bhirt/na mbeart.
|
|
5.1.
|
Mura bhfuil sé luaite cheana sa tábla faoi roinn 7.1 den Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I), tabhair an buiséad bliantúil agus/nó an buiséad iomlán le haghaidh fhad iomlán an bhirt/na mbeart; murab eol an buiséad iomlán (mar shampla toisc go mbraitheann sé ar thorthaí na dtairiscintí), sonraigh buiséad measta, lena n-áirítear na toimhdí a úsáideadh chun an buiséad measta lena mbaineann a ríomh. (447)
…
|
|
5.2.
|
Ós rud é go mbaineann an beart le tobhach, sonraigh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
an le dlí nó le haon ghníomh reachtach eile a shocraítear an tobhach; más amhlaidh, tabhair an gníomh dlí, uimhir agus dáta a ghlactha agus a theacht i bhfeidhm, an nasc idirlín chuig an ngníomh dlí;
…
|
|
(b)
|
an maoinítear an laghdú tobhaigh tríd an tobhach a ardú do thomhaltóirí eile.
…
|
|
(c)
|
an maoinítear an beart go hiomlán nó go páirteach leis an tobhach. Mura maoinítear an beart ach go páirteach leis an tobhach, sonraigh foinsí eile maoinithe an bhirt agus cion gach foinse acu sin;
…
|
|
(d)
|
an maoinítear bearta cabhrach eile leis an tobhach lena maoinítear an beart a dtugtar fógra ina leith. Más amhlaidh, sonraigh na bearta cabhrach eile a mhaoinítear leis an tobhach lena mbaineann.
…
|
|
Roinn B: Measúnú comhoiriúnachta ar an gcabhair
|
1.
|
COINNÍOLL DEARFACH: NÍ MÓR FORBAIRT GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE A ÉASCÚ LEIS AN GCABHAIR
|
|
1.1.
|
Rannchuidiú le gníomhaíocht eacnamaíoch agus éifeacht dreasachta a fhorbairt
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 4.11.1 CEEAG.
|
|
6.
|
Le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’) foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin ‘cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann’. Dá bhrí sin, le cabhair a luíonn leis an margadh inmheánach faoin bhforáil sin den Chonradh ní mór rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe.
Thairis sin, ní féidir a mheas go n-éascaíonn státchabhair gníomhaíocht eacnamaíoch ach amháin má tá éifeacht dreasachta aici. Bíonn éifeacht dreasachta ann má dhreasaítear an tairbhí leis an gcabhair chun a iompraíocht a athrú i dtreo forbairt gníomhaíochta eacnamaíche a shaothraítear leis an gcabhair agus mura dtarlódh an t-athrú iompraíochta sin murach an chabhair.
|
(a)
|
Mínigh conas a sholáthraíonn an sásra laghdaithe tobhaigh dreasachtaí do ghnóthais incháilithe chun an riosca go n-aistreofaí gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas a sheachaint i gcás nach bhfuil disciplíní comhshaoil ann nó i gcás nach bhfuil siad chomh huaillmhianach céanna nó dreasachtaí chun leictriú na bpróiseas táirgthe a spreagadh i gcomhréir le pointe 400 CEEAG.
…
|
|
(b)
|
Sainaithin cé na codanna den bhunús dlí (dréacht) ina léirítear an méid sin.
…
|
|
|
1.2.
|
Gan sárú ar aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.3 (pointe 33) CEEAG.
|
|
7.
|
Tabhair faisnéis chun comhlíonadh fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais a dheimhniú, i gcomhréir le pointe 33 CEEAG.
…
|
|
2.
|
COINNÍOLL DIÚLTACH: NÍ FÉIDIR LEIS AN GCABHAIR DIFEAR MÍCHUÍ A DHÉANAMH DO CHOINNÍOLLACHA TRÁDÁLA AN OIREAD IS GO MBEADH DOCHAR ANN DON LEAS COITEANN
|
|
2.1.
|
Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála
|
|
2.1.1.
|
Riachtanas agus oiriúnacht maidir le hidirghabháil státchabhrach
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.11.2 agus pointe 413 CEEAG.
|
|
8.
|
Tá feidhm ag pointe 403 CEEAG maidir le laghduithe tobhaigh ar thomhaltas leictreachais lena maoinítear cuspóirí fuinnimh agus comhshaoil. I gcás gach ceann den tobhach a bhfuil sé beartaithe laghduithe a dheonú ina leith, soláthair tuairisc iomlán mhionsonraithe maidir le cineál, raon feidhme agus cur i bhfeidhm na dtobhach trí mhíniú a thabhairt ar an gcaoi a n-oibríonn an córas tobhaigh go praiticiúil (feidhmiú na scéime agus an údaráis deonúcháin) agus trí thagairtí mionsonraithe a dhéanamh dá chreat rialála (bunús dlí).
…
Go háirithe, tabhairt faisnéis faoi na gnéithe seo a leanas:
|
(a)
|
cuspóir gach tobhaigh (lena mínítear conas a úsáidtear an ioncam a bhailítear le gach tobhach);
…
|
|
(b)
|
conas a ghearrtar an tobhach agus cé air a ngearrtar é; cad é an bonn ar a ngearrtar an tobhach ar ghnóthas; an mhodheolaíocht a úsáidtear chun an ráta tobhaigh a ríomh; cé acu an bhfuil nó nach bhfuil feidhm ag rátaí éagsúla tobhaigh ar fud an bhoinn mhuirearaithe, cén fáth a bhfuil feidhm acu agus cén chaoi a bhfuil feidhm acu; cé chomh minic agus cén bonn ar a ndéantar athbhreithniú ar an ráta tobhaigh;
…
|
|
(c)
|
déan cur síos ar na heintitis éagsúla a bhfuil baint acu leis an tobhach a shocrú agus a athbhreithniú chomh maith leo siúd a bhfuil baint acu leis na hioncaim a chruinnítear tríd an tobhach a bhailiú agus a bhainistiú;
…
|
|
(d)
|
tabhair tuairisc ar an gcaoi a n-oibríonn an córas bailithe agus athdháilte tobhach;
…
|
|
(e)
|
tabhair na figiúirí bliantúla is déanaí maidir leis na rátaí tobhaigh a cuireadh i bhfeidhm agus an t-ioncam iomlán a tiomsaíodh. Tabhair réamh-mheastachán don todhchaí, más ann dó;
…
|
|
|
9.
|
Luaitear i bpointe 404 CEEAG nach mór do na Ballstáit gach laghdú ar thobhaigh leictreachais iolracha a d’fhéadfadh a bheith ann d’úsáideoirí dianfhuinnimh a áireamh in aon scéim amháin agus an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le héifeacht charnach na dtobhach incháilithe uile agus na laghduithe uile a mholtar.
|
(a)
|
Deimhnigh go gcumhdaítear leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith gach laghdú tobhaigh atá le deonú ar bhonn Roinn 4.11 CEEAG, agus go dtabharfar fógra faoi laghduithe a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar thobhaigh seachas iad siúd a chumhdaítear trí leasú ar an mbeart a dtugtar fógra ina leith.
…
|
|
(b)
|
Ar bhonn na mblianta deireanacha agus na réamh-mheastachán féideartha, tabhair faisnéis maidir le héifeacht charnach na dtobhach ábhartha uile (i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta araon, i gcomparáid le costais fhoriomlána leictreachais agus tobhaigh, muirir agus cánacha foriomlána leictreachais) agus na laghduithe gaolmhara do na tairbhithe faoin scéim a dtugtar fógra ina leith.
…
|
|
|
10.
|
Sonraigh cé acu i bhfoirm laghdú ex ante ar thobhaigh, i bhfoirm cúitimh ex post (aisíocaíocht) nó meascán den dá rud a bheidh an chabhair faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith. Iarrtar ort tagairtí sonracha a dhéanamh sa fhreagra a thug tú faoin mbunús dlí (dréacht) (e.g. Airteagal 7, mír 3).
…
|
(a)
|
De bhun phointe 413 CEEAG, má dheonaítear an chabhair i bhfoirm laghdú ar thobhaigh, deimhnigh:
|
(i)
|
go bhfuil sásra faireacháin ex post i bhfeidhm;
…
|
|
(ii)
|
agus go n-aisíocfar aon ró-íocaíocht cabhrach roimh an 1 Iúil den bhliain dár gcionn. Sonraigh cá bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil sa bhunús dlí (dréacht).
…
|
|
|
(b)
|
De bhun phointe 413, an abairt dheireanach, CEEAG, i gcás ina ndeonaítear an chabhair i bhfoirm aisíocaíochta, deimhnigh go ndéantar í a ríomh ar bhonn na leibhéal measta ídithe leictreachais agus, más infheidhme, ar bhonn an oll-bhreisluacha le linn na tréimhse ama ar lena linn a cuireadh na tobhaigh incháilithe i bhfeidhm.
…
|
|
|
2.2.
|
Incháilitheacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.11.3.1 (pointí 405-407) CEEAG.
|
|
11.
|
I bpointe 405 CEEAG sainmhínítear go bhfuil earnálacha leictridhiana ‘i mbaol suntasach’ (pointe (a)) agus ‘i mbaol’ (pointe (b)). Chun comhlíonadh phointe 405 CEEAG a fhíorú, deimhnigh go liostaítear gach earnáil leictridhian incháilithe ‘i mbaol’ agus ‘i mbaol suntasach’ faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith i gcodanna gaolmhara d’Iarscríbhinn I a ghabhann le CEEAG agus soláthair san iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfoirm seo na liostaí d’earnálacha NACE-4 ‘i mbaol’ agus ‘i mbaol suntasach’ atá incháilithe do chabhair faoin mbeart, agus léirigh cá bhfuil an fhaisnéis sin le fáil sa bhunús dlí (dréacht) (e.g. Airteagal 7, mír 3).
…
|
|
12.
|
Luaitear i bpointe 406 CEEAG go measfar earnáil nó fo-earnáil (448) nach n-áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CEEAG a bheith incháilithe freisin ar choinníoll go gcomhlíontar critéir incháilitheachta phointe 405. Má tá sé beartaithe cabhair faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith a dheonú freisin d’earnálacha agus/nó d’fho-earnálacha nach n-áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CEEAG:
|
(a)
|
léirigh go gcomhlíontar an mhodheolaíocht faoi phointe 405 CEEAG i gcás gach earnála/fo-earnála;
…
|
|
(b)
|
iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfoirm seo, tabhair sonraí atá ionadaíoch don earnáil nó don fho-earnáil ar leibhéal an Aontais (449), arna bhfíorú ag saineolaí neamhspleách agus bunaithe ar thréimhse ama trí bliana as a chéile ar a laghad dar tús dáta nach luaithe ná 2013.
…
|
|
|
13.
|
Déan cur síos ar an gcaoi a mbeidh ar iarratasóirí a léiriú go n-oibríonn siad in earnáil incháilithe, agus léirigh cá bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil sa bhunús dlí (dréacht) (e.g. Airteagal 7, mír 3).
…
|
|
14.
|
Sonraigh na coinníollacha eile go léir chun a bheith incháilithe do chabhair faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith, agus léirigh cá bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil sa bhunús dlí (e.g. Airteagal 7, mír 3). Go háirithe, mínigh (a) an ndéantar tairbhithe nó earnálacha/fo-earnálacha atá incháilithe i bprionsabal faoi Iarscríbhinn I CEEAG a eisiamh, (b) an bhfuil critéir incháilitheachta bhreise ann a mbeadh feidhm acu agus nach luaitear i Roinn 4.11 CEEAG nó (c) an bhfuil laghduithe éagsúla ar thobhaigh beartaithe do thairbhithe sa chatagóir chéanna.
…
|
|
15.
|
I gcomhréir le pointe 407 CEEAG, is féidir srian breise a chur le tairbhithe incháilithe an bhirt. Más amhlaidh an cás, mínigh an bhunréasúnaíocht i gcás gach coinníoll incháilitheachta breise den sórt sin agus léirigh (i) go bhfuil an coinníoll faoi seach bunaithe ar chritéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha agus thrédhearcacha agus (ii) go ndeonaítear an chabhair, i bprionsabal, ar an mbealach céanna le haghaidh gach tairbhí incháilithe san earnáil chéanna má tá siad i staid fhíorasach chomhchosúil.
…
|
|
2.3.
|
Comhréireacht na cabhrach (cabhair atá teoranta don íosmhéid is gá chun a cuspóir a bhaint amach), lena n-áirítear carnadh
|
|
2.3.1.
|
Comhréireacht na cabhrach
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 4.11.3.2 agus pointe 407 CEEAG.
|
|
16.
|
D’fhonn comhlíonadh roinn 4.11.3.2 agus pointe 407 CEEAG a chomhlíonadh, tabhair tuairisc iomlán mhionsonraithe ar an modheolaíocht chun na laghduithe tobhaigh is infheidhme maidir leis na tairbhithe incháilithe a ríomh, agus léirigh cá bhfuil an fhaisnéis sin le fáil sa bhunús dlí (dréacht) (e.g. Airteagal 7, mír 3). Go sonrach:
|
(a)
|
Léirigh an t-uasráta laghdaithe tobhaigh is infheidhme maidir le gnóthais a oibríonn in earnálacha atá ‘i mbaol’ agus ‘i mbaol suntasach’, faoi seach;
…
|
|
(b)
|
Léirigh an bhforáiltear leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith, i gcomparáid le pointe ‘i’ thuas, go gcuirfear teorainn bhreise leis na costais bhreise a eascraíonn as na tobhaigh leictreachais ábhartha. Más amhlaidh an cás, tabhair freisin (a) luach na dteorainneacha sin i ndáil le holl-bhreisluach (‘OBL’) gnóthas a oibríonn in earnálacha atá ‘i mbaol’ agus ‘i mbaol suntasach’ agus (b) tabhair tuairisc ar an gcaoi a ríomhtar OBL gnóthas incháilithe a oibríonn in earnálacha atá ‘faoi riosca’ agus ‘faoi riosca suntasach’;
…
|
|
(c)
|
Deimhnigh, in aon chás, nach mbeidh tobhach faoi bhun EUR 0,5/MWh mar thoradh ar laghduithe tobhaigh.
…
|
|
|
17.
|
Léirigh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar foráil sa bheart a dtugtar fógra ina leith, i gcomhréir le pointe 410 CEEAG, maidir le déine cabhrach níos airde le haghaidh na ngnóthas sin a oibríonn in earnálacha atá ‘i mbaol’ agus a laghdaíonn lorg carbóin a dtomhaltas leictreachais.
I gcás dearfach:
|
(a)
|
Déan cur síos ar na déiní cabhrach níos airde agus deimhnigh na coinníollacha gaolmhara atá le comhlíonadh ag na gnóthais lena mbaineann (i.e. go dtiocfaidh 50 % den tomhaltas leictreachais ó fhoinsí saor ó charbón, a dtagann 10 % ar a laghad de ó réamhionstraim amhail CCC nó 5 % ar a laghad de ó ghiniúint ar an láthair nó gar don láthair), agus léirigh cá bhfuil an fhaisnéis sin le fáil sa bhunús dlí (dréacht) (e.g. Airteagal 7, mír 3);
…
|
|
(b)
|
Tabhair tuairisc ar an gcaoi a ndéanfar faireachán ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin agus, i gcás faireachán ex-post, cén éifeacht a bheadh ann i gcás neamhchomhlíonadh ag gnóthas.
…
|
|
|
18.
|
Más infheidhme, tabhair tuairisc ar aon mhodhnú breise ar an ráta laghdaithe tobhaigh ar fud na dtairbhithe a oibríonn in earnálacha atá ‘i mbaol’ agus ‘i mbaol suntasach’, faoi seach, agus léirigh cá bhfuil an fhaisnéis sin le fáil sa bhunús dlí (dréacht) (e.g. Airteagal 7, mír 3). Léirigh (a) go bhfuil na laghduithe tobhach éagsúla bunaithe ar chritéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha agus thrédhearcacha agus (b) go ndeonaítear an chabhair i bprionsabal ar an mbealach céanna le haghaidh na dtairbhithe uile san earnáil chéanna má tá siad i staid fhíorasach chomhchosúil.
…
|
|
2.3.2.
|
Iniúchtaí fuinnimh agus córais bhainistíochta
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 4.11.3.4 CEEAG.
|
|
19.
|
I gcomhréir le pointe 414 CEEAG, tabhair tuairisc ar an gcaoi a bhfíoróidh na húdaráis náisiúnta faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith go gcomhlíonann tairbhithe an oibleagáid iniúchadh fuinnimh a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 8 de Threoir 2012/27/AE. Sonraigh cá bhfuil an fhaisnéis sin le fáil sa bhunús dlí (dréacht). (e.g. Airteagal 7, mír 3).
…
|
|
20.
|
Foráiltear le pointe 415 CEEAG nach mór do thairbhithe a gceanglaítear orthu iniúchadh fuinnimh a dhéanamh ceann amháin ar a laghad de thrí rogha seo a leanas a chomhlíonadh, i.e. (a) moltaí iniúchóireachta a chur chun feidhme, a mhéid is atá an t-am aisíoca 3 bliana ar a mhéad agus go bhfuil costais a n-infheistíochtaí comhréireach, nó (b) 30 % ar a laghad dá dtomhaltas leictreachais ó fhoinsí saor ó charbón a chumhdach, nó (c) 50 % ar a laghad den chabhair a infheistiú i dtionscadail as a n-eascraíonn laghduithe suntasacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Mínigh conas a dhéanfaidh na húdaráis náisiúnta faireachán faoin mbeart a dtugtar fógra ina leith go bhfuil ceann amháin nó níos mó de na trí rogha a liostaítear i bpointe 415 CEEAG á chomhlíonadh ag tairbhithe a gceanglaítear orthu iniúchadh fuinnimh a dhéanamh faoi Airteagal 8(4) de Threoir 2012/27/AE , agus léirigh cá bhfuil an fhaisnéis sin le fáil sa bhunús dlí (dréacht) (e.g. Airteagal 7, mír 3). Go háirithe, maidir le gach rogha dá bhforáiltear sa bheart a dtugtar fógra ina leith, sonraigh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
conas go díreach a bheidh ar thairbhithe a gcomhlíontacht a léiriú;
…
|
|
(b)
|
cathain a bheidh an sprioc-am chun na ceanglais a chomhlíonadh (e.g., chun na hinfheistíochtaí ábhartha a chur i gcrích laistigh de bhliain amháin ó dheonú na cabhrach) agus cé chomh minic a bheidh ar thairbhithe a gcomhlíontacht a chruthú (e.g., ar bhonn bliantúil);
…
|
|
(c)
|
conas agus cé chomh minic a dhéanfar faireachán ar chomhlíonadh na gcoinníollacha (e.g., ar bhonn bliantúil);
…
|
|
(d)
|
cad iad na hiarmhairtí a bheidh ann do na tairbhithe mura gcomhlíonfar na ceanglais (e.g., diúltófar an chabhair a dheonú, i gcás fíorú ex ante, nó déanfar an chabhair a deonaíodh cheana a aisíoc, i gcás fíorú ex post).
…
|
|
|
2.3.3.
|
Carnadh
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointí 56-57 CEEAG.
|
|
21.
|
A mhéid nár soláthraíodh cheana san Fhoirm Faisnéise Ginearálta (Cuid I) agus chun comhlíonadh phointe 56 CEEAG a fhíorú, soiléirigh an bhféadfaí an chabhair faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a dhámhachtain i gcomhthráth faoi roinnt scéimeanna cabhrach nó a charnadh le cabhair ad hoc nó de minimis i ndáil leis na costais incháilithe chéanna. Más amhlaidh an cás, tabhair sonraí maidir leis na scéimeanna cabhrach sin, cabhair ad hoc nó cabhair de minimis agus conas a charnfar an chabhair.
…
|
|
22.
|
Más infheidhme pointe 56 CEEAG, tabhair údar leis an gcaoi nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán na cabhrach a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta le haghaidh tionscadail nó gníomhaíochta agus nach rachaidh sé thar an uasmhéid cabhrach a cheadaítear faoi phointí 408 go 410 CEEAG. Le haghaidh gach birt, sonraigh ar féidir an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta cabhrach a dtugtar fógra ina leith a charnadh leis, an modh a úsáidtear chun comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe 56 CEEAG a áirithiú.
…
|
|
23.
|
I gcás inarb infheidhme pointe 57 CEEAG, i.e. déantar an chabhair a dheonaítear faoin mbeart/faoi na bearta a dtugtar fógra ina leith a chomhcheangal le cistiú ón Aontas a bhainistítear go lárnach (450), tabhair údar leis an gcaoi nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán an chistithe phoiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe chéanna.
…
|
|
2.3.4.
|
Rialacha idirthréimhseacha
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach mír 4.11.3.5 CEEAG.
|
|
24.
|
Léirigh cé acu a chuimsítear nó nach gcuimsítear leis an bhfógra seo cabhair nár tugadh fógra ina leith a deonaíodh i bhfoirm tobhaigh leictreachais laghdaithe d’úsáideoirí dianfhuinnimh sa tréimhse roimh fhoilsiú CEEAG. I gcás dearfach, mínigh cén chaoi a gcomhlíontar pointe 419 CEEAG, míreanna (a) agus (b), leis an gcabhair nár tugadh fógra ina leith.
…
|
|
25.
|
Léirigh cé acu a bhunaítear nó nach mbunaítear leis an mbeart a dtugtar fógra ina leith plean idirthréimhseach chun athruithe suaiteacha ar ualach an tobhaigh ar ghnóthais aonair a sheachaint, ar gnóthais iad nach gcomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta a leagtar amach i Roinn 4.11 CEEAG. I gcás dearfach, tabhair freagra ar ceisteanna eile sa roinn seo.
…
|
|
26.
|
I gcomhréir le pointe 416 CEEAG, mínigh conas a bheidh incháilitheacht don phlean idirthréimhseach teoranta do ghnóthais (i) a chomhlíon critéir incháilitheachta Roinn 3.7.2 de na Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020, agus (ii) a fuair cabhair i bhfoirm tobhach laghdaithe i gceann amháin ar a laghad den 2 bhliain sular leasaíodh scéimeanna cabhrach atá ann cheana chun iad a thabhairt i gcomhréir le CEEAG. Sonraigh cá bhfuil an fhaisnéis sin le fáil sa bhunús dlí (dréacht) (e.g. Airteagal 7, mír 3)
…
|
|
27.
|
Tabhair tuairisc ar an gcaoi a mbeidh coigeartú forchéimnitheach agus iomlán ar na coinníollacha a eascraíonn as cur i bhfeidhm chritéir incháilitheachta agus chomhréireachta roinn 4.11 CEEAG i gceist leis an bplean idirthréimhseach, agus go háirithe conas a laghdaíonn déine na cabhrach le himeacht ama agus conas a mhéadaíonn uasteorainn OBL le himeacht ama i gcomhréir leis an sceideal a luaitear i bpointe 417 CEEAG. Sonraigh go díreach cá bhfuil an fhaisnéis sin le fáil sa bhunús dlí (dréacht) (e.g. Airteagal 7, mír 3).
…
|
|
28.
|
Léirigh cé acu a cheadófar nó nach gceadófar leis an bplean idirthréimhseach déine cabhrach seasta go heisceachtúil le linn na hidirthréimhse ar fad, ar choinníoll go laghdóidh na gnóthais lena mbaineann lorg carbóin a dtomhaltas leictreachais i gcomhréir leis na coinníollacha i bpointe 418 CEEAG (i.e. go dtiocfaidh 50 % den tomhaltas leictreachais ó fhoinsí saor ó charbón, a dtagann 10 % ar a laghad de ó réamhionstraim amhail CCC nó 5 % ar a laghad de ó ghiniúint ar an láthair nó gar don láthair). I gcás dearfach, léirigh cá bhfuil an fhaisnéis sin le fáil sa bhunús dlí (dréacht) (e.g. Airteagal 7, mír 3) agus mínigh conas a áirithíonn na húdaráis náisiúnta go bhfuil pointe 418 CEEAG á chomhlíonadh agus conas a dhéanann siad faireachán air.
…
|
|
2.4.
|
Trédhearcacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1.4 (pointí 58-62) CEEAG.
|
|
29.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le trédhearcacht dá bhforáiltear i bpointí 58-61 CEEAG.
…
|
|
30.
|
Chun comhlíonadh phointe 61 CEEAG a fhíorú, deimhnigh go mbeidh an fhaisnéis a sholáthraítear i bpointe 58(b) ar fáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad ón dáta ar deonaíodh an chabhair chun forfheidhmiú rialacha maidir le státchabhair faoi den Chonradh a cheadú,
…
|
|
2.5.
|
Éifeachtaí diúltacha míchuí na cabhrach ar iomaíocht agus ar thrádáil agus ar chothromú a sheachaint
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach mír 3.2.2 CEEAG.
|
|
31.
|
Chun comhlíonadh phointe 70 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
deimhnigh go mbaineann uastréimhse 10 mbliana ar a mhéad leis an scéim, ón dáta a dtugtar fógra faoin gcinneadh ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach;
…
|
|
(b)
|
deimhnigh, i gcás gur mian le Ballstát tréimhse an bhirt a shíneadh thar an uastréimhse 10 mbliana sin, go bhféadfaidh sé fógra a thabhairt an athuair maidir leis an mbeart/na bearta.
…
|
|
|
3.
|
ÉIFEACHTAÍ DEARFACHA NA CABHRACH A CHUR I GCOMPARÁID LEIS NA HÉIFEACHTAÍ DIÚLTACHA AR AN IOMAÍOCHT AGUS AR AN TRÁDÁIL
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.3 (pointí 71-76) agus pointe 400-402 CEEAG.
|
|
32.
|
I gcomhréir le pointe 75 CEEAG, soiléirigh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil gnéithe sa bheart nó sna bearta a dtugtar fógra ina leith chun rannpháirtíocht FBManna a éascú. Más amhlaidh, tabhair faisnéis maidir leis na gnéithe sin agus tabhair údar leis an gcaoi gur mó na héifeachtaí dearfacha a bhaineann le rannpháirtíocht agus glacadh FBManna a áirithiú sa bheart/sna bearta a dtugtar fógra ina leith ná na hiarmhairtí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ann.
…
|
|
33.
|
A mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm phointe 76(c) CEEAG, sonraigh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an beart cabhrach nó na bearta cabhrach faoi réir teorainn ama.
…
|
Roinn C: Meastóireacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach pointe 76(a) agus Roinn 5 (pointí 455-463) CEEAG.
|
34.
|
I gcás ina sáraíonn an beart/na bearta a dtugtar fógra ina leith na tairseacha buiséid/caiteachais i bpointe 456 CEEAG, mínigh cén fáth, i do thuairim, ar cheart feidhm a bheith ag an eisceacht i bpointe 457 CEEAG, nó cuir iarscríbhinn i gceangal leis an mbileog faisnéise forlíontaí seo ina bhfuil dréachtphlean meastóireachta ina gcumhdaítear an raon feidhme a luaitear i bpointe 458 CEEAG. (451)
…
|
|
35.
|
Má sholáthraítear dréachtphlean meastóireachta, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
tabhair thíos achoimre ar an dréachtphlean meastóireachta sin atá san Iarscríbhinn.
…
|
|
(b)
|
deimhnigh go ndéanfar pointe 460 CEEAG a urramú.
…
|
|
(c)
|
tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh an plean meastóireachta ar fáil go poiblí.
…
|
|
|
36.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(b) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex post faoi láthair agus gur faide í ná 3 bliana, deimhnigh go dtabharfaidh tú fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis modhnú mór lena méadófar buiséad na scéime go dtí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéime.
…
|
|
37.
|
Chun comhlíonadh phointe 459(c) CEEAG a fhíorú, i gcás nach bhfuil an scéim cabhrach faoi réir meastóireacht ex-post faoi láthair, tabhair gealltanas thíos go dtabharfaidh an Ballstát fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachas os cionn EUR 150 milliún sa bhliain roimhe sin a thaifeadadh i gcuntais oifigiúla.
…
|
|
38.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Soiléirigh an bhfuil an saineolaí neamhspleách roghnaithe cheana nó an roghnófar amach anseo é.
…
|
|
(b)
|
Tabhair faisnéis faoin nós imeachta chun an saineolaí a roghnú.
…
|
|
(c)
|
Tabhair údar leis an gcaoi a bhfuil an saineolaí neamhspleách ar an údarás deonúcháin.
…
|
|
|
39.
|
Chun comhlíonadh phointe 461 CEEAG a fhíorú, déan an méid seo a leanas:
|
(a)
|
Tabhair na sprioc-amanna atá beartaithe agat chun an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach a chur isteach. Tabhair faoi deara nach mór an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin in am trátha ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fhadú féideartha na scéime cabhrach agus, ar a dhéanaí, 9 mí sula rachaidh sí in éag, i gcomhréir le pointe 463 CEEAG. Tabhair faoi deara go bhféadfaí an sprioc-am sin a laghdú i gcás scéimeanna a spreagann an ceanglas meastóireachta le linn an 2 bhliain dheireanacha dá gcur chun feidhme.
…
|
|
(b)
|
Deimhnigh go gcuirfear an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus chríochnaitheach ar fáil go poiblí. Tabhair an dáta agus an nasc idirlín ina mbeidh na tuarascálacha sin le fáil go poiblí.
…
|
|
Roinn D: Tuairisciú agus faireachán
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach Roinn 6 (pointí 464-465) CEEAG.
|
40.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le tuairisciú agus faireachán dá bhforáiltear i Roinn 6, pointí 464 agus 465 CEEAG.
…’
|
|
|
(e)
|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid III.7:
‘CUID III.7
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR UM MAOINIÚ RIOSCA
Líon isteach an bhileog faisnéise forlíontaí seo, i dteannta na foirme ‘Faisnéis ghinearálta’, chun fógra a thabhairt i leith aon scéim cabhrach a chumhdaítear leis na Treoirlínte maidir le státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn (‘RFG’)
(452)
. Féach mír 35 RFG le haghaidh sainmhínithe.
Cuir isteach, in éineacht leis an mBileog Faisnéise Forlíontaí
‘measúnúex ante
’ domhain lena gcruthaítear an teip mhargaidh shonrach nó bacainn ábhartha eile, agus lena dtugtar údar leis an gcaoi a bhfuil an scéim ar tugadh fógra ina leith riachtanach, iomchuí agus comhréireach chun aghaidh a thabhairt orthu
(453).
|
1.1.
|
Na cúiseanna maidir le fógra a thabhairt faoin scéim:
|
(a)
|
☐ Ní chomhlíonann an scéim Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 (454). Sainaithin na forálacha i mbunús dlí na scéime a théann níos faide ná Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 agus léirigh cé na forálacha de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a dtéann siad níos faide ná sin:
…
|
|
(b)
|
☐Ní chloíonn an scéim leis an Rialachán de minimis (455). Tabhair na cúiseanna leis sin:
…
|
|
(c)
|
☐Ní chloíonn an scéim le tástáil oibreoir an gheilleagair margaidh ar leibhéal amháin nó níos mó (ar leibhéal na n-infheisteoirí, ar leibhéal an idirghabhálaí airgeadais agus a bhainisteora, agus ar leibhéal na ngnóthas ina ndéantar an infheistíocht) (Féach Fógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na Cabhrach (456); le haghaidh iasachtaí, déantar tagairt don Teachtaireacht maidir leis an Ráta Tagartha (457); le haghaidh ráthaíochtaí, déantar tagairt don Fhógra Ráthaíochta (458)). Sonraigh na cúiseanna leis sin:
…
|
|
(d)
|
☐Níl cabhair sa scéim agus tugtar fógra ina leith ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla.
|
|
|
1.2.
|
Raon feidhme na scéime ar tugadh fógra ina leith: Cuir tic de réir mar is iomchuí le deimhniú:
|
(a)
|
☐Úsáidtear an scéim ar tugadh fógra ina leith trí idirghabhálaithe airgeadais nó ardáin trádála mhalartacha, seachas dreasachtaí fioscacha le haghaidh infheistíochtaí díreacha i ngnóthais incháilithe (mír 22 RFG).
Soláthair an tagairt den fhoráil ábhartha den bhunús dlí:
…
|
|
(b)
|
☐Ní áirítear cuideachtaí móra sa scéim ar tugadh fógra ina leith, seachas gnólachtaí meánchaipitlithe (‘meánchaidhpeanna’) ar meánchaidhpeanna beaga nó meánchaidhpeanna nuálacha iad (mír 23 RFG).
Soláthair an tagairt den fhoráil ábhartha den bhunús dlí:
…
|
|
(c)
|
☐Ní áirítear sa scéim ar tugadh fógra ina leith cabhair um maoiniú riosca do chuideachtaí a liostaítear ar liosta de mhargadh rialaithe (mír 24 RFG).
Soláthair an tagairt den fhoráil ábhartha den bhunús dlí:
…
|
|
(d)
|
☐Baineann an scéim ar tugadh fógra ina leith le rannpháirtíocht ó infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha (mír 25 RFG).
Soláthair an tagairt den fhoráil ábhartha den bhunús dlí:
…
|
|
(e)
|
☐Maidir le comhroinnt riosca-luaíochta neamhshiméadrach idir an Stát agus infheisteoirí príobháideacha, foráiltear leis an scéim ar tugadh fógra ina leith go dtabhaíonn infheisteoirí príobháideacha riosca suntasach nó go bhfaigheann an Stát luaíocht ar a infheistíocht (mír 26 RFG).
Soláthair an tagairt den fhoráil ábhartha den bhunús dlí:
…
|
|
(f)
|
☐An scéim ar tugadh fógra ina leith, ní féidir í a úsáid chun tacú le ceannach thar barr amach (mír 27 RFG).
Soláthair an tagairt den fhoráil ábhartha den bhunús dlí:
…
|
|
(g)
|
☐Foráiltear leis an scéim ar tugadh fógra ina leith nach ndeonófar aon chabhair um maoiniú riosca do ghnóthais atá i gcruachás, mar a shainmhínítear sna Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (459) (Tabhair do d’aire faoi RFG, FBManna a bhí ag oibriú in aon mhargadh ar feadh tréimhse nach faide ná an tréimhse incháilitheachta a shocraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 agus a cháilíonn le haghaidh infheistíochtaí um maoiniú riosca tar éis dícheall cuí ón idirghabhálaí airgeadais roghnaithe , ní mheasfar gur gnóthais i gcruachás iad, ach amháin má tá siad faoi réir imeachtaí dócmhainneachta nó go gcomhlíonann siad na critéir faoina ndlí intíre chun a bheith curtha in imeachtaí dócmhainneachta comhchoiteanna arna iarraidh sin dá gcreidiúnaithe) (mír 28(a) RFG).
Soláthair an tagairt don fhoráil ábhartha sa bhunús dlí:
…
|
|
(h)
|
☐Ní áirítear sa scéim ar tugadh fógra ina leith cabhair do ghnóthais a fuair cabhair mhídhleathach nár aisghabhadh ina hiomláine fós (mír 28(b) RFG).
|
|
(i)
|
☐An scéim ar tugadh fógra ina leith, ní bhaineann sí le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí lena mbaineann onnmhairiú atá dírithe ar thríú tíortha nó Ballstáit, is é sin cabhair atá nasctha go díreach leis na cainníochtaí a onnmhairítear, le bunú agus oibriú líonra dáileacháin nó le costais eile atá nasctha leis an ngníomhaíocht onnmhairiúcháin, chomh maith le cabhair atá ag brath ar úsáid earraí intíre seachas earraí allmhairithe (mír 29 RFG).
|
|
(j)
|
☐Leis an scéim ar tugadh fógra ina leith, ní chuirtear an chabhair faoi réir na hoibleagáide úsáid a bhaint as earraí a táirgtear go náisiúnta nó as seirbhísí náisiúnta; ní sháraítear léi an tsaoirse bunaíochta, i gcás ina bhfuil an chabhair faoi réir na hoibleagáide ar idirghabhálaithe airgeadais, a mbainisteoirí nó tairbhithe deiridh a gceanncheathrú a bheith lonnaithe i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann nó a gceanncheathrú a aistriú chuig an mBallstát sin; agus ní fhorchuirtear léi coinníollacha lena sáraítear Airteagal 63 den Chonradh a bhaineann le saorghluaiseacht chaipitil (mír 41 RFG)
|
|
|
2.1.
|
Buiséad na scéime:
|
(a)
|
Cad é méid iomlán na hinfheistíochta (lena n-áirítear an pháirt phoiblí agus phríobháideach araon) in aghaidh an spriocghnóthais thar thimthriall foriomlán na hinfheistíochta le haghaidh gach gnóthais a bhaineann tairbhe as an scéim (is é sin le rá: an infheistíocht iomlán seachas infheistíocht in aghaidh na bliana)? Sonraigh an chuid phoiblí agus an chuid phríobháideach:
…
|
|
(b)
|
Cad é méid bhuiséad bliantúil na scéime?
…
|
|
(c)
|
Cad é méid foriomlán bhuiséad na scéime dá fad iomlán?
…
|
|
(d)
|
Cad é méid an chiste/na gcistí infheistíochta a bhunaítear faoin scéim?
…
|
|
(e)
|
An bhfuil an scéim le cómhaoiniú ag cistí an Aontais (Ciste Sóisialta na hEorpa, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, eile)? Sonraigh an ciste Aontais:
…
|
|
|
2.2.
|
Fad na scéime:
|
(a)
|
Cad é fad na scéime? (Sonraigh dáta a teachta i bhfeidhm agus a dáta deiridh)
|
|
(b)
|
Cad é fad beartaithe na tréimhse infheistíochta?
|
|
(c)
|
Cad é fad beartaithe na tréimhse sealbhaíochta?
|
|
(d)
|
An bhfuil dátaí deiridh difriúla le haghaidh foirmeacha difriúla cabhrach i gceist faoin scéim?
…
|
|
|
2.3.
|
Spriocghnóthais ar tairbhithe deiridh na scéime ar tugadh fógra ina leith iad: Léirítear sa mheasúnú ex ante (460)
an gá le spriocdhíriú ar na gnóthais a leanas sa scéim mar thairbhithe deiridh (míreanna 53 go 66 RFG)
|
(a)
|
☐Gnólachtaí meánchaipitlithe beaga (gnóthas nach FBM é agus (i) nach mó ná 499 a líon fostaithe, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagail 3 go 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014, agus (ii) nach mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 100 milliún nó nach mó a chlár comhardaithe bliantúil ná EUR 86 mhilliún). Maidir leis an measúnú ex ante, soláthair achoimre ar a fhianaise eacnamaíoch agus údar iomchuí ann leis sin:
…
|
|
(b)
|
☐Gnólachtaí meánchaipitlithe nuálacha mar a shainmhínítear faoi Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014. Maidir leis an measúnú ex ante, soláthair achoimre ar a fhianaise eacnamaíoch agus údar iomchuí ann leis sin:
…
|
|
(c)
|
☐Gnóthais a fhaigheann an infheistíocht tosaigh um maoiniú riosca fad a bhí siad ag oibriú in aon mhargadh ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse incháilitheachta a shocraítear in Airteagal 21, mír 3, litir b, de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014. Maidir leis an measúnú ex ante, soláthair achoimre ar a fhianaise eacnamaíoch agus údar iomchuí ann leis sin:
…
|
|
(d)
|
☐Gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna lena n-éilítear infheistíocht um maoiniú riosca (lena n-áirítear infheistíocht phoiblí agus phríobháideach) ar mhéid níos mó ná an t-uasmhéid EUR 16,5 milliún in aghaidh an ghnóthais incháilithe a shocraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014. Maidir leis an measúnú ex ante, soláthair achoimre ar a fhianaise eacnamaíoch agus údar iomchuí ann leis sin:
…
|
|
(e)
|
☐Ardáin trádála mhalartacha nach gcomhlíonann coinníollacha Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014. Maidir leis an measúnú ex ante, soláthair achoimre ar a fhianaise eacnamaíoch agus údar iomchuí ann leis sin:
…
|
|
(f)
|
☐Eile:
…
Maidir leis an measúnú ex ante, soláthair achoimre ar a fhianaise eacnamaíoch agus údar iomchuí ann leis sin:
…
|
|
|
2.4.
|
Ionstraimí airgeadais: léirítear sa mheasúnú ex ante go bhfuil gá leis na paraiméadair dhearaidh a leanas nach gcomhlíonann Rialachán (AE) Uimh. 651/2014(míreanna 82 go 88 RFG):
|
(a)
|
☐Rannpháirtíocht infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha faoi na cóimheasa a éilítear in Airteagal 21, mír 12, de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 (míreanna 82 agus 83 RFG).
Maidir leis an measúnú ex ante, soláthair achoimre ar a fhianaise eacnamaíoch agus údar iomchuí ann leis sin:
…
|
|
(b)
|
☐Ionstraimí airgeadais ag a bhfuil paraiméadair dhearaidh níos mó ná na huasteorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 21, mír 10, litreacha b (céadchaillteanais Stáit) agus c (ráta ráthaíochta), Rialachán (AE) Uimh. 651/2014, is é sin le rá i gcás ina nglacann an infheisteoir poiblí níos mó riosca ná mar a cheadaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 (míreanna 84 agus 85 RFG).
Maidir leis an measúnú ex ante, soláthair achoimre ar a fhianaise eacnamaíoch agus údar iomchuí ann leis sin:
…
|
|
(c)
|
☐Ionstraimí airgeadais seachas ráthaíochtaí i gcás ina roghnaítear infheisteoirí, idirghabhálaithe airgeadais agus a mbainisteoirí trí thosaíocht a thabhairt do chosaint ar an taobh thíos ( i.e. cosaint in aghaidh caillteanas) thar dhreasachtaí ar an taobh thuas (i.e. torthaí ó bhrabúis ) (míreanna 86 go 88 RFG).
Maidir leis an measúnú ex ante, soláthair achoimre ar a fhianaise eacnamaíoch agus údar iomchuí ann leis sin:
…
|
|
(d)
|
☐Eile:
…
Maidir leis an measúnú ex ante, soláthair achoimre ar a fhianaise eacnamaíoch agus údar iomchuí ann leis sin:
…
|
|
|
2.5.
|
Ionstraimí fioscacha: léirítear sa mheasúnú ex ante go bhfuil gá leis na paraiméadair dhearaidh a leanas nach gcomhlíonann Rialachán (AE) Uimh. 651/2014:
|
(a)
|
☐Dreasachtaí fioscacha d’infheisteoirí corparáideacha (lena n-áirítear idirghabhálaithe airgeadais nó a mbainisteoirí a ghníomhaíonn mar chomhinfheisteoirí) (míreanna 89 agus 90 RFG).
Maidir leis an measúnú ex ante, soláthair achoimre ar a fhianaise eacnamaíoch agus údar iomchuí ann leis sin:
…
|
|
(b)
|
☐Dreasachtaí fioscacha d’infheisteoirí corparáideacha le haghaidh infheistíocht in FBManna trí ardán trádála malartach (mír 81 RFG).
Maidir leis an measúnú ex ante, soláthair achoimre ar a fhianaise eacnamaíoch agus údar iomchuí ann leis sin:
…
|
|
(c)
|
☐Eile:
…
Maidir leis an measúnú ex ante, soláthair achoimre ar a fhianaise eacnamaíoch agus údar iomchuí ann leis sin:
…
|
|
|
2.6.
|
Infheisteoirí príobháideacha atá rannpháirteach sa scéim ar tugadh fógra ina leith a bhfuil cothromas, iasachtaí nó ráthaíochtaí acu:
(Féach an sainmhíniú ar ‘infheisteoir príobháideach neamhspleách’ in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014).
|
(a)
|
Soláthair saintréithe na n-infheisteoirí príobháideacha atá rannpháirteach sa bheart (e.g. infheisteoirí corparáideacha, daoine nádúrtha, etc.):
…
|
|
(b)
|
An soláthraíonn na hinfheisteoirí príobháideacha cothromas, iasachtaí nó ráthaíochtaí ar leibhéal an idirghabhálaí airgeadais (e.g. ciste cistí) nó ar leibhéal na dtairbhithe deiridh? Sonraigh an leibhéal agus an méid:
…
|
|
(c)
|
An ndéanann na hidirghabhálaithe airgeadais a chuireann an scéim chun feidhme (féach roinn 2.7. a leanas) comhinfheistíocht freisin (agus dá bhrí sin an meastar gur infheisteoirí príobháideacha iad freisin)?
|
|
|
2.7.
|
Idirghabhálaithe airgeadais agus eintiteas iontaoibhe a chuireann an scéim ar tugadh fógra ina leith chun feidhme:
(Féach an sainmhíniú leathan ar idirghabhálaí airgeadais i mír 35(11) RFG; áirítear freisin sa mhéid sin cistí le pearsantacht dhlítheanach agus gan pearsantacht dhlítheanach)
|
(a)
|
Sonraigh cineál na n-idirghabhálaithe airgeadais a chuireann an scéim chun feidhme:
…
|
|
(b)
|
An bhfuil baint ag ‘eintiteas iontaoibhe’ le cur chun feidhme an bhirt (mar a shainmhínítear i mír 35 (5) RFG)?
|
|
(c)
|
An ndéanann an t-eintiteas iontaoibhe comhinfheistíocht leis an mBallstát as a acmhainní dílse?
|
☐
|
Déanann. Má dhéanann, soláthair an tagairt don bhunús dlí lena n-údaraítear don eintiteas iontaoibhe an chomhinfheistíocht sin a dhéanamh:
…
|
|
|
(d)
|
Conas a roghnaítear an t-eintiteas iontaoibhe?
|
☐
|
Trí nós imeachta roghnúcháin oscailte, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus oibiachtúil. Sonraigh:
…
|
|
☐
|
Trí cheapadh a dhéanamh go díreach. Mínigh an modh chun a chúiteamh a ríomh chun an beart a chur chun feidhme, chun a áirithiú nach ndéanfar róchúiteamh air (mír 150 RFG):
…
|
|
|
(e)
|
An mbainistíonn an t-eintiteas iontaoibhe an ciste/na cistí trína soláthraítear an cistiú faoin scéim ar tugadh fógra ina leith?
☐Bainistíonn. ☐Ní bhainistíonn.
|
|
(f)
|
Saintréithe na cuideachta bainistíochta atá i gceannas ar an mbeart a chur chun feidhme ar leibhéal an idirghabhálaí airgeadais:
…
|
|
(g)
|
I gcás leibhéil éagsúla d’idirghabhálaithe airgeadais a bheith bainteach sa scéime (lena n-áirítear cistí), soláthair an fhaisnéis ábhartha uile le haghaidh gach leibhéil d’idirghabhálaí airgeadais:
…
|
|
|
2.8.
|
An bhfuil baint ag aon pháirtí eile sa scéim ar tugadh fógra ina leith (seachas an t-údarás poiblí a dheonaíonn an chabhair, na spriocghnóthais, na hidirghabhálaithe airgeadais, agus na hinfheisteoirí príobháideacha)?
|
|
2.9.
|
Tuairisc mhionsonraithe ar an straitéis infheistíochta agus ionstraim/ionstraimí infheistíochta:
|
—
|
Cén straitéis infheistíochta atá ag an idirghabhálaí airgeadais?
|
|
—
|
Cad iad na cuspóirí beartais phoiblí a shaothraítear leis an straitéis infheistíochta sin?
|
|
—
|
Cuir líníocht i gceangal chun struchtúr na scéime agus a hionstraim nó a hionstraimí a shamhlú, agus na páirtithe uile lena mbaineann agus méid na rannpháirtíochta á léiriú chomh maith le hiarscríbhinn, más iomchuí, ina dtugtar achoimre ar dhearadh foriomlán na scéime ar tugadh fógra ina leith.
…
|
|
—
|
Tabhair achoimre ar na paraiméadair dhearaidh chun iarraidh ar infheisteoirí príobháideacha agus idirghabhálaithe airgeadais a léiriú go bhfuil spéis acu a bheith rannpháirteach sa scéim ar tugadh fógra ina leith, trí fhreagra a thabhairt ar na ceisteanna mionsonraithe sa roinn seo.
…
|
|
|
2.9.1.
|
Ionstraimí airgeadais
Maidir le bearta cabhracha um maoiniú riosca i bhfoirm ionstraimí airgeadais, ní mór:
|
(1)
|
iad a chur in úsáid trí idirghabhálaithe airgeadais (mír 22 RFG) agus
|
|
(2)
|
foráil a dhéanamh leo maidir le rannpháirtíocht na n-infheisteoirí príobháideacha (mír 25 RFG). Dá bhrí sin, tá na bearta sin comhdhéanta de thrí leibhéal: (i) Idirghabháil Stáit le haghaidh idirghabhálaithe airgeadais, (ii) infheistíochtaí ag idirghabhálaithe airgeadais i ngnóthais an tairbhí deiridh, agus (iii) infheistíocht ag infheisteoirí príobháideacha ag ceachtar den dá leibhéal roimhe sin.
|
|
|
2.9.1.1.
|
Idirghabháil ar leibhéal na n-idirghabhálaithe airgeadais
|
|
A.
|
IDIRGHABHÁIL STÁIT AR LEIBHÉAL NA N-IDIRGHABHÁLAITHE AIRGEADAIS
Soláthraíonn an Stát an méid seo a leanas d’idirghabhálaithe airgeadais (Cuir tic agus líon isteach de réir mar is infheidhme):
|
☐
|
Instealladh cothromais (lena n-áirítear cuasachothromas) ag an Stát ar leibhéal na n-idirghábhálaithe airgeadais
|
|
|
1.
|
Soláthair an fhaisnéis seo a leanas:
|
—
|
Téarmaí an insteallta cothromais (áirigh freisin comparáid le téarmaí an mhargaidh le haghaidh an insteallta cothromais sin):
…
|
|
—
|
Cineál an idirghabhálaí airgeadais:
…
|
|
—
|
Cineál struchtúir cistiúcháin an idirghabhálaí airgeadais (e.g. ciste infheistíochta le céatadán de rannpháirtíocht phríobháideach agus phoiblí; struchtúr ilchéime ciste cistí le fochistí speisialaithe, ciste poiblí a dhéanann comhinfheistíocht le hinfheisteoirí príobháideacha ar bhonn an idirbhirt) Mínigh go mionsonraithe:
…
|
|
|
2.
|
I gcás cuasachothromais, tabhair tuairisc mhionsonraithe ar chineál na hionstraime atá beartaithe:
…
|
|
3.
|
Más ann do rannpháirtíocht phríobháideach ag an leibhéal sin (e.g. soláthraíonn infheisteoirí príobháideacha cothromas don idirghabhálaí airgeadais i dteannta an Stáit):
|
—
|
Léirigh cóimheasa rannpháirtíochta na n-infheisteoirí poiblí agus príobháideacha:
…
|
|
—
|
Léirigh an cineál córa fabhraí atá beartaithe chun tairbhe d’infheisteoirí rannpháirteacha príobháideacha, mar a thuairiscítear sa ghlao ar léiriú spéise (tabhair mionsonraí):
…
|
☐
|
Dreasachtaí ar an taobh thuas (brabúis níos fearr a fháil): …
|
|
☐
|
Cosaint ar an taobh thíos (cosaint ó chaillteanais): …
|
|
|
—
|
Má théann saintréithe comhroinnte caillteanas nach de chineál pari passu iad thar na teorainneacha a leagtar amach in Airteagal 21, mír 10 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014, soláthair fianaise eacnamaíoch agus údar, maidir leis an measúnú ex ante (mír 113 RFG):
…
|
|
—
|
Más ábhartha, léirigh cibé acu atá nó nach bhfuil caidhp leis an bpíosa céadchaillteanais atá ar an infheisteoir poiblí (mír 113 RFG):
|
☐
|
Tá. Sonraigh an chaoi a socraíodh an chaidhp sin:
…
|
|
|
|
4.
|
Tabhair tuairisc ar conas atá an ionstraim deartha lena áirithiú go n-ailíneofar na leasanna idir straitéis infheistíochta an idirghabhálaí airgeadais agus cuspóirí an bheartais phoiblí:
…
|
|
5.
|
Soláthair míniú mionsonraithe ar fhad na hionstraime nó na straitéise scoir atá mar bhonn taca faoin infheistíocht i gcothromas, agus ar conas a dhéanann an t-infheisteoir poiblí an scor a phleanáil go straitéiseach:
…
|
|
6.
|
Faisnéis ábhartha eile:
…
|
☐
|
IONSTRAIMÍ FIACHAIS CISTITHE: IONSTRAIMÍ IASACHTA (‘IASACHTAÍ’ ANSEO FEASTA) AR LEIBHÉAL NA N-IDIRGHABHÁLAITHE AIRGEADAIS
|
|
|
1.
|
Soláthair an fhaisnéis seo a leanas:
|
—
|
Cineál na n-iasachtaí (e.g. fo-ordaithe, comhroinnt riosca punainne), soláthair mionsonraí:
…
|
|
—
|
Téarmaí na n-iasachtaí faoin mbeart (áirigh freisin comparáid idir téarmaí an mhargaidh le haghaidh na n-iasachtaí sin):
…
|
|
—
|
Uasmhéid na hiasachta: …
|
|
—
|
Uasfhad na hiasachta: …
|
|
—
|
Comhthaobhacht nó ceanglais eile: …
|
|
—
|
Faisnéis ábhartha eile: …
|
|
|
2.
|
Soláthair tagairt d’fhorálacha ábhartha an bhunúis dlí lena gcuirtear toirmeasc ar úsáid na cabhrach chun iasachtaí atá ann cheana a athmhaoiniú (mír 46 RFG):
…
|
|
3.
|
Má dhéantar rannpháirtíocht phríobháideach ag an leibhéal seo (e.g. soláthraíonn infheisteoirí príobháideacha iasachtaí don idirghabhálaí airgeadais le taobh an Stáit):
|
—
|
Léirigh cóimheasa rannpháirtíochta na n-infheisteoirí/na n-iasachtóirí poiblí agus príobháideacha:
…
Go háirithe, i gcás iasachtaí comhroinnte riosca punainne, cad é an ráta comhinfheistíochta ag an idirghabhálaí airgeadais roghnaithe? Tabhair faoi deara nár cheart dó a bheith níos ísle ná 30 % de luach na punainne iasachta foluití (mír 117 RFG): Is é … % an ráta
|
|
—
|
Tabhair tuairisc ar an gcomhroinnt riosca agus luaíochta idir na hinfheisteoirí nó na hiasachtóirí poiblí agus príobháideacha:
…
I gcás ina ngabhann an t-infheisteoir/an t-iasachtóir poiblí suíomh céadchaillteanais chuige féin a sháraíonn an chaidhp a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 (i.e. 25 %), is gá údar a thabhairt leis sin trí thagairt do dhianteip mhargaidh a sainaithníodh sa mheasúnú ex ante (RFG mír 116). Soláthair achoimre ar an údar sin:
…
|
|
—
|
Más ann do shásraí eile um maolú riosca chun tairbhe do na hinfheisteoirí/do na hiasachtóirí príobháideacha, tabhair míniú:
…
|
|
|
4.
|
Cad é an sásra cur ar aghaidh (mar a cheanglaítear le mír 106 RFG) lena n-áirithítear go gcuireann an t-idirghabhálaí airgeadais an buntáiste a fhaigheann sé ón Stát ar aghaidh chuig gnóthais an tairbhí deiridh? Cé na ceanglais nach mór don idirghabhálaí airgeadais a chur i bhfeidhm (e.g. ó thaobh ráta úis, comhthaobhachta, aicme riosca) maidir leis na tairbhithe deiridh (soláthair mionsonraí an-bheacht)? Soláthair mionsonraí freisin maidir lena mhéid a théann an phunann atá le tógáil faoin mbeart thar bheartas riosca creidmheasa caighdeánach an idirghabhálaí airgeadais.
…
|
|
5.
|
Tabhair tuairisc ar conas atá an ionstraim deartha lena áirithiú go n-ailíneofar na leasanna idir straitéis infheistíochta an idirghabhálaí airgeadais agus cuspóirí an bheartais phoiblí:
…
|
|
6.
|
Tabhair míniú mionsonraithe ar fhad na hionstraime nó na straitéise scoir atá mar bhonn taca faoin infheistíocht in ionstraimí fiachais, agus ar conas a dhéanann an t-infheisteoir poiblí an scor a phleanáil go straitéiseach:
…
|
|
7.
|
Faisnéis ábhartha eile:
…
|
☐
|
IONSTRAIMÍ FIACHAIS NEAMHCHISTITHE: RÁTHAÍOCHTAÍ AG AN STÁT AR LEIBHÉAL NA N-IDIRGHABHÁLAITHE AIRGEADAIS MAIDIR LE HIDIRBHEARTA FOLUITEACHA LE TAIRBHITHE DEIRIDH
|
|
|
1.
|
Soláthair tagairt don fhoráil ábhartha sa bhunús dlí lena gceanglaítear nach mór idirbhearta incháilithe a chumhdaítear leis an ráthaíocht a bheith ina n-idirbhearta iasachta nuathionscanta incháilithe um maoiniú riosca, lena n-áirítear ionstraimí léasa, chomh maith le hionstraimí infheistíochta cuasachothromais, agus ionstraimí cothromais á n-eisiamh (mír 118 RFG): …
|
|
2.
|
An gcumhdaíonn na ráthaíochtaí d’idirghabhálaithe airgeadais punann idirbheart foluiteach seachas idirbheart foluiteach aonair?
☐Cumhdaíonn. ☐Ní chumhdaíonn.
|
|
3.
|
An cineál ráthaíochta:
|
☐
|
Caidhpeáilte: is é … % an chaidhp ráthaíochta
Tabhair faoi deara go bhfuil feidhm ag an gcaidhp sin maidir le punanna a shealbhaíonn idirghabhálaithe airgeadais agus moltar nach mó an ráta caidhpe ná 35 % (mír 120 RFG); Soláthair cúiseanna leis an ráta sin:
…
Thairis sin, cuir tic lena shonrú cibé acu an amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
☐Ní chumhdaíonn an ráta caidhpe ach caillteanais a bhfuil coinne leo; nó
|
|
(b)
|
☐Cumhdaíonn an ráta caidhpe caillteanais nach bhfuil coinne leo freisin; Sa chás seo, léirigh an chaoi a léirítear an cumhdach riosca breise seo i bpraghsáil na ráthaíochta: …
|
|
|
☐
|
Neamh-chaidhpeáilte; sa chás sin, tabhair bunús leis an ngá agus leis an gcaoi a léirítear an cumhdach riosca breise seo ag an ráthaíocht i bpraghsáil na ráthaíochta:
…
|
☐
|
Frithráthaíocht (ráthaíocht le hinstitiúidí ráthaíochta)
|
|
|
|
4.
|
Ráta ráthaíochta (céatadán an chumhdaigh caillteanais ag an infheisteoir poiblí maidir le gach idirbheart foluiteach (Féach an sainmhíniú i mír 35(18) RFG agus tabhair faoi deara nach ceart don ráta ráthaíochta 90 % a shárú (mír 119 RFG)): … %;
Tabhair an chúis leis an leibhéal cumhdaigh sin:
…
|
|
5.
|
Idirbhearta foluiteacha a chumhdaítear leis an ráthaíocht:
|
—
|
Cineál na n-idirbheart foluiteach: …
|
|
—
|
Méid ainmniúil iomlán na n-idirbheart foluiteach (in EUR): …
|
|
—
|
Méid ainmniúil uasta an idirbhirt fholuitigh in aghaidh an tairbhí deiridh:
…
|
|
—
|
Fad na n-idirbheart foluiteach: …
|
|
—
|
Saintréithe ábhartha eile na n-idirbheart foluiteach (rátáil riosca, eile):
…
|
|
|
6.
|
Tabhair tuairisc ar shainghnéithe eile na ráthaíochta (áirigh freisin comparáid le téarmaí an mhargaidh le haghaidh na ráthaíochta sin):
|
—
|
Uasfhad na ráthaíochta: … (Tabhair do d’aire nár cheart dó sin 10 mbliana a shárú de ghnáth (mír 121 RFG)
|
|
—
|
Soláthair tagairt don fhoráil ábhartha sa bhunús dlí lena sonraítear nach mór an ráthaíocht a laghdú mura n-áiríonn an t-idirghabhálaí airgeadais uasmhéid infheistíochta sa phunann le linn tréimhse shonrach, agus go gceanglaítear táillí gealltanais le haghaidh méideanna neamhúsáidte: …
|
|
—
|
An mbeartaítear táille ráthaíochta?
☐Beartaítear. ☐Ní bheartaítear.
Sonraigh cén páirtí ar a mbeidh iallach an táille ráthaíochta a íoc:
…
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an bpraghsáil: …
|
|
|
7.
|
Cad é an sásra cur ar aghaidh (mar a cheanglaítear le mír 106 RFG) lena n-áirithítear go gcuireann an t-idirghabhálaí airgeadais an buntáiste a fhaigheann sé ón Stát ar aghaidh chuig gnóthais an tairbhí deiridh? Cé na ceanglais nach mór don idirghabhálaí airgeadais a chur i bhfeidhm (e.g. ó thaobh ráta úis, comhthaobhachta, aicme riosca) maidir leis na tairbhithe deiridh? Soláthair mionsonraí an-bheacht. Soláthair mionsonraí freisin maidir lena mhéid a théann an phunann atá le tógáil faoin mbeart thar bheartas riosca creidmheasa caighdeánach an idirghabhálaí airgeadais.
…
|
|
8.
|
Tabhair tuairisc ar conas atá an ionstraim deartha lena áirithiú go n-ailíneofar na leasanna idir straitéis infheistíochta an idirghabhálaí airgeadais agus cuspóirí an bheartais phoiblí:
…
|
|
9.
|
Soláthair míniú mionsonraithe ar fhad na hionstraime nó na straitéise scoir atá mar bhonn taca faoin infheistíocht in ionstraimí fiachais, agus conas a dhéanann an t-infheisteoir poiblí an scor a phleanáil go straitéiseach:
…
|
|
10.
|
Faisnéis ábhartha eile:
…
|
☐
|
IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS EILE (TABHAIR TUAIRISC ORTHU):
…
|
|
|
B.
|
Idirghabháil ag idirghabhálaithe airgeadais i leibhéil bhreise d’idirghabhálaithe airgeadais
Is féidir gurb ann do staideanna (lena n-áirítear struchtúir ciste cistí), inarb amhlaidh, mar shampla, a sholáthraíonn an Stát cothromas, iasachtaí nó ráthaíochtaí d’idirghabhálaí airgeadais a sholáthraíonn, ar a sheal, cothromas, iasachtaí nó ráthaíochtaí d’idirghabhálaí airgeadais eile, a sholáthraíonn infheistíochtaí um maoiniú riosca ar deireadh do thairbhithe deiridh. Sna cásanna sin ina bhfuil an dara leibhéal, nó leibhéil eile d’idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteach sa scéim, soláthair an fhaisnéis ábhartha uile a cheanglaítear i roinn 2.9.1.1.A maidir le Cothromas / Iasachtaí / Ráthaíochtaí / ionstraim airgeadais eile, de réir mar is infheidhme, le haghaidh gach leibhéil bhreise d’idirghabhálaí airgeadais:
…
|
|
2.9.1.2.
|
Infheistíocht um maoiniú riosca ag idirghabhálaithe airgeadais i dtairbhithe deiridh
Tá an infheistíocht um maoiniú riosca sna tairbhithe deiridh san fhoirm seo a leanas (Cuir tic agus líon isteach de réir mar is infheidhme):
|
☐
|
INFHEISTÍOCHT COTHROMAIS (LENA N-ÁIRÍTEAR CUASACHOTHROMAS) AG IDIRGHABHÁLAITHE AIRGEADAIS I DTAIRBHITHE DEIRIDH
|
(a)
|
I gcás cuasachothromais, tabhair tuairisc mhionsonraithe ar chineál na hionstraime atá beartaithe:
…
|
|
(b)
|
Soláthair téarmaí na hinfheistíochta cothromais go mionsonraithe (áirigh freisin comparáid le téarmaí an mhargaidh le haghaidh na hinfheistíochta cothromais sin):
…
|
|
(c)
|
Tabhair tuairisc ar shainghnéithe uile na n-infheistíochtaí atá le déanamh ag an idirghabhálaí airgeadais go mionsonraithe, lena n-áirítear na ceanglais ba cheart a chomhlíonadh le straitéis infheistíochta na n-idirghabhálaithe airgeadais incháilithe:
…
|
|
(d)
|
Soláthair míniú mionsonraithe ar fhad na hionstraime nó na straitéise scoir atá mar bhonn taca faoin infheistíocht i gcothromas:
…
|
|
(e)
|
Má dhéantar rannpháirtíocht phríobháideach ar an leibhéal seo (e.g. soláthraíonn infheisteoirí príobháideacha iasachtaí do na tairbhithe deiridh freisin):
|
—
|
Léirigh an cóimheas maidir le rannpháirtíocht phríobháideach: …
|
|
—
|
Léirigh an cineál córa fabhraí atá beartaithe chun tairbhe d’infheisteoirí rannpháirteacha príobháideacha, mar a thuairiscítear sa ghlao ar léiriú spéise (tabhair mionsonraí):
…
|
☐
|
Dreasachtaí ar an taobh thuas: …
|
|
☐
|
Cosaint ar an taobh thíos: …
|
|
|
—
|
Má théann saintréithe comhroinnte caillteanas nach de chineál pari passu iad thar na teorainneacha a leagtar amach in Airteagal 21, mír 10 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014, soláthair fianaise eacnamaíoch agus údar, maidir leis an measúnú ex ante (mír 113 RFG):
…
|
|
—
|
Más ábhartha, léirigh cibé acu atá nó nach bhfuil caidhp leis an bpíosa céadchaillteanais atá ar an infheisteoir poiblí (mír 113 RFG):
|
☐
|
Tá. Sonraigh an chaoi a socraíodh an chaidhp:
…
|
|
|
|
|
☐
|
IONSTRAIMÍ FIACHAIS CISTITHE: IASACHTAÍ AG IDIRGHABHÁLAITHE AIRGEADAIS LE TAIRBHITHE DEIRIDH
|
—
|
Cineál na n-iasachtaí: tabhair sonraí:
…
|
|
—
|
Téarmaí na n-iasachtaí faoin mbeart (áirigh freisin comparáid idir téarmaí an mhargaidh le haghaidh na n-iasachtaí sin):
…
|
|
—
|
Uasmhéid na hiasachta in aghaidh an tairbhí:
…
|
|
—
|
Uasfhad na hiasachta:
…
|
|
—
|
Soláthair míniú mionsonraithe ar fhad na hionstraime nó na straitéise scoir atá mar bhonn taca faoin infheistíocht in ionstraimí fiachais:
…
|
|
—
|
Rátáil riosca na dtairbhithe deiridh:
…
|
|
—
|
Comhthaobhacht nó ceanglais eile:
…
|
|
—
|
Faisnéis ábhartha eile:
…
|
|
—
|
Má dhéantar rannpháirtíocht phríobháideach ar an leibhéal seo (e.g. soláthraíonn infheisteoirí príobháideacha iasachtaí do na tairbhithe deiridh freisin):
Léirigh an cóimheas maidir le rannpháirtíocht phríobháideach:
…
Tabhair tuairisc ar an gcomhroinnt riosca agus luaíochta idir na hinfheisteoirí poiblí agus príobháideacha:
…
Go háirithe, má ghabhann an t-infheisteoir poiblí an céadchaillteanas chuige, cad é an leibhéal a gcuirtear caidhp leis? Caidhpeáilte ag … %. (Tabhair faoi deara go bhfuil sé inmholta nach mó an chaidhp sin ná 35 % (mír 116 RFG))
I gcás ina ngabhann an t-infheisteoir/an t-iasachtóir poiblí suíomh céadchaillteanais chuige a sháraíonn an chaidhp a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 (25 %), tabhair údar leis sin trí thagairt do bhearta atá spriocdhírithe ar ghnólachtaí nuathionscanta agus FBManna go heisiach roimh a gcéad díolachán tráchtála nó ag céim an chruthúnais coincheapa, trí thagairt do dhianteip mhargaidh a sainaithníodh sa mheasúnú ex ante nó bacainn ábhartha eile (mír 116 RFG) agus soláthair achoimre ar an údar sin:
…
Más ann do shásraí eile um maolú riosca chun tairbhe do na hinfheisteoirí/do na hiasachtóirí príobháideacha, tabhair míniú:
…
|
|
|
☐
|
Ionstraimí fiachais neamhchistithe: ráthaíochtaí ag idirghabhálaithe airgeadais le thairbhithe deiridh:
|
1.
|
Soláthair cineál agus téarmaí na ráthaíochtaí go mionsonraithe (áirigh freisin comparáid le téarmaí an mhargaidh le haghaidh na ráthaíochtaí sin):
…
|
|
2.
|
Soláthair tagairt don fhoráil ábhartha sa bhunús dlí lena gceanglaítear nach mór idirbhearta incháilithe a chumhdaítear leis an ráthaíocht a bheith ina n-idirbhearta iasachta nuathionscanta incháilithe um maoiniú riosca, lena n-áirítear ionstraimí léasa, chomh maith le hionstraimí infheistíochta cuasachothromais, agus ionstraimí cothromais á n-eisiamh (mír 118 RFG):
…
|
|
3.
|
Soláthair cineál agus téarmaí na n-idirbheart foluiteach:
…
|
|
|
☐
|
Ionstraimí airgeadais eile
|
—
|
Tabhair tuairisc ar an ionstraim airgeadais atá le cur chun feidhme leis an mbeart:
…
|
|
—
|
Soláthair tuairisc mhionsonraithe ar na heilimintí uile atá i roinn 2.9.1.2 thuas a mhéid atá siad infheidhme maidir leis an ionstraim airgeadais roghnaithe:
…
|
|
|
|
2.9.2.
|
Ionstraimí fioscacha:
Líon isteach an roinn iomlán le haghaidh gach dreasachta cánach. Má dhéantar foráil leis an mbeart maidir le foirmeacha éagsúla dreasachta cánach, líon isteach an tacar ceisteanna le haghaidh gach foirme cabhrach.
|
—
|
Dreasacht chánach a dheonaítear le haghaidh an mhéid seo a leanas:
|
(a)
|
☐Infheistíochtaí díreacha i ngnóthais
|
|
(b)
|
☐Infheistíochtaí indíreacha i ngnóthais (is é sin le rá trí idirghabhálaithe airgeadais)
|
|
(c)
|
☐Infheistíochtaí indíreacha i ngnóthais arna ndéanamh trí ardán trádála malartach
|
|
|
—
|
Dreasacht deonaithe do:
|
(a)
|
☐infheisteoirí corparáideacha
|
|
(b)
|
☐infheisteoirí ar daoine nádúrtha iad, le haghaidh infheistíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 651/2014:
…
|
|
|
—
|
Cineál na dreasachta cánach:
|
(a)
|
☐faoiseamh cánach ioncaim is infheidhme ar an mbonn cánach
|
|
(b)
|
☐buntáiste cánach ioncaim is infheidhme ar an dliteanas cánach is iníoctha
|
|
(c)
|
☐faoiseamh cánach gnóthachan caipitiúil
|
|
(d)
|
☐faoiseamh cánach díbhinne
|
|
|
—
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na coinníollacha nach mór a chomhlíonadh leis an infheistíocht chun bheith in ann tairbhiú den dreasacht fhioscach:
…
|
|
—
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar ríomh na dreasachta cánach lena n-áirítear: (i) uaschéatadán an mhéid a infheistítear is féidir leis an infheisteoir a éileamh chun críocha an fhaoisimh cánach, (ii) uasmhéid an bhuntáiste cánach is féidir a laghdú ó dhliteanais chánach an infheisteora, agus (iii) uasmhéid in aghaidh gach tairbhí:
…
|
|
—
|
Maidir leis an measúnú ex ante, soláthair fianaise eacnamaíoch agus údar le haghaidh chatagóir na ngnóthas incháilithe (mír 123 RFG):
…
|
|
—
|
Soláthair fianaise go bhfuil roghnú na ngnóthas incháilithe bunaithe ar thacar dea-struchtúrtha ceanglas infheistíochta, rud a chuirtear ar fáil don phobal trí phoiblíocht iomchuí, agus lena leagtar amach saintréithe na ngnóthas incháilithe atá faoi réir teip mhargaidh nó bacainn ábhartha eile (mír 125 RFG):
…
|
|
—
|
Uasfhad na dreasachta cánach dá bhforáiltear:
…
|
Tabhair do d’aire gur cheart uasfhad 10 mbliana a bheith ag scéimeanna fioscacha (mír 126 RFG).
|
(a)
|
An fadú ar an mbeart atá ann cheana í an dreasacht cánach sin?
|
☐
|
Is ea. Soláthair cás-uimhir an bhirt atá ann cheana: …
|
|
|
(b)
|
An bhfuil fad iomlán na scéime fioscaí (lena n-áirítear scéimeanna réamhtheachtaí, más ann dóibh) níos mó ná 10 mbliana?
☐Tá ☐Níl
Má tá, sonraigh cé acu:
|
—
|
a rinneadh nó nach ndearnadh measúnú ex ante:
☐Rinneadh ☐Ní dhearnadh
|
|
—
|
a bhí nó nach raibh an beart faoi réir meastóireacht ex post:
☐Bhí ☐Ní raibh
|
|
|
(c)
|
Mínigh saintréithe sonracha an chórais fhioscaigh náisiúnta atá ábhartha chun tuiscint iomlán a fháil ar an dreasacht chánach:
…
|
|
(d)
|
Tabhair tuairisc ar aon dreasacht fhioscach ghaolmhar / chomhchosúil / ábhartha atá ann cheana sa Bhallstát chomh maith leis an idirghníomhú idir iad agus an dreasacht chánach ar tugadh fógra ina leith:
…
|
|
(e)
|
An bhfuil an dreasacht chánach oscailte do na hinfheisteoirí uile a chomhlíonann na critéir a cheanglaítear, gan idirdhealú maidir lena n-áit bhunaíochta (mír 128 RFG)?
☐Tá ☐Níl
|
Soláthair cruthúnas ar an bpoiblíocht leordhóthanach maidir le raon feidhme agus paraiméadair theicniúla (lena n-áirítear uasteorainneacha agus caidhpeanna, uasmhéid infheistíochta) na dreasachta cánach (mír 128 RFG):
|
(f)
|
An bhfuil an infheistíocht iomlán le haghaidh gach gnóthais tairbhí níos mó ná an t-uasmhéid EUR 16,5 mhilliún in aghaidh an ghnóthais incháilithe a shocraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 (mír 151 RFG)?
☐Tá ☐Níl
|
|
(g)
|
Má tá an méid sin níos airde, tabhair údar leis sin trí thagairt don teip mhargaidh a sainaithníodh sa mheasúnú ex ante:
…
|
|
(h)
|
An bhfuil scaireanna incháilithe ina ngnáthscaireanna lánriosca atá nua-eisithe ag gnóthas incháilithe mar a shainmhínítear sa mheasúnú ex ante, agus an gá iad a shealbhú ar feadh 3 bliana ar a laghad (mír 152 RFG)?
|
☐
|
Níl/Ní gá. Soláthair mionsonraí:
…
|
|
|
(i)
|
An bhfuil an faoiseamh ar fáil d’infheisteoirí nach bhfuil neamhspleách ón gcuideachta ina n-infheistítear (mír 152 RFG)?
|
☐
|
Níl. Soláthair mionsonraí: …
|
|
|
(j)
|
I gcás faoiseamh ó cháin ioncaim, cad é uaschéatadán an mhéid a infheistítear i ngnóthais incháilithe ar féidir an faoiseamh a bheith cothrom leis? Tabhair faoi deara go meastar go bhfuil sé réasúnach caidhp a chur leis an bhfaoiseamh cánach ag 30 % den mhéid a infheistítear (mír 153 RFG): … %
An féidir leis an bhfaoiseamh uasdliteanas cánach ioncaim an infheisteora a shárú, mar a bunaíodh roimh an mbeart fioscach?
|
☐
|
Is féidir. Tabhair sonraí: …
|
|
|
|
2.9.3.
|
Bearta lena dtacaítear le hardáin trádála mhalartacha:
|
—
|
An ardán é atá ann cheana:
|
☐
|
Ní hea, tá sé le bunú as an nua
|
|
|
—
|
An bhfuil plean gnó lena léirítear gur féidir leis an ardán dá dtugtar cabhair ina leith a bheith féin-inbhuanaithe i dtréimhse níos lú ná 10 mbliana (mír 129 RFG)?
…
|
|
—
|
An bhfuil nó an mbeidh an t-ardán ina fho-ardán nó ina ardán coimhdeach de stocmhalartán atá ann cheana?
|
|
—
|
An ann d’ardáin trádála mhalartacha cheana sa Bhallstát (mír 131 RFG)?
|
|
—
|
An bhfuil an t-ardán curtha ar bun agus ag oibriú thar roinnt Ballstát (mír 130 RFG)?
|
An cineál gnóthas a thrádáiltear ar an ardán:
…
|
—
|
Na costais infheistíochta a tabhaíodh, cén céatadán díobh a bhfuil tacaíocht á tabhairt ina leith? Is féidir státchabhair a dheonú chun suas le 50 % de na costais infheistíochta a tabhaíodh le haghaidh bunú ardáin den sórt sin a chumhdach (mír 156 RFG).
…
|
SOLÁTHAIR, I DTEANNTA AN FHÓGRA SEO:
|
—
|
Fianaise go bhfuil nó go mbeidh tromlach na n-ionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála ar na hardáin trádála mhalartacha eisithe ag FBManna.
|
|
—
|
Cóip de phlean gnó an oibreora ardáin lena léirítear gur féidir leis an ardán teacht chun bheith féin-inbhuanaithe i dtréimhse is giorra ná 10 mbliana (mír 129 RFG).
|
|
—
|
Cásanna frithfhíorasacha inchreidte lena ndéantar comparáid idir na staideanna a bheadh roimh na gnóthais intrádála in éagmais an ardáin ó thaobh rochtain ar an maoiniú is gá (mír 129 RFG).
|
|
—
|
Le haghaidh ardáin atá ann cheana, cóip de straitéis ghnó bheartaithe an ardáin lena dtaispeántar, de dheasca ganntanas seasmhach liostuithe, agus dá bhrí sin ganntanas leachtachta, gur gá tacú leis an ardán sa ghearrthéarma, d’ainneoin a inmharthanachta fadtéarmaí (mír 131 RFG).
|
FOIRM AN BHIRT:
|
☐
|
Dreasachtaí fioscacha le haghaidh infheisteoirí corparáideacha i ndáil lena n-infheistíochtaí um mhaoiniú riosca a dhéantar trí ardán trádála malartach i ngnóthais incháilithe: Líon isteach roinn 2.9.2 ar Ionstraimí Fioscacha thuas.
|
☐
|
Tacú le hoibreoirí ardán:
|
—
|
Oibreoir an ardáin:
|
☐
|
Fiontar atá níos mó ná fiontar beag.
|
|
|
—
|
Uasmhéid an bhirt: … EUR.
|
|
—
|
An mó an t-uasmhéid ná an chabhair nuathionscanta a cheadaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 651/2014?
☐Is mó ☐Ní mó
|
|
—
|
Costais infheistíochta a tabhaíodh chun an t-ardán a bhunú: … EUR
|
|
—
|
An sáraíonn an chabhair don oibreoir 50 % de na costais infheistíochta sin (mír 156 RFG)?
☐Sáraíonn ☐Ní sháraíonn
|
|
—
|
Ceadaítear cabhair suas le cá mhéad bliain ó nuathionscnamh an ardáin?
…
|
|
—
|
Le haghaidh ardáin atá nó a bheidh ina bhfo-ardán nó ina n-ardán coimhdeach de stocmhalartán atá ann cheana, soláthair fianaise ar an easpa maoiniúcháin a bheadh roimh fho-ardán den sórt sin:
…
|
|
—
|
Faisnéis ábhartha eile:
…
|
|
|
|
|
3.
|
FAISNÉIS BHREISE LE hAGHAIDH AN MHEASÚNAITHE COMHOIRIÚNACHTA AR AN SCÉIM CABHRACH
|
|
3.1.
|
An gá le hidirghabháil ón Stát (roinn 3.2.2 RFG)
|
(a)
|
Ní féidir údar a thabhairt le scéim cabhrach um maoiniú riosca ach amháin má tá sí spriocdhírithe ar aghaidh a thabhairt ar an teip mhargaidh shonrach nó ar bhacainn ábhartha eile maidir le rochtain ar mhaoiniú a léirítear sa mheasúnú ex ante (461).
|
|
(b)
|
Cuir isteach an measúnú ex ante domhain lena gcruthaítear an teip mhargaidh shonrach nó bacainn ábhartha eile, in éineacht leis an mBileog Faisnéise Forlíontaí (míreanna 50 agus 56 RFG).
|
|
|
3.1.1.
|
Faisnéis faoin measúnú ex ante (roinn 3.2.1 RFG):
|
(a)
|
Dáta an mheasúnaithe ex ante: …
|
|
(b)
|
Rinneadh an measúnú ag (mír 57 RFG):
|
☐
|
eintiteas neamhspleách …
|
|
☐
|
eintiteas atá nasctha leis an údarás poiblí a leanas:
…
|
|
|
(c)
|
Fianaise agus modheolaíochtaí ar a bhfuil an measúnú bunaithe (mír 57 RFG):
…
|
|
(d)
|
☐Cuir tic le deimhniú go ndearnadh an measúnú ex ante laistigh de na 3 bliana roimh an bhfógra (mír 57 RFG):
|
|
(e)
|
☐Maoinítear an scéim ar tugadh fógra ina leith go páirteach ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus ullmhaíodh an measúnú i gcomhréir le hAirteagal 37(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (462) nó Airteagal 58(3) de Rialachán (AE) 2021/1060 (463) (Rialachán na bhForálacha Coitianta) (mír 60 RFG).
|
|
|
3.1.2.
|
Éascaítear forbairt na gníomhaíochta eacnamaíche leis an gcabhair (roinn 3.1 RFG)
|
(a)
|
Sainaithin an ghníomhaíocht eacnamaíoch a dtugtar tacaíocht ina leith (mír 42 RFG), lena n-áirítear cé acu a mheasann nó nach measann tú gur earnáil ardriosca nó dianchaipitiúil í agus cén fáth (míreanna 75 agus 77 RFG):
…
|
|
(b)
|
Tabhair tuairisc ar chineál na teipe margaidh nó bacainne ábhartha eile agus léirigh gur ann di (mír 61 RFG)
…
|
|
(c)
|
Éifeacht dreasachta: Conas a spreagann an scéim ar tugadh fógra ina leith (i) tairbhí na cabhrach agus/nó (ii) infheisteoirí príobháideacha, chun a n-iompraíocht a athrú trí thabhairt faoi ghníomhaíochtaí nach ndéanfaidís gan an chabhair nó a dhéanfaidís ar bhealach níos sriantaí (míreanna 43 go 47 RFG)?
…
|
|
|
3.1.3.
|
Sainaithint na gcuspóirí sonracha agus na dtáscairí feidhmíochta sonracha bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe ex ante maidir leis an scéim ar tugadh fógra ina leith (míreanna 164 agus 165 RFG):
|
(a)
|
Liostaigh na cuspóirí sonracha a sainaithníodh agus déan tagairt don roinn ábhartha sa mheasúnú ex ante:
…
|
|
(b)
|
Liostaigh na táscairí feidhmíochta a sainmhíníodh (féach na samplaí i mír 164 RFG) agus déan tagairt don roinn ábhartha sa mheasúnú ex ante:
…
|
|
|
3.1.4.
|
Fianaise eacnamaíoch sa mheasúnú ex ante ar an ngá atá le hidirghabháil stáit agus údar ann leis sin (roinn 3.2.2 RFG): féach míreanna 2.3, 2.4, agus 2.5 den fhoirm seo.
|
|
3.2.
|
Oiriúnacht na scéime ar tugadh fógra ina leith (roinn 3.2.3 RFG)
|
|
3.2.1.
|
Ginearálta:
|
(a)
|
Trí thagairt don mheasúnú ex ante, mínigh an fáth nach féidir leis na gníomhaíochtaí beartais náisiúnta agus gníomhaíochtaí beartais an Aontais atá ann cheana agus atá beartaithe (mír 58 RFG) lena spriocdhírítear ar na teipeanna margaidh céanna a sainaithníodh, mínigh an fáth nach féidir leis na beartais sin aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar na teipeanna margaidh a sainaithníodh (míreanna 92 agus 93 RFG):
…
|
|
(b)
|
Mínigh cén fáth a bhfuil an dearadh is iomchuí ag an ionstraim státchabhrach bheartaithe chun struchtúr cistiúcháin éifeachtúil a áirithiú (míreanna 94 agus 95 RFG):
…
|
|
|
3.2.2.
|
Coinníollacha oiriúnachta le haghaidh ionstraimí airgeadais (roinn 3.2.3.2 RFG):
|
|
1.
|
Íoschóimheasa infheistíochta príobháidí (míreanna 97 go 99 RFG):
|
—
|
Cad é íosráta comhiomlán (is é sin an t-iomlán, lena n-áirítear na leibhéil uile) na rannpháirtíochta neamhspleáiche príobháidí san infheistíocht um maoiniú riosca sa tairbhí deiridh?: … % den mhaoiniú riosca (poiblí agus príobháideach) a sholáthraítear don tairbhí deiridh.
|
|
—
|
I gcás rannpháirtíocht infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha faoi bhun na gcóimheas a cheanglaítear in Airteagal 21, mír 12, de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014, tabhair achoimre ar an bhfianaise eacnamaíoch agus soláthair údar mionsonraithe leis an gcóimheas sin (amhail de réir mhír 97 RFG), faoi threoir an mheasúnaithe ex ante:
…
|
|
—
|
An inghlactha rannpháirtíocht phríobháideach sa scéim ar tugadh fógra ina leith de chineál neamh-neamhspleách (mír 98 RFG)?
|
☐
|
Is inghlactha. Soláthair fianaise eacnamaíoch agus údar ann leis sin:
…
|
|
|
—
|
I gcás gnóthais a fhaigheann an infheistíocht tosaigh um maoiniú riosca agus iad ag oibriú in aon mhargadh ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse incháilitheachta a shocraítear in Airteagal 21, mír 3, litir b, de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ag tráth na chéad infheistíochta um maoiniú riosca (mír 99 RFG), cad iad na srianta oiriúnacha atá sa scéim ar tugadh fógra ina leith? …
|
|
—
|
An bhfuil méid cóimheasa na rannpháirtíochta príobháidí cothrom le híosmhéid 60 % (mír 99 RFG)?
☐Tá ☐Níl
|
|
|
2.
|
Cothromaíocht idir rioscaí agus luaíochtaí idir infheisteoirí poiblí agus príobháideacha (míreanna 100 go 102 RFG):
|
—
|
Maidir le leithdháileadh na rioscaí agus na luaíochtaí idir infheisteoirí poiblí agus príobháideacha mar a thuairiscítear thuas sna ranna maidir leis na hionstraimí airgeadais ábhartha, mínigh cén fáth ar féidir a mheas go bhfuil sé cothrom (míreanna 100 go 102 RFG):
…
|
|
|
3.
|
Cineál na ndreasachtaí atá le cinneadh trí roghnú idirghabhálaithe airgeadais, chomh maith le bainisteoirí ciste nó infheisteoirí (míreanna 103 agus 104 RFG)
Deimhnigh trí thiceáil de réir mar is iomchuí:
|
A.
|
ROGHNÚ IDIRGHABHÁLAITHE AIRGEADAIS A CHUIREANN AN SCÉIM CHUN FEIDHME:
|
(a)
|
Roghnaítear gach ceann de na hidirghabhálaithe airgeadais trí phróiseas oscailte trédhearcach neamh-idirdhealaitheach, trína gcinntear cineál cruinn na ndreasachtaí.
|
☐
|
Ní roghnaítear. Sonraigh an chúis (agus roghnú na n-infheisteoirí á mhíniú):
…
|
—
|
Tabhair tuairisc ar an bpróiseas iomaíoch agus tabhair tuairisc ar an gcaoi a gcomhlíonann an próiseas roghnúcháin na ceanglais, lena n-áirítear (i) na critéir roghnúcháin a liostáiltear sa ghlao ar léirithe spéise, (ii) an eangach mheastóireachta a úsáidtear le haghaidh an scagtha agus (iii) an próiseas dícheall cuí:
…
|
|
—
|
Soláthair an tagairt don fhoráil ábhartha sa bhunús dlí:
…
|
|
—
|
Tabhair tuairisc ar an gcaoi a n-áirithítear comhlíontacht le coinníollacha na bainistíochta tráchtála agus na cinnteoireachta atá dírithe ar bhrabús a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 (Airteagal 21, míreanna 15 agus 16 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014) (mír 172 de RFG):
…
|
|
—
|
Soláthair fianaise agus tagairt don bhunús dlí:
…
|
|
|
|
(b)
|
Mar chuid den phróiseas roghnúcháin seo, ní mór d’idirghabhálaithe airgeadais léiriú a thabhairt ar an gcaoi a rannchuidíonn a straitéis infheistíochta beartaithe le baint amach na gcuspóirí agus na spriocanna beartais (bunaithe ar na táscairí feidhmíochta a shainaithnítear sa mheasúnú ex ante). Cuir isteach, in éineacht leis an bhfógra seo:
|
—
|
Na doiciméid a chuir gach idirghabhálaí airgeadais isteach lena mionsonraítear a straitéis infheistíochta, lena n-áirítear beartas praghsála, agus an chaoi ina rannchuidíonn sí le gach ceann de na cuspóirí agus na spriocanna beartais
|
|
—
|
Soláthair tuairisc mhionsonraithe ar an sásra dá bhforáiltear sa scéim ar tugadh fógra ina leith, trína n-áiritheoidh an Ballstát go bhfanann straitéis infheistíochta na n-idirghabhálaithe ailínithe gach tráth leis na spriocanna beartais a comhaontaíodh (e.g. trí fhaireachán, tuairisciú, rannpháirtíocht sna comhlachtaí ionadaíochta), agus go gceanglaíonn athruithe ábhartha ar an straitéis infheistíochta réamhthoiliú an Bhallstáit:
…
|
|
—
|
Soláthair freisin an tagairt don fhoráil ábhartha sa bhunús dlí:
…
|
|
|
(c)
|
Roghnaítear bainisteoir an idirghabhálaí airgeadais nó na cuideachta bainistíochta (‘an bainisteoir’) trí nós imeachta roghnúcháin oscailte, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus oibiachtúil nó léiríonn luach saothair an bhainisteora go hiomlán leibhéil an mhargaidh.
|
☐
|
Ní roghnaítear. Sonraigh an chúis (lena n-áirítear míniú ar roghnú na n-infheisteoirí):
…
|
—
|
Tabhair tuairisc ar an bpróiseas iomaíoch agus tabhair tuairisc ar an mbealach a chomhlíonann an próiseas roghnúcháin ceanglais an phointe seo:
…
|
|
—
|
Soláthair an tagairt don fhoráil ábhartha sa bhunús dlí ina bhfuil na ceanglais sin:
…
|
|
|
|
(d)
|
☐Éilítear ar bhainisteoirí an chiste cistí gealltanas a thabhairt go dlíthiúil mar chuid dá sainordú infheistíochta na coinníollacha fabhracha a bhféadfadh feidhm a bheith acu ar leibhéal na bhfo-chistí a chinneadh trí phróiseas iomaíoch (mír 103 RFG).
|
|
|
B.
|
ROGHNÚ INFHEISTEOIRÍ PRÍOBHÁIDEACHA
|
☐
|
Roghnaítear na hinfheisteoirí príobháideacha trí phróiseas oscailte trédhearcach neamh-idirdhealaitheach trína gcinntear cineál cruinn na ndreasachtaí (mír 103 RFG).
|
|
—
|
Tabhair tuairisc ar na módúlachtaí chun infheisteoirí príobháideacha a shainaithint agus a roghnú:
…
|
|
|
|
4.
|
Ar a laghad 10 % den phíosa céadchaillteanais á ghlacadh ag an idirghabhálaí airgeadais nó ag an mbainisteoir ciste a chomhinfheistíonn (mír 105 RFG)
|
—
|
I gcás ina gcomhinfheisteoidh an t-idirghabhálaí airgeadais nó an bainisteoir ciste le taobh an Bhallstáit, ba cheart aon choinbhleacht leasa fhéideartha a sheachaint agus ní mór dó ar a laghad 10 % den phíosa céadchaillteanais a thógáil (mír 105 RFG). Deimhnigh gurb amhlaidh an cás (más infheidhme):
…
|
|
|
5.
|
Sásra cur ar aghaidh i gcás ionstraimí fiachais (iasachtaí nó ráthaíochtaí) (mír 106 RFG):
|
(a)
|
☐Déantar foráil sa scéim ar tugadh fógra ina leith maidir le sásra cur ar aghaidh (mar a thugtar tuairisc air i roinn 2.9.1.1.A.) lena n-áirithítear go ndéanann an t-idirghabhálaí airgeadais an buntáiste a fhaigheann sé ón Stát a chur ar aghaidh chuig gnóthais an tairbhí deiridh. Léirigh na forálacha ábhartha sa bhunús dlí:
…
|
|
(b)
|
☐Áirítear socruithe faireacháin leis an sásra cur ar aghaidh, chomh maith le meicníocht aisghlámtha nó sásra conarthach coibhéiseach. Tabhair tuairisc ar na forálacha ábhartha sa bhunús dlí agus léirigh iad:
…
|
|
|
3.2.3.
|
Coinníollacha oiriúnachta le haghaidh ionstraimí fioscacha (roinn 3.2.3.3 RFG):
Chun críocha na gceanglas sin, measfar an fhaisnéis atá soláthartha agat faoi roinn 2.9.2.
|
—
|
Léirigh aon fhaisnéis bhreise a mheasann tú a bheith ábhartha maidir leis na coinníollacha oiriúnachta:
…
|
|
|
3.2.4.
|
Coinníollacha oiriúnachta le haghaidh bearta lena dtacaítear le hardáin trádála mhalartacha (roinn 3.2.3.4 RFG):
Chun críocha na gceanglas seo, measfar an fhaisnéis atá soláthartha agat faoi roinn 2.9.3.
|
—
|
Léirigh aon fhaisnéis bhreise a mheasann tú a bheith ábhartha maidir leis na coinníollacha oiriúnachta:
…
|
|
|
3.3.
|
Comhréireacht na cabhrach (roinn 3.2.4 RFG)
|
|
3.3.1.
|
Comhréireacht i ndáil leis an teip mhargaidh shainaitheanta:
|
—
|
Le haghaidh bearta um maoiniú riosca a bhaineann le rannpháirtíocht ó infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha atá faoi bhun na gcóimheas dá bhforáiltear in Airteagal 21, mír 12, de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014:
|
☐
|
Cuir tic lena dheimhniú agus soláthair achoimre ar an measúnú lena léirítear go soláthraítear leis an measúnú ex ante measúnú mionsonraithe leordhóthanach ar leibhéal agus struchtúr an tsoláthair cistiúcháin phríobháidigh le haghaidh an chineáil gnóthais incháilithe sa limistéar geografach ábhartha agus léirigh nach féidir aghaidh a thabhairt ar an teip mhargaidh a sainaithníodh ná ar bhacainn ábhartha eile le bearta lena gcomhlíontar na ceanglais uile a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 maidir le rannpháirtíocht phríobháideach (mír 63 RFG):
Achoimre:
…
|
|
|
—
|
Le haghaidh infheistíochtaí um maoiniú riosca de mhéideanna atá níos mó ná an t-uasmhéid in aghaidh gnóthas incháilithe EUR 16,5 mhilliún a shocraítear in Airteagal 21(8) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014:
An gcloítear leis an gcaidhp sin a leagtar amach in Airteagal 21(8) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014?
|
☐
|
Ní chloítear. Sonraigh:
…
|
Más infheidhme, an gcainníochtaítear leis an measúnú ex ante an bhearna cistiúcháin freisin (is é sin, an leibhéal éilimh nach bhfuiltear ag freastal air faoi láthair le haghaidh maoiniú ó ghnóthais incháilithe) de dheasca na teipe margaidh a sainaithníodh nó bacainn ábhartha eile?
|
☐
|
Cainníochtaítear. Tabhair achoimre ar an measúnú agus an ríomh a cuireadh i bhfeidhm lena léirítear go sáraíonn an bhearna cistiúcháin ar leibhéal na ngnóthas incháilithe an t-uasmhéid a luaitear thuas. Ba cheart an cainníochtú sin a bheith bunaithe ar na dea-chleachtais agus na modheolaíochtaí atá ar fáil lenar féidir meastachán a dhéanamh ar a mhéid is ann d’éileamh nach bhfuiltear ag freastal air le haghaidh maoiniú, ó na gnóthais spriocdhírithe (míreanna 64 agus 65 RFG):
…
|
Más infheidhme, conas a áirithítear nach mó an t-uasmhéid maoinithe riosca ná an bhearna cistiúcháin a chainníochtaítear? Mínigh:
…
|
—
|
Tabhair tuairisc ar an gcaoi a bhfuil méid iomlán an maoinithe riosca (poiblí agus príobháideach) a sholáthraítear faoin mbeart cabhrach comhréireach (míreanna 133 agus 134 RFG):
…
|
|
—
|
Mínigh, trí thagairt don mheasúnú ex ante, an chaoi a bhfuil cóir fhabhrach infheisteoirí príobháideacha teoranta don íosmhéid is gá chun na híoschóimheasa maidir le rannpháirtíocht chaipitil phríobháidigh a cheanglaítear leis an scéim a bhaint amach (míreanna 135 agus 136 RFG):
…
|
|
|
|
3.3.2.
|
Coinníollacha comhréireachta le haghaidh ionstraimí fioscacha (roinn 3.2.4.1 RFG):
|
|
1.
|
I ndáil leis na hidirghabhálaithe airgeadais / na bainisteoirí ciste:
|
—
|
An gcinntear luach beacht na ndreasachtaí i bpróiseas roghnúcháin na n-idirghabhálaithe airgeadais nó na mbainisteoirí ciste (mír 137 RFG)?
☐Cinntear ☐Ní chinntear
|
|
—
|
Soláthair an fhaisnéis seo a leanas maidir le luach saothair na n-idirghabhálaithe airgeadais nó na mbainisteoirí ciste (mír 145 RFG):
|
|
—
|
An áirítear táille bhainistíochta bhliantúil ann i gcomhréir le RFG (mír 145 RFG)?
|
☐
|
Ní áirítear. Soláthair mionsonraí:
…
|
|
|
—
|
An áirítear dreasachtaí bunaithe ar fheidhmíocht ann, lena n-áirítear dreasachtaí feidhmíochta airgeadais agus dreasachtaí lena mbaineann beartas, i gcomhréir le RFG (mír 146 RFG)?
|
☐
|
Ní áirítear. Soláthair mionsonraí:
…
|
|
|
—
|
Sonraigh cé na pionóis a ndéantar foráil maidir leo i gcás nach gcomhlíontar na spriocanna beartais:
…
|
|
—
|
Sonraigh an luach saothair bunaithe ar fheidhmíocht agus soláthair comparáid le cleachtas an mhargaidh (mír 147 RFG):
…
|
|
—
|
Sonraigh na táillí bainistíochta iomlána agus soláthair comparáid le cleachtas an mhargaidh (mír 148 RFG):
…
|
|
—
|
An ndéantar meastóireacht ar an struchtúr táillí foriomlán mar chuid de scóráil an phróisis roghnúcháin agus den luach saothair uasta a bhunaítear de thoradh an roghnúcháin sin (mír 149 RFG)?
|
☐
|
Ní dhéantar. Tabhair míniú: …
|
|
Más eintitis phoiblí iad an t-idirghabhálaí airgeadais agus a bhainisteoir agus murar roghnaíodh trí nós imeachta roghnúcháin oscailte, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus oibiachtúil iad, cuir tic lena dheimhniú agus soláthair fianaise ar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
☐Mínigh an fáth a measann tú gur ghá eintiteas iontaoibhe a cheapadh go díreach mar idirghabhálaí airgeadais nó mar bhainisteoir ciste:
…
|
|
(b)
|
☐Bainistítear idirghabhálaithe airgeadais poiblí ar bhonn tráchtála agus glacann a gcuid bainisteoirí cinntí infheistíochta ar bhealach atá dírithe ar an mbrabús ar neamhthuilleamaí ón Stát. Tabhair míniú go háirithe ar na sásraí a bhunaítear chun aon chur isteach féideartha ag an Stát i mbainistíocht laethúil an chiste poiblí a eisiamh:
…
|
|
(c)
|
I gcás ina gceaptar eintiteas iontaoibhe go díreach, cad í an táille bhainistíochta bhliantúil atá aige, seachas dreasachtaí bunaithe ar fheidhmíocht?: … % den chaipiteal atá le ranníoc leis an eintiteas. Tabhair faoi deara nár cheart dó 3 % a shárú (mír 150 RFG).
|
|
|
2.
|
I ndáil leis na hinfheisteoirí príobháideacha:
|
—
|
I gcás comhinfheistíocht ag ciste poiblí le hinfheisteoirí príobháideacha rannpháirteach ar bhonn an idirbhirt, an roghnaítear na hinfheisteoirí príobháideacha trí phróiseas iomaíoch ar leithligh i leith gach idirbhirt, chun an ráta toraidh cothrom a bhunú (mír 139 RFG)?
|
☐
|
Roghnaítear. Soláthair fianaise thacaíochta.
|
|
|
—
|
I gcás nach roghnófar infheisteoirí príobháideacha trí phróiseas den sórt sin, an mbunaíonn saineolaí neamhspleách an ráta toraidh cothrom ar bhonn anailís ar thagarmharcanna margaidh agus riosca margaidh ag úsáid mhodh luachála an tsreabhaidh airgid lascainithe, agus lena mionsonraítear ríomh íosleibhéil ráta toraidh chothroim agus lamhála iomchuí chun na rioscaí a léiriú (mír 140 RFG), agus an gcomhlíontar coinníollacha uile mhír 141 RFG?
|
☐
|
Bunaíonn. Más amhlaidh an cás, soláthair an tuarascáil ina bhfuil an mheastóireacht, sainaithin an saineolaí, tabhair tuairisc ar na rialacha atá ann lena cheapadh, agus soláthair an fhianaise ábhartha:
…
|
|
☐
|
Cuir tic lena dheimhniú nach féidir an saineolaí neamhspleách céanna a úsáid faoi dhó laistigh den tréimhse 3 bliana chéanna
|
|
|
—
|
Mínigh conas atá na torthaí coigeartaithe riosca le haghaidh na n-infheisteoirí príobháideacha teoranta don ráta toraidh cothrom (mír 142 RFG):
…
|
|
—
|
Mínigh, ar bhonn an mheasúnaithe ex ante, an t-údar eacnamaíoch leis na paraiméadair airgeadais shonracha atá mar bhonn taca faoin mbeart:
…
|
|
|
3.3.3.
|
Coinníollacha comhréireachta le haghaidh ionstraimí fioscacha (roinn 3.2.4.2 RFG):
Chun críocha na gceanglas sin, measfar an fhaisnéis a sholáthraítear faoi roinn 2.9.2.
|
—
|
Léirigh aon fhaisnéis bhreise a mheasann tú a bheith ábhartha maidir leis na coinníollacha comhréireachta: …
|
|
|
3.3.4.
|
Coinníollacha comhréireachta le haghaidh ardáin trádála mhalartacha (roinn 3.2.4.3. RFG):
Chun críocha na gceanglas sin, measfar an fhaisnéis a sholáthraítear faoi roinn 2.9.3.
|
—
|
Léirigh aon fhaisnéis bhreise a mheasann tú a bheith ábhartha maidir leis na coinníollacha comhréireachta: …
|
|
|
3.4.
|
Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil (roinn 3.2.5 RFG)
|
—
|
Soláthair, mar chuid den mheasúnú ex ante, faisnéis faoi éifeachtaí diúltacha féideartha na scéime ar tugadh fógra ina leith. Ba cheart a áireamh inti na héifeachtaí diúltacha féideartha ar na trí leibhéal uile, is é sin sa mhargadh chun maoiniú riosca a sholáthar (e.g. an riosca maidir le plódú infheisteoirí príobháideacha), ar leibhéal idirghabhálaithe airgeadais agus a mbainisteoirí, agus ar leibhéal tairbhithe deiridh (lena n-áirítear sna margaí ina bhfuil na tairbhithe gníomhach):
…
|
|
—
|
An áirithítear leis an scéim ar tugadh fógra ina leith nach bhfuil ach na gnóthais a d’fhéadfadh a bheith inmharthana agus na gnóthais sin amháin spriocdhírithe le státchabhair um maoiniú riosca (mír 171 RFG)?
|
☐
|
Áirithítear. Tabhair tuairisc ar an gcaoi ina n-áirithítear an méid sin agus léirigh na forálacha ábhartha sa bhunús dlí: …
|
|
|
—
|
An bhfuil an scéim ar tugadh fógra ina leith teoranta go geografach nó go réigiúnach (mír 173 RFG)?
|
|
—
|
An bhfuil an scéim ar tugadh fógra ina leith teoranta sa bhunús dlí (de iure) d’earnálacha sonracha (mír 174 RFG)?
|
|
—
|
Sa chleachtas, an bhfuil an scéim ar tugadh fógra ina leith spriocdhírithe ar earnálacha áirithe?
|
|
—
|
Conas a dhéantar na héifeachtaí diúltacha a íoslaghdú a oiread agus is féidir?
…
|
|
|
3.5.
|
Trédhearcacht (roinn 3.2.6 RFG)
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát na ceanglais maidir le trédhearcacht dá bhforáiltear i roinn 3.2-6 RFG agus san iarscríbhinn.
|
|
4.
|
CARNADH NA CABHRACH
Féadfaidh cabhair um maoiniú riosca a bheith carntha le bearta státchabhrach eile gan costais incháilithe in-sainaitheanta, nó le cabhair de minimis, suas leis an uasteorainn maoiniúcháin iomlán ábhartha is airde in imthosca sonracha gach cáis le rialachán blocdhíolúine nó cinneadh a ghlacann an Coimisiún (mír 159 RFG).
|
☐
|
Cuir tic lena dheimhniú go gcomhlíontar an riail seo.
|
|
—
|
Soláthair tagairt don bhunús dlí:
…
|
|
—
|
Mínigh cén bealach a bhaintear amach comhréireacht leis na rialacha carntha:
…
|
|
|
5.
|
FAISNÉIS EILE
Léirigh anseo aon fhaisnéis eile a mheasann tú a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt nó na mbeart lena mbaineann faoi RFG:
…’
|
|
|
(f)
|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid III.8:
‘CUID III.8
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ CHUN FÓGRA A THABHAIRT MAIDIR LE PLEAN MEASTÓIREACHTA
Úsáidfidh na Ballstáit an bhileog seo chun fógra a thabhairt faoi phlean meastóireachta de bhun Airteagal 1(2), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún
(464)
, Airteagal 1(3), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2472 ón gCoimisiún
(465)
nó Airteagal 1(7), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2473 ón gCoimisiún
(466)
agus i gcás scéim cabhrach ar tugadh fógra ina leith faoi réir meastóireacht dá bhforáiltear sna treoirlínte ábhartha ón gCoimisiún.
Féach an Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin ‘Common methodology for State aid evaluation’ [Modheolaíocht choiteann chun meastóireacht a dhéanamh ar státchabhair]
(467)
chun treoir a fháil maidir le plean meastóireachta a dhréachtú.
|
1.
|
SAINAITHINT NA SCÉIME CABHRACH AR A BHFUIL MEASTÓIREACHT LE DÉANAMH
|
|
1.
|
Teideal na scéime cabhrach:
…
|
|
2.
|
An mbaineann an plean meastóireachta leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
☐scéim faoi réir meastóireacht de bhun Airteagal 1(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014?
|
|
(b)
|
☐scéim faoi réir meastóireacht de bhun Airteagal 1(3), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2472?
|
|
(c)
|
☐scéim faoi réir meastóireacht de bhun Airteagal 1(7), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2473?
|
|
(d)
|
☐scéim a dtugtar fógra ina leith don Choimisiún de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh?
Sonraigh uimhir SA na scéime: …
|
|
|
3.
|
Léirigh líon SA na scéimeanna státchabhrach go léir roimhe seo agus na scéimeanna atá ar siúl faoi láthair lena mbaineann an cuspóir céanna agus an limistéar geografach céanna. Sonraigh an raibh aon cheann de na scéimeanna sin ina réamhtheachtaí den scéim cabhrach atá ann faoi láthair.
…
An ndearnadh aon cheann de na scéimeanna státchabhrach liostaithe thuas a mheas ar bhonn ex post?
☐Rinneadh ☐Ní dhearnadh
|
|
3.1.
|
Má rinneadh, tabhair achoimre ghearr ar phríomhthorthaí na meastóireachta (meastóireachtaí ex post (más ábhartha, le tagairt agus nasc).
…
|
|
3.2.
|
Tabhair tuairisc, le do thoil, ar an dóigh ar cuireadh torthaí na meastóireachtaí sin san áireamh i ndearadh na scéime nua.
…
|
|
4.
|
Liostaigh aon mheastóireacht ex ante nó aon mheasúnú tionchair atá ann cheana le haghaidh na scéime cabhrach. Le haghaidh gach ceann de na staidéir sin, soláthair an fhaisnéis seo a leanas: (a) tuairisc achomair ar chuspóirí an staidéir, ar na modheolaíochtaí a úsáideadh, ar na torthaí agus na conclúidí, agus (b) dúshláin shonracha a d’fhéadfadh a bheith roimh na meastóireachtaí agus na staidéir ó thaobh modheolaíochta de, mar shampla infhaighteacht sonraí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an bplean meastóireachta atá ann faoi láthair. Más iomchuí, sainaithin réimsí nó ábhair ábhartha nach gcumhdaítear leis na pleananna meastóireachta roimhe sin agus ar cheart iad a bheith faoi réir na meastóireachta atá ann faoi láthair. Soláthair na hachoimrí ar na meastóireachtaí agus ar na staidéir sin san iarscríbhinn agus, nuair atá siad ar fáil, na naisc idirlín chuig na doiciméid lena mbaineann:
…
|
|
2.
|
CUSPÓIRÍ NA SCÉIME CABHRACH AR A BHFUIL MEASTÓIREACHT LE DÉANAMH
|
|
1.
|
Soláthair tuairisc ar an scéim cabhrach lena sonraítear na riachtanais agus na fadhbanna a mbeartaítear aghaidh a thabhairt orthu leis an scéim agus catagóirí beartaithe na dtairbhithe, mar shampla méid, earnálacha, suíomh, líon táscach:
…
|
|
2.
|
Léirigh cuspóirí na scéime agus an tionchar a bhfuil coinne leis, ar leibhéal na dtairbhithe beartaithe agus a mhéid a bhaineann leis an gcuspóir leasa choitinn:
…
|
|
3.
|
Léirigh éifeachtaí diúltacha féideartha, ar na tairbhithe cabhrach nó ar an ngeilleagar níos leithne, a d’fhéadfadh a bheith bainteach go díreach nó go hindíreach leis an scéim cabhrach (468):
…
|
|
4.
|
Léirigh (a) an buiséad bliantúil atá pleanáilte faoin scéim, (b) fad beartaithe na scéime (469), (c) an ionstraim chabhrach nó na hionstraimí cabhrach agus (d) na costais incháilithe:
…
|
|
5.
|
Soláthair achoimre ar na critéir incháilitheachta agus na modhanna chun na tairbhithe cabhrach a roghnú. Go háirithe, tabhair tuairisc ar an méid seo a leanas: (a) na modhanna a úsáidtear chun tairbhithe a roghnú (e.g. amhail scóráil), (b) an buiséad táscach atá ar fáil le haghaidh gach grúpa tairbhithe, (c) an dóchúlacht go gcaithfí an buiséad le haghaidh grúpaí áirithe tairbhithe, (d) na rialacha scórála, má úsáidtear sa scéim iad, (e) na tairseacha déine cabhrach agus (f) na critéir a chuirfidh an t-údarás a dheonaíonn an chabhair san áireamh nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar iarratais:
…
|
|
6.
|
Luaigh srianta nó rioscaí sonracha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme na scéime, a tionchair a bhfuil coinne leo agus baint amach a cuspóirí:
…
|
|
3.
|
CEISTEANNA MEASTÓIREACHTA
|
|
1.
|
Léirigh na ceisteanna sonracha ar cheart aghaidh a thabhairt orthu leis an meastóireacht trí fhianaise chainníochtúil a sholáthar ar thionchar na cabhrach. Déan idirdhealú idir (a) ceisteanna a bhaineann le tionchar díreach na cabhrach ar na tairbhithe, (b) ceisteanna a bhaineann leis na tionchair dhíreacha agus (c) ceisteanna a bhaineann le comhréireacht agus oiriúnacht na cabhrach. Mínigh conas a bhaineann na ceisteanna meastóireachta le cuspóirí na scéime:
…
|
|
1.
|
Úsáid an tábla seo a leanas chun tuairisc a thabhairt ar na táscairí a thógfar chun torthaí na scéime a thomhas, chomh maith leis na hathróga rialúcháin ábhartha, lena n-áirítear na foinsí sonraí, agus an bealach a chomhfhreagraíonn gach táscaire toraidh do na ceisteanna meastóireachta. Go háirithe, luaigh (a) an cheist mheastóireachta ábhartha, (b) an táscaire, (c) an fhoinse sonraí, (d) minicíocht bailiúcháin na sonraí (mar shampla, go bliantúil, go míosúil, etc.), (e) an leibhéal ar a mbailítear na sonraí (mar shampla, an leibhéal gnólachta, an leibhéal bunaíochta, an leibhéal réigiúnach, etc.), (f) an daonra a chumhdaítear san fhoinse sonraí (mar shampla, tairbhithe cabhrach, neamhthairbhithe, na gnólachtaí uile, etc.):
|
Ceist mheastóireachta
|
Táscaire
|
Foinse
|
Minicíocht
|
Leibhéal
|
Daonra
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Mínigh cén fáth a bhfuil na táscairí roghnaithe ar na táscairí is ábhartha chun an tionchar a bhfuil coinne leis ón scéim a thomhas:
…
|
|
5.
|
NA MODHANNA A BHFUIL SÉ BEARTAITHE AN MHEASTÓIREACHT A DHÉANAMH
|
|
1.
|
I bhfianaise na gceisteanna meastóireachta, tabhair tuairisc ar na modhanna beartaithe atá le húsáid sa mheastóireacht chun tionchar cúisíoch na cabhrach ar na tairbhithe a shainaithint agus chun measúnú a dhéanamh ar thionchair dhíreacha eile. Go háirithe mínigh na cúiseanna leis na modhanna sin a roghnú agus le modhanna eile a dhiúltú (mar shampla, cúiseanna a bhaineann le dearadh na scéime) (470):
…
|
|
2.
|
Tabhair tuairisc bheacht ar an straitéis sainaitheantais le haghaidh na meastóireachta ar thionchar cúisíoch na cabhrach, sin agus ar na toimhdí ar a bhfuil an straitéis ag brath. Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar chomhdhéanamh agus tábhacht an ghrúpa rialúcháin:
…
|
|
3.
|
Mínigh conas a thugtar aghaidh leis na modhanna a bheartaítear ar chlaonadh roghnúcháin féideartha. An féidir a mhaíomh le leibhéal leordhóthanach cinnteachta gurb éard is cúis leis na difríochtaí a breathnaíodh sna torthaí le haghaidh na dtairbhithe cabhrach ná an chabhair?
…
|
|
4.
|
Más ábhartha, mínigh conas atá sé beartaithe aghaidh a thabhairt leis na modhanna atá beartaithe ar dhúshláin shonracha a bhaineann le scéimeanna casta, scéimeanna a chuirtear chun feidhme ar bhealach difreáilte ar an leibhéal réigiúnach agus scéimeanna a úsáideann roinnt ionstraimí cabhrach éagsúla, mar shampla:
…
|
|
1.
|
Soláthair faisnéis maidir leis na sásraí agus na foinsí a bhaineann le sonraí a bhailiú agus a phróiseáil maidir leis na tairbhithe cabhrach agus leis an gcás frithfhíorasach atá beartaithe. (471) Soláthair tuairisc ar an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis an gcéim roghnúcháin: sonraí a bhailítear ar iarratasóirí cabhrach, sonraí atá curtha isteach ag iarratasóirí agus torthaí roghnúcháin. Mínigh aon saincheist fhéideartha a mhéid a bhaineann le hinfhaighteacht sonraí:
…
|
|
2.
|
Soláthair faisnéis maidir le minicíocht an bhailiúcháin sonraí atá ábhartha don mheastóireacht. An bhfuil barúlacha ar fáil ar leibhéal sách imdhealaithe, is é sin ar leibhéal gnóthas aonair?
…
|
|
3.
|
Léirigh cé acu a d’fhéadfadh sé nó nach bhféadfadh sé go gcuirfí bac ar an rochtain ar na sonraí is gá chun meastóireacht a dhéanamh le dlíthe agus rialacháin lena rialaítear rúndacht sonraí agus conas a thabharfaí aghaidh ar na saincheisteanna sin. Luaigh dúshláin fhéideartha eile a bhaineann le bailiú sonraí agus conas a shárófaí iad:
…
|
|
4.
|
Léirigh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar foráil maidir le suirbhéanna ar thairbhithe cabhrach nó ar ghnóthais eile agus cé acu a bheartaítear nó nach mbeartaítear foinsí comhlántacha faisnéise a úsáid:
…
|
|
7.
|
AMLÍNE BHEARTAITHE NA MEASTÓIREACHTA
|
|
1.
|
Léirigh amlíne bheartaithe na meastóireachta, lena n-áirítear garspriocanna le haghaidh bailiú sonraí, tuarascálacha eatramhacha agus rannpháirtíocht páirtithe leasmhara. Más ábhartha, soláthair iarscríbhinn lena mionsonraítear an amlíne atá beartaithe:
…
|
|
2.
|
Léirigh an dáta faoina gcuirfear an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach faoi bhráid an Choimisiúin:
…
|
|
3.
|
Luaigh tosca lena bhféadfaí difear a dhéanamh don amlíne atá beartaithe:
…
|
|
8.
|
AN COMHLACHT A DHÉANANN AN MHEASTÓIREACHT
|
|
1.
|
Soláthair faisnéis shonrach maidir leis an gcomhlacht a dhéanann an mheastóireacht nó, mura bhfuil sé roghnaithe fós, maidir leis an amlíne, an nós imeachta agus na critéir lena roghnú:
…
|
|
2.
|
Soláthair faisnéis maidir le neamhspleáchas an chomhlachta a dhéanann an mheastóireacht agus le conas a eisiafar coinbhleacht leasa fhéideartha le linn an phróisis roghnúcháin:
…
|
|
3.
|
Léirigh an taithí agus na scileanna ábhartha atá ag an gcomhlacht a dhéanann an mheastóireacht nó an bealach a áiritheofar na scileanna sin le linn an phróisis roghnúcháin:
…
|
|
4.
|
Léirigh na socruithe a dhéanfaidh an t-údarás deonúcháin chun déanamh na meastóireachta a bhainistiú agus chun faireachán a dhéanamh air:
…
|
|
5.
|
Soláthair faisnéis, fiú más de chineál táscach amháin í, maidir leis na hacmhainní daonna agus airgeadais is gá agus a chuirfear ar fáil chun an mheastóireacht a dhéanamh:
…
|
|
9.
|
POIBLÍOCHT NA MEASTÓIREACHTA
|
|
1.
|
Soláthair faisnéis maidir leis an mbealach a phoibleofar an mheastóireacht, is é sin, trí fhoilsiú an phlean meastóireachta agus na tuarascála meastóireachta críochnaithí ar shuíomh gréasáin:
…
|
|
2.
|
Léirigh conas a áiritheofar rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara. Léirigh cé acu atá nó nach bhfuil eagrú comhairliúchán poiblí nó teagmhas a bhaineann leis an meastóireacht beartaithe:
…
|
|
3.
|
Sonraigh conas a bheartaíonn an t-údarás deonúcháin agus comhlachtaí eile na torthaí meastóireachta a úsáid, mar shampla chun comharbaí na scéime a dhearadh nó le haghaidh scéimeanna comhchosúla:
…
|
|
4.
|
Léirigh cé acu a bheidh nó nach mbeidh sonraí a bhailítear chun na críche sin nó a úsáidtear le haghaidh na meastóireachta inrochtana le haghaidh staidéir agus anailís bhreise agus léirigh na coinníollacha faoinarb amhlaidh sin:
…
|
|
5.
|
Léirigh cé acu atá nó nach bhfuil faisnéis rúnda sa phlean meastóireachta nár cheart don Choimisiún í a nochtadh:
…
|
|
1.
|
Léirigh anseo aon fhaisnéis eile a mheasann tú a bheith ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an bplean meastóireachta:
…
|
|
2.
|
Liostaigh na doiciméid uile atá curtha i gceangal leis an bhfógra seo agus soláthair cóipeanna páipéir nó naisc idirlín dhíreacha chuig na doiciméid lena mbaineann:
…’
|
|
|
(g)
|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid III.12:
‘CUID III.12
BILEOG FAISNÉISE GINEARÁLTA LE hAGHAIDH TREOIRLÍNTE LE hAGHAIDH STÁTCHABHRACH IN EARNÁLACHA NA TALMHAÍOCHTA AGUS NA FORAOISEACHTA AGUS I LIMISTÉIR THUAITHE
Tabhair faoi deara go bhfuil feidhm ag an mbileog faisnéise ginearálta seo maidir le fógra a thabhairt maidir le státchabhair i ndáil le gach earnáil a chumhdaítear faoi Threoirlínte an Aontais le haghaidh státchabhrach in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe
(472)
(‘na Treoirlínte’). Ina theannta sin, le haghaidh gach birt a chumhdaítear leis na Treoirlínte, ní mór an Bhileog Faisnéise Forlíontaí ábhartha a líonadh amach.
MEASÚNÚ COMHOIRIÚNACHTA DE BHUN AIRTEAGAL 107(3), POINTE (C) DEN CHONRADH
Ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’), féadfaidh an Coimisiún a mheas go bhfuil Státchabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, is é sin cabhair chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe a éascú, i gcás nach n-athróidh an chabhair sin dálaí trádála a mhéid a bheadh bunoscionn leis an leas comhchoiteann. Chun an measúnú a dhéanamh, breathnóidh an Coimisiún na gnéithe a dtugtar tuairisc orthu san fhoirm seo.
|
1.
|
An gcomhlíonann an beart státchabhrach na coinníollacha seo a leanas?
An chéad choinníoll:
|
☐
|
an ghníomhaíocht eacnamaíoch lena mbaineann a shainaithint;
|
|
☐
|
an éifeacht dreasachta: ní mór don chabhair athrú a bhaint amach ar iompraíocht an ghnóthais/na ngnóthas lena mbaineann ar bhealach go dtugann sé faoi ghníomhaíocht bhreise nach mbeadh déanta aige gan an chabhair nó a bheadh déanta aige ar bhealach srianta nó éagsúil;
|
|
☐
|
ní sháraíonn an chabhair forálacha ábhartha ná prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais.
|
An dara coinníoll:
|
☐
|
an gá atá le hidirghabháil Stáit: ní mór don bheart cabhrach feabhsú ábhartha a dhéanamh nach féidir leis an margadh féin a sholáthar, mar shampla, trí theip mhargaidh a leigheas nó trí aghaidh a thabhairt ar imní maidir le cothromas nó le comhtháthú i gcás inarb infheidhme;
|
|
☐
|
oiriúnacht na cabhrach: Is gá gur ionstraim beartais iomchuí a bheadh sa bheart cabhrach a bheartaítear chun forbairt na gníomhaíochta eacnamaíche a éascú;
|
|
☐
|
comhréireacht na cabhrach (cabhair teoranta don íosmhéid is gá): ní mór an méid cabhrach agus déine na cabhrach a bheith teoranta don íosmhéid is gá chun an infheistíocht bhreise nó an ghníomhaíocht bhreise ag an ngnóthas / ag na gnóthais lena mbaineann a spreagadh;
|
|
☐
|
trédhearcacht na cabhrach: Ní mór rochtain éasca a bheith ag Ballstáit, ag an gCoimisiún, ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag an bpobal ar na hionstraimí ábhartha ar fad agus ar fhaisnéis ábhartha maidir leis an gcabhair a dheonaítear fúthu;
|
|
☐
|
seachaint éifeachtaí díobhálacha diúltacha na cabhrach ar an iomaíocht agus ar an trádáil;
|
|
☐
|
na héifeachtaí dearfacha agus diúltacha ar féidir a bheith ag cabhair ar an iomaíocht agus ar an trádáil idir na Ballstáit a mheas (tástáil cothromúcháin).
|
|
|
1.
|
AN CHÉAD CHOINNÍOLL: NÍ MÓR DON CHABHAIR GNÍOMHAÍOCHT EACNAMAÍOCH A ÉASCÚ
|
|
1.1.
|
Rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche dá dtugtar cabhair
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a chur ar fáil, féach roinn 3.1.1. (pointí 42 – 45) de na Treoirlínte.
|
|
1.1.1.
|
Le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin ‘cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann’. Dá bhrí sin, le cabhair chomhoiriúnach faoin bhforáil sin den Chonradh ní mór rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe.
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe (42) de na Treoirlínte, soláthair faisnéis a chuirfeadh ar chumas an Choimisiúin an ghníomhaíocht eacnamaíoch/na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar mar thoradh ar an gcabhair a aithint, agus léirigh conas a éascaíonn an chabhair forbairt na gníomhaíochta nó na ngníomhaíochtaí sin:
…
|
|
1.1.2.
|
Tabhair tuairisc freisin an rannchuideoidh an chabhair le cuspóirí CBT a bhaint amach agus, má rannchuideoidh, conas a rannchuideoidh sí, agus laistigh den bheartas sin maidir le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (473) a bhaint amach agus tuairisc níos sonraí a thabhairt ar na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo ón gcabhair:
…
Tabhair faoi deara go bhfuil an fhaisnéis seo riachtanach don Choimisiún chun measúnú a dhéanamh féachaint an gcomhlíonann an chabhair pointe (44) de na Treoirlínte.
|
|
1.1.3.
|
An i bhfabhar beart bainistithe riosca agus géarchéime a dheonaítear i gcomhréir le Cuid II, Roinn 1.2. de na Treoirlínte atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, sonraigh na bearta bainistithe riosca agus géarchéime lena mbaineann:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (45), go measann an Coimisiún gur féidir le cabhair i bhfabhar beart bainistithe riosca agus beart bainistithe géarchéime arna ndeonú i gcomhréir le Cuid II, Roinn 1.2. de na Treoirlínte forbairt na gníomhaíochta nó an limistéir eacnamaíoch shainaitheanta a éascú, ós rud é nach bhféadfar forbairt den sórt sin a dhéanamh a mhéid céanna gan chabhair.
|
|
1.1.4.
|
An le haghaidh tionscadail infheistíochta a dtugtar fógra ina leith go haonarach ar bhonn scéime atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, sonraigh go rannchuideoidh an tionscadal roghnaithe le cuspóirí na scéime agus dá bhrí sin le cuspóirí na cabhrach in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe. Chun na críche sin, féach ceist 2.6. na Bileoige Faisnéise seo, ceist lena n-éilítear an fhaisnéis maidir le héifeachtaí dearfacha na cabhrach le haghaidh infheistíochta.
…
|
|
1.2.
|
Éifeacht dreasachta
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a chur ar fáil, féach roinn 3.1.2. (pointí 47 - 60) de na Treoirlínte.
Ní féidir a chinneadh go bhfuil státchabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ach amháin má tá éifeacht dreasachta aici. Tá éifeacht dreasachta ann nuair a athraíonn an chabhair iompraíocht gnóthais ar bhealach go dtugann sé faoi ghníomhaíocht bhreise, a rannchuidíonn le forbairt na hearnála agus nach mbeadh déanta aige gan an chabhair nó nach mbeadh déanta aige ach ar bhealach sriantach nó éagsúil.
|
|
1.2.1.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe 47 de na Treoirlínte, mínigh cén chaoi a dtugann na bearta ar ghnóthas an tairbhí a iompar a athrú sa chaoi go ngabhann sé do ghníomhaíocht eacnamaíoch bhreise a rannchuidíonn le forbairt na hearnála, rud nach ndéanfadh an tairbhí, nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó éagsúil, murach an chabhair.
…
|
|
1.2.2.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach bhfóirdheonaítear costais ghníomhaíochta leis an gcabhair, a bheadh tabhaithe ag gnóthas in aon chás, agus nach cúiteamh a bheidh inti as an ngnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (47) de na Treoirlínte, nach mór nach bhfóirdheonaítear costais ghníomhaíochta leis an gcabhair, a bheadh tabhaithe ag gnóthas in aon chás, agus nach mór nach cúiteamh atá inti as an ngnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch.
|
|
1.2.3.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach é atá i gceist leis an mbeart státchabhrach ar tugadh fógra faoi gan a dhéanamh ach feabhas a chur ar staid airgeadais na ngnóthas, agus gan rannchuidiú ar chor ar bith le forbairt na hearnála:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (48) de na Treoirlínte, mura ndéantar foráil go sainráite maidir le heisceachtaí i reachtaíocht an Aontais nó sna Treoirlínte, i dtaca le bearta státchabhrach arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar staid airgeadais gnóthas, agus sin amháin, ach nach bhfuil ina rannchuidiú ar bhealach ar bith le forbairt na hearnála, agus go háirithe cabhair nach ndeonaítear ach amháin ar bhonn an phraghais, na cainníochta, an aonaid táirgeachta nó aonad an mhodha táirgeachta, meastar gur cabhair oibriúcháin iad na bearta sin atá neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Ina theannta sin, i ngeall ar chineál na cabhrach sin, is dócha go gcuirfidh cabhair den sórt sin isteach ar na sásraí lena rialaítear eagrú an mhargaidh inmheánaigh.
|
|
1.2.4.
|
An bhfuil an chabhair a dheonaítear faoi Chuid II, Ranna 1.2 agus 2.8.5 de na Treoirlínte teoranta do chuidiú a thabhairt do ghnóthais atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta a bhfuil deacrachtaí éagsúla le sárú acu d’ainneoin iarrachtaí réasúnta a bheith déanta acu chun priacail den sórt sin a íoslaghdú?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (49) de na Treoirlínte, gur cheart cabhair a dheonaítear faoi Chuid II, Ranna 1.2 agus 2.8.5 a bheith teoranta do chuidiú a thabhairt do ghnóthais atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta a bhfuil deacrachtaí éagsúla le sárú acu d’ainneoin iarrachtaí réasúnta a bheith déanta acu chun priacail den sórt sin a íoslaghdú. Níor cheart é a bheith d’éifeacht le státchabhair gnóthais a mhealladh chun rioscaí neamhriachtanacha a ghlacadh. Ba cheart do ghnóthais atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta a bheith freagrach iad féin as na hiarmhairtí a bhaineann le roghanna místuama a dhéanamh i dtaca le modhanna táirgeachta nó táirgí.
|
|
1.2.5.
|
An gcuirfidh an tairbhí iarratas ar an gcabhair faoi bhráid na n-údarás náisiúnta sula gcuirfear tús le haon obair ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht?
☐cuirfidh ☐ní chuirfidh
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (50) de na Treoirlínte, nach dreasacht í cabhair don tairbhí i gcás ar bith ina mbeidh obair ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht ábhartha tosaithe sula gcuirfidh an tairbhí an t-iarratas ar chabhair faoi bhráid na n-údarás náisiúnta.
|
|
1.2.6.
|
An mbeidh ainm an iarratasóra agus méid an ghnóthais, tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear a shuíomh agus na dátaí tosaigh agus deiridh, an méid cabhrach is gá chun é a dhéanamh agus na costais incháilithe san iarratas ar chabhair ar a laghad?
☐beidh ☐ní bheidh
|
|
1.2.7.
|
An d’fhiontair mhóra a dheonófar an chabhair?
☐is ea ☐ní hea
|
|
1.2.8.
|
Más ‘is ea’ an freagra ar an gceist roimhe seo, na tairbhithe ar fiontair mhóra iad, an míneoidh siad san iarratas ar chabhair an cás atá i gceist agus gan an chabhair ann (dá ngairtear an cás frithfhíorasach nó an tionscadal nó gníomhaíocht mhalartach) agus an gcuirfidh siad fianaise dhoiciméadach isteach chun tacú leis an gcás frithfhíorasach a dtugtar tuairisc air san iarratas?
☐míneoidh/cuirfidh ☐ní mhíneoidh/ní chuirfidh
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (52) de na Treoirlínte, nach bhfuil feidhm ag an gceanglas sin maidir le bardais, ar údaráis áitiúla fhéinrialaitheacha iad ag a bhfuil buiséad bliantúil níos lú ná EUR 10 milliún agus níos lú ná 5 000 áitritheoir.
|
|
1.2.9.
|
An amhlaidh go ndéanfaidh an t-údarás deonúcháin seiceáil um inchreidteacht ar an gcás frithfhíorasach agus go ndeimhneoidh sé an éifeacht dreasachta is gá a bheith ag an gcabhair?
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (53) de na Treoirlínte, go mbíonn cás frithfhíorasach inchreidte má bhíonn sé fíor agus má bhaineann sé leis na tosca cinnteoireachta atá forleathan tráth an chinnidh ag an tairbhí maidir leis an tionscadal nó gníomhaíocht lena mbaineann.
|
|
1.2.10.
|
Más i bhfoirm buntáistí cánach atá an chabhair á deonú, an gcomhlíontar na coinníollacha a leanas?
|
(a)
|
leis an scéim cabhrach, bunaítear ceart chun cabhrach i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus gan discréid an Bhallstáit a fheidhmiú a thuilleadh; agus
|
|
(b)
|
glacadh an scéim cabhrach agus bhí sí i bhfeidhm sular thosaigh obair ar an tionscadal nó gníomhaíocht a fhaigheann cabhair (474)?
☐comhlíontar ☐ní chomhlíontar
|
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (54) de na Treoirlínte, go meastar go bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair i bhfoirm buntáistí cánach má chomhlíontar an dá choinníoll thuas. De bhun phointe (54) de na Treoirlínte, níl feidhm ag an gceanglas dá dtagraítear i bpointe (b) den cheist seo i gcás scéimeanna comharbachta fioscacha, ar choinníoll gur cumhdaíodh an ghníomhaíocht cheana leis na scéimeanna a bhí ann roimhe sin i bhfoirm buntáistí cánach.
|
|
1.2.11.
|
An dtagann an chabhair faoi cheann de na catagóirí cabhrach a leanas de na Treoirlínte?
|
(a)
|
☐scéimeanna cabhrach le haghaidh comhdhlúthú talún i gcomhréir le Cuid II, Roinn 1.3.6 agus Roinn 2.9.2 de na Treoirlínte agus scéimeanna cabhrach ag a bhfuil cuspóirí éiceolaíochta, cosanta agus áineasa i gcomhréir le Cuid II, Roinn 2.8 de na Treoirlínte agus na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:
|
(i)
|
☐leis an scéim cabhrach, bunaítear ceart chun cabhrach i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus gan discréid an Bhallstáit a fheidhmiú a thuilleadh;
|
|
(ii)
|
☐glacadh an scéim cabhrach agus bhí sí i bhfeidhm sular thabhaigh an tairbhí na costais incháilithe i gcomhréir le Cuid II, Ranna 1.3.6 agus 2.9.2 agus Roinn 2.8 de na Treoirlínte; agus
|
|
(iii)
|
☐ní chumhdaítear ach FBManna leis an scéim cabhrach.
|
|
|
(b)
|
☐cabhair le haghaidh míbhuntáistí a eascraíonn as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar i gcomhréir le Cuid II, Roinn 1.1.6 de na Treoirlínte;
|
|
(c)
|
☐cabhair do limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta sonracha eile a bhaineann go sonrach le limistéar le sárú acu i gcomhréir le Cuid II, Roinn 1.1.7 de na Treoirlínte;
|
|
(d)
|
☐cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí faisnéise in earnáil na talmhaíochta i gcomhréir le Cuid II, Roinn 1.1.10.1 de na Treoirlínte, arb é atá i gceist leis an fhaisnéis a chur ar fáil do líon neamhshainithe tairbhithe;
|
|
(e)
|
☐cabhair chun an damáiste arna dhéanamh de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla a shlánú i gcomhréir le Cuid II, Roinn 1.2.1.1 de na Treoirlínte;
|
|
(f)
|
☐cabhair chun cúiteamh a dhéanamh as an damáiste a tharla de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide ar féidir iad a asamhlú ina dtubaistí nádúrtha i gcomhréir le Cuid II, Roinn 1.2.1.2 de na Treoirlínte;
|
|
(g)
|
☐cabhair chun cúiteamh a dhéanamh as na costais a bhaineann le galair ainmhithe, lotnaidí plandaí agus inmhíolú speiceas coimhthíoch ionrach a chosc, a rialú agus a dhíothú agus cabhair chun an damáiste a rinne galair ainmhithe, lotnaidí plandaí agus speicis choimhthíocha ionracha a shlánú i gcomhréir le Cuid II, Roinn 1.2.1.3 de na Treoirlínte;
|
|
(h)
|
☐cabhair chun costais a bhaineann le stoc a fuair bás a bhaint agus a scriosadh i gcomhréir le Cuid II, Roinn 1.2.1.4 de na Treoirlínte;
|
|
(i)
|
☐cabhair chun cúiteamh a dhéanamh as an damáiste a dhéanann ainmhithe cosanta i gcomhréir le Cuid II, Roinn 1.2.1.5 de na Treoirlínte;
|
|
(j)
|
☐cabhair chun an damáiste a dhéantar i bhforaoisí de bharr ainmhithe cosanta a shlánú i gcomhréir le Cuid II, Roinn 2.8.5 de na Treoirlínte;
|
|
(k)
|
☐cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí faisnéise in earnáil na foraoiseachta i gcomhréir le Cuid II, Roinn 2.4 de na Treoirlínte, arb é atá i gceist leis an fhaisnéis a chur ar fáil do líon neamhshainithe tairbhithe;
|
|
(l)
|
☐cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite ar an ngabháltas talmhaíochta i gcomhréir le Cuid II, Roinn 1.1.1.2 de na Treoirlínte, seachas cabhair aonair is mó ná EUR 500 000 in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail infheistíochta;
|
|
(m)
|
☐cabhair le haghaidh bearta fógraíochta i gcomhréir le pointe (468)(b), (c) agus (d) de na Treoirlínte;
|
|
(n)
|
☐cabhair chun costais bhreise iompair a chúiteamh i gcomhréir le pointí (480) agus (481) agus de na Treoirlínte;
|
|
(o)
|
☐cabhair le haghaidh taighde agus forbairt in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta i gcomhréir le Cuid II, Ranna 1.3.7 agus 2.9.1. de na Treoirlínte;
|
|
(p)
|
☐cabhair chun damáiste d’fhoraoisí a athchóiriú, ar damáiste é a tharla de dheasca dóiteáin foraoise, tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide, lotnaidí plandaí, galair ainmhithe, teagmhais thurraingeacha agus teagmhais a bhaineann leis an athrú aeráide i gcomhréir le Cuid II, Roinn 2.1.3 de na Treoirlínte;
|
|
(q)
|
☐cabhair do na costais a bhaineann le cóireáil agus leathadh lotnaidí, galar crann agus speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus cabhair chun an damáiste de dheasca na lotnaidí, na ngalar crainn agus na speiceas coimhthíoch ionrach a shlánú i gcomhréir le Cuid II, Roinn 2.8.1 de na Treoirlínte;
|
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (55) de na Treoirlínte, nach gá éifeacht dreasachta a bheith ag na catagóirí cabhrach thuas nó go meastar go bhfuil éifeacht dreasachta acu. Dá bhrí sin, más le haghaidh ceann de na catagóirí sin thuas atá an chabhair á deonú, níl feidhm ag pointí (50) go (53) de na Treoirlínte.
|
Coinníollacha breise le haghaidh cabhair infheistíochta is infhógartha go haonarach
Más le haghaidh infheistíocht aonair atá an chabhair á deonú, lean ar aghaidh le ceisteanna 1.2.12. go 1.2.16. thíos.
|
1.2.12.
|
Soláthair fianaise shoiléir san fhógra go bhfuil tionchar éifeachtach ag an gcabhair ar an rogha infheistíochta.
Sonraigh an tionchar sin:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (56) de na Treoirlínte, go mbeifear in ann measúnú cuimsitheach a dhéanamh, ní mór don Bhallstát tuairisc chuimsitheach ar an gcás frithfhíorasach, nach ndeonaíonn aon údarás poiblí aon chabhair don tairbhí ann, a sholáthar anuas ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an tionscadal a fhaigheann cabhair.
|
|
1.2.13.
|
Soláthair tuairisc chuimsitheach ar an gcás frithfhíorasach, cás nach mbeadh aon chabhair á deonú don tairbhí ann ag aon údarás poiblí:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (59) de na Treoirlínte, sa chás nach mbeadh eolas ar aon chás frithfhíorasach sonrach, go bhféadfar glacadh leis gur ann don éifeacht dreasachta i gcás ina mbeidh bearna chistithe ann, is é sin le rá i gcás ina sáróidh na costais infheistíochta glanluach láithreach (NPV) bhrabúis oibriúcháin ionchasacha na hinfheistíochta ar bhonn plean gnó ex ante.
|
|
1.2.14.
|
Maidir le doiciméid a bhaineann leis an tionscadal infheistíochta atá á mheasúnú, sonraigh cén doiciméad/cé na doiciméid a chuirtear isteach mar chuid den fhógra:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (57) de na Treoirlínte, go n-iarrtar ar na Ballstáit tarraingt as fíordhoiciméid oifigiúla bhoird, amhail measúnuithe riosca, lena n-áirítear an measúnú ar rioscaí a bhaineann le suíomh sonrach, tuarascálacha airgeadais, pleananna gnó inmheánacha, tuairimí saineolacha agus staidéir eile a bhaineann leis an tionscadal atá á mheasúnú. Ní mór baint chomhaimseartha a bheith ag na doiciméid sin leis an bpróiseas cinnteoireachta a bhaineann leis an infheistíocht nó le suíomh na hinfheistíochta. Doiciméid ina bhfuil faisnéis ar réamhaisnéisí éilimh, réamhaisnéisí costais, réamhaisnéisí airgeadais, doiciméid a chuirtear faoi bhráid coiste infheistíochta agus lena dtugtar míniú mionsonraithe ar chásanna infheistíochta éagsúla, nó doiciméid a sholáthraítear do na hinstitiúidí airgeadais, is doiciméid iad a d’fhéadfadh cuidiú leis na Ballstáit chun an éifeacht dreasachta a léiriú.
|
|
1.2.15.
|
Sonraigh cén chaoi a ndéanfar meastóireacht ar an leibhéal brabúsachta:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (58) de na Treoirlínte, go bhféadfar meastóireacht a dhéanamh ar an leibhéal brabúsachta trí úsáid a bhaint as modhanna atá mar chuid den chleachtas caighdeánach san earnáil lena mbaineann agus lena bhféadfaí modhanna a áireamh chun meastóireacht a dhéanamh ar ghlanluach láithreach (NPV) (475) an tionscadail, ar an ráta toraidh inmheánach (IRR) (476) nó ar an meántoradh ar chaipiteal a úsáidtear (ROCE). Tá brabúsacht an tionscadail le cur i gcomparáid leis na gnáthrátaí toraidh a chuireann an tairbhí i bhfeidhm i dtionscadail infheistíochta eile de chineál comhchosúil. I gcás nach mbeidh na rátaí sin ar fáil, tá brabúsacht an tionscadail le cur i gcomparáid le costais chaipiteal an ghnóthais ina iomláine nó leis na rátaí toraidh a fheictear go coitianta san earnáil lena mbaineann.
|
|
1.2.16.
|
An ann do bhearna chistithe sa tionscadal infheistíochta, i.e. an mó na costais infheistíochta ná NPV bhrabúis oibriúcháin ionchasacha na hinfheistíochta ar bhonn phlean gnó ex ante?
☐is ann ☐ní ann
Más ‘is ann’ an freagra, sonraigh na sonraí:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (59) de na Treoirlínte, nuair atá bearna chistithe sa tionscadal infheistíochta, is é sin nuair a sháraíonn na costais infheistíochta NPV bhrabúis oibriúcháin ionchasacha na hinfheistíochta ar bhonn plean gnó ex ante, féadfar glacadh leis gur ann don éifeacht dreasachta.
|
|
1.3.
|
Ní dhéantar aon sárú ar fhorálacha ábhartha ná ar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a chur ar fáil, féach roinn 3.1.3. (pointí 61 – 64) de na Treoirlínte.
|
|
1.3.1.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mbaineann sárú ar dhlí ábhartha an Aontais leis an mbeart státchabhrach, leis na coinníollacha atá ag gabháil leis, lena n-áirítear a mhodh maoiniúcháin nuair is cuid lárnach den bheart státchabhrach é an modh sin, ná leis an ngníomhaíocht a mhaoinítear leis an mbeart státchabhrach:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (61) de na Treoirlínte, más rud é go mbaineann sárú ar dhlí ábhartha an Aontais le beart státchabhrach, leis na coinníollacha atá ag gabháil leis, lena n-áirítear a mhodh maoiniúcháin nuair is cuid lárnach den bheart státchabhrach é an modh sin, nó leis an ngníomhaíocht a mhaoinítear leis an mbeart státchabhrach, ní féidir a dhearbhú go bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe (61) de na Treoirlínte, soláthair faisnéis a léiríonn nach bhfuil sárú ar dhlí ábhartha an Aontais i gceist leis an mbeart cabhrach:
…
|
|
1.3.2.
|
An bhfuil an córas maoiniúcháin ina chuid lárnach den bheart cabhrach?
☐tá ☐níl
Má tá, sonraigh an córas maoiniúcháin:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (26) de na Treoirlínte, nuair is cuid lárnach den bheart cabhrach é an córas maoiniúcháin, tobhaigh pharaifhioscacha, mar shampla, nach mór fógra a thabhairt faoi.
|
|
1.3.3.
|
I gcás ina mbaineann an beart cabhrach le táirgí talmhaíochta (477), an bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis na forálacha a rialaíonn comheagraíocht mhargaí na dtáirgí talmhaíochta?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, i gcomhréir le pointe (62) de na Treoirlínte, nach n-údaróidh an Coimisiún státchabhair nach bhfuil comhoiriúnach leis na forálacha lena rialaítear comheagrú an mhargaidh nó a chuirfeadh isteach ar dhea-oibriú na comheagraíochta.
|
|
1.3.4.
|
An bhfuil an chabhair faoi réir na hoibleagáide go n-úsáidfeadh an gnóthas is tairbhí táirgí nó seirbhísí náisiúnta?
☐tá ☐níl
Má chuireann, tabhair faoi deara, de bhun phointe (63) de na Treoirlínte, nach féidir an chabhair a dhearbhú mar a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
|
|
1.3.5.
|
An gcuireann an chabhair srian leis an bhféidearthacht go ndéanfaidh an gnóthas is tairbhí na torthaí taighde, forbartha agus nuálaíochta a shaothrú i mBallstáit eile?
☐cuireann ☐ní chuireann
Má chuireann, tabhair faoi deara, de bhun phointe (63) de na Treoirlínte, nach féidir an chabhair a dhearbhú mar a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
|
|
1.3.6.
|
An bhfuil an chabhair á deonú le haghaidh gníomhaíochtaí lena mbaineann onnmhairiú chuig tríú tíortha nó Ballstáit ar gníomhaíochtaí iad atá nasctha go díreach leis na cainníochtaí arna n-onnmhairiú, nó an bhfuil an chabhair ag brath ar úsáid earraí intíre seachas earraí allmhairithe, nó an bhfuil an chabhair á deonú le haghaidh líonra dáileacháin a bhunú agus a oibriú nó le haghaidh aon chaiteachas eile atá nasctha le gníomhaíochtaí onnmhairiúcháin a chumhdach?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (64) de na Treoirlínte, nach n-údaróidh an Coimisiún cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí lena mbaineann onnmhairiú chuig tríú tíortha nó Ballstáit ar gníomhaíochtaí iad a bheadh nasctha go díreach leis na cainníochtaí arna n-onnmhairiú, cabhair a bhraitheann ar úsáid earraí intíre seachas earraí allmhairithe, ná cabhair le haghaidh líonra dáileacháin a bhunú agus a oibriú nó le haghaidh aon chaiteachas eile atá nasctha le gníomhaíochtaí onnmhairiúcháin a chumhdach. Mar sin féin, cabhair maidir le costais rannpháirtíochta in aontaí trádála, nó staidéir nó seirbhísí comhairliúcháin atá ag teastáil chun táirge nua nó chun táirge atá ann cheana a sheoladh ar mhargadh nua, ní cabhair le haghaidh onnmhairiúcháin í i bprionsabal.
|
|
2.
|
AN DARA COINNÍOLL: NÍ FÉIDIR LEIS AN GCABHAIR DIFEAR MÍCHUÍ A DHÉANAMH DO CHOINNÍOLLACHA TRÁDÁLA A MHÉID IS GO MBEADH DOCHAR ANN DON LEAS COITEANN
De bhun Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, féadfar a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin cabhair chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nach bhféadfar déanamh amhlaidh ach amháin ‘i gcás nach n-athróidh an chabhair sin coinníollacha trádála a mhéid a bheadh bunoscionn leis an leas comhchoiteann’.
I ngeall ar a bhfuil i gceist leis, gineann aon bheart cabhrach saobhadh ar an iomaíocht agus bíonn éifeacht aige ar an trádáil idir na Ballstáit. Mar sin féin, chun a fháil amach cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh atá iarmhairtí saobhacha na cabhrach teoranta ionas gurb é a laghad acu agus is féidir atá i gceist, fíoróidh an Coimisiún go bhfuil an chabhair riachtanach, iomchuí, comhréireach agus trédhearcach.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ansin ar iarmhairt shaobhach na cabhrach atá i gceist ar an iomaíocht agus ar choinníollacha trádála. Cuirfidh an Coimisiún éifeachtaí dearfacha na cabhrach sa mheá ansin, maille lena hiarmhairtí diúltacha ar an iomaíocht agus ar an trádáil. I gcás inar mó na héifeachtaí dearfacha ná na hiarmhairtí diúltacha, dearbhóidh an Coimisiún go bhfuil an chabhair comhoiriúnach.
|
|
2.1.
|
An gá atá le hidirghabháil Stáit
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a chur ar fáil, féach roinn 3.2.1. (pointí 70- 71) de na Treoirlínte.
|
|
2.1.1.
|
De bhun phointe (70) de na Treoirlínte, ní mór státchabhair a spriocdhíriú ar chásanna inar féidir leis an gcabhair forbairt ábhartha a spreagadh nach féidir leis an margadh féin a sholáthar, mar shampla, trí theip mhargaidh a leigheas i dtaca leis an ngníomhaíocht a fhaigheann cabhair nó leis an infheistíocht atá i gceist. Is féidir go deimhin le bearta státchabhrach, faoi dhálaí faoi leith, teipeanna margaidh a cheartú, agus rannchuidiú le feidhmiú éifeachtúil na margaí dá bharr, sin agus cur leis an iomaíocht.
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe (70) de na Treoirlínte, soláthair gach faisnéis a léiríonn gur féidir leis an gcabhair forbairt ábhartha a spreagadh nach féidir leis an margadh a sholáthar nó gur féidir léi teipeanna margaidh a cheartú, agus rannchuidiú le feidhmiú éifeachtúil na margaí dá bharr, sin agus cur leis an iomaíocht:
…
Tabhair faoi deara, chun críocha na dTreoirlínte, go measann an Coimisiún nach bhfuil na cuspóirí ionchasacha á mbaint amach ag an margadh gan idirghabháil ón Stát i ndáil leis na bearta cabhrach lena gcomhlíontar na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gCuid I de na Treoirlínte. Dá bhrí sin, ba cheart a mheas go bhfuil gá leis an gcabhair sin.
|
|
2.2.
|
Oiriúnacht na cabhrach
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a chur ar fáil, féach roinn 3.2.2. (pointí 72- 82) de na Treoirlínte.
Is gá gur ionstraim beartais iomchuí a bheadh sa bheart cabhrach a bheartaítear chun aghaidh a thabhairt ar an gcuspóir beartais lena mbaineann. Ní mór don Bhallstát a léiriú go bhfuil an chabhair agus dearadh na cabhrach iomchuí chun cuspóir an bhirt ar a bhfuil an chabhair dírithe a bhaint amach.
|
Oiriúnacht i measc ionstraimí beartais malartacha
|
2.2.1.
|
An gcomhlíonann an chabhair na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna Ranna ábhartha de Chuid II de na Treoirlínte?
☐comhlíonann ☐ní chomhlíonann
Má chomhlíonann, sonraigh an Roinn ábhartha:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (73) de na Treoirlínte, go measann an Coimisiún gur ionstraim beartais iomchuí í cabhair a dheonaítear in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta, lena gcomhlíontar na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna Ranna ábhartha de Chuid II de na Treoirlínte.
|
|
2.2.2.
|
An amhlaidh gur beart amhail forbairt tuaithe a mhaoinítear go heisiach as cistí náisiúnta atá i gceist leis an gcabhair, agus go ndéantar foráil maidir leis an idirghabháil chéanna sa Phlean Straitéiseach CBT ábhartha chomh maith?
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Más amhlaidh, léirigh na buntáistí a bhaineann le hionstraim cabhrach náisiúnta den sórt sin i gcomparáid le hidirghabháil an Phlean Straitéisigh CBT atá i gceist:
…
|
Oiriúnacht i measc ionstraimí cabhrach difriúla
De bhun phointe (75) de na Treoirlínte, is féidir cabhair a dheonú i bhfoirmeacha éagsúla. Ba cheart don Bhallstát a áirithiú áfach go ndeonófar an chabhair san fhoirm is dóichí a ghinfidh an saobhadh is lú ar an trádáil agus ar an iomaíocht.
|
2.2.3.
|
De bhun phointe (82) de na Treoirlínte, i dtaca leis an measúnú ar chomhoiriúnacht birt cabhrach leis an margadh inmheánach, tá sé gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le soláthar poiblí agus do phrionsabail na trédhearcachta, na hoscailteachta agus an neamh-idirdhealaithe sa nós imeachta roghnúcháin i dtaca le soláthraí seirbhíse. Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe (75) de na Treoirlínte, sonraigh an fhoirm a bheidh sa chabhair agus léirigh gur dócha go nginfidh an fhoirm sin an saobhadh trádála agus iomaíochta is lú is féidir:
…
|
|
2.2.4.
|
Más rud é go bhfuil foirm shonrach chabhrach leagtha amach le haghaidh cabhair ar tugadh fógra ina leith i Roinn infheidhme de Chuid II de na Treoirlínte, an gcomhfhreagraíonn foirm na cabhrach don fhoirm chabhrach sin?
☐comhfhreagraíonn ☐ní chomhfhreagraíonn
Má chomhfhreagraíonn, sonraigh an fhoirm chabhrach lena mbaineann:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (76) de na Treoirlínte, ina leagtar amach foirm shonrach le haghaidh beart cabhrach a dtugtar tuairisc air i gCuid II de na Treoirlínte, meastar gur ionstraim chabhrach iomchuí í an fhoirm sin.
|
|
2.2.5.
|
An amhlaidh go bhfuil an chabhair á deonú san fhoirm dá bhforáiltear in idirghabháil forbartha tuaithe, go bhfuil sí á cómhaoiniú ag CETFT, nó go bhfuil sí á deonú mar mhaoiniú breise le haghaidh idirghabhálacha forbartha tuaithe cómhaoinithe den sórt sin?
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Más amhlaidh, tabhair faoi deara, de bhun phointe (78) de na Treoirlínte, gur ionstraim cabhrach iomchuí í cabhair atá á deonú san fhoirm dá bhforáiltear sna hidirghabhálacha forbartha tuaithe ar leith, atá á cómhaoiniú le CETFT, nó atá á deonú mar mhaoiniú breise le haghaidh idirghabhálacha forbartha tuaithe cómhaoinithe den sórt sin.
|
|
2.2.6.
|
Maidir le cabhair infheistíochta nach bhfuil san áireamh sa phlean straitéiseacha CBT nó nach maoiniú breise í le haghaidh na hidirghabhála forbartha tuaithe sin, an i bhfoirmeacha a sholáthraíonn buntáiste airgid díreach (mar shampla deontais dhíreacha, díolúintí nó laghduithe ar chánacha, slándáil shóisialta nó táillí éigeantacha eile, etc.) atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, maidir le foirmeacha eile cabhrach nach bhfuil chomh saobhach sin, b’fhéidir, amhail airleacain in-aisíoctha nó foirmeacha cabhrach atá bunaithe ar ionstraimí fiachais nó cothromais (mar shampla, iasachtaí ar ús íseal nó fóirdheontais úis, ráthaíochtaí stáit, nó soláthar malartach caipitil ar théarmaí fabhracha), léirigh cén fáth nach bhfuil siad chomh hiomchuí céanna:
…
|
|
2.2.7.
|
An le haghaidh bearta foraoiseachta dá dtagraítear i gCuid II, Roinn 2.8 de na Treoirlínte atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, léirigh nach féidir na cuspóirí éiceolaíochta, cosanta agus áineasa a bhaint amach leis na bearta foraoiseachta amhail forbairt tuaithe dá dtagraítear i gCuid II, Ranna 2.1 go 2.7 de na Treoirlínte.
…
|
|
2.2.8.
|
An le haghaidh aon cheann de na catagóirí cabhrach seo a leanas atá an chabhair á deonú?
|
☐
|
cabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde margaidh, ceapadh agus dearadh táirgí agus cabhair chun iarratais a ullmhú le haghaidh scéimeanna cáilíochta a aithint;
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise;
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha;
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh seirbhísí ionadúcháin ar an bhfeirm;
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh bearta cur chun cinn;
|
|
☐
|
cabhair chun cúiteamh a dhéanamh sna costais a bhaineann le galair ainmhithe, lotnaidí plandaí agus speicis choimhthíocha ionracha a chosc agus a dhíothú;
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh earnáil an bheostoic.
|
|
|
2.2.9.
|
Más le haghaidh aon cheann de na catagóirí a sonraíodh sa cheist roimhe seo atá an chabhair á deonú, deimhnigh gur trí bhíthin seirbhísí fóirdheonaithe atá an chabhair sin á deonú do thairbhithe deiridh na cabhrach:
☐is ea ☐ní hea
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (81) de na Treoirlínte, an chabhair a dheonaítear d'aon cheann de na catagóirí thuas, caithfear í a dheonú do thairbhithe deiridh na cánach trí bhíthin seirbhísí fóirdheonaithe. Sna cásanna sin, ní mór an chabhair a íoc le soláthraí na seirbhíse nó na gníomhaíochta atá i gceist.
|
|
2.3.
|
Comhréireacht na cabhrach agus carnadh
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a chur ar fáil, féach roinn 3.2.3. (pointí 83- 111) de na Treoirlínte.
Go ginearálta, meastar go bhfuil beart cabhrach comhréireach más rud é go bhfuil méid na cabhrach in aghaidh an tairbhí teoranta ionas nach bhfuil i gceist ach a laghad is gá chun go ndéanfar an ghníomhaíocht a fhaigheann cabhair.
|
|
2.3.1.
|
An sáraíonn an chabhair na costais incháilithe?
☐sáraíonn ☐ní sháraíonn
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (84) de na Treoirlínte, go meastar an chabhair a bheith comhréireach mura sáraíonn sí na costais incháilithe.
|
|
2.3.2.
|
An dtagann an chabhair faoi Chuid II, Ranna 1.3.1.1. agus 2.3 de na Treoirlínte, ina ndéantar foráil go sainráite maidir le dreasachtaí comhshaoil nó dreasachtaí poiblí eile?
☐tagann ☐ní thagann
Má thagann, tabhair faoi deara nach bhfuil feidhm le pointe (84) de na Treoirlínte.
|
|
2.3.3.
|
An ríomhfaidh an t-údarás deonúcháin uasdéine na cabhrach agus méid na cabhrach agus an chabhair á deonú aige?
☐ríomhfaidh ☐ní ríomhfaidh
|
|
2.3.4.
|
An mbeidh fianaise dhoiciméadach shoiléir, shonrach agus chomhaimseartha ann a bheidh ag teacht leis na costais incháilithe?
☐beidh ☐ní bheidh
|
|
2.3.5.
|
Nuair a dhéantar déine na cabhrach agus na costais incháilithe a ríomh, an nglacfar na figiúirí uile a úsáidtear sula n-asbhainfear aon cháin nó muirear eile?
☐glacfar ☐ní ghlacfar
|
|
2.3.6.
|
An bhfuil an cháin bhreisluacha (CBL) incháilithe do chabhair?
☐tá ☐níl
|
|
2.3.7.
|
Más ‘tá’ an freagra ar an gceist roimhe seo, an bhfuil an CBL inghnóthaithe faoin reachtaíocht náisiúnta CBL?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (88) de na Treoirlínte, nach bhfuil cáin bhreisluacha (CBL) incháilithe do chabhair, seachas i gcás nach bhfuil sé inghnóthaithe faoi reachtaíocht CBL náisiúnta.
|
|
2.3.8.
|
Más i bhfoirm eile seachas foirm deontais atá an chabhair á deonú, an bhfuil méid na cabhrach comhionann le coibhéis deontais na cabhrach?
☐tá ☐níl
|
|
2.3.9.
|
An bhfuil an chabhair iníoctha i roinnt tráthchodanna?
☐tá ☐níl
Má tá, an ndéanfar an chabhair a lascainiú ionas gurb é an luach a bhí ag baint léi tráth a deonaithe a bheidh i gceist?
☐déanfar ☐ní dhéanfar
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (90) de na Treoirlínte, gur gá na costais incháilithe a lascainiú ionas gurb é an luach a bhí ag baint leo tráth deonaithe na cabhrach a bheidh i gceist. Ina theannta sin, is é an ráta úis a úsáidfear chun críocha lascainithe an ráta lascaine is infheidhme dáta deonaithe na cabhrach.
|
|
2.3.10.
|
Más rud é go mbeidh an chabhair iníoctha amach anseo, an ndéanfar an chabhair a lascainiú ionas gurb é an luach a bhí ag baint léi tráth a deonaithe a bheidh i gceist?
☐déanfar ☐ní dhéanfar
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (91) de na Treoirlínte, i dtaca leis an gcabhair is iníoctha amach anseo, lena n-áirítear cabhair is iníoctha ina tráthchodanna éagsúla, déantar í a lascainiú ionas gurb é a bheidh i gceist an luach a bhí ag baint léi tráth a deonaithe.
|
|
2.3.11.
|
An trí bhíthin buntáistí cánach atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, an ar bhonn na rátaí lascaine is infheidhme ag na hamanna éagsúla a thagann feidhm leis an mbuntáiste cánach a dhéantar tráinsí cabhrach a lascainiú?
☐is ea ☐ní hea
|
|
2.3.12.
|
Maidir le méid na cabhrach i dtaca leis na bearta nó na cineálacha oibríochtaí i gCuid II, Ranna 1.1.4, 1.1.5, 1.1.6, 1.1.7, 1.1.8, 2.1.1, 2.1.2, 2.1.4, 2.2 agus 2.3 de na Treoirlínte, an ar bhonn toimhdí caighdeánacha maidir le costais bhreise agus leis an ioncam a tarscaoileadh a socraíodh méid na cabhrach?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, deimhnigh go bhfuil an méid seo a leanas i gceist leis an ríomh agus leis an gcabhair chomhfhreagrach:
|
(a)
|
☐níl iontu ach gnéithe atá infhíoraithe;
|
|
(b)
|
☐tá siad bunaithe ar fhigiúirí ar ar thángthas trí bhíthin saineolas iomchuí;
|
|
(c)
|
☐cuir in iúl go soiléir foinse na bhfigiúirí a úsáideadh;
|
|
(d)
|
☐difreáladh iad chun dálaí suíomhanna réigiúnacha nó áitiúla agus úsáid iarbhír na talún a chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme;
|
|
(e)
|
☐níl aon ghné iontu atá nasctha le costais infheistíochta.
|
Tabhair faoi deara go bhfuil na coinníollacha thuas carnach agus nach mór gach ceann díobh a chomhlíonadh.
|
|
2.3.13.
|
An le haghaidh ceann de na costais shimplithe seo a leanas atá an chabhair á deonú?
|
(c)
|
☐maoiniú ar ráta comhréidh.
|
Tabhair faoi deara nach féidir cabhair a thagann faoi Chuid II, Ranna 1.2 agus 2.8.5 de na Treoirlínte a dheonú sna roghanna costais simplithe thuas.
|
|
2.3.14.
|
Más ‘is ea’ an freagra ar an gceist roimhe seo, sonraigh an modh chun méid na cabhrach a shuí:
|
(a)
|
☐modh ríofa cóir, cothrom agus infhíoraithe bunaithe ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
|
(i)
|
☐sonraí staidrimh, faisnéis oibiachtúil eile nó breithiúnas saineolach;
|
|
(ii)
|
☐sonraí stairiúla fíoraithe faoi thairbhithe aonair;
|
|
(iii)
|
☐gnáthchleachtais chuntasaíochta costála na dtairbhithe aonair a chur i bhfeidhm;
|
|
|
(b)
|
☐i gcomhréir leis na rialacha maidir le costais aonaid chomhfhreagracha a chur i bhfeidhm, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe is infheidhme maidir le beartais an Aontais le haghaidh oibríocht den chineál céanna.
|
Mar chuid den fhógra, cuir na doiciméid tacaíochta ábhartha seo a leanas isteach.
|
|
2.3.15.
|
Má tá an beart cómhaoinithe, an i gcomhréir leis na roghanna costais simplithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 2021/1060 (478) agus i Rialachán (AE) 2021/2115 a ríomhadh méideanna na gcostas incháilithe?
☐is ea ☐ní hea
Tabhair tuilleadh sonraí agus cuir na doiciméid tacaíochta ábhartha isteach:
…
|
|
2.3.16.
|
An bhfuil árachas ann atá nasctha leis an mbeart dá ndeonaítear an chabhair?
☐tá ☐níl
Má tá, sonraigh tuilleadh sonraí:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (97), agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar chomhoiriúnacht na cabhrach, go mbreithneoidh sé aon árachas dá mbainfidh tairbhí na cabhrach amach, nó a d’fhéadfadh a bheith bainte amach aige. Maidir le cabhair chun cúiteamh a dhéanamh as caillteanais a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, chun an riosca go ndéanfar saobhadh ar an iomaíocht a sheachaint, níor cheart cabhair lena mbaineann an uasdéine cabhrach a dheonú ach amháin do ghnóthas nach féidir é a chumhdach le hárachas le haghaidh caillteanais den sórt sin.
|
Coinníollacha breise le haghaidh cabhair infheistíochta is infhógartha go haonarach agus cabhair infheistíochta d’fhiontair mhóra faoi scéimeanna a dtugtar fógra ina leith
|
2.3.17.
|
I gcás cabhair infheistíochta a dtugtar fógra ina leith go haonarach, an gcomhfhreagraíonn an méid cabhrach do na glanchostais bhreise a bhaineann leis an infheistíocht a chur chun feidhme sa réimse lena mbaineann, i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach in éagmais na cabhrach?
☐comhfhreagraíonn ☐ní chomhfhreagraíonn
Tabhair tuairisc ar an gcás frithfhíorasach:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (98), mar riail ghinearálta, measfar go mbeidh cabhair infheistíochta is infhógartha go haonarach teoranta don íosmhéid, más rud é go gcomhfhreagraíonn an méid cabhrach do na glanchostais bhreise a bhaineann leis an infheistíocht a chur chun feidhme sa réimse lena mbaineann, i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach in éagmais na cabhrach (479), agus uasdéiní cabhrach i gceist mar chaidhp.
|
|
2.3.18.
|
Soláthair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
ríomh IRR na hinfheistíochta leis an gcabhair agus dá huireasa:
…
|
|
(b)
|
faisnéis maidir leis na tagarmharcanna margaidh ábhartha don ghnóthas (e.g. gnáthrátaí toraidh arna n-iarraidh ag tairbhí chun tabhairt faoi thionscadail chomhchosúla, costas caipitil na cuideachta trí chéile):
…
|
|
(c)
|
míniú ar an bhfáth, ar bhonn an mhéid thuas, arb ionann an chabhair agus an t-íosmhéid is gá chun go mbeidh an tionscadal sách brabúsach:
…
|
|
|
2.3.19.
|
An bhfuil méid na cabhrach teoranta don íosmhéid is gá le go mbeidh an tionscadal sách brabúsach?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (99) de na Treoirlínte, nár cheart don mhéid cabhrach a bheith níos mó ná an t-íosmhéid is gá le go mbeidh an tionscadal brabúsach a dhóthain. Mar shampla, níor cheart, de bharr mhéid na cabhrach, méadú a theacht ar a Ráta Toraidh Inmheánach (IRR) thar na gnáthrátaí toraidh a chuireann an gnóthas lena mbaineann i bhfeidhm i dtionscadail infheistíochta eile den chineál céanna nó, mura mbeadh na rátaí sin ar fáil, méadú a theacht ar a IRR thar chostas chaipiteal an ghnóthais ina iomláine nó thar na rátaí toraidh a bhíonn i gceist de ghnáth san earnáil lena mbaineann.
|
|
2.3.20.
|
I gcás inar le haghaidh infheistíochtaí d’fhiontair mhóra faoi scéimeanna a dtugtar fógra ina leith, an áirithítear go gcomhfhreagraíonn an méid cabhrach do na glanchostais bhreise a bhaineann leis an infheistíocht a chur chun feidhme sa réimse lena mbaineann, i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach in éagmais na cabhrach?
☐áirithítear☐ní áirithítear
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (100) de na Treoirlínte, chun a áirithiú go gcomhfhreagraíonn méid na cabhrach do na glanchostais bhreise a bhaineann leis an infheistíocht a chur chun feidhme sa réimse lena mbaineann, i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach in éagmais na cabhrach, ní mór an modh a leagtar amach i bpointe (99) de na dTreoirlínte a úsáid in éineacht le huasdéiní cabhrach mar chaidhp.
|
|
2.3.21.
|
An bardas ar údarás áitiúil féinrialaitheach é ag a bhfuil buiséad bliantúil is lú ná EUR 10 milliún agus níos lú ná 5 000 áitritheoir é an tairbhí?
☐is é ☐ní hé
Más é, tabhair faoi deara nach bhfuil feidhm le pointí (98) go (101) de na Treoirlínte.
|
Carnadh na cabhrach
|
2.3.22.
|
An amhlaidh go bhfuil an chabhair a dtugtar fógra ina leith á deonú go comhthráthach faoi scéimeanna éagsúla nó go bhfuil sí féin agus cabhair ad hoc á carnadh?
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
2.3.23.
|
Más ‘is amhlaidh’ an freagra ar an gceist roimhe seo, an bhfuil méid iomlán na státchabhrach le haghaidh gníomhaíochta nó tionscadail teoranta ionas go bhfuiltear ag cloí leis na huasteorainneacha cabhrach a leagtar síos sna Treoirlínte?
☐tá ☐níl
|
|
2.3.24.
|
An bhfuil costais incháilithe inaitheanta ag baint leis an gcabhair a dtugtar fógra ina leith?
☐tá ☐níl
Má tá, an ndéanfar an chabhair agus státchabhair eile a charnadh le chéile?
☐déanfar ☐ní dhéanfar
Má dhéanfar, an ndeonófar an chabhair sin le haghaidh costais incháilithe inaitheanta éagsúla?
☐deonófar ☐ní dheonófar
Mura deonófar, tabhair faoi deara, i gcomhréir le pointe (104) de na Treoirlínte, i dtaca le cabhair lena ngabhann costais incháilithe in-sainaitheanta, ní fhéadfar cabhair den sórt sin a charnadh le haon státchabhair eile, i ndáil leis na costais incháilithe chéanna, bídís ag forluí go páirteach nó go hiomlán ar a chéile, ach amháin mura sárófar de dheasca an charntha sin an déine cabhrach nó an méid cabhrach is airde is infheidhme maidir leis an gcineál cabhrach sin faoi na Treoirlínte, agus sa chás sin amháin.
|
|
2.3.25.
|
An chabhair faoi Chuid II, Roinn 1.1.2., ar cabhair í nach bhfuil aon chostais incháilithe in-sainaitheanta aici, an é go bhfuil sí carntha le beart státchabhrach eile lena ngabhann costais incháilithe inaitheanta?
☐is é ☐ní hé
|
|
2.3.26.
|
I gcás nach bhfuil costais incháilithe in-sainaitheanta ag cabhair le haghaidh Cuid II, Roinn 1.1.2., go ndéantar í a charnadh le beart státchabhrach eile gan costais incháilithe in-sainaitheanta, an bhfuil an chabhair sin teoranta ionas gurb é atá i gceist léi an tairseach maoiniúcháin iomláin ábhartha is airde a shocraítear i dtaobh imthosca sonracha gach cáis ar leith leis na Treoirlínte seo nó le treoirlínte eile maidir le státchabhair, le rialachán blocdhíolúine nó le cinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún?
☐tá ☐níl
Sonraigh uastairseach na hionstraime cabhrach is infheidhme:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (105) de na Treoirlínte, cabhair gan costais incháilithe in-sainaitheanta faoi Chuid II, Roinn 1.1.2, féadfar í a charnadh le haon bheart státchabhrach eile lena ngabhann costais incháilithe in-sainaitheanta. Cabhair gan costais incháilithe in-sainaitheanta, féadfar í a charnadh le státchabhair eile gan costais incháilithe in-sainaitheanta, suas leis an tairseach mhaoiniúcháin iomláin ábhartha is airde a shocraítear in imthosca sonracha gach cáis leis na Treoirlínte nó le treoirlínte eile maidir le státchabhair, le rialachán blocdhíolúine nó le cinneadh a ghlacann an Coimisiún.
|
|
2.3.27.
|
An bhfuil cabhair i bhfabhar na hearnála talmhaíochta carntha le híocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 145 agus 146 de Rialachán (AE) 2021/2115 i leith na gcostas incháilithe céanna?
☐tá ☐níl
Má tá, an urramóidh an carnadh sin déine cabhrach nó méid cabhrach a leagtar síos sna Treoirlínte?
☐urramóidh ☐ní urramóidh
|
|
2.3.28.
|
An chabhair atá á deonú faoi Chuid II, Ranna 1.1.4, 1.1.5 agus 1.1.8. de na Treoirlínte, an bhfuil sí carntha le híocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/2115 i leith na gcostas incháilithe céanna?
☐tá ☐níl
Má tá, an urramóidh an carnadh sin déine cabhrach nó méid cabhrach a leagtar síos sna Treoirlínte?
|
|
2.3.29.
|
An bhfuil an chabhair comhcheangailte le cistiú ón Aontas arna bhainistiú go lárnach ag institiúidí, gníomhaireachta, comhghnóthais nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais nach bhfuil faoi smacht go díreach ná go hindíreach ag an mBallstát?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (108) de na Treoirlínte, mura bhfuil an cistiú an Aontais faoi smacht an Bhallstáit go díreach ná go hindíreach, ní dhéanfar ach an státchabhair sa mheas chun a chinneadh cé acu a urramaítear nó nach n-urramaítear tairseacha maidir le fógra a thabhairt agus uasdéiní cabhrach agus uasmhéideanna cabhrach, ar choinníoll nach mó méid iomlán an chistithe phoiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe chéanna ná an ráta/na rátaí cistiúcháin is fabhraí a leagtar síos sna rialacha is infheidhme i ndlí an Aontais. Deimhnigh gurb amhlaidh an cás:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Soláthair faisnéis faoi dhlí ábhartha an Aontais, dá dtagraítear i bpointe (108) de na Treoirlínte:
…
|
|
2.3.30.
|
I gcás ina gcarnfar an chabhair a údaraítear faoi na Treoirlínte le haon chabhair de minimis i leith na gcostas incháilithe céanna, an urramóidh an carnadh sin déine cabhrach nó méid cabhrach a shocraítear sna Treoirlínte?
☐urramóidh ☐ní urramóidh
|
|
2.3.31.
|
I gcás inar le haghaidh athshlánú na hacmhainneachta táirgeachta talmhaíochta dá dtagraítear i bpointe (152)(d) de na Treoirlínte atá an chabhair á deonú, an bhfuil an chabhair sin carntha le cabhair chun an damáiste ábhartha dá dtagraítear i gCuid II, Ranna 1.2.1.1, 1.2.1.2 agus 1.2.1.3 de na Treoirlínte a chúiteamh?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (110) de na Treoirlínte, cabhair le haghaidh infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh an acmhainneacht táirgeachta talmhaíochta dá dtagraítear i bpointe 152 (d) de na Treoirlínte a athshlánú, níor cheart í a charnadh le cabhair chun an damáiste ábhartha dá dtagraítear i gCuid II, Ranna 1.2.1.1, 1.2.1.2 agus 1.2.1.3 a chúiteamh.
|
|
2.3.32.
|
I gcás ina bhfuil an chabhair á deonú mar chabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na talmhaíochta, rud dá dtagraítear i gCuid II, Roinn 1.1.3 de na Treoirlínte, an bhfuil an chabhair sin carntha leis an tacaíocht chomhfhreagrach le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 77 de Rialachán (AE) 2021/2115?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (111) de na Treoirlínte, maidir le cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na talmhaíochta, rud dá dtagraítear i gCuid II, Roinn 1.1.3, níor cheart an chabhair sin a charnadh leis an tacaíocht chomhfhreagrach le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 77 de Rialachán (AE) 2021/2115.
|
|
2.3.33.
|
An chabhair atá á deonú mar chabhair nuathionscanta le haghaidh feirmeoirí óga, mar chabhair nuathionscanta le haghaidh feirmeacha beaga a fhorbairt agus mar chabhair nuathionscanta le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta dá dtagraítear i gCuid II, Roinn 1.1.2 de na Treoirlínte, i gcás ina bhfuil an chabhair sin carntha leis an tacaíocht chomhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 75 de Rialachán (AE) 2021/2115, an urramaíonn an carnadh sin méid cabhrach a leagtar síos sna Treoirlínte?
☐urramaíonn ☐ní urramaíonn
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (111) de na Treoirlínte, cabhair nuathionscanta le haghaidh feirmeoirí óga, cabhair nuathionscanta le haghaidh feirmeacha beaga a fhorbairt agus cabhair nuathionscanta le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta dá dtagraítear i gCuid II, Roinn 1.1.2, níor cheart an chabhair sin a charnadh leis an tacaíocht chomhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 75 de Rialachán (AE) 2021/2115 dá mba é an toradh a bheadh ar an gcarnadh sin méid cabhrach a sháródh na méideanna a leagtar síos sna Treoirlínte.
|
|
2.4.
|
Trédhearcacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a chur ar fáil, féach roinn 3.2.4. (pointí 112- 115) de na Treoirlínte.
|
|
2.4.1.
|
An ndéanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfoilseofar an fhaisnéis seo a leanas i modúl trédhearcachta dámhachtana an Choimisiúin Eorpaigh ar shuíomh gréasáin cuimsitheach státchabhrach ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach?
|
☐
|
téacs iomlán na scéime cabhrach agus a forálacha cur chun feidhme nó an bunús dlí le haghaidh cabhair aonair, nó nasc chuige;
|
|
☐
|
céannacht an údaráis deonúcháin nó na n-údarás deonúcháin;
|
|
☐
|
céannacht na dtairbhithe aonair, foirm agus méid na cabhrach a dheonaítear do gach tairbhí, an dáta a dheonaítear an chabhair, an cineál gnóthais (FBM/fiontar mór), an réigiún ina bhfuil an tairbhí lonnaithe (ar leibhéal NUTS II), agus an phríomhearnáil eacnamaíoch ina bhfuil gníomhaíochtaí an tairbhí (ar leibhéal grúpa NACE). Is féidir ceanglas den sórt sin a tharscaoileadh i ndáil le dámhachtainí cabhrach aonair nach bhfuil níos mó ná na tairseacha a leanas:
|
i.
|
EUR 10 000 le haghaidh tairbhithe i dtáirgeadh talmhaíochta príomhúil;
|
|
ii.
|
EUR 100 000 le haghaidh tairbhithe in earnáil próiseála táirgí talmhaíochta, in earnáil táirgí talmhaíochta a mhargú, in earnáil na foraoiseachta nó i ngníomhaíochtaí a thagann lasmuigh de raon feidhme Airteagal 42 den Chonradh.
|
|
|
|
2.4.2.
|
Deimhnigh a mhéid a bhaineann le scéimeanna i bhfoirm buntáistí cánach go soláthraítear an fhaisnéis ar chabhair aonair sna raonta a leanas (in EUR milliún):
|
☐
|
0,01 go 0,1 amháin le haghaidh táirgeadh talmhaíochta príomhúil;
|
|
☐
|
30 agus níos mó ná sin.
|
|
|
2.4.3.
|
Sonraigh cé acu áit ina bhfoilseofar an fhaisnéis a leagtar síos i bpointe (112) de na Treoirlínte:
|
(a)
|
☐i modúl an Choimisiúin Eorpaigh maidir le trédhearcacht dámhachtana (480);
|
|
(b)
|
☐ar shuíomh gréasáin cuimsitheach náisiúnta nó réigiúnach maidir le státchabhair.
|
|
|
2.4.4.
|
Deimhnigh an méid seo a leanas maidir leis an bhfaisnéis sin:
|
☐
|
foilseofar í tar éis an cinneadh chun an chabhair a dheonú a bheith déanta;
|
|
☐
|
coimeádfar í ar feadh ar a laghad 10 mbliana;
|
|
☐
|
go mbeidh sí ar fáil don phobal i gcoitinne gan srianta (481).
|
|
|
2.4.5.
|
Tabhair an nasc chuig an suíomh gréasáin cuimsitheach maidir le státchabhair, áit a bhfoilseofar an fhaisnéis a luaitear sa roinn seo:
…
|
|
2.4.6.
|
Deimhnigh go ndéanfar an tuairisciú agus an t-athbhreithniú mar a cheanglaítear i gCuid III, Roinn 3:
☐déanfar ☐ní dhéanfar
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (115) de na Treoirlínte, ar chúiseanna trédhearcachta, ní mór do na Ballstáit an tuairisciú agus an t-athbhreithniú a cheanglaítear i gCuid III, Roinn 3 a dhéanamh.
|
|
2.5.
|
Éifeachtaí díobhálacha diúltacha ar iomaíocht agus ar thrádáil a sheachaint
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a chur ar fáil, féach roinn 3.2.5. (pointí 116- 133) de na Treoirlínte.
Cabhair le haghaidh earnáil na talmhaíochta agus earnáil na foraoiseachta agus limistéir thuaithe, d’fhéadfadh an chabhair sin saobhadh a dhéanamh ar an margadh táirgí. Chun go mbeidh an chabhair comhoiriúnach, ní mór éifeachtaí diúltacha an bhirt cabhrach i dtéarmaí saobhadh ar an iomaíocht agus tionchar ar an trádáil idir na Ballstáit, a íoslaghdú.
De bhun phointe (117), sainaithneoidh an Coimisiún an margadh/na margaí dá ndéanann an chabhair difear, agus an fhaisnéis a sholáthraíonn an Ballstát maidir leis an margadh/leis na margaí táirgí lena mbaineann á cur san áireamh, is é sin le rá, an margadh /na margaí dá ndéantar difear leis an athrú ar iompraíocht thairbhí na cabhrach.
|
|
2.5.1.
|
I gcomhréir le pointe (117) de na Treoirlínte, tabhair faisnéis faoin margadh táirgí a ndéanann an chabhair difear dó:
…
|
|
2.5.2.
|
An bhfuil an chabhair spriocdhírithe go maith, comhréireach agus teoranta do na glanchostais bhreise?
☐tá ☐níl
De bhun phointe (118) de na Treoirlínte, ach an chabhair a bheith spriocdhírithe go maith, comhréireach agus teoranta do na glanchostais bhreise, maolófar ar thionchar diúltach na cabhrach agus is lú an riosca a bheidh ann go ndéanfar an iomaíocht a shaobhadh go míchuí de dheasca na cabhrach. Chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil, féach Roinn 2.1.1 den bhileog faisnéise seo.
|
|
2.5.3.
|
An urramaítear an uasdéine cabhrach nó an t-uasmhéid cabhrach a leagtar amach i Roinn shonrach de na Treoirlínte?
☐urramaítear ☐ní urramaítear
Sonraigh an uasdéine cabhrach agus an t-uasmhéid cabhrach:
…
Measann an Coimisiún, má urramaítear an uasdéine cabhrach nó an t-uasméid cabhrach, go maolaítear tionchar diúltach na cabhrach agus gur lú an baol a bhíonn ann go ndéanfaidh an chabhair an iomaíocht a shaobhadh ar bhealach díobhálach.
|
Scéimeanna cabhrach infheistíochta i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta mhargú in earnáil na foraoiseachta
|
2.5.4.
|
Tabhair tuairisc ar an margadh/na margaí táirgí lena mbaineann, i.e. an margadh nó na margaí a ndéanann an t-athrú ar iompraíocht thairbhí na cabhrach difear dóibh.
…
Tabhair faoi deara agus measúnú á dhéanamh ar éifeachtaí diúltacha an bhirt cabhrach, díreoidh an Coimisiún a anailís ar an saobhadh ar an iomaíocht ar an tionchar intuartha atá ag an gcabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe ar an iomaíocht idir gnóthais sa mhargadh nó sna margaí táirgí dá ndéantar difear (482).
|
|
2.5.5.
|
I gcás scéimeanna cabhrach infheistíochta le haghaidh próiseáil agus/nó margú táirge talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta, léirigh go mbeidh na héifeachtaí diúltacha teoranta ionas nach mbeidh i gceist ach a laghad acu agus is féidir, ag tabhairt san áireamh, mar shampla, méid na dtionscadal lena mbaineann, méideanna aonair agus carnacha cabhrach, an líon tairbhithe beartaithe chomh maith le saintréithe na n-earnálacha a bhfuiltear ag díriú orthu.
…
|
|
2.5.6.
|
Maidir le scéimeanna cabhrach infheistíochta chun táirgí talmhaíochta a phróiseáil agus/nó táirgí talmhaíochta a mhargú agus in earnáil na foraoiseachta, moltar do na Ballstáit measúnú tionchair a chur isteach mar aon le meastóireachtaí ex post a rinneadh le haghaidh scéimeanna comhchosúla lena chur ar chumas an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí diúltacha féideartha na scéime cabhrach.
|
—
|
An bhfuil measúnú tionchair á chur isteach in éineacht leis an bhfógra?
☐tá ☐níl
|
|
—
|
An bhfuil meastóireacht ex post á cur isteach in éineacht leis an bhfógra?
☐tá ☐níl
|
|
Cabhair infheistíochta is infhógartha go haonarach i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta a mhargú agus in earnáil na foraoiseachta
De bhun phointe (123) de na Treoirlínte, agus breithmheas á dhéanamh ar éifeachtaí diúltacha na cabhrach infheistíochta aonair, leagann an Coimisiún béim áirithe ar na héifeachtaí diúltacha atá nasctha leis an méadú acmhainneachta i margaí atá ag meath, leis an gcosc ar imeacht, agus leis an nóisean maidir le cumhacht shuntasach mhargaidh. Ní mór na héifeachtaí diúltacha sin a fhrithchothromú le héifeachtaí dearfacha na cabhrach.
|
2.5.7.
|
Chun an Coimisiún a cheadú an saobhadh féideartha ar an iomaíocht agus ar an trádáil a shainaithint agus a mheas, soláthair fianaise lena cheadú don Choimisiún na margaí táirge lena mbaineann a shainaithint (is é sin le rá, táirgí dá ndéanann athrú iompraíochta an tairbhí cabhrach difear dóibh) agus chun na hiomaitheoirí agus custaiméirí/tomhaltóirí dá ndéantar difear dóibh a shainaithint:
…
De bhun phointe (124) de na Treoirlínte, is é an táirge a chumhdaítear leis an tionscadal infheistíochta an táirge lena mbaineann de ghnáth (483). I gcás ina mbaineann an tionscadal le táirge idirmheánach agus nach ndíoltar cuid shuntasach den aschur ar an margadh, féadfaidh sé gurb é an táirge iartheachtach an táirge lena mbaineann. Áirítear leis an margadh ábhartha táirge an táirge lena mbaineann agus a ionadaithe a bhreithníonn an tomhaltóir mar tháirge den sórt sin (mar gheall ar shaintréithe, phraghsanna, nó úsáid bheartaithe an táirge) nó táirgí a bhreithníonn an táirgeoir mar tháirge den sórt sin (mar gheall ar sholúbthacht na suiteálacha táirgeachta).
Cuimsíonn margadh ábhartha táirge an táirge lena mbaineann agus a chuid ionadaithe ar thaobh an éilimh, i.e. táirgí a mheasann an tomhaltóir gur táirgí den sórt sin iad (de bharr saintréithe, praghsanna agus úsáid bheartaithe an táirge) agus a gcuid ionadaithe ar thaobh an tsoláthair, i.e. táirgí a measann táirgeoirí gur táirgí den sórt sin iad (trí sholúbthacht shuiteálacha táirgeachta an tairbhí agus a chuid iomaitheoirí). Léirigh cad a mheasann tú mar ionadaigh thaobh an éilimh de agus thaobh an tsoláthair de sa chás seo. Soláthair fianaise, ó thríú páirtí neamhspleách más féidir, chun tacú le do chonclúidí maidir leis an bpointe seo.
…
|
|
2.5.8.
|
Mar thoradh ar an gcabhair, an gcruthóidh an tionscadal acmhainneacht táirgeachta bhreise?
☐cruthóidh ☐ní chruthóidh
Má chruthóidh, tabhair meastachán ar an acmhainneacht táirgeachta bhreise a chruthófar (ó thaobh méide agus luacha de):
…
|
|
2.5.9.
|
Tabhair faisnéis faoi fheidhmíocht an mhargaidh táirgí a ndéanann an chabhair difear, i.e. an bhfuil sé ag fás nó an bhfuil sé ag tearcfheidhmiú:
…
|
|
2.5.10.
|
Más ag tearcfheidhmiú atá an margadh táirgí a ndéantar difear dó, sonraigh, ó thaobh a bhfuil i ndán san fhadtéarma, cé acu is meath ó thaobh struchtúir de atá ag teacht ar an margadh (i.e tá an margadh ag crapadh) nó is meath coibhneasta atá ag teacht air (i.e. tá sé fós ag fás, ach tá tagarmharc fáis ann nach bhfuil á shárú aige):
…
|
|
2.5.11.
|
I gcás inar margadh domhanda é an margadh geografach, chun go ndéanfar measúnú ar fheidhmíocht an mhargaidh táirgí a ndéanann an chabhair difear dó, tabhair faisnéis maidir le héifeacht na cabhrach ar na struchtúir mhargaidh lena mbaineann, go háirithe, an cumas atá inti táirgeoirí a bhrú amach in LEE:
…
|
|
2.5.12.
|
Soláthair faisnéis, agus fianaise thacaíochta, maidir le margadh tíreolaíoch ábhartha an tairbhí.
…
|
|
2.5.13.
|
Sonraigh an táirge nó na táirgí go léir a tháirgfear nuair a bheidh an infheistíocht críochnaithe agus sonraigh, i gcás inarb iomchuí, cód NACE nó ainmníocht CPA:
…
|
|
2.5.14.
|
Sonraigh an gcuirfear an táirge/na táirgí atá beartaithe leis an tionscadal in ionad aon táirgí eile a tháirgeann an tairbhí (ar leibhéal an ghrúpa):
☐cuirfear ☐ní chuirfear
Má chuirfear an freagra, sonraigh na táirgí a ionadófar. Mura ag suíomh an tionscadail a tháirgtear na táirgí a ionadófar, cuir in iúl cá háit a bhfuil siad á dtáirgeadh faoi láthair. Soláthair tuairisc ar an nasc atá idir an táirgeacht arna hionadú agus an infheistíocht reatha agus tabhair sceideal ama don ionadú:
…
|
|
2.5.15.
|
Léirigh cén táirge (táirgí) eile is féidir a tháirgeadh leis na saoráidí nua céanna (trí sholúbthacht shuiteáil táirgeachta an tairbhí) ar bheagán costais nó gan aon chostas breise:
…
|
|
2.5.16.
|
Mínigh, an le táirge idirmheánach a bhaineann an tionscadal, agus an ndíoltar cuid shuntasach den aschur ar shlí eile seachas ar an margadh (faoi dhálaí margaidh). Bunaithe ar an míniú thuas, chun an sciar den mhargadh a ríomh agus an méadú acmhainneachta sa chuid eile den roinn, léirigh an ionann an táirge lena mbaineann agus an táirge atá beartaithe leis an tionscadal, nó an táirge iartheachtach é.
…
|
|
2.5.17.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chumhacht mhargaidh an tairbhí, tabhair an fhaisnéis seo a leanas maidir lena staid sa mhargadh (thar thréimhse ama sula bhfuair sé an chabhair agus an suíomh ionchasach ar an margadh tar éis bailchríoch a chur ar an infheistíocht):
|
(a)
|
meastachán ar dhíolacháin uile (i dtéarmaí luacha agus toirte) fhaighteoir na cabhrach sa mhargadh ábhartha (ar leibhéal grúpa):
…
|
|
(b)
|
meastachán ar dhíolacháin fhoriomlána na dtáirgeoirí uile sa mhargadh ábhartha (i dtéarmaí toirte agus luacha). Má tá siad ar fáil, áirigh staidreamh arna ullmhú ag foinsí poiblí agus/nó neamhspleácha:
…
|
|
|
2.5.18.
|
Soláthair faisnéis maidir le sciar an tairbhí den mhargadh, agus sciar a iomaitheoirí den mhargadh:
…
|
|
2.5.19.
|
Soláthair measúnú de struchtúr an mhargaidh ábhartha lena n-áirítear, mar shampla, an leibhéal comhchruinnithe sa mhargadh, bacainní féideartha ar iontráil, cumhacht an cheannaitheora agus bacainní ar leathnú nó scoir. Soláthair fianaise, ó thríú páirtí neamhspleách más féidir, chun tacú le do chonclúidí maidir leis an bpointe seo.
…
|
|
2.6.
|
Éifeachtaí dearfacha agus diúltacha na cabhrach a mheas (tástáil chothromúcháin)
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a chur ar fáil, féach roinn 3.2.6. (pointí 134 – 141) de na Treoirlínte.
Déanann an Coimisiún measúnú ar cibé acu is mó nó nach mó éifeachtaí dearfacha an bhirt cabhrach ná na héifeachtaí diúltacha sainaitheanta ar choinníollacha iomaíochta agus trádála. Ní fhéadfaidh an Coimisiún teacht ar chonclúid maidir le comhoiriúnacht an bhirt cabhrach leis an margadh inmheánach ach amháin i gcás inar mó na héifeachtaí dearfacha ná na héifeachtaí diúltacha. I gcásanna nach dtugann an beart cabhrach atá beartaithe aghaidh ar chliseadh margaidh dea-shainaitheanta ar bhealach iomchuí agus comhréireach, is gnách gur mó na héifeachtaí díobhálacha saofa ar an iomaíocht ná éifeachtaí dearfacha an bhirt; dá bhrí sin, is dócha go dtiocfaidh an Coimisiún ar an tátal nach bhfuil an beart cabhrach atá beartaithe ag teacht salach ar a chéile.
|
|
2.6.1.
|
Sonraigh tionchar na cabhrach ar ghnóthú chuspóirí ginearálta agus sonracha CBT a leagtar amach in Airteagail 5 agus 6 de Rialachán (AE) 2021/2115:
…
Sonraigh na cuspóirí de chuid Airteagail 5 agus 6 de Rialachán (AE) 2021/2115 lena rannchuideoidh an chabhair:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (136) de na Treoirlínte, mar chuid den mheasúnú ar éifeachtaí dearfacha agus diúltacha na cabhrach, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tionchar na cabhrach ar ghnóthú chuspóirí ginearálta agus sonracha CBT a leagtar amach in Airteagail 5 agus 6 de Rialachán (AE) 2021/2115, arb é is aidhm dóibh earnáil talmhaíochta chliste, iomaíoch, athléimneach agus éagsúlaithe a chothú, cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, agus gníomhú ar son na haeráide a thacú agus a neartú agus rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a bhaint amach agus creatlach shocheacnamaíoch na limistéar tuaithe a neartú.
|
|
2.6.2.
|
An amhlaidh go gcomhlíonann an chabhair na coinníollacha a leagtar síos sna Ranna is infheidhme de Chuid II de na Treoirlínte agus go n-urramaítear léi na huasdéiní cabhrach ábhartha nó na méideanna cabhrach a leagtar amach iontu?
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Féach ar an Roinn is infheidhme de Chuid II de na Treoirlínte:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (137) de na Treoirlínte, go measann an Coimisiún an éifeacht dhiúltach ar iomaíochas agus ar thrádáil a bheith teoranta don íosmhéid, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha leis an gcabhair agus nach sáraítear leis an gcabhair na huasdéiní cabhrach nó na huasmhéideanna cabhrach, a leagtar síos sna Ranna is infheidhme de Chuid II.
|
|
2.6.3.
|
An bhfuil an chabhair á cómhaoiniú faoi Rialachán (AE) 2021/2115 nó á maoiniú ag an Aontas?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (138) de na Treoirlínte, maidir le státchabhair a chómhaoinítear faoi Rialachán (AE) 2021/2115, nó a mhaoiníonn an tAontas, measfaidh an Coimisiún gur deimhníodh cé na héifeachtaí dearfacha gaolmhara atá i gceist.
|
|
2.6.4.
|
An meastar go mbeidh aon tionchar ar an gcomhshaol agus/nó ar an aeráid ag an ngníomhaíocht a fhaigheann cabhair?
☐meastar ☐ní mheastar
Má mheastar, tabhair tuairisc ar an tionchar a bhfuil coinne leis, agus an reachtaíocht maidir le cosaint an chomhshaoil a liostaítear i bPointe (139) de na Treoirlínte á cur san áireamh, sin agus na caighdeáin maidir le cóir mhaith thalmhaíochta agus chomhshaoil (GAEC) faoi Rialachán (AE) 2021/2115:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (139) de na Treoirlínte, i gcás ina léirítear go mbíonn tionchar dearfach ag cabhair ar an gcomhshaol agus ar an aeráid, measfaidh an Coimisiún gur deimhníodh cé na héifeachtaí dearfacha atá ag gabháil leis an gcabhair sin.
|
|
2.6.5.
|
An bhfuil an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as curtha san áireamh sa chabhair?
☐tá ☐níl
Tabhair dóthain faisnéise chun a léiriú go bhfuil an prionsabal sin curtha san áireamh:
…
Tabhair faoi deara go bhforáiltear le hAirteagal 11 den Chonradh nach mór ceanglais cosanta comhshaoil a chomhtháthú i sainmhíniú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais, go háirithe d'fhonn forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.
|
|
2.6.6.
|
An bhfuil tionchar dearfach eile ag an gcabhair?
☐tá ☐níl
Má tá, sonraigh cé acu beartas de chuid an Aontais atá i gceist:
|
☐
|
An Comhaontú Glas don Eoraip (COM/2019/640 final)
|
|
☐
|
An Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’ (COM/2020/381final)
|
|
☐
|
Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide (COM/2013/0216 final agus COM/2021/82 final)
|
|
☐
|
Teachtaireacht maidir le Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe a Athbhunú (COM(2021)800 final)
|
|
☐
|
An Straitéis Foraoiseachta (COM/2021/572 final)
|
|
☐
|
An Straitéis Bhitheagsúlachta (COM/2020/380 final)
|
…
Tabhair tuilleadh sonraí maidir le héifeacht dhearfach na cabhrach agus mínigh cén chaoi a bhfuil an chabhair ailínithe leis an mbeartas nó na beartais AE a sonraíodh:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (140) de na Treoirlínte, i gcás ina bhfuil éifeachtaí dearfacha na cabhrach ag freagairt do na héifeachtaí dearfacha siúd a chuimsítear i mbeartais de chuid an Aontais, gur féidir glacadh leis gur leithne an éifeacht dhearfach atá ag gabháil le cabhair atá ailínithe le beartais AE den sórt sin.
|
|
2.6.7.
|
An i bhfabhar infheistíochtaí atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair faisnéis faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 (484), lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, nó le modheolaíochtaí inchomparáide eile.
…
|
Cabhair le haghaidh Thuaisceart Éireann
|
2.7.1.
|
An bhfuil an chabhair le deonú i dTuaisceart Éireann?
☐tá ☐níl
Má tá, tabhair faoi deara, de bhun phointe (28) de na Treoirlínte, chun cabhair a dheonú i dTuaisceart Éireann, i gcás ina gceanglaítear le beart go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/2115, ní mór faisnéis choibhéiseach a sholáthar san fhógra don Choimisiún de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh.
I dteannta na Bileoige Faisnéise Forlíontaí seo, le haghaidh gach birt a chumhdaítear leis na Treoirlínte, ní mór an Bhileog Faisnéise Forlíontaí ábhartha a líonadh amach.
|
Cabhair i bhfabhar gnóthas atá i gcruachás
De bhun phointe (23) de na Treoirlínte, nuair atá gnóthas i gcruachás airgeadais, toisc go bhfuil baol ann go dtiocfaidh deireadh leis an ngnóthas ar fad, measann an Coimisiún nach féidir a bhreithniú gur meán iomchuí é chun cuspóirí eile a bhaineann le beartas poiblí a chur chun cinn ach amháin go dtí go ndearbhófar inmharthanacht an ghnóthais sin. Dá bhrí sin, i gcás inar gnóthas atá i gcruachás é tairbhí na cabhrach mar a shainmhínítear i bpointe (33) (63) de na Treoirlínte, déanfar measúnú ar an gcabhair i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu.
Le pointe (23) de na Treoirlínte, áfach, déantar foráil maidir le heisceachtaí áirithe ón bprionsabal nach soláthraítear státchabhair do ghnóthais a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu.
|
2.7.2.
|
Damáiste a tharla de dheasca tubaistí nádúrtha agus tarluithe eisceachtúla dá dtagraítear i gCuid II, Roinn 1.2.1.1 agus Roinn 2.1.3. de na Treoirlínte, an chun cúiteamh a thabhairt ina leith sin atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair faoi deara, de bhun phointe (23) de na Treoirlínte, nach bhfuil feidhm ag an bprionsabal nach ndéantar státchabhair a sholáthar do ghnóthais a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu, ar choinníoll go bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(2), pointe (b), den Chonradh.
|
|
2.7.3.
|
An mar chúiteamh i leith an damáiste a tharla de dheasca teagmhas riosca dá dtagraítear i gCuid II, Ranna 1.2.1.2., 1.2.1.3., 1.2.1.5., 2.1.3., 2.8.1. nó 2.8.5. de na Treoirlínte atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair faoi deara, de bhun phointe (23) de na Treoirlínte, nach bhfuil feidhm ag an bprionsabal nach ndéantar státchabhair a sholáthar do ghnóthais a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu, nach bhfuil feidhm aige maidir le cabhair chun na caillteanais nó an damáiste a chúiteamh, ar choinníoll gurbh iad na teagmhais riosca dá dtagraítear i gCuid II, Ranna 1.2.1.2, 1.2.1.3, 1.2.1.5, 2.1.3, 2.8.1 nó 2.8.5. de na Treoirlínte ba chúis leis na caillteanais nó an damáiste sin.
|
|
2.7.4.
|
An le haghaidh aon cheann de na catagóirí cabhrach seo a leanas atá an chabhair á deonú?
|
☐
|
cabhair chun stoc a fuair bás a scriosadh agus a bhaint, mar a leagtar amach i gCuid II, Roinn 1.2.1.4. de na Treoirlínte;
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh bearta coisctheacha, rialaithe agus díothaithe i gcás galar ainmhithe agus lotnaidí plandaí dá dtagraítear i bpointí (370) agus (371) de Chuid II, Roinn 1.2.1.3. de na Treoirlínte.
|
Más ea, tabhair faoi deara, de bhun phointe (23) de na Treoirlínte, nár cheart staid eacnamaíoch gnóthais a chur san áireamh, ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí a chosaint agus i ngeall ar an éigeandáil a bhaineann leis na cineálacha sin cabhrach. Dá bhrí sin, níl feidhm ag an bprionsabal nach ndéantar státchabhair a sholáthar do ghnóthais a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu maidir le cabhair den sórt sin.
|
|
2.7.5.
|
An le haghaidh aon cheann de na catagóirí cabhrach seo a leanas atá an chabhair á deonú?
|
☐
|
gníomhaíochtaí faisnéise dá dtagraítear i gCuid II, Ranna 1.1.10.1. agus 2.4 de na Treoirlínte;
|
|
☐
|
bearta cur chun cinn ar de chineál ginearálta iad, mar a leagtar amach i gCuid II, Roinn 1.3.4. de na Treoirlínte.
|
Más ea, tabhair faoi deara, de bhun phointe (23) de na Treoirlínte, nach bhfuil feidhm ag an bprionsabal nach ndéantar státchabhair a sholáthar do ghnóthais a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu.
|
Cabhair a dheonaítear do ghnóthas atá faoi réir ordú aisghabhála gan íoc
|
2.7.6.
|
An ndeonaítear an chabhair do ghnóthas atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lenar dearbhaíodh go raibh cabhair neamhdhleathach agus nach raibh sí ag luí an margadh inmheánach?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
Má dheonaítear, tabhair faoi deara nach féidir a dhearbhú go bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, ach amháin má tá feidhm ag ceann amháin den dá eisceacht a leagtar amach thíos.
|
|
2.7.7.
|
An damáiste a rinneadh de dheasca tubaistí nádúrtha agus tarluithe eisceachtúla faoi Airteagal 107(2), pointe (b), den Chonradh, an chun an damáiste sin a shlánú atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair faoi deara nach bhfuil feidhm le pointe (25) de na Treoirlínte.
|
|
2.7.8.
|
Na costais a bhaineann le cosc, rialú, agus díothú galar ainmhithe dá dtagraítear i bpointe (370) agus i bpointe (371) i gCuid II, Roinn 1.2.1.3. de na Treoirlínte, an i gcomhair na gcostas sin atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair faoi deara nach bhfuil feidhm le pointe (25) de na Treoirlínte.
|
Meastóireacht ar scéimeanna cabhrach
|
2.7.9.
|
Sonraigh an gcomhlíonann an scéim cabhrach aon cheann díobh seo a leanas:
|
(a)
|
☐tá buiséad na scéime nó an caiteachas a thugtar i gcuntas níos mó ná EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó níos mó ná EUR 750 milliún in imeacht fhad iomlán na scéimeanna, is é sin le rá, comhfhad na scéime agus aon scéime a bhí ann díreach roimpi lenar cumhdaíodh cuspóir agus limistéar geografach comhchosúil;
|
|
(b)
|
☐tá saintréithe núíosacha sa scéim;
|
|
(c)
|
☐baineann an scéim le hathruithe móra ar an margadh, ar an teicneolaíocht nó ar chúrsaí rialála.
|
Más tá baint ag aon cheann de na gnéithe thuas, tabhair sonraí:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (640) de na Treoirlínte go bhféadfadh sé go mbeadh gá le meastóireacht ex post i gcás scéimeanna a bhfuil buiséid chabhrach mhóra acu, nó ina bhfuil saintréithe núíosacha, nó i gcás ina bhforáiltear d’athruithe ar an margadh, ar an teicneolaíocht nó ar chúrsaí rialála. In aon chás, beidh meastóireacht riachtanach le haghaidh scéimeanna ag a bhfuil buiséad státchabhrach nó caiteachas a thugtar i gcuntas os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó os cionn EUR 750 milliún in imeacht fhad iomlán na scéimeanna, is é sin le rá, comhfhad na scéime agus aon scéime a bhí ann díreach roimpi lenar cumhdaíodh cuspóir agus limistéar geografach comhchosúil, ag tosú ón 1 Eanáir 2023. I bhfianaise chuspóirí na meastóireachta, agus chun nach gcuirfear ualach díréireach ar Stáit LEE CSTE, ní bheidh gá le meastóireachtaí ex post ach amháin i gcás scéimeanna cabhrach ar mó a ré iomlán ná trí bliana, ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh.
Deimhnigh, más gá, go ndéanfaidh an Ballstát an mheastóireacht ex post i gcomhréir le pointí (642) go (646) de na Treoirlínte:
☐déanfaidh ☐ní dhéanfaidh
|
Aon fhaisnéis eile
Tabhair aon fhaisnéis eile a mheasann tú a bheith tábhachtach nó riachtanach chun measúnú cuí a dhéanamh ar an mbeart cabhrach ar tugadh fógra ina leith:
…
|
1.1.1.1.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE HAGHAIDH INFHEISTÍOCHTAÍ I NGABHÁLTAIS TALMHAÍOCHTA ATÁ NASCTHA LE TÁIRGEADH PRÍOMHÚIL TALMHAÍOCHTA
Baineann an bhileog faisnéise seo le státchabhair le haghaidh infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe ar ghabháltais talmhaíochta atá nasctha le táirgeadh príomhúil talmhaíochta mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.1.1.1 de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
Leis na hinfheistíochtaí ar a bhfuil an chabhair dírithe, an urramaítear aon toirmeasc nó srian a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (485), lena n-áirítear i gcás nach dtagraítear ach amháin don tacaíocht ón Aontas dá bhforáiltear sa Rialachán sin leis na toirmisc agus leis na srianta sin?
☐urramaítear ☐ní urramaítear
|
|
2.
|
An le haghaidh infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus sócmhainní doláimhsithe a dhéanann tairbhí amháin nó níos mó, nó le haghaidh sócmhainn inláimhsithe nó sócmhainn dholáimhsithe a úsáideann tairbhí amháin nó níos mó ar ghabháltais talmhaíochta atá nasctha leis an táirgeadh príomhúil talmhaíochta, atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
|
|
3.
|
An i bhfabhar infheistíochta i sócmhainní inláimhsithe agus i sócmhainní doláimhsithe atá nasctha le táirgeadh bithbhreoslaí nó le táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite ar ghabháltais atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair freagra ar cheisteanna 3.1. go 3.15:
|
|
3.1.
|
An ndéantar an infheistíocht i dtáirgeadh bithbhreoslaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (33), de Threoir (AE) 2018/2001 (486)?
☐déantar ☐ní dhéantar
|
|
3.2.
|
Más ea ‘déantar’ an freagra a thabharfar ar cheist 3.1., an é nach bhfuil saoráidí táirgthe fuinnimh in-athnuaite incháilithe le haghaidh cabhrach ach amháin mura bhfuil a n-acmhainneacht táirgeachta coibhéiseach le meánídiú breosla bliantúil an ghabháltais talmhaíochta?
☐is é ☐ní hé
|
|
3.3.
|
An ndíoltar an bithbhreosla a tháirgtear ar an margadh?
☐díoltar ☐ní dhíoltar
|
|
3.4.
|
An ndéantar an infheistíocht i dtáirgeadh fuinnimh theirmigh agus/nó leictreachais ó fhoinsí inathnuaite ar ghabháltais talmhaíochta?
☐déantar ☐ní dhéantar
|
|
3.5.
|
Más ‘déantar’ an freagra a thabharfar ar cheist 3.4:
|
(a)
|
na saoráidí táirgthe fuinnimh in-athnuaite ar an ngabháltas talmhaíochta atá incháilithe le haghaidh cabhrach, an é nach bhfuil sé d’aidhm acu ach freastal ar a riachtanais fuinnimh féin?
☐is é ☐ní hé
|
|
(b)
|
an é nach mó acmhainneacht táirgeachta na saoráidí táirgthe fuinnimh in-athnuaite incháilithe le haghaidh cabhrach ná a choibhéis comh-mheánídithe fuinnimh bhliantúil le haghaidh fuinneamh teirmeach agus leictreachas ar an ngabháltas talmhaíochta, lena n-áirítear an teaghlach feirme?
☐is é ☐ní hé
|
|
|
3.6.
|
An ndíoltar an leictreachas a tháirgtear leis an ngreille?
☐díoltar ☐ní dhíoltar
|
|
3.7.
|
Más ea ‘díoltar’ an freagra a thabharfar ar cheist 3.6 den Bhileog Faisnéise seo, an n-urramófar an meánteorainn féinídithe bhliantúil?
☐urramófar ☐ní urramófar
Tabhair faoi deara, de bhun pointe (146)(b) de na Treoirlínte, i gcás ina ndéantar an infheistíocht le haghaidh fuinneamh teirmeach agus/nó leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgeadh ar ghabháltais talmhaíochta, níl na saoráidí táirgeachta fuinnimh in-athnuaite incháilithe le haghaidh cabhrach ach amháin más é an aidhm atá ann freastal ar a riachtanais fuinnimh féin agus murar mó a n-acmhainneacht táirgeachta bhliantúil ná coibhéis an chomh-mheánídithe fuinnimh bhliantúil le haghaidh fuinneamh teirmeach agus leictreachas ar an ngabháltas talmhaíochta, lena n-áirítear an teaghlach feirme; maidir le leictreachas, is féidir leictreachas a dhíol leis an ngreille fad a urramaítear an meánteorainn féinídithe bhliantúil.
|
|
3.8.
|
I gcás ina ndéanann níos mó ná gabháltas talmhaíochta amháin an infheistíocht maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgeadh arb é is aidhm dóibh freastal ar a riachtanais fuinnimh féin nó bithbhreoslaí ar ghabháltais a tháirgeadh, an ionann an meánídiú bliantúil agus iomlán mheánídiú bliantúil na dtairbhithe uile?
☐is ionann ☐ní hionann
|
|
3.9.
|
An bhfuil aon íoschaighdeáin ann ar an leibhéal náisiúnta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar fuinnimh in-athnuaite a ídíonn nó a tháirgeann fuinneamh?
☐tá ☐níl
Má tá, déan cur síos ar na híoschaighdeáin náisiúnta ábhartha:
…
|
|
3.10.
|
Más ea ‘tá’ an freagra a thabharfar ar cheist 3.9., an bhfuil ceanglas ann ar an leibhéal náisiúnta nach mór na híoschaighdeáin dá dtagraítear sa cheist sin a chomhlíonadh?
☐tá ☐níl
|
|
3.11.
|
An i bhfabhar infheistíochtaí i suiteálacha arb é a bpríomhchuspóir leictreachas a tháirgeadh ó bhithmhais atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
|
|
3.12.
|
Más ea ‘is ea’ an freagra a thabharfar ar cheist 3.11., an n-úsáideann na suiteálacha céatadán íosta den fhuinneamh teasa a tháirgtear, arna chinneadh ag an mBallstát?
☐úsáideann☐ní úsáideann
|
|
3.13.
|
An ann do thairseacha a bunaíodh ar leibhéal an Bhallstáit le haghaidh an chion uasta gránach agus barra eile atá stáirse-shaibhir, siúcra agus barra ola a úsáidtear chun bithfhuinneamh a tháirgeadh, lena n-áirítear bithbhreoslaí, le haghaidh cineálacha suiteálacha éagsúla i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2018/2001?
☐is ann ☐ní ann
Sonraigh na tairseacha sin:
…
Tabhair faoi deara, de bhun pointe (150) de na Treoirlínte, nach mór do na Ballstáit tairseacha a bhunú le haghaidh na gcionta uasta gránach agus barra eile atá stáirse-shaibhir, siúcra agus barra ola a úsáidtear chun bithfhuinneamh a tháirgeadh, lena n-áirítear bithbhreoslaí, le haghaidh cineálacha suiteálacha éagsúla i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2018/2001.
|
|
3.14.
|
An bhfuil an chabhair do thionscadail bhithfhuinnimh teoranta don bhithfhuinneamh a chomhlíonann na critéir um inbhuanaitheacht agus um choigiltí astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun pointe (150) de na Treoirlínte, ní mór cabhair do thionscadail bhithfhuinnimh a bheith teoranta don bhithfhuinneamh a chomhlíonann na critéir um inbhuanaitheacht agus um choigiltí astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001.
|
|
3.15.
|
An sáraíonn acmhainneacht táirgeachta na suiteála meánídiú bliantúil an tairbhí/na dtairbhithe?
☐sáraíonn ☐ní sháraíonn
Más ea ‘sáraíonn’ an freagra a thabharfar, tabhair faoi deara nach mór do na Ballstáit na coinníollacha a leagtar síos sna Treoirlínte maidir le státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus d’fhuinneamh 2022 (487) a chomhlíonadh ach amháin má tá an chabhair sin díolmhaithe ón oibleagáid fógra a thabhairt (e.g. trí Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (488)).
|
|
4.
|
Sonraigh an cuspóir nó na cuspóirí a shaothraítear leis an infheistíocht:
|
(a)
|
☐feidhmiú agus inbhuanaitheacht fhoriomlán an ghabháltais talmhaíochta a fheabhsú, go háirithe trí na costais táirgeachta a laghdú nó an táirgeadh a fheabhsú nó a athúsáid;
|
|
(b)
|
☐an comhshaol nádúrtha, dálaí sláinteachais nó caighdeáin leasa ainmhithe a fheabhsú;
|
|
(c)
|
☐an bonneagar i ndáil le forbairt, oiriúnú agus nuachóiriú talmhaíochta a chruthú agus a fheabhsú, lena n-áirítear rochtain ar thalamh feirme, comhdhlúthú talún agus feabhsú talún, soláthar fuinnimh inbhuanaithe, éifeachtúlacht fuinnimh, soláthar agus coigilt uisce;
|
|
(d)
|
☐athchóiriú ar tháirgeadh talmhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a ndearnadh damáiste dó de bharr tubaistí nádúrtha, tarluithe eisceachtúla nó teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí, ainmhithe cosanta agus cosc a chur ar an damáiste a tharlaíonn de bharr na dteagmhas agus na dtosca réamhluaite sin agus maolú riosca a dhéanamh maidir leis an damáiste sin.
|
|
(e)
|
☐cur le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, lena n-áirítear trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus trí cheapadh carbóin a fheabhsú, agus trí fhuinneamh inbhuanaithe agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn freisin;
|
|
(f)
|
☐cur le bithgheilleagar inbhuanaithe ciorclach agus forbairt inbhuanaithe agus bainistiú éifeachtúil ar acmhainní nádúrtha a chothú, idir an t-uisce, an ithir agus an t-aer, lena n-áirítear tríd an spleáchas ar cheimiceáin a laghdú;
|
|
(g)
|
☐rannchuidiú le cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus gnáthóga agus tírdhreacha a chaomhnú;
|
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (152) de na Treoirlínte, nach mór don infheistíocht ceann amháin ar a laghad de na cuspóirí thuas a shaothrú.
|
|
5.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐maoin dhochorraithe a thógáil, a fháil, lena n-áirítear í a léasú, nó a fheabhsú, lena n-áirítear infheistíochtaí i sreangú éighníomhach inmheánach nó i gcáblú struchtúrtha éighníomhach le haghaidh líonraí sonraí agus, más gá, an chuid choimhdeach den líonra éighníomhach ar an réadmhaoin phríobháideach lasmuigh den fhoirgneamh;
Más i bhfabhar costais ceannaigh talún atá an chabhair á deonú, an é nach bhfuil an talamh ceannaithe incháilithe ach amháin a mhéid nach mó ná 10 % de na costais incháilithe foriomlána a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann?
☐is é ☐ní hé
Murab é, an mbaineann an oibríocht leis an méid seo a leanas:
|
☐
|
caomhnú an chomhshaoil agus caomhnú ithreach ar mhórán carbóin?
|
|
☐
|
talamh a cheannaigh feirmeoirí óga trí úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais?
|
Tabhair faoi deara nach bhféadfar céatadán níos airde ná an 10 % thuasluaite de chostais incháilithe iomlána na hoibríochta lena mbaineann a cheadú go heisceachtúil agus in imthosca a bhfuil údar cuí leo ach amháin sa dá chás sin.
Más amhlaidh an cás, tabhair faisnéis maidir leis na himthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo ionas go bhféadfaidh an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcás atá i gceist.
…
|
|
(b)
|
☐innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainní;
|
|
(c)
|
☐costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir féidearthachta; leanfaidh staidéir féidearthachta de bheith ina gcostais incháilithe fiú amháin, más rud é, bunaithe ar a dtorthaí, nach dtabhaítear aon chaiteachas dá dtagraítear i bpointí (a) ná (b);
|
|
(d)
|
☐sealbhú nó forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart agus trádmharcanna;
|
|
(e)
|
☐speansais le haghaidh infheistíochtaí neamhtháirgiúla atá nasctha leis na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (152)(e), (f) agus (g) de na Treoirlínte;
|
|
(f)
|
☐i gcás infheistíochta atá dírithe ar athchóiriú ar tháirgeadh talmhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a ndearnadh damáiste dó de bharr tubaistí nádúrtha, tarluithe eisceachtúla nó teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí agus ainmhithe faoi chosaint: na costais arna dtabhú chun an táirgeadh a d’fhéadfadh a bheith ann a athchóiriú, lena n-áirítear obair chaipitlithe, suas go dtí an leibhéal a bhí ann roimh tharlú na dteagmhas sin;
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (153)(f) de na Treoirlínte, gur cheart do na tairbhithe, i gcás inarb iomchuí, iarracht a dhéanamh bearta oiriúnaithe don athrú aeráide a chur san áireamh san athchóiriú.
|
|
(g)
|
☐i gcás infheistíochtaí atá dírithe ar dhamáiste de bharr tubaistí nádúrtha, tarluithe eisceachtúla, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí agus ainmhithe faoi chosaint a chosc: na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí coisctheacha sonracha arb é is aidhm dóibh iarmhairtí teagmhas dóchúil den sórt sin a laghdú;
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (153)(g) de na Treoirlínte, i gcás damáiste a tharlaíonn de bharr teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha nó de bharr lotnaidí plandaí, ba cheart do na tairbhithe, i gcás inarb iomchuí, iarracht a dhéanamh é a áireamh sna bearta athbhunaithe agus oiriúnaithe don athrú aeráide, chun an damáiste agus na caillteanais a d’fhéadfadh tarlú amach anseo de thoradh imeachtaí den sórt sin a laghdú.
|
|
(h)
|
☐plandaí bliantúla a cheannach agus a chur:
|
☐
|
a dhéantar le haghaidh an chuspóra a leagtar amach i bpointe (152)(d) de na Treoirlínte;
|
|
☐
|
a dhéantar chun cineálacha plandaí atá i mbaol creimeadh géiniteach a chaomhnú, dá dtagraítear i bpointe (210) na dTreoirlínte;
|
|
|
(i)
|
☐ainmhithe a cheannach:
|
☐
|
an ceannach a dhéantar i gcás an chuspóra i bpointe (152)(d) de na Treoirlínte;
|
|
☐
|
ceannach ainmhithe de phórtha atá i mbaol mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24) de Rialachán (AE) 2016/1012 (489) faoi na gealltanais dá dtagraítear i bpointe (207) de na Treoirlínte;
|
|
☐
|
ceannach madraí cosanta a chosnaíonn beostoc ar chreachadóirí móra.
|
|
|
|
6.
|
An le haghaidh aon cheann de na costais seo a leanas atá an chabhair á deonú?
|
(a)
|
cearta táirgthe talmhaíochta agus teidlíochtaí íocaíochta a cheannach;
|
|
(b)
|
plandaí bliantúla a cheannach agus a chur chun críocha eile seachas na críocha sin dá dtagraítear i gceist 5 (h) den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo;
|
|
(c)
|
ainmhithe a cheannach chun críocha eile seachas na críocha sin dá dtagraítear i gceist 5(i) den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo;
|
|
(d)
|
infheistíochtaí chun na caighdeáin náisiúnta agus caighdeáin an Aontais atá i bhfeidhm a chomhlíonadh;
|
|
(e)
|
costais, seachas na costais dá dtagraítear i bpointe (153) de na Treoirlínte i dtaca le conarthaí léasúcháin, amhail corrlach an léasóra, costais athmhaoiniúcháin úis, forchostais agus muirir árachais;
|
|
(g)
|
sreangú nó cáblú do líonraí sonraí lasmuigh den réadmhaoin phríobháideach.
☐is ea ☐ní hea
|
Má áirítear aon cheann de na costais dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (g), tabhair faoi deara nach féidir a dhearbhú go bhfuil an chabhair comhoiriúnach don mhargadh inmheánach.
|
|
7.
|
An i bhfabhar infheistíochtaí in uisciú atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair freagra ar cheisteanna 7.1. go 7.7:
|
|
7.1.
|
Ar cuireadh fógra chuig an gCoimisiún maidir le plean bainistíochta abhantraí, i gcomhréir le téarmaí Threoir 2000/60/CE (490), le haghaidh an limistéir fhoriomláin ina ndéanfar an infheistíocht, agus in aon limistéar eile a mbeidh tionchar ag an infheistíocht ar a gcomhshaol?
☐cuireadh ☐níor cuireadh
|
|
7.2.
|
Ar sonraíodh na bearta a bheidh feidhm acu faoin bplean bainistíochta abhantraí i gcomhréir le hAirteagal 11 den Treoir 2000/60/CE agus atá ábhartha maidir le hearnáil na talmhaíochta i gclár ábhartha na mbeart?
☐sonraíodh ☐níor sonraíodh
|
|
7.3.
|
An bhfuil méadrú uisce lena gcumasófar úsáid uisce a thomhas ar leibhéal na hinfheistíochta dá dtugtar tacaíocht curtha i bhfeidhm nó an gcuirfear i bhfeidhm é mar chuid den infheistíocht?
☐tá/cuirfear ☐níl/ní chuirfear
|
|
7.4.
|
I gcás ina ndeonaítear cabhair le haghaidh infheistíocht ar mhaithe le suiteáil uisciúcháin atá ann cheana nó cuid de bhonneagar uisciúcháin a fheabhsú, an gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas?
|
(a)
|
An meastar de réir measúnú ex ante bunaithe ar pharaiméadair theicniúla na suiteála nó an bhonneagair atá ann cheana go bhféadfadh coigilteas uisce a dhéanamh de bharr na hinfheistíochta?
☐meastar ☐ní mheastar
|
|
(b)
|
má dhéanann an infheistíocht dochar do dhobharlaigh screamhuisce nó uisce dromchla ar sainaithníodh sa phlean bainistíochta abhantraí ábhartha gur lú ná maith a stádas ar chúiseanna a bhaineann le cainníocht uisce nó má léirítear i measúnuithe úrscothacha leochaileachta agus riosca aeráide go bhféadfadh na dobharlaigh sin a bhfuil stádas maith acu a stádas a chailleadh ar chúiseanna a bhaineann le cainníocht uisce mar thoradh ar thionchair an athraithe aeráide, an mbainfear amach laghdú éifeachtach ar úsáid uisce, rud a chuirfidh le baint amach agus cothabháil dea-stádas na ndobharlach sin, dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) de Threoir 2000/60/CE?
☐bainfear ☐ní bhainfear
|
|
(c)
|
Ní mór go socróidh an Stát céatadáin maidir le coigilteas a d’fhéadfaí a dhéanamh ar uisce agus maidir le laghdú éifeachtach ar úsáid uisce mar choinníoll incháilitheachta. An áirithítear an méid seo a leanas leis na céatadáin sin:
|
(i)
|
is é 5 % ar a laghad atá sa chéatadán coigiltis a d’fhéadfaí a dhéanamh ar uisce nuair a áirithítear le paraiméadair theicniúla na suiteála nó an bhonneagair atá ann cheana leibhéal ard éifeachtúlachta, agus 25 % ar a laghad ann nuair atá an leibhéal reatha éifeachtúlachta (roimh an infheistíocht) íseal agus/nó le haghaidh infheistíochtaí a dhéantar i limistéir ina bhfuil an gá is mó le coigiltis ar uisce chun a áirithiú go mbainfear stádas maith uisce amach (i gcás nach bhfuil sé bainte amach cheana) agus chun meath stádais dobharlach a sheachaint;
☐áirithítear☐ní áirithítear
|
|
(ii)
|
an céatadán den laghdú éifeachtach ar úsáid uisce, ar leibhéal na hinfheistíochta ina hiomláine, beidh sé ar a laghad 50 % den choigilteas uisce a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an infheistíocht sa suiteáil uiscithe atá ann cheana nó i gcuid de bhonneagar uiscithe.
☐áirithítear☐ní áirithítear
|
Tabhair faoi deara, na coinníollacha a leagtar amach i gceist 7.4., níl feidhm acu maidir le hinfheistíocht i suiteáil atá ann cheana agus a bhfuil éifeacht aici ar éifeachtúlacht fuinnimh nó ar infheistíocht a bhaineann le taiscumar uisce a chruthú nó ar infheistíocht a bhaineann le huisce athchúrsáilte a úsáid nach mbeidh éifeacht aige ar dhobharlach screamhuisce nó ar uisce dromchla.
|
|
|
7.5.
|
I gcás ina ndeonaítear cabhair le haghaidh infheistíochtaí in úsáid uisce athshlánaithe mar sholáthar uisce malartach, an gcomhlíonann soláthar agus úsáid an uisce sin Rialachán (AE) 2020/741 (491);
☐comhlíonann ☐ní chomhlíonann
|
|
7.6.
|
I gcás ina ndeonaítear cabhair le haghaidh infheistíochtaí a mbeidh glanmhéadú ar an limistéar uiscithe a dhéanann difear do dhobharlach screamhuisce nó ar uisce dromchla dá mbarr, an gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas?
|
(i)
|
níl stádas an dobharlaigh aitheanta mar stádas nach bhfuil go maith sa phlean bainistithe abhantracha ar chúiseanna a bhaineann le cainníocht uisce; agus
☐comhlíontar ☐ní chomhlíontar
|
|
(ii)
|
léirítear le hanailís chomhshaoil nach mbeidh tionchar diúltach suntasach ag an infheistíocht ar an gcomhshaol. Ní mór d’údarás inniúil Ballstáit anailís den sórt sin ar an tionchar ar an gcomhshaol a chur i gcrích nó a fhormheas agus féadfar tagairt a dhéanamh inti do ghrúpaí gabháltas freisin.
☐comhlíontar ☐ní chomhlíontar
|
|
|
7.7.
|
An le haghaidh infheistíochtaí i gcruthú nó i leathnú taiscumar chun críche uiscithe atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea ‘is ea’ an freagra a thabharfar ar cheist 7.7 den Bhileog Faisnéise seo, an ndeonófar an chabhair i gcás nach mbeidh tionchar diúltach suntasach ar an gcomhshaol mar thoradh uirthi agus sa chás sin amháin?
☐deonófar ☐ní dheonófar
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (158) de na Treoirlínte, níl infheistíocht i gcruthú nó i leathnú taiscumair chun críche uisciúcháin incháilithe ach amháin ar choinníoll nach mbeidh tionchar diúltach suntasach ar an gcomhshaol mar thoradh uirthi.
|
|
8.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl:
|
—
|
….. % de na costais incháilithe;
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (159) de na Treoirlínte, nár cheart don déine cabhrach dul thar 65 %, ach amháin i gcás ina ndeonaítear an chabhair i ndáil le haon cheann de na cásanna thíos.
|
|
—
|
..... % de chostais na n-infheistíochtaí atá nasctha le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a bhaineann go sonrach leis an gcomhshaol agus leis an aeráid dá dtagraítear i bpointe (152) (e), (f) agus (g) de na Treoirlínte nó le leas ainmhithe;
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (160) (a) de na Treoirlínte, nach rachaidh an déine cabhrach thar 80 % de na costais incháilithe sin.
|
|
—
|
..... % de chostais na n-infheistíochtaí ag feirmeoirí óga;
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (160)(b) de na Treoirlínte, nach rachaidh an déine cabhrach thar 80 % de na costais incháilithe sin.
|
|
—
|
..... % de chostais na n-infheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí nó sna hOileáin bheaga Aeigéacha;
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (160)(c) de na Treoirlínte, nach rachaidh an déine cabhrach thar 80 % de na costais incháilithe sin.
|
|
—
|
..... % de na costais incháilithe i gcás infheistíochtaí feirmeoirí beaga de réir bhrí Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/2115 (492);
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (161) de na Treoirlínte, nach rachaidh an chabhair le haghaidh infheistíochtaí feirmeoirí beaga de réir bhrí Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/2115 thar 85 % de na costais incháilithe.
|
|
—
|
..... % de chostais na n-infheistíochtaí neamhtháirgiúla atá nasctha le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a bhaineann go sonrach leis an gcomhshaol agus leis an aeráid dá dtagraítear i bpointe (152)(e), (f) agus (g) de na Treoirlínte;
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (162)(a) de na Treoirlínte, nach rachaidh an chabhair thar 100 % de na costais incháilithe sin.
|
|
—
|
.... % de chostais na n-infheistíochtaí le haghaidh athchóiriú ar an acmhainneacht táirgeachta dá dtagraítear i bpointe (152)(d) de na Treoirlínte agus infheistíochtaí a bhaineann le cosc a chur ar dhamáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha, tarluithe eisceachtúla, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha nó ainmhithe cosanta, agus maolú riosca a dhéanamh maidir leis an damáiste sin.
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (162)(b) de na Treoirlínte, nach rachaidh an déine cabhrach thar 100 % de na costais incháilithe.
|
|
☐
|
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí in uisciú:
|
—
|
..... % de na costais incháilithe le haghaidh infheistíochtaí uisciúcháin ar an bhfeirm arna ndéanamh faoi phointe (157)(c) de na Treoirlínte;
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (163)(a) de na Treoirlínte, nach rachaidh an chabhair thar 80 % de na costais incháilithe le haghaidh infheistíochtaí arna ndéanamh faoi phointe (157)(c) le haghaidh uisciúcháin ar an bhfeirm.
|
|
—
|
..... % de na costais incháilithe le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar lasmuigh den fheirm sa talmhaíocht atá le húsáid le haghaidh uisciúcháin;
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (163)(b) de na Treoirlínte, nach rachaidh an chabhair thar 100 % de na costais incháilithe chun infheistíochtaí i mbonneagar lasmuigh den fheirm sa talmhaíocht a úsáid le haghaidh uisciúcháin.
|
|
—
|
..... % de na costais incháilithe le haghaidh infheistíochtaí uisciúcháin eile ar an bhfeirm.
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (163)(c) de na Treoirlínte, nach rachaidh an chabhair thar 65 % de na costais incháilithe le haghaidh infheistíochtaí eile le haghaidh uisciúcháin ar an bhfeirm.
|
|
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.1.1.2.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH INFHEISTÍOCHTAÍ I bhFABHAR CHAOMHNÚ NA hOIDHREACHTA CULTÚRTHA AGUS NÁDÚRTHA ATÁ SUITE AR GHABHÁLTAIS TALMHAÍOCHTA
Baineann an bhileog faisnéise seo le státchabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite ar ghabháltais talmhaíochta mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.1.1.2 de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
Leis na hinfheistíochtaí ar a bhfuil an chabhair dírithe, an urramófar aon toirmeasc nó srian a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (493), lena n-áirítear i gcás nach dtagraítear ach amháin don tacaíocht ón Aontas dá bhforáiltear sa Rialachán sin leis na toirmisc agus leis na srianta sin?
☐urramófar ☐ní urramófar
|
|
2.
|
An le haghaidh chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha i bhfoirm tírdhreach nádúrtha agus foirgneamh, rud atá aitheanta go foirmiúil ag údarás inniúil an Bhallstáit mar oidhreacht chultúrtha nó nádúrtha, atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
|
|
3.
|
Sonraigh na costais incháilithe i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite ar ghabháltais talmhaíochta:
|
(a)
|
☐costais infheistíochta i sócmhainní inláimhsithe;
|
|
(b)
|
☐oibreacha caipitlithe.
|
|
|
4.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (167) de na Treoirlínte, go gcaithfidh an chabhair gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
|
5.
|
I gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh oibreacha caipitlithe, sonraigh méid na cabhrach:
…
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (168) de na Treoirlínte, nach mór an chabhair le haghaidh oibreacha caipitlithe a bheith teoranta do EUR 10 000 in aghaidh na bliana.
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.1.1.3.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH INFHEISTÍOCHT I dTACA LE PRÓISEÁIL TÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA NÓ TÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA A CHUR AR AN MARGADH
Baineann an bhileog faisnéise seo le státchabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta nó margú táirgí talmhaíochta, mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.1.1.3 de Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
Leis na hinfheistíochtaí ar a bhfuil an chabhair dírithe, an urramófar aon toirmeasc nó srian a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (494), lena n-áirítear i gcás nach dtagraítear ach amháin don tacaíocht ón Aontas dá bhforáiltear sa Rialachán sin leis na toirmisc agus leis na srianta sin?
☐urramófar ☐ní urramófar
|
|
2.
|
An le haghaidh bithbhreoslaí bunaithe ar bharra bia agus beatha atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair faoi deara nach féidir a dhearbhú go bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i bhfianaise an chuspóra chun an t-athrú i dtreo táirgeadh foirmeacha níos forbartha bithbhreoslaí a dhreasú, dá bhforáiltear leis na Treoirlínte 2022 maidir le státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh.
|
|
3.
|
An le haghaidh infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta nó margú táirgí talmhaíochta dá dtagraítear i bpointe (33)47 agus i bpointe (33)38 de na Treoirlínte atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
|
|
4.
|
Féadfaidh na Ballstáit cabhair a dheonú le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta agus margú táirgí talmhaíochta má chomhlíonann an chabhair gach coinníoll a bhaineann le ceann amháin de na hionstraimí cabhrach seo a leanas:
|
(a)
|
Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (Rialachán na Blocdhíolúine Ginearálta) (495);
|
|
(b)
|
Treoirlínte maidir le státchabhair réigiúnach (496);
|
|
(c)
|
coinníollacha Chuid II, Roinn 1.1.1.3. de na Treoirlínte.
|
I gcás ina ndeonaítear cabhair faoi fhorálacha na dTreoirlínte maidir le státchabhair réigiúnach, tá an measúnú ar chabhair den sórt sin le déanamh ar bhonn na dTreoirlínte sin. Mar sin, líon isteach an chuid ábhartha den fhoirm fógra ghinearálta de Chuid I agus an fhoirm shonrach i gCuid III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 794/2004, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1627/2006 ón gCoimisiún (497), nó aon fhoráil a chuirtear ina hionad.
|
|
5.
|
Más ar bhonn Chuid II, Roinn 1.1.1.3. de na Treoirlínte atá an chabhair á deonú, sonraigh na costais incháilithe:
|
(a)
|
☐maoin dhochorraithe a thógáil, a fháil, lena n-áirítear í a léasú, nó a fheabhsú, lena n-áirítear infheistíochtaí i sreangú éighníomhach inmheánach nó i gcáblú struchtúrtha éighníomhach le haghaidh líonraí sonraí agus, más gá, an chuid choimhdeach den líonra éighníomhach ar an réadmhaoin phríobháideach lasmuigh den fhoirgneamh;
Más i bhfabhar costais ceannaigh talún atá an chabhair á deonú, an é nach bhfuil an talamh ceannaithe incháilithe ach amháin a mhéid nach mó ná 10 % de na costais incháilithe foriomlána a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann?
☐is é ☐ní hé
|
|
(b)
|
☐innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainní;
|
|
(c)
|
☐costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir féidearthachta;
Tabhair faoi deara go leanann staidéir féidearthachta de bheith ina gcaiteachas incháilithe fiú amháin, más rud é, bunaithe ar a dtorthaí, nach dtabhaítear aon chaiteachas faoi phointe (a) ná faoi phointe (b).
|
|
(d)
|
☐sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart agus trádmharcanna.
|
|
|
6.
|
An le haghaidh aon cheann de na costais seo a leanas atá an chabhair á deonú?
|
(a)
|
costais, seachas na costais dá dtagraítear i gceist 7 den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo i dtaca le conarthaí léasúcháin, amhail corrlach an léasóra, costais athmhaoiniúcháin úis, forchostais agus muirir árachais;
|
|
(c)
|
sreangú nó cáblú do líonraí sonraí lasmuigh den réadmhaoin phríobháideach;
|
|
(d)
|
costais a bhaineann le hinfheistíochtaí chun caighdeáin an Aontais agus na caighdeáin náisiúnta atá i bhfeidhm a chomhlíonadh.
☐is ea ☐ní hea
|
Tabhair faoi deara má áirítear aon cheann de na costais dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d), nach féidir a dhearbhú go bhfuil an chabhair comhoiriúnach don mhargadh inmheánach.
|
|
7.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl:
|
—
|
..... % de na costais incháilithe;
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (175) de na Treoirlínte, go gcaithfidh déine na cabhrach gan dul thar 65 % de na costais incháilithe.
|
|
—
|
..... % de na hinfheistíochtaí atá nasctha le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a bhaineann go sonrach leis an gcomhshaol agus leis an aeráid dá dtagraítear i bpointe 152 (e), (f) agus (g) de na Treoirlínte nó, a mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta a phróiseáil, le leas ainmhithe;
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (176)(a) de na Treoirlínte, nach rachaidh an déine cabhrach do na costais sin thar 80 % de na costais incháilithe.
|
|
—
|
..... % de na hinfheistíochtaí ó fheirmeoirí óga;
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (176)(b) de na Treoirlínte, nach rachaidh an déine cabhrach do na hinfheistíochtaí a rinne feirmeoirí óga thar 80 % de na costais incháilithe.
|
|
—
|
..... % de na hinfheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí nó sna hoileáin bheaga Aeigéacha;
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (176)(c) de na Treoirlínte, nach rachaidh an déine cabhrach do na hinfheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí nó sna hoileáin bheaga Aeigéacha thar 80 % de na costais incháilithe.
|
|
|
8.
|
An mar chabhair infheistíochta aonair atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
|
|
9.
|
Más ea ‘is ea’ an freagra a thabharfar ar cheist 10 den Bhileog faisnéise forlíontaí seo, sonraigh méid na gcostas incháilithe agus/nó coibhéis an deontais chomhláin:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (177) de na Treoirlínte, nach mór fógra ar leith a thabhairt don Choimisiún faoi chabhair infheistíochta aonair chun táirgí talmhaíochta a phróiseáil agus táirgí talmhaíochta a mhargú, ar cabhair í a sháraíonn an tairseach fógartha a leagtar amach i bpointe (35)(a) de na Treoirlínte, i.e. costais incháilithe os cionn EUR 25 mhilliún, nó coibhéis an deontais chomhláin os cionn EUR 12 mhilliún.
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.1.2.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR NUATHIONSCANTA LE hAGHAIDH FEIRMEOIRÍ ÓGA AGUS CABHAIR NUATHIONSCANTA LE hAGHAIDH GNÍOMHAÍOCHTAÍ TALMHAÍOCHTA
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi bhearta státchabhrach atá ceaptha chun cabhair nuathionscanta a dheonú le haghaidh feirmeoirí óga agus cabhair nuathionscanta le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.1.2 de Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
An do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta agus do na gnóthais sin amháin atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
|
|
2.
|
An i bhfabhar an méid seo a leanas atá an chabhair á deonú:
|
☐
|
feirmeoirí óga mar a shainmhínítear i bpointe (33)65 de na Treoirlínte?
|
|
☐
|
tionscnamh gníomhaíochtaí talmhaíochta?
|
|
|
3.
|
An bhfuil an chabhair teoranta do thairbhithe ar FBManna iad?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (181) de na Treoirlínte, nach mór an chabhair a sholáthraítear faoi Chuid II., Roinn 1.1.2. de na Treoirlínte a bheith teoranta do FBManna.
|
|
4.
|
An bhfuil an chabhair coinníollach ar phlean gnó a chur faoi bhráid an údaráis inniúil de chuid an Bhallstáit lena mbaineann?
☐tá ☐níl
|
|
5.
|
Sonraigh méid na cabhrach: …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (183) de na Treoirlínte, nach rachaidh an chabhair thar EUR 100 000.
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.1.3.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR NUATHIONSCANTA LE hAGHAIDH GRÚPAÍ TÁIRGEOIRÍ AGUS EAGRAÍOCHTAÍ TÁIRGEOIRÍ IN EARNÁIL NA TALMHAÍOCHTA
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi bhearta státchabhrach atá ceaptha chun cabhair nuathionscanta a dheonú le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus le haghaidh eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na talmhaíochta a ndéantar tuairisc orthu i gCuid II., Roinn 1.1.3 de Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
An do ghrúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí táirgeoirí a ndearna údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann iad a aithint go hoifigiúil atá an chabhair á deonú agus dóibh sin amháin?
☐is ea ☐ní hea
|
|
2.
|
An gcomhlíonann na comhaontuithe, na cinntí agus iompraíocht eile faoi chuimsiú an ghrúpa táirgeoirí nó na heagraíochta táirgeoirí na rialacha iomaíochta mar atá feidhm acu de bhua Airteagal 206 go hAirteagal 210a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (498)?
☐comhlíonann ☐ní chomhlíonann
|
|
3.
|
Má dheonaítear an chabhair go díreach do tháirgeoirí chun a ranníocaíochtaí leis na costais a bhaineann le reáchtáil na ngrúpaí nó na n-eagraíochtaí a fhritháireamh, an bhfuil an chabhair á deonú suas go dtí an méid foriomlán céanna leis an gcabhair a dheonófaí do ghrúpaí táirgeoirí nó d’eagraíochtaí táirgeoirí?
☐tá ☐níl
|
|
4.
|
Más ea ‘tá’ an freagra a thabharfar ar cheist 3, an bhfuil deonú na cabhrach teoranta do na chéad 5 bliana tar éis bhunú an ghrúpa nó na heagraíochta?
☐tá ☐níl
|
|
5.
|
An bhfuil an chabhair á deonú do ghrúpaí táirgeoirí, a aithníodh mar eagraíochtaí táirgeoirí faoi choinníollacha Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013?
☐tá ☐níl
|
|
6.
|
An bhfuil an chabhair teoranta do ghrúpaí táirgeoirí agus d’eagraíochtaí táirgeoirí a thagann faoin sainmhíniú ar FBManna?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (190) de na Treoirlínte, nach n-údaróidh an Coimisiún an chabhair i leith na gcostas a chumhdaítear sa Roinn seo de na Treoirlínte i bhfabhar fiontair mhóra.
|
|
7.
|
An gceanglaítear ar thairbhithe na cabhrach faoin Roinn seo de na Treoirlínte coigeartú a dhéanamh chun aon athrú ar na rialacháin lena rialaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta a chur san áireamh?
☐ceanglaítear ☐ní cheanglaítear
|
|
8.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
☐
|
na costais a bhaineann le háitreabh oiriúnach a fháil ar cíos;
I gcás ina gceannaítear an t-áitreabh, an bhfuil na costais incháilithe a bhaineann leis an áitreabh teoranta do chostais chíosa ar rátaí an mhargaidh?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (192) de na Treoirlínte, i gcás ina gceannaítear an t-áitreabh, ní mór go mbeadh na costais incháilithe a bhaineann leis an áitreabh teoranta do chostais chíosa ar rátaí an mhargaidh.
|
|
☐
|
costais a bhaineann le trealamh oifige a shealbhú;
|
|
☐
|
costais na foirne riaracháin;
|
Má tá costais na bhforchostas incháilithe, sonraigh na costais sin:
…
|
☐
|
táillí dlí agus riaracháin;
|
|
☐
|
costais sealbhaithe crua-earraí ríomhaireachta, costas sealbhaithe nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil.
|
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (195) de na Treoirlínte, cabhair a dheonaítear do ghrúpaí táirgeoirí nó d’eagraíochtaí táirgeoirí chun speansais nach bhfuil nasctha le costais nuathionscanta a chumhdach, amhail infheistíochtaí nó gníomhaíochtaí cur chun cinn, déanfar measúnú uirthi i gcomhréir leis na rialacha lena rialaítear an cineál cabhrach sin.
|
|
9.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach bhfuil cabhair á deonú do aon cheann díobh seo a leanas:
|
(a)
|
eagraíochtaí táirgeachta, eintitis nó comhlachtaí amhail cuideachtaí nó comharchumainn, arb é is cuspóir dóibh gabháltas talmhaíochta amháin nó níos mó a bhainistiú agus ar táirgeoirí aonair iad, dá bhrí sin;
|
|
(b)
|
comhlachais talmhaíochta a thugann faoi chúraimí amhail tacaíocht fhrithpháirteach agus seirbhísí ionadúcháin ar an bhfeirm agus bainistíochta feirme, i ngabháltais na gcomhaltaí nach bhfuil baint acu le soláthar a oiriúnú go comhpháirteach don mhargadh;
|
|
(c)
|
grúpaí táirgeoirí nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 67(3) de Rialachán (AE) 2021/2115 nó grúpaí táirgeoirí, eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais táirgeoirí nach luíonn a gcuspóirí le hAirteagal 152(1)(c), Airteagal 156 agus Airteagal 161 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (193) de na Treoirlínte, nár cheart an chabhair a dheonú do thairbhithe mar a shonraítear i bpointe (a) go pointe (c) den cheist seo.
|
|
|
10.
|
An íoctar an chabhair mar ráta comhréidh i dtráthchodanna bliantúla céimlaghdaitheacha ar feadh na chéad 5 bliana ón dáta a d’aithin an t-údarás inniúil an grúpa táirgeoirí nó an eagraíocht táirgeoirí go hoifigiúil ar bhonn an phlean gnó?
☐íoctar☐ní íoctar
|
|
11.
|
An é nach n-íoctar an tráthchuid dheireanach ach amháin i ndiaidh don Bhallstát lena mbaineann cur chun feidhme ceart an phlean gnó a fhíorú?
☐is é ☐ní hé
|
|
12.
|
Sonraigh déine na cabhrach agus méid na cabhrach in aghaidh na bliana:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (196) de na Treoirlínte, nach rachaidh an chabhair thar 10 % de tháirgeacht bhliantúil arna mhargú ag an ngrúpa nó ag an eagraíocht, ag a mbeidh uasmhéid EUR 100 000 in aghaidh na bliana.
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.1.4.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH GEALLTANAIS AGRA-CHOMHSHAOIL-AERÁIDE
Ní mór an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon bheart státchabhrach chun tacú le modhanna táirgthe talmhaíochta atá ceaptha chun an comhshaol a chosaint agus chun an tuath a chothabháil (gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide) a chumhdaítear le Cuid II, Roinn 1.1.4 de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
An do ghnóthais agus do ghrúpaí gnóthas atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta a thugann, ar bhonn deonach, faoi oibríochtaí a dhéanamh a bhaineann le gealltanas agra-chomhshaoil-aeráide amháin nó níos mó, agus dóibh siúd amháin, atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
|
|
2.
|
An bhfuil na bearta cuidithe dírithe ar chaomhnú agus cur chun cinn na n-athruithe is gá ar chleachtais talmhaíochta, athruithe lena gcuideofar leis an gcomhshaol agus leis an aeráid?
☐tá ☐níl
|
|
3.
|
Cuir in iúl an dtéann na gealltanais dheonacha a bhfuil an chabhair á deonú ina leith thar:
|
(a)
|
☐na ceanglais reachtúla bhainistíochta ábhartha agus na caighdeáin GAEC ábhartha a bhunaítear faoi Theideal III, Caibidil I, Roinn 2 de Rialachán (AE) 2021/2115 (499);
|
|
(b)
|
☐na híoscheanglais ábhartha maidir le leasachán agus táirgí cosanta plandaí a úsáid, agus ceanglais éigeantacha ábhartha eile arna leagan síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais;
|
|
(c)
|
☐na coinníollacha a bhunaítear maidir le cothabháil an limistéir talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/2115.
|
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (201) de na Treoirlínte, nach mór na caighdeáin agus na cleachtais éigeantacha uile den sórt sin a shainaithint agus a thuairisciú san fhógra chuig an gCoimisiún.
|
|
4.
|
I gcás ina bhforchuirtear leis an dlí náisiúnta caighdeáin agus ceanglais maidir le húsáid leasacháin agus táirgí cosanta plandaí, ar caighdeáin agus ceanglais iad a théann thar na híoscheanglais chomhfhreagracha a leagtar síos i ndlí an Aontais, an bhfuil an chabhair a dheonaítear le haghaidh gealltanas ag rannchuidiú le comhlíonadh na gcaighdeán agus na gceanglas náisiúnta sin?
☐tá ☐níl
|
|
5.
|
Más ‘tá’ an freagra a thugtar ar cheist 4 den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo, an ndeonófar an chabhair sin ar feadh uastréimhse 24 mhí ón dáta a bheidh siad éigeantach le haghaidh an ghabháltais?
☐deonófar ☐ní dheonófar
|
|
6.
|
Na gnóthais a dhéanann oibríochtaí faoin Roinn seo de na Treoirlínte, an bhfuil rochtain acu ar an heolas agus ar an bhfaisnéis ábhartha is gá chun na hoibríochtaí sin a chur chun feidhme, agus an bhfuil oiliúint iomchuí ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá acu léi, mar aon le rochtain ar shaineolas chun cúnamh a thabhairt d’fheirmeoirí a thugann gealltanas a gcórais táirgthe a athrú?
☐tá ☐níl
|
|
7.
|
An ar feadh tréimhse idir 5 bliana agus 7 mbliana atá na gealltanais á ndéanamh?
☐is ea ☐ní hea
Sonraigh an fad: …
|
|
8.
|
Más le haghaidh gealltanais a dhéanfar ar feadh tréimhse níos faide ná 7 mbliana atá an chabhair á deonú: an gá an tréimhse níos faide chun na tairbhí comhshaoil a lorgaítear a bhaint amach nó a choinneáil ar bun?
☐is gá ☐ní gá
Más ‘is gá’ an freagra, tugtar réasúnú ar cén fáth a bhfuil gá le tréimhse níos faide le haghaidh chineál an ghealltanais/na ngealltanas dá ndeonaítear an chabhair:
…
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (204) de na Treoirlínte, i gcás inar gá chun na tairbhí comhshaoil a lorgaítear a bhaint amach nó a choinneáil ar bun, go bhféadfaidh na Ballstáit tréimhse níos faide a chinneadh le haghaidh cineálacha áirithe gealltanas, lena n-áirítear trí fhoráil a dhéanamh maidir lena bhfadú bliantúil tar éis fhoirceannadh na tréimhse tosaigh.
|
|
9.
|
An le haghaidh gealltanais a dhéanfar ar feadh tréimhse níos giorra ná 5 bliana atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, cuir in iúl an cineál gealltanas a bhfuil an chabhair á deonú ina leith:
|
☐
|
le haghaidh caomhnú, úsáid inbhuanaithe agus forbairt acmhainní géiniteacha;
|
|
☐
|
le haghaidh gealltanais nua a thugtar díreach tar éis an ghealltanais a comhlíonadh sa tréimhse tosaigh;
|
|
☐
|
cásanna eile a bhfuil údar cuí leo.
|
Má bhaineann an chabhair le ‘cásanna eile a bhfuil údar cuí leo’, léirigh gur gá tréimhse níos giorra:
…
Sonraigh fad na tréimhse níos giorra sin:
…
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, chun pointe (204) de na Treoirlínte a chomhlíonadh, gur gá 1 bhliain amháin ar a laghad a shocrú mar an tréimhse níos giorra sin.
|
|
10.
|
Deimhnigh go gcomhlíonann gealltanais chun fairsingiú a dhéanamh ar fheirmeoireacht beostoic na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
☐ní mór iomlán an limistéir innilte a bhainistiú agus a chaomhnú chun ró-innilt nó tearc-innilt a sheachaint;
|
|
(b)
|
☐ní mór go ndéanfaí dlús beostoic a shainiú lena gcuirtear san áireamh gach beostoc féaraigh a choinnítear ar an bhfeirm nó, i gcás gealltanas chun láisteadh cothaitheach a theorannú, gach ainmhí a choinnítear ar an bhfeirm a bhaineann leis an ngealltanas atá i gceist.
|
|
|
11.
|
Maidir leis na gealltanais pórtha áitiúla a thógáil a bhfuil an baol ann go gcaillfear don fheirmeoireacht iad nó acmhainní géiniteacha plandaí atá i mbaol creimeadh géiniteach a chaomhnú, deimhnigh gur gá ceann amháin de na ceanglais seo a leanas ina leith:
|
(a)
|
☐tógtar ainmhithe feirme ar pórtha áitiúla iad, agus atá oiriúnaithe go géiniteach do cheann amháin nó níos mó de chórais táirgthe nó do thimpeallachtaí traidisiúnta sa tír sin, agus a bhfuil an baol ann go gcaillfear don fheirmeoireacht iad;
|
|
(b)
|
☐caomhnaítear acmhainní géiniteacha plandaí atá oiriúnaithe go nádúrtha do na dálaí áitiúla agus réigiúnacha agus atá i mbaol creimeadh géiniteach.
|
|
|
12.
|
Deimhnigh gurb iad na speicis ainmhithe feirme seo a leanas amháin atá incháilithe do chabhair: eallach, caoirigh, gabhair, eachainmhithe, muca, éin, coiníní agus beacha:
☐is iad ☐ní hiad
Sonraigh na speicis ainmnithe feirme atá incháilithe do chabhair:
. …
|
|
13.
|
I gcás ina bhfuil an chabhair á deonú le haghaidh pórtha áitiúla a bhfuil baol ann go gcaillfear iad don fheirmeoireacht, an gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas?
|
(a)
|
luafar líon na mbaineannach pórúcháin ar an leibhéal náisiúnta;
|
|
(b)
|
tá líon agus stádas na bpórtha sin atá i mbaol deimhnithe ag comhlacht ábhartha eolaíoch cuí;
|
|
(c)
|
cláraíonn comhlacht ábhartha teicniúil a aithnítear go hiomchuí an pórleabhar agus coinníonn sé cothrom le dáta é;
|
|
(d)
|
tá na scileanna agus an t-eolas is gá ag na comhlachtaí lena mbaineann ainmhithe na bpórtha atá i mbaol a shainaithint.
|
☐comhlíontar ☐ní chomhlíontar
Tabhair faoi deara gur gá na coinníollacha thuasluaite ar fad a chomhlíonadh.
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, d’fhonn pointe (209) de na Treoirlínte a chomhlíonadh, chun go mbeidh an Coimisiún in ann an chabhair sin a mheasúnú agus a fhormheas, maidir leis na coinníollacha chun a mheas go bhfuil baol ann go gcaillfear na pórtha áitiúla a bhfuil an chabhair á deonú ina leith don fheirmeoireacht, gur gá tuairisc a thabhairt ar na coinníollacha sin agus iad a áireamh san fhógra chuig an gCoimisiún.
|
|
14.
|
I gcás gur le haghaidh acmhainní géiniteacha i mbaol creimeadh géiniteach atá an chabhair á deonú, an bhfuil fianaise leordhóthanach faoi chreimeadh géiniteach san fhógra, bunaithe ar thorthaí eolaíocha nó ar tháscairí lena léirítear laghdú ar phórtha dúchasacha nó ar chineálacha pórtha céadrata áitiúla, ar a n-éagsúlacht daonra agus, i gcás inarb ábhartha, lena léirítear athruithe sna cleachtais talmhaíochta atá i réim go háitiúil?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (210) de na Treoirlínte, gur féidir a mheas go bhfuil acmhainní géiniteacha plandaí i mbaol creimeadh géiniteach ar choinníoll go bhfuil fianaise leordhóthanach faoi chreimeadh géiniteach ann, bunaithe ar thorthaí eolaíocha nó ar tháscairí lena léirítear laghdú ar phórtha dúchasacha nó ar chineálacha pórtha céadrata áitiúla, ar a n-éagsúlacht daonra agus, i gcás inarb ábhartha, lena léirítear athruithe sna cleachtais talmhaíochta atá i réim go háitiúil, agus go dtugtar tuairisc ar an bhfianaise sin san fhógra chuig an gCoimisiún agus go n-áirítear í ann.
|
|
15.
|
An le haghaidh caomhnú agus úsáid inbhuanaithe agus forbairt acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht le haghaidh oibríochtaí nach gcumhdaítear faoi phointí (198) go (210) de na Treoirlínte atá an chabhair á soláthar?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair tuilleadh sonraí maidir leis na hoibríochtaí cuidithe:
…
|
|
16.
|
An i bhfabhar scéimeanna comhchoiteanna agus scéimeanna íocaíochta bunaithe ar thorthaí, amhail scéimeanna feirmeoireachta carbóin, atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair tuilleadh sonraí maidir leis na hoibríochtaí cuidithe:
…
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (212) de na Treoirlíne, go bhféadfaidh scéimeanna comhchoiteanna agus scéimeanna íocaíochta bunaithe ar thorthaí, amhail scéimeanna feirmeoireachta carbóin, a chumhdach leis an gcabhair faoi Roinn 1.1.4 de na Treoirlínte chun feirmeoirí a spreagadh cur go mór le cáilíocht an chomhshaoil ar scála níos mó nó ar bhealach intomhaiste.
|
|
17.
|
Cuir na costais incháilithe le haghaidh oibríochtaí seachas caomhnú acmhainní géiniteacha in iúl:
|
(a)
|
☐cúiteamh ar na costais bhreise uile nó ar chuid de na costais bhreise a thiocfaidh as na gealltanais;
|
|
(b)
|
☐ioncam ligthe thar ceal de thoradh na ngealltanas;
|
Má dheonaítear an chabhair i bhfabhar costais infheistíochta freisin a bhaineann le gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide faoin Roinn seo, líon isteach Bileog Faisnéise Forlíontaí 1.1.1.1. maidir le cabhair le haghaidh infheistíocht i ngabháltais talmhaíochta atá nasctha le táirgeadh príomhúil talmhaíochta.
Má shaothraítear cuspóirí eile leis an gcabhair, amhail seirbhísí oiliúna agus comhairleacha chun cuidiú le táirgeoirí talmhaíochta, líon isteach Bileog Faisnéise Forlíontaí 1.1.10. maidir le cabhair chun tacaíocht theicniúil a sholáthar in earnáil na talmhaíochta.
|
|
18.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (220) de na Treoirlínte, go gcaithfidh an chabhair gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
|
19.
|
Deimhnigh gur go bliantúil a dheonaítear an chabhair:
☐is ea ☐ní hea
|
|
20.
|
Má dheonaítear an chabhair le haghaidh costais idirbheart, tugtar réasúnú agus an tuairisc shonrach ar na costais sin:
…
|
|
21.
|
Sonraigh déine na cabhrach le haghaidh costais idirbheart: …
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (215) de na Treoirlínte, go bhféadfadh an chabhair costais idirbheart riachtanacha a chumhdach, suas le luach 20 % den phréimh a íocadh i gcás na ngealltanas agra-chomhshaoil-aeráide, nó suas le 30 % i gcás gur grúpa gnóthas a dhéanann na gealltanais.
|
|
22.
|
An i bhfabhar costais idirbheart a eascraíonn as gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide a dhéanamh atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair cruthúnas áititheach ar na costais sin, mar shampla trí chomparáidí costais a dhéanamh le gnóthais nach bhfuil gealltanais den sórt sin á ndéanamh acu:
…
|
|
23.
|
An ndeonaítear an chabhair i bhfabhar costais idirbheart chun leanúint leis na gealltanais a tugadh cheana san am a chuaigh thart?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
Más ‘deonaítear’ an freagra, tugtar le fios go leanann na costais sin de bheith ag tarlú nó go bhfuil costais idirbheart nua á dtabhú:
…
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (216) de na Treoirlínte, nach n-údaróidh an Coimisiún státchabhair le haghaidh costais idirbheart chun leanúint le gealltanais a rinneadh san am a chuaigh thart, ach amháin má léiríonn an Ballstát go mbíonn na costais sin fós ann nó go bhfuil costais idirbheart nua á dtabhú.
|
|
24.
|
An ar bhonn meánchostas a ríomhadh na costais idirbhirt?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, léirigh nach tugtar róchúiteamh, go háirithe do na fiontair mhóra.
…
|
|
25.
|
An ar bhonn meánfheirmeacha a ríomhadh na costais idirbhirt?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, léirigh nach tugtar róchúiteamh, go háirithe do na fiontair mhóra.
…
|
|
26.
|
I gcás ina ríomhtar costais idirbheart ar bhonn meánchostais agus/nó meánfheirmeacha, chun críche cúiteamh a ríomh, deimhnigh go gcuireann Ballstát san áireamh cé acu is in aghaidh an ghnóthais nó in aghaidh an heicteáir a thabhaítear na costais idirbheart:
☐cuireann ☐ní chuireann
|
|
27.
|
Cuir in iúl costais incháilithe na cabhrach i bhfabhar oibríochtaí le haghaidh caomhnú acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht:
|
(a)
|
☐gníomhaíochtaí spriocdhírithe: gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun cinn caomhnú, tréithriú, bailiú agus úsáid in situ agus ex situ acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht, lena n-áirítear fardail ghréasánbhunaithe de na hacmhainní géiniteacha a chaomhnaítear in situ faoi láthair, lena n-áirítear caomhnú in situ/ar an bhfeirm, agus de bhailiúcháin ex situ agus de bhunachair sonraí ex situ;
|
|
(b)
|
☐gníomhaíochtaí comhbheartaithe: gníomhaíochtaí lena gcuirtear malartú faisnéise chun cinn le haghaidh caomhnú, tréithriú, bailiú agus úsáid acmhainní géiniteacha i dtalmhaíocht an Aontais, i measc eagraíochtaí inniúla sna Ballstáit;
|
|
(c)
|
☐bearta tionlacain: gníomhaíochtaí faisnéise, scaipthe agus comhairleacha a bhfuil baint ag eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ag páirtithe leasmhara ábhartha eile leo, cúrsaí oiliúna agus ullmhú tuarascálacha teicniúla.
|
|
|
28.
|
An in aghaidh an heicteáir atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
|
|
29.
|
An mar chnapshuim a dheonaítear an chabhair?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, sonraigh:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (221) de na Treoirlínte, nach bhféadfar cabhair a dheonú mar chnapshuim ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
|
|
30.
|
An mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid a dheonaítear an chabhair?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, sonraigh:
…
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointí (214) agus (221) de na Treoirlínte, nach bhféadfar cabhair a dheonú mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, amhail oibríochtaí lena mbaineann caomhnú comhshaoil nó gealltanais chun úsáid tráchtála limistéar a thréigean.
|
|
31.
|
Más ‘is ea’ is freagra ar cheist 30 den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo, an ar bhonn na gcostas breise arna dtabhú agus an ioncaim arna tharscaoileadh atá an cúiteamh á ríomh?
☐is ea ☐ní hé
|
CLÁSAL UM ATHBHREITHNIÚ
|
32.
|
An bhforáiltear do chlásal um athbhreithniú le haghaidh na n-oibríochtaí a dtacaítear leo faoin Roinn seo de na Treoirlínte?
☐foráiltear ☐ní fhoráiltear
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, faoi phointe (647) de na Treoirlínte, go bhfuil sé d’oibleagáid ar an mBallstát é a thabhairt isteach chun coigeartú na n-oibríochtaí a áirithiú i gcás leasuithe ar na caighdeáin shainordaitheacha, ceanglais nó oibleagáidí ábhartha dá dtagraítear i gCuid II., Roinn 1.1.4. de na Treoirlínte nach mór do na gealltanais dá dtagraítear sa Roinn sin dul tharstu.
|
|
33.
|
An dtéann an chabhair thar an gclárthréimhse forbartha tuaithe 2023-2027?
☐téann ☐ní théann
Má théann, tabhair faoi deara gurb amhlaidh, faoi phointe (648) de na Treoirlínte, nach mór clásal um athbhreithniú a chur san áireamh le haghaidh na cabhrach faoi Chuid II., Roinn 1.1.4. de na Treoirlínte, ionas go bhféadfar na hoibríochtaí a choigeartú do chreat dlíthiúil na clárthréimhse forbartha tuaithe ina dhiaidh sin.
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.1.5.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH GEALLTANAIS MAIDIR LE LEAS AINMHITHE
Ní mór an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon bheart státchabhrach chun tacú le modhanna táirgthe talmhaíochta atá ceaptha chun leas ainmhithe a fheabhsú a chumhdaítear le Cuid II, Roinn 1.1.5 de Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
An do ghnóthais atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta a thugann, ar bhonn deonach, faoi oibríochtaí a dhéanamh a bhaineann le gealltanas amháin nó níos mó maidir le leas ainmhithe, agus do na gnóthais sin amháin, atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
|
|
2.
|
An le haghaidh gealltanais a théann thar na caighdeáin éigeantacha ábhartha a bhunaítear de bhun Theideal III, Caibidil I, Roinn 2 de Rialachán (AE) 2021/2115 (500) agus ceanglais éigeantacha ábhartha eile a bhunaítear leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais, agus le haghaidh na ngealltanas sin amháin atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (226) de na Treoirlínte, nach mór gach caighdeán agus ceanglas éigeantach agus gach cleachtas feirmeoireachta bunaithe a shainaithint agus a thuairisciú san fhógra chuig an gCoimisiún.
|
|
3.
|
I gcás nach ann do chaighdeáin ná do cheanglais ábhartha éigeantacha, an le haghaidh gealltanais a théann thar an gcleachtas feirmeoireachta bunaithe ar an leibhéal náisiúnta atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair tuairisc ar an gcleachtas feirmeoireachta lena mbaineann:
. …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (226) de na Treoirlínte, nach mór cleachtais feirmeoireachta bhunaithe den sórt sin a shainaithint agus a thuairisciú san fhógra chuig an gCoimisiún.
|
|
4.
|
An le haghaidh gealltanais a rannchuidíonn le comhlíonadh na gceanglas nua arna bhforchur leis an dlí náisiúnta agus a théann thar na híoscheanglais chomhfhreagracha a leagtar síos i ndlí an Aontais, atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
|
|
5.
|
Más ‘is ea’ is freagra ar cheist 4 den bhileog faisnéise forlíontaí seo, an ar feadh uastréimhse 24 mhí ón dáta a bheidh siad éigeantach don ghabháltas a dhéanfar an chabhair sin a dheonú le haghaidh gealltanais a rannchuidíonn le comhlíonadh na gceanglas sin?
☐is ea ☐ní hea
|
|
6.
|
Cé acu réimsí seo a leanas ar ina leith a soláthraíonn na gealltanais maidir le leas ainmhithe caighdeáin uasghrádaithe i ndáil le modhanna táirgthe?
|
(a)
|
☐uisce, beatha, cúram sláinte ainmhithe i gcomhréir leis na riachtanais nádúrtha a bhaineann le hainmhithe;
|
|
(b)
|
☐dálaí tithíochta lena gcuirtear le compord agus saoirse gluaiseachta na n-ainmhithe, amhail lamháltais maidir le spás breise, dromchlaí urláir, solas nádúrtha, rialáil mhiocraeráide, mar aon le dálaí tithíochta amhail tithíocht saorbhreithe nó tithíocht grúpa, ag brath ar na riachtanais nádúrtha a bhaineann le hainmhithe;
|
|
(c)
|
☐dálaí lenar féidir le hainmhithe iompraíocht nádúrtha a chleachtadh, amhail an timpeallacht mhaireachtála a shaibhriú nó scoitheadh mall;
|
|
(d)
|
☐rochtain ar an taobh amuigh agus féarach;
|
|
(e)
|
☐cleachtais lena gcuirtear le stóinseacht agus fad saoil ainmhithe, lena n-áirítear pórtha a fhásann níos moille;
|
|
(f)
|
☐cleachtais lena seachnaítear ciorrú nó coilleadh ainmhithe;
|
|
(g)
|
☐bearta sláintíochta, lena gcuirtear cosc ar ghalair neamh-tharchurtha, nach gá substaintí leighis a úsáid ina leith amhail vacsaíní, feithidicídí nó drugaí frithsheadánacha.
|
Déan cur síos mionsonraithe:
…
|
|
7.
|
I gcásanna ina meastar gur gá ainmhithe a chiorrú nó a choilleadh, an mbainfear úsáid as ainéistéisigh, anailgéise agus cógas fríth-athlastach nó as imdhíonchoilleadh?
☐bainfear ☐ní bhainfear
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (228)(f) de na Treoirlínte, i gcásanna sonracha ina meastar gur gá ainmhithe a chiorrú nó a choilleadh, ní mór úsáid a bhaint as ainéistéisigh, anailgéise agus cógas fríth-athlastach nó as imdhíonchoilleadh.
|
|
8.
|
An le haghaidh gealltanais maidir le leas ainmhithe ar feadh tréimhse idir bliain amháin agus seacht mbliana í an chabhair atá á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Sonraigh an fad: …
|
|
9.
|
An bhfuil tréimhse is faide ná seacht mbliana leagtha síos ag an mBallstát le haghaidh cineálacha áirithe gealltanas?
☐tá ☐níl
Más ‘tá’ an freagra, sonraigh:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (229) de na Treoirlínte, nach bhféadfaidh Ballstát tréimhse níos faide a chinneadh ach amháin i gcás inar gá sin chun sochair leasa ainmhithe áirithe a chur i bhfeidhm nó a choinneáil ar bun, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí fhoráil maidir le síneadh bliantúil tar éis fhoirceannadh na tréimhse tosaigh.
|
|
10.
|
An go huathoibríoch a athnuaitear an conradh?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair faoi deara, de bhun phointe (230) de na Treoirlínte, nach mór cur síos a dhéanamh ar shonraí na hathnuachana sa chonradh agus nach mór an sásra athnuachana a chur in iúl don Choimisiún mar chuid den fhógra.
|
|
11.
|
An bhfuil athnuachan an chonartha faoi réir comhlíonadh coinníollacha arna bhformheas ag an gCoimisiún maidir le cabhair de bhun na Roinne seo de na Treoirlínte?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (230) de na Treoirlínte, nach mór i gcónaí an athnuachan a bheith faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha atá formheasta ag an gCoimisiún maidir le cabhair de bhun Roinn 1.1.5. de na Treoirlínte.
|
|
12.
|
Na gnóthais a dhéanann oibríochtaí faoin Roinn seo de na Treoirlínte, an amhlaidh go bhfuil rochtain acu ar an eolas agus ar an bhfaisnéis ábhartha is gá chun na hoibríochtaí sin a chur chun feidhme, agus go gcuirtear oiliúint iomchuí ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá acu léi, mar aon le rochtain ar shaineolas chun cúnamh a thabhairt d’fheirmeoirí a thugann gealltanas a gcórais táirgthe a athrú?
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
13.
|
An go bliantúil a dheonaítear an chabhair?
☐is ea ☐ní hea
|
|
14.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐cúiteamh ar na costais bhreise uile nó ar chuid de na costais bhreise a thiocfaidh as na gealltanais;
|
|
(b)
|
☐ioncam ligthe thar ceal de thoradh na ngealltanas;
|
Má tá an chabhair á deonú i bhfabhar costais infheistíochta freisin a bhaineann le gealltanais maidir le leas ainmhithe faoin Roinn seo, féach Bileog Faisnéise Forlíontaí 1.1.1.1. maidir le cabhair le haghaidh infheistíocht i ngabháltais talmhaíochta atá nasctha le táirgeadh príomhúil talmhaíochta.
Má shaothraítear cuspóirí eile leis an gcabhair, amhail seirbhísí oiliúna agus comhairleacha chun cuidiú le táirgeoirí talmhaíochta, féach Bileog Faisnéise Forlíontaí 1.1.10. maidir le cabhair chun tacaíocht theicniúil a sholáthar in earnáil na talmhaíochta.
|
|
15.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (235) de na Treoirlínte, go gcaithfidh an chabhair gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
|
16.
|
Más le haghaidh costais idirbheart atá an chabhair á deonú, mínigh an call atá leis sin agus déan cur síos sonrach ar na costais sin:
…
|
|
17.
|
Sonraigh déine na cabhrach le haghaidh costais idirbheart: …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (233) de na Treoirlínte, go bhféadfadh an chabhair costais idirbheart riachtanacha a chumhdach suas le luach 20 % den phréimh a íocadh i gcás na ngealltanas maidir le leas ainmhithe.
|
|
18.
|
An le haghaidh costais idirbheart, ar costais idirbheart iad atá ann de thoradh gealltanais maidir le leas ainmhithe, atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair cruthúnas áititheach ar na costais sin, mar shampla trí chomparáidí costais a dhéanamh le gnóthais nach bhfuil gealltanais den sórt sin á ndéanamh acu:
…
|
|
19.
|
An bhfuil an chabhair á deonú le haghaidh costais idirbheart ionas gur féidir leanúint de ghealltanais a rinneadh san am a chuaigh thart maidir le leas ainmhithe?
☐tá ☐níl
Más ‘tá’ an freagra, tugtar le fios go leanann na costais sin de bheith ag tarlú nó go bhfuil costais idirbheart nua á dtabhú:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (233) de na Treoirlínte, ní údaróidh an Coimisiún státchabhair le haghaidh costais idirbheart chun leanúint ar aghaidh le gealltanais maidir le leas ainmhithe a rinneadh san am a chuaigh thart, ach amháin má léiríonn an Ballstát go bhfuil na costais sin fós ann nó go bhfuil costais idirbheart nua á dtabhú.
|
|
20.
|
An ar bhonn meánchostas a ríomhadh na costais idirbhirt?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, léirigh nach tugtar róchúiteamh, go háirithe do na fiontair mhóra.
…
|
|
21.
|
An ar bhonn meánfheirmeacha a ríomhadh na costais idirbhirt?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, léirigh nach tugtar róchúiteamh, go háirithe do na fiontair mhóra.
…
|
|
22.
|
An in aghaidh an aonaid atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Tabhair sonraí:
…
|
|
23.
|
An mar chnapshuim a dheonaítear an chabhair?
☐is ea ☐ní hea
Más ‘is ea’ an freagra, sonraigh:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (236) de na Treoirlínte, nach bhféadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú mar chnapshuim ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
|
|
24.
|
An mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid a dheonaítear an chabhair?
☐is ea ☐ní hea
Más ‘is ea’ an freagra, sonraigh:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (236) de na Treoirlínte, nach bhféadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
|
|
25.
|
Más ‘is ea’ is freagra ar cheist 24 den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo, an ar bhonn na gcostas breise arna dtabhú agus an ioncaim arna ligean thar ceal a ríomhtar an cúiteamh?
☐is ea ☐ní hea
|
CLÁSAL UM ATHBHREITHNIÚ
|
26.
|
An bhfuil foráil ann maidir le clásal um athbhreithniú le haghaidh na n-oibríochtaí a dtacaítear leo faoin Roinn seo?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, faoi phointe (647) de na Treoirlínte, go gceanglaítear ar an mBallstát clásal um athbhreithniú a thabhairt isteach chun coigeartú na n-oibríochtaí a áirithiú i gcás leasuithe ar na caighdeáin shainordaitheacha, ceanglais nó oibleagáidí ábhartha dá dtagraítear i gCuid II., Roinn 1.1.5. de na Treoirlínte nach mór do na gealltanais dá dtagraítear sa Roinn sin dul tharstu.
|
|
27.
|
An dtéann an chabhair thar an gclárthréimhse forbartha tuaithe 2023-2027?
☐téann ☐ní théann
Má théann, tabhair faoi deara gurb amhlaidh, faoi phointe (648) de na Treoirlínte, nach mór clásal um athbhreithniú a chur san áireamh le haghaidh na cabhrach faoi Chuid II., Roinn 1.1.5. de na Treoirlínte, ionas go bhféadfar na hoibríochtaí a choigeartú do chreat dlíthiúil na clárthréimhse forbartha tuaithe ina dhiaidh sin.
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.1.6.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH MÍBHUNTÁISTÍ A BHAINEANN GO SONRACH LE LIMISTÉAR AGUS A EASCRAÍONN AS CEANGLAIS ÉIGEANTACHA ÁIRITHE
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt maidir le státchabhair le haghaidh míbhuntáistí a bhaineann go sonrach le limistéar agus a eascraíonn as ceanglais éigeantacha áirithe, mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.1.6. de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
An do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta agus do na gnóthais sin amháin atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
|
|
2.
|
An é is aidhm don bheart cúiteamh a thabhairt d’fheirmeoirí as costais a tabhaíodh agus ioncam ligthe thar ceal de bharr míbhuntáistí sna limistéir lena mbaineann, a bhaineann le cur chun feidhme Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (501) (‘an Treoir maidir le Gnáthóga’), Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (502) (‘an Treoir maidir le hÉin’) agus Threoir 2000/60/CE (503) (‘an Treoir Réime maidir le hUisce’)?
☐is é ☐ní hé
|
|
3.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(b)
|
☐ioncam ligthe thar ceal;
|
|
|
4.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (247) de na Treoirlínte, go gcaithfidh an chabhair gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
|
5.
|
Más le haghaidh na gcostas idirbhirt atá an chabhair á deonú, tabhair an t-údar cuí agus an tuairisc shonrach ar na costais sin:
…
|
|
6.
|
Léirigh déine na cabhrach le haghaidh na gcostas idirbhirt:
…
|
|
7.
|
An ar bhonn meánchostas a ríomhadh na costais idirbhirt?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair le fios, go háirithe, nach ndéantar róchúiteamh ar fhiontair mhóra:
…
|
|
8.
|
An ar bhonn meánfheirmeacha a ríomhadh na costais idirbhirt?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair le fios, go háirithe, nach ndéantar róchúiteamh ar fhiontair mhóra:
…
|
|
9.
|
Deimhnigh, maidir leis an gcúiteamh a ríomh, go gcuireann na Ballstáit san áireamh cibé an dtabhaítear na costais idirbhirt atá i gceist in aghaidh an ghnóthais nó in aghaidh an heicteáir:
☐cuireann ☐ní chuireann
|
|
10.
|
An chabhair atá nasctha le Treoir 92/43/CEE agus Treoir 2009/147/CE, an ndéantar í a dheonú i ndáil le míbhuntáistí de bharr ceanglais a théann thar na caighdeáin GAEC ábhartha a bhunaítear faoi Theideal III, Caibidil I, Roinn 2, de Rialachán (AE) 2021/2115 (504) agus na coinníollacha a bhunaítear maidir le cothabháil an limistéir talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/2115, agus i ndáil leis sin amháin?
☐déantar ☐ní dhéantar
|
|
11.
|
An chabhair atá nasctha le Treoir 2000/60/CE, an ndéantar í a dheonú i ndáil le míbhuntáistí a eascraíonn as na ceanglais agus a théann thar ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas, agus i ndáil leis sin amháin? Cuir in iúl:
|
(a)
|
☐na ceanglais reachtúla bhainistíochta ábhartha, cé is moite de SMR 1 a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, agus na caighdeáin GAEC ábhartha a bhunaítear faoi Theideal III, Caibidil I, Roinn 2 de Rialachán (AE) 2021/2115;
|
|
(b)
|
☐na coinníollacha a bhunaítear maidir le cothabháil an limistéir talmhaíochta arna cinneadh ag Ballstát ina Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/2115.
|
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (245) de na Treoirlínte, nach mór na ceanglais dá dtagraítear i gceisteanna 10 agus 11 den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo a shainaithint agus cur síos a dhéanamh orthu san fhógra don Choimisiún.
|
|
12.
|
Sonraigh na limistéir atá incháilithe do chabhair:
|
(a)
|
☐Limistéir talmhaíochta Natura 2000 arna n-ainmniú de bhun Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE;
|
|
(b)
|
☐limistéir cosanta nádúir eile arna dteorannú ina bhfuil srianta comhshaoil atá infheidhme maidir le feirmeoireacht agus a chuidíonn le cur chun feidhme Airteagal 10 de Threoir 92/43/CEE; na limistéir atá ainmnithe faoi Natura 2000 a chumhdaítear faoi raon feidhme críochach an Phlean Straitéisigh CBT ábhartha, níor cheart do na limistéir sin 5 % dóibh a shárú;
|
|
(c)
|
☐limistéir talmhaíochta a áirítear i bpleananna bainistíochta abhantrach de réir Threoir 2000/60/CE.
|
|
|
13.
|
An ndéantar an cabhair a dheonú go bliantúil in aghaidh an heicteáir?
☐déantar ☐ní dhéantar
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.1.7.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH LIMISTÉIR INA BHFUIL SRIANTA NÁDÚRTHA NÓ SRIANTA EILE A BHAINEANN GO SONRACH LE LIMISTÉAR
Ní mór an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi státchabhair atá dírithe ar chúiteamh a dhéanamh as srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar i limistéir áirithe a chumhdaítear le Cuid II., Roinn 1.1.7. de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’). Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le cabhair i limistéir sléibhe agus i limistéir eile ina bhfuil srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar.
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
An do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta ar feirmeoirí gníomhacha iad agus a thugann faoina ngníomhaíocht feirmeoireachta sa limistéar/sna limistéir ainmnithe de bhun Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 atá an chabhair á deonú (505)?
☐is ea ☐ní hea
|
|
2.
|
Sonraigh na limistéir a ainmnítear de bhun Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 dar deonaíodh an chabhair:
…
|
|
3.
|
An le haghaidh cleachtadh mionchoigeartúcháin de réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 32(3), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair tuilleadh sonraí, lena n-áirítear an tuairisc ar na critéir a úsáideadh don mhionchoigeartú sin:
…
Ina theannta sin, déan cur síos ar an srian atá i gceist:
…
|
|
4.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐costais bhreise a bhaineann leis na srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar le haghaidh táirgeadh talmhaíochta sa limistéar lena mbaineann;
|
|
(b)
|
☐ioncam ligthe thar ceal a bhaineann leis na srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar le haghaidh táirgeadh talmhaíochta sa limistéar lena mbaineann.
|
Léirigh na srianta atá i gceist agus cruthaigh nach mó an méid cúitimh atá le híoc ná an caillteanas ioncaim agus na costais bhreise a eascraíonn as na srianta sin:
…
|
|
5.
|
An ar bhonn srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar a ríomhadh na costais bhreise, i gcomparáid le limistéir nach ndéantar difear dóibh le srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar?
☐is ea ☐ní hea
|
|
6.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (254) de na Treoirlínte, go gcaithfidh an chabhair gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
|
7.
|
An go bliantúil in aghaidh an heicteáir den limistéar talmhaíochta a dhéantar an chabhair a dheonú?
☐is ea ☐ní hea
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.1.8.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH FEIRMEOIREACHTA ORGÁNAÍ
Ní mór an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon bheart státchabhrach i bhfabhar na feirmeoireachta orgánaí mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.1.8 de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
An do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta amháin a dheonaítear an chabhair?
☐is ea ☐ní hea
|
|
2.
|
An gnóthais talmhaíochta nó grúpaí gnóthais talmhaíochta iad na tairbhithe, a thugann, ar bhonn deonach, faoi chleachtais agus modhanna feirmeoireachta orgánaí a aistriú chuici nó a chothabháil mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/848 (506)?
☐is iad ☐ní hiad
|
|
3.
|
An do ghealltanais a théann níos faide ná na caighdeáin agus na ceanglais seo a leanas amháin a dheonaítear an chabhair? Cuir in iúl:
|
(a)
|
☐na ceanglais reachtúla bhainistíochta ábhartha agus na caighdeáin GAEC ábhartha a bhunaítear faoi Theideal III, Caibidil I, Roinn 2 de Rialachán (AE) 2021/2115 (507);
|
|
(b)
|
☐na híoscheanglais ábhartha maidir le leasachán agus táirgí cosanta plandaí a úsáid, leas ainmhithe, agus ceanglais éigeantacha ábhartha eile arna leagan síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais;
|
|
(c)
|
☐na coinníollacha a bhunaítear maidir le cothabháil an limistéir talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/2115.
|
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (258) de na Treoirlínte, nach mór caighdeáin agus ceanglais ábhartha a shainaithint agus tuairisc a thabhairt orthu san fhógra maidir le státchabhair don Choimisiún.
|
|
4.
|
I gcás ina bhforchuirtear leis an dlí náisiúnta caighdeáin agus ceanglais maidir le húsáid leasacháin agus táirgí cosanta plandaí, ar caighdeáin agus ceanglais iad a théann thar na híoscheanglais chomhfhreagracha a leagtar síos i ndlí an Aontais, an bhfuil an chabhair a dheonaítear le haghaidh gealltanas ag rannchuidiú le comhlíonadh na gcaighdeán agus na gceanglas náisiúnta sin?
☐tá ☐níl
|
|
5.
|
Más ‘tá’ an freagra a thugtar ar cheist 4 den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo, an ndeonófar an chabhair sin ar feadh uastréimhse 24 mhí ón dáta a bheidh siad éigeantach le haghaidh an ghabháltais?
☐deonófar ☐ní dheonófar
|
|
6.
|
An ndeonaítear an chabhair le haghaidh gealltanas a chuirfear i gcrích thar thréimhse thosaigh idir 5 bliana agus 7 mbliana a dhéantar?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
Sonraigh an fad: …
|
|
7.
|
Má dheonaítear an chabhair le haghaidh gealltanas a tugadh ar feadh tréimhse is faide ná 7 mbliana, an bhfuil gá leis an bhfad níos faide chun na sochair chomhshaoil atá á lorg a bhaint amach nó a chothabháil?
☐tá ☐níl
Más ‘tá’ an freagra, tugtar réasúnú ar cén fáth a bhfuil gá le tréimhse níos faide le haghaidh chineál an ghealltanais/na ngealltanas dá ndeonaítear an chabhair:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (260) de na Treoirlínte, i gcás inar gá chun na sochair chomhshaoil atá á lorg a bhaint amach nó a chothabháil, go bhféadfaidh na Ballstáit tréimhse níos faide a chinneadh, lena n-áirítear trí fhoráil a dhéanamh maidir lena bhfadú bliantúil tar éis fhoirceannadh na tréimhse tosaigh.
|
|
8.
|
Má dheonaítear an chabhair le haghaidh tiontú go feirmeoireacht orgánach, an gcinnfidh tú tréimhse thosaigh níos giorra ná an tréimhse dá dtagraítear i gceist 6 den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo?
☐cinnfidh ☐ní chinnfidh
Más ‘cinnfidh’ an freagra, sonraítear an fad: …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (260) de na Treoirlínte, i gcás ina ndeonaítear cabhair le haghaidh tiontú go feirmeoireacht orgánach, go bhféadfaidh na Ballstáit tréimhse níos giorra de 1 bhliain amháin ar a laghad a chinneadh.
|
|
9.
|
Má dheonaítear an chabhair do ghealltanais nua a bhaineann le cothabháil díreach tar éis an ghealltanais a comhlíonadh sa tréimhse thosaigh dá dtagraítear i gceist 6 den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo, an gcinnfidh tú tréimhse níos giorra ná an tréimhse a leagtar amach i gceist 6?
☐cinnfidh ☐ní chinnfidh
Más ‘cinnfidh’ an freagra, sonraítear fad na tréimhse sin:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (260) de na Treoirlínte, maidir le gealltanais nua a bhaineann le cothabháil díreach tar éis an ghealltanais a comhlíonadh sa tréimhse thosaigh, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos giorra de 1 bhliain amháin ar a laghad a chinneadh.
|
|
10.
|
Na gnóthais a dhéanann oibríochtaí faoin Roinn seo de na Treoirlínte, an bhfuil rochtain acu ar an eolas agus ar an bhfaisnéis ábhartha is gá chun na hoibríochtaí sin a chur chun feidhme, agus an bhfuil oiliúint iomchuí ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá acu léi, mar aon le rochtain ar shaineolas chun cúnamh a thabhairt d’fheirmeoirí a thugann gealltanas a gcórais táirgthe a athrú?
☐tá ☐níl
|
|
11.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐cúiteamh ar na costais bhreise uile nó ar chuid de na costais bhreise a thiocfaidh as na gealltanais;
|
|
(b)
|
☐ioncam ligthe thar ceal de thoradh na ngealltanas;
|
Má dheonaítear an chabhair i bhfabhar costais infheistíochta freisin, féachtar Bileog Faisnéise Forlíontaí 1.1.1.1. maidir le cabhair le haghaidh infheistíochta i ngabháltais talmhaíochta atá nasctha le táirgeadh talmhaíochta príomhúil nó 1.1.1.3. maidir le cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bpróiseáil agus i margaíocht táirgí talmhaíochta.
|
|
12.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (268) de na Treoirlínte, go gcaithfidh an chabhair gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
|
13.
|
Má dheonaítear an chabhair le haghaidh costais idirbheart, tugtar réasúnú agus an tuairisc shonrach ar na costais sin:
…
|
|
14.
|
Sonraigh déine na cabhrach le haghaidh costais idirbheart:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (263) de na Treoirlínte, go bhféadfaidh an chabhair costais idirbheart riachtanach a chumhdach, suas le luach 20 % den phréimh a íocadh as na gealltanais, nó suas le 30 %, i gcás inar grúpaí gnóthas a thugann faoi na gealltanais.
|
|
15.
|
An ndeonaítear an chabhair le haghaidh costais idirbheart a eascraíonn as gealltanais feirmeoireachta orgánaí a dhéanamh?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
Más ‘deonaítear’ an freagra, tugtar cruthúnas cinntitheach ar na costais sin, mar shampla trí chomparáidí costais a chur isteach le gnóthais talmhaíochta nach bhfuil gealltanais den sórt sin á ndéanamh acu.
…
|
|
16.
|
An ndeonaítear an chabhair i bhfabhar costais idirbheart chun leanúint leis na gealltanais a tugadh cheana san am a chuaigh thart?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
Más ‘deonaítear’ an freagra, tugtar le fios go leanann na costais sin de bheith ag tarlú nó go bhfuil costais idirbheart nua á dtabhú:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (264) de na Treoirlínte, nach n-údaróidh an Coimisiún státchabhair le haghaidh costais idirbheart chun leanúint ar aghaidh leis na gealltanais maidir leis an bhfeirmeoireacht orgánach ar tugadh fúthu roimhe seo, ach amháin má léiríonn an Ballstát go bhfuil na costais sin fós ann nó go bhfuil costais idirbheart nua á dtabhú.
|
|
17.
|
An ríomhtar na costais idirbheart ar bhonn na meánchostas?
☐ríomhtar ☐ní ríomhtar
Má ríomhtar, tabhair le fios, go háirithe, nach ndéantar róchúiteamh ar fhiontair mhóra:
…
|
|
18.
|
An ríomhtar na costais idirbheart ar bhonn meánfheirmeacha?
☐ríomhtar ☐ní ríomhtar
Má ríomhtar, tabhair le fios, go háirithe, nach ndéantar róchúiteamh ar fhiontair mhóra:
…
|
|
19.
|
I gcás ina ríomhtar costais idirbheart ar bhonn meánchostais agus/nó meánfheirmeacha, chun críche cúiteamh a ríomh, deimhnigh go gcuireann Ballstát san áireamh cé acu is in aghaidh an ghnóthais nó in aghaidh an heicteáir a thabhaítear na costais idirbheart:
☐cuireann ☐ní chuireann
|
|
20.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach ndeonaítear aon chabhair faoin Roinn seo do ghealltanais atá cumhdaithe ag beart agra-comhshaoil-aeráide, ná do chostais arna gcumhdach ag cabhair atá ceaptha rannpháirtíocht i gcórais cháilíochta a spreagadh:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
21.
|
An íoctar an chabhair in aghaidh an heicteáir?
☐íoctar☐ní íoctar
|
|
22.
|
An mar chnapshuim a dheonaítear an chabhair?
☐is ea ☐ní hea
Más ‘is ea’ an freagra, sonraigh:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (269) de na Treoirlínte, nach bhféadfar cabhair a dheonú mar chnapshuim ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
|
|
23.
|
An mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid a dheonaítear an chabhair?
☐is ea ☐ní hea
Más ‘is ea’ an freagra, sonraigh:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (269) de na Treoirlínte, nach bhféadfar cabhair a dheonú mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
|
CLÁSAL UM ATHBHREITHNIÚ
|
24.
|
An bhforáiltear do chlásal um athbhreithniú le haghaidh na n-oibríochtaí a dtacaítear leo faoin Roinn seo de na Treoirlínte?
☐foráiltear ☐ní fhoráiltear
Tabhair faoi deara, i gcomhréir le pointe (647) de na Treoirlínte, go bhfuil sé d’oibleagáid ar Bhallstát clásal um athbhreithniú a thabhairt isteach chun a áirithiú go ndéanfar coigeartú ar na hoibríochtaí i gcás leasuithe ar na caighdeáin, ceanglais nó oibleagáidí sainordaitheacha ábhartha dá dtagraítear i gCuid II., Roinn 1.1.8. de na Treoirlínte nach mór do na gealltanais dá dtagraítear sa Roinn sin dul tharstu.
|
|
25.
|
An dtéann an chabhair thar an gclárthréimhse forbartha tuaithe 2023-2027?
☐téann ☐ní théann
Más ‘téann’ an freagra, tabhair faoi deara, i gcomhréir le pointe (648) de na Treoirlínte, nach mór clásal um athbhreithniú a chur san áireamh don chabhair faoi Chuid II., Roinn 1.1.8. de na Treoirlínte, ionas go bhféadfar iad a oiriúnú do chreat dlíthiúil na chéad chlárthréimhse forbartha tuaithe ina dhiaidh sin.
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.1.9.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH RANNPHÁIRTÍOCHT TÁIRGEOIRÍ TÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA I SCÉIMEANNA CÁILÍOCHTA
Ní mór an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon bheart státchabhrach a dheartar chun rannpháirtíocht táirgeoirí táirgí talmhaíochta i scéimeanna cáilíochta a spreagadh mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.1.9 de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
An do tháirgeoirí táirgí talmhaíochta amháin a dheonaítear an chabhair?
☐is ea ☐ní hea
|
|
2.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐na costais le haghaidh rannpháirtíocht nua i scéimeanna cáilíochta, go háirithe na costais a thabhaítear nuair atáthar ag dul isteach i scéim cáilíochta dá dtugtar tacaíocht agus an ranníocaíocht bhliantúil le bheith rannpháirteach sa scéim sin, lena n-áirítear, i gcás inar gá, caiteachas ar sheiceálacha a cheanglaítear chun comhlíonadh le sonraíochtaí na scéime cáilíochta a fhíorú;
|
|
(b)
|
☐na costais a bhaineann le bearta rialúcháin éigeantacha i ndáil leis na scéimeanna cáilíochta ar thug údarás inniúil an Bhallstáit fúthu, nó ar tugadh fúthu thar a cheann, de bhun reachtaíocht an Aontais nó na reachtaíochta náisiúnta;
|
|
(c)
|
☐na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde margaidh, ceapadh agus dearadh táirgí agus cabhair chun iarratais ar aitheantas scéimeanna cáilíochta a ullmhú.
|
|
|
3.
|
An chabhair le haghaidh costais rannpháirtíochta nua i scéimeanna cáilíochta, dá dtagraítear i gceist 2(a) den bhileog faisnéise forlíontaí seo agus an chabhair le haghaidh chostais na mbeart rialúcháin éigeantach dá dtagraítear i gceist 2(b) den Bhileog Faisnéise Forlíontaí, an ndéanfar í a dheonú faoi chomhair chostais an rialaithe a rinne na tairbhithe féin, nó i gcás ina bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais go bhfuil costais an rialaithe le híoc ag táirgeoirí táirgí talmhaíochta agus grúpaí díobh, gan leibhéal iarbhír na gcostas a shonrú?
☐déanfar ☐ní dhéanfar
|
|
4.
|
Sonraigh an cineál scéime cáilíochta dá ndeonaítear an chabhair le haghaidh rannpháirtíocht nua:
|
(a)
|
☐Scéim cáilíochta an Aontais;
Sonraigh an scéim cáilíochta de chuid an Aontais lena mbaineann:
…
|
|
(b)
|
☐Scéimeanna cáilíochta, lena n-áirítear scéimeanna deimhniúcháin d’fheirmeacha, do tháirgí talmhaíochta, a n-aithníonn na Ballstáit go gcomhlíonann siad na critéir seo a leanas:
|
(i)
|
sainiúlacht an táirge deiridh faoi na scéimeanna cáilíochta sin, ní mór í a dhíorthú ó oibleagáidí soiléire chun aon cheann de na nithe seo a ráthú:
|
—
|
saintréithe sonracha an táirge, nó
|
|
—
|
modhanna feirmeoireachta nó táirgthe sonracha, nó
|
|
—
|
táirge deiridh a áirithiú a dtéann a cháilíocht go suntasach thar na caighdeáin do tráchtearraí tráchtála maidir le sláinte phoiblí, ainmhithe nó plandaí, le leas ainmhithe nó le cosaint an chomhshaoil;
|
|
|
(ii)
|
ní mór an scéim cáilíochta a bheith ar oscailt do na táirgeoirí uile;
|
|
(iii)
|
maidir leis an scéim cáilíochta, ní mór sonraíochtaí ceangailteacha a bheith ann don táirge deiridh agus ní mór do na húdaráis phoiblí nó do chomhlacht cigireachta neamhspleách comhlíonadh na sonraíochtaí sin a fhíorú;
|
|
(iv)
|
ní mór an scéim cáilíochta a bheith trédhearcach agus inrianaitheacht fhoriomlán táirgí talmhaíochta a áirithiú léi.
Sonraigh an scéim cáilíochta lena mbaineann, chomh maith leis an scéim deimhniúcháin feirme, más ábhartha:
…
|
|
|
(c)
|
☐Na scéimeanna deonacha deimhniúcháin le haghaidh táirgí talmhaíochta a aithníonn an Ballstát mar scéim lena gcomhlíontar treoirlínte dea-chleachtais an Aontais dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2010 dar teideal ‘Treoirlínte dea-chleachtais an Aontais maidir le scéimeanna deonacha deimhniúcháin le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí (508).
Sonraigh an scéim deimhniúcháin lena mbaineann:
…
|
|
|
5.
|
An bhfuil rochtain ag gach gnóthas incháilithe sa limistéar lena mbaineann ar an gcabhair, bunaithe ar choinníollacha a shainítear go hoibiachtúil?
☐tá ☐níl
|
|
6.
|
An chabhair le haghaidh chostais na mbeart rialúcháin éigeantach, dá dtagraítear i bpointe (272)(b) de na Treoirlínte agus an chabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde margaidh, ceapadh agus dearadh táirgí agus iarratais ar aitheantas scéimeanna cáilíochta a ullmhú, dá dtagraítear i bpointe (272)(c) de na Treoirlínte, an ndéantar í a dheonú i bhfoirm seirbhísí fóirdheontais agus a íoc leis an gcomhlacht atá freagrach as bearta rialúcháin, leis an soláthraí taighde nó leis an soláthraí comhairliúcháin?
☐déantar ☐ní dhéantar
|
|
7.
|
Sonraigh déine na cabhrach le haghaidh chostais na mbeart rialúcháin éigeantach, dá dtagraítear i bpointe (272)(b) de na Treoirlínte:
. …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (278) de na Treoirlínte, go bhféadfaidh an chabhair le haghaidh chostais na mbeart rialúcháin éigeantach, dá dtagraítear i bpointe (272)(b) de na Treoirlínte, go bhféadfaidh sí a bheith chomh hard le 100 % de na fíorchostais a thabhaítear.
|
|
8.
|
Sonraigh déine na cabhrach le haghaidh na gcostas a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde margaidh, ceapadh agus dearadh táirgí agus iarratais ar aitheantas scéimeanna cáilíochta a ullmhú, dá dtagraítear i bpointe (272)(c) de na Treoirlínte:
. …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (278) de na Treoirlínte, go bhféadfaidh an chabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde margaidh, ceapadh agus dearadh táirgí agus chun iarratas ar aitheantas scéimeanna cáilíochta a ullmhú, dá dtagraítear i bpointe (272)(c) de na Treoirlínte, go bhféadfaidh sí a bheith chomh hard le 100 % de na fíorchostais a thabhaítear.
|
|
9.
|
Sonraigh déine na cabhrach le haghaidh na gcostas a bhaineann le rannpháirtíocht nua i scéimeanna cáilíochta:
. …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (277) de na Treoirlínte, nach ceadmhach déine na cabhrach le haghaidh na gcostas a bhaineann le rannpháirtíocht nua i scéimeanna cáilíochta, dá dtagraítear i bpointe (272)(a) de na Treoirlínte, nach ceadmhach í a bheith os cionn 100 % den chostas incháilithe.
|
|
10.
|
Sonraigh fad na tréimhse ina ndeonófar an chabhair do na costais a bhaineann le rannpháirtíocht nua i scéimeanna cáilíochta, dá dtagraítear i bpointe (272)(a) de na Treoirlínte:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (277) de na Treoirlínte, nach mór an chabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le rannpháirtíocht nua i scéimeanna cáilíochta dá dtagraítear i bpointe (272)(a), nach mór í a dheonú ar feadh uastréimhse 7 mbliana.
|
|
11.
|
An chabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le rannpháirtíocht nua i scéimeanna cáilíochta, dá dtagraítear i bpointe (272)(a) de na Treoirlínte, an íocfar í go bliantúil?
☐íocfar☐ní íocfar
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.1.10.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH TACAÍOCHT THEICNIÚIL A SHOLÁTHAR IN EARNÁIL NA TALMHAÍOCHTA
Ní mór an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon bheart státchabhrach arb é is aidhm dó tacaíocht theicniúil a sholáthar in earnáil na talmhaíochta mar a thuairiscítear i gCuid II, Roinn 1.1.10. de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.1.
|
An chabhair faoin Roinn seo de na Treoirlínte, cé is moite den chabhair le haghaidh seirbhísí ionadúcháin ar an bhfeirm, an le haghaidh tacaíocht theicniúil a sholáthar in earnáil na talmhaíochta atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (279) de na Treoirlínte, nach bhféadfar cabhair a dheonú le haghaidh seirbhísí ionadúcháin ar an bhfeirm ach do ghnóthais atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta (féach ceist 4.1 den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo).
|
|
1.2.
|
Cuir tairbhithe na cabhrach in iúl:
Más do thairbhithe dá dtagraítear i bpointe (c) den cheist seo atá an chabhair á deonú, sonraigh:
…
|
|
1.3.
|
An bhfuil rochtain ar an gcabhair ag gach duine incháilithe sa limistéar lena mbaineann, ar bhonn coinníollacha a shainítear go hoibiachtúil?
☐tá ☐níl
|
|
1.4.
|
I gcás inar grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí eile a thugann faoi thacaíocht theicniúil a sholáthar, an bhfuil ballraíocht sna grúpaí ná sna heagraíochtaí sin mar choinníoll chun rochtain a fháil ar an tseirbhís?
☐tá ☐níl
|
|
1.5.
|
I gcás inar grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí eile a thugann faoi thacaíocht theicniúil a sholáthar, maidir leis an ranníocaíocht a dhéanann neamhchomhaltaí le costais riaracháin an ghrúpa táirgeoirí nó na heagraíochta táirgeoirí lena mbaineann, an bhfuil sí teoranta do na costais a bhaineann leis an tseirbhís a sholáthar?
☐tá ☐níl
Sa bhreis ar cheisteanna 1.1 go 1.5 den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo, ar ceisteanna iad a bhaineann le coinníollacha coiteanna Roinn 1.1.10. de na Treoirlínte, líon isteach an roinn nó na ranna thíos lena mbaineann, is infheidhme maidir leis an gcabhair a dtugtar fógra ina leith.
|
|
2.
|
CABAHAIR LE hAGHAIDH GNÍOMHAÍOCHTAÍ MALARTAITHE EOLAIS AGUS FAISNÉISE (ROINN 1.1.10.1.)
|
|
2.1.
|
An bhfuil an chabhair comhsheasmhach leis an tuairisc a thugtar ar an gCóras um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS) sna Pleananna Straitéiseacha CBT?
☐tá ☐níl
Tabhair sonraí:
…
|
|
2.2.
|
Cé acu de na gníomhaíochtaí seo a leanas is féidir a mhaoiniú leis an gcabhair?
|
(a)
|
☐gníomhaíochtaí gairmoiliúna agus éadála scileanna, lena n-áirítear cúrsaí oiliúna, ceardlanna, comhdhálacha agus cóitseáil;
|
|
(b)
|
☐gníomhaíochtaí taisealbhaidh;
|
|
(c)
|
☐gníomhaíochtaí faisnéise;
|
|
(d)
|
☐cur chun cinn na nuálaíochta;
|
|
(e)
|
☐malartuithe gearrthéarmacha maidir le bainistiú feirme agus cuairteanna feirme.
|
|
|
2.3.
|
An bhfuil an chabhair ina cuidiú chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaint amach (509)?
☐tá ☐níl
Sonraigh an cuspóir de chuid Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 lena gcuidíonn an chabhair:
…
|
|
2.4.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐na costais a bhaineann le heagrú na ngníomhaíochtaí gairmoiliúna, éadála scileanna, lena n-áirítear cúrsaí oiliúna, ceardlanna, comhdhálacha agus oiliúnú, gníomhaíochtaí taisealbhaidh nó gníomhaíochtaí faisnéise;
|
|
(b)
|
☐costais taistil agus chóiríochta agus speansais per diem na rannpháirtithe;
|
|
(c)
|
☐na costais a bhaineann le seirbhísí ionadúcháin a sholáthar le linn neamhláithreacht na rannpháirtithe;
|
|
(d)
|
☐na costais a bhaineann le tionscadail taisealbhaidh.
|
|
|
2.5.
|
I gcás inar le haghaidh costais tionscadail taisealbhaidh atá an chabhair á deonú, cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐maoin dhochorraithe a thógáil, a shealbhú, lena n-áirítear an mhaoin sin a léasú, nó a fheabhsú, gan an talamh a bheith incháilithe ach amháin i gcás méid nach mó ná 10 % de na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann; (féach freisin ceist 2.11 thíos den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo);
|
|
(b)
|
☐innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainní;
|
|
(c)
|
☐na costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointe 286 (d) (i) agus (ii) de na Treoirlínte, amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht chomhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir féidearthachta;
|
|
(d)
|
☐sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart agus trádmharcanna;
|
|
(e)
|
☐na speansais bhreise agus ioncam a tarscaoileadh a bhaineann leis na tionscadail taisealbhaidh ar scála beag.
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (286)(d)(v) de na Treoirlínte, go bhféadfar cabhair le haghaidh tionscadail taisealbhaidh ar scála beag a dheonú le haghaidh speansais bhreise agus ioncam a tarscaoileadh a bhaineann leis an tionscadal taisealbhaidh i gcásanna ina bhfuil údar cuí leis, agus sna cásanna sin amháin.
I gcomhréir leis an bpointe sin de na Treoirlínte, más le haghaidh na speansas breise agus an ioncam a tarscaoileadh a bhaineann leis an tionscadal taisealbhaidh atá an chabhair á deonú, sonraigh:
…
|
|
|
2.6.
|
I gcás inar le haghaidh chostais na dtionscadal taisealbhaidh, dá dtagraítear i bpointe 2.5. (a) go (d) den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo, atá an chabhair á deonú, an bhfuil costais den sórt sin incháilithe a mhéid a úsáidtear iad le haghaidh tionscadal taisealbhaidh agus ar feadh fhad an tionscadail taisealbhaidh, agus a mhéid sin amháin?
☐tá ☐níl
|
|
2.7.
|
I gcás inar le haghaidh costais tionscadail taisealbhaidh, dá dtagraítear i bpointe 2.5. (a) go (d) den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo, atá an chabhair á deonú, an bhfuil an chabhair sin teoranta do chostais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail taisealbhaidh, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (287) de na Treoirlínte, gurb iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail taisealbhaidh, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe.
|
|
2.8.
|
Na comhlachtaí a sholáthraíonn seirbhísí malartaithe eolais agus faisnéise, an bhfuil ceanglas orthu na hacmhainneachtaí iomchuí i bhfoirm cáilíochtaí foirne agus oiliúna tráthrialta a bheith acu chun na cúraimí sin a chur i gcrích?
☐tá ☐níl
|
|
2.9.
|
Cuir in iúl an fhoirm ina bhfuil an chabhair á deonú:
|
(a)
|
☐seirbhís fóirdheonaithe;
|
|
(b)
|
☐íocaíochtaí díreacha le tairbhí na cabhrach.
|
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (289) de na Treoirlínte, nach mór an chabhair dá dtagraítear i bpointí (286)(a),(c) agus (d)(i) go (iv) a sholáthar i bhfoirm seirbhísí fóirdheonaithe. An chabhair le haghaidh na gcostas ar sholáthar seirbhísí athsholáthair dá dtagraítear i bpointe (286)(c), féadfar í a íoc, mar rogha mhalartach, go díreach le soláthraí na seirbhísí athsholáthair. Ní mór an chabhair dá dtagraítear i bpointe (286)(d)(v) a íoc go díreach leis na tairbhithe. An chabhair le haghaidh tionscadail taisealbhaidh ar scála beag faoi phointe (286)(d)(i) go (iv), féadfar í a íoc go díreach leis na tairbhithe.
|
|
2.10.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (290) de na Treoirlínte, go gcaithfidh déine na cabhrach gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
|
2.11.
|
Más le haghaidh sealbhú talún dá dtagraítear i bpointe 2.5 (a) den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo atá an chabhair á deonú, cuir déine na cabhrach in iúl:
…
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (286)(d)(i) de na Treoirlínte, nach bhfuil na costais a bhaineann le sealbhú talún incháilithe incháilithe le haghaidh cabhrach ach amháin i gcás méid nach mó ná 10 % de na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann. Má sháraíonn an chabhair sin 10 % de na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann, lean ar aghaidh le ceist 2.12 den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo.
|
|
2.12.
|
An chabhair atá á deonú le haghaidh sealbhú talún, má sháraíonn sí 10 % de na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann, cuir in iúl cé acu de na heisceachtaí seo a leanas a bhfuil feidhm acu:
|
(a)
|
☐baineann an oibríocht le caomhnú an chomhshaoil;
|
|
(b)
|
☐baineann an oibríocht le caomhnú ithreach ar mhórán carbóin;
|
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (286)(d)(i) de na Treoirlínte, i gcásanna eisceachtúla agus a bhfuil údar cuí leo agus sna cásanna sin amháin, go bhféadfar céatadán os cionn 10 % de na costais incháilithe iomlána a cheadú le haghaidh oibríochtaí a bhaineann le caomhnú an chomhshaoil agus caomhnú ithreach ar mhórán carbóin.
I bhfianaise phointe (286)(d)(i) de na Treoirlínte, má sháraíonn an chabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le sealbhú talún 10 % de na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann, tabhair údar:
…
|
|
2.13.
|
Cuir in iúl uasmhéid na cabhrach le haghaidh costais infheistíochtaí atá nasctha leis an tionscadal taisealbhaidh dá dtagraítear i bpointe (286)(d) de na Treoirlínte:
…
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (291) de na Treoirlínte, nach mór uasmhéid na cabhrach le haghaidh na gcostas incháilithe dá dtagraítear i bpointe (286)(d) de na Treoirlínte a bheith teoranta do EUR 100 000 thar 3 bliana fioscacha.
|
|
3.
|
CABHAIR LE HAGHAIGH SEIRBHÍSÍ COMHAIRLEACHA (ROINN 1.1.10.2.)
|
|
3.1.
|
An bhfuil an chomhairle lena dtacaítear faoin Roinn seo comhsheasmhach leis an tuairisc a thugtar ar an gCóras um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS) sna Pleananna Straitéiseacha CBT?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (293) de na Treoirlínte, nach mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin Roinn seo comhsheasmhach leis an tuairisc a thugtar ar AKIS sna Pleananna Straitéiseacha CBT.
|
|
3.2.
|
An bhfuil an chabhair nasctha le ceann amháin ar a laghad de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115?
☐tá ☐níl
Sonraigh an cuspóir de chuid Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 lena bhfuil an chabhair nasctha:
. …
|
|
3.3.
|
Cuir in iúl cé acu de na gnéithe seo a leanas a chumhdaítear leis an gcomhairle:
|
(a)
|
☐oibleagáidí a eascraíonn as na ceanglais reachtúla bhainistíochta agus na caighdeáin GAEC ábhartha a bhunaítear faoi Theideal III, Caibidil I, Roinn 2 de Rialachán (AE) 2021/2115;
|
|
(b)
|
☐na cleachtais talmhaíochta atá tairbhiúil don aeráid agus don chomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/2115 agus cothabháil an limistéir talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/2115;
|
|
(c)
|
☐na ceanglais arna leagan síos ag na Ballstáit chun Treoir 2000/60/CE (510), Treoir 92/43/CEE (511), Treoir 2009/147/CE (512), Treoir 2008/50/CE (513), Treoir (AE) 2016/2284 (514), Rialachán (AE) 2016/2031, Rialachán (AE) 2016/429 (515), Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 (516) agus Treoir 2009/128/CE (517) a chur chun feidhme;
|
|
(d)
|
☐cleachtais feirme a sheachnaíonn go dtagann frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha chun cinn mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún faoin gcur chuige Aon Sláinte Amháin – Plean Gníomhaíochta maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha;
|
|
(e)
|
☐cosc ar riosca agus bainistíocht riosca;
|
|
(f)
|
☐bearta atá dírithe ar nuachóiriú feirmeacha, ar iomaíochas a fhorbairt, ar chomhtháthú earnálach, ar nuálaíocht agus ar threoshuíomh an mhargaidh chomh maith leis an bhfiontraíocht a chur chun cinn;
|
|
(g)
|
☐teicneolaíochtaí digiteacha sa talmhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 114, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115;
|
|
(h)
|
☐bainistiú inbhuanaithe cothaitheach, lena n-áirítear ar a dhéanaí ó 2024 amach, Uirlis Inbhuanaitheachta Feirme i ndáil le Cothaithigh a úsáid, dá dtagraítear in Airteagal 15(4), pointe (g) de Rialachán (AE) 2021/2115;
|
|
(i)
|
☐coinníollacha fostaíochta agus oibleagáidí fostóirí chomh maith le sláinte agus sábháilteacht cheirde, agus tacaíocht sóisialta i bpobail talmhaíochta;
|
|
(j)
|
☐táirgeadh inbhuanaithe beatha, meastóireacht ar bheatha i dtéarmaí cion cothaitheach agus luachanna beatha, doiciméadú, pleanáil agus rialú beatha ainmhithe feirme bunaithe ar riachtanais.
|
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (294) de na Treoirlínte, nach mór ceann amháin ar a laghad de na gnéithe thuas a chumhdach leis an gcomhairle.
|
|
3.4.
|
An i bhfoirm seirbhísí fóirdheonaithe atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
|
|
3.5.
|
Na comhlachtaí a roghnaítear chun comhairle a sholáthar, an gceanglaítear orthu na hacmhainní iomchuí a bheith acu i bhfoirm foirne ar a gcuirtear oiliúint tráthrialta agus atá cáilithe agus a bhfuil taithí chomhairleach acu agus atá iontaofa i leith na réimsí a dtugann siad comhairle iontu?
☐ceanglaítear ☐ní cheanglaítear
|
|
3.6.
|
An áirithítear gur comhairle neamhchlaonta a bheidh sa chomhairle agus go mbeidh soláthraithe na seirbhísí comhairleacha saor ó aon choinbhleacht leasa?
☐áirithítear☐ní áirithítear
|
|
3.7.
|
An dtugtar an chomhairle go páirteach i ngrúpa?
☐tugtar ☐ní thugtar
Más ‘tugtar’ an freagra, sonraigh:
. …
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (298) de na Treoirlínte, go bhféadfar an chomhairle a thabhairt go páirteach i ngrúpa i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus atá iomchuí, agus sna cásanna sin amháin.
|
|
3.8.
|
Má thugtar an chomhairle go páirteach i ngrúpa, an gcuirtear cás úsáideora aonair na seirbhísí comhairleacha san áireamh?
☐cuirtear ☐ní chuirtear
|
|
3.9.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (299) de na Treoirlínte, nach rachaidh an déine cabhrach thar 100 % de na costais incháilithe.
|
|
3.10.
|
Cuir in iúl méid na cabhrach in aghaidh an ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta: …
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (300)(a) de na Treoirlínte, go gcaithfidh an chabhair le haghaidh gnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta gan dul thar EUR 25 000 in aghaidh an ghnóthais laistigh d’aon tréimhse 3 bliana.
|
|
3.11.
|
Cuir in iúl méid na cabhrach in aghaidh an ghnóthais atá gníomhach i bpróiseáil táirgí talmhaíochta agus ina gcuid margaíochta: …
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (300)(b) de na Treoirlínte, go gcaithfidh an chabhair le haghaidh gnóthais atá gníomhach i bpróiseáil táirgí talmhaíochta agus ina gcuid margaíochta gan dul thar EUR 200 000 in aghaidh an ghnóthais laistigh d’aon tréimhse 3 bliana.
|
|
4.
|
CABHAIR LE HAGHAIGH SEIRBHÍSÍ IONADÚCHÁIN AR AN BHFEIRM (ROINN 1.1.10.3.)
|
|
4.1.
|
An iad gnóthais atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta tairbhithe aonair na cabhrach atá á deonú faoin Roinn seo?
☐is iad ☐ní hiad
|
|
4.2.
|
An i bhfoirm seirbhísí fóirdheonaithe atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
|
|
4.3.
|
An bhfuil an chabhair á deonú le haghaidh na bhfíorchostas a thabhaítear i leith ionadú feirmeora, duine nádúrtha ar comhalta de theaghlach feirme é, nó oibrí feirme, le linn neamhláithreacht ón obair de dheasca breoiteachta, lena n-áirítear breoiteacht a linbh nó breoiteacht thromchúiseach comhchónaitheora, ar breoiteacht í a éilíonn síorchúram, laethanta saoire, saoire mháithreachais agus saoire thuismitheoireachta, seirbhís mhíleata éigeantach, i gcás báis nó i gcomhair na gcostas a shainmhínítear i bpointe (286)(c) de na Treoirlínte, agus le haghaidh na bhfíorchostas sin amháin?
☐tá ☐níl
Sonraigh an chúis atá leis an ionadú:
…
|
|
4.4.
|
Cuir fad iomlán an ionadaithe in iúl: …
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (304) de na Treoirlínte, gur cheart fad iomlán an ionadaithe a bheith teoranta do 3 mhí in aghaidh na bliana in aghaidh an tairbhí, cé is moite d’ionadú le haghaidh saoire mháithreachais agus thuismitheoireachta agus ionadú le linn seirbhís mhíleata éigeantach.
|
|
4.5.
|
Más le haghaidh costais a bhaineann le hionadú i gcás saoire mháithreachais agus thuismitheoireachta atá an chabhair á deonú, cuir an fad in iúl: …
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (304) de na Treoirlínte, gur cheart fad an ionadaithe i gcás saoire mháithreachais agus thuismitheoireachta a bheith teoranta do 6 mhí.
|
|
4.6.
|
Más le haghaidh costais a bhaineann le hionadú le linn seirbhís mhíleata éigeantach atá an chabhair á deonú, cuir an fad in iúl:
…
|
|
4.7.
|
Fad iomlán an ionadaithe i gcás seirbhís mhíleata éigeantach, an bhfuil sé teoranta d’fhad na seirbhíse?
☐tá ☐níl
Sonraigh fad na seirbhíse míleata éigeantaí:
. …
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (304) de na Treoirlínte, gur cheart fad an ionadaithe le linn seirbhís mhíleata éigeantach a bheith teoranta d’fhad na seirbhíse.
|
|
4.8.
|
Má sháraíonn fad iomlán an ionadaithe na tréimhsí 3 mhí agus 6 mhí, faoi seach, dá dtagraítear thuas i gceisteanna 4.4 agus 4.5 den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo, tabhair údar:
…
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (304) de na Treoirlínte, go bhfeadfaidh an Coimisiún síneadh ar an tréimhse 3 mhí agus an tréimhse 6 mhí a údarú i gcásanna ina dtugtar údar cuí agus sna cásanna sin amháin.
|
|
4.9.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (305) de na Treoirlínte, go gcaithfidh an chabhair gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.1.11.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH COMHAR IN EARNÁIL NA TALMHAÍOCHTA
Ní mór an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon bheart státchabhrach arb é is aidhm dó comhar san earnáil talmhaíochta mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.1.11 de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.1.
|
Deimhnigh go ndeonaítear an chabhair chun comhar a chur chun cinn a chuidíonn chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaint amach (518):
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
Sonraigh an cuspóir de chuid Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 lena gcuidíonn an beart cuidithe:
…
|
|
1.2.
|
An le haghaidh comhar atá an chabhair á deonú, lena mbaineann ar a laghad dhá ghníomhaí?
☐is ea ☐ní hea
|
|
1.3.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mbeidh aon chabhair á deonú le haghaidh comhar nach mbeidh ach comhlachtaí taighde amháin páirteach ann:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
1.4.
|
Deimhnigh i gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh comhar lena mbaineann gníomhaithe atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta agus in earnálacha eile, gur gníomhaithe atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta is mó a bhainfidh tairbhe as an gcabhair:
☐is ea ☐ní hea
|
|
1.5.
|
Sonraigh an cineál comhair:
|
(a)
|
☐comhar i measc gnóthais éagsúla in earnáil na talmhaíochta, sa slabhra bia agus gníomhaithe eile atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta a rannchuidíonn chun cuspóirí agus tosaíochtaí an bheartais forbartha tuaithe a bhaint amach, lena n-áirítear grúpaí táirgeoirí, comharchumainn agus eagraíochtaí idirchraoibhe;
|
|
(b)
|
☐braislí agus gréasáin a chruthú;
|
|
(c)
|
☐comharbas feirme, go háirithe le haghaidh athnuachan ghlúine ar leibhéal na feirme (ní fhéadfar cabhair a dheonú ach d’fheirmeoirí a bhfuil an aois scoir bainte amach acu, nó d’fheirmeoirí a mbeidh an aois scoir bainte amach acu faoi dheireadh na hoibríochta, arna chinneadh ag an mBallstát lena mbaineann de réir a reachtaíochta náisiúnta);
|
|
|
1.6.
|
Sonraigh na gníomhaíochtaí comhair dá ndeonaítear an chabhair:
|
(b)
|
☐táirgí, cleachtais, próisis agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil an bhia a mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta amháin;
|
|
(c)
|
☐comhar i measc oibreoirí beaga in earnáil na talmhaíochta maidir le comhphróisis oibre a eagrú agus áiseanna agus acmhainní a chomhroinnt;
|
|
(d)
|
☐comhar cothrománach agus ingearach i measc gníomhaithe sa slabhra bia chun slabhraí soláthair gearra agus margaí áitiúla a bhunú agus a fhorbairt;
|
|
(e)
|
☐gníomhaíochtaí cur chun cinn i gcomhthéacs áitiúil a bhaineann le slabhra soláthair gearr agus margaí áitiúla a fhorbairt;
|
|
(f)
|
☐gníomhaíocht chomhpháirteach a dhéantar d’fhonn an t-athrú aeráide a mhaolú nó oiriúnú don athrú sin;
|
|
(g)
|
☐cineálacha cur chuige comhchoiteann i leith tionscadal comhshaoil agus cleachtas leanúnach comhshaoil, lena n-áirítear bainistiú éifeachtúil uisce, fuinneamh in-athnuaite a úsáid (519) agus tírdhreacha talmhaíochta a chaomhnú;
|
|
(h)
|
☐comhar cothrománach agus ingearach i measc gníomhaithe sa slabhra soláthair i dtáirgeadh inbhuanaithe bithmhaise lena úsáid i dtáirgeadh bia más táirge talmhaíochta a thagann as agus táirgeadh fuinnimh lena chaitheamh féin é an toradh;
|
|
(i)
|
☐straitéisí forbartha áitiúla, seachas na straitéisí sin a shainmhínítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060 (520) a chur chun feidhme, go háirithe ag grúpaí comhpháirtithe poiblí agus príobháideacha, seachas na grúpaí sin a shainmhínítear in Airteagal 31(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/1060;
|
|
(j)
|
☐cineálacha eile comhair.
Sonraigh:
…
|
|
|
1.7.
|
An do chineálacha nua comhair amháin, lena n-áirítear comhar atá ann cheana, atá an chabhair á deonú, má tá gníomhaíocht nua á tosú acu?
☐is ea ☐ní hea
|
|
1.8.
|
I gcás ina ndeonaítear an chabhair chun slabhraí soláthair gearra a bhunú agus a fhorbairt, dá dtagraítear i bpointe 1.6. (d) agus (e) den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo, an amhlaidh nach gcumhdófar léi ach slabhraí soláthair nach bhfuil ach idirghabhálaí amháin iontu idir na feirmeoirí agus na tomhaltóirí?
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
2.
|
COSTAIS INCHÁILITHE AGUS DÉINE NA CABHRACH
|
|
2.1.
|
Sonraigh na costais incháilithe (a mhéid a bhaineann siad le gníomhaíocht talmhaíochta):
|
(a)
|
☐na costais staidéir ar an limistéar lena mbaineann, costais staidéir indéantachta, agus costais maidir le plean gnó nó straitéis forbartha áitiúla a tharraingt suas, seachas an ceann dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060;
|
|
(b)
|
☐costais oibriúcháin an chomhair, amhail tuarastal ‘comhordaitheora’;
|
|
(c)
|
☐costais na n-oibríochtaí atá le cur chun feidhme;
|
|
(d)
|
☐na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí cur chun cinn.
|
|
|
2.2.
|
Sonraigh fad na tréimhse a ndeonófar an chabhair lena haghaidh: …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (316) de na Treoirlínte, nach mór an chabhair a bheith teoranta d’uastréimhse 7 mbliana, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Má dheonófar an chabhair le haghaidh tréimhse níos faide ná 7 mbliana, lean ar aghaidh le ceist 2.3 den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo.
|
|
2.3.
|
Má dheonófar an chabhair le haghaidh tréimhse níos faide ná 7 mbliana, sonraigh an chúis lena haghaidh:
|
(a)
|
☐tá an chabhair á deonú le haghaidh comhghníomhaíochtaí comhshaoil agus aeráide chun na cuspóirí sonracha comhshaoil agus aeráide a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointí (d), (e) agus (f) de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaint amach;
Tabhair bunús leis an ngá atá le tréimhse níos faide:
…
|
|
(b)
|
☐tá an chabhair á deonú le haghaidh straitéisí forbartha áitiúla, seachas na straitéisí sin a shainmhínítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060 a chur chun feidhme, go háirithe ag grúpaí comhpháirtithe poiblí agus príobháideacha, seachas na grúpaí sin a shainmhínítear in Airteagal 31(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/1060;
Tabhair bunús leis an ngá atá le tréimhse níos faide:
…
|
|
|
2.4.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (317) de na Treoirlínte, go gcaithfidh déine na cabhrach gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
|
2.5.
|
Sonraigh déine cabhrach chostais infheistíochta na n-oibríochtaí atá le cur chun feidhme:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (318) de na Treoirlínte, i gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh chostais na n-oibríochtaí atá le cur chun feidhme ar infheistíochtaí iad, nach mór an chabhair a bheith teoranta d’uasdéine cabhrach na cabhrach infheistíochta, mar atá sonraithe sa Roinn ábhartha maidir le cabhair infheistíochta.
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.2.1.1.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR CHUN AN DAMÁISTE A DHÉANANN TUBAISTE NÁDÚRTHA NÓ TARLUITHE EISCEACHTÚLA A SHLÁNÚ
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon bheart státchabhrach atá ceaptha chun cúiteamh a dhéanamh as an damáiste do tháirgeadh talmhaíochta nó do mhodh an táirgthe talmhaíochta a tharlaíonn de dheasca tubaiste nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla mar a thuairiscítear i gCuid II. Roinn 1.2.1.1 de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
Sonraigh an tubaiste nádúrtha nó an tarlú eisceachtúil ba chúis leis an damáiste a bhfuil an cúiteamh á lorg ina leith:
…
De bhun phointe (324) de na Treoirlínte, go nuige seo, tá glactha ag an gCoimisiún leis go bhféadfadh creathanna talún, maidhmeanna sléibhe, sciorrthaí talún agus tuillte a bheith ina dtubaistí nádúrtha. Ina theannta sin, cuireann an Coimisiún an tionscnamh nuachóirithe maidir le státchabhair san áireamh, tionscnamh lena gceadaítear na catagóirí a leanas de theagmhais tubaiste nádúrtha a bhloc-dhíolmhú freisin: tornádónna, spéirlingí, brúchtaí bolcánacha agus falscaithe de thionscnamh nádúrtha.
I measc na dtarluithe eisceachtúla ar ghlac an Coimisiún leo roimhe seo bhí cogadh, suaití inmheánacha nó stailceanna inmheánacha, agus, le forchoimeádais áirithe agus ag brath ar a bhfairsinge, mórthimpistí núicléacha nó tionsclaíocha agus dóiteáin ar tharla caillteanas forleathan dá mbarr.
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (324) de na Treoirlínte, go leanfaidh an Coimisiún i mbun meastóireachta ar phleananna chun státchabhair a dheonú i gcomhréir le hAirteagal 107(2), pointe (b), den Chonradh ar bhonn cás ar chás, ag féachaint dá chleachtas sa réimse sin roimhe seo.
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (330) de na Treoirlínte, maidir le cabhair arna deonú mar chúiteamh ar an damáiste a de dheasca an chineáil/na gcineálacha tubaistí nádúrtha nach luaitear i bpointe (324) de na Treoirlínte agus an damáiste a rinneadh de dheasca tarluithe eisceachtúla, nach mór fógra aonair a thabhairt don Choimisiún maidir léi.
|
|
2.
|
An bhfuil an scéim cabhrach ceaptha mar scéim cúnaimh creata ex-ante?
☐tá ☐níl
Má tá, sonraigh cineál an tubaiste nádúrtha a chumhdaítear leis an scéim ex ante:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (329) de na Treoirlínte, chun mear-bhainistiú géarchéime a éascú, go n-údaróidh an Coimisiún scéimeanna cabhrach den chreat ex ante chun an damáiste a rinneadh de dheasca creathanna talún, maidhmeanna sléibhe, sciorrthaí talún, tuilte agus de dheasca tornádónna, spéirlingí, brúchtaí bolcánacha agus falscaithe de thionscnamh nádúrtha a chúiteamh, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha faoinar féidir an chabhair a dheonú i gcásanna den sórt sin sainithe go soiléir.
|
|
3.
|
I gcás scéim ex-ante, deimhnigh go bhfuil na coinníollacha faoinar féidir an chabhair a dheonú sonraithe go soiléir:
☐tá ☐níl
Tabhair na sonraí maidir leis na coinníollacha sin:
…
|
|
4.
|
I gcás scéim ex-ante, deimhnigh go gcomhlíonfar an oibleagáid tuairiscithe a leagtar amach i bpointe (651) de na Treoirlínte:
☐comhlíonfar ☐ní chomhlíonfar
|
|
5.
|
Ar aithin údarás inniúil an Bhallstáit go foirmiúil gur tharla tubaiste nádúrtha nó tarlú eisceachtúil?
☐d’aithin ☐níor aithin
|
|
6.
|
Léirigh nasc cúisíoch díreach idir an tubaiste nádúrtha nó an tarlú eisceachtúil agus na damáistí arna dtabhú ag an ngnóthas is tairbhí:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (325) de na Treoirlínte, go bhfuil an coinníoll dá dtagraítear sa cheist seo agus an coinníoll dá dtagraítear i gceist 5 den Bhileog Faisnéise Forlíontaí carnach.
|
|
7.
|
An mbunaítear roimh ré na critéir ar ar a mbonn a mheastar aitheantas foirmiúil ó údarás inniúil an Bhallstáit a bheith deonaithe?
☐bunaítear ☐ní bhunaítear
Má bhunaítear, léirigh gur iomchuí na critéir sin a bhunú roimh ré:
…
|
|
8.
|
An go díreach leis an ngnóthas talmhaíochta lena mbaineann atá an chabhair á híoc?
☐is ea ☐ní hea
|
|
9.
|
An íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí ar comhalta de nó di an gnóthas talmhaíochta?
☐íoctar☐ní íoctar
|
|
10.
|
I gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí, an áirithítear nach mó méid na cabhrach ná an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas talmhaíochta sin incháilithe lena aghaidh?
☐áirithítear☐ní áirithítear
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (327) de na Treoirlínte, i gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí agus le heagraíocht táirgeoirí, nach mór nach mó méid na cabhrach ná an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe lena aghaidh.
|
|
11.
|
An mbunaítear an scéim cabhrach laistigh de 3 bliana ón dáta a tharla an teagmhas?
☐bunaítear ☐ní bhunaítear
Léirigh dáta an teagmhais dhíobhálaigh/na dteagmhas díobhálach ba chúis leis an damáiste:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (328) de na Treoirlínte, nach mór an scéim cabhrach a bhunú laistigh de thréimhse 3 bliana ón dáta a tharla an teagmhas ba chúis leis an damáiste.
|
|
12.
|
Léirigh an dáta deiridh a fhéadfar cabhair a íoc:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (328) de na Treoirlínte, nach mór an chabhair a íoc laistigh de thréimhse 4 bliana ón dáta a tharla an teagmhas ba chúis leis an damáiste.
Maidir le tubaiste nádúrtha nó tarlú eisceachtúil sonrach, údaróidh an Coimisiún cabhair a dtugtar fógra ar leithligh ina leith lena maolaítear ón riail seo i gcásanna cuí-réasúnaithe amháin, mar shampla i ngeall ar chineál agus/nó ar fhairsinge an teagmhais nó i ngeall ar chineál moillithe nó leantach an damáiste.
Más amhlaidh atá, mínigh an fáth a bhfuil gá le tréimhse níos faide chun an chabhair a íoc:
…
|
|
13.
|
An é nach bhfuil incháilithe do chabhair ach costais an damáiste atá mar iarmhairt dhíreach ar an tubaiste nádúrtha nó tarlú eisceachtúil?
☐is é ☐ní hé
|
|
14.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐cúiteamh ar dhamáiste ábhartha d’fhoirgnimh, do threalamh, d’innealra, do stoic agus do mhodhanna táirgthe;
|
|
(b)
|
☐cúiteamh ar chaillteanas ioncaim a thagann as scrios iomlán nó páirtscrios na táirgeachta talmhaíochta agus modh na táirgeachta príomhúil talmhaíochta.
|
|
|
15.
|
An ndéanann údarás poiblí, saineolaí neamhspleách atá aitheanta ag an údarás deonúcháin nó gnóthas árachais measúnú ar an damáiste?
☐déanann ☐ní dhéanann
Sonraigh an t-eintiteas a dhéanann measúnú ar an damáiste:
…
|
|
16.
|
Cuir isteach measúnú beacht ar an damáiste a thabhaigh na tairbhithe féideartha:
…
|
|
17.
|
An ríomhtar an damáiste ar leibhéal an tairbhí aonair?
☐ríomhtar ☐ní ríomhtar
|
|
18.
|
I gcás ina ndeonaítear an chabhair i leith damáiste ábhartha, an bhfuil ríomh an damáiste sin bunaithe ar chostas deisiúcháin nó ar luach eacnamaíoch na sócmhainne dá ndéantar difear sular tharla an damáiste nádúrtha nó an tarlú eisceachtúil?
☐tá ☐níl
|
|
19.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh, i gcás ina ndeonaítear an chabhair i leith damáiste ábhartha, nach mbeidh an damáiste níos mó ná an costas deisiúcháin ná an laghdú ar an margadhluach cothrom mar thoradh ar an tubaiste nádúrtha nó ar an tarlú eisceachtúil:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (334) de na Treoirlínte, nár cheart ríomh an damáiste ábhartha a bheith níos mó ná an costas deisiúcháin ná an laghdú ar an luach margaidh cothrom de dheasca na tubaiste nádúrtha nó an tarlaithe eisceachtúil, is é sin an difríocht idir luach na sócmhainne go díreach sular tharla an tubaiste nádúrtha agus an tarlú eisceachtúil agus go díreach ina ndiaidh.
|
|
20.
|
An ríomhtar an caillteanas ioncaim tríd an méid seo a leanas a dhealú:
|
(a)
|
an toradh a fhaightear nuair a dhéantar cainníocht na dtáirgí talmhaíochta a tháirgtear le linn bhliain na tubaiste nádúrtha nó an tarlaithe eisceachtúil, nó i ngach bliain ina dhiaidh sin atá buailte ag scrios iomlán nó páirtscrios an mhodha táirgeachta, a iolrú faoin meánphraghas díola le linn na bliana sin
ón méid seo a leanas
|
|
(b)
|
an toradh a fhaightear nuair a iolraítear meánchainníocht bhliantúil táirgí talmhaíochta a táirgeadh sa tréimhse 3 bliana sular tharla an tubaiste nádúrtha nó an tarlú eisceachtúil, nó an meán 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana sular tharla an tubaiste nádúrtha nó an tarlú eisceachtúil, gan an iontráil is airde agus is ísle a áireamh, faoin meánphraghas díola a baineadh amach.
☐ríomhtar ☐ní ríomhtar
|
|
|
21.
|
An méadófar an caillteanas ioncaim le costais eile arna dtabhú ag an tairbhí i ngeall ar an tubaiste nádúrtha nó ar an tarlú eisceachtúil?
☐méadófar ☐ní mhéadófar
Má mhéadófar, sonraigh na costais eile lena mbaineann:
…
|
|
22.
|
Deimhnigh go laghdófar an caillteanas ioncaim le haon chostas nár tabhaíodh mar gheall ar an tubaiste nádúrtha nó ar an tarlú eisceachtúil a thabhódh an tairbhí murach sin.
☐laghdófar ☐ní laghdófar
|
|
23.
|
Má úsáidtear modh eile chun an damáiste a ríomh, an amhlaidh go mbeidh modh den sórt sin ionadaíoch agus gan bheith bunaithe ar thorthaí atá thar a bheith ard agus go bhfágfaidh sé nach bhfaigheann aon tairbhí róchúiteamh dá bharr?
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
An gcuirfear an tomhas ar mhéid an chaillteanais a tharla in oiriúint do shaintréithe gach cineáil táirge agus leas á bhaint as an méid a leanas:
|
(a)
|
☐innéacsanna bitheolaíocha (cainníocht an chaillteanais bithmhaise) nó innéacsanna coibhéiseacha caillteanais táirgeachta a bhunaítear ar leibhéal na feirme, ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, nó
|
|
(b)
|
☐innéacsanna aimsire (lena n-áirítear cainníocht na báistí agus an teocht) a bhunaítear ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta?
|
|
|
24.
|
An úsáidfear innéacsanna chun táirgeadh talmhaíochta bliantúil an tairbhí a ríomh?
☐úsáidfear☐ní úsáidfear
|
|
25.
|
Más ‘úsáidfear’ an freagra a thugtar ar cheist 24, an féidir, leis an modh ríomha a úsáidtear, fíorchaillteanas an tairbhí aonair a chinneadh i mbliain ar leith?
☐is féidir ☐ní féidir
|
|
26.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl:
..... % den damáiste a dhéanann tubaiste nádúrtha nó tarlú eisceachtúil.
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (339) de na Treoirlínte, nach mór nach rachaidh an chabhair ná aon íocaíocht eile a gheofar mar cúiteamh ar an damáiste, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi pholasaithe árachais, thar 100 % de na costais incháilithe.
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.2.1.2.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR CHUN CÚITEAMH A DHÉANAMH AS AN DAMÁISTE A THARLAÍONN DE DHEASCA TEAGMHAS DÍOBHÁLACH AERÁIDE ATÁ INCHURTHA LE TUBAISTÍ NÁDÚRTHA
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon bheart státchabhrach atá ceaptha chun cúiteamh a dhéanamh ar dhamáiste do tháirgeadh talmhaíochta nó do mhodh an táirgthe talmhaíochta a tharlaíonn de dheasca teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.2.1.2 de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
Sonraigh an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha ba chúis leis an damáiste a bhfuil an cúiteamh á lorg ina leith:
…
|
|
2.
|
An bhfuil an chabhair teoranta do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (341) de na Treoirlínte, nach bhfuil feidhm ag Roinn 1.2.1.2. de na Treoirlínte ach amháin maidir le gnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta.
|
|
3.
|
An bhfuil an scéim cabhrach ceaptha mar scéim cúnaimh creata ex-ante?
☐tá ☐níl
Má tá, sonraigh cineál an teagmhais dhíobhálaigh/na dteagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a chumhdaítear leis an scéim ex ante:
…
|
|
4.
|
Má cheaptar an scéim cabhrach mar scéim ex-ante, deimhnigh go gcomhlíonfar an oibleagáid tuairiscithe a leagtar amach i bpointe (651) de na Treoirlínte:
☐comhlíonfar ☐ní chomhlíonfar
|
|
5.
|
Ar aithin údarás inniúil an Bhallstáit go foirmiúil tarlú an teagmhais mar theagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha?
☐d’aithin ☐níor aithin
|
|
6.
|
Léirigh nasc cúisíoch díreach idir an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha agus na damáistí a thabhaigh an gnóthas is tairbhí:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (342) de na Treoirlínte, go bhfuil an coinníoll dá dtagraítear sa cheist seo agus an coinníoll dá dtagraítear i gceist 5 den Bhileog Faisnéise Forlíontaí carnach.
|
|
7.
|
An mbunaítear roimh ré na critéir ar ar a mbonn a mheastar aitheantas foirmiúil ó údarás inniúil an Bhallstáit a bheith deonaithe?
☐bunaítear ☐ní bhunaítear
Má bhunaítear, léirigh gur iomchuí na critéir sin a bhunú roimh ré:
…
|
|
8.
|
An go díreach leis an ngnóthas talmhaíochta lena mbaineann atá an chabhair á híoc?
☐is ea ☐ní hea
|
|
9.
|
An íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí ar comhalta de nó di an gnóthas talmhaíochta?
☐íoctar☐ní íoctar
|
|
10.
|
I gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí, an áirithítear nach mó méid na cabhrach ná an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas talmhaíochta sin incháilithe lena aghaidh?
☐áirithítear☐ní áirithítear
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (345) de na Treoirlínte, i gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí agus le heagraíocht táirgeoirí, nach mór nach mó méid na cabhrach ná an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe lena aghaidh.
|
|
11.
|
An mbunaítear an scéim cabhrach laistigh de 3 bliana ón dáta a tharlaíonn an teagmhas díobhálach aeráide ar féidir é a asamhlú ina thubaiste nádúrtha?
☐bunaítear ☐ní bhunaítear
Sonraigh an dáta a tharla an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha ba chúis leis an damáiste:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (346) de na Treoirlínte, nach mór an scéim cabhrach a bhunú laistigh de thréimhse 3 bliana ón dáta a tharla an teagmhas ba chúis leis an damáiste.
|
|
12.
|
Léirigh an dáta deiridh a fhéadfar cabhair a íoc:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (346) de na Treoirlínte, nach mór an chabhair a íoc laistigh de thréimhse 4 bliana ón dáta a tharla an teagmhas ba chúis leis an damáiste.
|
|
13.
|
Tabhair faisnéis mheitéareolaíoch tacaíochta i ndáil leis an teagmhas díobhálach aeráide atá i gceist:
…
|
|
14.
|
An é nach bhfuil incháilithe do chabhair ach costais an damáiste atá mar iarmhairt dhíreach ar an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha?
☐is é ☐ní hé
|
|
15.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐cúiteamh ar dhamáiste ábhartha d’fhoirgnimh feirme agus do threalamh agus innealra feirme, stoic agus modh táirgeachta a tharlaíonn de dheasca teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha;
|
|
(b)
|
☐cúiteamh ar chaillteanas ioncaim a thagann as scrios iomlán nó páirtscrios ar an táirgeacht talmhaíochta agus ar an modh táirgeachta a tharlaíonn mar gheall ar theagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha.
|
|
|
16.
|
An ndéanann údarás poiblí, saineolaí neamhspleách atá aitheanta ag an údarás deonúcháin nó gnóthas árachais measúnú ar an damáiste?
☐déanann ☐ní dhéanann
Sonraigh an t-eintiteas a dhéanann measúnú ar an damáiste:
…
|
|
17.
|
Cuir isteach measúnú beacht ar an damáiste a thabhaigh na tairbhithe féideartha:
…
|
|
18.
|
An ríomhtar an damáiste ar leibhéal an tairbhí aonair?
☐ríomhtar ☐ní ríomhtar
|
|
19.
|
An damáiste ábhartha a dhéantar do shócmhainní de dheasca an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, an ríomhtar é ar bhonn chostas deisiúcháin na sócmhainne dá ndéantar difear nó luach eacnamaíoch na sócmhainne sin roimh an teagmhas díobhálach aeráide ar féidir é a asamhlú ina thubaiste nádúrtha?
☐ríomhtar ☐ní ríomhtar
|
|
20.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh, i gcás ina ndeonaítear an chabhair chun cúiteamh a dhéanamh ar an damáiste ábhartha, nach mó an damáiste a ríomhtar ar an gcaoi sin ná an costas deisiúcháin ná an laghdú ar an margadhluach cothrom a tharlaíonn de dheasca an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (350) de na Treoirlínte, nach mór an damáiste ábhartha a ríomhtar a choimeád faoi bhun an chostais deisiúcháin nó an laghdaithe ar an margadhluach cothrom a tharla de bharr an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, is é sin an difríocht idir luach na sócmhainne go díreach roimh an teagmhas díobhálach aeráide agus go díreach i ndiaidh an teagmhais dhíobhálaigh aeráide ar féidir é a asamhlú ina thubaiste nádúrtha.
|
|
21.
|
I gcás ina ríomhtar caillteanas ioncam an tairbhí ar bhonn leibhéal na mbarr nó leibhéal an bheostoic, an amhlaidh nach gcuirtear san áireamh ach amháin an damáiste ábhartha a bhaineann leis an mbarr sin nó leis an mbeostoc sin?
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
22.
|
An ríomhtar an caillteanas ioncaim tríd an méid seo a leanas a dhealú:
|
(a)
|
an toradh atá ar chainníocht na dtáirgí talmhaíochta a táirgeadh i mbliain an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, nó gach bliain ina dhiaidh sin dá ndéantar difear le scrios iomlán nó páirteach ar an modh táirgeachta, an toradh atá ar an gcainníocht sin a iolrú faoin meánphraghas díola a fuarthas le linn na bliana sin
ón méid seo a leanas
|
|
(b)
|
an toradh a fhaightear nuair a iolraítear meánchainníocht bhliantúil táirgí talmhaíochta a táirgeadh sa tréimhse 3 bliana roimhe sin nó an meán 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimhe sin (gan an iontráil is airde agus an iontráil is ísle a áireamh) faoin meánphraghas díola a baineadh amach?
☐ríomhtar ☐ní ríomhtar
|
|
|
23.
|
An méadófar méid an chaillteanais ioncaim le costais eile a thabhaíonn an tairbhí de dheasca an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha?
☐méadófar ☐ní mhéadófar
Má mhéadófar, sonraigh na costais eile lena mbaineann:
…
|
|
24.
|
Deimhnigh go laghdófar an caillteanas ioncaim le haon chostas nár tabhaíodh de dheasca an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, a thabhódh an tairbhí murach sin:
☐laghdófar ☐ní laghdófar
|
|
25.
|
An úsáidfear innéacsanna chun táirgeadh talmhaíochta bliantúil an tairbhí a ríomh?
☐úsáidfear☐ní úsáidfear
|
|
26.
|
Más ‘úsáidfear’ an freagra a thugtar ar cheist 25, an féidir, leis an modh ríomha a úsáidtear, fíorchaillteanas an tairbhí a chinneadh i mbliain ar leith?
☐is féidir ☐ní féidir
|
|
27.
|
Má úsáidtear modh eile chun an damáiste a ríomh, an amhlaidh go mbeidh modh den sórt sin ionadaíoch agus gan bheith bunaithe ar thorthaí atá thar a bheith ard agus go bhfágfaidh sé nach bhfaigheann aon tairbhí róchúiteamh dá bharr?
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
An gcuirfear an tomhas ar mhéid an damáiste a tharla in oiriúint do shaintréithe gach cineáil táirge agus leas á bhaint as an méid a leanas:
|
(a)
|
☐innéacsanna bitheolaíocha (cainníocht an chaillteanais bithmhaise) nó innéacsanna coibhéiseacha caillteanais táirgeachta a bhunaítear ar leibhéal na feirme, ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, nó
|
|
(b)
|
☐innéacsanna aimsire (lena n-áirítear cainníocht na báistí agus an teocht) a bhunaítear ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta?
|
|
|
28.
|
Maidir leis an tairbhí, an FBM é a bunaíodh níos lú ná 3 bliana ón dáta a tharla an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha?
☐is é ☐ní hé
Más é, tabhair faoi deara nach mór an tagairt don mheánchainníocht bhliantúil le linn na tréimhse trí bliana nó cúig bliana i bpointe (352)(b) de na Treoirlínte a thuiscint mar thagairt don láimhdeachas arna ghiniúint nó don chainníocht arna táirgeadh agus arna díol ag meánghnóthas ar aon mhéid leis an iarratasóir, is é sin micrifhiontar nó fiontar beag nó fiontar meánmhéide, faoi seach, san earnáil náisiúnta nó san earnáil réigiúnach a bhfuil tionchar ag an teagmhas díobhálach aeráide air atá inchurtha le tubaistí nádúrtha.
|
|
29.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl:
|
—
|
..... % de na costais incháilithe,
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (357) de na Treoirlínte, maidir leis an gcabhair agus aon íocaíocht eile a fhaightear chun an damáiste a chúiteamh, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi bhearta náisiúnta eile nó faoi bhearta eile de chuid an Aontais nó faoi pholasaithe árachais le haghaidh an damáiste dá bhfaightear cabhair, nach rachaidh sí thar 80 % de na costais incháilithe.
|
|
—
|
..... % de na costais incháilithe a thabhaítear i limistéir ina bhfuil srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach leis an limistéar.
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (357) de na Treoirlínte, go bhféadfar an déine cabhrach 80 %, dá dtagraítear thuas, a mhéadú suas go 90 % i limistéir ina bhfuil srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar.
|
|
|
30.
|
An ndéanfar laghdú 50 % ar a laghad ar an méid cabhrach murar ghlac tairbhithe cumhdach árachais nó murar íoc siad ranníocaíochtaí airgeadais le cistí frithpháirteacha atá creidiúnaithe sa Bhallstát lena gcumhdaítear 50 % ar a laghad dá meántáirgeadh bliantúil nó dá n-ioncam i ndáil le táirgeadh agus na rioscaí aeráide is minice dá bhfuil ann de réir staidreamh sa Bhallstát nó sa réigiún lena mbaineann?
☐déanfar ☐ní dhéanfar
Tabhair faoi deara nach féidir maolú ón gcoinníoll sin a bheith ann ach amháin más féidir leis an mBallstát a thaispeáint go cinnte, d’ainneoin gach iarrachta réasúnta, nach raibh árachas inacmhainne lena gcumhdófaí na rioscaí aeráide is minice dá bhfuil ann de réir staidreamh sa Bhallstát nó sa réigiún lena mbaineann ar fáil an tráth a tharla an damáiste.
Más amhlaidh atá, tabhair sonraí leordhóthanacha lena léirítear gur féidir feidhm a bheith ag an maolú sin:
…
|
FAISNÉIS EILE
Cuir in iúl anseo aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte:
…
|
1.2.1.3.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR CHUN GALAIR AINMHITHE, LOTNAIDÍ PLANDAÍ AGUS SPEICIS CHOIMHTHÍOCHA IONRACHA A CHOMHRAC
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon bheart státchabhrach do na costais a bhaineann le galair ainmhithe, lotnaidí plandaí agus speicis choimhthíocha ionracha a chosc, a rialú agus a dhíothú agus faoi státchabhair chun an damáiste a rinne galair ainmhithe, lotnaidí plandaí agus speicis choimhthíocha ionracha a shlánú mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.2.1.3. de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
An bhfuil an chabhair teoranta do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (360) de na Treoirlínte, nach bhfuil feidhm ag Roinn 1.2.1.3. de na Treoirlínte ach amháin maidir le cabhair arna deonú do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta.
|
|
2.
|
An bhfuil an scéim cabhrach ceaptha mar scéim ex-ante?
☐tá ☐níl
Má tá, sonraigh cineál na ngalar ainmhithe, na lotnaidí plandaí agus na speiceas coimhthíoch ionrach a chumhdaítear leis an scéim ex ante:
…
|
|
3.
|
Más ‘tá’ an freagra a thugtar ar an gceist roimhe seo, an féidir leis an mBallstát a dheimhniú go gcomhlíonfar an oibleagáid tuairiscithe a leagtar amach i bpointe (651) de na Treoirlínte?
☐is féidir ☐ní féidir
|
|
4.
|
Deimhnigh nach n-íocfar an chabhair ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
☐i ndáil le galair ainmhithe, lotnaidí plandaí agus inmhíolú le speiceas coimhthíoch ionrach arb ann do rialacha de chuid an Aontais nó rialacha náisiúnta ina leith, cibé acu a leagtar síos leis an dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin iad;
|
|
(b)
|
☐baineann rialacha an Aontais nó na rialacha náisiúnta sin le ceann díobh seo a leanas:
|
(i)
|
☐clár poiblí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach chun an galar ainmhithe, an lotnaid plandaí nó an speiceas coimhthíoch ionrach lena mbaineann a chosc, a rialú nó a dhíothú;
|
|
(ii)
|
☐bearta éigeandála a d’fhorchuir an t-údarás inniúil poiblí;
|
|
(iii)
|
☐bearta chun lotnaid plandaí a dhíothú nó a shrianadh atá á gcur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 18, Airteagal 28(1) agus (2), Airteagal 29(1) agus (2), Airteagal 30(1) agus Airteagal 33(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 (521);
|
|
(iv)
|
☐bearta chun speiceas coimhthíoch ionrach a dhíothú nó a shrianadh atá á gcur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 (522).
|
|
Cuir tuairisc ar na bearta coisc, rialúcháin agus díothúcháin lena mbaineann i gceangal leis an bhfógra.
|
|
5.
|
Maidir le damáiste a rinne lotnaidí plandaí, ar chuir an Ballstát Airteagal 14(1) de Threoir 2009/128/CE (523) agus Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 (524) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feidhme?
☐chuir ☐níor chuir
|
|
6.
|
An mbaineann an chabhair le beart a bhforáiltear ina leith i reachtaíocht an Aontais gurb é an tairbhí a íocfaidh na muirir ar na bearta a dhéantar?
☐baineann ☐ní bhaineann
|
|
7.
|
Más ‘baineann’ an freagra a thugtar ar an gceist roimhe seo, an ndéantar costas na mbeart cabhrach sin a fhritháireamh go hiomlán le muirir éigeantacha ar na tairbhithe?
☐déantar ☐ní dhéantar
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (363) de na Treoirlínte, gurb amhlaidh nach mór gan baint a bheith ag an gcabhair le bearta ar ina leith a fhoráiltear le reachtaíocht an Aontais gur gá don tairbhí costas na mbeart sin a sheasamh, mura rud é go ndéantar costas na mbeart cabhrach sin a fhritháireamh ina n-iomláine le muirir éigeantacha ar na tairbhithe.
|
|
8.
|
An íoctar an chabhair go díreach leis an ngnóthas lena mbaineann?
☐íoctar☐ní íoctar
|
|
9.
|
An le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí ar comhalta de nó di an gnóthas atá an chabhair á híoc?
☐is ea ☐ní hea
|
|
10.
|
I gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí, an áirithítear nach mó méid na cabhrach ná an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas talmhaíochta sin incháilithe lena aghaidh?
☐áirithítear☐ní áirithítear
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (364) de na Treoirlínte, i gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí agus le heagraíocht táirgeoirí, nach mór nach mó méid na cabhrach ná an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe lena aghaidh.
|
|
11.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach ndeonófar aon chabhair aonair i gcás ina suitear gurb é an tairbhí, d’aon turas, nó faillí a rinne an tairbhí ba chúis leis an ngalar nó leis an inmhíolú leis an lotnaid plandaí nó leis an speiceas coimhthíoch ionrach:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
12.
|
I gcás ina ndeonaítear cabhair i ndáil le galar ainmhithe, an dtagraítear don ghalar ainmhithe sin i liosta na ngalar ainmhithe in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/429 (525), in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/690 (526), nó i liosta na ngalar ainmhithe den Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún arna bhunú ag an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe?
☐tagraítear ☐ní thagraítear
Sonraigh an galar ainmhithe lena mbaineann:
…
|
|
13.
|
An i leith galair atá ag teacht chun cinn atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, sonraigh an galar atá ag teacht chun cinn lena mbaineann:
…
|
|
14.
|
Má fhreagraítear ‘is ea’ ar an gceist roimhe seo, an bhfuil sé d’acmhainn ag an ngalar sin na critéir maidir le galair a liostú dá bhforáiltear in Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) 2016/429 a chomhlíonadh?
☐tá ☐níl
Tabhair na sonraí:
…
|
|
15.
|
I gcás ina ndeonaítear an chabhair i leith galair atá ag teacht chun cinn, sa bhreis ar an gcoinníoll a leagtar amach i gceist 14 den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo, an gcomhlíontar na critéir seo a leanas, a leagtar amach in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2016/429?
|
(a)
|
☐is toradh é an galar ar éabhlóid nó athrú ar oibreán galair atá ann cheana;
|
|
(b)
|
☐is galar aitheanta é atá á leathnú go ceantar geografach nua, speiceas nua nó daonra nua;
|
|
(c)
|
☐is galar é a dhéantar a dhiagnóisiú den chéad uair san Aontas; nó
|
|
(d)
|
☐oibreán galair nár aithníodh nó nár aithníodh roimhe seo is cúis leis.
|
|
|
16.
|
An dtugtar an scéim cabhrach isteach laistigh de 3 bliana ón dáta a tharla an costas nó an damáiste arbh é an galar ainmhithe, an lotnaid plandaí nó an speiceas coimhthíoch ionrach ba chúis leis?
☐tugtar ☐ní thugtar
Sonraigh an dáta a tharla an galar ainmhithe, an lotnaid plandaí nó an speiceas coimhthíoch ionrach ba chúis leis an damáiste:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (368) de na Treoirlínte, nach mór an scéim cabhrach a thabhairt isteach laistigh de thréimhse 3 bliana ón dáta a tharla an costas nó an damáiste arbh é an galar ainmhithe, an lotnaid plandaí nó an speiceas coimhthíoch ionrach ba chúis leis.
|
|
17.
|
Léirigh an dáta deiridh a fhéadfar an chabhair a íoc:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (368) de na Treoirlínte, nach mór an chabhair a íoc laistigh de thréimhse 4 bliana ón dáta a tharla an teagmhas ba chúis leis an damáiste.
|
|
18.
|
An i bhfabhar na mbeart coisctheach dá dtagraítear i bpointe (370) de na Treoirlínte atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (368) de na Treoirlínte, nach bhfuil feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach i gceisteanna 16 agus 17 den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo maidir leis na bearta coisc dá dtagraítear i bpointe (370) de na Treoirlínte.
|
|
19.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐costais a bhaineann le bearta coisc:
|
(i)
|
☐bearta bithshlándála, lena n-áirítear chun speiceas coimhthíoch ionrach a chosc;
|
|
(ii)
|
☐seiceálacha sláinte;
|
|
(iii)
|
☐anailísí, lena n-áirítear diagnóisic in vitro;
|
|
(iv)
|
☐tástálacha agus bearta scagtha eile;
|
|
(v)
|
☐ceannach, stóráil, riar agus dáileadh vacsaíní, cógas, substaintí cóireála ainmhithe agus táirgí cosanta plandaí agus táirgí bithicídeacha;
|
|
(vi)
|
☐marú nó ciondíothú coisctheach ainmhithe nó scrios táirgí ainmhithe agus plandaí;
|
|
(vii)
|
☐glanadh, díghalrú nó dí-inmhíolú an ghabháltais agus an trealaimh, bunaithe ar eipidéimeolaíocht agus sainghnéithe na pataigine nó an veicteora.
|
|
|
(b)
|
☐costais a bhaineann le bearta rialúcháin nó díothúcháin:
|
(i)
|
☐tástálacha agus bearta scagtha eile i gcás galair ainmhithe, lena n-áirítear tástálacha einceifileapaite spúinseach in-tarchurtha (ESI) agus einceifileapaite spúinseach bhólachta (ESB);
|
|
(ii)
|
☐ceannach, stóráil, riar agus dáileadh vacsaíní, cógas, agus substaintí cóireála ainmhithe agus táirgí cosanta plandaí;
|
|
(iii)
|
☐marú nó ciondíothú agus scrios ainmhithe agus scrios táirgí atá nasctha leo, nó scrios plandaí, lena n-áirítear iad siúd a fhaigheann bás nó a scriostar de dheasca vacsaíne nó bearta eile a ordaíonn an t-údarás inniúil agus glanadh, dífhabhtú nó dí-inmhíolú an ghabháltais agus an trealaimh;
|
|
(iv)
|
☐ceannach, stóráil, riar agus dáileadh táirgí cosanta plandaí chun aghaidh a thabhairt ar speiceas coimhthíoch ionrach plandaí;
|
|
(v)
|
☐ceannach, stóráil, cur in úsáid agus dáileadh gaistí nó trealamh eile chun aghaidh a thabhairt ar speiceas coimhthíoch ionrach ainmhíoch.
|
|
|
(c)
|
☐cabhair chun an damáiste a tharla de dheasca galar ainmhithe, lotnaid plandaí nó speiceas coimhthíoch ionrach a shlánú;
|
|
(d)
|
☐costais eile. Sonraigh: …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (377) de na Treoirlínte, i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe, go bhféadfaidh an Coimisiún glacadh leis na costais a tabhaíodh chun na bearta is gá a dhéanamh seachas iad sin dá dtagraítear i Roinn 1.2.1.3. de na Treoirlínte.
Má bhaineann an chabhair le costais eile seachas na costais dá dtagraítear i Roinn 1.2.1.3. de na Treoirlínte, mínigh an fáth a measann tú go bhfuil an cás eisceachtúil agus go bhfuil na costais sin cuí-réasúnaithe:
…
|
|
|
20.
|
Sonraigh cineál na cabhrach a dheonaítear le haghaidh bearta coisc agus díothúcháin:
|
(a)
|
☐seirbhísí fóirdheontais.
Deimhnigh go n-íoctar cabhair den sórt sin le soláthraí na mbeart coisc, rialúcháin agus díothúcháin:
☐íoctar☐ní íoctar
|
|
(b)
|
☐deontas díreach.
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (372) de na Treoirlínte, nach féidir an chabhair a dheonú mar dheontas díreach ach amháin le haghaidh na gcostas incháilithe dá dtagraítear i bpointe (370)(e) agus pointe (371)(b) de na Treoirlínte agus le haghaidh na gcostas incháilithe dá dtagraítear i bpointe (370)(f) agus pointe (371)(c) de na Treoirlínte i gcás lotnaidí plandaí agus chun an gabháltas agus an trealamh a ghlanadh agus a dhíghalrú.
|
|
(c)
|
☐aisíocaíocht na bhfíorchostas leis an tairbhí tar éis cruthúnas ar na costais arna dtabhú a chur faoi bhráid an údaráis deonúcháin.
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (372) de na Treoirlínte, go bhféadfar cabhair maidir le costais eile dá dtagraítear i bpointe (370) agus pointe (371) de na Treoirlínte a íoc go díreach le tairbhí mar aisíocaíocht ar na fíorchostais arna dtabhú i gcásanna cuí-réasúnaithe agus sna cásanna sin amháin agus tar éis cruthúnas ar na costais arna dtabhú a chur faoi bhráid an údaráis deonúcháin.
Más amhlaidh atá, tabhair an réasúnú atá leis sin:
…
|
|
|
21.
|
I gcás ina ndeonaítear cabhair chun an damáiste a tharla de dheasca galar ainmhithe, lotnaid plandaí nó speiceas coimhthíoch ionrach a shlánú, an ndéantar an cúiteamh a ríomh i ndáil leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
margadhluach na n-ainmhithe a maraíodh nó a ciondíothaíodh nó a fuair bás nó margadhluach na dtáirgí atá nasctha leo, nó na bplandaí a scriosadh:
|
(i)
|
de thoradh an ghalair ainmhithe, na lotnaide plandaí nó an inmhíolaithe leis an speiceas coimhthíoch ionrach,
|
|
(ii)
|
mar chuid de chlár poiblí nó de bheart dá dtagraítear i bpointe (361)(b) de na Treoirlínte?
☐déantar ☐ní dhéantar
|
|
|
(b)
|
caillteanas ioncaim de dheasca oibleagáidí coraintín agus deacrachtaí i dtaca le hathstocáil nó le hathchur agus uainíocht éigeantach na mbarr a fhorchuirtear mar chuid de chlár poiblí nó de bheart dá dtagraítear i bpointe (361)(b) de na Treoirlínte?
☐déantar ☐ní dhéantar
|
|
|
22.
|
An ndéantar an margadhluach dá dtagraítear sa cheist roimhe seo a shuí ar bhonn luach na n-ainmhithe, na dtáirgí agus na bplandaí go díreach sular eascair aon amhras faoin ngalar ainmhithe nó faoin lotnaid plandaí nó faoin inmhíolú le speiceas coimhthíoch ionrach nó sular deimhníodh go raibh an chúis amhrais ann?
☐déantar ☐ní dhéantar
|
|
23.
|
Deimhnigh go laghdófar an méid cabhrach chun an damáiste a tharla de dheasca galar ainmhithe, lotnaid plandaí nó speiceas coimhthíoch ionrach a shlánú leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
aon chostas nach dtabhaítear go díreach i ngeall ar an ngalar ainmhithe, an lotnaid plandaí nó an speiceas coimhthíoch ionrach, a thabhódh an tairbhí murach sin;
|
|
(b)
|
aon ioncam arna dhéanamh trí dhíol táirgí atá nasctha leis na hainmhithe a maraíodh nó a dealaíodh agus leis na plandaí a scriosadh chun críche coisctheacha nó díothúcháin ar ordú údarás inniúil an Bhallstáit.
☐laghdófar ☐ní laghdófar
|
|
|
24.
|
An bhfuil méid cabhrach chun an damáiste dá dtagraítear i gceist 21 den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo a shlánú teoranta do na costais agus an damáiste a d’eascair as galair ainmhithe, lotnaidí plandaí nó speicis choimhthíocha ionracha dá bhfuil ceann de na rudaí seo a leanas déanta ag an údarás inniúil ina leith:
|
(a)
|
☐d’aithin sé ráig go foirmiúil, i gcás galar ainmhithe, nó
|
|
(b)
|
☐thug sé aitheantas foirmiúil go raibh siad ann, i gcás lotnaidí plandaí agus speicis choimhthíocha ionracha?
|
|
|
25.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl:
.… % de na costais incháilithe.
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (378) de na Treoirlínte, maidir leis an gcabhair agus aon íocaíocht eile a fhaigheann an tairbhí, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi bhearta náisiúnta nó faoi bhearta eile de chuid an Aontais nó polasaithe árachais nó cistí frithpháirteacha le haghaidh na gcostas incháilithe céanna, nach mór iad a bheith teoranta do 100 % de na costais incháilithe.
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.2.1.4.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH STOC A FUAIR BÁS
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon bheart státchabhrach le haghaidh stoc a fuair bás mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.2.1.4 de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
An do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta amháin a dheonaítear an chabhair?
☐is ea ☐ní hea
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (380) de na Treoirlínte, tá Roinn 1.2.1.4. de Chuid II de na Treoirlínte teoranta do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta.
|
|
2.
|
An bhfuil an chabhair coinníollach ar chlár faireacháin comhsheasmhach a bheith ann lena n-áirithítear diúscairt shábháilte an stoic uile a fuair bás sa Bhallstát?
☐tá ☐níl
|
|
3.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐na costais a bhaineann leis an stoc a fuair bás a bhaint;
|
|
(b)
|
☐na costais a bhaineann leis an stoc a fuair bás a scriosadh;
|
|
|
4.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl:
|
—
|
..... % de na costais a bhaineann leis an stoc a fuair bás a bhaint;
|
|
—
|
..... % de na costais a bhaineann leis an stoc a fuair bás a scriosadh;
|
|
—
|
..... % de na costais a bhaineann leis an stoic a fuair bás a bhaint agus a scriosadh i gcás ina maoinítear an chabhair trí tháillí nó trí ranníocaíochtaí éigeantacha chun baint agus scriosadh an stoic sin a fuair bás a mhaoiniú, ar choinníoll go bhfuil na táillí nó na ranníocaíochtaí sin teoranta d’earnáil na feola agus go ndéantar iad a fhorchur go díreach ar an earnáil sin;
Deimhnigh go bhfuil na táillí nó na ranníocaíochtaí sin teoranta d’earnáil na feola agus go bhfuil siad forchurtha go díreach ar an earnáil sin:
☐tá ☐níl
|
|
☐
|
…..% de na costais a bhaineann leis an stoic a fuair bás a bhaint agus a scriosadh i gcás ina bhfuil oibleagáid ann tástálacha einceifileapaite spúinseach in-tarchurtha (ESI) a dhéanamh ar an stoc lena mbaineann a fuair bás nó i gcás ráig galair ainmhithe dá dtagraítear i liosta de na galair ainmhithe dá dtagraítear i bpointe (366) de na Treoirlínte.
|
|
|
5.
|
An i bhfoirm seirbhís fhóirdheonaithe atá an chabhair á soláthar?
☐is ea ☐ní hea
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (383) de na Treoirlínte, nach mór an chabhair a sholáthar i bhfoirm seirbhís fhóirdheonaithe, ach amháin i gcás ina ngníomhaíonn an póraitheoir beostoic arb é tairbhí na cabhrach é mar sholáthraí seirbhíse freisin.
|
|
6.
|
I gás ina ndéantar an chabhair a sholáthar i bhfoirm eile nach foirm seirbhísí fóirdheonaithe í, an ngníomhaíonn an póraitheoir beostoic arb é tairbhí na cabhrach é mar sholáthraí seirbhíse freisin?
☐gníomhaíonn ☐ní ghníomhaíonn
Tabhair faoi deara gurb é seo an t-aon eisceacht amháin ón gcoinníoll go ndeonófaí an chabhair i bhfoirm seirbhísí fóirdheonaithe.
|
|
7.
|
An íocfar an chabhair le hoibreoirí eacnamaíocha nó le comhlachtaí a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas?
|
(a)
|
tá siad gníomhach go hiartheachtach ó na gnóthais atá gníomhach in earnáil an bheostoic, agus
|
|
(b)
|
soláthraíonn siad seirbhísí atá nasctha leis an stoic a fuair bás a bhaint agus a scriosadh?
|
☐íocfar☐ní íocfar
|
|
8.
|
An ndeonaítear an chabhair i dtreo na gcostas a bhaineann le dramhaíl seamlais a dhiúscairt?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (385) de na Treoirlínte, nach n-údaróidh an Coimisiún cabhair le haghaidh stoc a fuair bás a dheonú d’oibreoirí atá gníomhach i bpróiseáil táirgí talmhaíochta agus i margú táirgí talmhaíochta ná cabhair i dtreo chostais diúscartha na dramhaíola ó sheamlais.
|
|
9.
|
An ndeonaítear an chabhair le haghaidh infheistíochtaí a dhéantar i ndáil le diúscairt dramhaíola ó sheamlais?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
Más é ‘deonaítear’ an freagra a thabharfar, tabhair faoi deara, de bhun phointe (385) de na Treoirlínte, go scrúdófar státchabhair d’infheistíochtaí a dhéantar i ndáil le diúscairt dramhaíola ó sheamlais faoi na rialacha ábhartha atá i bhfeidhm maidir le cabhair infheistíochta. Dá bhrí sin, líon isteach an fhoirm fógra ábhartha.
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.2.1.5.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR CHUN AN DAMÁISTE A THARLAÍONN DE BHARR AINMHITHE COSANTA A CHÚITEAMH
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon bheart státchabhrach atá ceaptha chun damáiste a tharlaíonn de bharr ainmhithe cosanta a chúiteamh mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.2.1.5. de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
An do ghnóthais atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta agus do na gnóthais sin amháin atá an chabhair teoranta?
☐is ea ☐ní hea
|
|
2.
|
An ndearna tairbhí bearta coisctheacha, bearta atá comhréireach don riosca damáiste de dheasca ainmhithe cosanta sa limistéar lena mbaineann?
☐rinne ☐ní dhearna
Sonraigh na bearta coisctheacha a rinneadh (amhail fálta sábháilteachta i gcás inar féidir, madraí cosanta beostoic):
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (388) de na Treoirlínte, chun maolú a dhéanamh ar an riosca de shaobhadh iomaíochta agus chun dreasacht a sholáthar ar mhaithe le riosca a íoslaghdú, nach mór do na tairbhithe rannchuidiú íosta a sholáthar. Ní mór an rannchuidiú sin a bheith i bhfoirm bearta coisctheacha, bearta atá comhréireach don riosca damáiste de dheasca ainmhithe cosanta sa limistéar lena mbaineann. Níor cheart feidhm a bheith ag an bpointe seo maidir leis an gcéad ionsaí ar ainmhí cosanta i limistéar ar leith. Ina theannta sin, mura féidir bearta coisctheacha a dhéanamh go réasúnta, ní mór don Bhallstát lena mbaineann a léiriú nach bhfuil sé indéanta bearta coisctheacha den sórt sin a dhéanamh ionas go measfar an chabhair a bheith comhoiriúnach.
Murar cuireadh bearta coisctheacha i bhfeidhm, mínigh an fáth nach bhfuil sé indéanta na beart sin a dhéanamh nó deimhnigh go mbaineann an chabhair le céad ionsaí:
…
|
|
3.
|
Cén ainmhí cosanta a rinne an damáiste a bhfuil an cúiteamh á lorg ina leith?
…
|
|
4.
|
Tabhair tuairisc ar an damáiste a rinneadh:
…
|
|
5.
|
An go díreach leis an ngnóthas talmhaíochta lena mbaineann atá an chabhair á híoc?
☐is ea ☐ní hea
|
|
6.
|
An le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí ar comhalta de nó di an gnóthas atá an chabhair á híoc?
☐is ea ☐ní hea
|
|
7.
|
Má íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí, deimhnigh gurb amhlaidh nach mó méid na cabhrach ná an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe lena aghaidh.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
8.
|
An laistigh de thréimhse 3 bliana ón dáta a tharla an teagmhas ba chúis leis an damáiste atá an scéim cabhrach á bunú?
☐is ea ☐ní hea
Sonraigh cathain ar tharla an teagmhas ba chúis leis an damáiste: …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (391) de na Treoirlínte, nach mór an scéim cabhrach a bhunú laistigh de thréimhse 3 bliana ón dáta a tharla an teagmhas ba chúis leis an damáiste.
|
|
9.
|
Léirigh an dáta deiridh a fhéadfar cabhair a íoc:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (391) de na Treoirlínte, nach mór an chabhair a íoc laistigh de thréimhse 4 bliana ón dáta a tharla an teagmhas ba chúis leis an damáiste.
|
|
10.
|
An do chostais arna thabhú mar thoradh díreach ar an teagmhas ba chúis leis an damáiste, de réir measúnú arna dhéanamh ag údarás poiblí, nó ag saineolaí neamhspleách a bheidh aitheanta ag an údarás deonúcháin nó ag gnóthas árachais, agus dó sin amháin atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
|
|
11.
|
Léirigh go bhfuil nasc cúisíoch díreach ann idir an damáiste a rinneadh do thairbhí cabhrach agus iompraíocht na n-ainmhithe cosanta.
…
|
|
12.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐damáiste as ainmhithe a maraíodh nó plandaí a scriosadh;
|
|
(b)
|
☐costais indíreacha: costais tréidliachta a eascraíonn as cóireáil a chur ar ainmhithe gortaithe agus costais saothair a bhaineann le hainmhithe atá ar iarraidh a chuardach; caillteanas ioncaim i ngeall ar thorthaí táirgeachta níos ísle atá nasctha le hionsaithe a rinne na hainmhithe cosanta;
|
|
(c)
|
☐damáiste ábhartha do threalamh feirme, innealra, agus foirgnimh agus stoic feirme;
|
|
(d)
|
☐caillteanas ioncaim.
|
Tabhair faoi deara gur féidir cabhair le haghaidh infheistíochtaí a bhaineann le bearta chun damáiste de dheasca ainmhithe cosanta a chosc a dheonú i gcomhréir le coinníollacha Chuid II., Roinn 1.1.1.1 de na Treoirlínte maidir le cabhair le haghaidh infheistíochtaí i ngabháltais talmhaíochta.
|
|
13.
|
Más chun cúiteamh a dhéanamh ar an damáiste as ainmhithe a maraíodh nó plandaí a scriosadh, dá dtagraítear i gceist 12(a) de Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo, a dheonaítear an chabhair, an ar bhonn mhargadhluach na n-ainmhithe a maraíodh nó na bplandaí a scriosadh a ríomhtar na costais incháilithe?
☐is ea ☐ní hea
|
|
14.
|
Más chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais indíreacha, dá dtagraítear i gceist 12(b) den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo, a dheonaítear an chabhair, sonraigh na costais indíreacha ar fad is féidir a aisíoc:
…
|
|
15.
|
Más chun cúiteamh a dhéanamh ar an damáiste ábhartha, dá dtagraítear i gceist 12(c) de Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo, a dheonaítear an chabhair, an ar chostas deisiúcháin na sócmhainne dá ndéantar difear nó ar luach eacnamaíoch na sócmhainne sin roimh an teagmhas ba chúis leis an damáiste a ríomhtar an damáiste ábhartha?
☐is ea ☐ní hea
|
|
16.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mó an chabhair ná an costas deisiúcháin nó an laghdú ar an margadhluach cothrom mar thoradh ar an teagmhas ba chúis leis an damáiste, is é sin an difríocht idir luach na sócmhainne go díreach sular tharla an teagmhas agus go díreach ina dhiaidh:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
17.
|
An ríomhtar an caillteanas ioncaim ar leibhéal an táirgthe bhliantúil ar an bhfeirm nó ar leibhéal an bheostoic nó ar leibhéal na mbarr ar an gcaoi seo a leanas:
|
(a)
|
an toradh a fhaightear nuair a iolraítear cainníocht na dtáirgí talmhaíochta a táirgeadh i mbliain an teagmhais ina ndearnadh an damáiste, faoin meánphraghas díola le linn na bliana sin, a dhealú ó
|
|
(b)
|
an toradh a fhaightear nuair a iolraítear meánchainníocht bhliantúil na dtáirgí talmhaíochta a táirgeadh sa tréimhse 3 bliana sular tharla an teagmhas lena ndearnadh an damáiste, nó an meán thar 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana sular tharla an teagmhas lena ndearnadh an damáiste, gan an iontráil is airde agus an iontráil is ísle a áireamh, faoin meánphraghas díola a baineadh amach?
|
☐ríomhtar ☐ní ríomhtar
|
|
18.
|
An ríomhtar an damáiste ar leibhéal an tairbhí aonair?
☐ríomhtar ☐ní ríomhtar
|
|
19.
|
An ndéantar na costais nár tabhaíodh de dheasca an teagmhais ba chúis leis an damáiste, a thabhódh an tairbhí murach sin, agus aon ioncam a rinneadh de bharr dhíol na dtáirgí atá nasctha leis na hainmhithe a maraíodh nó na plandaí a scriosadh de dheasca na n-ainmhithe cosanta, a asbhaint as méid na cabhrach?
☐déantar ☐ní dhéantar
|
|
20.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl:
|
—
|
….. % de na costais incháilithe;
|
|
—
|
….. % de na costais incháilithe indíreacha iomlána.
|
|
|
21.
|
An bhfuil an chabhair, íocaíochtaí faoi bhearta náisiúnta eile nó faoi bhearta eile an Aontais nó faoi pholasaithe árachais le haghaidh an damáiste dá ndeonaítear an chabhair san áireamh, teoranta do 100 % de na costais incháilithe?
☐tá ☐níl
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.2.1.6.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR CHUN PRÉIMHEANNA ÁRACHAIS A ÍOC
Ní mór an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon scéim státchabhrach arna cheapadh chun cúiteamh a dhéanamh as préimheanna árachais a íoc mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.2.1.6 de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
An bhfuil an chabhair teoranta do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (403) de na Treoirlínte, go bhfuil feidhm ag Roinn 1.2.1.6 de na Treoirlínte maidir le gnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta.
|
|
2.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach bhféadfaidh an beart a bheith ina bhacainn ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí árachais:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (404) de na Treoirlínte, nach bhféadfaidh an chabhair a bheith ina bacainn ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí árachais.
|
|
3.
|
An bhfuil an chabhair teoranta d’árachas a sholáthraíonn cuideachta árachais amháin nó grúpa cuideachtaí?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (404) de na Treoirlínte, nach mór nach mbeidh an chabhair teoranta d’árachas a sholáthraíonn cuideachta árachais amháin nó grúpa cuideachtaí.
|
|
4.
|
An bhfuil an chabhair faoi réir an choinníll go nglactar an conradh árachais le cuideachta a bunaíodh sa Bhallstát?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (404) de na Treoirlínte, nach mór nach mbeidh an chabhair coinníollach ar an gconradh árachais a thógáil le cuideachta atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann.
|
|
5.
|
An gcumhdaítear athárachas leis an gcabhair?
☐cumhdaítear ☐ní chumhdaítear
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (405) de na Treoirlínte, go scrúdóidh an Coimisiún na scéimeanna athárachais ar bhonn cás ar chás.
Dá bhrí sin, má chumhdaítear, tabhair an fhaisnéis uile is gá chun é a chur ar a chumas don Choimisiún seiceáil a dhéanamh ar chomhpháirteanna cabhrach féideartha ar na leibhéil éagsúla lena mbaineann (is é sin le rá, ar leibhéal an árachóra agus/nó an athárachóra) agus ar chomhoiriúnacht na cabhrach atá beartaithe leis an margadh inmheánach. Go háirithe, cuir faisnéis leordhóthanach ar fáil le go mbeidh an Coimisiún in ann a sheiceáil go gcuirtear tairbhe deiridh na cabhrach ar aghaidh chuig an bhfeirmeoir.
|
|
6.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐costais na préimhe árachais le haghaidh árachais lena gcumhdófar an damáiste de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, galair ainmhithe, lotnaidí plandaí agus speiceas coimhthíoch ionrach, baint agus scrios stoic a fuair bás agus damáiste de dheasa ainmhithe cosanta, dá dtagraítear i Ranna 1.2.1.1, 1.2.1.2, 1.2.1.3, 1.2.1.4 agus 1.2.1.5 de na Treoirlínte, mar aon le teagmhais eile dhíobhálacha aeráide;
Sonraigh an teagmhas riosca a chumhdaítear leis an árachas: …
|
|
(b)
|
☐costais na préimhe árachais le haghaidh árachais chun na caillteanais de dheasca teagmhas comhshaoil a chumhdach;
|
|
|
7.
|
An bhfuil an t-árachas a ndeonaítear an chabhair ina leith teoranta do chúiteamh a dhéanamh as méid nach mó ná an costas a bhaineann leis an damáiste a shlánú arbh iad na teagmhais dá dtagraítear i gceist 6 ba chúis leis?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (407) de na Treoirlínte, nach bhféadfaidh an t-árachas ach an costas a bhaineann le slánú an damáiste dá dtagraítear i bpointe (406) de na Treoirlínte a chúiteamh.
|
|
8.
|
An gceanglaítear nó an sonraítear leis an árachas cineál ná cainníocht an táirgthe amach anseo?
☐ceanglaítear/sonraítear ☐ní cheanglaítear/ní shonraítear
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (407) de na Treoirlínte, go bhféadfadh sé nach gceanglófar ná nach sonrófar leis an árachas cineál nó cainníocht an táirgthe amach anseo.
|
|
9.
|
Má dheonaítear an chabhair le haghaidh préimheanna árachais le haghaidh árachais in aghaidh caillteanas de dheasca teagmhas comhshaoil, an bhfuil sé aitheanta go foirmiúil ag údarás inniúil an Bhallstáit gur tharla teagmhais comhshaoil?
☐tá ☐níl
|
|
10.
|
I gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh préimheanna árachais le haghaidh árachais in aghaidh caillteanas de dheasca teagmhas comhshaoil, an bhfuil critéir bunaithe roimh ré ag an mBallstát ar ar a bhonn a mheastar an t-aitheantas foirmiúil dá dtagraítear i gceist 9 den Bhileog Faisnéise Forlíontach seo a bheith deonaithe?
☐tá ☐níl
|
|
11.
|
Ar baineadh úsáid as na hinnéacsanna dá dtagraítear i bpointí (337) agus (338) de na Treoirlínte, chun táirgeadh talmhaíochta bliantúil an tairbhí agus méid an chaillteanais a ríomh?
☐baineadh ☐níor baineadh
|
|
12.
|
Sonraigh an déine cabhrach:
|
—
|
….. % de chostais na préimhe árachais;
|
|
—
|
….. % de chostais na préimhe árachais le haghaidh árachais chun baint an stoic a fuair bás a chumhdach;
|
|
—
|
….. % de chostas na préimhe árachais a mhéid a bhaineann le préimheanna árachais chun an stoc sin a fuair bás a scriosadh.
|
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (411) de na Treoirlínte, go gcaithfidh déine na cabhrach gan dul thar 70 % de chostas na préimhe árachais. Maidir le cabhair chun an stoc a fuair bás a bhaint agus a scriosadh, ní mór nach rachaidh an déine cabhrach thar 100 % de chostas na préimhe árachais a mhéid a bhaineann le préimheanna árachais chun stoc a fuair bás a bhaint agus 75 % de chostas na préimhe árachais maidir le préimheanna árachais chun stoc den sórt sin a fuair bás a scriosadh.
|
|
13.
|
An mbeidh méid na préimhe árachais atá incháilithe le haghaidh cabhrach teoranta le cur i bhfeidhm uasteorann?
☐beidh ☐ní bheidh
Más ‘beidh’ an freagra, sonraigh an uasteorainn:
…
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.2.1.7.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH RANNÍOCAÍOCHTAÍ AIRGEADAIS CHUIG CISTÍ FRITHPHÁIRTEACHA
Ní mór an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon scéim státchabhrach arna ceapadh chun cúiteamh a dhéanamh as na ranníocaíochtaí airgeadais chuig cistí frithpháirteacha mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.2.1.7 de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
An bhfuil an chabhair teoranta do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (414) de na Treoirlínte, go bhfuil feidhm ag Roinn 1.2.1.7 de na Treoirlínte maidir le gnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta.
|
|
2.
|
Ar chreidiúnaigh an t-údarás inniúil an ciste frithpháirteach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta?
☐chreidiúnaigh ☐níor chreidiúnaigh
|
|
3.
|
An bhfuil beartas trédhearcach ag an gciste frithpháirteach i leith íocaíochtaí isteach sa chiste agus aistarraingtí amach as?
☐tá ☐níl
|
|
4.
|
An bhfuil rialacha soiléire ag an gciste frithpháirteach lena leagtar síos freagrachtaí as aon fhiacha a thabhaítear?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (415) de na Treoirlínte, gur coinníollacha carnacha iad na coinníollacha a leagtar amach i gceisteanna 2, 3 agus 4.
|
|
5.
|
Ar sainíodh rialacha maidir le comhdhéanamh agus bainistiú an chiste fhrithpháirtigh, go háirithe maidir le híocaíochtaí cúitimh a dheonú agus maidir le riarachán agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha sin?
☐sainíodh ☐níor sainíodh
|
|
6.
|
An ndéantar foráil sna socruithe cistí frithpháirteacha maidir le pionóis i gcás mórfhaillí ar pháirt an tairbhí?
☐déantar ☐ní dhéantar
|
|
7.
|
Léirigh na costais incháilithe:
|
(a)
|
☐costais na cabhrach le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais chuig cistí frithpháirteacha chun cúiteamh a íoc le feirmeoirí as an damáiste de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, galair ainmhithe, lotnaidí plandaí agus speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas nó is ábhar imní do Bhallstát, baint agus scrios stoic a fuair bás agus damáiste de dheasa ainmhithe cosanta, dá dtagraítear i Ranna 1.2.1.1, 1.2.1.2, 1.2.1.3, 1.2.1.4 agus 1.2.1.5, agus de dheasca teagmhais eile dhíobhálacha aeráide;
Sonraigh an teagmhas riosca a chumhdaítear leis an ranníocaíocht airgeadais chuig ciste frithpháirteach:
…
|
|
(b)
|
☐costais na ranníocaíochtaí airgeadais chuig cistí frithpháirteacha chun cúiteamh a íoc le feirmeoirí as damáiste de dheasca teagmhais chomhshaoil.
|
|
|
8.
|
An mbaineann na ranníocaíochtaí airgeadais leis na méideanna arna n-íoc ag an gciste frithpháirteach mar chúiteamh airgeadais le gnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta agus leis na méideanna sin amháin?
☐baineann ☐ní bhaineann
|
|
9.
|
I gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais chuig cistí frithpháirteacha chun cúiteamh a íoc as damáiste a dhéantar de dheasca teagmhais chomhshaoil, an ndearna údarás inniúil an Bhallstáit tarlú an teagmhais comhshaoil a aithint go foirmiúil mar tharlú den sórt sin?
☐rinne ☐ní dhearna
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (418) de na Treoirlínte, nach mór d’údarás inniúil an Bhallstáit tarlú an teagmhais comhshaoil a aithint go foirmiúil mar tharlú den sórt sin.
|
|
10.
|
I gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais chuig cistí frithpháirteacha chun cúiteamh a íoc as an damáiste de dheasca teagmhais chomhshaoil, ar bhunaigh an Ballstát critéir roimh ré ar ar a bhonn a mheastar an t-aitheantas foirmiúil dá dtagraítear a bheith deonaithe?
☐bhunaigh ☐níor bhunaigh
|
|
11.
|
Ar baineadh úsáid as na hinnéacsanna dá dtagraítear i bpointí (337) agus (338) de na Treoirlínte chun táirgeadh talmhaíochta bliantúil an tairbhí agus méid an chaillteanais a ríomh?
☐baineadh ☐níor baineadh
|
|
12.
|
Sonraigh an déine cabhrach:
….. % de na costais incháilithe.
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (421) de na Treoirlínte, nach rachaidh an chabhair thar 70 % de na costais incháilithe.
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.3.1.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR CHUN ACMHAINNEACHT TÁIRGEACHTA A DHÚNADH
Ní mór an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi státchabhair chun acmhainneacht táirgeachta a dhúnadh mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.3.1 de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
DEIREADH A CHUR LE hACMHAINNEACHT AR CHÚISEANNA SLÁINTE AINMHITHE, PLANDAÍ NÓ SLÁINTE AN DUINE, SLÁINTEACHAIS, EITICIÚLA, COMHSHAOIL NÓ AR CHÚISEANNA AERÁIDE (Cuid II., Roinn 1.3.1.1. de na Treoirlínte)
|
|
1.1.
|
Sonraigh an chúis atá le dúnadh na hacmhainneachta?
|
(d)
|
☐cúiseanna sláintíochta;
|
|
(e)
|
☐cúiseanna eiticiúla;
|
|
(f)
|
☐cúiseanna comhshaoil nó aeráide.
|
Tabhair tuairisc níos mionsonraithe ar an gcúis/na cúiseanna:
…
|
|
1.2.
|
An bhfuil an beart beartaithe mar scéim cabhrach nó mar chabhair aonair?
Más é atá sa bheart scéim cabhrach, deimhnigh go mbeidh an chabhair inrochtana ag gach gnóthas incháilithe:
☐beidh ☐ní bheidh
|
|
1.3.
|
Sonraigh an ndeonaítear an chabhair do na nithe a leanas:
|
(a)
|
☐dúnadh iomlán na hacmhainneachta;
|
|
(b)
|
☐dúnadh páirteach na hacmhainneachta.
|
Má dheonaítear an chabhair chun an acmhainneacht a dhúnadh go páirteach, mínigh an t-údar cuí atá leis sin:
…
|
|
1.4.
|
An soláthraíonn an tairbhí ranníocaíocht íosta i bhfoirm gealltanais chinntithigh agus neamh-inchúlghairthe chun an acmhainneacht táirgeachta lena mbaineann a chur ó úsáid nó a dhúnadh go neamh-inchúlghairthe?
☐soláthraíonn ☐ní sholáthraíonn
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (425) de na Treoirlínte, nach mór don tairbhí ranníocaíocht íosta a sholáthar i bhfoirm cinnidh chinntithigh agus neamh-inchúlghairthe chun an acmhainneacht táirgeachta lena mbaineann a chur ó úsáid nó a dhúnadh go neamh-inchúlghairthe. Ní mór gealltanais atá ceangailteach ó thaobh dlí de a fháil ón tairbhí go bhfuil dúnadh na hacmhainneachta táirgeachta cinntitheach agus neamh-inchúlghairthe agus nach gcuirfidh an tairbhí tús leis an ngníomhaíocht chéanna áit éigin eile. Ní mór na gealltanais sin a bheith ceangailteach freisin ar aon duine a cheannóidh an talamh nó an tsaoráid lena mbaineann sa todhchaí.
|
|
1.5.
|
An bhfuil an chabhair teoranta do ghnóthais a bhí ag táirgeadh go hiarbhír, agus d’acmhainneachtaí táirgeachta a bhí á n-úsáid go hiarbhír go leanúnach le 5 bliana anuas sular dúnadh an acmhainneacht?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (426) de na Treoirlínte, nach mbeidh ach amháin gnóthais a bhí ag táirgeadh go hiarbhír, agus acmhainneachtaí táirgeachta amháin a bhí á n-úsáid go hiarbhír go leanúnach le 5 bliana anuas sular dúnadh an acmhainneacht incháilithe don chabhair. I gcásanna inar dúnadh go cinntitheach an acmhainneacht táirgeachta cheana féin, nó i gcás ina bhfuil a fhios go ndúnfar í, nach bhfuil aon iarracht ranníocaíochta íosta (leordhóthanach) le feiceáil ón tairbhí, ní fhéadfar i gcásanna mar sin cabhair a dheonú.
|
|
1.6.
|
An bhfuil an chabhair teoranta do ghnóthais a chomhlíonann caighdeáin an Aontais?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (428) de na Treoirlínte, nach bhfuil ach gnóthais a chomhlíonann caighdeáin an Aontais incháilithe do chabhair. Gnóthais nach gcomhlíonann caighdeáin an Aontais agus a mbeadh oibleagáid orthu stop a chur leis an táirgeacht ar aon nós, tá na gnóthais sin eisiata.
|
|
1.7.
|
An ndéanfar an talamh feirme oscailte atá tugtha amach as táirgeadh a fhoraoisiú nó a iompú ina limistéar dúlra laistigh de thréimhse 2 bhliain?
☐déanfar ☐ní dhéanfar
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (429) de na Treoirlínte, chun creimeadh agus éifeachtaí diúltacha eile ar an gcomhshaol a sheachaint, nach mór talamh feirme oscailte atá tugtha amach as an táirgeacht i bprionsabal a fhoraoisiú nó limistéar dúlra a dhéanamh de laistigh de thréimhse 2 bhliain agus ar bhealach a áiritheoidh go seachnaítear éifeachtaí diúltacha ar an gcomhshaol. Chun éifeachtaí diúltacha aeráide a chosc, ní cheart athfhoraoisiú a dhéanamh go míchuí ar thalamh talmhaíochta a rinneadh a iompú ar ais go bogaigh nó talamh portaigh.
|
|
1.8.
|
I gcás ina bhféadfar an talamh feirme oscailte a athúsáid tar éis 20 bliain tar éis acmhainneacht a dhúnadh sa deireadh, an ndéanfar talamh feirme den sórt sin a choinneáil, go dtí sin, i ndea-bhail talmhaíochta agus comhshaoil i gcomhréir le caighdeáin GAEC a bhunaítear faoi Theideal III, Caibidil I, Roinn 2, de Rialachán (AE) 2021/2115 (527) agus leis na rialacha cur chun feidhme ábhartha ar bhealach a áiritheoidh go seachnaítear éifeachtaí diúltacha ar an gcomhshaol?
☐déanfar ☐ní dhéanfar
|
|
1.9.
|
Deimhnigh, i gcás ina dtagann dúnadh suiteálacha faoi raon feidhme Threoir 2010/75 (528), go ndéanfar an dúnadh sin i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 22 den Treoir sin.
☐déanfar ☐ní dhéanfar
|
|
1.10.
|
Léirigh na costais incháilithe:
|
(a)
|
☐caillteanas luach na sócmhainní, arna dtomhas mar luach díola reatha na sócmhainní;
|
|
(b)
|
☐íocaíocht dreasachta 20 % ar a mhéad de luach na sócmhainní, i gcás ina ndúntar an acmhainneacht ar chúiseanna comhshaoil nó aeráide;
|
|
(c)
|
☐costais a bhaineann le scriosadh na hacmhainneachta táirgeachta;
|
|
(d)
|
☐costais shóisialta éigeantacha a eascraíonn as cur chun feidhme an chinnidh maidir le dúnadh.
|
Tabhair faoi deara, nach mór cabhair chun talamh a fhoraoisiú agus a iompú ina limistéir dúlra a dheonú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i gCuid II., Ranna 2.1.1 agus 2.1.2 de na Treoirlínte agus leis na rialacha maidir le cabhair le haghaidh infheistíocht neamh-tháirgiúil a leagtar amach i gCuid II., Roinn 1.1.1.1 de na Treoirlínte.
|
|
1.11.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl:
|
(a)
|
….. % as cúiteamh i dtaca le caillteanas luach na sócmhainní, as cúiteamh as costais scriosadh na hacmhainneachta táirgeachta agus chun na costais shóisialta éigeantacha a eascraíonn as cur chun feidhme an chinnidh maidir le dúnadh a fhritháireamh;
|
|
(b)
|
….. % as cúiteamh i dtaca le caillteanas luach na sócmhainní i gcás ina gcuirtear deireadh leis an acmhainneacht ar chúiseanna comhshaoil nó aeráide.
|
|
|
2.
|
DEIREADH A CHUR LE HACMHAINNEACHT AR CHÚISEANNA EILE (CUID II., ROINN 1.3.1.2. DE NA TREOIRLÍNTE)
|
|
2.1.
|
Sonraigh an chúis atá le dúnadh na hacmhainneachta:
|
(a)
|
☐athstruchtúrú earnála;
|
|
|
2.2.
|
An bhfuil an beart beartaithe mar scéim cabhrach nó mar chabhair aonair?
Más é atá sa bheart scéim cabhrach, deimhnigh go mbeidh an chabhair inrochtana do gach oibreoir eacnamaíoch san earnáil lena mbaineann faoi na coinníollacha céanna:
☐beidh ☐ní bheidh
|
|
2.3.
|
Sonraigh an ndeonaítear an chabhair do na nithe a leanas:
|
(a)
|
☐dúnadh iomlán na hacmhainneachta;
|
|
(b)
|
☐dúnadh páirteach na hacmhainneachta.
|
Má dheonaítear an chabhair chun an acmhainneacht a dhúnadh go páirteach, mínigh an t-údar cuí atá leis sin:
…
|
|
2.4.
|
An soláthraíonn an tairbhí ranníocaíocht íosta i bhfoirm gealltanais chinntithigh agus neamh-inchúlghairthe chun an acmhainneacht táirgeachta lena mbaineann a chur ó úsáid nó a dhúnadh go neamh-inchúlghairthe?
☐soláthraíonn ☐ní sholáthraíonn
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (425) de na Treoirlínte, nach mór don tairbhí ranníocaíocht íosta a sholáthar i bhfoirm cinnidh chinntithigh agus neamh-inchúlghairthe chun an acmhainneacht táirgeachta lena mbaineann a chur ó úsáid nó a dhúnadh go neamh-inchúlghairthe. Ní mór gealltanais atá ceangailteach ó thaobh dlí de a fháil ón tairbhí go bhfuil dúnadh na hacmhainneachta táirgeachta cinntitheach agus neamh-inchúlghairthe agus nach gcuirfidh an tairbhí tús leis an ngníomhaíocht chéanna áit éigin eile. Ní mór na gealltanais sin a bheith ceangailteach freisin ar aon duine a cheannóidh an talamh nó an tsaoráid lena mbaineann sa todhchaí.
|
|
2.5.
|
An bhfuil an chabhair teoranta do ghnóthais a bhí ag táirgeadh go hiarbhír, agus d’acmhainneachtaí táirgeachta a bhí á n-úsáid go hiarbhír go leanúnach le 5 bliana anuas sular dúnadh an acmhainneacht incháilithe?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (426) de na Treoirlínte, nach mbeidh ach amháin gnóthais a bhí ag táirgeadh go hiarbhír, agus acmhainneachtaí táirgeachta amháin a bhí á n-úsáid go hiarbhír go leanúnach le 5 bliana anuas sular dúnadh an acmhainneacht incháilithe don chabhair. I gcásanna inar dúnadh go cinntitheach an acmhainneacht táirgeachta cheana féin, nó i gcás ina bhfuil a fhios go ndúnfar í, nach bhfuil aon iarracht ranníocaíochta íosta (leordhóthanach) le feiceáil ón tairbhí, ní fhéadfar i gcásanna mar sin cabhair a dheonú.
|
|
2.6.
|
An bhfuil an chabhair teoranta do ghnóthais a chomhlíonann caighdeáin an Aontais?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (428) de na Treoirlínte, nach bhfuil ach gnóthais a chomhlíonann caighdeáin an Aontais incháilithe do chabhair. Gnóthais nach gcomhlíonann caighdeáin an Aontais agus a mbeadh oibleagáid orthu stop a chur leis an táirgeacht ar aon nós, tá na gnóthais sin eisiata.
|
|
2.7.
|
An ndéanfar an talamh feirme oscailte atá tugtha amach as táirgeadh a fhoraoisiú nó a iompú ina limistéar dúlra laistigh de thréimhse 2 bhliain?
☐déanfar ☐ní dhéanfar
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (429) de na Treoirlínte, chun creimeadh agus éifeachtaí diúltacha eile ar an gcomhshaol a sheachaint, nach mór talamh feirme oscailte atá tugtha amach as an táirgeacht i bprionsabal a fhoraoisiú nó limistéar dúlra a dhéanamh de laistigh de thréimhse 2 bhliain agus ar bhealach a áiritheoidh go seachnaítear éifeachtaí diúltacha ar an gcomhshaol. Chun éifeachtaí diúltacha aeráide a chosc, ní cheart athfhoraoisiú a dhéanamh go míchuí ar thalamh talmhaíochta a rinneadh a iompú ar ais go bogaigh nó talamh portaigh.
|
|
2.8.
|
I gcás ina bhféadfar an talamh feirme oscailte a athúsáid tar éis 20 bliain tar éis acmhainneacht a dhúnadh sa deireadh, an ndéanfar talamh feirme den sórt sin a choinneáil, go dtí sin, i ndea-bhail talmhaíochta agus comhshaoil i gcomhréir le caighdeáin GAEC a bhunaítear faoi Theideal III, Caibidil I, Roinn 2, de Rialachán (AE) 2021/2115 agus leis na rialacha cur chun feidhme ábhartha ar bhealach a áiritheoidh go seachnaítear éifeachtaí diúltacha ar an gcomhshaol?
☐déanfar ☐ní dhéanfar
|
|
2.9.
|
Deimhnigh, i gcás ina dtagann dúnadh suiteálacha faoi raon feidhme Threoir 2010/75, go ndéanfar an dúnadh sin i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 22 den Treoir sin:
☐déanfar ☐ní dhéanfar
|
|
2.10.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach ndeonaítear aon chabhair a d’fhéadfadh cur isteach ar shásraí chomheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
2.11.
|
An ndeonaítear an chabhair d’earnáil atá faoi réir teorainneacha nó cuótaí táirgeachta?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
Má dheonaítear, tabhair do d’aire, de bhun phointe (440) de na Treoirlínte, go ndéanfar na scéimeanna cabhrach a bhfuil feidhm acu maidir le hearnálacha atá faoi réir teorainneacha táirgeachta nó cuótaí a mheas ar bhonn cás ar chás.
|
|
2.12.
|
An bhfuil an chabhair mar chuid de chlár ag a bhfuil cuspóirí sainithe agus tráthchlár sonrach lena ndírítear ar athstruchtúrú na hearnála/na n-earnálacha, ar éagsúlú nó ar luathscor:
☐tá ☐níl
Déan cur síos ar an gclár:
…
|
|
2.13.
|
An bhfuil fad na scéime cabhrach atá beartaithe teoranta do thréimhse nach faide ná 6 mhí chun iarratais ar rannpháirtíocht a bhailiú agus 12 mhí eile chun an dúnadh iarbhír a chur i gcrích?
☐tá ☐níl
Má tá an tréimhse níos faide ná mar a leagtar síos thuas, mínigh an t-údar cuí atá leis sin:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (442) de na Treoirlínte, chun tionchar tobann ar an margadh a áirithiú, nach nglacfaidh an Coimisiún le scéimeanna cabhrach a mhaireann níos mó ná 3 bliana, ós rud é gur léir ón taithí a fuarthas go bhféadfadh sé go gcuirfí na hathruithe riachtanacha siar mar thoradh ar scéimeanna cabhrach den sórt sin.
|
|
2.14.
|
An mbaineann an Ballstát úsáid as córas trédhearcach agus oscailte léirithe spéise lena dtugtar cuireadh go poiblí do gach gnóthas féideartha leasmhar a bheith rannpháirteach?
☐baineann ☐ní bhaineann
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (443) de na Treoirlínte, chun an tionchar is mó a bhaint amach, nach mór don Bhallstát córas trédhearcach agus oscailte léirithe spéise a úsáid lena dtugtar cuireadh go poiblí do gach gnóthas féideartha leasmhar a bheith rannpháirteach.
|
|
2.15.
|
An ndéantar eagrú na scéime cabhrach a bhainistiú ar bhealach nach gceanglaítear agus nach n-éascaítear comhaontuithe frith-iomaíocha leis nó cleachtais chomhbheartaithe idir na gnóthais lena mbaineann?
☐déantar ☐ní dhéantar
|
|
2.16.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl:
….. % as cúiteamh i dtaca le caillteanas luach na sócmhainní, as cúiteamh as costais scriosadh na hacmhainneachta táirgeachta agus chun na costais shóisialta éigeantacha a eascraíonn as cur chun feidhme an chinnidh maidir le dúnadh a fhritháireamh;
Tabhair faoi deara, de bhun phointí (436)(a) agus (444) de na Treoirlínte, go bhféadfar cabhair suas le 100 % a dheonú as cúiteamh i dtaca le caillteanas luach na sócmhainní, as cúiteamh as costais scriosadh na hacmhainneachta táirgeachta agus chun na costais shóisialta éigeantacha a eascróidh as cur chun feidhme an chinnidh maidir le dúnadh a fhritháireamh
|
FAISNÉIS EILE
Cuir in iúl anseo aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoi na Ranna seo de na Treoirlínte.
…
|
1.3.2.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR CHUN GNÍOMHAÍOCHTAÍ FEIRMEOIREACHTA A ATHLONNÚ
Baineann an bhileog faisnéise seo le státchabhair chun gníomhaíochtaí feirmeoireachta a athlonnú mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.3.2 de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
An do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta a dheonaítear an chabhair?
☐is ea ☐ní hea
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (446) de na Treoirlínte, go bhfuil feidhm ag Roinn 1.3.2. de na Treoirlínte maidir le gnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta.
|
|
2.
|
An saothraítear cuspóir leasa phoiblí le hathlonnú na ngníomhaíochtaí feirmeoireachta?
☐saothraítear ☐ní shaothraítear
Sonraigh leas an phobail atá á shaothrú ag an mbeart cabhrach:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (447) de na Treoirlínte, nach mór an leas poiblí atá ann chun údar a thabhairt le deonú cabhrach faoin Roinn seo a shonrú i bhforálacha ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann.
|
|
3.
|
An dtugann an tairbhí gealltanas an láithreán tréigthe a thabhairt ar ais chuig staid atá sásúil ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear díchóimeáil agus scriosadh na saoráidí atá ar an láithreán tréigthe?
☐tugann ☐ní thugann
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (447) de na Treoirlínte, nach mór don tairbhí, mar ranníocaíocht íosta, gealltanas a thabhairt an láithreán tréigthe a thabhairt ar ais chuig staid atá sásúil ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear díchóimeáil agus scriosadh na saoráidí atá ar an láithreán tréigthe.
|
|
4.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐na costais a bhaineann le hoibríochtaí díchóimeála, bainte agus atógála nó le táthcheangal saoráidí eile atá ann cheana;
|
|
(b)
|
☐na costais a bhaineann leis an láithreán tréigthe a thabhairt ar ais chuig staid atá sásúil ó thaobh an chomhshaoil de;
|
|
(c)
|
☐infheistíochtaí i nuachóiriú na saoráidí agus i méadú ar an acmhainneacht táirgeachta;
|
|
(d)
|
☐gníomhaíochtaí atá gar do lonnaíochtaí tuaithe, d’fhonn an cháilíocht saoil a fheabhsú nó feidhmíocht chomhshaoil na lonnaíochta tuaithe a mhéadú agus maidir le bonneagair ar mhionscála.
|
|
|
5.
|
Cuir uasteorainn na cabhrach in iúl:
|
—
|
….. % de na fíorchostais a bhaineann le hoibríochtaí díchóimeála, bainte agus atógála nó le táthcheangal saoráidí eile atá ann cheana agus de na costais a bhaineann leis an láithreán tréigthe a thabhairt ar ais chuig an staid atá sásúil ó thaobh an chomhshaoil de;
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (449) (a) de na Treoirlínte, i gcás inarb é atá i gceist le hathlonnú na ngníomhaíochtaí feirmeoireachta oibríochtaí díchóimeála, aistrithe agus atógála nó táthcheangal saoráidí eile atá ann cheana, agus an láithreán tréigthe a chur ar ais chuig staid atá sásúil ó thaobh an chomhshaoil de, go bhféadfaidh déine na cabhrach a bheith chomh hard le 100 % de na fíorchostais a thabhaítear.
|
|
—
|
….. % de na costais infheistíochta a bhaineann le nuachóiriú na saoráidí nó leis an méadú ar an acmhainneacht táirgeachta;
Tabhair faoi deara, de bhun (449) (b) de na Treoirlínte, más rud é go dtagann nuachóiriú na saoráidí sin nó méadú ar an acmhainneacht táirgeachta mar gheall ar an athlonnú, go mbeidh feidhm ag na déiní cabhrach maidir le hinfheistíochtaí dá dtagraítear i bpointí (159), (160), (161) agus (162) de na Treoirlínte maidir leis na costais a bhaineann le nuachóiriú na saoráidí nó leis an méadú ar an acmhainneacht táirgeachta.
|
|
—
|
….. % de na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí athlonnaithe atá gar do lonnaíochtaí tuaithe, d’fhonn an cháilíocht saoil a fheabhsú nó feidhmíocht chomhshaoil na lonnaíochta a mhéadú, agus maidir le bonneagair ar mhionscála:
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (449) (c) de na Treoirlínte, i gcás ina mbaineann an t-athlonnú le gníomhaíochtaí atá gar do lonnaíochtaí tuaithe, d’fhonn an cháilíocht saoil a fheabhsú nó feidhmíocht chomhshaoil na lonnaíochta tuaithe a mhéadú agus lena mbaineann bonneagair ar mhionscála, go bhféadfaidh an uasdéine cabhrach suas le 100 % de na costais incháilithe a shroicheadh.
|
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.3.3.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH EARNÁIL AN BHEOSTOIC
Ní mór an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon bheart státchabhrach arna cheapadh chun tacú le hearnáil an bheostoic mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.3.3. de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
An do ghnóthais ar FBManna iad atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta agus dóibh siúd amháin atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Tabhair faoi deara, de bhun phointí (22) agus (451) de na Treoirlínte, nach n-údaróidh an Coimisiún státchabhair maidir leis na costais a chumhdaítear le Cuid II, Roinn 1.3.3. de na Treoirlínte i bhfabhar fiontair mhóra.
|
|
2.
|
An i bhfoirm seirbhís fhóirdheonaithe atá an chabhair á tabhairt?
☐is ea ☐ní hea
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (452) de na Treoirlínte, gur cheart an chabhair a sholáthar i bhfoirm seirbhísí fóirdheonaithe agus níor cheart íocaíochtaí díreacha leis na tairbhithe a bheith i gceist léi.
|
|
3.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐na costais riaracháin a bhaineann le bunú agus cothabháil tréadleabhar:
|
☐
|
costais chun sonraí maidir le hainmhithe a bhailiú agus a riar, mar shampla, tionscnamh ainmhí, a dháta breithe, an dáta a inseamhnaíodh é, an dáta a fuair sé bás agus na cúiseanna a bhí leis agus meastóireacht an tsaineolaí, cur i ngníomh agus próiseáil na sonraí is gá chun pórleabhair a bhunú agus a chothabháil;
|
|
☐
|
na costais maidir le hoibreacha riaracháin a bhaineann le clárú sonraí ábhartha maidir le hainmhithe sna pórleabhair;
|
|
☐
|
costais maidir le bogearraí a dhéanann bainistiú ar shonraí sna pórleabhair a thabhairt cothrom le dáta;
|
|
☐
|
costais maidir le foilsiú faisnéise ar líne faoi phórleabhair agus foilsiú sonraí ó na pórleabhair;
|
|
☐
|
costais riaracháin ghaolmhara eile;
|
|
|
(b)
|
☐tástálacha a dhéanann tríú páirtithe nó a dhéantar thar a gceann, chun cáilíocht ghéiniteach nó toradh beostoic a chinneadh:
|
☐
|
costais maidir le tástálacha nó rialuithe;
|
|
☐
|
costais ghaolmhara maidir le sonraí a bhailiú agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar shonraí ó thástálacha den sórt sin agus na rialuithe maidir le sláinte an ainmhí a mhéadú agus an leibhéal cosanta comhshaoil;
|
|
☐
|
na costais ghaolmhara maidir leis na sonraí a fhaightear ó thástálacha agus rialuithe den sórt sin a bhailiú agus measúnú a dhéanamh orthu, arb é is aidhm dóibh measúnú a dhéanamh ar cháilíocht ghéiniteach ainmhithe chun ardteicnící pórúcháin a chur chun feidhme agus an éagsúlacht ghéiniteach a choimeád;
|
|
☐
|
costais riaracháin a bhaineann leis na trí chatagóir costas a leagtar amach thuas sa phointe seo.
|
|
Tabhair faoi deara, i gcomhréir le phointe (453) de na Treoirlínte, go n-eisiatar rialuithe a dhéanann úinéir an bheostoic agus gnáthrialuithe ar cháilíocht an bhainne ón gcabhair.
|
|
4.
|
Sonraigh an uasdéine cabhrach:
|
☐
|
….. % de na costais a bhaineann le maoiniú na gcostas riaracháin maidir le pórleabhair a bhunú agus a chothabháil, costais dá dtagraítear i gceist 3(a) den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo;
|
|
☐
|
….. % de na costais a bhaineann le tástálacha a dhéanann tríú páirtithe nó a dhéantar thar a gceann, chun cáilíocht ghéiniteach nó toradh beostoic a chinneadh, dá dtagraítear i gceist 3(b) den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo.
|
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.3.4.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH NA mBEART CUR CHUN CINN I bhFABHAR TÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA
Ní mór an fhoirm seo a úsáid maidir le státchabhair le haghaidh na mbeart cur chun cinn i bhfabhar táirgí talmhaíochta mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.3.4 de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
Cuir in iúl an i bhfabhar an mhéid seo a leanas atá an chabhair á deonú:
|
(a)
|
☐táirgí talmhaíochta;
|
|
(b)
|
☐táirgí bia atá bunaithe ar tháirgí talmhaíochta, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 1144/2014 (529).
|
Má dheonaítear an chabhair chun an táirge/na táirgí ó bhia a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 1144/2014 a chur chun cinn, sonraigh na táirgí sin:
…
|
|
2.
|
Sonraigh an bhfuil an ghníomhaíocht cur chun cinn deartha chun an méid seo leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
☐an pobal a chur ar an eolas maidir le tréithe táirgí talmhaíochta, mar shampla trí chomórtais a eagrú, trí pháirt a ghlacadh in aontaí trádála agus i ngníomhaíochtaí caidrimh phoiblí, trí eolas eolaíoch a ghnáthú nó trí fhoilseacháin a bhfuil faisnéis fhíorasach iontu; nó
|
|
(b)
|
☐oibreoirí eacnamaíocha nó tomhaltóirí a spreagadh chun an táirge talmhaíochta lena mbaineann a cheannach trí bhíthin feachtais cur chun cinn.
|
|
|
3.
|
Cá ndéanfar an ghníomhaíocht cur chun cinn?
|
(a)
|
☐sa mhargadh inmheánach;
|
|
|
4.
|
An le haghaidh eagrú comórtas, aontaí trádála nó taispeántas, agus iad teoranta chuig FBManna atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
|
|
5.
|
Cuir in iúl an i bhfabhar an chur chun cinn den chineál seo a leanas atá an chabhair á deonú:
|
(a)
|
☐baineann sé go sonrach le táirgí a chumhdaítear le scéimeanna cáilíochta; nó
|
|
(b)
|
☐tá sé cineálach ina thréithe agus chun leas tháirgeoirí uile an chineáil táirge lena mbaineann.
|
|
|
6.
|
An gcomhlíonann feachtas cur chun cinn Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 (530), agus, i gcás inarb iomchuí, an gcomhlíonann sé na rialacha lipéadaithe sonracha a leagtar síos le haghaidh táirgí éagsúla?
☐comhlíonann ☐ní chomhlíonann
Sonraigh na rialacha lipéadaithe is infheidhme:
…
|
|
7.
|
An bhfuil samplaí nó samhlacha de na hábhair cur chun cinn san fhógra?
☐tá ☐níl
|
|
8.
|
Mura bhfuil an t-ábhar cur chun cinn sin ar fáil go fóill, an dtugann an Ballstát gealltanas an t-ábhar sin a chur ar fáil ag céim níos déanaí agus in aon chás sula ndéantar an feachtas cur chun cinn a sheoladh?
☐tugann ☐ní thugann
|
|
9.
|
I gcás ina ndéanann grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí táirgeoirí an ghníomhaíocht cur chun cinn, an bhfuil an rannpháirtíocht coinníollach ar bhallraíocht na ngrúpaí nó na n-eagraíochtaí sin?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (464) de na Treoirlínte, maidir le soláthar na mbeart cur chun cinn, go bhféadfaidh grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí eile, gan beann ar a méid, tabhairt faoi sin. I gcás ina dtugann grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí eile faoin mbeart cur chun cinn, ní fhéadfaidh an rannpháirtíocht a bheith coinníollach ar bhallraíocht na ngrúpaí nó na n-eagraíochtaí sin.
|
|
10.
|
Más ‘tá’ an freagra ar an gceist roimhe seo, an bhfuil aon ranníocaíocht i dtéarmaí táillí riaracháin don ghrúpa nó don eagraíocht teoranta don chostas a bhaineann leis an mbeart cur chun cinn a sholáthar?
☐tá ☐níl
|
|
11.
|
An dtéann buiséad bliantúil an tionscadail chuidithe thar EUR 5 mhilliún?
☐téann ☐ní théann
Má théann, tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (463) de na Treoirlínte, maidir leis an bhfeachtas cur chun cinn a théann thar an tairseach fógartha EUR 5 mhilliún, dá dtagraítear i bpointe (35)(b), nach mór fógra ar leith a thabhairt faoi.
|
|
12.
|
Cuir an cineál cabhrach in iúl:
|
(a)
|
☐seirbhísí fóirdheontais;
|
|
(b)
|
☐aisíoc na bhfíorchostas a thabhaigh an tairbhí;
|
|
(c)
|
☐in airgead tirim, i gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh duais shiombalach.
|
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (466) de na Treoirlínte, nach bhféadfar an chabhair le haghaidh feachtais cur chun cinn a dheonú ach amháin i bhfoirm seirbhísí fóirdheonaithe.
|
|
13.
|
I gcás ina n-íoctar an chabhair le haghaidh duaiseanna siombalacha le soláthraí an bhirt chur chun cinn, an amhlaidh nach n-íocfar an chabhair sin ach amháin má deonaíodh an duais iarbhír agus ar choinníoll go gcuirtear cruthúnas ar an dámhachtain i láthair?
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
14.
|
An gcuirfear an feachtas cur chun cinn in áirithe le haghaidh táirgí ardcháilíochta a chumhdaítear le scéim cháilíochta dá dtagraítear i bpointe (274) de na Treoirlínte?
☐cuirfear ☐ní chuirfear
|
|
15.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐costais a bhaineann le heagrú comórtas, aontaí trádála agus taispeántas agus rannpháirtíocht iontu:
|
☐
|
táillí rannpháirtíochta;
|
|
☐
|
costais taistil agus costais le haghaidh iompar táirgí lena mbaineann trí bheith rannpháirteach i gcomórtais, in aontaí trádála agus i dtaispeántais;
|
|
☐
|
costais a bhaineann le foilseacháin agus suíomhanna gréasáin lena bhfógraítear an ócáid;
|
|
☐
|
áitreabh agus seastáin a fháil ar cíos agus na costais a bhaineann lena suiteáil agus lena ndíchóimeáil;
|
|
☐
|
duaiseanna siombalacha suas le luach EUR 3 000 in aghaidh na duaise agus in aghaidh buaiteoir comórtais.
|
|
|
(b)
|
☐costais a bhaineann le foilseacháin sna meáin chlóite agus leictreonacha, le suíomhanna gréasáin, agus le míreanna sna meáin leictreonacha, ar an raidió nó ar an teilifís, arb é is aidhm dóibh faisnéis fhíorasach a chur i láthair faoi tháirgeoirí ó réigiún ar leith nó táirgeoirí táirge ar leith;
Deimhnigh gurb amhlaidh go bhfuil an fhaisnéis sin neodrach agus go bhfuil comhdheiseanna ag na táirgeoirí uile ionadaíocht a fháil san fhoilseachán:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
(c)
|
☐na costais a bhaineann le heolas eolaíoch agus faisnéis fhíorasach a leathadh faoin méid seo a leanas:
|
☐
|
na scéimeanna cáilíochta dá dtagraítear i bpointe (274) atá ar oscailt do tháirgí talmhaíochta ó Bhallstáit eile agus ó thríú tíortha;
|
|
☐
|
táirgí talmhaíochta cineálacha agus a dtairbhí cothaitheacha agus cineálacha úsáide a mholadh dóibh;
|
|
|
(d)
|
☐na costais a bhaineann le feachtais cur chun cinn atá spriocdhírithe ar thomhaltóirí agus a eagraítear sna meáin nó in asraonta miondíola agus na costais a bhaineann leis an ábhar cur chun cinn uile a leatar go díreach ar thomhaltóirí.
|
|
|
16.
|
An chabhair a bhaineann le heagrú comórtas, aontaí trádála agus taispeántas agus rannpháirtíocht iontu, dá dtagraítear i gceist 15(a) den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo, an bhfuil an chabhair sin inrochtana do gach duine acu sin atá incháilithe sa réimse lena mbaineann, ar bhonn coinníollacha atá sainithe go hoibiachtúil?
☐tá ☐níl
|
Tagairt do ghnóthas, d’ainm branda nó do thionscnamh ar leith:
|
17.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh, i gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh gníomhaíochtaí cur chun cinn dá dtagraítear i bpointe (468)(c) de na Treoirlínte agus le haghaidh feachtais cur chun cinn dá dtagraítear i bpointe (468)(d) de na Treoirlínte, go háirithe iad siúd atá cineálach ina dtréithe agus atá chun leas tháirgeoirí uile an chineáil táirge lena mbaineann dá dtagraítear i bpointe (468)(b) de na Treoirlínte, nach luafar aon ghnóthas, ainm branda nó tionscnamh ar leith sna gníomhaíochtaí cur chun cinn sin:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
18.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh, i gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh feachtais cur chun cinn atá spriocdhírithe ar thomhaltóirí agus a eagraítear sna meáin nó in asraonta miondíola, dá dtagraítear i bpointe (468)(d) de na Treoirlínte, nach gcuirfear an gníomhaíocht cur chun cinn sin in áirithe le haghaidh táirgí de chuid cuideachta amháin ar leith nó níos mó:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
19.
|
De mhaolú ar cheisteanna 17 agus 18 den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo, má dheonaítear an chabhair i bhfabhar na ngníomhaíochtaí cur chun cinn ina bhfuil tagairt don tionscnamh, cuir an chúis in iúl:
|
(a)
|
☐deonaítear an chabhair le haghaidh na ngníomhaíochtaí cur chun cinn agus na bhfeachtais cur chun cinn dá dtagraítear i bpointe (468)(c) agus (d) faoi seach, de na Treoirlínte, a bhaineann go sonrach le táirgí a chumhdaítear le scéimeanna cáilíochta dá dtagraítear i bpointe (274) de na Treoirlínte agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
|
(i)
|
☐baineann an ghníomhaíocht cur chun cinn nó an feachtas cur chun cinn go sonrach le hainmníochtaí ábhartha a aithníonn an tAontas dá dtagraítear i dTeideal II de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (531). Sa chás sin, ní mór an tagairt do thionscnamh na dtáirgí sa ghníomhaíocht cur chun cinn nó san fheachtas cur chun cinn a bheith ag teacht go baileach leis an tagairt atá cláraithe ag an Aontas;
|
|
(ii)
|
☐baineann an ghníomhaíocht cur chun cinn nó an feachtas cur chun cinn le táirgí a chumhdaítear le scéimeanna cáilíochta seachas scéimeanna le haghaidh ainmníochtaí a aithníonn an tAontas dá dtagraítear i dTeideal II de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Sa chás sin, ní mór tionscnamh na dtáirgí a bheith tánaisteach sa teachtaireacht.
|
|
|
(b)
|
☐deonaítear an chabhair le haghaidh na ngníomhaíochtaí cur chun cinn agus na bhfeachtais cur chun cinn ar mhargaí áitiúla nó a bhaineann le táirgí ar mhargaí áitiúla, arb é is cuspóir dóibh an pobal talmhaíochta a chaomhnú, agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
|
(i)
|
☐go bhfuil tásc tionscnaimh an táirge tánaisteach sa phríomhtheachtaireacht;
|
|
(ii)
|
☐go bhfuil an ghníomhaíocht cur chun cinn nó an feachtas cur chun cinn comhréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú.
|
|
|
|
20.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh maidir le haon tagairt don tionscnamh:
|
☐
|
nach mbeidh an tagairt idirdhealaitheach;
|
|
☐
|
nach mbeidh an tagairt dírithe ar chaitheamh an táirge talmhaíochta a spreagadh ar fhoras a thionscnaimh amháin;
|
|
☐
|
go n-urramófar inti prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais; agus
|
|
☐
|
nach mbeidh srianadh ar shaorghluaiseacht táirgí talmhaíochta i gceist léi, srianadh a mbainfeadh sárú Airteagal 34 den Chonradh leis.
|
|
|
21.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl:
|
—
|
….. % de na costais incháilithe dá dtagraítear i bpointe (468)(a), (b) agus (c) de na Treoirlínte;
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (471) de na Treoirlínte, go gcaithfidh déine na cabhrach le haghaidh na costais incháilithe dá dtagraítear i bpointe 468(a), (b) agus (c) de na Treoirlínte gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
|
—
|
….. % de na costais incháilithe a bhaineann leis na feachtais cur chun cinn a bhaineann go sonrach le táirgí a chumhdaítear le scéimeanna cáilíochta, dá dtagraítear i bpointe (468)(d) de na Treoirlínte;
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (472) de na Treoirlínte, maidir le déine na cabhrach le haghaidh feachtais cur chun cinn a bhaineann go sonrach le táirgí a chumhdaítear le scéimeanna cáilíochta, dá dtagraítear i bpointe (468)(d) de na Treoirlínte in éineacht le pointe (460)(a) de na Treoirlínte, go gcaithfidh sí gan dul thar 50 % de na costais incháilithe a bhaineann leis an bhfeachtas. Féadfar cabhair suas le 100 % de na costais incháilithe a dheonú má ranníocann an earnáil 50 % ar a laghad de na costais.
|
|
—
|
….. % de na costais incháilithe a bhaineann leis na feachtais cur chun cinn a bhaineann go sonrach le táirgí a chumhdaítear le scéimeanna cáilíochta, dá dtagraítear i bpointe (468)(d) de na Treoirlínte, i gcás ina ndéantar an gníomhaíocht cur chun cinn i dtríú tíortha;
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (472) de na Treoirlínte, maidir le déine na cabhrach le haghaidh feachtais cur chun cinn i dtríú tíortha ar feachtais iad a bhaineann go sonrach le táirgí a chumhdaítear le scéimeanna cáilíochta, dá dtagraítear i bpointe (468)(d) de na Treoirlínte in éineacht le pointe (460)(a) de na Treoirlínte, go gcaithfidh sí gan dul thar 80 % de na costais incháilithe.
|
|
—
|
….. % de na costais incháilithe a bhaineann le feachtais chineálacha cur chun cinn dá dtagraítear i bpointe (468)(d) de na Treoirlínte;
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (473) de na Treoirlínte, maidir le déine na cabhrach le haghaidh feachtais chineálacha cur chun cinn, dá dtagraítear i bpointe (468)(d) de na Treoirlínte in éineacht le pointe (460)(b) de na Treoirlínte, go gcaithfidh sí gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.3.5.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR DO NA RÉIGIÚIN IS FORIMEALLAÍ AGUS MAIDIR LEIS NA hOILEÁIN BHEAGA AEIGÉACHA
Ní mór don Bhallstát an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt maidir le státchabhair do na réigiúin is forimeallaí agus maidir leis na hOileáin bheaga Aeigéacha, dá dtagraítear i gCuid II., Roinn 1.3.5. de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
Má bhaineann an chabhair do na réigiúin is forimeallaí agus maidir leis na hOileáin bheaga Aeigéacha le Roinn eile de na Treoirlínte, líon isteach an Bhileog Faisnéise Forlíontaí a fhreagraíonn don chineál cabhrach ar tugadh fógra ina leith.
|
|
1.
|
An i bhfabhar earnáil na talmhaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (33)9 de na Treoirlínte atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
De bhun phointe (475) de na Treoirlínte, tá feidhm ag Roinn 1.3.5. de na Treoirlínte maidir le hearnáil uile na talmhaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (33)9 de na Treoirlínte.
|
|
2.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐costais bhreise iompair a bhaineann le táirgí talmhaíochta a táirgeadh sna réigiúin is forimeallaí agus sna hOileáin bheaga Aeigéacha;
|
|
|
3.
|
I gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh costais bhreise iompair, dá dtagraítear i gceist 2 (a) den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo, an gcomhlíonann an chabhair sin na coinníollacha a leanas?
|
(a)
|
☐is sna réigiúin is forimeallaí nó sna hOileáin bheaga Aeigéacha a bhíonn a ngníomhaíocht táirgthe ar bun ag na tairbhithe;
|
|
(b)
|
☐is féidir an chabhair a chainníochtú go hoibiachtúil roimh ré ar bhonn suim sheasta nó cóimheas in aghaidh tona/ciliméadair nó aon aonaid ábhartha eile;
|
|
(c)
|
☐ríomhtar na costais bhreise iompair ar bhonn aistear na dtáirgí laistigh de theorainn náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann agus úsáid á baint as an modh iompair lena mbaineann an costas is lú don tairbhí, agus na costais sheachtracha don chomhshaol á gcur san áireamh;
|
|
(d)
|
☐maidir leis na réigiúin is forimeallaí, féadfar a chur san áireamh leis na costais bhreise iompair is incháilithe na costais a bhaineann le táirgí talmhaíochta a iompar ó ionad a dtáirgthe go dtí suíomhanna sna limistéir is forimeallaí a ndéantar próiseáil bhreise orthu iontu.
|
|
|
4.
|
I gcás ina ndeonaítear an chabhair costais eile, dá dtagraítear i gceist 2 (b) den Bhileog Faisnéise Forlíontaí seo, sonraigh na costais ar féidir an chabhair a dheonú ina leith:
…
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (481) de na Treoirlínte, go scrúdóidh an Coimisiún, ar bhonn cás ar chás, pleananna le haghaidh státchabhair a dheonú i dtaca le costais eile seachas na costais bhreise iompair ar dearadh iad chun freastal ar riachtanais na réigiún is forimeallaí agus na nOileán beag Aeigéach, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gCuid I, Caibidil 3, de na Treoirlínte agus na bhforálacha sonracha dlíthiúla a bhaineann leis na réigiúin sin, agus aird á tabhairt, más infheidhme, ar chomhoiriúnacht na mbeart lena mbaineann le pleananna straitéiseacha an Chomhbheartais Talmhaíochta le haghaidh na réigiúin lena mbaineann agus ar an éifeacht a bhíonn acu siúd ar an iomaíocht sna réigiúin lena mbaineann mar aon le háiteanna eile san Aontas.
Tabhair an fhaisnéise uile a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar na costais sin dá dtagraítear i bpointe (481) de na Treoirlínte:
…
|
|
5.
|
Cuir in iúl uasmhéid na cabhrach (ar bhonn an chóimheasa cabhrach in aghaidh an chiliméadair nó ar bhonn an chóimheasa cabhrach in aghaidh an chiliméadair agus an chóimheasa cabhrach in aghaidh an aonaid) agus céatadán na gcostas breise a chumhdaítear leis an gcabhair:
…
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.3.6.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH COMHDHLÚTHÚ TALÚN TALMHAÍOCHTA
Ní mór an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon bheart státchabhrach le haghaidh na gcostas a bhaineann le comhdhlúthú talún talmhaíochta a chumhdach mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.3.6 de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
An bhfuil an beart cabhrach ina chuid de chlár ginearálta oibríochtaí comhdhlúthú talún talmhaíochta a rinneadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos le reachtaíocht an Bhallstáit?
☐tá ☐níl
|
|
2.
|
An iad na costais dhlíthiúla, riaracháin agus suirbhéireachta a bhaineann le comhdhlúthú talún, agus na costais sin amháin, a áirítear leis na costais incháilithe?
☐is iad ☐ní hiad
|
|
3.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl:
….. % de na costais incháilithe.
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (484) de na Treoirlínte, go gcaithfidh déine na cabhrach gan dul thar 100 % de na costais iarbhír a thabhaítear.
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
1.3.7.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH TAIGHDE AGUS FORBARTHA IN EARNÁIL NA TALMHAÍOCHTA
Baineann an bhileog faisnéise seo le státchabhair le haghaidh taighde agus forbartha in earnáil na talmhaíochta mar a thuairiscítear i gCuid II., Roinn 1.3.7 de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Chomh maith leis an bhfoirm seo, líon isteach an Bhileog Faisnéise Ginearálta i ndáil le fógra a thabhairt faoi státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, agus léirigh na coinníollacha ginearálta incháilitheachta le haghaidh státchabhrach.
|
|
1.
|
An i bhfabhar earnáil na talmhaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (33)9 de na Treoirlínte atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (486) de na Treoirlínte, an chabhair le haghaidh taighde agus forbartha, nach cabhair í a dheonaítear i bhfabhar earnáil na talmhaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (33)9 de na Treoirlínte agus an chabhair le haghaidh taighde agus forbartha in earnáil na talmhaíochta nach gcomhlíontar léi na coinníollacha a leagtar síos i gCuid II, Roinn 1.3.7 de na Treoirlínte, déanfar an chabhair sin a mheasúnú i gcomhréir leis an gCreat maidir le státchabhair le haghaidh taighde agus forbartha agus nuálaíochta.
|
|
2.
|
An bhfuil an tionscadal dá dtugtar cabhair chun leas na ngnóthas uile atá gníomhach san earnáil nó san fho-earnáil talmhaíochta ar leith lena mbaineann?
☐tá ☐níl
|
|
3.
|
Deimhnigh go bhfoilseofar an fhaisnéis seo a leanas ar an idirlíon roimh thús an tionscadail dá dtugtar cabhair:
|
(a)
|
dáta tosaigh an tionscadail dá dtugtar cabhair:
☐foilseofar ☐ní fhoilseofar
|
|
(b)
|
spriocanna an tionscadail dá dtugtar cabhair:
☐foilseofar ☐ní fhoilseofar
|
|
(c)
|
neasdáta le haghaidh fhoilsiú na dtorthaí a bhfuil coinne leo ón tionscadal dá dtugtar cabhair:
☐foilseofar ☐ní fhoilseofar
|
|
(d)
|
an áit ar an idirlíon a bhfoilseofar na torthaí a bhfuil coinne leo ón tionscadal dá dtugtar cabhair:
☐foilseofar ☐ní fhoilseofar
|
|
(e)
|
tagairt i dtaca leis na torthaí a bheith ar fáil saor in aisce do na gnóthais uile atá gníomhach san earnáil nó san fho-earnáil talmhaíochta ar leith lena mbaineann:
☐foilseofar ☐ní fhoilseofar
|
Tabhair an seoladh idirlín:
…
|
|
4.
|
Maidir le torthaí an tionscadail chuidithe:
|
(a)
|
an gcuirfear ar fáil ar an idirlíon iad ó dháta deiridh an tionscadail dá dtugtar cabhair nó an dáta a thabharfar aon fhaisnéis i dtaca leis na torthaí sin do chomhaltaí aon eagraíochta ar leith, pé acu dáta is túisce?
☐cuirfear ☐ní chuirfear
|
|
(b)
|
an gcuirfear ar fáil ar an idirlíon iad ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad ó dháta deiridh an tionscadail dá dtugtar cabhair?
☐cuirfear ☐ní chuirfear
|
Tabhair an seoladh idirlín, murab ionann é agus an seoladh ag a bhfoilseofar faisnéis dá dtagraítear i gceist 3 den bhileog Faisnéise seo:
…
|
|
5.
|
An go díreach don eagraíocht taighde agus leata eolais atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
|
|
6.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐na costais foirne i ndáil le taighdeoirí, teicneoirí agus foireann tacaíochta eile a mhéid a fhostaítear don tionscadal iad;
|
|
(b)
|
☐costais na n-ionstraimí agus an trealaimh a mhéid a úsáidtear don tionscadal iad agus fad a úsáidtear dó sin iad. I gcás nach n-úsáidtear na hionstraimí ná an trealamh sin le haghaidh shaolré iomlán an tionscadail, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go ginearálta, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe;
|
|
(c)
|
☐costais na bhfoirgneamh agus na talún, a mhéid a úsáidtear don tionscadal iad agus fad a úsáidtear dó sin iad. Maidir le foirgnimh, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe. Maidir le talamh, is costais incháilithe iad costais a bhaineann le haistriú tráchtála nó costais chaipitil a thabhaítear iarbhír;
|
|
(d)
|
☐costais a bhaineann le taighde conarthach, le heolas agus le paitinní a cheannaítear nó a cheadúnaítear ó fhoinsí seachtracha de réir coinníollacha maidir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mar aon leis na costais a bhaineann le seirbhísí comhairleoireachta agus seirbhísí coibhéiseacha a úsáidtear go heisiach don tionscadal;
|
|
(e)
|
☐forchostais bhreise agus costais oibriúcháin eile, lena n-áirítear costais ábhar, soláthairtí agus táirgí comhchosúla, a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an tionscadal.
|
|
|
7.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl:
….. % de na costais incháilithe.
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (493) de na Treoirlínte, nach rachaidh an déine cabhrach thar 100 % de na costais incháilithe.
|
FAISNÉIS EILE
Cuir in iúl anseo aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte:
…
|
2.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR D’EARNÁIL NA FORAOISTEACHTA
Ní mór an bhileog faisnéise seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon bheart státchabhrach
(532)
le haghaidh earnáil na foraoiseachta a chumhdaítear i gCuid II, Caibidil 2 de Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Sa bhreis ar an bhfoirm seo, líon isteach freisin an Bhileog Faisnéise Ginearálta
(533)
i ndáil le fógra a thabhairt maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, foirm ina léirítear na gnáthchoinníollacha incháilitheachta le haghaidh státchabhrach, chomh maith leis an bhfoirm nó na foirmeacha foraoiseachta comhfhreagracha 2.1 go 2.9, de réir an chineáil shonraigh cabhrach
(534)
.
Má tá cabhair le haghaidh earnáil na foraoiseachta le deonú faoi rialacha de chuid an Aontais a bhaineann le gach earnáil nó a bhaineann go sonrach leis an trádáil agus an tionsclaíocht, bain úsáid as an bhfoirm fógra is infheidhme maidir leis na hearnálacha sin nuair atá fógra á thabhairt faoi bheart státchabhrach.
|
|
1.
|
CRITÉIR INCHÁILITHEACHTA GHINEARÁLTA
|
|
1.1.
|
An faoi chuimsiú plean straitéiseach atá i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 atá an chabhair le deonú (535)?
☐is ea ☐ní hea
Más faoi, lean ar aghaidh leis na ceisteanna seo a leanas.
Mura faoi, agus más ó acmhainní nádúrtha amháin a mhaoinítear an chabhair, líon isteach an Fhoirm ghinearálta (Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte) agus an fhoirm nó na foirmeacha sonracha i ndáil le Ranna 2.1 go 2.9. de na Treoirlínte seo.
|
|
1.2.
|
Cuir in iúl an plean straitéiseach lena mbaineann agus an beart faoina bhfuil an chabhair á deonú:
|
—
|
An plean straitéiseach: …
|
|
|
1.3.
|
An i bhfabhar caipitil oibre atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, an i bhfoirm ionstraim airgeadais atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (499)(b) de na Treoirlínte, nach bhféadfar an chabhair i bhfabhar caipiteal oibre a dheonú ach amháin más i bhfoirm ionstraimí airgeadais a dhéanfar í a sholáthar.
Sonraigh an ionstraim airgeadais nó na hionstraimí airgeadais atá á n-úsáid:
…
|
|
1.4.
|
An mar chabhair oibriúcháin atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (499)(c) de na Treoirlínte, nach bhféadfar a mheas go bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach don mhargadh inmheánach ach amháin má dhéantar foráil go sainráite maidir léi sa reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais.
Más rud é go ndéantar sin, déan tagairt don reachtaíocht de chuid an Aontais lena mbaineann:
…
|
|
1.5.
|
An bhfuil an chabhair ar fáil do ghnóthais atá i gcruachás mar a shainmhínítear i bpointe 33(63) de na Treoirlínte?
☐tá ☐níl
Má tá, tabhair faoi deara gurb amhlaidh faoi phointe (23) de na Treoirlínte go measann an Coimisiún nach féidir a mheas, nuair atá gnóthas i gcruachás airgeadais, agus baol ann dá réir go dtiocfadh deireadh leis an ngnóthas ar fad, gur meán iomchuí atá sa ghnóthas sin chun cuspóirí beartais phoiblí eile a chur chun cinn go dtí go n-áiritheofar inmharthanacht an ghnóthais chéanna. Dá bhrí sin, Treoirlínte an Choimisiúin maidir le státchabhair le haghaidh teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu, ní mór don chabhair sin na treoirlínte sin a chomhlíonadh, mura bhfuil an chabhair díolmhaithe ón oibleagáid fógra a thabhairt ina leith.
|
|
1.6.
|
An bhfuil cabhair ar fáil do ghnóthais atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach don mhargadh inmheánach?
☐tá ☐níl
Má tá, tabhair faoi deara nach féidir a dhearbhú go bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach don mhargadh inmheánach.
|
|
1.7.
|
An le haghaidh infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh agus san fhuinneamh in-athnuaite atá an chabhair beartaithe?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair faoi deara gurb amhlaidh i gcomhréir le pointe (496) de na Treoirlínte go n-eisiatar an chabhair sin ó raon feidhme Chuid II, Caibidil 2 de na Treoirlínte ós rud é nach mór don chabhair sin Treoirlínte 2022 maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh (536) a chomhlíonadh, cé is moite de chabhair a bhaineann le húsáid adhmaid mar amhábhar nó mar fhoinse fuinnimh, ar cabhair í atá teoranta do gach oibríocht oibre roimh phróiseáil thionsclaíoch, dá bhforáiltear i bpointe (529) de na Treoirlínte, nó mura bhfuil an chabhair díolmhaithe ón oibleagáid fógra a thabhairt.
|
|
1.8.
|
An gcomhlíonann an chabhair na cuspóirí agus na coinníollacha ar fad, lena n-áirítear na coinníollacha maidir le tairbhithe cabhrach, a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/2115, agus aon ghníomh cur chun feidhme agus aon ghníomh tarmligthe a glacadh de bhun an Rialacháin sin?
☐comhlíonann ☐ní chomhlíonann
Tabhair faoi deara maidir le státchabhair le haghaidh earnáil na foraoiseachta nach ndearbhóidh an Coimisiún go bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach d’Airteagal 107(3)(c) den Chonradh ach amháin má chomhlíonann an chabhair na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, cé is moite de na bearta i Ranna 2.8 agus 2.9 de Chaibidil 2 de Chuid II de na Treoirlínte.
|
|
1.9.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach le haghaidh tionscail fhoraois-bhunaithe atá an chabhair beartaithe.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
2.1.
|
☐Infheistíochtaí i bhforbairt limistéar foraoise agus i bhfeabhsú inmharthanachta foraoisí.
Líon isteach foirm .2.1
|
|
2.2.
|
☐Cabhair i leith míbhuntáistí sonracha a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe i limistéir foraoise
Líon isteach foirm .2.2
|
|
2.3.
|
☐Cabhair le haghaidh seirbhísí foraoise-comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoisí
Líon isteach foirm .2.3
|
|
2.4.
|
☐Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise in earnáil na foraoiseachta
Líon isteach foirm .2.4
|
|
2.5.
|
☐Cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha in earnáil na foraoiseachta
Líon isteach foirm .2.5
|
|
2.6.
|
☐Cabhair le haghaidh comhar in earnáil na foraoiseachta
Líon isteach foirm .2.6
|
|
2.7.
|
☐Cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na foraoiseachta
Líon isteach foirm .2.7
|
|
2.8.
|
☐Cabhair eile le haghaidh earnáil na foraoiseachta lena mbaineann cuspóirí éiceolaíochta, cosanta agus áineasa
Líon isteach foirm .2.8
|
|
2.9.
|
☐Cabhair in earnáil na foraoiseachta atá ailínithe le bearta cabhrach talmhaíochta
Líon isteach foirm .2.9
|
FAISNÉIS EILE
Cuir in iúl anseo aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann.
…
|
2.1.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH INFHEISTÍOCHTAÍ I bhFORBAIRT LIMISTÉAR FORAOISE AGUS I bhFEABHSÚ INMHARTHANACHT NA bhFORAOISÍ
Ní mór an bhileog faisnéise seo a úsáid i ndáil le státchabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhforbairt limistéar foraoise agus i bhfeabhsú inmharthanacht na bhforaoisí mar a thuairiscítear i gCuid II, Roinn 2.1 de Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
|
|
1.
|
Deimhnigh nach ndeonófar cabhair i ndáil le:
|
(b)
|
☐teidlíochtaí íocaíochta a cheannach;
|
|
(c)
|
☐talamh a cheannach ar mhéid is mó ná 10 % den chaiteachas incháilithe iomlán i ndáil leis an oibríocht lena mbaineann, ach amháin talamh a cheannaítear le haghaidh caomhnú comhshaoil agus caomhnú ithreach ar mhórán carbóin, a d’fhéadfadh a bheith incháilithe le haghaidh ráta níos airde ná 10 %;
|
|
(d)
|
☐ráta úis ar fhiachas, cé is moite de dheontais arna dtabhairt i bhfoirm fóirdheontas ráta úis nó i bhfoirm fóirdheontas táille ráthaíochta.
|
|
|
2.
|
Cuir in iúl an mbaineann na costais incháilithe leis na nithe seo a leanas:
|
|
☐
|
Cabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí. (Roinn 2.1.1 de na Treoirlínte)
|
|
1.
|
Cuir in iúl an mbaineann na costais incháilithe leis na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
☐foraoisí agus coillearnaí a bhunú:
|
☐
|
ar thalamh talmhaíochta,
|
|
☐
|
ar thalamh neamhthalmhaíochta
|
|
|
(b)
|
☐préimh bhliantúil in aghaidh an heicteáir chun costais an ioncaim talmhaíochta a tarscaoileadh agus costais na cothabhála a chumhdach, lena n-áirítear glantachán luath agus déanach, ar feadh uastréimhse arna cinneadh ag an mBallstát.
|
Tabhair tuilleadh faisnéise maidir le méideanna na cabhrach, na modhanna ríomha agus an uastréimhse chun cabhair a dheonú i bhfoirm préimh bhliantúil in aghaidh an heicteáir:
…
|
|
2.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach ndeonófar aon chabhair le haghaidh crainn a chur i gcomhair barrscoitheadh gearruainíochta, le haghaidh crainn Nollag a chur ná le haghaidh crainn a chur a fhásann go tapa i gcomhair táirgeadh fuinnimh ná i gcomhair infheistíochtaí san fhoraoisiú nach bhfuil comhsheasmhach le cuspóirí aeráide agus comhshaoil ná le prionsabail um bainistiú inbhuanaithe foraoisí, mar a forbraíodh sna Treoirlínte Uile-Eorpacha maidir leis an bhForaoisiú agus an Athfhoraoisiú (537):
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
3.
|
Deimhnigh gur speicis atá in oiriúint do dhálaí comhshaoil agus aeráide an limistéir na speicis a chuirtear, agus go gcomhlíonann siad íoscheanglais chomhshaoil:
☐is ea/comhlíonann ☐ní hea/ní chomhlíonann
|
|
4.
|
Deimhnigh, agus léirigh le tuilleadh tuairiscithe agus faisnéise, go gcomhlíonann an chabhair na híosceanglais chomhshaoil seo a leanas:
|
(a)
|
☐foraoisiú míchuí ar ghnáthóga íogaire amhail tailte portaigh agus bogaigh, agus éifeachtaí diúltacha ar limistéir ardluacha ó thaobh na héiceolaíochta de lena n-áirítear limistéir faoi fheirmeoireacht ardluacha nádúrtha, is rudaí iad sin nach mór a sheachaint agus na speicis atá le cur á roghnú, sin agus na limistéir agus na modhanna atá le húsáid. Ar láithreáin a ainmnítear ina láithreacha Natura 2000 de bhun Threoir 92/43/CEE (538) agus Threoir 2009/147/CE (539) ní cheadófar ach foraoisiú atá comhsheasmhach le cuspóirí bainistíochta na láithreán lena mbaineann agus a comhaontaíodh leis an údarás de chuid an Bhallstáit atá i gceannas ar chur chun feidhme an chláir Natura 2000;
|
|
(b)
|
☐trí roghnú speiceas crann, cineálacha crann, éicitíopaí crann agus bunáitíochta crann, cuirfear san áireamh an gá atá ann le hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha, agus staid pheideolaíoch agus hidreolaíoch an limistéir lena mbaineann, mar aon leis an ngné ionrach a d’fhéadfadh a bheith ag na speicis faoi dhálaí áitiúla mar atá sainithe ag na Ballstáit. Ní mór é a bheith de cheangal ar an tairbhí an fhoraois a chosaint agus a chaomhnú ar a laghad le linn na tréimhse ina n-íoctar an phréimh as ioncam talmhaíochta a tarscaoileadh agus as cothabháil. Caithfidh na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis an méid sin – aire, tanú nó féarach, mar is iomchuí, ar mhaithe leis an bhforbairt a dhéanfar ar an bhforaois san am atá amach romhainn, sin agus an iomaíocht le fásra luibheach a rialú, agus carnadh an ábhair scrobarnaí inlasta a sheachaint. Maidir le speicis a fhásann go tapa, ní mór do na Ballstáit íosteorainn ama agus uasteorainn ama roimh leagan crann a shainiú. Ní mór gan an íostréimhse a bheith níos lú ná 8 mbliana agus ní mór gan an uastréimhse a bheith níos faide ná 20 bliain;
|
|
(c)
|
☐i gcásanna nuair, de dheasca droch-dhálaí ithreach, comhshaoil nó aeráide, lena n-áirítear díghrádú an chomhshaoil, nach féidir a bheith ag súil leis go mbeadh bunú cumhdaigh foraoise ann mar a shainmhínítear i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme é, de thoradh speicis ilbhliantúla adhmadacha a chur, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann cead a thabhairt don tairbhí cumhdach fásra adhmadaigh eile a bhunú amhail toir agus toim atá in oiriúint do na dálaí áitiúla. Ní mór don tairbhí an leibhéal céanna cúraim agus cosanta a áirithiú agus is infheidhme maidir le foraoisí;
|
|
(d)
|
☐i gcás oibríochtaí foraoisithe ar dá mbarr a chruthófar foraoisí de mhéid is mó ná tairseach áirithe, a shaineoidh na Ballstáit, is éard a bheidh san oibríocht ná ceachtar den dá ní seo a leanas:
|
(i)
|
ní chuirtear ach speicis atá oiriúnaithe go héiceolaíoch agus/nó speicis atá athléimneach in aghaidh an athraithe aeráide sa limistéar bithgheografach lena mbaineann, agus trí mheasúnú tionchar, nach bhfuil feicthe le bheith ina mbaol don bhithéagsúlacht ná do sheirbhísí éiceachórais, agus nach bhfuil tionchar diúltach acu ar shláinte an duine; nó
|
|
(ii)
|
meascán de speiceas crann lena n-áirítear 10 % ar a laghad de chrainn leathanduilleacha de réir limistéir, nó íosmhéid de thrí speiceas nó cineál crann, arb ionann an cineál crann is lú líonmhaireachta agus 10 % den limistéar.
|
|
|
|
5.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (508) de na Treoirlínte, go gcaithfidh déine na cabhrach gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
|
☐
|
Cabhair le haghaidh bunú, athghiniúint nó athchóiriú córas agrafhoraoiseachta. (Roinn 2.1.2 de na Treoirlínte)
|
|
1.
|
Deimhnigh go bhféadfar cabhair a dheonú chun córais agrafhoraoiseachta a bhunú mar a shainmhínítear i bpointe(33)(10) de na Treoirlínte.
☐féadfar ☐ní fhéadfar
Tabhair tuairisc ar an mbeart cabhrach:
…
|
|
2.
|
Cuir in iúl an mbaineann na costais incháilithe leis na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
☐bunú, athghiniúint nó athchóiriú córais agrafhoraoiseachta.
|
|
(b)
|
☐préimh bhliantúil in aghaidh an heicteáir le haghaidh cothabhála.
|
|
|
3.
|
Sainigh fad na huastréimhse a íocfar préimh bhliantúil in aghaidh an heicteáir le haghaidh cothabhála:
…
|
|
4.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (513) de na Treoirlínte, go gcaithfidh an chabhair gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
|
5.
|
Cuir in iúl an t-uaslíon agus an t-íoslíon crann atá le cur in aghaidh an heicteáir, agus léirigh go gcuirtear san áireamh leis sin na dálaí áitiúla peidichlíomacha agus comhshaoil, speicis foraoiseachta, agus an gá atá ann le húsáid talmhaíochta inbhuanaithe na talún a áirithiú.
…
|
|
☐
|
Cabhair le haghaidh damáiste d’fhoraoisí a chosc agus a athchóiriú. (Roinn 2.1.3 de na Treoirlínte)
|
|
1.
|
Cuir in iúl an mbaineann na costais incháilithe leis na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
☐bonneagar cosanta a bhunú (i gcás toitbhearnaí, féadfaidh costais chothabhála a bheith cumhdaithe leis an gcabhair freisin);
Deimhnigh gurb amhlaidh nach ndeonófar aon chabhair le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le talmhaíocht i limistéir a chumhdaítear le gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide dá dtagraítear i gCuid II, Roinn 1.1.4 de na Treoirlínte.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
(b)
|
☐gníomhaíochtaí coisctheacha áitiúla ar mionscála in aghaidh dóiteán nó guaiseacha nádúrtha eile, lena n-áirítear na costais a bhaineann le húsáid ainmhithe féaraigh agus le hiompar na n-ainmhithe;
|
|
(c)
|
☐áiseanna faireacháin agus trealamh cumarsáide i dtaca le dóiteáin foraoise, lotnaidí, speicis choimhthíocha ionracha agus galair a bhunú agus a fheabhsú;
|
|
(d)
|
☐athchóiriú a dhéanamh ar acmhainneacht fhéideartha foraoiseachta a ndearnadh damáiste di de dheasca dóiteán, tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide eile, lotnaidí plandaí, speicis choimhthíocha ionracha, teagmhais thurraingeacha agus teagmhais a bhaineann leis an athrú aeráide.
Deimhnigh gurb amhlaidh, i gcás inar féidir nasc leis an athrú aeráide a chur i leith damáiste a tharla de bharr teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha nó lotnaidí plandaí nó speicis choimhthíocha ionracha, go bhféachfaidh na tairbhithe le bearta oiriúnúcháin don athrú aeráide a chuimsiú san athchóiriú, chun an damáiste agus na caillteanais a d’fhéadfadh tarlú amach anseo de thoradh teagmhais chomhchosúla a íoslaghdú:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
(e)
|
☐costais na n-infheistíochtaí a bhaineann le sláinte foraoisí a chothabháil.
|
|
|
2.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh, i gcás ina ndeonófar cabhair i bhfabhar athchóiriú a dhéanamh ar acmhainneacht fhéideartha foraoiseachta a ndearnadh damáiste di de dheasca dóiteán, tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide eile, lotnaidí plandaí, speicis choimhthíocha ionracha, teagmhais thurraingeacha agus teagmhais a bhaineann leis an athrú aeráide, go mbeidh an chabhair faoi réir aitheantas foirmiúil údarás inniúil an Bhallstáit gur tharla ceann amháin ar a laghad de na teagmhais dá dtagraítear i gceist 1 (d) den phointe sin, agus faoi réir cruthúnas arna chur isteach ag na tairbhithe ar uirlisí iomchuí bainistithe riosca chun aghaidh a thabhairt ar tharlú féideartha an teagmhais dhíobhálaigh amach anseo i gcás inarb iomchuí:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
3.
|
I gcás cabhair le haghaidh cosc a chur le damáiste d’fhoraois de dheasca lotnaidí plandaí nó speicis choimhthíocha ionracha, tabhair fianaise eolaíoch agus aitheantas ó eagraíocht phoiblí eolaíoch maidir leis an riosca a bhaineann le tarlú na lotnaide plandaí nó an speicis choimhthíoch ionraigh. I gcás inarb ábhartha, tabhair liosta na lotnaidí a d’fhéadfadh a bheith ann mar lotnaid plandaí:
…
|
|
4.
|
Maidir leis na hoibríochtaí incháilithe a bhaineann le damáiste de dheasca dóiteáin foraoise nó oibreáin bhitheacha, deimhnigh go bhfuil na hoibríochtaí sin comhsheasmhach leis an bplean cosanta foraoisí arna bhunú ag an mBallstát, agus go háirithe leis na gníomhaíochtaí coisc agus athchóiriúcháin dá bhforáiltear sa phlean cosanta foraoisí:
☐tá ☐níl
|
|
5.
|
Deimhnigh gurb iad na limistéir foraoise a bhaineann leis an bplean cosanta foraoisí arna bhunú ag an mBallstát, agus na limistéir sin amháin, atá incháilithe i gcomhair cabhair le haghaidh dóiteáin a chosc:
☐is iad ☐ní hiad
|
|
6.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach ndeonófar aon chabhair i ndáil le caillteanas ioncaim a eascraíonn as dóiteáin, tubaistí nádúrtha, teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide eile, lotnaidí plandaí, speicis choimhthíocha ionracha, teagmhais thurraingeacha agus teagmhais a bhaineann leis an athrú aeráide:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
7.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (521) de na Treoirlínte, go gcaithfidh an chabhair gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
De bhun phointe (522) de na Treoirlínte, is é 100 % de na costais incháilithe an teorainn atá le cabhair a dheonaítear le haghaidh na gcostas incháilithe dá dtagraítear i bpointe (515)(d) de na Treoirlínte agus le haon íocaíocht eile a fhaigheann an tairbhí, lena n-áirítear íocaíochtaí a dhéantar faoi bhearta náisiúnta eile nó faoi bhearta eile de chuid an Aontais nó faoi pholasaithe árachais a bhaineann leis na costais incháilithe céanna.
|
|
8.
|
An ndéanfar bearta chun róchúiteamh a chosc, go háirithe chun a áirithiú gurb é 100 % an teorainn a bheidh le cabhair a dheonaítear le haghaidh na gcostas incháilithe dá dtagraítear i bpointe (515)(d) de na Treoirlínte agus le haon íocaíocht eile a fhaigheann an tairbhí, lena n-áirítear íocaíochtaí a dhéantar faoi bhearta náisiúnta eile nó faoi bhearta eile de chuid an Aontais nó faoi pholasaithe árachais le haghaidh na gcostas incháilithe céanna?
☐déanfar ☐ní dhéanfar
|
|
9.
|
Tabhair tuairisc ar na bearta dá dtagraítear sa phointe roimhe seo, ar bearta iad a ndéantar chun róchúiteamh a chosc:
…
|
|
☐
|
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear athléimneacht agus luach comhshaoil éiceachóras foraoisí. (Roinn 2.1.4 de na Treoirlínte)
|
|
1.
|
Cuir in iúl an mbaineann na costais incháilithe leis na nithe seo a leanas:
|
☐
|
infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh gealltanais chomhshaoil a chomhlíonadh d’fhonn seirbhísí éiceachórais a sholáthar;
|
|
☐
|
infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar luach taitneamhachta poiblí na bhforaoisí agus na coillearnaí sa limistéar lena mbaineann;
|
|
☐
|
infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh cur leis an maolú ar an athrú aeráide agus le hacmhainneacht oiriúnaithe na n-éiceachóras.
|
Más ann d’aon sochar eacnamaíoch go fadtéarmach, tabhair tuairisc air:
. …
|
|
2.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (525) de na Treoirlínte, go gcaithfidh an chabhair gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
|
☐
|
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus i dtáirgí foraoiseachta a phróiseáil, a úsáid agus a mhargú. (Roinn 2.1.5 de na Treoirlínte)
|
|
1.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear an acmhainneacht fhéideartha foraoiseachta:
|
(i)
|
☐infheistíochtaí in innealra buainte agus i gcleachtais atá neamhdhíobhálach d’ithir agus d’acmhainní;
|
|
(ii)
|
☐infheistíochtaí eile.
|
|
|
(b)
|
☐infheistíochtaí a bhaineann le próiseáil, úsáid agus margaíocht a chuireann le luach táirgí foraoiseachta.
|
|
|
2.
|
Tabhair tuairisc níos mionsonraithe ar an mbeart:
…
|
|
3.
|
I gcás ina mbaineann na hinfheistíochtaí le feabhsú ar luach eacnamaíoch na bhforaoisí, tabhair údar cuí leo i ndáil leis na feabhsuithe a bhfuil coinne leo ar fhoraoisí ar ghabháltas amháin nó níos mó agus sonraigh an bhfuil infheistíochtaí in innealra buainte agus i gcleachtais atá neamhdhíobhálach don ithir agus d’acmhainní mar chuid de na hinfheistíochtaí:
…
|
|
4.
|
I gcás ina mbaineann na hinfheistíochtaí le húsáid adhmaid mar amhábhar nó mar fhoinse fuinnimh, an bhfuil na hinfheistíochtaí sin teoranta do gach oibríocht oibre roimh phróiseáil thionsclaíoch?
☐tá ☐níl
|
|
5.
|
Cuir uasteorainn na cabhrach in iúl:
|
(a)
|
..…% de mhéid na gcostas incháilithe;
|
|
(b)
|
……. % de mhéid na gcostas incháilithe sna réigiúin is forimeallaí nó sna hoileáin bheaga Aeigéacha;
|
|
(c)
|
……. % de mhéid na gcostas incháilithe le haghaidh infheistíochtaí a bhfuil ceangal acu le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 73(4), pointe (a)(i), de Rialachán (AE) 2021/2115 (540).
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (530) de na Treoirlínte, go gcaithfidh an chabhair gan dul thar 65 % de mhéid na gcostas incháilithe. Féadfar an déine cabhrach a mhéadú go huasleibhéal 80 % le haghaidh infheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí nó sna hoileáin bheaga Aeigéacha agus le haghaidh infheistíochtaí a bhfuil ceangal acu le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 73(4), pointe (a)(i), de Rialachán (AE) 2021/2115.
|
|
|
☐
|
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar i ndáil le forbairt, nuachóiriú nó oiriúnú na foraoiseachta. (Roinn 2.1.6 de na Treoirlínte)
|
|
1.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(i)
|
☐sócmhainní soláimhsithe;
|
|
(ii)
|
☐sócmhainní doláimhsithe,
a bhaineann le bonneagar a bhfuil baint aige le forbairt, nuachóiriú nó oiriúnú foraoiseachta, lena n-áirítear rochtain ar thalamh foraoise, comhdhlúthú agus feabhsú talún, digitiú na foraoiseachta, bunú saoráidí stórála, soláthar fuinnimh inbhuanaithe, éifeachtúlacht fuinnimh, soláthar agus coigilt uisce, agus úsáid beostoic in ionad innealra.
|
|
|
2.
|
Cuir in iúl cé acu de na nithe seo leanas a bhaineann leis na hinfheistíochtaí i mbonneagar:
|
(b)
|
☐nuachóiriú foraoisí;
|
|
|
3.
|
Cuir in iúl cé acu de na nithe seo leanas atá mar chuid de na hinfheistíochtaí i mbonneagar:
|
(a)
|
☐rochtain ar thalamh foraoise;
|
|
(b)
|
☐comhdhlúthú agus feabhsú na talún;
|
|
(c)
|
☐digitiú na foraoiseachta;
|
|
(d)
|
☐saoráidí stórála sealadaí a bhunú;
|
|
(e)
|
☐soláthar fuinnimh inbhuanaithe, éifeachtúlacht fuinnimh, soláthar agus coigilt uisce;
|
|
(f)
|
☐úsáid beostoic in ionad innealra.
|
|
|
4.
|
Tabhair tuairisc níos mionsonraithe ar an mbeart:
… ;……………
|
|
5.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl:
|
—
|
..… % de chostais incháilithe na n-infheistíochtaí neamhtháirgiúla, infheistíochtaí arb é feabhsú luacha comhshaoil foraoisí is aidhm dóibh go heisiach, agus infheistíochtaí le haghaidh bóithre foraoise, bóithre atá ar oscailt saor in aisce don phobal agus a fhónann do ghnéithe ilfheidhmeacha na foraoise;
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (533) de na Treoirlínte, i gcás infheistíochtaí neamhtháirgiúla, infheistíochtaí arb é feabhsú luacha comhshaoil foraoisí is aidhm dóibh go heisiach agus infheistíochtaí le haghaidh bóithre foraoise, bóithre atá ar oscailt saor in aisce don phobal agus a fhónann do ghnéithe ilfheidhmeacha na foraoise, go gcaithfidh déine na cabhrach gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
|
—
|
...… % de chostais incháilithe na n-infheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí nó sna hoileáin bheaga Aeigéacha;
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (534) de na Treoirlínte, go gcaithfidh déine na cabhrach gan dul thar 80 % i gcás infheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí nó sna hoileáin bheaga Aeigéacha.
|
|
—
|
…… % de chostais incháilithe na n-infheistíochtaí a bhfuil ceangal acu le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 73(4), pointe (a)(i), de Rialachán (AE) 2021/2115;
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (534) de na Treoirlínte, go gcaithfidh déine na cabhrach gan dul thar 80 % de chostais incháilithe na n-infheistíochtaí a bhfuil ceangal acu le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 73(4), pointe (a)(i), de Rialachán (AE) 2021/2115.
|
|
—
|
…… % de na costais incháilithe eile.
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (535) de na Treoirlínte, go gcaithfidh déine na cabhrach gan dul thar 65 % de na costais incháilithe i ngach cás eile.
|
|
|
6.
|
I gcás ina dtacaítear le hinfheistíochtaí i rochtain ar thalamh foraoise, cuir in iúl dlús na gcosán/na mbóithre sa limistéar lena mbaineann roimh an infheistíocht agus ina diaidh (i méadar/heicteár) …
|
|
☐
|
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar caomhnú oidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite i bhforaoisí. (Roinn 2.1.7 de na Treoirlínte)
|
|
1.
|
Deimhnigh go ndeonófar cabhair le haghaidh oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha i bhfoirm tírdhreach nádúrtha agus foirgneamh, tírdhreacha agus foirgnimh atá aitheanta go foirmiúil ag údarás inniúil an Bhallstáit mar oidhreacht chultúrtha nó nádúrtha.
☐deonófar ☐ní dheonófar
|
|
2.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
☐
|
infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe;
|
|
|
3.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (539) de na Treoirlínte, go gcaithfidh an chabhair le haghaidh infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
|
4.
|
Cuir méid na cabhrach le haghaidh obair chaipitlithe in iúl: …
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (539) de na Treoirlínte, nach mór an chabhair le haghaidh oibreacha caipitlithe a bheith teoranta do EUR 10 000 in aghaidh na bliana.
|
|
☐
|
Cabhair le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais chuig cistí frithpháirteacha in earnáil na foraoiseachta. (Roinn 2.1.8 de na Treoirlínte)
|
|
1.
|
Deimhnigh go ndeonófar cabhair do ghnóthais atá gníomhach san fhoraoiseacht:
☐deonófar ☐ní dheonófar
|
|
2.
|
Ar chreidiúnaigh an t-údarás inniúil an ciste frithpháirteach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta?
☐chreidiúnaigh ☐níor chreidiúnaigh
|
|
3.
|
An bhfuil beartas trédhearcach ag an gciste frithpháirteach i leith íocaíochtaí isteach sa chiste agus aistarraingtí amach as?
☐tá ☐níl
|
|
4.
|
An bhfuil rialacha soiléire ag an gciste frithpháirteach lena leagtar síos freagrachtaí as aon fhiacha a thabhaítear?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, i gcomhréir le pointe (542) de na Treoirlínte, nach mór freagraí deimhneacha a thabhairt ar cheisteanna 2, 3 agus 4 den Bhileog Faisnéise seo chun go bhformheasfaidh an Coimisiún an chabhair.
|
|
5.
|
Ar sainíodh rialacha maidir le comhdhéanamh agus bainistiú an chiste fhrithpháirtigh, go háirithe maidir le híocaíochtaí cúitimh a dheonú agus maidir le riarachán agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha sin?
☐sainíodh ☐níor sainíodh
|
|
6.
|
An ndéantar foráil sna socruithe cistí frithpháirteacha maidir le pionóis i gcás mórfhaillí ar pháirt an ghnóthais?
☐déantar ☐ní dhéantar
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, i gcomhréir le pointe (543) de na Treoirlínte, nach mór freagraí deimhneacha a thabhairt ar cheisteanna 5 agus 6 den Bhileog Faisnéise seo chun go mbeidh an Coimisiún in ann an chabhair a fhormheas.
|
|
7.
|
Sonraigh an damáiste a chumhdófar leis an gciste frithpháirteach a maoineofar an ranníocaíocht airgeadais lena aghaidh i bpáirt faoin mbeart cabhrach a dtugtar fógra ina leith:
|
☐
|
Damáiste a rinne dóiteán foraoise;
|
|
☐
|
Damáiste a rinne tubaistí nádúrtha;
|
|
☐
|
Damáiste a rinne teagmhais díobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha nó de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide eile;
|
|
☐
|
Damáiste a rinne lotnaidí plandaí nó speicis choimhthíocha ionracha;
|
|
☐
|
Damáiste a rinne teagmhais turraingeacha agus teagmhais a bhaineann leis an athrú aeráide mar a thagraítear i bpointe (514) de na Treoirlínte;
|
|
☐
|
Damáiste a rinne ainmhithe cosanta, mar a thagraítear i Roinn 2.8.5. de na Treoirlínte;
|
|
☐
|
Damáiste a rinne de dheasca teagmhais chomhshaoil.
|
|
|
8.
|
Deimhnigh, maidir le ranníocaíochtaí airgeadais le cistí frithpháirteacha chun cúiteamh a íoc as damáiste a dhéantar de dheasca teagmhais chomhshaoil, go n-aithneoidh údarás inniúil an Bhallstáit go foirmiúil gur tharla teagmhais comhshaoil i gcás ina dtarlóidh teagmhas den sórt sin.
☐aithneoidh ☐ní aithneoidh
Má dheimhnigh tú an méid sin, ar bhunaigh an Ballstát roimh ré critéir ar ar a mbonn a mheasfar an t-aitheantas foirmiúil dá dtagraítear a bheith deonaithe?
☐bhunaigh ☐níor bhunaigh
Má bhunaigh, tabhair sonraí breise maidir leis na critéir sin a bunaíodh roimh ré:
…
|
|
9.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
☐
|
Na ranníocaíochtaí airgeadais chuig cistí frithpháirteacha chun cúiteamh a íoc le sealbhóirí foraoisí agus bainisteoirí foraoisí le haghaidh an damáiste dá dtagraítear i gceist 7 den Bhileog faisnéise seo, ar ranníocaíochtaí iad a bhaineann leis na méideanna a íocann an ciste frithpháirteach; mar chúiteamh airgeadais do ghnóthais atá gníomhach san fhoraoiseacht.
Tabhair faoi deara nárbh ann d’aon chostas incháilithe eile.
|
|
|
10.
|
Cuir uasteorainn na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (547) de na Treoirlínte, go gcaithfidh déine na cabhrach gan dul thar 70 % de na costais incháilithe:
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
2.2.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTA MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH MÍBHUNTÁISTÍ A BHAINEANN GO SONRACH LE LIMISTÉAR AGUS A EASCRAÍONN AS CEANGLAIS ÉIGEANTACHA ÁIRITHE I LIMISTÉIR FORAOISE
Ní mór an bhileog faisnéise seo a úsáid i ndáil le státchabhair le haghaidh míbhuntáistí a bhaineann go sonrach le limistéar agus a eascraíonn as ceanglais éigeantacha áirithe i limistéir foraoise mar a thuairiscítear i gCuid II, Roinn 2.2 de Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
|
|
1.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach féidir cabhair a dheonú ach amháin do shealbhóirí foraoise, do bhainisteoirí foraoise, agus/nó dá gcomhlachais:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
2.
|
An ndeonaítear an chabhair go bliantúil agus in aghaidh an heicteáir talún foraoise?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
|
|
3.
|
Cuir na limistéir atá incháilithe do chabhair in iúl:
|
(a)
|
☐Limistéir foraoise Natura 2000 arna n-ainmniú de bhun Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE;
|
|
(b)
|
☐limistéir eile cosanta dúlra arna dteorannú ina bhfuil srianta comhshaoil is infheidhme maidir le foraoisí agus lena gcuidítear le cur chun feidhme Airteagal 10 de Threoir 92/43/CEE, ar limistéir iad nach sáraíonn 5 % de na limistéir atá ainmnithe faoi Natura 2000 a chumhdaítear faoi raon feidhme críochach gach Plean Straitéisigh CBT.
|
|
|
4.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐costais bhreise a eascraíonn as míbhuntáistí a bhaineann go sonrach le limistéar sna limistéir lena mbaineann;
|
|
(b)
|
☐ioncam a tarscaoileadh de thoradh míbhuntáistí a bhaineann go sonrach le limistéar sna limistéir lena mbaineann;
|
|
|
5.
|
Deimhnigh go ríomhfar na costais bhreise agus an t-ioncam a tarscaoileadh dá dtagraítear i gceist 4 (a) agus (b) den Bhileog faisnéise seo ar bhonn na srianta a eascraíonn as Treoracha 92/43/CEE, 2009/147/CE agus 2000/60/CE:
☐ríomhfar ☐ní ríomhfar
Tabhair tuairisc ar an modh ríomha:
…
|
|
6.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (553) de na Treoirlínte, go gcaithfidh uasteorainn na cabhrach gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
Cuir an méid in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana in iúl:
…
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
2.3.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH SEIRBHÍSÍ COMHSHAOIL FORAOISE AGUS AERÁIDE AGUS CAOMHNÚ FORAOISÍ
Ní mór an bhileog faisnéise seo a úsáid i ndáil le státchabhair le haghaidh seirbhísí comhshaoil foraoise agus aeráide agus caomhnú foraoisí mar a thuairiscítear i gCuid II, Roinn 2.3 de Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
|
|
1.1.
|
Tabhair tuairisc ar an ngealltanas bainistíochta deonach nó ar na gealltanais bhainistíochta dheonacha atá le déanamh agus cuir in iúl an dtéann siad thar na ceanglais éigeantacha ábhartha a mbunaítear leis an reachtaíocht foraoiseachta náisiúnta nó le reachtaíocht náisiúnta ábhartha eile nó le reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais.
…
|
|
1.2.
|
Cuir na ceanglais éigeantacha ábhartha in iúl agus tabhair tuairisc níos mionsonraithe orthu anseo nó i ndoiciméadacht i gceangal leis seo:
…
|
|
1.3.
|
An é fad tréimhse idir 5 agus 7 mbliana atá beartaithe maidir leis na gealltanais atá á ndéanamh?
Sonraigh: …
|
|
1.4.
|
Má tá an tréimhse gealltanais níos faide, tabhair údar cuí leis an bhfáth a mheastar go bhfuil gá léi i gcás an chineáil sin gealltanais ar leith:
. …
|
|
1.5.
|
Má tá an tréimhse gealltanais níos giorra, tabhair údar cuí leis an bhfáth a mheastar go bhfuil gá léi i gcás an chineáil sin ghealltanais ar leith. Tabhair faoi deara nach mór an tréimhse gealltanais a bheith ar a laghad bliain amháin ar fhad:
…
|
|
1.6.
|
Cuir in iúl an ríomhfar na costais incháilithe:
|
(a)
|
☐mar chúiteamh ar:
|
☐
|
costais bhreise mar thoradh ar na gealltanais bhainistíochta dheonacha;
|
|
☐
|
ioncam a tarscaoileadh mar thoradh ar na gealltanais bhainistíochta dheonacha;
|
|
☐
|
costais na n-idirbheart suas le luach 20 % den phréimh cabhrach a íocadh as na gealltanais maidir leis an gcomhshaol foraoise.
Sonraigh na cúiseanna a meastar go bhfuil gá leis na costais idirbheart:
…
|
|
|
(b)
|
☐ar bhonn luach na seirbhísí comhshaoil foraoise agus aeráide nach n-íoctar ón margadh, lena n-áirítear scéimeanna comhchoiteanna agus scéimeanna íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí, amhail scéimeanna feirmeoireachta carbóin.
|
|
(c)
|
☐i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, amhail oibríochtaí i dtaca le caomhnú an chomhshaoil, maidir leis an gcabhair le haghaidh gealltanais chun úsáid tráchtála crann agus foraoisí a thréigean, féadfar í a ríomh mar ráta comhréidh nó mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid arna ríomh ar bhonn costais bhreise a tabhaíodh agus ioncam a tarscaoileadh.
Tabhair údar le cabhair den sórt sin:
…
|
|
|
1.7.
|
An d’oibríochtaí le haghaidh acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú agus a chur chun cinn atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, deimhnigh go bhfuil na nithe seo a leanas mar chuid de na hoibríochtaí:
|
(a)
|
☐gníomhaíochtaí spriocdhírithe: gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun cinn caomhnú, tréithriú, bailiú agus úsáid in situ agus ex situ acmhainní géiniteacha san fhoraoiseacht, lena n-áirítear fardail ghréasánbhunaithe de na hacmhainní géiniteacha a chaomhnaítear in situ faoi láthair, lena n-áirítear caomhnú ar an ngabháltas foraoise, agus fardail de bhailithe ex situ agus de bhunachair sonraí ex situ;
|
|
(b)
|
☐gníomhaíochtaí comhbheartaithe: gníomhaíochtaí lena gcuirtear malartú faisnéise chun cinn le haghaidh caomhnú, tréithriú, bailiú agus úsáid acmhainní géiniteacha i bhforaoiseacht an Aontais, i measc eagraíochtaí inniúla sna Ballstáit;
|
|
(c)
|
☐bearta tionlacain: gníomhaíochtaí faisnéise, leata agus comhairleacha a bhfuil baint ag eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ag páirtithe leasmhara ábhartha eile leo, cúrsaí oiliúna agus ullmhú tuarascálacha teicniúla.
|
Tabhair tuairisc níos mionsonraithe ar na hoibríochtaí a bhaineann le caomhnú agus cur chun cinn na n-acmhainní géiniteacha foraoise dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c):
…
|
|
1.8.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl:
|
—
|
........ % de na costais incháilithe maidir le seirbhísí bithéagsúlachta, aeráide, uisce nó ithreach, scéimeanna comhchoiteanna agus scéimeanna íocaíochtaí atá bunaithe ar thorthaí, amhail scéimeanna feirmeoireachta carbóin;
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (561)(a) de na Treoirlínte, go gcaithfidh uasteorainn na cabhrach gan dul thar 120 % de na costais incháilithe maidir le seirbhísí bithéagsúlachta, aeráide, uisce nó ithreach, scéimeanna comhchoiteanna agus scéimeanna íocaíochtaí atá bunaithe ar thorthaí, amhail scéimeanna feirmeoireachta carbóin.
|
|
—
|
…….. % de luach na seirbhísí comhshaoil foraoise agus aeráide nach n-íoctar ón margadh, i gcás scéimeanna lena ríomhtar na costais incháilithe ar bhonn phointe (557)(b) de na Treoirlínte;
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (561)(b) de na Treoirlínte, go gcaithfidh uasteorainn na cabhrach gan dul thar luach na seirbhísí comhshaoil foraoise agus aeráide nach n-íoctar ón margadh, i gcás scéimeanna lena ríomhtar na costais incháilithe ar bhonn phointe (557)(b) de na Treoirlínte.
|
|
—
|
…….. % de na costais incháilithe chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú agus a chur chun cinn agus i ngach cás eile.
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (561)(c) de na Treoirlínte, go gcaithfidh uasteorainn na cabhrach gan dul thar 100 % de na costais incháilithe chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú agus a chur chun cinn agus i ngach cás eile.
|
|
|
2.
|
CLÁSAL UM ATHBHREITHNIÚ
|
|
2.1.
|
Deimhnigh go ndéantar foráil maidir le clásal um athbhreithniú i leith na n-oibríochtaí a bhaineann leis an gcabhair seo:
☐déantar ☐ní dhéantar
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, i gcomhréir le pointe (647) de na Treoirlínte, go gceanglaítear ar an mBallstát clásal um athbhreithniú a sholáthar chun a áirithiú go ndéanfar coigeartú ar na hoibríochtaí i gcás ina ndéanfar leasuithe ar na caighdeáin, ar na ceanglais nó ar na hoibleagáidí éigeantacha ábhartha dá dtagraítear i Roinn 2.3 de Chaibidil 2 de Chuid II de na Treoirlínte nach mór do na gealltanais dá dtagraítear sa Roinn sin a shárú.
|
|
2.2.
|
An dtéann an cabhair seo thar an gclárthréimhse um fhorbairt tuaithe 2023-2027?
☐téann ☐ní théann
Má théann, tabhair faoi deara gurb amhlaidh, i gcomhréir le pointe (648) de na Treoirlínte, nach mór clásal um athbhreithniú a chur isteach ionas go bhféadfar na hoibríochtaí a choigeartú i ndáil le creat dlíthiúil na clárthréimhse ina dhiaidh sin.
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
2.4.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH GNÍOMHAÍOCHTAÍ MALARTAITHE EOLAIS AGUS FAISNÉISE IN EARNÁIL NA FORAOISEACHTA
Ní mór an bhileog faisnéise seo a úsáid i ndáil le státchabhair le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise in earnáil na foraoiseachta mar a thuairiscítear i gCuid II, Roinn 2.4 de Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
|
|
1.
|
Deimhnigh go bhfuil na gníomhaíochtaí lena dtacaítear comhsheasmhach leis an tuairisc a thugtar ar an gCóras um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS) sa Phlean Straitéiseach CBT:
☐tá ☐níl
|
|
2.
|
Cé acu de na cineálacha gníomhaíochta seo a leanas is féidir a mhaoiniú leis an gcabhair?
|
(a)
|
☐gníomhaíocht chun nuálaíocht a chur chun cinn;
|
|
(c)
|
☐pleananna agus staidéir a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta;
|
|
(d)
|
☐malartú agus leathadh eolais agus faisnéise a chuidíonn chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaint amach (541);
|
|
(e)
|
☐malartuithe bainistíochta foraoisí gearrthéarmacha agus cuairteanna ar fhoraoisí lena ndírítear, go háirithe, ar mhodhanna inbhuanaithe maidir le feirmeoireacht agus foraoiseacht, agus/nó ar theicneolaíochtaí, ar fhorbairt deiseanna nua gnó agus teicneolaíochtaí nua, agus ar athléimneacht na foraoise a fheabhsú;
|
|
(f)
|
☐gníomhaíochtaí taisealbhaidh.
Sonraigh an gcumhdaítear costais infheistíochta ábhartha leis an gcabhair le haghaidh gníomhaíochtaí taisealbhaidh:
☐cumhdaítear ☐ní chumhdaítear
Mura gcumhdaítear, sonraigh na costais infheistíochta incháilithe:
…
|
|
|
3.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (566) de na Treoirlínte, go gcaithfidh déine na cabhrach gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
2.5.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH SEIRBHÍSÍ COMHAIRLEACHA IN EARNÁIL NA FORAOISEACHTA
Ní mór an bhileog faisnéise seo a úsáid i ndáil le státchabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha in earnáil na foraoiseachta mar a thuairiscítear i gCuid II, Roinn 2.5 de Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
|
|
1.
|
Deimhnigh go bhfuil na gníomhaíochtaí lena dtacaítear comhsheasmhach leis an tuairisc a thugtar ar an gCóras um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS) sa Phlean Straitéiseach CBT:
☐tá ☐níl
|
|
2.
|
Deimhnigh go gcumhdaítear gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta leis na seirbhísí comhairleacha agus go gcuirfidh na seirbhísí sin faisnéis eolaíoch agus theicneolaíoch ar fáil atá cothrom le dáta agus a forbraíodh trí bhíthin taighde agus nuálaíochta:
☐cumhdaítear ☐ní chumhdaítear
|
|
3.
|
Deimhnigh go bhfuil ceangal idir comhairle a thugtar do shealbhóirí foraoise agus cuspóir amháin ar a laghad de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 (542):
☐tá ☐níl
|
|
4.
|
Sonraigh na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 lena mbaineann:
…
|
|
5.
|
Deimhnigh maidir leis an gcomhairle a thugtar do shealbhóirí foraoisí go gcumhdaítear ar a laghad na hoibleagáidí ábhartha faoi Threoir 92/43/CEE (543), Treoir 2009/147/CE (544) agus Treoir 2000/60/CE (545):
☐cumhdaítear ☐ní chumhdaítear
|
|
6.
|
Sonraigh na hoibleagáidí ábhartha faoi Threoir 92/43/CEE, Treoir 2009/147/CE agus Treoir 2000/60/CE a chumhdaítear sa chomhairle:
…
|
|
7.
|
Sonraigh an gcumhdaítear leis an gcabhair saincheisteanna a bhaineann le feidhmíocht eacnamaíoch agus chomhshaoil an ghabháltais foraoiseachta:
☐cumhdaítear ☐ní chumhdaítear
Sonraigh:
…
|
|
8.
|
Deimhnigh gur comhairle neamhchlaonta atá sa chomhairle a thugtar agus go mbeidh na comhairleoirí saor ó aon choinbhleacht leasa:
☐is ea/beidh ☐ní hea/ní bheidh
|
|
9.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐cabhair chun cuidiú le gnóthais atá gníomhach in earnáil na foraoiseachta tairbhiú de sheirbhísí comhairleacha a úsáid chun feabhas a chur ar an bhfeidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil mar aon leis an neamhdhíobhálacht don aeráid agus ar an athléimneacht i dtaca lena ngabháltas, lena bhfiontar agus/nó lena n-infheistíocht;
|
|
(b)
|
☐na costais a bhaineann le pleananna bainistíochta foraoisí a bhunú;
|
Tabhair tuairisc ar na bearta atá beartaithe:
…
|
|
10.
|
Deimhnigh gur don soláthraí seirbhísí comhairleacha atá an chabhair á deonú agus gurb amhlaidh nach mbaineann an chabhair le híocaíochtaí díreacha do ghnóthais atá gníomhach in earnáil na foraoiseachta (tairbhithe):
☐is ea/is amhlaidh ☐ní hea/ní hamhlaidh
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (572) de na Treoirlínte, nach féidir a dhearbhú go bhfuil an chabhair ina ndéantar íocaíochtaí díreacha do thairbhithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Ní mór an chabhair a dheonú i bhfoirm seirbhísí fóirdheonaithe.
|
|
11.
|
Sonraigh déine na cabhrach agus an méid cabhrach:
…
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (574) de na Treoirlínte, go gcaithfidh déine na cabhrach gan dul thar 100 % de na costais incháilithe, agus nach rachaidh sí thar EUR 200 000 in aghaidh an ghnóthais laistigh d’aon tréimhse 3 bliana.
|
FAISNÉIS EILE
Cuir in iúl anseo aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte:
…
|
2.6.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH COMHAR IN EARNÁIL NA FORAOISEACHTA
Ní mór an bhileog faisnéise seo a úsáid i ndáil le státchabhair le haghaidh comhar in earnáil na foraoiseachta mar a thuairiscítear i gCuid II, Roinn 2.6 de Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
|
|
1.1.
|
Comhar a chur chun cinn a chuidíonn chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaint amach, an lena aghaidh sin atá an chabhair á deonú (546)?
☐is ea ☐ní hea
Sonraigh an cuspóir de chuid Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 lena gcuidíonn an beart cuidithe:
…
|
|
1.2.
|
An bhfuil baint ag beirt ghníomhaithe ar a laghad leis an gcomhar?
☐tá ☐níl
|
|
1.3.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach dtairbhíonn de chabhair ach gníomhaithe atá gníomhach in earnáil na foraoiseachta nó in earnáil na talmhaíochta agus earnáil na foraoiseachta araon:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, i gcomhréir le pointe (577) de na Treoirlínte, go bhféadfar cabhair a dheonú chun comhar idir dhá ghníomhaí ar a laghad a chur chun cinn gan beann ar iad a bheith gníomhach in earnáil na foraoiseachta nó in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta ach ar choinníoll nach dtairbheoidh an comhar sin ach d’earnáil na foraoiseachta nó d’earnáil na talmhaíochta agus d’earnáil na foraoiseachta araon.
|
|
1.4.
|
Cuir foirm an bhirt comhair chuidithe in iúl:
|
(a)
|
☐cineálacha cur chuige comhair i measc gnóthais éagsúla in earnáil na foraoiseachta agus gníomhaithe eile atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta a chuidíonn chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaint amach, lena n-áirítear grúpaí táirgeoirí agus comharchumainn;
|
|
(b)
|
☐braislí agus gréasáin a chruthú.
|
|
|
1.5.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach bhfuil aon chabhair á deonú le haghaidh comhar nach bhfuil ach comhlachtaí taighde amháin páirteach ann:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
2.
|
COSTAIS INCHÁILITHE AGUS DÉINE NA CABHRACH
|
|
2.1.
|
Is le haghaidh comhar a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seo a leanas atá an chabhair á deonú:
|
(b)
|
☐táirgí, cleachtais, próisis agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt in earnáil na foraoiseachta;
|
|
(c)
|
☐comhar i measc oibreoirí beaga in earnáil na foraoiseachta maidir le comhphróisis oibre a eagrú agus áiseanna agus acmhainní a chomhroinnt;
|
|
(d)
|
☐comhar cothrománach agus ingearach i measc gníomhaithe sa slabhra bia chun slabhraí soláthair gearra agus margaí áitiúla a bhunú agus a fhorbairt;
|
|
(e)
|
☐gníomhaíochtaí cur chun cinn i gcomhthéacs áitiúil a bhaineann le slabhra soláthair gearr agus margaí áitiúla a fhorbairt;
|
|
(f)
|
☐gníomhaíocht chomhpháirteach a dhéantar d’fhonn an t-athrú aeráide a mhaolú nó oiriúnú don athrú sin;
|
|
(g)
|
☐straitéisí forbartha áitiúla, seachas na cinn sin dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060 (547), a chur chun feidhme, go háirithe ag grúpaí de chomhpháirtithe poiblí agus príobháideacha seachas na cinn sin dá dtagraítear in Airteagal 31(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/1060.
|
|
|
2.2.
|
I gcás inar le haghaidh braislí agus líonraí a chruthú atá an chabhair á deonú, an amhlaidh nach bhfuil an chabhair sin á deonú ach do bhraislí agus líonraí nuabhunaithe agus dóibh siúd atá ag tabhairt faoi ghníomhaíocht a bhfuil siad ag tosú uirthi as an nua?
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Murab amhlaidh, tabhair faoi deara gurb amhlaidh, faoi na Treoirlínte, nach féidir an chabhair sin a dheonú.
|
|
2.3.
|
Maidir le cabhair le haghaidh bunú agus forbairt slabhraí soláthair gairide, an gcumhdófar slabhraí soláthair nach bhfuil ach idirghabhálaí amháin iontu idir an sealbhóir foraoise/bainisteoir foraoise agus an tomhaltóir, agus iad sin amháin?
☐cumhdófar ☐ní chumhdófar
|
|
2.4.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl, a mhéid a bhaineann siad le gníomhaíocht in earnáil na foraoiseachta:
|
(a)
|
☐costais staidéir ar an limistéar lena mbaineann, costais staidéir indéantachta, agus costais maidir le plean gnó nó straitéis forbartha áitiúil a tharraingt suas, seachas an ceann dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060;
|
|
(b)
|
☐costais oibriúcháin an chomhair, amhail tuarastal ‘comhordaitheora’;
|
|
(c)
|
☐costais na n-oibríochtaí atá le cur chun feidhme;
|
|
(d)
|
☐na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí cur chun cinn;
|
|
(e)
|
☐na costais a bhaineann le pleananna bainistíochta foraoise nó ionstraimí coibhéiseacha a tharraingt suas.
|
|
|
2.5.
|
An bhfuil an chabhair teoranta d’uastréimhse 7 mbliana?
☐tá ☐níl
|
|
2.6.
|
I gcás nach bhfuil an chabhair teoranta d’uastréimhse 7 mbliana, cuir an chúis le tréimhse eile in iúl:
|
(a)
|
☐tá cabhair á deonú i bhfabhar straitéisí forbartha áitiúla, seachas na cinn sin dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060, a chur chun feidhme, go háirithe ag grúpaí de chomhpháirtithe poiblí agus príobháideacha seachas na cinn sin dá dtagraítear in Airteagal 31(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/1060;
|
|
(b)
|
☐tá cabhair á deonú i bhfabhar comhghníomhaíochtaí comhshaoil agus aeráide i gcásanna a bhfuil údar cuí leo chun na cuspóirí sonracha comhshaoil agus aeráide a bhaint amach a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointí (d), (e) agus (f) de Rialachán (AE) 2021/2115.
Tabhair údar cuí le gníomhaíochtaí comhpháirteacha chomhshaoil a théann thar tréimhse 7 mbliana:
|
…
|
|
2.7.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (585) de na Treoirlínte, go gcaithfidh déine na cabhrach gan dul thar 100 % de na costais incháilithe, cé is moite de chostais na n-oibríochtaí, arb é atá iontu infheistíochtaí.
|
|
2.8.
|
Cuir in iúl uasteorainn cabhrach chostais na n-oibríochtaí dá dtagraítear i bpointe (582)(c) de na Treoirlínte, arb é atá iontu infheistíochtaí:
…
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (584) de na Treoirlínte, maidir le costais na n-oibríochtaí dá dtagraítear i bpointe (582)(c) de na Treoirlínte, arb é atá iontu infheistíochtaí, go háirithe costais dhíreacha tionscadal sonrach a bhfuil ceangal acu le plean bainistíochta foraoise nó a choibhéis a chur chun feidhme, ní mór na costais sin a bheith teoranta do na costais incháilithe agus d’uasteorainneacha cabhrach na cabhrach infheistíochta in earnáil na foraoiseachta, mar a shonraítear i Roinn 2.1 de Chuid II de na Treoirlínte i ndáil leis an gcabhair infheistíochta.
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
2.7.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR NUATHIONSCANTA LE hAGHAIDH GRÚPAÍ TÁIRGEOIRÍ AGUS EAGRAÍOCHTAÍ TÁIRGEOIRÍ IN EARNÁIL NA TALMHAÍOCHTA
Ní mór an bhileog faisnéise seo a úsáid i ndáil le cabhair thosaithe le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na foraoiseachta mar a thuairiscítear i gCuid II, Roinn 2.7 de Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
|
|
1.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach bhfuil incháilithe le haghaidh cabhrach ach amháin grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí táirgeoirí a ndearna an t-údarás inniúil de chuid an Bhallstáit lena mbaineann iad a aithint go hoifigiúil ar bhonn plean gnó a cuireadh isteach:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
2.
|
An bhfuil sé d’oibleagáid ar an mBallstát a fhíorú gur baineadh amach cuspóirí an phlean gnó laistigh de thréimhse 5 bliana ón dáta a tugadh aitheantas don ghrúpa táirgeoirí nó don eagraíocht táirgeoirí?
☐tá ☐níl
|
|
3.
|
Maidir leis na comhaontuithe, na cinntí agus iompraíocht eile a tugadh i gcrích faoi chuimsiú an ghrúpa táirgeoirí nó na heagraíochta táirgeoirí, deimhnigh go gcomhlíonann siad na rialacha iomaíochta mar atá feidhm acu de bhua Airteagal 206 go hAirteagal 210a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013:
☐comhlíonann ☐ní chomhlíonann
|
|
4.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach bhfuil cabhair á deonú do na heintitis seo a leanas:
|
(a)
|
eagraíochtaí, eintitis nó comhlachtaí táirgeachta, amhail cuideachtaí nó comharchumainn, arb é is cuspóir dóibh gabháltas foraoiseachta amháin nó níos mó a bhainistiú agus ar féidir a mheas gur táirgeoirí aonair iad dá bhrí sin;
|
|
(b)
|
comhlachais foraoiseachta eile, a thugann faoi chúraimí, amhail tacaíocht fhrithpháirteach agus seirbhísí bainistíochta foraoise, i ngabháltais na gcomhaltaí nach bhfuil baint acu le soláthar a oiriúnú go comhpháirteach don mhargadh.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
|
5.
|
An bhfuil cabhair á deonú do ghrúpaí táirgeoirí nó d’eagraíochtaí táirgeoirí, nó an bhfuil cabhair á deonú, suas leis an méid foriomlán céanna, go díreach do tháirgeoirí chun a ranníocaíochtaí le costais oibriúcháin na ngrúpaí nó na n-eagraíochtaí le linn na gcéad 5 bliana tar éis bhunú an ghrúpa a fhritháireamh?
☐tá ☐níl
|
|
6.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐na costais a bhaineann le háitreabh oiriúnach a fháil ar cíos;
|
|
(b)
|
☐na costais a bhaineann le trealamh oifige a fháil, costais foirne riaracháin, forchostais, táillí dlí agus riaracháin, crua-earraí ríomhaireachta a fháil agus táillí fála nó úsáide a maidir le bogearraí ríomhaireachta, réitigh néalríomhaireachta agus réitigh chomhchosúla;
|
|
|
7.
|
I gcás inar le haghaidh ceannach láithreán a luaitear i gceist 6(a) den Bhileog faisnéise seo atá an chabhair á deonú, an bhfuil na costais teoranta do chostais chíosa ar rátaí an mhargaidh?
☐tá ☐níl
|
|
8.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach n-íocfar aon chabhair i dtaca le costais a thabhaítear tar éis an chúigiú bliain ón tráth a aithníonn údarás inniúil an Bhallstáit an grúpa táirgeoirí nó an eagraíocht táirgeoirí ar bhonn a phlean gnó:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
9.
|
I gcás ina n-íoctar an chabhair i dtráthchodanna bliantúla, an amhlaidh nach n-íocfaidh an Ballstát an tráthchuid deiridh ach amháin tar éis cur chun feidhme ceart an phlean gnó a sheiceáil?
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
10.
|
Cuir déine na cabhrach agus méid na cabhrach in iúl:
…
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh faoi bhun phointe (593) de na Treoirlínte, go gcaithfidh déine na cabhrach gan dul thar 100 % de na costais incháilithe agus de bhun phointe (594) de na Treoirlínte, nach mór méid iomlán na cabhrach a bheith teoranta do EUR 500 000:
|
|
11.
|
I gcás ina dtugtar cabhair go díreach do tháirgeoirí chun a ranníocaíochtaí le costais oibriúcháin na ngrúpaí nó na n-eagraíochtaí le linn na gcéad 5 bliana tar éis bhunú an ghrúpa nó na heagraíochta a fhritháireamh, an féidir leat a dheimhniú go bhféadfar cabhair suas leis an méid foriomlán céanna a dheonú?
☐is féidir ☐ní féidir
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
2.8.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR EILE LE hAGHAIDH EARNÁIL NA FORAOISEACHTA LENA mBAINEANN CUSPÓIRÍ ÉICEOLAÍOCHTA, COSANTA AGUS ÁINEASA
Ní mór an bhileog faisnéise seo a úsáid i ndáil le státchabhair in earnáil na foraoiseachta a mbaineann cuspóirí éiceolaíochta, cosanta agus áineasa léi mar a thuairiscítear i gCuid II, Roinn 2.8 de Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
|
|
1.1.
|
Deimhnigh gurb é príomhchuspóir an bhirt státchabhrach feidhmeanna éiceolaíocha, cosanta agus áineasa foraoisí, bithéagsúlacht agus éiceachóras foraoise folláine a chothabháil nó a athchóiriú:
☐is ea ☐ní hea
|
|
1.2.
|
Tabhair tuairisc ar an gcaoi a chuidíonn na bearta go díreach le feidhmeanna éiceolaíocha, cosanta agus áineasa foraoisí, bithéagsúlacht agus éiceachóras foraoise folláine a chothabháil nó a athchóiriú:
…
|
|
1.3.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach ndeonófar aon chabhair do thionscail fhoraois-bhunaithe nó chun adhmad a bhaint ar bhealach atá inmharthana ó thaobh na tráchtála de nó chun adhmad a iompar nó chun adhmad nó acmhainní foraoiseachta eile a phróiseáil ina dtáirgí nó chun fuinneamh a ghiniúint.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
1.4.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach ndeonófar aon chabhair le haghaidh leagan crann arb é is príomhchuspóir dó adhmad a bhaint ar bhealach atá inmharthana ó thaobh na tráchtála de nó le haghaidh athstocála i gcás ina gcuirfear crainn choibhéiseacha in ionad na gcrann a leagfar.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
1.5.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (598) de na Treoirlínte, go gcaithfidh an chabhair le haghaidh na beart uile dá dtagraítear i Roinn 2.8 de na Treoirlínte gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
|
1.6.
|
An bhfuil cabhair á deonú do ghnóthais atá gníomhach in earnáil na foraoiseachta?
☐tá ☐níl
|
|
2.1.
|
☐Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí agus idirghabhálacha a bhaineann go sonrach leis an bhforaoiseacht agus é mar phríomhchuspóir di rannchuidiú le héiceachóras agus bithéagsúlacht foraoise nó an tírdhreach traidisiúnta a chothabháil nó a athchóiriú.
|
|
2.1.1.
|
Maidir le cabhair le haghaidh crainn agus fásra eile a chur, a phrúnáil, a thanú agus a leagan i bhforaoisí atá ann cheana féin, crainn thite a bhaint agus le haghaidh na gcostas pleanála a bhaineann le bearta den sórt sin, cabhair i ndáil leis na costais le haghaidh leathadh lotnaidí, galar crann agus speicis choimhthíocha ionracha a chóireáil agus a chosc agus cabhair le haghaidh an damáiste a rinne na lotnaidí, na galair chrainn agus na speicis choimhthíocha ionracha a shlánú, deimhnigh gurb é príomhchuspóir na cabhrach sin rannchuidiú le héiceachóras foraoise agus bithéagsúlacht nó an tírdhreach traidisiúnta a chothabháil nó a athchóiriú:
☐is é ☐ní hé
|
|
2.1.2.
|
Tabhair tuairisc níos mionsonraithe ar an mbeart:
…
|
|
2.1.3.
|
Sonraigh costais incháilithe na cabhrach le haghaidh leathadh lotnaidí, galar crann agus speiceas coimhthíoch ionrach a chóireáil agus a chosc agus costais incháilithe na cabhrach le haghaidh an damáiste a rinne na lotnaidí, na galair chrainn agus na speicis choimhthíocha ionracha a shlánú:
|
(a)
|
☐na costais atá ar bhearta coisctheacha agus cóireála, lena n-áirítear ullmhú na hithreach le haghaidh athchuir, agus ar na táirgí, na fearais agus na hábhair a bhfuil gá leo i gcomhair bearta den sórt sin.
I gcás inar le haghaidh na gcostas sin atá an chabhair á deonú, deimhnigh go gcomhlíontar prionsabail an bhainistithe chomhtháite lotnaidí a leagtar amach in Airteagal 14 de Threoir 2009/128/CE (548) agus in Iarscríbhinn III a ghabhann léi, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáid táirgí cosanta plandaí, mar a cheanglaítear le hAirteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 (549):
☐comhlíonfar ☐ní chomhlíonfar
|
|
(b)
|
☐na costais a bhaineann le cailleadh stoc agus athstocáil suas le margadhluach an stoic a scriosadh de réir an ordaithe ó na húdaráis chun an galar nó an lotnaid a bhí i gceist a chomhrac. Nuair atá an caillteanas incriminteach á ríomh, féadfar incrimint fhéideartha an stoic arna scriosadh go dtí an ghnáthaois leagtha a chur san áireamh.
|
|
|
2.2.
|
☐Cabhair le haghaidh cáilíocht na hithreach a chothabháil agus a fheabhsú agus le haghaidh fás cothrom agus folláin crann a áirithiú in earnáil na foraoiseachta.
|
|
2.2.1.
|
An le haghaidh cáilíocht na hithreach i bhforaoisí a chothabháil agus a fheabhsú agus le haghaidh fás cothrom agus folláin crann a áirithiú atá cabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
|
|
2.2.2.
|
Tabhair tuairisc níos mionsonraithe ar an mbeart:
…
|
|
2.2.3.
|
Mar chuid de na bearta, an bhfuil sé i gceist an ithir a fheabhsú le leasachán agus cóireálacha eile chun a cothromaíocht nádúrtha a chothabháil, dlús fásra iomarcach a laghdú agus a áirithiú go gcoinneofar dóthain uisce san ithir agus go mbeidh draenáil cheart aici, agus an gcuirfear costais pleanála na mbeart sin san áireamh?
☐tá ☐níl
|
|
2.2.4.
|
An bhfuil cabhair á deonú le haghaidh costais phleanála beart den sórt sin?
☐tá ☐níl
|
|
2.2.5.
|
Mínigh an chaoi ina n-áirithítear nach laghdaítear an bhithéagsúlacht leis na bearta, nach dtarlaíonn láisteadh cothaitheach dá dtoradh agus nach mbíonn drochthionchar acu ar éiceachórais uisce nádúrtha ná ar chriosanna cosanta uisce.
…
|
|
2.3.
|
☐Cabhair le haghaidh cosáin nádúrtha, eilimintí agus gnéithe den tírdhreach agus gnáthóg nádúrtha d’ainmhithe in earnáil na foraoiseachta a athchóiriú agus a chothabháil.
|
|
2.3.1.
|
An mbaineann na costais incháilithe le cosáin nádúrtha, eilimintí agus gnéithe den tírdhreach agus an ghnáthóg nádúrtha d’ainmhithe a athchóiriú agus a chothabháil, lena n-áirítear costais phleanála?
☐baineann ☐ní bhaineann
|
|
2.3.2.
|
Tabhair tuairisc níos mionsonraithe ar an mbeart ar na costais incháilithe:
…
|
|
2.3.3.
|
Bearta arb é is aidhm dóibh Treoir 92/43/CEE (550) agus Treoir 2009/147/CE (551) a chur chun feidhme, deimhnigh go n-eisítear iad ón gcineál seo cabhrach (ní mór na bearta sin a chumhdach san fhoirm a bhaineann le Roinn 2.2 de Chuid II de na Treoirlínte).
☐eisítear ☐ní eisítear
|
|
2.4.
|
☐Cabhair chun bóithre a chothabháil chun dóiteáin foraoise a chosc
|
|
2.4.1.
|
An chabhair le haghaidh bóithre a chothabháil, deimhnigh go bhfuil sé d’aidhm aici dóiteáin foraoise a chosc:
☐tá ☐níl
|
|
2.4.2.
|
Tabhair tuairisc ar an mbeart cabhrach:
…
|
|
2.4.3.
|
Tabhair tuairisc ar an mbaint a bhfuil ag cuspóir na cabhrach (dóiteán foraoise a chosc) le cothabháil bóithre:
…
|
|
2.5.
|
☐Cabhair chun an damáiste a rinne ainmhithe cosanta i bhforaoisí a shlánú.
|
|
2.5.1.
|
An ndearnadh bearta coisctheacha réasúnta atá comhréireach don riosca damáiste de dheasca ainmhithe cosanta san fhoraois lena mbaineann?
☐rinneadh ☐ní dhearnadh
I gcás nach féidir bearta coisctheacha réasúnta den sórt sin a dhéanamh, mínigh cén fáth nach féidir aon bheart coisctheach a dhéanamh:
…
|
|
2.5.2.
|
Deimhnigh gur suíodh nasc cúisíoch díreach idir an damáiste a rinneadh agus iompraíocht na n-ainmhithe:
☐suíodh ☐níor suíodh
|
|
2.5.3.
|
Deimhnigh gur bunaíodh an scéim cabhrach laistigh de 3 bliana ón dáta a tharla an teagmhas, agus go n-íocfar an chabhair amach laistigh de 4 bliana ón dáta sin.
☐bunaíodh ☐níor bunaíodh
|
|
2.5.4.
|
An ríomhtar an damáiste ar leibhéal an tairbhí aonair?
☐ríomhtar ☐ní ríomhtar
|
|
2.5.5.
|
Maidir le costais an damáiste a tabhaíodh mar thoradh díreach ar an teagmhas ba chúis leis an damáiste, an ndearna údarás poiblí, saineolaí neamhspleách atá aitheanta ag an údarás deonúcháin nó gnóthas árachais measúnú orthu?
☐rinne ☐ní dhearna
|
|
2.5.6.
|
Cuir an cineál damáiste in iúl:
|
(a)
|
☐damáiste do chrainn bheo. Féadfar an chabhair a dheonú chun na costais a bhaineann le cailleadh stoc agus athstocáil a chúiteamh suas le margadhluach an stoic a scrios na hainmhithe cosanta. Nuair atá margadhluach an chaillteanais incrimintigh á ríomh, féadfar incrimint fhéideartha an stoic a scriosadh go dtí an ghnáthaois leagtha a chur san áireamh.
|
|
(b)
|
☐costais eile a thabhaíonn an tairbhí de dheasca an teagmhais atá ina chúis leis an damáiste, amhail bearta cóireála, lena n-áirítear ullmhú na hithreach le haghaidh athchuir agus na táirgí, na fearais agus na hábhair a bhfuil gá leo i gcomhair oibríochtaí den sórt sin.
|
|
(c)
|
☐an damáiste ábhartha do na sócmhainní seo a leanas: trealamh, innealra agus foirgnimh foraoiseachta. Ní mór ríomh an damáiste do mhaoin a bheith bunaithe ar chostas deisiúcháin na sócmhainne dá ndearnadh difear nó ar luach eacnamaíoch na sócmhainne sin sular ndearnadh an damáiste leis an teagmhas. Ní bheidh sé níos mó ná an costas deisiúcháin ná an laghdú ar an margadhluach cothrom mar gheall ar an teagmhas ba chúis leis an damáiste, is é sin an difríocht idir luach na sócmhainne díreach sular tharla an teagmhas agus díreach ina dhiaidh.
|
|
|
2.5.7.
|
Ar dealaíodh ón méid aon chostas nár tabhaíodh mar gheall ar an teagmhais ba chúis leis an damáiste, ar costas é a thabhódh an tairbhí murach sin?
☐dealaíodh ☐níor dealaíodh
|
|
2.5.8.
|
Maidir leis an gcabhair agus aon íocaíocht eile a fhaightear chun an damáiste a chúiteamh, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi bheartais náisiúnta nó beartais an Aontais nó faoi pholasaithe árachais, an bhfuil siad teoranta do 100 % de na costais incháilithe?
☐tá ☐níl
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
2.9.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR IN EARNÁIL NA FORAOISEACHTA ATÁ AILÍNITHE LE BEARTA CABHRACH TALMHAÍOCHTA
Ní mór an bhileog faisnéise seo a úsáid i ndáil le státchabhair in earnáil na foraoiseachta atá ailínithe le bearta cabhrach talmhaíochta mar a thuairiscítear i gCuid II, Roinn 2.9 de Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
|
|
☐
|
Cabhair le haghaidh taighde agus forbairt in earnáil na foraoiseachta.
|
|
1.
|
An bhfuil an tionscadal cuidithe chun leas na ngnóthas uile atá gníomhach san earnáil foraoiseachta nó san fho-earnáil foraoiseachta ar leith lena mbaineann?
☐tá ☐níl
Má tá, tabhair fianaise:
…
|
|
2.
|
An bhfoilseofar an fhaisnéis seo a leanas ar an idirlíon roimh dháta tosaigh an tionscadail chuidithe?
|
(a)
|
dáta tosaigh an tionscadail dá dtugtar cabhair;
|
|
(b)
|
spriocanna an tionscadail dá dtugtar cabhair;
|
|
(c)
|
neasdáta le haghaidh fhoilsiú na dtorthaí a bhfuil coinne leo ón tionscadal dá dtugtar cabhair;
|
|
(d)
|
an áit ar an idirlíon a bhfoilseofar na torthaí a bhfuil coinne leo ón tionscadal cuidithe;
|
|
(e)
|
ráiteas ina luaitear go bhfuil torthaí an tionscadail dá dtugtar cabhair ar fáil do na gnóthais uile atá gníomhach san earnáil foraoiseachta nó san fho-earnáil foraoiseachta lena mbaineann saor in aisce.
☐foilseofar ☐ní fhoilseofar
|
Tabhair fianaise agus tabhair mionsonraí faoin seoladh idirlín:
…
|
|
3.
|
Maidir le torthaí an tionscadail chuidithe:
|
(a)
|
an gcuirfear ar fáil ar an idirlíon iad ó dháta deiridh an tionscadail chuidithe nó an dáta a thabharfar aon fhaisnéis i dtaca leis na torthaí sin do chomhaltaí aon eagraíochta ar leith, pé acu dáta is túisce;
☐cuirfear ☐ní chuirfear
|
|
(b)
|
an gcuirfear ar fáil ar an idirlíon iad ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ó dháta deiridh an tionscadail chuidithe?
☐cuirfear ☐ní chuirfear
|
Más freagra dearfach a thugtar ar phointe (a) nó (b), tabhair fianaise:
…
|
|
4.
|
An go díreach don eagraíocht taighde agus leata eolais atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
|
|
5.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach é a bheidh i gceist leis an gcabhair go ndéanfar cabhair a sholáthar do ghnóthais atá gníomhach in earnáil na foraoiseachta de réir phraghas na dtáirgí foraoiseachta:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
6.
|
Cuir na costais incháilithe in iúl:
|
(a)
|
☐na costais foirne i ndáil le taighdeoirí, teicneoirí agus foireann tacaíochta eile a mhéid a fhostaítear don tionscadal iad;
|
|
(b)
|
☐costais na n-ionstraimí agus an trealaimh a mhéid a úsáidtear don tionscadal iad agus fad a úsáidtear dó sin iad. I gcás nach n-úsáidtear na hionstraimí ná an trealamh sin le haghaidh shaolré iomlán an tionscadail, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go ginearálta, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe;
|
|
(c)
|
☐costas na bhfoirgneamh agus na talún, a mhéid a úsáidtear don tionscadal iad agus fad a úsáidtear dó sin iad. Maidir le foirgnimh, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe. Maidir le talamh, is costais incháilithe iad na costais a bhaineann le haistriú tráchtála nó na costais chaipitil a thabhaítear iarbhír;
|
|
(d)
|
☐costais a bhaineann le taighde conarthach, le heolas agus le paitinní a cheannaítear nó a cheadúnaítear ó fhoinsí seachtracha de réir coinníollacha maidir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mar aon le costais seirbhísí comhairleoireachta agus seirbhísí coibhéiseacha a úsáidtear go heisiach don tionscadal;
|
|
(e)
|
☐forchostais bhreise agus costais oibriúcháin eile, lena n-áirítear costais ábhar, soláthairtí agus táirgí comhchosúla, a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an tionscadal.
|
|
|
7.
|
Cuir uasteorainn na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (623) de na Treoirlínte, go gcaithfidh déine na cabhrach gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
|
☐
|
Cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún foraoiseachta.
|
|
1.
|
An bhfuil na costais incháilithe teoranta do na costais dhlíthiúla, riaracháin agus suirbhéireachta iarbhír a thabhaítear i ndáil le comhdhlúthú talún?
☐tá ☐níl
|
|
2.
|
Tabhair tuairisc níos mionsonraithe ar an mbeart:
…
|
|
3.
|
Cuir déine na cabhrach in iúl: …
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (623) de na Treoirlínte, go gcaithfidh déine na cabhrach gan dul thar 100 % de na costais incháilithe.
|
FAISNÉIS EILE
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
3.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH LIMISTÉIR THUAITHE
Ní mór an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon bheart státchabhrach le haghaidh na limistéar tuaithe a chumhdaítear i gCuid II, Caibidil 3 de Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (‘na Treoirlínte’).
Má tá cabhair le haghaidh na limistéar tuaithe le deonú faoi rialacha de chuid an Aontais a bhaineann le gach earnáil nó a bhaineann go sonrach leis an trádáil agus an tionsclaíocht, bain úsáid as an bhfoirm fógra is infheidhme maidir leis na hearnálacha sin nuair atá beart státchabhrach á fhógairt.
|
CRITÉIR INCHÁILITHEACHTA GHINEARÁLTA
|
1.
|
Cuir an cineál cabhrach in iúl:
|
☐
|
cabhair le haghaidh seirbhísí bunúsacha i limistéir thuaithe;
|
|
☐
|
cabhair nuathionscanta gnó le haghaidh gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta i limistéir thuaithe;
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide i limistéir thuaithe do thairbhithe seachas feirmeoirí;
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh míbhuntáistí a bhaineann go sonrach le limistéar, a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe do thairbhithe seachas feirmeoirí;
|
|
☐
|
cabhair chun scéimeanna cáilíochta i ndáil le cadás nó bia-earraí agus an úsáid a bhaineann feirmeoirí astu a chur chun cinn agus chun tacú leo;
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh comhair i limistéir thuaithe, lena n-áirítear cabhair maidir le páirt a ghlacadh i dtionscadail um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail nó i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta;
|
|
☐
|
cabhair chun cistí frithpháirteacha a bhunú.
|
|
|
2.
|
An faoi chuimsiú plean straitéiseach atá i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 atá an chabhair le deonú?
☐is ea ☐ní hea
Mura faoi, tabhair faoi deara nach féidir a dhearbhú go bhfuil an chabhair comhoiriúnach don mhargadh inmheánach ar bhonn na dTreoirlínte.
|
|
3.
|
Cuir in iúl cén plean straitéiseach lena mbaineann agus cén beart faoina bhfuil an chabhair á deonú:
|
|
4.
|
An bhfuil an beart á chómhaoiniú ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) nó an maoiniú breise náisiúnta atá i gceist leis?
|
(a)
|
☐á chómhaoiniú ag CETFT atá sé;
|
|
(b)
|
☐maoiniú náisiúnta breise atá i gceist leis.
|
|
|
5.
|
An i bhfabhar caipitil oibre atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, an i bhfoirm ionstraim airgeadais atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (635)(b) de na Treoirlínte, nach bhféadfar an chabhair i bhfabhar caipiteal oibre a dheonú ach amháin más i bhfoirm ionstraimí airgeadais a dhéanfar í a sholáthar.
Sonraigh an ionstraim airgeadais nó na hionstraimí airgeadais atá á n-úsáid:
. …
|
|
6.
|
An mar chabhair oibriúcháin atá an chabhair á deonú?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair faoi deara gurb amhlaidh, de bhun phointe (635)(c) de na Treoirlínte, nach bhféadfar a mheas go bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach don mhargadh inmheánach ach amháin má dhéantar foráil go sainráite maidir léi sa reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais.
Más rud é go ndéantar sin, déan tagairt don reachtaíocht de chuid an Aontais lena mbaineann:
. …
|
|
7.
|
An bhfuil an chabhair ar fáil do ghnóthais atá i gcruachás mar a shainmhínítear i bpointe (33)63 de na Treoirlínte?
☐tá ☐níl
Má tá, tabhair faoi deara gurb amhlaidh faoi phointe (23) de na Treoirlínte go measann an Coimisiún nach féidir a mheas, nuair atá gnóthas i gcruachás airgeadais, agus baol ann dá réir go dtiocfadh deireadh leis an ngnóthas ar fad, gur meán iomchuí atá sa ghnóthas sin chun cuspóirí beartais phoiblí eile a chur chun cinn go dtí go n-áiritheofar inmharthanacht an ghnóthais chéanna. Dá bhrí sin, Treoirlínte an Choimisiúin maidir le státchabhair le haghaidh teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu, ní mór don chabhair sin na treoirlínte sin a chomhlíonadh, mura bhfuil an chabhair díolmhaithe ón oibleagáid fógra a thabhairt ina leith.
|
|
8.
|
An bhfuil an chabhair ar fáil do ghnóthais atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach don mhargadh inmheánach?
☐tá ☐níl
Má tá, tabhair faoi deara nach féidir a dhearbhú go bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach don mhargadh inmheánach.
|
|
9.
|
An le haghaidh infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh agus san fhuinneamh in-athnuaite atá an chabhair beartaithe?
☐is ea ☐ní hea
Más ea, tabhair faoi deara nach bhfuil feidhm ag na Treoirlínte maidir leis an gcabhair sin. I gcomhréir le pointe (637) de na Treoirlínte ní mór don chabhair sin Treoirlínte 2022 maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh (552) a chomhlíonadh, ach amháin i gcás ina bhfuil an chabhair díolmhaithe ón oibleagáid fógra a thabhairt.
|
FAISNÉIS EILE
Cuir in iúl anseo aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt lena mbaineann.
…’
|
|
(h)
|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid III.13.B:
‘CUID III.13.B
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR OIBRIÚCHÁIN D’AERFOIRT
Moltar an bhileog faisnéise forlíontaí seo a líonadh isteach, i dteannta na foirme ‘Faisnéis ghinearálta’, chun fógra a thabhairt i leith aon chabhair infheistíochta aonair a chumhdaítear leis na Treoirlínte maidir le státchabhair d’aerfoirt agus d’aerlínte
(553)
.
|
1.
|
FAISNÉIS BHREISE MAIDIR LEIS AN TAIRBHÍ AGUS LENA GHNÍOMHAÍOCHTAÍ
Moltar an bhileog faisnéise forlíontaí seo a líonadh isteach, i dteannta na foirme ‘Faisnéis ghinearálta’, chun fógra a thabhairt i leith aon chabhair infheistíochta aonair a chumhdaítear leis na Treoirlínte maidir le státchabhair d’aerfoirt agus d’aerlínte
(554)
.
|
|
1.1.1.
|
An mbronntar an chabhair go díreach ar oibreoir an aerfoirt?
☐Bronntar ☐Ní bhronntar
|
|
1.1.2.
|
Más freagra diúltach a thugtar ar phointe 1.1.1, tabhair tuairisc, más infheidhme, ar (i) an eintiteas nó na heintitis dhlítheanacha a fhaigheann an chabhair, agus ar (ii) an eintiteas nó na heintitis dhlítheanacha atá freagrach as an gcabhair a aistriú mar idirghabhálaí nó mar idirghabhálaithe chuig an aerfort a sholáthraíonn na seirbhísí atá incháilithe don chabhair.
…
|
|
1.1.3.
|
Más freagra diúltach a thugtar ar phointe 1.1.1, mínigh conas a áirithíonn na húdaráis nach ndeonaítear aon bhuntáiste ar na leibhéil idirmheánacha.
…
|
|
1.1.4.
|
An bhfuil tairbhí na cabhrach ina úinéir ar an aerfort freisin?
☐Tá ☐Níl
|
|
1.1.5.
|
Más freagra diúltach a thugtar ar phointe 1.1.4: sonraigh cén duine atá/a bheidh ina úinéir ar an aerfort agus tabhair tuairisc ar an struchtúr úinéireachta.
…
|
|
1.1.6.
|
I gcás cabhair aonair, tabhair tuairisc ar na gaolmhaireachtaí dlíthiúla, eagraíochtúla agus airgeadais idir faighteoir na cabhrach agus (i) na gnóthais lena bhfuil sé mar chuid de ghrúpa gnóthas; (ii) a fhochuideachtaí; (iii) aon fhiontar comhlachaithe eile, lena n-áirítear comhfhiontair.
I gcás scéimeanna cabhrach, tabhair tuairisc ar an modh lena ndéanfaidh an t-údarás deonúcháin cabhrach measúnú ar na gaolmhaireachtaí dlíthiúla, eagraíochtúla agus airgeadais dá dtagraítear i bpointí 1.1.1 go 1.1.5.
…
|
|
1.2.
|
Faisnéis ghinearálta maidir leis an oibreoir aerfoirt
|
|
1.2.1.
|
I gcás ina n-úsáideann na fórsaí armtha náisiúnta, an fórsa póilíneachta, seirbhísí aertharrthála neamheacnamaíocha, nó aon aersheirbhís eile de chineál neamheacnamaíoch an t-aerfort nó na haerfoirt, sonraigh (a) cineál na seirbhíse nó na seirbhísí; agus (b) ráta úsáid acmhainne an aerfoirt (e.g. úsáid an rúidbhealaigh agus saoráidí aerfoirt eile, a shloinntear mar chéatadán de ghluaiseachtaí aerárthaí bliantúla).
…
|
|
1.2.2.
|
Soláthair na sonraí tráchta paisinéirí seo a leanas a bhaineann leis an aerfort nó leis na haerfoirt a fhaigheann an chabhair:
|
(a)
|
Aerfoirt lena ngabhann stair tráchta paisinéirí tráchtála is faide ná 2 bhliain airgeadais: meántrácht paisinéirí bliantúil le linn an 2 bhliain airgeadais roimh an mbliain ina dtugtar fógra i leith na cabhrach nó ina ndeonaítear í iarbhír.
|
|
(b)
|
Aerfoirt lena ngabhann stair tráchta paisinéirí tráchtála is giorra ná 2 bhliain airgeadais: meántrácht paisinéirí bliantúil tuartha le linn an 2 bhliain airgeadais tar éis thús oibríocht an tsreabhaidh aerthráchta paisinéirí tráchtála.
|
Soláthair na sonraí i bhfoirm tábla, mar a leanas: [cóipeáilte ó leathanach 188, pointe 2.2.3]
|
Bliain
|
An líon iomlán paisinéirí
|
|
|
|
|
|
|
Ní mór an líon paisinéirí a áireamh ‘aontreo’ agus le haghaidh gach bealaigh aonair. Mar shampla: dhéanfaí paisinéir a eitlíonn chuig an aerfort agus ar ais a áireamh faoi dhó. Má tá an t-aerfort mar chuid de ghrúpa aerfort, ní mór sonraí tráchta paisinéirí a bhunú ar bhonn gach aerfoirt aonair.
|
|
1.2.3.
|
I gcás cabhair oibriúcháin aonair: soláthair an plean gnó a chuir an tairbhí chun feidhme sa tréimhse 2009–2013, agus a bheartaíonn sé a chur chun feidhme go dtí an 4 Aibreán 2027. Tabhair tuairisc ar na toimhdí is bun leis na pleananna gnó sin.
Ní mór faisnéis maidir le trácht agus réamhaisnéisí tráchta a bheith sa phlean gnó; costais agus réamhaisnéisí costais; sonraí airgeadais agus réamhaisnéisí airgeadais a mhéid a bhaineann le leibhéal na brabúsachta agus na sreafaí airgid (trí thagairt do mhodheolaíochtaí a úsáideann an t-aerfort go follasach, e.g. modhanna a úsáid a chun meastóireacht a dhéanamh ar an nglanluach láithreach infheistíochta (NPV), an ráta toraidh inmheánach (IRR), agus an meántoradh ar chaipiteal a úsáidtear (ROCE). Ní mór an plean gnó a sholáthar i bhformáid excel lena n-áirítear mínithe ar na foirmlí foluiteacha uile.
I gcás scéimeanna cabhrach, sonraigh go mionsonraithe (a) na critéir fhoirmiúla agus ábhartha nach mór pleananna gnó aerfort incháilithe a bheith i gcomhréir leo; (b) an modh a úsáidfidh na húdaráis náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar na pleananna gnó.
…
|
|
1.2.4.
|
I gcás cabhair oibriúcháin aonair, soláthair forléargas achomair ar na caillteanais oibriúcháin (555)
a thabhaigh an tairbhí sa tréimhse 2009–2013, agus ar na caillteanais oibriúcháin thuartha sa tréimhse go dtí an 4 Aibreán 2027. Soláthair na sonraí i bhfoirm tábla, struchtúrtha mar a leanas:
|
Ioncam
|
|
|
|
|
|
…
|
|
|
|
|
|
Costais oibriúcháin
|
|
|
|
|
|
…
|
|
|
|
|
|
Eile
|
|
|
|
|
|
…
|
|
|
|
|
|
Torthaí oibriúcháin
|
|
|
|
|
I gcás scéimeanna cabhrach, sonraigh an modh a úsáidfidh na húdaráis chun caillteanais oibriúcháin aerfort incháilithe a bhunú.
|
|
1.2.5.
|
I gcás cabhair oibriúcháin aonair, soláthair cóipeanna de thuarascálacha airgeadais na n-aerfort incháilithe (556)
le haghaidh na 5 bliana roimh bhliain na hiarrata ar chabhair oibriúcháin.
I gcás scéimeanna cabhrach, geall go n-áireoidh tú na tuarascálacha airgeadais ar a dtugtar tuairisc thuas sa mheasúnú ar chabhair aonair.
…
|
|
1.2.6.
|
Sonraigh na forálacha a rinneadh chun róchúiteamh a sheachaint agus méideanna barrachais a aisghabháil ón tairbhí.
…
|
|
1.3.
|
Gníomhaíochtaí seirbhíse aerfoirt
|
|
1.3.1.
|
Sonraigh na seirbhísí aerfoirt incháilithe (557)
agus na catagóirí de chostais oibriúcháin incháilithe (558)
i leith sholáthar na seirbhísí sin.
…
|
|
1.4.
|
Gníomhaíochtaí a thagann faoi chúraimí an bheartais phoiblí
|
|
1.4.1.
|
An gcumhdaíonn an chabhair oibriúcháin gníomhaíochtaí a thagann faoi fhreagracht an Stáit i bhfeidhmiú a chumhachtaí oifigiúla mar údarás poiblí (e.g. rialú aerthráchta, póilíní, custam, comhrac dóiteáin, gníomhaíochtaí is gá chun eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha de chur isteach neamhdhleathach)? Meastar go ginearálta gur de chineál neamheacnamaíoch iad costais oibriúcháin a bhaineann leis an mbonneagar agus leis an trealamh is gá chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh agus dá réir sin ní thagann siad faoi raon feidhme rialacha státchabhrach.
☐Cumhdaíonn ☐Ní chumhdaíonn
|
|
1.4.2.
|
Soláthair an ionstraim náisiúnta nó réigiúnach ábhartha nó aon ionstraim dlí ábhartha eile maidir le coincheap na ngníomhaíochtaí a thagann faoi chúraimí an bheartais phoiblí agus a maoiniú. In éagmais aon ionstraim dlí den sórt sin, soiléirigh conas a mhaoiníonn na húdaráis ábhartha na gníomhaíochtaí sin de ghnáth.
…
|
|
1.4.3.
|
Soláthair fianaise lena dtaispeántar nach dtagann idirdhealú míchuí idir aerfoirt as maoiniú poiblí gníomhaíochtaí neamheacnamaíocha. Tagann idirdhealú chun cinn i gcásanna inar gá, faoin dlíchóras ábhartha, d’aerfoirt shibhialta costais áirithe a sheasamh de ghnáth, ar costais iad a bhaineann lena ngníomhaíochtaí neamheacnamaíocha, cé nach gá d’aerfoirt shibhialta áirithe na costais sin a chumhdach. Sonraigh infheidhmeacht ábhartha agus chríochach na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le maoiniú gníomhaíochtaí neamheacnamaíocha aerfort agus, más infheidhme, leibhéal na n-inniúlachtaí réigiúnacha san ábhar sin.
…
|
|
1.4.4.
|
Deimhnigh, agus fianaise ábhartha mar thacaíocht leis sin, go mbeidh cúiteamh na gcostas a tabhaíodh i ndáil le gníomhaíochtaí neamheacnamaíocha teoranta go docht do na costais sin, agus aon tras-fhóirdheonú ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha tríd an gcúiteamh sin, go ndéanfar sin a eisiamh go héifeachtach.
…
|
|
1.4.5.
|
Deimhnigh go gcoinneoidh an t-aerfort cuntais chostais ar leithligh ar bun le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus neamheacnamaíocha.
…
|
|
2.
|
MEASÚNÚ COMHOIRIÚNACHTA AN BHIRT
|
|
2.1.
|
Ar deonaíodh an chabhair roimh an 4 Aibreán 2014?
☐Deonaíodh ☐Níor deonaíodh
|
|
2.2.
|
Rannchuidiú le cuspóir dea-shainithe leasa choitinn
|
|
2.2.1.
|
An amhlaidh maidir leis an gcabhair oibriúcháin:
|
(a)
|
☐go méadaíonn sí soghluaisteacht shaoránaigh an Aontais agus nascacht na réigiún trí phointí rochtana a bhunú le haghaidh eitiltí laistigh den Aontas?
|
|
(b)
|
☐go dtéann sí i ngleic leis an bplódú aerthráchta ag mol-aerfoirt mhóra an Aontais?
|
|
(c)
|
☐go n-éascaíonn sí forbairt réigiúnach?
|
Sonraigh conas a rannchuidíonn an chabhair oibriúcháin leis an gcuspóir nó leis na cuspóirí roghnaithe.
…
|
|
2.2.2.
|
An mbaineann an beart a dtugtar fógra ina leith le hoibreoir aerfoirt nua?
☐Baineann ☐Ní bhaineann
|
|
2.2.3.
|
I gcás cabhair oibriúcháin aonair: An bhfuil an t-aerfort is tairbhí lonnaithe sa dobharcheantar céanna (559)
le haerfort eile ag a bhfuil acmhainneacht bhreise?
☐Tá ☐Níl
|
|
2.2.4.
|
I gcás cabhair oibriúcháin aonair: Más freagra dearfach a thugtar ar phointe 2.2.3, sonraigh méid agus cruth an dobharcheantair. Soláthair faisnéis, lena sainaithnítear an éifeacht dhóchúil ar thrácht an aerfoirt eile atá lonnaithe sa dobharcheantar sin. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith mar chuid de phlean gnó an aerfoirt is tairbhí agus ba cheart í a bheith bunaithe ar réamhaisnéisí fónta tráchta paisinéirí agus lasta.
I gcás scéimeanna cabhrach: Deimhnigh (a) go bhfuil na húdaráis tiomanta do mheasúnú a dhéanamh ar éifeacht dhóchúil an tráchta ar aon aerfort eile atá lonnaithe sa dobharcheantar céanna le haerfort incháilithe ar bhonn na faisnéise atá mar chuid de phlean gnó an aerfoirt is tairbhí agus atá bunaithe ar réamhaisnéisí tráchta paisinéirí agus lasta fónta; (b) mínigh an modh agus na critéir a úsáidfidh na húdaráis náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht dhóchúil ar thrácht an aerfoirt nó na n-aerfort eile sin.
…
|
|
2.3.
|
An gá atá le hidirghabháil Stáit
|
|
2.3.1.
|
Deimhnigh nach mó trácht bliantúil an aerfoirt/na n-aerfort incháilithe ná 3 mhilliún paisinéirí (féach freisin ceist 1.2.2).
…
|
|
2.4.1.
|
Léirigh go bhfuil an chabhair i gceist iomchuí chun an cuspóir beartaithe a bhaint amach nó na fadhbanna lena mbeartaítear aghaidh a thabhairt orthu a réiteach. Go háirithe, mínigh conas a bhunaigh na húdaráis nach féidir an cuspóir céanna a bhaint amach, ná nach féidir an fhadhb chéanna a réiteach, trí ionstraimí beartais nó cabhrach nach bhfuil chomh saobhach sin. Mar shampla, má dheonaítear an chabhair i bhfoirmeacha a sholáthraíonn buntáiste airgid díreach (560)
, léirigh cén fáth nach iomchuí foirmeacha eile cabhrach a d’fhéadfadh gan a bheith chomh saobhach sin, amhail airleacain inaisíoctha nó foirmeacha cabhrach atá bunaithe ar ionstraimí fiachais nó cothromais (561)
:
…
|
|
2.4.2.
|
I gcás cabhair oibriúcháin aonair: Ar bunaíodh an méid cabhrach ex-ante mar shuim sheasta lena gcumhdaítear an bhearna chistiúcháin oibriúcháin a bhfuil coinne léi arna cinneadh ar bhonn phlean gnó an tairbhí?
☐Bunaíodh ☐Níor bunaíodh
Más freagra dearfach a thugtar, soláthair faisnéis ábhartha sa phlean gnó.
|
|
2.4.3.
|
I gcás scéimeanna cabhrach: an ndéanfar an méid cabhrach i ngach cás aonair a bhunú ex-ante mar shuim sheasta lena gcumhdaítear an bhearna chistiúcháin oibriúcháin a bhfuil coinne léi arna cinneadh ar bhonn phlean gnó an tairbhí?
☐Déanfar ☐Ní dhéanfar
Más freagra dearfach a thugtar, ba cheart don tairbhí faisnéis ábhartha a sholáthar sa phlean gnó.
|
|
2.4.4.
|
Más freagra diúltach a thugtar ar phointí 2.4.2 agus 2.4.3, sonraigh: (a) leibhéal éiginnteachta réamhaisnéisí costais agus ioncaim, (b) aon neamhshiméadracht faisnéise a choisceann ar na húdaráis náisiúnta an méid cabhrach a ríomh ex ante ar bhonn plean gnó.
…
|
|
2.4.5.
|
Más freagra diúltach a thugtar ar phointí 2.4.2 agus 2.4.3, deimhnigh go raibh/go mbeidh uasmhéid na cabhrach oibriúcháin comhoiriúnaí bunaithe de réir samhail atá bunaithe ar mheán na mbearnaí cistiúcháin oibriúcháin (562)
le linn na 5 bliana ó 2009 go 2013.
…
|
|
2.4.6.
|
Deimhnigh nach méadófar méid na cabhrach oibriúcháin ex post.
☐Ní mhéadófar ☐Méadófar
|
|
2.4.7.
|
Más freagra diúltach a thugtar ar an gceist thuas, mínigh cén fáth i do thuairim nach laghdódh féidearthacht méadaithe ex post dreasachtaí chun bainistíocht a dhéanamh ar an aerfort go héifeachtúil.
…
|
|
2.5.
|
Éifeacht dreasachta agus comhréireacht na cabhrach
|
|
2.5.1.
|
I gcás cabhair oibriúcháin aonair, tabhair tuairisc ar an bhfáth a bhfuil an dóchúlacht ann in éagmais na cabhrach go mbeadh leibhéal ghníomhaíocht eacnamaíoch an aerfoirt lena mbaineann laghdaithe go mór. Soláthair an fhaisnéis is gá ar bhonn an phlean gnó (féach freisin pointe 1.2.3), agus leibhéil na gníomhaíochta beartaithe le cabhair agus gan chabhair (an cás frithfhíorasach) á gcur i gcomparáid, agus láithreacht fhéideartha na cabhrach infheistíochta agus leibhéal an tráchta á gcur san áireamh.
I gcás scéimeanna cabhrach, tabhairt tuairisc ar an modh a chuireann an t-údarás deonúcháin cabhrach i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar na pleananna gnó agus ar an dóchúlacht chomh maith leis sin go mbeadh leibhéal ghníomhaíocht eacnamaíoch an aerfoirt lena mbaineann laghdaithe go mór in éagmais cabhrach, agus láithreacht fhéideartha cabhrach infheistíochta agus leibhéal an tráchta á gcur san áireamh.
…
|
|
2.5.2.
|
I gcás cabhair oibriúcháin aonair, léirigh gurb é a thiocfaidh as plean gnó an aerfoirt cumhdach iomlán na gcostas oibriúcháin faoin 4 Aibreán 2027. Sonraigh príomhpharaiméadair ábhartha an phlean gnó.
I gcás scéimeanna cabhrach, deimhnigh nach ndéanfaidh an t-údarás deonúcháin cabhrach cabhair oibriúcháin aonair a dheonú ach amháin má tá sé socraithe aige gurb é a thiocfaidh as plean gnó an aerfoirt is tairbhí cumhdach iomlán na gcostas oibriúcháin faoin 4 Aibreán 2027. Sonraigh na príomhpharaiméadair den phlean gnó ar a ndéanfaidh na húdaráis deonúcháin cabhrach measúnú chun teacht ar an gconclúid sin i ngach cás.
…
|
|
2.5.3.
|
Cuir in iúl:
I gcás cabhair oibriúcháin aonair: Bearna chistiúcháin tosaigh an aerfoirt is tairbhí thar 13 bliana, a thosaíonn le cumhdach na gcostas oibriúcháin an 4 Aibreán 2014 i dtús na hidirthréimhse agus a shroicheann baint amach chumhdach iomlán na gcostas oibriúcháin faoin 4 Aibreán 2027, i ndeireadh na hidirthréimhse.
I gcás scéimeanna cabhrach: geall (a) go mbunófar bearna chistiúcháin aerfort incháilithe trí úsáid a bhaint as an modh dá dtagraítear i bpointe 2.5.2; (b) nach mór d’aerfoirt incháilithe a léiriú go mbainfidh siad cumhdach iomlán na gcostas oibriúcháin amach faoin 4 Aibreán 2027.
…
|
—
|
An t-uasmhéid cabhrach incheadaithe:
…
|
|
—
|
Céatadán na bearna cistiúcháin atá le cumhdach leis an gcabhair oibriúcháin:
…
|
|
—
|
An tréimhse ar lena linn a dheonófar an chabhair oibriúcháin:
…
|
|
|
2.6.
|
Seachaint éifeachtaí diúltacha ar an iomaíocht agus ar an trádáil
|
|
2.6.1.
|
Léirigh go mbeidh na haerfoirt uile atá lonnaithe sa dobharcheantar céanna leis an aerfort nó leis na haerfoirt incháilithe in ann cumhdach iomlán na gcostas oibriúcháin a bhaint amach faoin 4 Aibreán 2027.
…
|
|
2.6.2.
|
Deimhnigh go mbeidh an t-aerfort nó na haerfoirt, lena n-áirítear aon infheistíocht ar lena haghaidh a dheonaítear cabhair, oscailte do na húsáideoirí féideartha uile agus nach mbeidh sé nó siad tiomnaithe d’úsáideoir sonrach.
☐Beidh ☐Ní bheidh
|
|
2.6.3.
|
Sonraigh na forálacha a rinneadh chun a áirithiú go leithdháilfear acmhainn aerfoirt ar úsáideoirí ar bhonn critéir ábhartha, oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.
…’
|
|
|
(i)
|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid III.14:
‘CUID III.14
BILEOG FAISNÉISE GINERÁLTA MAIDIR LEIS NA TREOIRLÍNTE MAIDIR LE STÁTCHABHAIR IN EARNÁIL AN IASCAIGH AGUS AN DOBHARSHAOTHRAITHE
Tabhair faoi deara go bhfuil feidhm ag an mbileog faisnéise ginearálta seo maidir le fógra a thabhairt maidir le státchabhair i ndáil le gach earnáil a chumhdaítear faoi na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe
(563)
(‘na Treoirlínte’). Ina theannta sin, i gcás gach birt a chumhdaítear leis na Treoirlínte líon isteach an Bhileog Faisnéise Forlíontaí ábhartha.
MEASÚNÚ COMHOIRIÚNACHTA DE BHUN AIRTEAGAL 107(3), POINTE (C) DEN CHONRADH
Ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’), féadfaidh an Coimisiún a mheas go bhfuil Státchabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, is é sin cabhair chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe a éascú, i gcás nach n-athróidh an chabhair sin dálaí trádála a mhéid a bheadh bunoscionn leis an leas comhchoiteann. Chun an measúnú a dhéanamh, breithneoidh an Coimisiún na gnéithe a dtugtar tuairisc orthu san fhoirm seo.
An gcomhlíonann an beart státchabhrach na coinníollacha seo a leanas?
An chéad choinníoll:
|
☐
|
an ghníomhaíocht eacnamaíoch lena mbaineann a shainaithint;
|
|
☐
|
an éifeacht dreasachta: ní mór don chabhair athrú a bhaint amach ar iompraíocht an ghnóthais/na ngnóthas lena mbaineann ar bhealach go dtugann sé faoi ghníomhaíocht bhreise nach mbeadh déanta aige/acu gan an chabhair nó a bheadh déanta aige/acu ar bhealach srianta nó éagsúil;
|
|
☐
|
ní sháraíonn an chabhair forálacha ábhartha ná prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais.
|
An dara coinníoll:
|
☐
|
an gá atá le hidirghabháil Stáit: ní mór don bheart cabhrach feabhsú ábhartha a dhéanamh nach féidir leis an margadh féin a sholáthar, mar shampla, trí theip mhargaidh a leigheas nó trí aghaidh a thabhairt ar imní maidir le cothromas nó le comhtháthú i gcás inarb infheidhme;
|
|
☐
|
oiriúnacht na cabhrach: is gá gur ionstraim beartais is iomchuí chun forbairt na gníomhaíochta eacnamaíche a éascú é an beart cabhrach a bheartaítear;
|
|
☐
|
comhréireacht na cabhrach (cabhair theoranta don íosmhéid is gá): ní mór an méid cabhrach agus déine na cabhrach a bheith teoranta don íosmhéid is gá chun an infheistíocht bhreise nó gníomhaíocht bhreise an ghnóthais/na ngnóthas lena mbaineann a spreagadh;
|
|
☐
|
trédhearcacht na cabhrach: ní mór rochtain éasca a bheith ag Ballstáit, ag an gCoimisiún, ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag an bpobal ar na hionstraimí ábhartha ar fad agus ar fhaisnéis ábhartha maidir leis an gcabhair a dheonaítear fúthu;
|
|
☐
|
seachaint éifeachtaí díobhálacha diúltacha na cabhrach ar an iomaíocht agus ar an trádáil;
|
|
☐
|
na héifeachtaí dearfacha agus diúltacha ar féidir a bheith ag cabhair ar an iomaíocht agus ar an trádáil idir na Ballstáit a mheas (tástáil chothromaíochta).
|
1.
|
AN CHÉAD CHOINNÍOLL: NÍ MÓR DON CHABHAIR FORBAIRT GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE A ÉASCÚ
|
|
1.1.
|
An ghníomhaíocht eacnamaíoch dá dtugtar cabhair
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.1 (pointí 39)–(44)) de na Treoirlínte.
|
|
1.1.1.
|
Le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin ‘cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann’. Dá bhrí sin, le cabhair a luíonn leis an margadh inmheánach faoin bhforáil sin den Chonradh ní mór rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe.
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointí (39) agus (40) de na Treoirlínte, tabhair faisnéis a chuirfeadh ar chumas an Choimisiúin an ghníomhaíocht eacnamaíoch/na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dtabharfar tacaíocht dóibh mar thoradh ar an gcabhair a shainaithint agus léirigh conas a éascaíonn an chabhair forbairt na gníomhaíochta/na ngníomhaíochtaí sin:
…
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (41) de na Treoirlínte, maidir le cabhair chun éifeachtaí diúltacha gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar an aeráid, ar an gcomhshaol, nó ar chuspóir caomhnaithe an Chomhbheartais Iascaigh (‘CBI’) a chosc nó a laghdú, gur féidir go n-éascóidh sí forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha trí inbhuanaitheacht na gníomhaíochta eacnamaíche lena mbaineann a mhéadú.
|
|
1.1.2.
|
Tabhair tuairisc ar cé acu a rannchuidíonn nó nach rannchuidíonn an chabhair le cuspóirí CBI a bhaint amach, lena n-áirítear cuspóirí an Chiste Eorpaigh Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (‘CEMID’), agus, má rannchuidíonn, conas a rannchuidíonn sí, agus tabhair tuairisc níos sonraí ar na tairbhí a bhfuil coinne leo ón gcabhair:
…
Tabhair do d’aire go bhfuil an fhaisnéis seo riachtanach chun go bhféadfaidh an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe (42) de na Treoirlínte ag an gcabhair.
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (43) de na Treoirlínte, i dtaca le cabhair a dheonaítear i gcomhréir le Cuid II, Caibidil 1, Ranna 1.1, 1.2, 1.3 agus 1.4 agus Cuid II, Caibidil 3, Ranna 3.4, 3.5 agus 3.6 de na Treoirlínte seo, go measann an Coimisiún gur féidir leis an gcabhair sin forbairt na gníomhaíochta eacnamaíche sainaitheanta nó an réimse eacnamaíoch shainaitheanta a éascú, toisc go bhféadfaidh sé nach dtarlódh an oiread céanna den fhorbairt sin gan chabhair.
|
|
1.1.3.
|
An ndeonaítear an chabhair do thionscadail infheistíochta is infhógartha go haonarach ar bhonn scéime?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
Má dheonaítear, mínigh conas a rannchuideoidh an tionscadal roghnaithe le cuspóirí na scéime. Chun na críche sin, déan tagairt don fhaisnéis arna soláthar ag iarratasóir na cabhrach.
…
|
|
1.2.
|
Éifeacht dreasachta
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.2 (pointí (45)- (59)) de na Treoirlínte.
Ní féidir a chinneadh go bhfuil státchabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ach má tá éifeacht dreasachta aici. Tá éifeacht dreasachta ann nuair a athraíonn an chabhair iompraíocht gnóthais sa chaoi go dtugann sé faoi ghníomhaíocht bhreise a rannchuidíonn le forbairt na hearnála agus nach mbeadh déanta aige gan an chabhair nó nach mbeadh déanta aige ach ar bhealach sriantach nó éagsúil.
|
|
1.2.1.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe (45) de na Treoirlínte, mínigh conas a spreagann an beart/na bearta gnóthas an tairbhí a iompraíocht a athrú ar bhealach ina ngabhann sé do ghníomhaíocht eacnamaíoch bhreise a rannchuidíonn le forbairt na hearnála, ar gníomhaíocht í nach ndéanfadh an tairbhí gan an chabhair nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó éagsúil.
…
|
|
1.2.2.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh gur mó a bheidh i gceist leis an gcabhair ná costais ghníomhaíochta a fhóirdheonú, ar costais iad a thabhódh an gnóthas in aon chás, agus é sin amháin, agus nach cúiteamh a bheidh inti as an ngnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (45) de na Treoirlínte, nár cheart don chabhair costais ghníomhaíochta a fhóirdheonú, ar costais iad a thabhódh an gnóthas in aon chás agus nár cheart di cúiteamh a dhéanamh as an ngnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch.
|
|
1.2.3.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach bhfuil sé i gceist leis an mbeart státchabhrach a dtugtar fógra ina leith feabhas a chur ar staid airgeadais na ngnóthas agus é sin amháin, gan aon rannchuidiú le forbairt earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Tabhair do d’aire, de bhun pointe (46) de na Treoirlínte, mura ndéantar foráil go sainráite i reachtaíocht an Aontais nó sna Treoirlínte seo maidir le heisceachtaí, go meastar gur cabhair oibriúcháin, nach bhfuil ag luí leis an margadh aonair, iad bearta státchabhrach nach aidhm dóibh ach staid airgeadais gnóthas a fheabhsú agus nach bhfuil ina rannchuidiú ar aon bhealach le forbairt earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe, agus meastar sin go háirithe i gcás cabhair nach ndeonaítear ach amháin ar bhonn an phraghais, na cainníochta, an aonaid táirgeachta nó aonad an mhodha táirgeachta. Thairis sin, mar gheall ar chineál na cabhrach sin, is dócha go gcuirfeadh cabhair den sórt sin isteach ar na sásraí lena rialaítear eagrú an mhargaidh inmheánaigh.
|
|
1.2.4.
|
An é atá i gceist leis an mbeart:
|
—
|
cabhair oibriúcháin?
☐is é ☐ní hé
|
|
—
|
cabhair chun baint amach caighdeáin éigeantacha a éascú?
☐is é ☐ní hé
|
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (47) de na Treoirlínte, go bhfuil cabhair oibriúcháin agus cabhair chun comhlíonadh caighdeán éigeantach a éascú ar neamhréir leis an margadh inmheánach ar bhonn prionsabail, ach amháin má fhoráiltear d’eisceachtaí sonracha i reachtaíocht an Aontais nó sna Treoirlínte seo agus i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo.
Más é, luaigh forálacha na dTreoirlínte nó reachtaíocht eile de chuid an Aontais, ina n-údaraítear go sainráite an chabhair sin agus tabhair údar.
…
|
|
1.2.5.
|
An bhfuil an chabhair a dheonaítear faoi Chuid II, Caibidil 1 de na Treoirlínte teoranta do chuidiú a thabhairt do ghnóthais atá gníomhach in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe agus a bhfuil deacrachtaí éagsúla le sárú acu d’ainneoin iarrachtaí réasúnta a bheith déanta acu chun rioscaí den sórt sin a íoslaghdú?
☐tá ☐níl
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (48) de na Treoirlínte, gur cheart cabhair a dheonaítear faoi Chuid II, Caibidil 1 a bheith teoranta do chuidiú a thabhairt do ghnóthais atá gníomhach in earnáil na hiascaireachta agus in earnáil na dobharshaothraithe a bhfuil deacrachtaí éagsúla le sárú acu d’ainneoin iarrachtaí réasúnta a bheith déanta acu chun rioscaí den sórt sin a íoslaghdú.
Níor cheart é a bheith d’éifeacht le státchabhair gnóthais a mhealladh chun rioscaí neamhriachtanacha a ghlacadh. Ba cheart gnóthais atá gníomhach in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe a bheith freagrach as na hiarmhairtí a bhaineann le roghanna místuama i dtaca le modhanna táirgeachta nó le táirgí. Mar shampla, tá feidhm ag an bprionsabal sin maidir le Cuid II, Caibidil 3, Ranna 3.4, 3.5 agus 3.6.
|
|
1.2.6.
|
An gcuirfidh an tairbhí iarratas ar an gcabhair faoi bhráid na n-údarás náisiúnta sula gcuirfear tús le haon obair ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht?
☐cuirfidh ☐ní chuirfidh
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (49) de na Treoirlínte, nach dreasacht í an chabhair don ghnóthas is tairbhí i gcás ina mbeidh tús curtha cheana leis an obair ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht ábhartha sula gcuireann an gnóthas is tairbhí iarratas ar chabhair faoi bhráid na n-údarás náisiúnta.
|
|
1.2.7.
|
An mbeidh an méid seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chabhair: ainm an iarratasóra agus méid an ghnóthais, tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear a shuíomh agus na dátaí tosaigh agus deiridh, an méid cabhrach is gá chun é a dhéanamh, agus na costais incháilithe?
☐beidh ☐ní bheidh
|
|
1.2.8.
|
An ndeonófar an chabhair d’fhiontair mhóra (564)?
☐deonófar ☐ní dheonófar
|
|
1.2.9.
|
Má fhreagraítear ‘deonófar’ ar an gceist roimhe seo, an amhlaidh go míneoidh na tairbhithe, ar fiontair mhóra iad, san iarratas ar chabhair an cás gan an chabhair (dá ngairtear an cás frithfhíorasach nó tionscadal nó gníomhaíocht mhalartach) agus go gcuirfidh siad fianaise dhoiciméadach isteach chun tacú leis an gcás frithfhíorasach a dtugtar tuairisc air san iarratas?
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (51) de na Treoirlínte, nach bhfuil feidhm ag an gceanglas sin maidir le bardais, ar údaráis áitiúla fhéinrialaitheacha iad ag a bhfuil buiséad bliantúil níos lú ná EUR 10 milliún agus níos lú ná 5 000 áitritheoir. An gcomhlíonann an bardas is tairbhí coinníollacha phointe (51) de na Treoirlínte?
☐comhlíonann ☐ní chomhlíonann
|
|
1.2.10.
|
An ndéanfaidh an t-údarás deonúcháin seiceáil um inchreidteacht ar an gcás frithfhíorasach agus an ndeimhneoidh go mbíonn an éifeacht dreasachta is gá ag an gcabhair?
☐déanfaidh ☐ní dhéanfaidh
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (52) de na Treoirlínte, go mbíonn cás frithfhíorasach inchreidte má bhíonn sé fíor agus má bhaineann sé leis na tosca cinnteoireachta atá forleathan tráth an chinnidh ag an tairbhí maidir leis an tionscadal nó gníomhaíocht lena mbaineann.
|
|
1.2.11.
|
An gcomhlíonann an chabhair i bhfoirm buntáistí cánach na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
leis an scéim cabhrach, is amhlaidh go mbunaítear ceart chun cabhrach i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus gan discréid an Bhallstáit a fheidhmiú a thuilleadh; agus
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
(b)
|
is amhlaidh gur glacadh leis an scéim cabhrach agus go raibh sí i bhfeidhm sular thosaigh obair ar an tionscadal nó gníomhaíocht dá dtugtar cabhair (565)?
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
Más amhlaidh, tabhair do d’aire gurb amhlaidh, de bhun phointe (53) de na Treoirlínte, go meastar go bhfuil éifeacht dreasachta leis an gcabhair sin.
|
|
1.2.12.
|
An dtagann an chabhair faoi cheann de na catagóirí cabhrach a leanas de na Treoirlínte?
|
☐
|
cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla eile a shlánú, i gcomhréir le Cuid II, Caibidil 1, Roinn 1.1 de na Treoirlíne;
|
|
☐
|
cabhair chun an damáiste a tharlaíonn mar gheall ar theagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha a shlánú, i gcomhréir le Cuid II, Caibidil 1, Roinn 1.2 de na Treoirlínte;
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le galair ainmhithe i ndobharshaothrú agus inmhíoluithe speiceas coimhthíoch ionrach a chosc, a rialú agus a dhíothú, agus cabhair chun an damáiste a tharlaíonn mar gheall ar na galair ainmhithe agus na hinmhíoluithe sin a shlánú, i gcomhréir le Cuid II, Caibidil 1, Roinn 1.3 de na Treoirlínte;
|
|
☐
|
cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta a shlánú, i gcomhréir le Cuid II, Caibidil 1, Roinn 1.4 de na Treoirlínte;
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, i gcomhréir le Cuid II, Caibidil 3, Roinn 3.5 de na Treoirlínte;
|
|
☐
|
cabhair leachtachta d’iascairí, i gcomhréir le Cuid II, Caibidil 3, Roinn 3.6 de na Treoirlínte;
|
|
☐
|
cabhair oibriúcháin sna réigiúin is forimeallaí, i gcomhréir le Cuid II, Caibidil 2, Roinn 2.1 de na Treoirlínte;
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh athnuachan an chabhlaigh iascaireachta sna réigiúin is forimeallaí, i gcomhréir le Cuid II, Caibidil 2, Roinn 2.2 de na Treoirlínte;
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtrealamh a chuireann leis an tsábháilteacht, lena n-áirítear trealamh lena gcuirtear ar chumas soithí a limistéir iascaireachta a mhéadú, le haghaidh iascaireacht chósta ar mionscála sna réigiúin is forimeallaí, i gcomhréir le Cuid II, Caibidil 2, Roinn 2.3 de na Treoirlínte.
|
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (54) de na Treoirlínte, nach gá éifeacht dreasachta a bheith ag na catagóirí cabhrach thuas nó meastar go bhfuil éifeacht dreasachta acu.
|
|
Coinníollacha breise le haghaidh cabhair infheistíochta is infhógartha go haonarach agus cabhair infheistíochta d’fhiontair mhóra faoi scéimeanna a dtugtar fógra ina leith
Más le haghaidh infheistíocht aonair atá an chabhair á deonú, lean ar aghaidh le ceisteanna 1.2.13. go 1.2.17. thíos.
De bhun phointe (59) de na Treoirlínte, más rud é nach n-athraíonn an chabhair iompraíocht an ghnóthais is tairbhí trí infheistíocht bhreise a spreagadh, níl aon éifeacht dhearfach aici ar fhorbairt na hearnála lena mbaineann. Dá bhrí sin, ní mheasfar go bhfuil cabhair ag luí leis an margadh inmheánach más rud é gur cosúil go saothrófaí an infheistíocht chéanna fós gan an chabhair.
|
1.2.13.
|
Tabhair fianaise shoiléir san fhógra go bhfuil tionchar éifeachtach ag an gcabhair ar an rogha infheistíochta. Mínigh an tionchar sin:
…
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (55) de na Treoirlínte, chun go mbeifear in ann measúnú cuimsitheach a dhéanamh, nach mór don Bhallstát tuairisc chuimsitheach ar an gcás frithfhíorasach, faoi nach ndeonaíonn aon údarás poiblí aon chabhair don tairbhí ann, a sholáthar anuas ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an tionscadal dá dtugtar cabhair.
|
|
1.2.14.
|
Tabhair tuairisc chuimsitheach ar an gcás frithfhíorasach, faoi nach ndeonaíonn aon údarás poiblí aon chabhair don tairbhí:
…
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (58) de na Treoirlínte, i gcás nach eol aon chás frithfhíorasach sonrach, go bhféadfar glacadh leis gurb ann don éifeacht dreasachta más ann do bhearna chistiúcháin. Is é sin an cás nuair is mó na costais infheistíochta ná glanluach reatha (NPV) bhrabúis oibriúcháin ionchasacha na hinfheistíochta ar bhonn plean gnó ex-ante.
|
|
1.2.15.
|
Sonraigh cén doiciméad/cé na doiciméid a bhaineann leis an tionscadal infheistíochta atá á mheasúnú a chuirtear isteach mar chuid den fhógra:
…
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (56) de na Treoirlínte, go n-iarrtar ar na Ballstáit tarraingt as fíordhoiciméid oifigiúla bhoird, measúnuithe riosca, lena n-áirítear an measúnú ar rioscaí a bhaineann le suíomh sonrach, tuarascálacha airgeadais, pleananna gnó inmheánacha, tuairimí saineolacha agus staidéir eile a bhaineann leis an tionscadal infheistíochta atá á mheasúnú. Ní mór na doiciméid sin a tharraingt suas i gcomhthráth leis an bpróiseas cinnteoireachta a bhaineann leis an infheistíocht nó le suíomh na hinfheistíochta. Doiciméid ina bhfuil faisnéis ar réamhaisnéisí éilimh, réamhaisnéisí costais, réamhaisnéisí airgeadais, doiciméid a chuirtear faoi bhráid coiste infheistíochta agus lena dtugtar míniú mionsonraithe ar chásanna infheistíochta éagsúla, nó doiciméid a sholáthraítear do na hinstitiúidí airgeadais, is doiciméid iad a d’fhéadfadh cuidiú leis na Ballstáit an éifeacht dreasachta a léiriú.
|
|
1.2.16.
|
Sonraigh cén chaoi a ndéanfar meastóireacht ar an leibhéal brabúsachta:
…
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (57) de na Treoirlínte, go bhféadfar meastóireacht a dhéanamh ar an leibhéal brabúsachta trí úsáid a bhaint as modhanna atá mar chuid den chleachtas caighdeánach san earnáil lena mbaineann agus lena bhféadfaí modhanna a áireamh chun meastóireacht a dhéanamh ar ghlanluach láithreach (NPV) (566) an tionscadail, ar an ráta toraidh inmheánach (IRR) (567) nó ar an meántoradh ar chaipiteal a úsáidtear (ROCE). Tá brabúsacht an tionscadail le cur i gcomparáid leis na gnáthrátaí toraidh a chuireann an tairbhí i bhfeidhm i dtionscadail infheistíochta eile de chineál comhchosúil. I gcás nach mbeidh na rátaí sin ar fáil, tá brabúsacht an tionscadail le cur i gcomparáid le costais chaipitil an ghnóthais ina iomláine nó leis na rátaí toraidh a fheictear go coitianta san earnáil lena mbaineann.
|
|
1.2.17.
|
An bhfuil bearna chistiúchán i gceist leis an tionscadal infheistíochta i.e an mó na costais infheistíochta ná NPV bhrabúis oibriúcháin ionchasacha na hinfheistíochta ar bhonn plean gnó ex-ante?
☐tá ☐níl
Má tá, tabhair na sonraí:
…
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (58) de na Treoirlínte, nuair atá bearna chistiúcháin i gceist leis an tionscadal infheistíochta, is é sin nuair a sháraíonn na costais infheistíochta NPV bhrabúis oibriúcháin ionchasacha na hinfheistíochta ar bhonn plean gnó ex ante, gur féidir glacadh leis go bhfuil éifeacht dreasachta ann.
|
|
1.3.
|
Gan sárú ar aon fhorálacha ábhartha de dhlí an Aontais
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.1.3 (pointí (60)– (64)) de na Treoirlínte.
|
|
1.3.1.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mbaineann sárú ar dhlí ábhartha an Aontais leis an mbeart státchabhrach, leis na coinníollacha atá ag gabháil leis, lena n-áirítear a modh maoiniúcháin nuair is cuid lárnach den bheart státchabhrach é an modh maoiniúcháin, nó leis an ngníomhaíocht a mhaoinítear leis:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (60) de na Treoirlínte, más rud é go mbaineann sárú ar dhlí ábhartha an Aontais le beart státchabhrach, leis na coinníollacha atá ag gabháil leis, lena n-áirítear an modh maoiniúcháin nuair is dlúthchuid den bheart státchabhrach é, nó má bhaineann sárú ar dhlí ábhartha an Aontais leis an ngníomhaíocht a mhaoinítear leis an mbeart, ní féidir a dhearbhú go bhfuil an chabhair ag luí leis an margadh inmheánach.
Tabhair faisnéis lena ndeimhnítear nach bhfuil sárú ar dhlí ábhartha an Aontais i gceist leis an mbeart cabhrach:
…
|
|
1.3.2.
|
Deimhnigh nach ndeonaítear státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe:
|
(a)
|
☐chun tacú le gníomhaíochtaí iascaireachta lena mbaineann sáruithe tromchúiseacha faoi Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (568) nó Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (569) agus is iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) nó a thacaíonn le hiascaireacht NNN (570);
|
|
(b)
|
☐chun tacú le hoibriú, le bainistiú nó le húinéireacht soithigh iascaireachta atá ar áireamh i liosta soithí NNN an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 40(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, nó soithigh a bhfuil bratach tíre a shainaithnítear mar thríú tír neamh-chomhoibritheach, mar a leagtar amach in Airteagal 33 den Rialachán sin, ar foluain aige.
|
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (60) de na Treoirlínte, nach ndearbhóidh an Coimisiún go bhfuil an chabhair ag luí leis an margadh inmheánach, má thacaíonn sí le haon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointe (61) de na Treoirlínte.
|
|
1.3.3.
|
Deimhnigh nach mbaineann státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe le:
|
(a)
|
☐neamh-chomhlíonadh na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (571) lena rialaítear comheagrú an mhargaidh;
|
|
(b)
|
☐méadú ar an acmhainneacht iascaireachta nó tógáil soithí nua as a n-eascróidh, go díreach agus go huathoibríoch, nach gcomhlíonfaidh an Ballstát Airteagal 22(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ná na huasteorainneacha acmhainneachta iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis.
|
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (60) de na Treoirlínte, nach ndearbhóidh an Coimisiún go bhfuil an chabhair ag luí leis an margadh inmheánach, má thacaíonn sí le haon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointe (61) de na Treoirlínte.
|
|
1.3.4.
|
An bhfuil an chabhair faoi réir na hoibleagáide go n-úsáidfeadh an gnóthas is tairbhí táirgí nó seirbhísí náisiúnta?
☐tá ☐níl
Má tá, tabhair do d’aire, de bhun phointe (62) de na Treoirlínte, nach féidir a dhearbhú go bhfuil an chabhair ag luí leis an margadh inmheánach.
|
|
1.3.5.
|
An gcuireann an chabhair srian leis an bhféidearthacht go ndéanfaidh an gnóthas is tairbhí na torthaí taighde, forbartha agus nuálaíochta a shaothrú i mBallstáit eile?
☐cuireann ☐ní chuireann
Má chuireann, tabhair do d’aire, de bhun phointe (62) de na Treoirlínte, nach féidir a dhearbhú go bhfuil an chabhair ag luí leis an margadh inmheánach.
|
|
1.3.6.
|
Maidir leis an gcabhair, deimhnigh
|
(a)
|
an ndeonaítear í do ghníomhaíochtaí a bhaineann le honnmhairiúchán chuig tríú tíortha nó chuig Ballstáit, a bheadh nasctha go díreach leis na cainníochtaí a onnmhairíodh?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
|
|
(b)
|
an mbraitheann sí ar úsáid earraí intíre de rogha ar earraí allmhairithe?
☐braitheann ☐ní bhraitheann
|
|
(c)
|
an ndeonaítear í chun gréasán dáileacháin a bhunú agus a oibriú?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
|
|
(d)
|
an ndeonaítear í chun aon chaiteachas eile a chumhdach a bhaineann le gníomhaíochtaí onnmhairiúcháin?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
|
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (63) de na Treoirlínte, nach n-údaróidh an Coimisiún cabhair do ghníomhaíochtaí lena mbaineann onnmhairiú chuig tríú tíortha nó Ballstáit a bheadh nasctha go díreach leis na cainníochtaí a onnmhairítear, cabhair a bhraitheann ar úsáid earraí intíre seachas allmhairithe, ná cabhair chun líonra dáileacháin a bhunú agus a oibriú nó chun aon chaiteachas eile atá nasctha le gníomhaíochtaí onnmhairiúcháin a chumhdach. Mar sin féin, maidir le cabhair maidir le costais rannpháirtíochta in aontaí trádála, nó le costais na staidéar nó na seirbhísí comhairliúcháin atá ag teastáil chun táirge nua nó chun táirge atá ann cheana a sheoladh ar mhargadh nua, ní cabhair le haghaidh onnmhairiúcháin í i bprionsabal.
|
|
1.3.7.
|
An bhfuil an córas maoiniúcháin ina chuid lárnach den bheart cabhrach?
☐tá ☐níl
Má tá, sonraigh conas an córas maoiniúcháin:
…
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (29) de na Treoirlínte, nuair is dlúthchuid den bheart cabhrach é an córas maoiniúcháin, mar shampla trí tháillí paraifhioscacha, nach mór fógra a thabhairt faoi.
|
|
1.3.8.
|
Tabhair faisnéis faoin gcaoi a ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta comhlíonadh phointí (61), (62) agus (63) de na Treoirlínte a fhíorú:
…
|
|
2.
|
AN DARA COINNÍOLL: NÍ FÉIDIR LEIS AN GCABHAIR DÁLAÍ TRÁDÁLA A ATHRÚ AN OIREAD GO MBEADH DOCHAR ANN DON LEAS COITEANN
De bhun Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, féadfar a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin cabhair chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nach bhféadfar déanamh amhlaidh ach amháin ‘
i gcás nach n-athróidh an chabhair sin coinníollacha trádála a mhéid a bheadh bunoscionn leis an leas comhchoiteann
’.
Mar gheall ar a bhfuil i gceist leis, gineann aon bheart cabhrach saobhadh ar an iomaíocht agus tá éifeacht aige ar an trádáil idir na Ballstáit. Mar sin féin, chun a shuí cibé acu atá iarmhairtí saobhacha na cabhrach teoranta don íosmhéid nó nach bhfuil, fíoróidh an Coimisiún an bhfuil gá leis an gcabhair, an bhfuil sí iomchuí, an bhfuil sí comhréireach agus an bhfuil sí trédhearcach.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar iarmhairt shaobhach na cabhrach atá i gceist ar an iomaíocht agus ar dhálaí trádála. Ansin déanfaidh an Coimisiún éifeachtaí dearfacha na cabhrach a chur i gcomparáid lena héifeachtaí diúltacha ar an iomaíocht agus ar an trádáil. I gcás inar mó na héifeachtaí dearfacha ná na héifeachtaí diúltacha, dearbhóidh an Coimisiún go bhfuil an chabhair ag luí leis an margadh inmheánach.
|
|
2.1.
|
An gá atá leis an idirghabháil stáit
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.1 (pointí 69)-(71)) de na Treoirlínte.
|
|
2.1.1.
|
De bhun phointí (69) agus (70) de na Treoirlínte, ní mór státchabhair a spriocdhíriú ar chásanna inar féidir leis an gcabhair forbairt ábhartha a dhéanamh nach féidir leis an margadh féin a sholáthar, mar shampla, trí theip mhargaidh a leigheas i dtaca leis an ngníomhaíocht a dtugtar cabhair ina leith nó leis an infheistíocht atá i gceist. Is féidir go deimhin le bearta státchabhrach, faoi dhálaí áirithe, teipeanna margaidh a cheartú, rud a rannchuidíonn le feidhmiú éifeachtúil na margaí agus a chuireann leis an iomaíocht. Tá an méid sin fíor go háirithe i gcomhthéacs acmhainní poiblí ganna.
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointí (69) agus (70) de na Treoirlínte, tabhair an fhaisnéis go léir a léiríonn an gá atá le hidirghabháil stáit:
…
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (71) de na Treoirlínte, go measann an Coimisiún nach bhfuil na cuspóirí ionchasacha á mbaint amach ag an margadh gan idirghabháil stáit a bhaineann leis an gcabhair lena gcomhlíontar na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gCuid I, Caibidil 2, Roinn 2.3 agus Cuid II, Caibidil 1, Ranna 1.1, 1.2, 1.3 agus 1.4, agus Caibidil 2, Roinn 2.2 de na Treoirlínte. Dá bhrí sin, measfar gur gá cabhair den sórt sin.
|
|
2.2.
|
Oiriúnacht na cabhrach
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.2. (pointí (72)-(79)) de na Treoirlínte.
Ní mór gur ionstraim beartais iomchuí a bheadh sa chabhair a bheartaítear chun forbairt na gníomhaíochta eacnamaíche a éascú. Féadfar gurb ann d’ionstraimí eile a bheadh níos fearr chun cuspóirí na cabhrach a bhaint amach amhail rialáil, ionstraimí margadhbhunaithe, forbairt bonneagair agus feabhas sa timpeallacht ghnó. Ní mór don Bhallstát a léiriú go bhfuil an chabhair agus dearadh na cabhrach iomchuí chun cuspóir an bhirt ar a bhfuil an chabhair dírithe a bhaint amach.
|
|
2.2.1.
|
Sonraigh má chomhlíonann an chabhair na coinníollacha sonracha a leagtar síos maidir leis na catagóirí cabhrach seo a leanas:
|
☐
|
cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla eile a shlánú, i gcomhréir le Cuid II, Caibidil 1, Roinn 1.1 de na Treoirlíne;
|
|
☐
|
cabhair chun an damáiste a tharlaíonn mar gheall ar theagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha a shlánú, i gcomhréir le Cuid II, Caibidil 1, Roinn 1.2 de na Treoirlínte;
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le galair ainmhithe i ndobharshaothrú agus inmhíoluithe speiceas coimhthíoch ionrach a chosc, a rialú agus a dhíothú, agus cabhair chun an damáiste a tharlaíonn mar gheall ar na galair ainmhithe agus na hinmhíoluithe sin a shlánú, i gcomhréir le Cuid II, Caibidil 1, Roinn 1.3 de na Treoirlínte;
|
|
☐
|
cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta a shlánú, i gcomhréir le Cuid II, Caibidil 1, Roinn 1.4 de na Treoirlínte;
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh athnuachan an chabhlaigh iascaireachta sna réigiúin is forimeallaí, i gcomhréir le Cuid II, Caibidil 2, Roinn 2.2 de na Treoirlínte;
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh catagóirí beart a chumhdaítear le Rialacháin maidir le blocdhíolúintí, i gcomhréir le Cuid I, Caibidil 2, Roinn 2.3 de na Treoirlínte;
|
|
☐
|
beart cabhrach den chineál céanna le hoibríocht atá incháilithe le haghaidh cistiú faoi Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (572).
|
– De bhun phointe (73) de an Treoirlínte, measann an Coimisiún gur ionstraim beartais iomchuí iad bearta cabhrach a chomhlíonann na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gCuid I, Caibidil 2, Roinn 2.3, agus Cuid II, Caibidil 1, Ranna 1.1, 1.2, 1.3, 1.4, 1.5, agus Cuid II, Caibidil 2, Roinn 2.2. Tá beart cabhrach den chineál céanna le hoibríocht atá incháilithe do chistiú faoi Rialachán (AE) 2021/1139 iomchuí má chomhlíonann sé forálacha ábhartha an Rialacháin sin.
|
Oiriúnacht i measc ionstraimí beartais malartacha
|
2.2.2.
|
De bhun phointe (73) de na Treoirlínte, léirigh nach ann d’aon ionstraim beartais eile nach bhfuil saobhadh chomh mór céanna ag baint léi:
…
|
|
2.2.3.
|
An bhfuil an chabhair atá le deonú le haghaidh beart cabhlaigh nó le haghaidh scor de ghníomhaíochtaí iascaireachta, i gcomhréir le catagóir cabhrach faoi Chuid II, Caibidil 3 de na Treoirlínte, agus foráil maidir leis an idirghabháil chéanna á déanamh ag an am céanna i gclár ábhartha CEMID?
☐tá ☐níl
Má tá, leag amach na buntáistí a bhaineann le hionstraim cabhrach náisiúnta den sórt sin i gcomparáid leis an idirghabháil ábhartha i gclár EMFAF:
. …
|
Oiriúnacht i measc foirmeacha éagsúla cabhrach
De bhun phointe (76) de na Treoirlínte, féadfar cabhair a dheonú i bhfoirmeacha éagsúla. Ba cheart don Bhallstát a áirithiú, áfach, go ndeonófar an chabhair san fhoirm is dóichí a ghinfidh an saobhadh is lú ar an trádáil agus ar an iomaíocht.
De bhun phointe (79) de na Treoirlínte, i dtaca leis an measúnú ar chomhoiriúnacht birt cabhrach leis an margadh inmheánach, tá sé gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le soláthar poiblí agus do phrionsabail na trédhearcachta, na hoscailteachta agus an neamh-idirdhealaithe sa phróiseas roghnúcháin i dtaca le soláthraí seirbhíse.
|
2.2.4.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe (76) de na Treoirlínte, sonraigh foirm na cabhrach agus léirigh gur dócha go nginfear leis an bhfoirm sin an saobhadh is lú is féidir ar an trádáil agus ar an iomaíocht:
…
|
|
2.2.5.
|
Deimhnigh an bhfuil cabhair le deonú san fhoirm dá bhforáiltear:
|
☐
|
sa Roinn is infheidhme de na Treoirlínte
|
|
☐
|
in idirghabháil CEMID lena mbaineann i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1139.
|
Sainaithin an chatagóir cabhrach ábhartha, chomh maith le foirm na cabhrach:
…
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (77) de na Treoirlínte, go measann an Coimisiún gur foirm cabhrach iomchuí í cabhair a dheonaítear san fhoirm dá bhforáiltear sna Treoirlínte seo nó san idirghabháil CEMID ábhartha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1139.
|
|
2.2.6.
|
An ndeonaítear an chabhair i bhfoirm/foirmeacha a thugann buntáiste airgid díreach (mar shampla, deontais dhíreacha, díolúintí nó laghduithe ar chánacha, slándáil shóisialta nó muirir éigeantacha eile)?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
Má dheonaítear, léirigh cén fáth nach bhfuil cineálacha eile cabhrach a d’fhéadfadh nach bhfuil saobhadh chomh mór céanna ag baint leo (mar shampla, airleacain inaisíoctha nó cineálacha cabhrach atá bunaithe ar ionstraimí fiachais nó cothromais (573)) chomh hoiriúnach céanna:
…
|
|
2.3.
|
Comhréireacht na cabhrach agus carnadh
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.3. (pointí (80)-(104)) de na Treoirlínte.
Meastar go bhfuil cabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe comhréireach más rud é go bhfuil an méid cabhrach in aghaidh an ghnóthais is tairbhí teoranta don íosmhéid is gá chun go ndéanfar an ghníomhaíocht a dtugtar cabhair ina leith. Chun an intuarthacht a áirithiú mar aon le cothroime iomaíochta, déantar foráil sna Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm uasdéiní cabhrach le haghaidh cabhrach.
|
|
2.3.1.
|
An sáraíonn an chabhair méid na gcostas incháilithe?
☐sáraíonn ☐ní sháraíonn
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (81) de na Treoirlínte, go meastar go bhfuil an chabhair comhréireach mura sáraíonn sí na costais incháilithe.
|
|
2.3.2.
|
An ríomhtar uasdéiní cabhrach agus uasmhéideanna cabhrach mar a leagtar amach sa roinn is infheidhme de Chuid II de na Treoirlínte?
☐ríomhtar ☐ní ríomhtar
Mínigh conas a ríomhtar na costais incháilithe:
…
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (83) de na Treoirlínte, nach meastar critéar na comhréireachta a bheith comhlíonta ach amháin má ríomhtar na costais incháilithe agus na huasdéiní cabhrach nó na huasmhéideanna cabhrach a leagtar amach i Ranna Chuid II de na Treoirlínte.
|
|
2.3.3.
|
An n-urramaíonn an méid cabhrach uasdéine cabhrach infheidhme na cabhrach poiblí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) 2022/2473 ón gCoimisiún (574) le haghaidh catagóirí beart a chumhdaítear leis na Rialacháin a leagtar amach i gCuid I, Caibidil 2, Roinn 2.3 de na Treoirlínte?
☐urramaíonn ☐ní urramaíonn
Tabhair do d’aire nach meastar prionsabal na comhréireachta a bheith á urramú ach amháin i gcás nach sáraítear an uasdéine cabhrach is infheidhme i Rialachán (AE) 2022/2473. Mura n-urramaíonn, tabhair do d’aire, de bhun phointe (84) de na Treoirlínte, má théann beart cabhrach thar na forálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2473, nach mór don Bhallstát an t-údar agus an riachtanas dosháraithe atá leis an gcabhair a léiriú. Tabhair an t-údar atá leis an uasdéine cabhrach agus léirigh riachtanas dosháraithe na cabhrach.
…
|
|
2.3.4.
|
An ríomhfaidh an t-údarás deonúcháin an uasdéine cabhrach agus an méid cabhrach agus an chabhair á deonú aige?
☐ríomhfaidh ☐ní ríomhfaidh
|
|
2.3.5.
|
An dtacóidh an fhianaise dhoiciméadach shoiléir, shonrach agus chomhaimseartha leis na costais incháilithe?
☐tacóidh ☐ní thacóidh
|
|
2.3.6.
|
Agus an déine cabhrach agus na costais incháilithe á ríomh, an nglacfar na figiúirí uile sula n-asbhaintear aon cháin nó muirear eile?
☐glacfar ☐ní ghlacfar
|
|
2.3.7.
|
An bhfuil an cháin bhreisluacha (CBL) incháilithe do chabhair?
☐tá ☐níl
|
|
2.3.8.
|
Má tá, an bhfuil an CBL inghnóthaithe faoin reachtaíocht náisiúnta CBL?
☐tá ☐níl
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (86) de na Treoirlínte, nach bhfuil cáin bhreisluacha (CBL) incháilithe do chabhair, seachas i gcás nach bhfuil sí inghnóthaithe faoi reachtaíocht CBL náisiúnta.
|
|
2.3.9.
|
Má dheonaítear cabhair i bhfoirm nach deontas í, an bhfuil an méid cabhrach comhionann le coibhéis deontais chomhláin na cabhrach?
☐tá ☐níl
|
|
2.3.10.
|
An bhfuil an chabhair iníoctha i roinnt tráthchodanna?
☐tá ☐níl
Má tá, an lascaineofar an chabhair chuig a luach tráth deonaithe na cabhrach?
☐lascaineofar ☐ní lascaineofar
Tabhair faoi deara, de bhun phointe (88) de na Treoirlínte, gur gá na costais incháilithe a lascainiú chuig a luach tráth deonaithe na cabhrach. Thairis sin, is é an ráta úis a úsáidfear chun críoch lascainithe an ráta lascaine is infheidhme ar dháta deonaithe na cabhrach.
|
|
2.3.11.
|
Má tá an chabhair iníoctha amach anseo, an lascaineofar é go dtí a luach ag tráth a deonaithe?
☐lascaineofar ☐ní lascaineofar
|
|
2.3.12.
|
An ndeonaítear an chabhair trí bhíthin buntáistí cánach?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
Má dheonaítear, an ndéantar lascainiú tráinsí cabhrach ar bhonn na rátaí lascaine is infheidhme ag na hamanna éagsúla a dtagann feidhm leis an mbuntáiste cánach?
☐déantar ☐ní dhéantar
|
|
2.3.13.
|
An bhfuil an méid cabhrach don bheart/do na bearta socraithe ar bhonn toimhdí caighdeánacha maidir le costais bhreise agus ioncaim a tarscaoileadh?
☐tá ☐níl
Má tá, tabhair tuairisc ar an gcatagóir cabhrach a gcuirfear i bhfeidhm í ina leith:
…
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (90) de na Treoirlínte, nach féidir feidhm a bheith ag roghanna costais simplithe maidir le cabhair a leagtar amach i gCuid II, Caibidil 1 agus Caibidil 3 de na Treoirlínte.
|
|
2.3.14.
|
An ndeonaítear an chabhair i gceann de na roghanna costais simplithe seo a leanas?
|
☐
|
maoiniú ar ráta comhréidh.
|
Má dheonaítear, sonraigh an modh chun an méid cabhrach a shocrú:
|
☐
|
modh ríofa cóir, cothrom agus infhíoraithe bunaithe ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
|
(i)
|
sonraí staidrimh, faisnéis oibiachtúil eile nó breithiúnas saineolach; sin nó
|
|
(ii)
|
sonraí stairiúla fíoraithe faoi ghnóthais aonair is tairbhithe; sin nó
|
|
(iii)
|
cur i bhfeidhm gnáthchleachtas cuntasaíochta costála na gnóthas aonair is tairbhithe;
|
|
|
☐
|
i gcomhréir leis na rialacha maidir le costais aonaid chomhfhreagracha, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe is infheidhme maidir le beartais an Aontais le haghaidh oibríocht den chineál céanna a chur i bhfeidhm.
|
Mar chuid den fhógra, cuir isteach na doiciméid tacaíochta ábhartha.
|
|
2.3.15.
|
Má dhéanann an tAontas an beart a chómhaoiniú, an ndéantar méideanna na gcostas incháilithe a ríomh i gcomhréir leis na roghanna costais simplithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (575)?
☐déantar ☐ní dhéantar
Tabhair tuairisc ar ríomh na gcostas incháilithe agus cuir isteach na doiciméid tacaíochta ábhartha:
…
|
|
2.3.16.
|
An bhfuil árachas ar fáil ar an margadh don teagmhas riosca a ndeonaítear an chabhair ina leith?
☐tá ☐níl
Má tá, deimhnigh an bhfuil an t-árachas sin glactha ag an tairbhí.
☐tá ☐níl
Más ‘níl’ an freagra le ceann ar bith den dá cheist thuas, tabhair tuilleadh sonraí:
…
|
|
2.3.17.
|
Maidir le cabhair chun cúiteamh a dhéanamh as caillteanais a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha, deimhnigh gurb amhlaidh nach ndeonófar cabhair ag an uasdéine cabhrach ach amháin do ghnóthas nach féidir a chumhdach le hárachas le haghaidh caillteanais den sórt sin.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (93) de na Treoirlínte, agus measúnú á dhéanamh ar chomhoiriúnacht na cabhrach, go mbreithneoidh an Coimisiún aon árachas dá nglactar, nó a d’fhéadfadh a bheith glactha ag tairbhí na cabhrach. Maidir le cabhair chun cúiteamh a dhéanamh as caillteanais a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha, chun an riosca go ndéanfar saobhadh ar an iomaíocht a sheachaint, níor cheart cabhair ag an uasdéine cabhrach a dheonú ach amháin do ghnóthas nach féidir a chumhdach le hárachas le haghaidh caillteanais den sórt sin.
|
Coinníollacha breise le haghaidh cabhair infheistíochta a dtugtar fógra ina leith go haonarach agus cabhair infheistíochta d’fhiontair mhóra faoi scéimeanna a dtugtar fógra ina leith
|
2.3.18.
|
I gcás cabhair infheistíochta a dtugtar fógra ina leith go haonarach, an gcomhfhreagraíonn an méid cabhrach do na glanchostais bhreise a bhaineann leis an infheistíocht a chur chun feidhme sa réimse lena mbaineann, i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach in éagmais na cabhrach?
☐comhfhreagraíonn ☐ní chomhfhreagraíonn
Tabhair tuairisc ar an gcás frithfhíorasach:
…
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (94) de na Treoirlínte, mar riail ghinearálta, go measfar go mbeidh cabhair teoranta don íosmhéid, más rud é go bhfuil an méid cabhrach comhfhreagrach do na glanchostais bhreise a bhaineann leis an infheistíocht a chur chun feidhme sa réimse lena mbaineann, i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach in éagmais na cabhrach (576), agus uasdéiní cabhrach ina gcaidhp.
|
|
2.3.19.
|
Tabhair an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
ríomh Ráta Toraidh Inmheánach (‘IRR’) na hinfheistíochta leis an gcabhair agus dá huireasa:
…
|
|
(b)
|
faisnéis maidir leis na tagarmharcanna margaidh ábhartha don ghnóthas (e.g., gnáthrátaí toraidh arna n-iarraidh ag tairbhí chun tabhairt faoi thionscadail chomhchosúla, costas caipitil na cuideachta trí chéile):
…
|
|
(c)
|
míniú ar an bhfáth, ar bhonn an mhéid thuas, arb ionann an chabhair agus an t-íosmhéid is gá chun go mbeidh an tionscadal sách brabúsach:
…
|
|
|
2.3.20.
|
An bhfuil an méid cabhrach teoranta don íosmhéid is gá le go mbeidh an tionscadal sách brabúsach?
☐tá ☐níl
Tabhair údar le do mheasúnú:
…
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (95) de na Treoirlínte, nár cheart go rachadh an méid cabhrach thar an íosmhéid is gá chun go mbeidh an tionscadal sách brabúsach. Mar shampla, níor cheart go dtiocfadh méadú ar a IRR de bharr mhéid na cabhrach thar ghnáthrátaí toraidh a chuireann an gnóthas lena mbaineann i bhfeidhm i dtionscadail infheistíochta eile den chineál céanna nó, mura bhfuil na rátaí sin ar fáil, chun a IRR a mhéadú thar chostas chaipiteal an ghnóthais ina iomláine nó thar na rátaí toraidh a bhreithnítear de ghnáth san earnáil lena mbaineann
|
|
2.3.21.
|
An úsáidtear na ríomhanna chun anailís a dhéanamh ar an éifeacht dreasachta (pointí (55) go (58) de na Treoirlínte) san anailís ar chomhréireacht na cabhrach infheistíochta is infhógartha go haonarach?
☐úsáidtear☐ní úsáidtear
Tabhair an anailís agus léirigh an chomhréireacht ar bhonn doiciméad tacaíochta (mar shampla, leis an doiciméadacht a leagtar amach i bpointe (56) de na Treoirlínte):
…
|
|
2.3.22.
|
I gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh infheistíochtaí d’fhiontair mhóra faoi scéimeanna a dtugtar fógra ina leith, an áirithítear go gcomhfhreagraíonn an méid cabhrach do na glanchostais bhreise a bhaineann leis an infheistíocht a chur chun feidhme sa réimse lena mbaineann, i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach in éagmais na cabhrach?
☐áirithítear☐ní áirithítear
Tabhair údar le do mheasúnú:
…
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (96) de na Treoirlínte, chun a áirithiú go gcomhfhreagraíonn an méid cabhrach do na glanchostais bhreise a bhaineann leis an infheistíocht a chur chun feidhme sa réimse lena mbaineann, i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach in éagmais na cabhrach, nach mór an modh a leagtar amach i bpointe (95) de na Treoirlínte a úsáid mar aon le huasdéiní cabhrach mar chaidhp.
|
|
2.3.23.
|
An bardas ar údarás áitiúil féinrialaitheach é ag a bhfuil buiséad bliantúil is lú ná EUR 10 milliún agus níos lú ná 5 000 áitritheoir é an tairbhí?
☐is é ☐ní hé
Más é, tabhair do d’aire nach bhfuil feidhm le pointí (94) go (97) de na Treoirlínte.
|
Carnadh na cabhrach
|
2.3.24.
|
An ndeonaítear an chabhair a dtugtar fógra ina leith go comhthráthach faoi scéimeanna éagsúla nó carntha le cabhair ad hoc?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
Má dheonaítear, an bhfuil méid iomlán na státchabhrach le haghaidh gníomhaíochta nó tionscadail teoranta don uasdéine cabhrach nó don uasmhéid cabhrach a leagtar síos sna Treoirlínte?
☐tá ☐níl
|
|
2.3.25.
|
An mbaineann an fógra le cabhair lena ngabhann costais incháilithe in-sainaitheanta?
☐baineann ☐ní bhaineann
Má bhaineann, an ndéanfar an chabhair sin a charnadh le cabhair eile a bhaineann le costais incháilithe in-sainaitheanta difriúla?
☐déanfar ☐ní dhéanfar
Má dhéanfar, tabhair údar:
…
|
|
2.3.26.
|
An ndéanfar an chabhair lena ngabhann costais incháilithe in-sainaitheanta a charnadh le státchabhair eile i ndáil leis na costais incháilithe chéanna?
☐déanfar ☐ní dhéanfar
Má dhéanfar, deimhnigh gurb amhlaidh nach dtéitear thar an uasdéine cabhrach nó an uasmhéid cabhrach is infheidhme maidir leis an gcineál cabhrach sin faoi na Treoirlínte de dheasca an charntha sin.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
De bhun phointe (100) de na Treoirlínte, maidir leis an gcabhair lena ngabhann costais incháilithe in-sainaitheanta a charntar le haon státchabhair eile, i ndáil leis na costais incháilithe chéanna, ní fhéadfaidh siad a bheith ag forluí go páirteach nó go hiomlán ar a chéile, ach amháin mura dtéitear thar an déine cabhrach nó an méid cabhrach is airde is infheidhme maidir leis an gcineál cabhrach sin faoi na Treoirlínte de dheasca an charntha sin.
|
|
2.3.27.
|
An mbaineann an fógra le cabhair gan costais incháilithe in-sainaitheanta?
☐baineann ☐ní bhaineann
Má bhaineann, an ndéanfar an chabhair sin a charnadh le státchabhair eile lena ngabhann costais incháilithe in-sainaitheanta?
☐déanfar ☐ní dhéanfar
|
|
2.3.28.
|
An ndéanfar an chabhair gan costais incháilithe in-sainaitheanta a charnadh le státchabhair eile gan costais incháilithe in-sainaitheanta?
☐déanfar ☐ní dhéanfar
Má dhéanfar, deimhnigh gurb amhlaidh nach dtéitear thar an uasdéine cabhrach ábhartha nó an uasmhéid cabhrach ábhartha a shocraítear sna Treoirlínte nó i dtreoirlínte eile státchabhrach, nó i rialachán blocdhíolúine nó i gcinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún, de dheasca an charntha sin.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Más amhlaidh, sonraigh uastairseach na hionstraime cabhrach is infheidhme:
…
De bhun phointe (101) de na Treoirlínte, cabhair gan costais incháilithe in-sainaitheanta, ní fhéadfar í a charnadh ach le státchabhair eile gan costais incháilithe in-sainaitheanta, suas leis an tairseach maoiniúcháin iomláin ábhartha is airde a shocraítear in imthosca sonracha gach cáis leis na Treoirlínte seo nó le treoirlínte eile maidir le státchabhair, le rialachán maidir le blocdhíolúine nó le cinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún.
|
|
2.3.29.
|
An bhfuil cabhair i bhfabhar earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe carntha le híocaíochtaí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/1139 i leith na gcostas incháilithe céanna?
☐tá ☐níl
Má tá, an n-urramóidh an carnadh sin déine cabhrach nó méid cabhrach a leagtar síos sna Treoirlínte?
☐urramóidh ☐ní urramóidh
|
|
2.3.30.
|
An bhfuil an chabhair comhcheangailte le ciste/cistí ón Aontas atá bainistithe go lárnach ag institiúidí, gníomhaireachtaí, comhghnóthais nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais nach bhfuil faoi rialú díreach nó indíreach an Bhallstáit?
☐tá ☐níl
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (103) de na Treoirlínte, mura bhfuil cistí an Aontais faoi rialú díreach nó indíreach an Bhallstáit, nach measfar ach amháin an státchabhair chun a chinneadh an urramaítear nó nach n-urramaítear tairseacha maidir le fógra a thabhairt agus uasdéiní agus uasteorainneacha cabhrach, ar choinníoll nach sáraíonn méid iomlán an chistithe phoiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe chéanna an ráta/na rátaí cistiúcháin is fabhraí a leagtar síos sna rialacha de dhlí an Aontais is infheidhme. Deimhnigh gurb amhlaidh an cás:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
Tabhair faisnéis faoin dlí is infheidhme de chuid an Aontais, dá dtagraítear i bpointe (103) de na Treoirlínte:
…
|
|
2.3.31.
|
I gcás ina ndéantar an chabhair a údaraítear faoi na Treoirlínte a charnadh le cabhair de minimis i leith na gcostas incháilithe céanna, an ndéanann an carnadh sin déine cabhrach nó méid cabhrach a shocraítear sna Treoirlínte a urramú?
☐déanann ☐ní dhéanann
De bhun phointe (104) de na Treoirlínte, níor cheart cabhair a údaraítear faoi na Treoirlínte seo a charnadh le haon chabhair de minimis i leith na gcostas incháilithe céanna más rud é go sárófaí déine chabhrach nó méid cabhrach a shocraítear sna Treoirlínte seo de dheasca an charntha sin.
|
|
2.4.
|
Trédhearcacht
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.4 (pointí 105 - 108) de na Treoirlínte.
|
|
2.4.1.
|
An áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar an fhaisnéis seo a leanas i modúl an Choimisiúin maidir le trédhearcacht dámhachtana ar shuíomh gréasáin státchabhrach cuimsitheach ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal réigiúnach?
|
☐
|
téacs iomlán na scéime cabhrach agus a forálacha cur chun feidhme nó an bunús dlí le haghaidh cabhair aonair, nó nasc chuige;
|
|
☐
|
céannacht an údaráis deonaithe nó na n-údarás deonaithe;
|
|
☐
|
céannacht na dtairbhithe aonair, foirm agus an méid cabhrach a dheonaítear do gach tairbhí, an dáta deonaithe, an cineál gnóthais (FBM/fiontar mór), an réigiún ina bhfuil an tairbhí lonnaithe (ar leibhéal NUTS II), agus an phríomhearnáil eacnamaíoch ina bhfuil gníomhaíochtaí an tairbhí (ar leibhéal ghrúpa NACE). Is féidir ceanglas den sórt sin a tharscaoileadh i ndáil le dámhachtainí cabhrach aonair nach bhfuil níos mó ná an tairseach EUR 10 000.
|
|
|
2.4.2.
|
Deimhnigh le haghaidh na scéimeanna cabhrach i bhfoirm buntáistí cánach go soláthraítear an fhaisnéis ar mhéideanna cabhrach aonair sna raonta a leanas (in EUR milliún):
|
|
2.4.3.
|
Sonraigh an bhfoilseofar an fhaisnéis a leagtar síos i bpointe (105) de na Treoirlínte:
|
☐
|
i modúl an Choimisiúin Eorpaigh maidir le trédhearcacht dámhachtana (577);
|
|
☐
|
ar shuíomh gréasáin cuimsitheach náisiúnta nó réigiúnach maidir le státchabhair.
|
Tabhair nasc an tsuímh gréasáin chuimsithigh náisiúnta nó réigiúnaigh maidir le státchabhair ar a bhfoilseofar an fhaisnéis:
…
|
|
2.4.4.
|
Deimhnigh maidir leis an bhfaisnéis sin:
|
☐
|
go bhfoilseofar í tar éis an cinneadh chun an chabhair a dheonú a bheith déanta (578);
|
|
☐
|
go gcoimeádfar í ar feadh ar a laghad 10 mbliana;
|
|
☐
|
go mbeidh sí ar fáil don phobal i gcoitinne gan srianta.
|
|
|
2.4.5.
|
Deimhnigh go ndéanfar an tuairisciú agus an t-athbhreithniú mar a cheanglaítear i gCuid III, Roinn 4:
☐déanfar ☐ní dhéanfar
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (108) de na Treoirlínte, ar chúiseanna trédhearcachta, nach mór do na Ballstáit tuairisciú agus athbhreithniú a dhéanamh mar a cheanglaítear i gCuid III, Roinn 4 de na Treoirlínte.
|
|
2.5.
|
Éifeachtaí díobhálacha diúltacha ar an iomaíocht agus ar an trádáil a sheachaint
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.5 (pointí (109)-(124)) de na Treoirlínte.
D’fhéadfadh cabhair le haghaidh earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe a bheith ina cúis le saobhadh i margadh na dtáirgí. Is féidir go mbeidh ábhar imní ann go gcuirfidh cabhair áirithe le ró-acmhainn i margaí meathlacha a mhéid a bhaineann le táirgeadh príomhúil na dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus lena bpróiseáil agus lena margaíocht. Chun go mbeidh an chabhair ag luí leis an margadh inmheánach, ní mór éifeachtaí diúltacha na cabhrach i dtéarmaí saobhadh ar an iomaíocht agus tionchar ar an trádáil idir na Ballstáit, a íoslaghdú nó a sheachaint.
Fiú i gcás inar gá an chabhair agus inar comhréireach í, is féidir go mbeidh sé faoi deara athrú ar iompraíocht an ghnóthais is tairbhí, athrú lena saobhtar an iomaíocht. Is dóichí sin in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe atá difriúil le margaí eile mar gheall ar a struchtúr sonrach toisc gur saintréith na hearnála sin líon ard de ghnóthais bheaga a bheith i gceist, agus toisc gur acmhainn theoranta chomhchoiteann iad na stoic iasc. Ar mhargaí den sórt sin, is ard é an riosca go saobhfar an iomaíocht fiú nuair nach ndeonaítear ach méideanna beaga cabhrach.
De bhun phointe (110) de na Treoirlínte, sainaithneoidh an Coimisiún an margadh/na margaí dá ndéanann an chabhair difear, agus an fhaisnéis a sholáthraíonn an Ballstát maidir leis an margadh táirgí/na margaí táirgí lena mbaineann á cur san áireamh, is é sin le rá, an margadh/na margaí dá ndéantar difear de bharr an athraithe ar iompraíocht thairbhí na cabhrach.
|
|
2.5.1.
|
Tabhair tuairisc ar an margadh/na margaí táirgí lena mbaineann, i.e. an margadh/na margaí dá ndéantar difear de bharr an athraithe ar iompraíocht thairbhí na cabhrach.
…
Tabhair do d’aire, agus measúnú á dhéanamh ar éifeachtaí diúltacha an bhirt cabhrach, go ndíreoidh an Coimisiún a anailís ar an saobhadh ar an iomaíocht ar an tionchar intuartha atá ag an gcabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe ar an iomaíocht idir gnóthais sa mhargadh nó sna margaí táirgí dá ndéantar difear (579).
|
|
2.5.2.
|
An bhfuil an chabhair spriocdhírithe go maith, comhréireach agus teoranta do na glanchostais bhreise?
☐tá ☐níl
De bhun phointe (111) de na Treoirlínte, más rud é go bhfuil an chabhair spriocdhírithe go maith, comhréireach agus teoranta do na glanchostais bhreise, déantar tionchar diúltach na cabhrach níos boige agus i dtaca leis an riosca go ndéanfar saobhadh míchuí ar an iomaíocht de dheasca na cabhrach, beidh an riosca sin níos teoranta. Chun an fhaisnéis sin a sholáthar, féach freisin Roinn 2.1.1. den Bhileog faisnéise seo. Tabhair údar le do mheasúnú.
…
|
|
2.5.3.
|
An n-urramaítear an uasdéine cabhrach nó an t-uasmhéid cabhrach a leagtar amach i Roinn shonrach de na Treoirlínte?
☐urramaítear ☐ní urramaítear
Tabhair an uasdéine cabhrach nó an méid cabhrach:
…
Measann an Coimisiún, má urramaítear an uasdéine cabhrach nó an t-uasmhéid cabhrach, go maolaítear tionchar diúltach na cabhrach agus gur teoranta an riosca go ndéanfaidh an chabhair saobhadh díobhálach ar an iomaíocht.
|
Scéimeanna cabhrach infheistíochta le haghaidh próiseáil agus margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe
|
2.5.4.
|
I gcás scéimeanna cabhrach infheistíochta le haghaidh próiseáil agus/nó margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, léirigh go mbeidh aon éifeacht dhiúltach teoranta don íosmhéid agus cuirfear san áireamh, mar shampla, méid na dtionscadal lena mbaineann, na méideanna aonair agus carnacha cabhrach, na tairbhithe ionchasacha mar aon le saintréithe na n-earnálacha a ndírítear orthu.
…
|
|
2.5.5.
|
Maidir le scéimeanna cabhrach infheistíochta le haghaidh próiseáil agus/nó margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, moltar do na Ballstáit measúnú tionchair atá acu a chur isteach mar aon le meastóireachtaí ex-post a rinneadh le haghaidh scéimeanna comhchosúla lena chur ar chumas an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí diúltacha féideartha na scéime cabhrach.
|
—
|
An gcuirtear measúnú tionchair isteach in éineacht leis an bhfógra?
☐cuirtear ☐ní chuirtear
|
|
—
|
An gcuirtear meastóireacht ex post isteach in éineacht leis an bhfógra?
☐cuirtear ☐ní chuirtear
|
|
Cabhair infheistíochta is infhógartha go haonarach le haghaidh próiseáil agus margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus cabhair infheistíochta d’fhiontair mhóra faoi scéimeanna a dtugtar fógra ina leith
De bhun phointe (116) de na Treoirlínte, agus breithmheas á dhéanamh ar éifeachtaí diúltacha na cabhrach infheistíochta aonair, leagann an Coimisiún béim áirithe ar na héifeachtaí diúltacha atá nasctha leis an méadú ró-acmhainneachta i margaí atá ag meath, leis an gcosc ar imeacht, agus leis an nóisean maidir le cumhacht shuntasach sa mhargadh. Déantar cur síos ar na héifeachtaí diúltacha sin i míreanna (117) go (124) de na Treoirlínte agus ní mór iad a fhrithchothromú le héifeachtaí dearfacha na cabhrach.
|
2.5.6.
|
Chun go mbeidh an Coimisiún in ann an saobhadh féideartha ar an iomaíocht agus ar an trádáil a shainaithint agus a mheasúnú, soláthar fianaise a chuirfidh ar a chumas don Choimisiún na margaí táirgí lena mbaineann a shainaithint (is é sin le rá, na táirgí a ndéanann athrú iompraíochta an tairbhí cabhrach difear dóibh) agus chun na hiomaitheoirí agus custaiméirí/tomhaltóirí a ndéantar difear dóibh a shainaithint:
…
De bhun phointe (117) de na Treoirlínte, is é an táirge a chumhdaítear leis an tionscadal infheistíochta an táirge lena mbaineann, de ghnáth (580). Nuair a bhaineann an tionscadal le táirge idirmheánach agus nach ndíoltar cuid mhór den aschur ar an margadh, féadfaidh sé gurb é an táirge iartheachtach an táirge lena mbaineann. Áirítear leis an margadh ábhartha táirgí an táirge lena mbaineann agus na táirgí a measann an tomhaltóir (de bharr shaintréithe, phraghsanna, nó úsáid bheartaithe an táirge) nó an táirgeoir (de bharr sholúbthacht na suiteálacha táirgeachta) gur táirgí ionadacha iad.
Léirigh cad a mheasann tú mar ionadaigh ábhartha thaobh an éilimh de agus thaobh an tsoláthair de sa chás seo. Soláthair fianaise, ó thríú páirtí neamhspleách más féidir, chun tacú le do chonclúidí maidir leis an bpointe seo.
…
|
|
2.5.7.
|
Mar thoradh ar an gcabhair, an gcruthóidh an tionscadal acmhainneacht táirgeachta bhreise?
☐cruthóidh ☐ní chruthóidh
Má chruthóidh, tabhair meastachán ar an acmhainneacht táirgeachta bhreise a chruthófar (ó thaobh méide agus luacha de):
…
|
|
2.5.8.
|
Tabhair faisnéis maidir le feidhmíocht an mhargaidh táirgí a ndéanann an chabhair difear dó, i.e. an bhfuil sí ag fás nó ag tearcfheidhmiú:
…
|
|
2.5.9.
|
Má tá an margadh táirgí a ndéanann an chabhair difear dó ag tearcfheidhmiú, sonraigh, de réir dearcadh fadtéarmach, an bhfuil meath struchtúrach ag teacht ar an margadh (i.e tá an margadh á chrapadh) nó an bhfuil meath coibhneasta ag teacht air (i.e. tá sé fós ag fás, ach ní sháraíonn sé ráta tagarmhairc fáis):
…
|
|
2.5.10.
|
I gcás gur margadh domhanda é an margadh geografach, chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an mhargaidh táirgí a ndéanann an chabhair difear dó, tabhair faisnéis maidir le héifeacht na cabhrach ar na struchtúir mhargaidh lena mbaineann, go háirithe, an cumas atá inti táirgeoirí in LEE a bhrú amach:
…
|
|
2.5.11.
|
Soláthair faisnéis, agus fianaise thacaíochta, maidir le margadh geografach ábhartha an tairbhí.
…
|
|
2.5.12.
|
Sonraigh an táirge nó na táirgí go léir a tháirgfear nuair a bheidh an infheistíocht curtha i gcrích agus sonraigh, i gcás inarb iomchuí, an cód NACE nó an ainmníocht CPA:
…
|
|
2.5.13.
|
Sonraigh an gcuirfear an táirgí/na táirgí atá beartaithe leis an tionscadal in ionad aon táirge eile a tháirgeann an tairbhí (ar leibhéal an ghrúpa):
☐cuirfear ☐ní chuirfear
Má chuirfear, sonraigh an táirge/na táirgí a ndéanfar a ionadú. Mura ndéantar na táirgí ionadaithe sin a tháirgeadh ag suíomh an tionscadail, cuir in iúl cá háit a bhfuil siad á dtáirgeadh faoi láthair. Soláthair tuairisc ar an nasc atá idir an táirgeacht arna hionadú agus an infheistíocht reatha agus tabhair sceideal ama don ionadú:
…
|
|
2.5.14.
|
Léirigh cén táirge/táirgí eile is féidir a tháirgeadh leis na saoráidí nua céanna (trí sholúbthacht shuiteálacha táirgthe an tairbhí) ar bheagán costais nó gan aon chostas breise:
…
|
|
2.5.15.
|
Mínigh an le táirge idirmheánach a bhaineann an tionscadal, agus an ndíoltar cuid shuntasach den aschur ar shlí eile seachas ar an margadh (faoi dhálaí margaidh). Bunaithe ar an míniú thuas, chun an sciar den mhargadh a ríomh agus an méadú acmhainneachta sa chuid eile den roinn, léirigh an ionann an táirge lena mbaineann agus an táirge atá beartaithe leis an tionscadal, nó an táirge iartheachtach é.
…
|
|
2.5.16.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chumhacht mhargaidh an tairbhí, soláthair an fhaisnéis seo a leanas maidir le suíomh an tairbhí ar an margadh (thar thréimhse ama roimh an gcabhair a fháil agus an suíomh ar an margadh a bhfuil coinne leis tar éis an infheistíocht a chur i gcrích):
|
(a)
|
meastachán ar dhíolacháin uile (i dtéarmaí luacha agus toirte) fhaighteoir na cabhrach sa mhargadh ábhartha (ar leibhéal grúpa):
…
|
|
(b)
|
meastachán ar dhíolacháin fhoriomlána na dtáirgeoirí uile sa mhargadh ábhartha (i dtéarmaí toirte agus luacha). Má tá siad ar fáil, áirigh staitisticí arna n-ullmhú ag foinsí poiblí agus/nó neamhspleácha:
…
|
|
|
2.5.17.
|
Tabhair faisnéis maidir le sciar an tairbhí den mhargadh, agus sciar a iomaitheoirí den mhargadh:
…
|
|
2.5.18.
|
Soláthair measúnú ar struchtúr an mhargaidh ábhartha lena n-áirítear, mar shampla, an leibhéal comhchruinnithe sa mhargadh, bacainní féideartha iontrála, cumhacht an cheannaitheora agus bacainní ar leathnú nó scoir. Soláthair fianaise, ó thríú páirtí neamhspleách más féidir, chun tacú le do chonclúidí maidir leis an bpointe seo.
…
|
|
2.6.
|
Éifeachtaí dearfacha agus diúltacha na cabhrach a mheá (tástáil chothromaíochta)
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach roinn 3.2.6 (pointí (125)–(138)) de na Treoirlínte.
Déanann an Coimisiún measúnú ar cibé acu is mó nó nach mó éifeachtaí dearfacha an bhirt cabhrach ná na héifeachtaí diúltacha sainaitheanta ar an iomaíocht agus ar dhálaí trádála. Ní fhéadfaidh an Coimisiún teacht ar chonclúid maidir le comhoiriúnacht an bhirt cabhrach leis an margadh inmheánach ach amháin i gcás inar mó na héifeachtaí dearfacha ná na héifeachtaí diúltacha. I gcásanna nach dtéann an beart cabhrach atá beartaithe i ngleic le teip mhargaidh léir-shainaitheanta ar bhealach iomchuí agus comhréireach, is iondúil gur mó na hiarmhairtí saofa diúltacha ar an iomaíocht ná éifeachtaí dearfacha na cabhrach agus, dá bhrí sin, is dócha go gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil an beart cabhrach atá beartaithe ag luí leis an margadh inmheánach.
De bhun phointí (138) de na Treoirlínte, i gcás na gcatagóirí cabhrach i gCuid I, Caibidil 2, Ranna 2.1.2, 2.2 agus pointe (24) de Roinn 2.3 agus Cuid II, Caibidil 2, Roinn 2.1 agus Roinn 2.3 agus Caibidil 3 de na Treoirlínte, déanfaidh an Coimisiún na héifeachtaí diúltacha a shainaithnítear ar an iomaíocht agus ar dhálaí trádála mar gheall ar an mbeart cabhrach a mheá le hais éifeachtaí dearfacha na cabhrach atá beartaithe ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena dtacaítear, lena n-áirítear rannchuidiú an bhirt le cuspóirí CBI, lena n-áirítear cuspóirí CEMID.
|
|
2.6.1.
|
Sonraigh tionchair dhearfacha agus dhiúltacha na cabhrach ar bhaint amach chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (581) agus de Rialachán (AE) 2021/1139:
…
|
|
2.6.2.
|
An sáróidh an chabhair an cuspóir go mbeidh gníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go mbainisteofar iad ar bhealach a bheidh ag luí leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus lena gcuirfear le hinfhaighteacht soláthairtí bia (Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013)?
☐sáróidh ☐ní sháróidh
Tabhair údar le do mheasúnú:
…
|
|
2.6.3.
|
An sáróidh an chabhair an cuspóir maidir le comhleanúnachas le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a áirithiú (Airteagal 2(5), pointe (j), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013).
☐sáróidh ☐ní sháróidh
Tabhair údar le do mheasúnú:
…
Má fhreagraítear ‘sáróidh’ ar cheist 2.6.2 nó ar cheist 2.6.3 thuas, tabhair do d’aire, de bhun phointe (127) de na Treoirlínte, maidir le bearta a sháraíonn aon cheann de na cuspóirí sin, nach dócha go gcruthóidh siad éifeachtaí dearfacha do CBI agus gur féidir go mbeidh éifeachtaí diúltacha acu ar an iomaíocht agus ar an trádáil mar gheall ar na hacmhainní teoranta a mbíonn gnóthais san earnáil i mbun iomaíochta fúthu. Dá réir sin, ní dócha go mbeidh cothromaíocht dhearfach ag baint le bearta den chineál sin.
|
|
2.6.4.
|
De bhun phointí (127) agus (134) de na Treoirlínte, tabhair faisnéis faoi thionchar na cabhrach ar aon riosca go gcuirfear le hacmhainneacht iascaireachta na soithí lena mbaineann agus an chabhlaigh (in kW nó in GT), ar riosca na ró-iascaireachta agus díláithriú na hiarrachta iascaireachta a bhféadfadh an ró-iascaireacht a bheith de thoradh air, agus ar an gcothromaíocht idir an acmhainneacht iascaireachta agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil:
…
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (134) de na Treoirlínte, maidir le cabhair a chuireann leis an acmhainneacht iascaireachta a mhéadú nó a bhíonn faoi deara ró-iascaireachta nó dhíláithriú na hiarrachta iascaireachta, gur dócha go mbainfidh sí an bonn de chuspóirí CBI. Agus comhthéacs dlíthiúil agus eacnamaíoch earnáil an iascaigh, ina bhfuil gnóthais san iomaíocht le haghaidh acmhainní teoranta, á chur san áireamh, ní dócha go mbeidh toradh dearfach ar an gcleachtadh cothromaíochta i dtaca le bearta a bhfuil éifeachtaí den chineál sin acu, éifeachtaí a mheastar ar bhonn prionsabail go bhfuil siad dochrach.
|
|
2.6.5.
|
An gcomhlíonann an chabhair na coinníollacha a leagtar síos sna ranna seo a leanas de na Treoirlínte?
|
☐
|
cabhair le haghaidh catagóirí beart a chumhdaítear faoi Rialacháin maidir le blocdhíolúintí (Cuid I, Caibidil 2, Roinn 2.3);
|
|
☐
|
cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla eile a shlánú (Cuid II, Caibidil 1, Roinn 1.1);
|
|
☐
|
cabhair chun an damáiste a tharlaíonn mar gheall ar theagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha a shlánú (Cuid II, Caibidil 1, Roinn 1.2);
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le galair ainmhithe i ndobharshaothrú agus inmhíoluithe speiceas coimhthíoch ionrach a chosc, a rialú agus a dhíothú, agus cabhair chun an damáiste a tharlaíonn mar gheall ar na galair ainmhithe agus na hinmhíoluithe sin a shlánú (Cuid II, Caibidil 1, Roinn 1,3);
|
|
☐
|
cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta a shlánú (Cuid II, Caibidil 1, Roinn 1.4);
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh infheistíochtaí chun an damáiste a tharlaíonn mar gheall ar theagmhais riosca a chosc agus a mhaolú (Cuid II, Caibidil 1, Roinn 1.5);
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh athnuachan an chabhlaigh iascaireachta sna réigiúin is forimeallaí (Cuid II, Caibidil 2, Roinn 2.2).
|
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (128) de na Treoirlínte, de bharr na n-éifeachtaí dearfacha ar fhorbairt earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe a bhíonn ag cabhair a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCuid I, Caibidil 2, Roinn 2.3, Cuid II, Caibidil 1, Ranna 1.1, 1.2, 1.3, 1.4 agus 1.5 agus Cuid II, Caibidil 2, Roinn 2.2, go measann an Coimisiún go bhfuil an éifeacht dhiúltach ar an iomaíocht agus ar an trádáil idir Ballstáit teoranta don mhéid is ísle is féidir i gcás na cabhrach sin.
|
|
2.6.6.
|
An ndéantar an chabhair a chómhaoiniú faoi CEMID?
☐déantar ☐ní dhéantar
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (129) de na Treoirlínte, go measann an Coimisiún gur bunaíodh na héifeachtaí dearfacha gaolmhara, maidir le státchabhair a chómhaoinítear faoi CEMID.
|
|
2.6.7.
|
An rannchuidíonn an chabhair le cuspóir/cuspóirí beartais caomhnaithe trí dheireadh a chur de réir a chéile leis na maoluithe atá ceadaithe faoi láthair faoi rialacha CBI (e.g. maoluithe ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír)?
☐rannchuidíonn ☐ní rannchuidíonn
Má rannchuidíonn, féach rialacha CBI lena gceadaítear an maolú agus mínigh conas a rannchuidíonn an chabhair le cuspóirí caomhnaithe CBI?
…
De bhun phointe (130) de na Treoirlínte, cabhair a rannchuidíonn le cuspóirí an bheartais caomhnaithe trí dheireadh a chur de réir a chéile le maoluithe a cheadaítear faoi rialacha CBI faoi láthair, amhail maoluithe ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, measfar go bhfuil éifeacht dhearfach aici i ndáil le cuspóirí CBI.
|
|
2.6.8.
|
An dtacaíonn an chabhair le cuspóirí beartais comhshaoil ar féidir iad a nascadh le haon cheann de na hiarrachtaí caomhnaithe seo a leanas:
|
☐
|
rannchuidiú leis an dea-stádas comhshaoil, mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (582);
|
|
☐
|
limistéir mhuirí faoi chosaint a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu, i gcomhréir le Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (583), Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (584) agus Treoir 2008/56/CE;
|
|
☐
|
gníomhaíochtaí a chur chun feidhme a rannchuidíonn le leanúnachas abhann a athbhunú faoi Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (585);
|
|
☐
|
gníomhaíochtaí cur chun feidhme a bhaineann le Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (586) maidir le trealamh iascaireachta/plaisteach;
|
|
☐
|
creatbhearta gníomhaíochta tosaíochta a chur i bhfeidhm le haghaidh láithreáin Natura 2000 (587).
|
Tabhair faisnéis faoin iarracht caomhnaithe.
…
De bhun phointe (131) de na Treoirlínte, measann an Coimisiún go gcuireann na cineálacha cabhrach a liostaítear thuas go dearfach le cuspóirí CBI.
|
|
2.6.9.
|
An ndeonaítear an chabhair i bhfabhar infheistíochtaí?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
Má dheonaítear, tabhair faisnéis faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (588) (critéir maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de), lena n-áirítear an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, nó modheolaíochtaí inchomparáide eile (amhail an cur chuige bunaithe ar éiceachórais agus é á chur i bhfeidhm maidir le bainistiú na n-iascach muirí i gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013).
…
|
|
2.6.10.
|
An bhfuil tionchar dearfach eile ag an gcabhair?
☐tá ☐níl
Má tá, sonraigh an beartas de chuid an Aontais a léiríonn sí:
|
☐
|
European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip], (COM/2019/640 final)
|
|
☐
|
Sustainable blue economy [Geilleagar gorm inbhuanaithe] (COM/2021/240 final)
|
|
☐
|
Farm to Fork Strategy [An Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’] (COM/2020/381final)
|
|
☐
|
Circular Economy Action Plan [Plean Gníomhaíochta um an ngeilleagar ciorclach] (COM/2020/98 final).
|
|
☐
|
Biodiversity Strategy [Straitéis Bhithéagsúlachta] (COM/2020/380 final)
|
|
☐
|
EU Action Plan: ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’ [Plean Gníomhaíochta an Aontais: ‘Um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú’] (COM/2021/400 final)
|
|
☐
|
An EU Strategy on adaptation to climate change [Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide] (COM/2013/0216 final agus COM/2021/82 final)
|
|
☐
|
Breithnithe éifeachtúlachta fuinnimh, go háirithe maidir le céad phrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh (589)
|
|
☐
|
an tionscnamh maidir le Shaping Europe’s Digital Future [Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú] (COM/2020/67 final)
|
Tabhair tuilleadh sonraí maidir le héifeacht dhearfach na cabhrach agus mínigh conas atá an chabhair ailínithe le beartas/beartais an Aontais a luaitear thuas:
…
|
|
2.6.11.
|
An é atá i gceist leis an mbeart cabhair:
|
☐
|
lena méadaítear acmhainneacht iascaireachta soithigh iascaireachta;
|
|
☐
|
le haghaidh trealamh a fháil a mhéadaíonn cumas an tsoithigh iascaireachta éisc a aimsiú;
|
|
☐
|
chun soithí iascaireachta a thógáil, a fháil nó a allmhairiú;
|
|
☐
|
chun soithí iascaireachta a aistriú go tríú tíortha nó go clár loingseoireachta tríú tíortha, lena n-áirítear trí chomhfhiontair a chruthú le comhpháirtithe de chuid na tríú dtíortha sin;
|
|
☐
|
le haghaidh scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta;
|
|
☐
|
le haghaidh scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta;
|
|
☐
|
le haghaidh iascaireacht thaiscéalaíoch;
|
|
☐
|
le haghaidh aistriú úinéireachta ar ghnóthas;
|
|
☐
|
le haghaidh na hathstocála dírí, cé is moite, de réir mar a bheidh, i gcás athstocáil thurgnamhach;
|
|
☐
|
chun calafoirt nua nó hallaí ceantála nua a thógáil, cé is moite d’áiteanna nua cur i dtír;
|
|
☐
|
le haghaidh sásraí idirghabhála margaidh arb é is aidhm dóibh táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a tharraingt siar ón margadh ar bhonn sealadach nó buan d’fhonn an soláthar a laghdú chun nach dtitfidh praghsanna nó chun praghsanna a ardú, i gcás nach gcomhlíontar Airteagail 30 agus 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (590);
|
|
☐
|
le haghaidh infheistíochtaí ar bord soithí iascaireachta atá riachtanach chun na ceanglais faoi dhlí an Aontais atá i bhfeidhm tráth tíolactha an iarratais ar chabhair a chomhlíonadh, lena n-áirítear ceanglais faoi oibleagáidí an Aontais i gcomhthéacs eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh;
|
|
☐
|
le haghaidh infheistíochtaí ar bord soithí iascaireachta a rinne gníomhaíochtaí iascaireachta ar feadh níos lú ná 60 lá le linn an 2 bhliain féilire roimh bhliain tíolactha an iarratais ar chabhair;
|
|
☐
|
le haghaidh príomh-inneall nó inneall coimhdeach soithigh iascaireachta a ionadú nó a nuachóiriú.
|
Tabhair do d’aire go meastar, i bprionsabal, go bhfuil na cineálacha beart cabhrach thuasluaite díobhálach, dá bhrí sin de bhun phointe (135) de na Treoirlínte, cé is moite den chabhair dá bhforáiltear go sainráite sna Treoirlínte, ní dócha go mbeidh an tástáil chothromaíochta dearfach maidir leis na cineálacha beart cabhrach thuasluaite.
Má mharcáil tú bosca a bhaineann le haon cheann de na catagóirí cabhrach thuas, mínigh cén roinn de na Treoirlínte faoina ndéantar foráil maidir le cabhair den sórt sin:
…
|
|
2.6.12.
|
Deimhnigh an bhfuil na coinníollacha seo a leanas san áireamh sa bheart cabhrach:
|
(a)
|
☐coimircí lena n-áirithítear go gcomhlíonann an t-iarratasóir ar státchabhair rialacha CBI agus go leanfaidh sé dá gcomhlíonadh ar feadh thréimhse chur chun feidhme an tionscadail (‘tréimhse an deontais’) agus ar feadh 5 bliana tar éis íocaíochtaí deiridh na cabhrach leis an gnóthas, nó i gcás nach bhfuil gá le hiarratas go bhforáiltear le gníomh coibhéiseach go ndéanfaidh an gnóthas is tairbhí amhlaidh;
|
|
(b)
|
☐foráil nach mbeidh gnóthas is tairbhí inghlactha chun iarratas a dhéanamh ar chabhair más rud é, le linn thréimhse an deontais agus ar feadh tréimhse 5 bliana tar éis na híocaíochta deiridh
|
☐
|
nár chomhlíon an gnóthas is tairbhí rialacha CBI; sin nó
|
|
☐
|
go gcuirtear isteach an t-iarratas ar chabhair faoi Airteagail 32 go 39 de Rialachán (AE) 2022/2473: rinne gnóthas is tairbhí ceann amháin nó níos mó de na cionta comhshaoil a leagtar síos in Airteagail 3 agus 4 de Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (591), arna chinneadh ag an údarás inniúil náisiúnta
|
|
Má dheimhnigh tú na coinníollacha thuas, sonraigh, sna cásanna sin, an gcaithfidh an tairbhí an chabhair a aisíoc i gcomhréir leis an neamhchomhlíonadh nó leis an gcion:
☐caithfidh ☐ní chaithfidh
Sonraigh na critéir ar dá réir a chinnfidh na húdaráis náisiúnta an chomhréireacht leis an neamhchomhlíonadh nó leis an gcion:
…
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (136) de na Treoirlínte, nach dócha go mbeidh an tástáil chothromaíochta dearfach maidir le bearta cabhrach nach bhfuil na coinníollacha thuas san áireamh iontu. De bhun phointe (137) de na Treoirlínte, ní cheadaítear ach dhá eisceacht.
Mura bhfuil na coinníollacha thuas ((a) agus (b)) don bheart cabhrach curtha san áireamh agat, deimhnigh an gcomhlíonann an chabhair na coinníollacha sonracha maidir le:
|
☐
|
cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla eile a shlánú (mar a leagtar amach i gCuid II, Caibidil 1, Roinn 1.1 de na Treoirlínte);
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le galair ainmhithe i ndobharshaothrú a chosc, a rialú agus a dhíothú (a leagtar amach i gCuid II, Caibidil 1, Roinn 1.3 de na Treoirlínte).
|
|
Ionstraimí cabhrach cothrománacha agus eile atá infheidhme maidir le hearnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach Cuid I, Roinn 2.2 (pointí (8), (20)-(22)) de na Treoirlínte.
Maidir le gach cabhair a dheonaítear d’earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe, tá feidhm ag na Treoirlínte de bhun phointe (8) de. Áirítear leis sin na codanna de chabhair réigiúnach a bhaineann le hearnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe. Tá feidhm acu freisin maidir le gach cabhair eile a dheonaítear d’earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe faoi chuimsiú chistí an Aontais.
Áirítear leis na treoirlínte cothrománacha agus ionstraimí eile na Critéir chun anailís a dhéanamh ar chomhoiriúnacht státchabhrach le haghaidh oiliúint faoi réir fógra aonair (592), na Treoirlínte maidir le státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn (593), an Creat do státchabhair le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta (594), Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (595), na Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (596), na Rialacha státchabhrach maidir le líonraí leathanbhanda a chur in úsáid (597) agus na Critéir chun anailís a dhéanamh ar chomhoiriúnacht státchabhrach d’oibrithe faoi mhíbhuntáiste agus faoi mhíchumas faoi réir fógra aonair (598). Níl feidhm ag na Treoirlínte maidir le státchabhair réigiúnach 2022-2027 (599) maidir le hearnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe, ach amháin i gcás ina ndeonaítear státchabhair san earnáil sin mar chuid de scéim cabhrach oibriúcháin réigiúnach chothrománach.
I gcás ina dtagann cabhair faoi ionstraimí cothrománacha nó ionstraimí cabhrach eile, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chabhair den sórt sin ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach sna Ranna ábhartha de na hionstraimí cothrománacha agus ionstraimí státchabhrach eile i gcomhpháirt leis na coinníollacha a leagtar amach i gCuid I, Caibidil 3, Ranna 3.1.3 agus 3.2.6 de na Treoirlínte. Líon isteach Ranna 1.3 agus 2.6 den fhoirm faisnéise ginearálta seo agus ina theannta sin, líon isteach na foirmeacha eile is infheidhme maidir leis na treoirlínte cothrománacha nó na hionstraimí sin agus cuir i gceangal le d’fhógra iad.
|
2.7.1.
|
An dtagann an chabhair faoi raon feidhme treoirlínte cothrománacha áirithe nó ionstraimí eile arna nglacadh ag an gCoimisiún?
☐tagann ☐ní thagann
Má thagann, léirigh na treoirlínte cothrománacha ábhartha nó na hionstraimí agus forálacha ábhartha na ngníomhartha sin agus léirigh go gcomhlíonann an chabhair na critéir uile a leagtar amach i bhforálacha ábhartha na ngníomhartha sin.
…
|
Cabhair le haghaidh catagóirí beart a chumhdaítear le Rialacháin maidir le blocdhíolúintí
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach Cuid I, Roinn 2.3 (pointí (23)-(25) agus (28)) de na Treoirlínte.
I gcás ina bhfuil cabhair a théann chun tairbhe do FBManna nó fiontair mhóra den chineál céanna le cabhair a thagann faoi chatagóir cabhrach ar féidir a mheas go bhfuil sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Rialachán (AE) 2022/2473 nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (600), líon isteach gach roinn de Chuid 1 (An chéad choinníoll) agus Cuid 2 (An dara coinníoll) den fhoirm faisnéise ginearálta seo (ó roinn 1.1 go roinn 2.6), sa bhreis ar an roinn seo. Tabhair do d’aire, de bhun phointí (23) agus (24) de na Treoirlínte, go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcabhair sin agus aird á tabhairt ar an measúnú comhoiriúnachta faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh (Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte) agus ar na critéir a leagtar síos do gach catagóir cabhrach a leagtar amach sa rialachán blocdhíolúine is infheidhme.
|
2.7.2.
|
An bhfuil an chabhair den chineál céanna le cabhair a thagann faoi chatagóir chabhrach is féidir a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Rialachán (AE) 2022/2473?
☐tá ☐níl
|
|
2.7.3.
|
An bhfuil an chabhair den chineál céanna a d’fhéadfadh teacht faoi na hairteagail de Rialachán (AE) 2022/2473 seo a leanas?
|
☐
|
cabhair den chineál céanna le cabhair a thagann faoin gcatagóir cabhrach chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a shlánú, cabhair a leagtar amach in Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2022/2473;
|
I gcás na catagóire cabhrach seo, líon isteach an fhoirm fógra shonrach a bhaineann le Cuid II, Caibidil 1, Roinn 1.1, de na Treoirlínte chomh maith.
|
☐
|
cabhair den chineál céanna le cabhair a thagann faoin gcatagóir cabhrach chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú, cabhair a leagtar amach in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2022/2473;
|
I gcás na catagóire cabhrach seo, líon isteach an fhoirm fógra shonrach a bhaineann le Cuid II, Caibidil 1, Roinn 1.2, de na Treoirlínte chomh maith.
|
☐
|
cabhair den chineál céanna le cabhair a thagann faoin gcatagóir cabhrach le haghaidh na gcostas a bhaineann le galair ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú, a leagtar amach in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2022/2473;
|
I gcás na catagóire cabhrach seo, líon isteach an fhoirm fógra shonrach a bhaineann le Cuid II, Caibidil 1, Roinn 1.3, de na Treoirlínte chomh maith.
|
☐
|
cabhair den chineál céanna le cabhair a thagann faoin gcatagóir cabhrach chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta a shlánú, cabhair a leagtar amach in Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2022/2473;
|
I gcás na catagóire cabhrach seo, líon isteach an fhoirm fógra shonrach a bhaineann le Cuid II, Caibidil 1, Roinn 1.4, de na Treoirlínte chomh maith.
|
☐
|
cabhair atá den chineál céanna le cabhair a thagann faoin gcatagóir cabhrach chun an damáiste a tharlaíonn mar gheall ar ghalair ainmhithe, tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha agus ainmhithe cosanta a chosc agus a mhaolú, a leagtar amach in Airteagail 43, 48, 50 agus 52 de Rialachán (AE) 2022/2473;
|
I gcás na catagóire cabhrach seo, líon isteach an fhoirm fógra shonrach a bhaineann le Cuid II, Caibidil 1, Roinn 1.5, de na Treoirlínte chomh maith.
|
☐
|
cabhair den chineál céanna le cabhair a thagann faoin gcatagóir cabhrach le haghaidh na gcostas a bhaineann le soitheach iascaireachta a fháil den chéad uair a leagtar amach in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2022/2473.
|
I gcás na catagóire cabhrach seo, líon isteach an fhoirm fógra shonrach a bhaineann le Cuid II, Caibidil 3, Roinn 3 de na Treoirlínte chomh maith.
|
|
2.7.4.
|
Maidir le catagóirí eile cabhrach faoi Rialachán (AE) 2022/2473, an gcomhlíonann an chabhair na critéir uile a leagtar amach sna hairteagail ábhartha de Rialachán (AE) 2022/2473?
☐comhlíonann ☐ní chomhlíonann
Má chomhlíonann, sonraigh an t-airteagal ábhartha de Rialachán (AE) 2022/2473 agus taispeáin go gcomhlíontar coinníollacha infheidhme Rialachán (AE) 2022/2473 maidir leis an gcatagóir cabhrach sin:
…
Mura gcomhlíonann, sonraigh an t-airteagal de Rialachán (AE) 2022/2473 agus sonraigh an coinníoll nach gcomhlíontar agus tabhair údar leis an gcúis atá leis an maolú agus léirigh an riachtanas dosháraithe atá leis an gcabhair:
…
|
|
2.7.5.
|
An bhfuil an chabhair den chineál céanna le cabhair a thagann faoi chatagóir chabhrach is féidir a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Rialachán (AE)Uimh. 651/2014?
☐tá ☐níl
|
|
2.7.6.
|
An gcomhlíonann an chabhair na critéir uile a leagtar amach sna hairteagail ábhartha de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014?
☐comhlíonann ☐ní chomhlíonann
Má chomhlíonann, sonraigh an t-airteagal ábhartha de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 agus taispeáin go gcomhlíontar coinníollacha infheidhme Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 maidir leis an gcatagóir cabhrach sin.
…
Mura gcomhlíonann, sonraigh an t-airteagal de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 agus sonraigh an coinníoll nach gcomhlíontar agus tabhair údar leis an gcúis atá leis an maolú agus léirigh an riachtanas dosháraithe atá leis an gcabhair.
…
|
Cabhair le haghaidh bearta eile
Chun an fhaisnéis sa roinn seo a sholáthar, féach Cuid I, Roinn 2.1.2 (pointe (13)) de na Treoirlínte.
|
2.7.7.
|
An bhfreagraíonn cabhair do cheann de na cineálacha cabhrach dá dtagraítear i gCuid II, Caibidlí 1, 2 nó 3, agus Cuid I, Caibidil 2, Ranna 2.2 agus 2.3 de na Treoirlínte?
☐freagraíonn ☐ní fhreagraíonn
Má fhreagraíonn, tabhair do d’aire go ndéanann an Coimisiún measúnú ar an gcabhair de réir na gcritéar comhoiriúnachta is infheidhme don chatagóir cabhrach sin.
Mura bhfreagraíonn, níl an chabhair i bprionsabal comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Má tá sé beartaithe ag Ballstát cabhair den sórt sin a sholáthar mar sin féin, nó má sholáthraíonn sé cabhair den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú uirthi ar bhonn cás ar chás ar bhonn Airteagal 107(3) den Chonradh go díreach, agus na rialacha a leagtar síos in Airteagail 107, 108 agus 109 den Chonradh agus, de réir analaí, na Treoirlínte á gcur san áireamh.
Chun a léiriú go gcomhlíonann cabhair den sórt sin na prionsabail a leagtar amach i gCuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte, líon isteach gach roinn de Chuid 1 (An chéad choinníoll) agus Cuid 2 (An dara coinníoll) den fhoirm faisnéise ginearálta seo (ó Roinn 1.1 go Roinn 2.6), de bhreis ar an roinn seo.
Ina theannta sin, tabhair aon fhaisnéis eile a léiríonn go soiléir gur mó éifeacht dhearfach na cabhrach ná an éifeacht dhiúltach shainaitheanta ar an iomaíocht agus ar an trádáil:
…
|
Cabhair le haghaidh Thuaisceart Éireann
|
2.7.8.
|
An bhfuil an chabhair le deonú i dTuaisceart Éireann?
☐tá ☐níl
Má tá, tabhair do d’aire, de bhun phointe (12) de na Treoirlínte, chun cabhair a dheonú i dTuaisceart Éireann, i gcás ina gceanglaítear le beart go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó i Rialachán (AE) 2021/1139, nach mór faisnéis choibhéiseach a sholáthar san fhógra don Choimisiún de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh.
Cuir an fhaisnéis sin san áireamh san fhoirm fógra shonrach maidir leis an gcatagóir cabhrach lena mbaineann.
|
Cabhair i bhfabhar gnóthas atá i gcruachás
De bhun phointe (10) de na Treoirlínte, nuair atá gnóthas i gcruachás airgeadais, toisc go bhfuil baol ann go dtiocfaidh deireadh leis an ngnóthas ar fad, measann an Coimisiún nach féidir a bhreithniú gur meán iomchuí é chun cuspóirí eile beartais phoiblí a chur chun cinn ach amháin go dtí go ndearbhófar inmharthanacht an ghnóthais sin.
|
2.7.9.
|
An gnóthas/gnóthais atá i gcruachás é/iad an tairbhí/na tairbhithe?
☐is é/iad ☐ní hé/hiad
Más é/iad, tabhair do d’aire, i gcás inar gnóthas atá i gcruachás mar a shainmhínítear i bpointe (31)(bb) de na Treoirlínte é tairbhí na cabhrach, go ndéanfar measúnú ar an gcabhair i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (601).
Mura ndeonaítear, soláthair an tagairt don bhunús dlí náisiúnta a bhaineann leis an bpointe seo:
…
|
|
2.7.10.
|
Le pointe (10) de na Treoirlínte tugtar eisceachtaí áirithe ón bprionsabal nach soláthraítear státchabhair do ghnóthais atá i gcruachás airgeadais. Sonraigh sa bhosca an bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí maidir leis an gcabhair a dtugtar fógra ina leith:
|
☐
|
cabhair chun caillteanas nó damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha agus tarluithe eisceachtúla eile, dá dtagraítear i gCuid II, Caibidil 1, Roinn 1.1, de na Treoirlínte seo, a chúiteamh, ar choinníoll go bhfuil an chabhair ag luí leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(2), pointe (b), den Chonradh;
|
|
☐
|
cabhair chun caillteanas nó damáiste a chúiteamh a tharlaíonn mar gheall ar theagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha, galair ainmhithe agus inmhíoluithe speiceas coimhthíoch ionrach agus ainmhithe cosanta, dá dtagraítear i gCuid II, Caibidil 1, Roinn 1.2, 1.3 nó 1.4, de na Treoirlínte, i gcás inarbh iad na teagmhais sin ba chúis leis an gcruachás airgeadais atá ag gnóthas atá gníomhach in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe, ar choinníoll go bhfuil an chabhair ag luí leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh;
|
|
☐
|
cabhair chun galair ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú in earnáil an dobharshaothraithe dá dtagraítear i bpointe (188)(a) go (c) agus (e) go (h) de Chuid II, Caibidil 1, Roinn 1.3, de na Treoirlínte, i gcás nár cheart staid eacnamaíoch an ghnóthais a chur san áireamh mar gheall ar staid éigeandála agus ar an ngá an tsláinte phoiblí a chosaint, ar choinníoll go bhfuil an chabhair ag luí leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh;
|
|
☐
|
cabhair a bhaineann le gníomhaíochtaí faisnéise agus le haghaidh bearta cur chun cinn atá de chineál ginearálta, ar choinníoll go dtagann siad faoi raon feidhme Chuid I, Caibidil 2, Roinn 2.3, de na Treoirlínte.
|
|
Cabhair a dheonaítear do ghnóthas atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc
|
2.7.11.
|
An ndeonaítear an chabhair do ghnóthas atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lenar dearbhaíodh go raibh cabhair neamhdhleathach agus nach raibh sí ag luí leis an margadh inmheánach?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
Má dheonaítear, tabhair do d’aire nach féidir a dhearbhú go bhfuil an chabhair sin ag luí leis an margadh inmheánach, ach amháin má tá feidhm ag ceann de na heisceachtaí a leagtar amach thíos.
Mura ndeonaítear, soláthair an tagairt don bhunús dlí náisiúnta a bhaineann leis an bpointe seo:
. …
|
|
2.7.12.
|
Sonraigh sa bhosca an bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí maidir leis an gcabhair a dtugtar fógra ina leith:
|
☐
|
cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha agus tarluithe eisceachtúla eile a shlánú faoi Airteagal 107(2), pointe (b), den Chonradh (Cuid II, Caibidil 1, Roinn 1.1 de na Treoirlínte);
|
|
☐
|
cabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le galair ainmhithe i ndobharshaothrú a chosc, a rialú agus a dhíothú faoi phointe (188)(a) go (c) agus (e) go (h) de Chuid II, Caibidil 1, Roinn 1.3, de na Treoirlínte.
|
|
Aon fhaisnéis eile
|
2.7.13.
|
Tabhair aon fhaisnéis eile a mheasann tú a bheith tábhachtach nó riachtanach chun measúnú cuí a dhéanamh ar an mbeart cabhrach ar tugadh fógra ina leith:
…
|
|
1.1.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR CHUN AN DAMÁISTE A DHÉANANN TUBAISTE NÁDÚRTHA NÓ TARLUITHE EISCEACHTÚLA A SHLÁNÚ
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon státchabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla eile a shlánú mar a thuairiscítear i Roinn 1.1 de Chaibidil 1 de Chuid II de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe
(602)
(‘na Treoirlínte’).
|
|
1.
|
An scéim creata ex-ante é an beart chun cúiteamh a dhéanamh ar an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha?
☐is é ☐ní hé
Más é, tabhair neamhaird ar cheisteanna agus 10 agus 11.
Tabhair do d’aire nach féidir fógra a thabhairt mar chuid de chreat ex-ante faoi chabhair a dheonaítear chun cúiteamh a dhéanamh ar dhamáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha seachas na cinn a luaitear i bpointe (141) de na Treoirlínte, agus ar dhamáiste a tharlaíonn de dheasca tarluithe eisceachtúla, agus nach mór fógra ar leithligh a thabhairt don Choimisiún ina leith i gcónaí. Tabhair do d’aire freisin, de bhun phointe (147) de na Treoirlínte, nach mór fógra a thabhairt ar leithligh i ndáil le bearta de mhaolú ar na rialacha ginearálta maidir le tráth bunaithe scéimeanna agus íoc na cabhrach.
|
|
2.
|
I gcás scéimeanna creata ex-ante, deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát an oibleagáid tuairiscithe a leagtar amach i bpointe (345) de na Treoirlínte.
☐comhlíonfaidh ☐ní chomhlíonfaidh
|
|
3.
|
Sainaithin an cineál tubaiste nádúrtha nó tarlaithe eisceachtúil a rinne an damáiste – nó, i gcás scéim creata ex-ante a d’fhéadfadh an damáiste a dhéanamh – ar lena aghaidh a sholáthraítear cúiteamh?
|
(a)
|
tubaistí nádúrtha:
|
☐
|
stoirmeacha tromchúiseacha
|
|
☐
|
falscaithe de thionscnamh nádúrtha
|
|
☐
|
tubaistí nádúrtha eile,
|
|
|
(b)
|
tarluithe eisceachtúla:
|
☐
|
mórthionóiscí tionsclaíocha
|
|
☐
|
mórthionóiscí núicléacha
|
|
☐
|
dóiteáin a mbíonn caillteanas forleathan mar thoradh orthu
|
|
☐
|
tarluithe eisceachtúla eile.
|
|
Tabhair do d’aire nach meastar, i bprionsabal, gur tarlú eisceachtúil é ráig galair ainmhithe nó lotnaide.
|
|
3.1.
|
Tabhair tuairisc mionsonraithe ar an tubaiste nádúrtha nó ar an tarlú eisceachtúil.
…
|
|
4.
|
Deimhnigh gur aithin údarás inniúil nó údaráis inniúla an Bhallstáit go foirmiúil gurb é an cineál tubaiste atá ann tubaiste nádúrtha nó tarlú eisceachtúil?
☐d’aithin ☐níor aithin
|
|
4.1.
|
Má aithin, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
5.
|
Má tá critéir bunaithe roimh ré ag na Ballstáit a thugann fógra ar ar a mbonn a mheastar an t-aitheantas foirmiúil dá dtagraítear i gceist 4 a bheith deonaithe, tabhair na critéir sin agus sainaithin an reachtaíocht náisiúnta lena leagtar amach iad.
…
|
|
6.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart go bhfuil nasc cúisíoch díreach idir an tubaiste nádúrtha nó an tarlú eisceachtúil agus an damáiste a rinneadh don ghnóthas.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
6.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
7.
|
Léirigh an nasc cúisíoch díreach idir an tubaiste nádúrtha nó an tarlú eisceachtúil agus an damáiste a rinneadh don ghnóthais:
…
|
|
8.
|
Deimhnigh nach mór an chabhair a íoc go díreach:
|
(a)
|
☐leis an ngnóthas lena mbaineann,
|
|
(b)
|
☐le grúpa táirgeoirí nó eagraíocht táirgeoirí ar comhalta de nó di an gnóthas sin.
|
|
|
9.
|
I gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí, deimhnigh gurb amhlaidh nach mór nach mó an méid cabhrach ná an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe dó.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
9.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
10.
|
Mínigh cathain a tharla an teagmhas, lena n-áirítear a dhátaí tosaithe agus deiridh (mar is infheidhme).
…
|
|
11.
|
Deimhnigh go mbunaítear an beart laistigh de 3 bliana ón dáta a tharla an teagmhas.
☐bunaítear ☐ní bhunaítear
|
|
11.1.
|
Má bhunaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
12.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart go n-íocfar an chabhair laistigh de 4 bliana ón dáta a tharla an teagmhas?
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
12.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
13.
|
Tabhair do d’aire, i gcás tubaiste nádúrtha nó tarlú eisceachtúil sonrach, go n-údaróidh an Coimisiún cabhair a dtugtar fógra ar leithligh ina leith lena maolaítear ar an riail a leagtar amach i bpointe (147) de na Treoirlínte i gcásanna cuí-réasúnaithe (mar shampla i ngeall ar chineál agus/nó ar fhairsinge an teagmhais nó i ngeall ar chineál moillithe nó leantach an damáiste).
|
|
13.1.
|
Más amhlaidh an cás, tabhair údar mionsonraithe maidir leis an bhfáth a bhfuil údar maith le maolú ar an riail maidir le tráth bunaithe scéimeanna agus/nó íoc na cabhrach.
. …
|
|
14.
|
Deimhnigh gurb iad costais an damáiste a thabhaítear mar iarmhairt dhíreach ar an tubaiste nádúrtha nó tarlú eisceachtúil na costais incháilithe.
☐is iad ☐ní hiad
|
|
14.1.
|
Más iad, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
15.
|
Deimhnigh gurb é a dhéanfaidh measúnú ar an damáiste:
|
(b)
|
☐saineolaí neamhspleách atá aitheanta ag an údarás deonaithe
|
|
|
15.1.
|
Sainaithin an comhlacht/na comhlachtaí a dhéanann measúnú ar an damáiste.
…
|
|
16.
|
Maidir leis an damáiste, deimhnigh an bhfuil san áireamh ann:
|
(a)
|
☐damáiste ábhartha do shócmhainní (amhail foirgnimh, trealamh, innealra, stoic agus modhanna táirgthe)
|
|
(b)
|
☐caillteanas ioncaim a thagann as scrios iomlán nó páirtscrios ar an táirgeacht iascaigh nó dobharshaothraithe, nó ar mhodh an táirgthe sin
|
|
(c)
|
☐an dá cheann acu, i.e. tá (a) agus (b) san áireamh sa damáiste
|
|
|
16.1.
|
Sainaithin foráil/forálacha an bhunúis dlí a léiríonn an damáiste. …
|
|
17.
|
Cuir isteach measúnú atá chomh beacht agus is féidir ar chineál agus fairsinge an damáiste a thabhaigh na gnóthais – nó a d’fhéadfaidís a thabhú i gcás scéimeanna creata ex-ante.
. …
|
|
18.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart go ndéantar an damáiste a ríomh ar leibhéal an tairbhí aonair.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
18.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
19.
|
I gcás ina n-áirítear sna costais incháilithe damáiste ábhartha do shócmhainní, deimhnigh go bhfuil ríomh an damáiste ábhartha bunaithe ar an gcostas deisiúcháin nó ar luach eacnamaíoch na sócmhainne dá ndéantar difear roimh an tubaiste nádúrtha nó an tarlú eisceachtúil.
☐tá ☐níl
|
|
19.1.
|
Má tá, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
20.
|
I gcás ina n-áirítear sna costais incháilithe damáiste ábhartha do shócmhainní, deimhnigh gurb amhlaidh nár cheart ríomh an damáiste ábhartha a bheith níos mó ná an costas deisiúcháin ná an laghdú ar an luach margaidh cothrom a tharlaíonn de dheasca na tubaiste nádúrtha nó an tarlaithe eisceachtúil, is é sin an difríocht idir luach na sócmhainne go díreach roimh an tubaiste nádúrtha nó an tarlú eisceachtúil agus go díreach dá éis.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
20.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
21.
|
I gcás ina n-áirítear caillteanas ioncaim sna costais incháilithe, deimhnigh go ríomhtar é de bhun phointe (154) de na Treoirlínte, is é sin trí: (a) an toradh a fhaightear nuair a iolraítear cainníocht na dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a táirgeadh i mbliain na tubaiste nádúrtha nó an tarlaithe eisceachtúil, nó i ngach bliain ina dhiaidh sin dá ndéantar difear leis an scrios iomlán nó páirteach ar na modhanna táirgeachta, faoin meánphraghas díola a fuarthas le linn na bliana sin, a dhealú ó (b) an toradh a fhaightear nuair a iolraítear meánchainníocht bhliantúil na dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a táirgeadh le linn na tréimhse 3 bliana roimh an tubaiste nádúrtha nó an tarlú eisceachtúil, nó meán 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimh an tubaiste nádúrtha nó an tarlú eisceachtúil, cé is moite den iontráil is airde agus den iontráil is ísle, faoin meánphraghas díola a baineadh amach.
☐ríomhtar ☐ní ríomhtar
|
|
21.1.
|
Má ríomhtar, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
22.
|
Deimhnigh an bhféadfar méid an chúitimh a mhéadú le costais eile a thabhaíonn an gnóthas is tairbhí de dheasca na tubaiste nádúrtha nó an tarlaithe eisceachtúil.
☐féadfar ☐ní fhéadfar
|
|
22.1.
|
Má fhéadfar, sainaithin na costais ábhartha.
…
|
|
22.2.
|
Má fhéadfar, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
23.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mór méid an chúitimh a laghdú le haon chostas nár tabhaíodh mar gheall ar an tubaiste nádúrtha nó an tarlú eisceachtúil agus a thabhódh an gnóthas is tairbhí murach sin.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
23.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin na costais ábhartha.
. …
|
|
23.2.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
24.
|
Tabhair faoi deara go bhféadfaidh an Coimisiún glacadh le modhanna eile ríofa ar choinníoll gur modhanna ionadaíocha iad, nach bhfuil siad bunaithe ar thorthaí nó gabhálacha atá thar a bheith ard agus nach bhfaigheann aon ghnóthas is tairbhí róchúiteamh dá mbarr.
Má tá sé ar intinn ag an mBallstát a thugann fógra modh ríofa malartach a mholadh, tabhair na cúiseanna nach bhfuil an modh a leagtar amach sna Treoirlínte iomchuí sa chás atá idir lámha agus mínigh conas a théann an modh ríofa malartach i ngleic leis na riachtanais shainaitheanta ar bhealach níos fearr
…
Cuir isteach mar iarscríbhinn leis an bhfógra an mhodheolaíocht mhalartach atá beartaithe, mar aon le léiriú go bhfuil sí ionadaíoch, nach bhfuil sí bunaithe ar ghabhálacha/torthaí atá thar a bheith ard agus nach bhfaigheann aon tairbhí róchúiteamh dá barr.
. …
|
|
25.
|
Deimhnigh an bhforáiltear leis an mbeart, i gcás inar bunaíodh FBM níos lú ná 3 bliana ón dáta a tharla an teagmhas, nach mór an tagairt do na tréimhsí 3 bliana nó 5 bliana i bpointe (154)(b) a thuiscint mar thagairt don chainníocht a tháirg agus a dhíol meánghnóthas den mhéid céanna den iarratasóir, is é sin micrifhiontar nó fiontar beag nó fiontar meánmhéide, de réir mar is infheidhme, san earnáil náisiúnta nó réigiúnach a ndearna an tubaiste nádúrtha nó an tarlú eisceachtúil difear di.
☐foráiltear ☐ní fhoráiltear
|
|
25.1.
|
Má fhoráiltear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
26.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór teorainn 100 % de na costais incháilithe a bheith leis an gcabhair agus le haon íocaíocht eile a fhaightear mar chúiteamh ar an damáiste, íocaíochtaí faoi pholasaithe árachais san áireamh.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
26.1.
|
Tabhair an uasdéine cabhrach is infheidhme faoin mbeart.
. …
|
|
26.2.
|
Sainaithin foráil nó forálacha an bhunúis dlí lena leagtar amach an teorainn 100 % agus an uasdéine cabhrach faoin mbeart.
. …
|
FAISNÉIS EILE
|
27.
|
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
|
1.2
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR CHUN AN DAMÁISTE A THARLAÍONN MAR GHEALL AR THEAGMHAIS DHÍOBHÁLACHA AERÁIDE ATÁ INCHURTHA LE TUBAISTÍ NÁDÚRTHA A SHLÁNÚ
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon státchabhair chun an damáiste a tharlaíonn mar gheall ar theagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú mar a thuairiscítear i Roinn 1.2 de Chaibidil 1 de Chuid II de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe
(603)
(‘na Treoirlínte’).
|
|
1.
|
An scéim creata ex-ante é an beart chun cúiteamh a dhéanamh ar an damáiste a tharlaíonn mar gheall ar theagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha?
☐is é ☐ní hé
Más é, tabhair neamhaird ar cheisteanna agus 10 agus 11.
Tabhair do d’aire, de bhun phointe 167 de na Treoirlínte, nach mór fógra ar leithligh a thabhairt don Choimisiún maidir le cabhair arna deonú mar chúiteamh ar an damáiste a tharlaíonn mar gheall ar chineálacha eile teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha nach luaitear i bpointe (161) de na Treoirlínte.
|
|
2.
|
I gcás scéimeanna creata ex-ante, deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát an oibleagáid tuairiscithe a leagtar amach i bpointe (345) de na Treoirlínte.
☐comhlíonfaidh ☐ní chomhlíonfaidh
|
|
3.
|
Sainaithin an cineál teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha a rinne an damáiste – nó, i gcás scéim creata ex-ante a d’fhéadfadh an damáiste a dhéanamh – ar lena aghaidh a sholáthraítear cúiteamh?
|
(b)
|
☐séideáin gaoithe is cúis le tonnta fíor-arda
|
|
(c)
|
☐síorbháisteach throm
|
|
(e)
|
☐teochtaí uisce thar a bheith ard le linn tréimhse fhada
|
|
(i)
|
☐triomaigh thromchúiseacha
|
|
(j)
|
☐teagmhais dhíobhálacha aeráide eile atá inchurtha le tubaistí nádúrtha
|
|
|
3.1.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an teagmhas díobhálach aeráide atá i gceist.
…
|
|
4.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór an damáiste a rinneadh mar gheall ar an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha a bheith cothrom le níos mó ná 30 % den mheántáirgeacht bhliantúil, a ríomhtar ar bhonn na 3 bliana féilire roimhe sin nó meán 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimh an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha, cé is moite den iontráil is airde agus den iontráil is ísle
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
4.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
5.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart gurb amhlaidh nach mór nasc cúisíoch díreach a bheith ann idir an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha agus an damáiste a rinneadh don ghnóthas.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
5.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
6.
|
Léirigh an nasc cúisíoch díreach idir an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha agus an damáiste a rinneadh don ghnóthas.
. …
|
|
7.
|
I gcás caillteanais a tharlaíonn mar gheall ar theagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha a d’fhéadfadh bheith cumhdaithe faoi chistí frithpháirteacha a mhaoinítear trí Rialachán (AE) 2021/1139, tabhair údar leis an bhfáth a mbeartaítear cabhair a dheonú seachas cúiteamh airgeadais a bheith á íoc trí chistí frithpháirteacha den sórt sin.
. …
|
|
8.
|
Deimhnigh nach mór an chabhair a íoc go díreach:
|
(a)
|
☐leis an ngnóthas lena mbaineann
|
|
(b)
|
☐le grúpa táirgeoirí nó eagraíocht táirgeoirí ar comhalta de nó di an gnóthas sin.
|
|
|
9.
|
I gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí, deimhnigh gurb amhlaidh nach mór nach mó an méid cabhrach ná an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe dó.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
9.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
10.
|
Mínigh cathain a tharla an teagmhas, lena n-áirítear a dhátaí tosaithe agus deiridh (mar is infheidhme).
…
|
|
11.
|
Deimhnigh go mbunaítear an beart laistigh de 3 bliana ón dáta a tharla an teagmhas?
☐bunaítear ☐ní bhunaítear
|
|
11.1.
|
Má bhunaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
12.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart go n-íocfar an chabhair laistigh de 4 bliana ón dáta a tharla an teagmhas.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
12.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
13.
|
Deimhnigh gurb iad costais an damáiste a thabhaítear mar iarmhairt dhíreach ar an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha na costais incháilithe.
☐is iad ☐ní hiad
|
|
13.1.
|
Más iad, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
14.
|
Deimhnigh gurb é a dhéanfaidh measúnú ar an damáiste:
|
(b)
|
☐saineolaí neamhspleách atá aitheanta ag an údarás deonaithe
|
|
|
14.1.
|
Sainaithin an comhlacht/na comhlachtaí a dhéanann measúnú ar an damáiste.
…
|
|
14.2.
|
Maidir leis an damáiste, deimhnigh an bhfuil san áireamh ann:
|
(a)
|
☐damáiste ábhartha do shócmhainní (amhail foirgnimh, soithí, trealamh, innealra, stoic agus modhanna táirgthe)
|
|
(b)
|
☐caillteanas ioncaim a thagann as scrios iomlán nó páirtscrios ar an táirgeacht iascaigh nó dobharshaothraithe, nó ar mhodh an táirgthe sin
|
|
(c)
|
☐an dá cheann acu, i.e. tá (a) agus (b) san áireamh sa damáiste.
|
|
|
14.3.
|
Sainaithin foráil/forálacha an bhunúis dlí a léiríonn an bosca a roghnaítear mar fhreagairt ar an gceist.
. …
|
|
15.
|
Cuir isteach measúnú atá chomh beacht agus is féidir ar chineál agus fairsinge an damáiste a thabhaigh na gnóthais – nó a d’fhéadfaidís a thabhú i gcás scéimeanna creata ex-ante.
. …
|
|
16.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart go ndéantar an damáiste a ríomh ar leibhéal an tairbhí aonair.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
16.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
17.
|
I gcás ina n-áirítear sna costais incháilithe damáiste ábhartha do shócmhainní, deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór caillteanas a bheith ann, mar gheall ar an damáiste, is mó ná 30 % den mheántáirgeacht bhliantúil arna ríomh ar bhonn na 3 bliana féilire roimhe sin nó de mheán 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimh an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha, cé is moite den iontráil is airde agus den iontráil is ísle.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
17.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
18.
|
I gcás ina n-áirítear sna costais incháilithe damáiste ábhartha do shócmhainní, deimhnigh go bhfuil ríomh an damáiste ábhartha bunaithe ar an gcostas deisiúcháin nó ar luach eacnamaíoch na sócmhainne dá ndéantar difear roimh an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha.
☐tá ☐níl
|
|
18.1.
|
Má tá, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
19.
|
I gcás ina n-áirítear sna costais incháilithe damáiste ábhartha do shócmhainní, deimhnigh gurb amhlaidh nár cheart ríomh an damáiste ábhartha a bheith níos mó ná an costais deisithe ná an laghdaithe ar an luach margaidh cothrom a tharlaíonn mar gheall ar an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha, is é sin an difríocht idir luach na sócmhainne go díreach roimh an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha agus a luach go díreach dá éis.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
19.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
20.
|
I gcás ina n-áirítear caillteanas ioncaim sna costais incháilithe, deimhnigh go ríomhtar é de bhun phointe (173) de na Treoirlínte, is é sin trí: (a) an toradh a fhaightear nuair a iolraítear cainníocht na dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a táirgeadh i mbliain an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha, nó i ngach bliain ina dhiaidh sin dá ndéantar difear leis an scrios iomlán nó páirteach ar na modhanna táirgeachta, faoin meánphraghas díola a fuarthas le linn na bliana sin, a dhealú ó (b) an toradh a fhaightear nuair a iolraítear meánchainníocht bhliantúil na dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a táirgeadh le linn na tréimhse 3 bliana roimh an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha, nó meán 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimh an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha, cé is moite den iontráil is airde agus den iontráil is ísle, faoin meánphraghas díola a baineadh amach.
☐ríomhtar ☐ní ríomhtar
|
|
20.1.
|
Má ríomhtar, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
21.
|
Deimhnigh an bhféadfar méid an chúitimh a mhéadú le costais eile a thabhaíonn an gnóthas de dheasca an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha.
☐féadfar ☐ní fhéadfar
|
|
21.1.
|
Má fhéadfar, sainaithin na costais ábhartha.
. …
|
|
21.2.
|
Má fhéadfar, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
22.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mór méid an chúitimh a laghdú le haon chostas nár tabhaíodh de dheasca an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha, a thabhódh an gnóthas is tairbhí murach sin.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
22.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin na costais ábhartha.
. …
|
|
22.2.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
23.
|
Tabhair faoi deara, de bhun phointe 175 de na Treoirlínte, go bhféadfaidh an Coimisiún glacadh le modhanna eile ríofa ar choinníoll gur modhanna ionadaíocha iad, nach bhfuil siad bunaithe ar thorthaí nó gabhálacha atá thar a bheith ard agus nach bhfaigheann aon ghnóthas is tairbhí róchúiteamh dá mbarr.
Má tá sé ar intinn ag an mBallstát a thugann fógra modh ríofa malartach a mholadh, tabhair na cúiseanna nach bhfuil an modh a leagtar amach sna Treoirlínte iomchuí sa chás atá idir lámha agus mínigh conas a théann an modh ríofa malartach i ngleic leis na riachtanais shainaitheanta ar bhealach níos fearr
…
Cuir isteach mar iarscríbhinn leis an bhfógra an mhodheolaíocht mhalartach atá beartaithe, mar aon le léiriú go bhfuil sí ionadaíoch, nach bhfuil sí bunaithe ar ghabhálacha/torthaí atá thar a bheith ard agus nach bhfaigheann aon tairbhí róchúiteamh dá barr.
. …
|
|
24.
|
Deimhnigh an bhforáiltear leis an mbeart, i gcás inar bunaíodh FBM níos lú ná 3 bliana ón dáta a tharla an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha, nach mór an tagairt do na tréimhsí 3 bliana nó 5 bliana i bpointe (163)(a), pointe (171) agus pointe (173)(b) a thuiscint mar thagairt don chainníocht a tháirg agus a dhíol meánghnóthas den mhéid céanna den iarratasóir, is é sin micrifhiontar nó fiontar beag nó fiontar meánmhéide, de réir mar is infheidhme, san earnáil náisiúnta nó réigiúnach a ndearna an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha difear di.
☐foráiltear ☐ní fhoráiltear
|
|
24.1.
|
Má fhoráiltear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
25.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór teorainn 100 % de na costais incháilithe a bheith leis an gcabhair agus le haon íocaíocht eile a fhaightear mar chúiteamh ar an damáiste, íocaíochtaí faoi pholasaithe árachais san áireamh.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
25.1.
|
Tabhair an uasdéine cabhrach is infheidhme faoin mbeart.
…
|
|
25.2.
|
Sainaithin foráil nó forálacha an bhunúis dlí lena leagtar amach an teorainn 100 % agus an uasdéine cabhrach faoin mbeart.
. …
|
FAISNÉIS EILE
|
26.
|
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
|
1.3.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH NA gCOSTAS A BHAINEANN LE GALAIR AINMHITHE I nDOBHARSHAOTHRÚ AGUS INMHÍOLUITHE SPEICEAS COIMHTHÍOCH IONRACH A CHOSC, A RIALÚ AGUS A DHÍOTHÚ, AGUS CABHAIR CHUN AN DAMÁISTE A THARLAÍONN MAR GHEALL AR NA GALAIR AINMHITHE AGUS NA hINMHÍOLUITHE SIN A SHLÁNÚ
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon chabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le galair ainmhithe i ndobharshaothrú agus inmhíoluithe speiceas coimhthíoch ionrach a chosc, a rialú agus a dhíothú, agus cabhair chun an damáiste a tharlaíonn mar gheall ar na galair ainmhithe agus na hinmhíoluithe sin a shlánú mar a thuairiscítear i Roinn 1.3 de Chaibidil 1 de Chuid II de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe
(604)
(‘na Treoirlínte’).
|
|
1.
|
An scéim creata ex-ante é an beart cabhrach chun tacú le costais a bhaineann le galair ainmhithe i ndobharshaothrú agus inmhíoluithe speiceas coimhthíoch ionrach a chosc, a rialú agus a dhíothú?
☐is é ☐ní hé
Más é, tabhair neamhaird ar cheisteanna agus 10 agus 12.
|
|
2.
|
I gcás scéimeanna creata ex-ante, deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát an oibleagáid tuairiscithe a leagtar amach i bpointe (345) de na Treoirlínte.
☐comhlíonfaidh ☐ní chomhlíonfaidh
|
|
3.
|
Deimhnigh go ndeonaítear an chabhair i ndáil le galair ainmhithe agus/nó inmhíoluithe speiceas coimhthíoch ionrach arb ann do rialacha de chuid an Aontais nó rialacha náisiúnta ina leith, bídís leagtha síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin?
☐deonaítear ☐ní dheonaítear
|
|
3.1.
|
Má dheonaítear, léirigh na rialacha ábhartha de chuid an Aontais nó na rialacha ábhartha náisiúnta.
…
|
|
3.2.
|
Má dheonaítear, sainaithin an galar nó na galair agus/nó an t-inmhíolú nó na hinmhíoluithe ar a bhfuil an beart ag díriú agus tabhair tuairisc mhionsonraithe ar chúiseanna agus leathadh an ghalair nó an inmhíolaithe.
. …
|
|
4.
|
Deimhnigh go ndeonaítear an chabhair mar chuid de cheann de na rudaí seo a leanas:
|
☐
|
clár poiblí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach chun galair ainmhithe a chosc, a rialú nó a dhíothú
|
|
☐
|
bearta éigeandála a fhorchuireann an t-údarás náisiúnta inniúil
|
|
☐
|
bearta chun speiceas coimhthíoch ionrach a dhíothú nó a shrianadh atá á gcur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014
|
|
|
4.1.
|
Sainaithin an clár/na cláir nó an beart/na bearta ábhartha de réir an bhosca a roghnaítear mar fhreagairt ar an gceist.
…
|
|
5.
|
Deimhnigh go bhfuil tuairisc ar na bearta coisc, rialúcháin agus díothúcháin lena mbaineann sa chlár/sna cláir nó sa bheart/sna bearta ábhartha.
☐tá ☐níl
|
|
5.1.
|
Sainaithin na forálacha ábhartha sa chlár/sna cláir agus sa bheart/sna bearta.
…
|
|
6.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mbaineann an chabhair le bearta a bhforáiltear ina leith le reachtaíocht an Aontais gur faoin ngnóthas is tairbhí atá sé costas na mbeart sin a sheasamh, mura rud é go ndéantar costas na mbeart sin a fhritháireamh ina iomláine le muirir éigeantacha ar na gnóthais is tairbhithe.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
7.
|
Deimhnigh nach mór an chabhair a íoc go díreach:
|
(a)
|
☐leis an ngnóthas lena mbaineann,
|
|
(b)
|
☐le grúpa táirgeoirí nó eagraíocht táirgeoirí ar comhalta de nó di an gnóthas sin.
|
|
|
8.
|
I gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí, deimhnigh gurb amhlaidh nach mór nach mó an méid cabhrach ná an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe dó.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
8.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
9.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach ndeonófar aon chabhair aonair i gcás ina mbunaítear gur cuireadh an galar ainmhithe nó an t-inmhíolú speiceas coimhthíoch ionrach ar bun d’aon ghnó nó trí fhaillí an ghnóthais is tairbhí.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
9.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
10.
|
Sainaithin an chatagóir/na catagóirí iomchuí ar féidir an chabhair a dheonú ina leith:
|
(a)
|
☐galair ainmhithe uisceacha a liostaítear in Airteagal 5(1) Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (605), nó atá sa liosta de ghalair ainmhithe i gCód um Shláinte Ainmhithe Uisceacha na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (606)
|
|
(b)
|
☐zónóisí ainmhithe uisceacha a liostaítear in Iarscríbhinn III, pointe 2, a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (607)
|
|
(c)
|
☐galair atá ag teacht chun cinn agus a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2016/429
|
|
(d)
|
☐galair seachas galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2016/429 agus a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 226 den Rialachán sin.
|
|
|
10.1.
|
Sainaithin an chatagóir ábhartha galair/zónóise.
. …
|
|
11.
|
Mínigh cathain a tharla an galar ainmhithe nó an t-inmhíolú, lena n-áirítear a dhátaí tosaithe agus deiridh (mar is infheidhme).
…
Má tá cuspóirí coisctheacha ag an mbeart, ní bhaineann an cheist le hábhar.
|
|
12.
|
Deimhnigh go mbunaítear an scéim cabhrach laistigh de 3 bliana ón dáta a d’eascair na costais nó an damáiste arbh é an galar ainmhithe nó an t-inmhíolú speiceas coimhthíoch ionrach ba shiocair leo nó leis.
☐bunaítear ☐ní bhunaítear
Tabhair do d’aire nach mbaineann an coinníoll seo le costais a thabhaítear chun críoch coiscthe mar a léirítear i bpointe (188) de na Treoirlínte.
|
|
12.1.
|
Má bhunaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
13.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór an chabhair a íoc laistigh de 4 bliana ón dáta a d’eascair na costais nó an damáiste arbh é an galar ainmhithe nó an t-inmhíolú speiceas coimhthíoch ionrach ba shiocair leo nó leis.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
13.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
Tabhair do d’aire nach mbaineann an coinníoll seo le costais a thabhaítear chun críoch coiscthe mar a léirítear i bpointe (188) de na Treoirlínte.
|
|
14.
|
Cuir isteach measúnú atá chomh beacht agus is féidir ar chineál agus fairsinge an damáiste a thabhaigh na gnóthais – nó a d’fhéadfaidís a thabhú i gcás scéimeanna creata ex-ante.
…
|
|
15.
|
Sainaithin na costais incháilithe a chumhdaítear leis an mbeart:
|
(a)
|
☐seiceálacha sláinte, anailísí, tástálacha, agus bearta scagtha eile
|
|
(b)
|
☐feabhsú ar bhearta bithshlándála
|
|
(c)
|
☐ceannach, stóráil, riar nó dáileadh vacsaíní, cógas, agus substaintí le haghaidh cóireáil ainmhithe
|
|
(d)
|
☐ceannach, stóráil, cur in úsáid agus dáileadh táirgí cosanta nó trealaimh chun aghaidh a thabhairt ar inmhíoluithe speiceas coimhthíoch ionrach
|
|
(e)
|
☐marú, ciondíothú agus scrios ainmhithe
|
|
(f)
|
☐scrios táirgí ainmhithe agus táirgí a bhaineann leo
|
|
(g)
|
☐ní agus dífhabhtú an ghabháltais nó an trealaimh
|
|
(h)
|
☐an damáiste a tabhaíodh de bharr marú, ciondíothú nó scrios ainmhithe, táirgí ainmhithe, agus táirgí a bhaineann leo
|
|
(i)
|
☐costais eile a thabhaítear de dheasca galair ainmhithe i ndobharshaothrú nó inmhíolú speiceas coimhthíoch ionrach. Sonraigh:
…
|
|
|
15.1.
|
Sainaithin foráil/forálacha an bhunúis dlí a léiríonn na costais incháilithe:
…
|
|
16.
|
Deimhnigh go ndéantar cabhair i ndáil le seiceálacha sláinte, anailísí, tástálacha agus bearta scagtha eile a dheonú i gcomhchineál agus a íoc le soláthraithe seirbhíse:
☐déantar ☐ní dhéantar
|
|
16.1.
|
Mura ndéantar, deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart go bhfuil acmhainní inmheánacha ag gnóthais is tairbhithe cheana féin atá oiriúnach chun na gcríoch sin.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
16.2.
|
Má fhreagraítear ‘ordaítear’ ar cheist 16.1, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
17.
|
I gcás ina n-áirítear sna costais incháilithe cabhair chun an damáiste a tharlaíonn mar gheall ar ghalair ainmhithe nó inmhíoluithe speiceas coimhthíoch ionrach a shlánú dá dtagraítear i bpointe (188)(h) de na Treoirlínte, deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór an cúiteamh a ríomh i ndáil leis an méid seo a leanas agus é sin amháin:
|
(a)
|
☐luach margaidh na n-ainmhithe a maraíodh nó a ciondíothaíodh, nó a fuair bás, nó luach margaidh na dtáirgí a scriosadh:
|
☐
|
de dheasca an ghalair ainmhithe nó an inmhíolaithe speiceas coimhthíoch ionrach
|
|
☐
|
mar chuid de chlár poiblí nó de bheart dá dtagraítear i bpointe (180)(b) de na Treoirlínte;
|
|
|
(b)
|
☐caillteanas ioncaim de bharr oibleagáidí coraintín agus deacrachtaí athstocála.
|
|
|
17.1.
|
Sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí:
. …
|
|
18.
|
Má roghnaigh tú pointe (a) mar fhreagra ar cheist 17, deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór an luach margaidh a shuí ar bhonn luach na n-ainmhithe go díreach sular tháinig aon amhras faoin ngalar ainmhithe nó faoin inmhíolú speiceas coimhthíoch ionrach chun cinn nó sular deimhníodh é, agus amhail nach ndearna an galar nó an t-inmhíolú difear dóibh.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
18.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
19.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mór méid an chúitimh a laghdú le haon chostas nár tabhaíodh go díreach mar gheall ar an ngalar ainmhithe nó ar an inmhíolú speiceas coimhthíoch ionrach agus a thabhódh an gnóthas is tairbhí murach sin.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
19.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin na costais ábhartha.
…
|
|
19.2.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
20.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mór méid an chúitimh a laghdú le haon ioncam a dhéantar trí tháirgí a dhíol a bhaineann leis na hainmhithe a maraíodh, a ciondíothaíodh nó a scriosadh chun críoch coiscthe nó díothúcháin.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
20.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
21.
|
Má roghnaigh an Ballstát a thug an fógra litir (i) i gceist 15, tabhair údar mionsonraithe maidir leis an bhfáth ar cheart na costais eile sin a bheith incháilithe.
…
|
|
22.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór cabhair agus aon íocaíocht eile a fhaigheann an gnóthas is tairbhí, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi bhearta náisiúnta eile nó faoi bhearta eile de chuid an Aontais nó faoi pholasaithe árachais nó faoi chistí frithpháirteacha le haghaidh na gcostas incháilithe céanna, a bheith teoranta do 100 % de na costais incháilithe.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
22.1.
|
Tabhair an uasdéine cabhrach is infheidhme faoin mbeart.
…
|
|
22.2.
|
Sainaithin foráil nó forálacha an bhunúis dlí lena leagtar síos an teorainn 100 % agus an uasdéine cabhrach faoin mbeart.
…
|
FAISNÉIS EILE
|
23.
|
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
|
1.4.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR CHUN AN DAMÁISTE A THARLAÍONN DE DHEASCA AINMHITHE COSANTA A SHLÁNÚ
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon chabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta a shlánú mar a thuairiscítear i Roinn 1.4 de Chaibidil 1 de Chuid II de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe
(608)
(‘na Treoirlínte’).
|
|
1.
|
Deimhnigh go sainmhínítear ‘ainmhí cosanta’ i gcomhréir le pointe 31(w) de na Treoirlínte.
☐sainmhínítear ☐ní shainmhínítear
|
|
1.1.
|
Má shainmhínítear, sainaithin an t-ainmhí cosanta agus an fhoráil nó na forálacha ábhartha i reachtaíocht an Aontais nó sa reachtaíocht náisiúnta.
. …
|
|
2.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart go bhfuil nasc cúisíoch díreach ann idir an damáiste a rinneadh do ghnóthais agus iompraíocht na n-ainmhithe cosanta.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
2.1.
|
Más ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
3.
|
Deimhnigh gurb iad costais an damáiste a thabhaítear mar iarmhairt dhíreach ar iompraíocht na n-ainmhithe cosanta na costais incháilithe.
☐is iad ☐ní hiad
|
|
3.1.
|
Más iad, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
3.2.
|
Deimhnigh gurb é a dhéanfaidh measúnú ar an damáiste:
|
(b)
|
☐saineolaí neamhspleách atá aitheanta ag an údarás deonaithe
|
Sainaithin an comhlacht/na comhlachtaí a dhéanann measúnú ar an damáiste.
…
|
|
4.
|
Má bhaineann an beart le hearnáil an iascaigh, deimhnigh gurb amhlaidh gur le damáiste do ghabhálacha amháin a bhaineann an chabhair, gan beann ar aon tionchar a bheadh ag na hainmhithe cosanta ar an bpobal fiáin foriomlán.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
4.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
5.
|
Deimhnigh nach mór an chabhair a íoc go díreach:
|
(a)
|
☐leis an ngnóthas lena mbaineann
|
|
(b)
|
☐le grúpa táirgeoirí nó eagraíocht táirgeoirí ar comhalta de nó di an gnóthas sin
|
|
|
6.
|
I gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí, deimhnigh gurb amhlaidh nach mór nach mó an méid cabhrach ná an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe dó.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
6.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
7.
|
Mínigh cathain a tharla an damáiste, lena n-áirítear a dhátaí tosaithe agus deiridh (mar is infheidhme).
…
|
|
8.
|
Deimhnigh go mbunaítear an scéim laistigh de 3 bliana ón dáta a tharla an damáiste.
☐bunaítear ☐ní bhunaítear
|
|
8.1.
|
Má bhunaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
9.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart go n-íocfar an chabhair laistigh de 4 bliana ón dáta a tharla an damáiste.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
9.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
10.
|
Deimhnigh na costais incháilithe:
|
(a)
|
☐luach margaidh na n-ainmhithe a ndearna na hainmhithe cosanta damáiste dóibh nó ar mharaigh na hainmhithe cosanta iad
|
|
(b)
|
☐an damáiste ábhartha do na sócmhainní seo a leanas: trealamh, innealra agus réadmhaoin
|
|
(c)
|
☐an dá cheann acu, i.e. tá (a) agus (b) san áireamh sna costais incháilithe.
|
|
|
10.1.
|
Sainaithin foráil/forálacha an bhunúis dlí a léiríonn na costais incháilithe.
…
|
|
11.
|
Cuir isteach measúnú atá chomh beacht agus is féidir ar chineál agus fairsinge an damáiste a thabhaigh na gnóthais.
…
|
|
12.
|
I gcás ina n-áirítear sna costais incháilithe margadhluach na n-ainmhithe a ndearnadh damáiste dóibh nó a maraíodh, deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór an luach margaidh a shuí ar bhonn luach na n-ainmhithe go díreach sula ndearnadh an damáiste, agus amhail nach ndearna iompraíocht na n-ainmhithe cosanta aon difear dóibh.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
12.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
13.
|
I gcás ina n-áirítear sna costais incháilithe an damáiste ábhartha do shócmhainní, deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór ríomh an damáiste ábhartha a bheith bunaithe ar an gcostas deisiúcháin nó ar luach eacnamaíoch na sócmhainne dá ndéantar difear sular tharla an damáiste.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
13.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
14.
|
I gcás ina n-áirítear sna costais incháilithe an damáiste ábhartha do shócmhainní, deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nár cheart ríomh an damáiste ábhartha a bheith níos mó ná an costas deisiúcháin ná an laghdú ar an luach margaidh cothrom a tharlaíonn de dheasca iompraíocht na n-ainmhithe cosanta, is é sin an difríocht idir luach na sócmhainne go díreach sular tharla an damáiste agus go díreach dá éis.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
14.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
15.
|
Deimhnigh an bhféadfar méid an chúitimh a mhéadú le costais eile a thabhaíonn an gnóthas is tairbhí de dheasca iompraíocht na n-ainmhithe cosanta.
☐féadfar ☐ní fhéadfar
|
|
15.1.
|
Má fhéadfar, sainaithin na costais ábhartha.
. …
|
|
15.2.
|
Má fhéadfar, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
16.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mór méid an chúitimh a laghdú le haon chostas nár tabhaíodh go díreach mar gheall ar iompraíocht na n-ainmhithe cosanta agus a thabhódh an gnóthas is tairbhí murach sin.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
16.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin na costais ábhartha.
. …
|
|
16.2.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
17.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór méid an chúitimh a laghdú le haon ioncam a dhéantar trí tháirgí a dhíol a bhaineann leis na hainmhithe a ndearnadh damáiste dóibh nó a maraíodh.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
17.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
18.
|
Tabhair faoi deara go bhféadfaidh an Coimisiún glacadh le modhanna eile ríofa ar choinníoll gur modhanna ionadaíocha iad, nach bhfuil siad bunaithe ar thorthaí nó gabhálacha atá thar a bheith ard agus nach bhfaigheann aon ghnóthas is tairbhí róchúiteamh dá mbarr.
|
|
18.1.
|
Má tá sé ar intinn ag an mBallstát a thugann fógra modh ríofa malartach a mholadh, tabhair na cúiseanna nach bhfuil an modh a leagtar amach sna Treoirlínte iomchuí sa chás atá idir lámha agus mínigh conas a théann an modh ríofa malartach i ngleic leis na riachtanais shainaitheanta ar bhealach níos fearr:
…
|
|
18.2.
|
Cuir isteach mar iarscríbhinn leis an bhfógra an mhodheolaíocht mhalartach atá beartaithe, mar aon le léiriú go bhfuil sí ionadaíoch, nach bhfuil sí bunaithe ar ghabhálacha/torthaí atá thar a bheith ard agus nach bhfaigheann aon tairbhí róchúiteamh dá barr.
…
|
|
19.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart cabhrach, ach amháin i gcás ionsaithe den chéad uair ó ainmhithe cosanta, go n-éilítear iarracht réasúnta ón ngnóthas is tairbhí i bhfoirm bearta coisctheacha, amhail sconsaí sábháilteachta, atá comhréireach do riosca an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta sa limistéar lena mbaineann.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
19.1.
|
Má ordaítear, liostaigh na bearta coisctheacha a éilítear/mholtar sa limistéar lena mbaineann.
. …
|
|
19.2.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
19.3.
|
Mura ordaítear, léirigh an chúis nach bhfuil bearta coisctheacha indéanta go réasúnta agus tabhair fianaise iomchuí.
…
|
|
20.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór teorainn 100 % de na costais incháilithe a bheith leis an gcabhair agus le haon íocaíocht eile a fhaightear mar chúiteamh ar an damáiste, íocaíochtaí faoi pholasaithe árachais san áireamh.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
20.1.
|
Tabhair an uasdéine cabhrach is infheidhme faoin mbeart.
…
|
|
20.2.
|
Sainaithin foráil nó forálacha an bhunúis dlí lena leagtar amach an teorainn 100 % agus an uasdéine cabhrach faoin mbeart.
…
|
FAISNÉIS EILE
|
21.
|
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
|
1.5.
|
CABHAIR LE hAGHAIDH INFHEISTÍOCHTAÍ CHUN AN DAMÁISTE A THARLAÍONN MAR GHEALL AR THEAGMHAIS RIOSCA A CHOSC AGUS A MHAOLÚ
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon chabhair le haghaidh infheistíochtaí chun an damáiste a tharlaíonn mar gheall ar theagmhais riosca a shlánú, mar a thuairiscítear i Roinn 1.5 de Chaibidil 1 de Chuid II de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe
(609)
(‘na Treoirlínte’).
|
|
1.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór don infheistíocht a bheith dírithe go príomha ar dhamáiste a tharlaíonn mar gheall ar theagmhais riosca a chosc agus a mhaolú agus, go háirithe i gcás earnáil an iascaigh, nach mór don infheistíocht díriú ar fhoghail nó damáiste do threalamh iascaireachta nó do threalamh eile a chosc agus a mhaolú.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
1.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
2.
|
Má cheanglaítear leis an infheistíocht measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol faoi Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (610), deimhnigh go bhfágann an beart an chabhair a bheith faoi réir an choinníll go mbeidh an measúnú sin déanta agus go mbeidh an toiliú don fhorbairt deonaithe le haghaidh an tionscadail infheistíochta lena mbaineann roimh dháta deonaithe na cabhrach aonair.
☐fágann ☐ní fhágann
|
|
2.1.
|
Má fhágann, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
3.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach n-áirítear leis an mbeart ach na costais incháilithe atá díreach agus sonrach le haghaidh bearta coisctheacha.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
3.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
4.
|
Deimhnigh an bhfuil san áireamh sna costais incháilithe:
|
(a)
|
☐maoin dhochorraithe a thógáil, a fháil, lena n-áirítear í a léasú, nó a fheabhsú
|
|
(b)
|
☐innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainní
|
|
(c)
|
☐an dá cheann acu, i.e. tá (a) agus (b) san áireamh sna costais incháilithe
|
|
|
4.1.
|
Sainaithin foráil/forálacha an bhunúis dlí a léiríonn na costais incháilithe.
…
|
|
4.2.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na costais atá incháilithe faoin mbeart.
…
|
|
5.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mó ná 100 % de na costais incháilithe an uasdéine cabhrach.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
5.1.
|
Tabhair an uasdéine cabhrach is infheidhme faoin mbeart.
…
|
|
5.2.
|
Sainaithin foráil nó forálacha an bhunúis dlí lena leagtar amach an uasdéine cabhrach faoin mbeart.
…
|
FAISNÉIS EILE
|
6.
|
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
|
2.1.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR OIBRIÚCHÁIN SNA RÉIGIÚIN IS FORIMEALLAÍ
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi chabhair oibriúcháin sna réigiúin is forimeallaí, mar a thuairiscítear i Roinn 2.1 de Chaibidil 2 de Chuid II de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe
(611)
(‘na Treoirlínte’). Tabhair do d’aire, de bhun phointe 216 de na Treoirlínte, nár cheart go rachadh cabhair thar a bhfuil riachtanach chun maolú a dhéanamh ar na srianta sonracha sna réigiúin is forimeallaí a eascraíonn as an scoiteacht, an t-oileánachas agus an fhíor-iargúltacht.
|
|
1.
|
Sainaithin an réigiún nó na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh lena mbaineann an beart.
…
|
|
2.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na srianta sonracha atá ar an réigiún nó na réigiúin is forimeallaí lena mbaineann (scoiteacht, oileánachas, fíor-iargúltacht) agus mínigh conas a théann an beart i ngleic leis na srianta sin.
…
|
|
3.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar chineál na cabhrach oibriúcháin a chuirtear ar fáil agus liostaigh na costais incháilithe faoin mbeart.
. …
|
|
4.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór na costais incháilithe a bheith mar thoradh ar na srianta sonracha atá ar na réigiún is forimeallaí lena mbaineann.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
4.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
5.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nár cheart go rachadh cabhair thar a bhfuil riachtanach chun maolú a dhéanamh ar na srianta sonracha atá ar na réigiúin is forimeallaí lena mbaineann.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
5.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
6.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór na costais incháilithe a ríomh i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1972 ón gCoimisiún (612).
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
6.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
7.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an modh ríofa a úsáidtear faoin mbeart.
…
|
|
8.
|
Deimhnigh, go gcuireann an beart cineálacha eile idirghabhála poiblí san áireamh chun róchúiteamh a sheachaint, lena n-áirítear, más infheidhme, cúiteamh as costais breise arna dtabhú ag na hoibreoirí agus táirgí áirithe iascaigh agus dobharshaothraithe ó na réigiúin is forimeallaí á n-iascaireacht, á saothrú, á bpróiseáil agus á margú acu a íoctar de bhun Airteagail 24 agus 35 go 37 de Rialachán (AE) 2021/1139.
☐cuireann ☐ní chuireann
|
|
8.1.
|
Má chuireann, tabhair tuairisc ar na sásraí um rialú atá ceaptha chun róchúiteamh a sheachaint.
…
|
|
8.2.
|
Má chuireann, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
9.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór teorainn 100 % de na costais incháilithe a bheith leis an gcabhair, agus le haon íocaíocht eile a fhaigheann an gnóthas is tairbhí le haghaidh na gcostas incháilithe céanna.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
9.1.
|
Tabhair an uasdéine cabhrach is infheidhme faoin mbeart.
…
|
|
9.2.
|
Sainaithin foráil nó forálacha an bhunúis dlí lena leagtar amach an teorainn 100 % agus an uasdéine cabhrach faoin mbeart.
. …
|
FAISNÉIS EILE
|
10.
|
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
. …
|
|
2.2.
|
CABHAIR LE hAGHAIDH ATHNUACHAN AN CHABHLAIGH IASCAIREACHTA SNA RÉIGIÚIN IS FORIMEALLAÍ
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon chabhair le haghaidh athnuachan an chabhlaigh iascaireachta sna réigiúin is forimeallaí, mar a thuairiscítear i Roinn 2.2 de Chaibidil 2 de Chuid II de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe
(613)
(‘na Treoirlínte’).
|
|
1.
|
Sainaithin an réigiún nó na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh lena mbaineann an beart.
…
|
|
2.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór do shoithí nua iascaireachta a fhaightear leis an gcabhair rialacha náisiúnta agus rialacha an Aontais maidir le sláinteachas, sláinte, sábháilteacht agus dálaí oibre le haghaidh obair ar bord soithí iascaireachta agus saintréithe soithí iascaireachta a chomhlíonadh.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
2.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
3.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór príomh-áit chlárúcháin an ghnóthais is tairbhí a bheith sa réigiún is forimeallaí ina gclárófar an soitheach nua ar dháta an iarratais ar chabhair.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
3.1.
|
Má ordaítear, sonraigh an phríomh-áit chlárúcháin:
. …
|
|
4.
|
De bhun phointe (223) de na Treoirlínte, ar dáta deonaithe na cabhrach, ní mór a bheith léirithe sa tuarascáil a ullmhaíodh i gcomhréir le hAirteagal 22(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (614) roimh an dáta sin go bhfuil cothromaíocht idir an acmhainneacht iascaireachta agus deiseanna iascaireachta i roinn cabhlaigh an réigiúin is forimeallaí lena mbainfidh an soitheach nua (an ‘tuarascáil náisiúnta’). I bhfianaise an mhéid sin, tabhair freagra ar na ceisteanna seo a leanas:
|
|
4.1.
|
Cathain a ullmhaíodh an tuarascáil náisiúnta is déanaí roimh dháta deonaithe na cabhrach?
…
|
|
4.1.1.
|
Tabhair an nasc chuig an tuarascáil náisiúnta is déanaí nó cuir i gceangal leis an bhfógra é.
…
|
|
4.2.
|
De bhun phointe (225) de na Treoirlínte, deimhnigh go bhfuil na coinníollacha seo a leanas comhlíonta i gcás na cabhrach uile atá le deonú:
|
|
4.2.1.
|
Ar cuireadh an tuarascáil náisiúnta isteach faoin 31 Bealtaine de bhliain N (615)?
☐cuireadh ☐níor cuireadh
|
|
4.2.2.
|
Deimhnigh gur ullmhaíodh an tuarascáil náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N, agus go háirithe an measúnú ar an gcothromaíocht atá mar chuid di, ar bhonn na dtáscairí bitheolaíochta agus eacnamaíocha agus ar bhonn na dtáscairí maidir le húsáid an tsoithigh a leagtar amach sna treoirlínte comhchoiteanna (616)
☐ullmhaíodh ☐níor ullmhaíodh
Tabhair do d’aire, de bhun phointe (224) de na Treoirlínte , nach bhféadfar aon chabhair a dheonú murar ullmhaíodh an tuarascáil náisiúnta, agus go háirithe an measúnú ar an gcothromaíocht atá mar chuid di, ar bhonn na dtáscairí bitheolaíochta agus eacnamaíocha agus ar bhonn na dtáscairí maidir le húsáid an tsoithigh a leagtar amach sna treoirlínte comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
|
|
4.2.3.
|
An léirítear sa tuarascáil náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N go bhfuil cothromaíocht idir an acmhainneacht iascaireachta agus deiseanna iascaireachta sa roinn cabhlaigh lena mbainfidh an soitheach nua?
☐léirítear ☐ní léirítear
|
|
4.2.4.
|
Mínigh conas a cuireadh an tuarascáil náisiúnta san áireamh agus an beart á dhearadh agus an chaoi a mbaintear an chothromaíocht amach.
. …
|
|
4.2.5.
|
De bhun phointe (226) de na Treoirlínte, deimhnigh nár ardaigh an Coimisiún ceist faoin 31 Márta de bhliain N+1 faoi na rudaí seo a leanas:
|
(a)
|
☐conclúid na tuarascála náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N
|
|
(b)
|
☐an measúnú ar an gcothromaíocht sa tuarascáil náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N
|
|
|
4.2.6.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach féidir an chabhair a dheonú ar bhonn na tuarascála náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N ach go dtí an 31 Nollaig de bhliain N+1, i.e., an bhliain tar éis na bliana a cuireadh isteach an tuarascáil.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
4.2.6.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
5.
|
Deimhnigh, maidir le huasteorainneacha acmhainne iascaireachta gach Ballstáit agus gach roinne cabhlaigh de chuid na réigiún is forimeallaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus aon laghdú féideartha ar na huasteorainneacha sin faoi Airteagal 22(6) den Rialachán sin á chur san áireamh, gurb amhlaidh nach sárófar iad tráth ar bith.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
5.1.
|
Mínigh an chaoi a n-áiritheofar an coinníoll sin.
…
Tabhair do d’aire nach mór iontráil acmhainneachta nua, a fhaightear leis an gcabhair, sa chabhlach a dhéanamh i gcomhréir iomlán leis na huasteorainneacha acmhainneachta sin agus nach ceart í a bheith ina cúis le cás ina sárófaí na huasteorainneacha sin.
|
|
6.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach ceart é a bheith ina choinníoll le haghaidh na cabhrach an soitheach nua a fháil ó longchlós sonrach.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
6.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
7.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na costais atá incháilithe faoin mbeart.
…
|
|
8.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart gurb amhlaidh nach ceart an uasdéine cabhrach le haghaidh na soithí a bheith:
|
(a)
|
níos mó ná 60 % de na costais incháilithe iomlána i gcás soithí dar fad foriomlán níos lú ná 12 mhéadar
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
(b)
|
níos mó ná 50 % de na costais incháilithe iomlána i gcás soithí dar fad foriomlán 12 mhéadar nó níos mó agus níos lú ná 24 mhéadar
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
(c)
|
níos mó ná 25 % de na costais incháilithe iomlána i gcás soithí dar fad foriomlán 24 mhéadar agus níos mó
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
|
8.1.
|
Tabhair an uasdéine cabhrach is infheidhme faoin mbeart.
…
|
|
8.2.
|
Sainaithin foráil nó forálacha an bhunúis dlí lena leagtar amach an uasdéine cabhrach faoin mbeart.
. …
|
|
9.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mór an soitheach a fhaightear leis an gcabhair a bheith cláraithe sa réigiún is forimeallaí ar feadh 15 bliana ar a laghad ó dháta deonaithe na cabhrach agus nach mór dó a ghabhálacha uile a thabhairt i dtír i gceann de na réigiúin is forimeallaí le linn na tréimhse sin:
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
9.1.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mór don ghnóthas is tairbhí an chabhair a aisíoc i méid atá comhréireach le tréimhse nó méid na neamhchomhlíontachta, i gcás nach gcomhlíontar an coinníoll sin.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
9.2.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
FAISNÉIS EILE
|
10.
|
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
|
2.3.
|
CABHAIR LE hAGHAIDH INFHEISTÍOCHTAÍ I dTREALAMH A CHUIREANN LEIS AN tSÁBHÁILTEACHT, LENA n-ÁIRÍTEAR TREALAMH LENA gCUIRTEAR AR CHUMAS SOITHÍ A LIMISTÉIR IASCAIREACHTA A MHÉADÚ, LE hAGHAIDH IASCAIREACHT CÓSTA AR MHIONSCÁLA SNA RÉIGIÚIN IS FORIMEALLAÍ
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon chabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtrealamh a chuireann leis an tsábháilteacht, lena n-áirítear trealamh lena gcuirtear ar chumas soithí a limistéir iascaireachta a mhéadú, le haghaidh iascaireacht chósta ar mionscála sna réigiúin is forimeallaí, mar a thuairiscítear i Roinn 2.3 de Chaibidil 2 de Chuid II de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe
(617)
(‘na Treoirlínte’).
|
|
1.
|
Sainaithin an réigiún nó na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh lena mbaineann an beart.
. …
|
|
2.
|
Mínigh an chaoi a rannchuidíonn an beart le gníomhaíochtaí iascaireachta a neartú atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil, leis an tsábháilteacht agus dálaí oibre ar bord a fheabhsú, agus, i gcás inarb infheidhme, lena chur ar chumas soithí iascaireachta a limistéir iascaireachta a mhéadú suas le 20 míle ón gcósta i gcás iascaireacht cósta ar mhionscála.
…
|
|
3.
|
Deimhnigh an bhféadfar, de mhaolú ar phointe (47) de na Treoirlínte, cabhair a dheonú chun ceanglais shainordaitheacha Aontais nó náisiúnta a chomhlíonadh:
☐féadfar ☐ní fhéadfar
|
|
3.1.
|
Tabhair tuairisc ar na ceanglais shainordaitheacha Aontais nó náisiúnta lena mbaineann agus tabhair údar maidir leis an bhfáth a bhfuil gá le maolú den sórt sin.
…
|
|
4.
|
Deimhnigh nach bhfuil i gceist leis an mbeart:
|
☐
|
príomh-inneall nó inneall coimhdeach soithigh iascaireachta a ionadú nó a nuachóiriú
|
|
☐
|
méadú ar olltonnáiste soithigh iascaireachta.
|
Tabhair do d’aire, de bhun phointí 235 agus 236 de na Treoirlínte, maidir le cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena mbaineann ionadú nó nuachóiriú príomhinnill nó innill choimhdigh soithigh iascaireachta, nach bhféadfaidh sí a bheith incháilithe ach de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1139 nó faoi Chuid II, Caibidil 3, Roinn 3.2, de na Treoirlínte; agus cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena mbaineann méadú ar olltonnáiste soithigh iascaireachta, ní fhéadfaidh sí a bheith incháilithe ach de bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/1139 nó faoi Chuid II, Caibidil 3, Roinn 3.3, de na Treoirlínte.
|
|
5.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na costais atá incháilithe faoin mbeart.
…
|
|
6.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mó ná 100 % de na costais incháilithe an uasdéine cabhrach.
…
|
|
6.1.
|
Tabhair an uasdéine cabhrach is infheidhme faoin mbeart.
…
|
|
6.2.
|
Sainaithin foráil nó forálacha an bhunúis dlí lena leagtar amach an uasdéine cabhrach faoin mbeart.
. …
|
FAISNÉIS EILE
|
7.
|
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
. …
|
|
3.1.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH SOITHEACH IASCAIREACHTA A FHÁIL DEN CHÉAD UAIR
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon chabhair le haghaidh soitheach iascaireachta a fháil den chéad uair mar a thuairiscítear i Roinn 3.1 de Chaibidil 3 de Chuid II de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe
(618)
(‘na Treoirlínte’).
|
|
1.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach ndéanfar soithí iascaireachta de chuid an Aontais a ndeonaítear cabhair ina leith a aistriú lasmuigh den Aontas ná a aistriú go clár loingseoireachta eile lasmuigh den Aontas go ceann 5 bliana ar a laghad tar éis íocaíocht dheiridh na cabhrach.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
1.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
2.
|
Deimhnigh cé dó a bhféadfar cabhair a dheonú faoin mbeart:
|
(a)
|
☐duine nádúrtha nach bhfuil níos mó ná 40 bliain d’aois an dáta a chuirtear an t-iarratas ar chabhair isteach agus a d’oibrigh mar iascaire ar feadh 5 bliana ar a laghad nó a fuair cáilíocht leordhóthanach
|
|
(b)
|
☐eintitis dhlítheanacha atá faoi lánúinéireacht duine nádúrtha amháin nó níos mó a gcomhlíonann gach duine acu na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a)
|
|
(c)
|
☐i gcás ina bhfaightear soitheach iascaireachta den chéad uair go comhpháirteach, daoine nádúrtha éagsúla a gcomhlíonann gach duine acu na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a)
|
|
(d)
|
☐i gcás ina bhfaightear úinéireacht pháirteach ar shoitheach iascaireachta, duine nádúrtha a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) agus a meastar go bhfuil cearta rialaithe aige sa soitheach sin trí 33 % ar a laghad den soitheach nó de scaireanna an tsoithigh a bheith faoina úinéireacht aige, nó eintiteas dlítheanach a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) agus a meastar go bhfuil cearta rialaithe aige sa soitheach sin trí 33 % ar a laghad den soitheach nó de scaireanna an tsoithigh a bheith faoina úinéireacht aige
|
|
|
2.1.
|
Sainaithin foráil/forálacha an bhunúis dlí a léiríonn an bosca a roghnaítear mar fhreagairt ar an gceist.
…
|
|
3.
|
De bhun phointe (245)(a) de na Treoirlínte, ní mór go mbaineann na soithí iascaireachta le roinn cabhlaigh ar léiríodh ina leith sa tuarascáil is déanaí maidir le hacmhainn iascaireachta, dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (619), go raibh cothromaíocht inti maidir leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil don roinn sin (dá ngairtear ‘tuarascáil náisiúnta’ anseo feasta). . De bhun phointe (226) de na Treoirlínte, tá feidhm ag an nós imeachta agus na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (225) go (227) de Chuid II, Caibidil 2, Roinn 2.2 de na Treoirlínte chun críoch phointe (245)(a). I bhfianaise an mhéid sin, tabhair freagra ar na ceisteanna seo a leanas:
Má bhaineann an beart le hiascaireacht intíre, ní gá freagra a thabhairt ar cheisteanna 3.1-3.2.6.1.
|
|
3.1.
|
Cathain a ullmhaíodh an tuarascáil náisiúnta is déanaí roimh dháta deonaithe na cabhrach?
. …
|
|
3.1.1.
|
Tabhair an nasc chuig an tuarascáil náisiúnta is déanaí nó cuir i gceangal leis an bhfógra é.
…
|
|
3.2.
|
Deimhnigh go bhfuil na coinníollacha seo a leanas comhlíonta i gcás na cabhrach uile atá le deonú:
|
|
3.2.1.
|
Ar cuireadh an tuarascáil náisiúnta isteach faoin 31 Bealtaine de bhliain N (620)?
☐cuireadh ☐níor cuireadh
|
|
3.2.2.
|
Deimhnigh gur ullmhaíodh an tuarascáil náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N, agus go háirithe an measúnú ar an gcothromaíocht atá mar chuid di, ar bhonn na dtáscairí bitheolaíochta agus eacnamaíocha agus ar bhonn na dtáscairí maidir le húsáid an tsoithigh a leagtar amach sna treoirlínte comhchoiteanna (621) dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
☐ullmhaíodh ☐níor ullmhaíodh
Tabhair do d’aire nach bhféadfar aon chabhair a dheonú murar ullmhaíodh an tuarascáil náisiúnta, agus go háirithe an measúnú ar an gcothromaíocht atá mar chuid di, ar bhonn na dtáscairí bitheolaíochta agus eacnamaíocha agus ar bhonn na dtáscairí maidir le húsáid an tsoithigh a leagtar amach sna treoirlínte comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
|
|
3.2.3.
|
An léirítear sa tuarascáil náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N go bhfuil cothromaíocht idir an acmhainneacht iascaireachta agus deiseanna iascaireachta sa roinn cabhlaigh lena mbainfidh an soitheach nua?
☐léirítear ☐ní léirítear
|
|
3.2.4.
|
Mínigh conas a cuireadh an tuarascáil náisiúnta san áireamh agus an beart á dhearadh agus an chaoi a mbaintear an chothromaíocht amach.
…
|
|
3.2.5.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nár ardaigh an Coimisiún ceist faoin 31 Márta de bhliain N+1 faoi na rudaí seo a leanas
|
(a)
|
☐conclúid na tuarascála náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N
|
|
(b)
|
☐an measúnú ar an gcothromaíocht sa tuarascáil náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N
|
|
|
3.2.6.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach féidir an chabhair a dheonú ar bhonn na tuarascála náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N ach go dtí an 31 Nollaig de bhliain N+1, i.e., an bhliain tar éis na bliana a cuireadh isteach an tuarascáil.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
3.2.6.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
4.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór soithí iascaireachta a fheistiú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta agus nach mbeidh siad níos faide ná 24 mhéadar ar fhad foriomlán.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
4.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
5.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach bhféadfar cabhair a dheonú ach i leith soitheach iascaireachta atá cláraithe i gclár cabhlaigh an Aontais ar feadh 3 bliana féilire, ar a laghad, roimh bhliain tíolactha an iarratais ar chabhair i gcás soitheach iascaireacht cósta ar mionscála, agus ar feadh 5 bliana féilire ar a laghad i gcás cineál eile soithigh.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
5.1.
|
Má bhaineann an beart le hiascaireacht intíre, deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach bhféadfar cabhair a dheonú ach i leith soitheach iascaireachta atá curtha i seirbhís, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar feadh 3 bliana féilire ar a laghad roimh bhliain tíolactha an iarratais ar chabhair i gcás soitheach iascaireacht cósta ar mionscála, agus ar feadh 5 bliana féilire ar a laghad i gcás cineál eile soithigh.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
5.2.
|
Má fhreagraítear ‘ordaítear’ ar cheisteanna 5 nó 5.1, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
6.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach féidir cabhair a dheonú ach i leith soitheach iascaireachta a bhí cláraithe i gclár cabhlaigh an Aontais ar feadh 30 bliain féilire ar a mhéad roimh bhliain tíolactha an iarratais ar chabhair.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
6.1.
|
Má bhaineann an beart le hiascaireacht intíre, deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach féidir cabhair a dheonú ach i leith soitheach iascaireachta atá curtha i seirbhís, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar feadh 30 bliain féilire ar a mhéad roimh bhliain tíolactha an iarratais ar chabhair.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
6.2.
|
Má fhreagraítear ‘ordaítear’ ar cheisteanna 6 nó 6.1, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
7.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach n-áirítear ach na costais dhíreacha agus indíreacha a bhaineann le soitheach iascaireachta a fháil den chéad uair sna costais incháilithe.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
7.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
7.2.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na costais atá incháilithe faoin mbeart.
…
|
|
8.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mó ná 40 % de na costais incháilithe an uasdéine cabhrach.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
8.1.
|
Tabhair an uasdéine cabhrach is infheidhme faoin mbeart.
…
|
|
8.2.
|
Sainaithin foráil nó forálacha an bhunúis dlí lena leagtar amach an uasdéine cabhrach faoin mbeart.
…
|
FAISNÉIS EILE
|
9.
|
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
. …
|
|
3.2.
|
BILEOG FAISNÉIS FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR CHUN PRÍOMHINNEALL NÓ INNEALL COIMHDEACH A IONADÚ NÓ A NUACHÓIRIÚ
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon chabhair chun príomhinneall nó inneall coimhdeach soithí iascaireachta a ionadú nó a nuachóiriú, mar a thuairiscítear i Roinn 3.2 de Chaibidil 3 de Chuid II de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe
(622)
(‘na Treoirlínte’).
|
|
1.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach ndéanfar soithí iascaireachta de chuid an Aontais a ndeonaítear cabhair ina leith a aistriú lasmuigh den Aontas ná a aistriú go clár loingseoireachta eile lasmuigh den Aontas go ceann 5 bliana ar a laghad tar éis íocaíocht dheiridh na cabhrach.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
1.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
2.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach ndeonófar cabhair ach chun príomhinneall nó inneall coimhdeach soithigh iascaireachta atá suas le 24 mhéadar ar fad foriomlán a ionadú nó a nuachóiriú.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
2.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
3.
|
De bhun phointe (253)(a) de na Treoirlínte, ní mór go mbaineann na soithí iascaireachta le roinn cabhlaigh ar léiríodh ina leith sa tuarascáil is déanaí maidir le hacmhainn iascaireachta, dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (623), go raibh cothromaíocht inti maidir leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil don roinn sin (dá ngairtear ‘tuarascáil náisiúnta’ anseo feasta).. De bhun phointe (254) de na Treoirlínte, tá feidhm ag an nós imeachta agus na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (225) go (227) de Chuid II, Caibidil 2, Roinn 2.2 chun críoch phointe (253)(a). I bhfianaise an mhéid sin, freagair na ceisteanna seo a leanas:
Má bhaineann an beart le hiascaireacht intíre, ní gá freagra a thabhairt ar cheisteanna 3.1-3.2.6.1.
|
|
3.1.
|
Cathain a ullmhaíodh an tuarascáil náisiúnta is déanaí roimh dháta deonaithe na cabhrach?
…
|
|
3.1.1.
|
Tabhair an nasc chuig an tuarascáil náisiúnta is déanaí nó cuir i gceangal leis an bhfógra é.
…
|
|
3.2.
|
Deimhnigh go bhfuil na coinníollacha seo a leanas comhlíonta i gcás na cabhrach uile atá le deonú:
|
|
3.2.1.
|
Ar cuireadh an tuarascáil náisiúnta isteach faoin 31 Bealtaine de bhliain N (624)?
☐cuireadh ☐níor cuireadh
|
|
3.2.2.
|
Deimhnigh gur ullmhaíodh an tuarascáil náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N, agus go háirithe an measúnú ar an gcothromaíocht atá mar chuid di, ar bhonn na dtáscairí bitheolaíochta agus eacnamaíocha agus ar bhonn na dtáscairí maidir le húsáid an tsoithigh a leagtar amach sna treoirlínte comhchoiteanna (625) dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
☐ullmhaíodh ☐níor ullmhaíodh
Tabhair do d’aire nach bhféadfar aon chabhair a dheonú murar ullmhaíodh an tuarascáil náisiúnta, agus go háirithe an measúnú ar an gcothromaíocht atá mar chuid di, ar bhonn na dtáscairí bitheolaíochta agus eacnamaíocha agus ar bhonn na dtáscairí maidir le húsáid an tsoithigh a leagtar amach sna treoirlínte comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
|
|
3.2.3.
|
An léirítear sa tuarascáil náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N go bhfuil cothromaíocht idir an acmhainneacht iascaireachta agus deiseanna iascaireachta sa roinn cabhlaigh lena mbaineann an soitheach?
☐léirítear ☐níor léirítear
|
|
3.2.4.
|
Mínigh conas a cuireadh an tuarascáil náisiúnta san áireamh agus an beart á dhearadh agus an chaoi a mbaintear an chothromaíocht amach.
…
|
|
3.2.5.
|
Deimhnigh nár ardaigh an Coimisiún ceist faoin 31 Márta de bhliain N+1 faoi na rudaí seo a leanas:
|
(a)
|
☐conclúid na tuarascála náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N
|
|
(b)
|
☐an measúnú ar an gcothromaíocht sa tuarascáil náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N
|
|
|
3.2.6.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach féidir an chabhair a dheonú ar bhonn na tuarascála náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N ach go dtí an 31 Nollaig de bhliain N+1, i.e., an bhliain tar éis na bliana a cuireadh isteach an tuarascáil.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
3.2.6.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
4.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór go raibh na soithí iascaireachta cláraithe i gclár cabhlaigh an Aontais ar feadh na 5 bliana féilire, ar a laghad, roimh bhliain tíolactha an iarratais ar chabhair.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
4.1.
|
Má bhaineann an beart le hiascaireacht intíre, deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach féidir cabhair a dheonú ach i leith soitheach iascaireachta atá curtha i seirbhís, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar feadh 5 bliana féilire ar a laghad roimh bhliain tíolactha an iarratais ar chabhair.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
4.2.
|
Má fhreagraítear ‘ordaítear’ ar cheisteanna 4 nó 4.1, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
5.
|
I gcás soithí iascaireachta cósta ar mionscála agus soithí a úsáidtear le haghaidh iascaireacht intíre, deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mó an chumhacht in kW atá ag an inneall nua nó nuachóirithe ná ag an inneall atá ann faoi láthair.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
5.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
6.
|
I gcás soithí eile nach faide ná 24 mhéadar a bhfad foriomlán, deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mó an chumhacht in kW atá ag an inneall nua nó nuachóirithe ná ag an inneall atá ann faoi láthair agus go n-astaíonn an t-inneall nua nó nuachóirithe 20 % níos lú CO2 ar a laghad i gcomparáid leis an inneall atá ann faoi láthair.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
6.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
7.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nár cheart acmhainneacht iascaireachta nua a chur in ionad na hacmhainneachta iascaireachta a tarraingíodh siar mar thoradh ar ionadú nó nuachóiriú príomhinnill nó innill choimhdigh.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
7.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
8.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na sásraí um rialú agus um fhorfheidhmiú atá i bhfeidhm chun comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i Roinn 3.2 de Chaibidil 3, Cuid II de na Treoirlínte a áirithiú.
…
|
|
9.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór gach inneall ionadaithe nó nuachóirithe a bheith faoi réir fíorú fisiciúil.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
9.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
10.
|
Deimhnigh an chaoi a gcomhlíonfar an laghdú ar astaíochtaí CO2 a luaitear i gceist 6 faoin mbeart:
|
(a)
|
☐trí fhaisnéis ábhartha, atá deimhnithe ag monaróir an innill lena mbaineann mar chuid de chineálcheadú nó de dheimhniú táirge, go léirítear go n-astaíonn an t-inneall nua 20 % níos lú CO2 ná an t-inneall atá á ionadú
|
|
(b)
|
☐trí fhaisnéis ábhartha, atá deimhnithe ag monaróir an innill lena mbaineann mar chuid de chineálcheadú nó de dheimhniú táirge, go léirítear go n-úsáideann an t-inneall nua 20 % níos lú breosla ná an t-inneall atá á ionadú
|
|
|
10.1.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar do rogha.
…
|
|
10.2.
|
Sainaithin foráil/forálacha an bhunúis dlí a léiríonn an bosca a roghnaítear mar fhreagairt ar an gceist roimhe seo.
…
|
|
11.
|
I gcás nach féidir comparáid na n-astaíochtaí CO2 nó an ídithe breosla a dhéanamh ar bhonn na faisnéise ábhartha atá deimhnithe ag monaróir an innill lena mbaineann mar chuid de chineálcheadú nó de dheimhniú táirge i ndáil le hinneall amháin nó leis an dá inneall, deimhnigh an chaoi a measfar gur comhlíonadh an laghdú ar astaíochtaí CO2 a luaitear i gceist 6 faoin mbeart:
|
(a)
|
☐úsáideann an t-inneall nua teicneolaíocht atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh agus tá 7 mbliana, ar a laghad, de dhifear idir aois an innill nua agus an innill atá á ionadú
|
|
(b)
|
☐úsáideann an t-inneall nua cineál breosla nó córas tiomána a meastar go n-astaíonn sé níos lú CO2 ná an t-inneall atá á ionadú
|
|
(c)
|
☐déanann an Ballstát lena mbaineann a thomhas go n-astaíonn an t-inneall nua 20 % níos lú CO2 nó go n-úsáideann sé 20 % níos lú breosla ná an t-inneall atá á ionadú, faoi ghnáthiarracht iascaireachta an tsoithigh lena mbaineann.
|
|
|
11.1.
|
Sainaithin foráil/forálacha an bhunúis dlí a léiríonn do rogha.
. …
|
|
11.2.
|
De bhun phointe (260) de na Treoirlínte, deimhnigh go gcuireann tú Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/46 ón gCoimisiún (626) i bhfeidhm chun na teicneolaíochtaí atá tíosach ar fhuinneamh dá dtagraítear i bpointe (259)(a) de na Treoirlínte a shainaithint agus chun na heilimintí modheolaíochta a shonrú a thuilleadh chun pointe (259)(c) de a chur chun feidhme.
☐cuireann ☐ní chuireann
|
|
11.3.
|
Tabhair tuairisc ar an gcaoi a gcuireann an beart na ceanglais sin i bhfeidhm.
…
|
|
12.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach n-áirítear ach na costais dhíreacha agus indíreacha a bhaineann le príomhinneall nó inneall coimhdeach a ionadú nó a nuachóiriú sna costais incháilithe.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
12.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
12.2.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na costais atá incháilithe faoin mbeart.
…
|
|
13.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mó ná 40 % de na costais incháilithe an uasdéine cabhrach.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
13.1.
|
Tabhair an uasdéine cabhrach is infheidhme faoin mbeart.
…
|
|
13.2.
|
Sainaithin foráil nó forálacha an bhunúis dlí lena leagtar amach an uasdéine cabhrach faoin mbeart.
. …
|
FAISNÉIS EILE
|
14.
|
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
|
3.3.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH MÉADÚ AR OLLTONNÁISTE SOITHIGH IASCAIREACHTA CHUN AN tSÁBHÁILTEACHT, DÁLAÍ OIBRE NÓ AN ÉIFEACHTÚLACHT FUINNIMH A FHEABHSÚ
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon chabhair le haghaidh méadú ar olltonnáiste soithigh iascaireachta chun an tsábháilteacht, dálaí oibre nó an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, mar a thuairiscítear i Roinn 3.3 de Chaibidil 3 de Chuid II de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe
(627)
(‘na Treoirlínte’).
|
|
1.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach ndéanfar soithí iascaireachta de chuid an Aontais a ndeonaítear cabhair ina leith a aistriú lasmuigh den Aontas ná a aistriú go clár loingseoireachta eile lasmuigh den Aontas go ceann 5 bliana ar a laghad tar éis íocaíocht dheiridh na cabhrach.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
1.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
2.
|
De bhun phointe (265)(a) de na Treoirlínte, ní mór go mbaineann na soithí iascaireachta le roinn cabhlaigh ar léiríodh ina leith sa tuarascáil is déanaí maidir le hacmhainn iascaireachta, dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go raibh cothromaíocht inti maidir leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil don roinn sin (dá ngairtear ‘tuarascáil náisiúnta’ anseo feasta). De bhun phointe (266) de na Treoirlínte, tá feidhm ag an nós imeachta agus na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (225) go (227) de Chuid II, Caibidil 2, Roinn 2.2 chun críoch phointe (265)(a). I bhfianaise an mhéid sin, deimhnigh an méid seo a leanas:
Má bhaineann an beart le hiascaireacht intíre, ní gá freagra a thabhairt ar cheisteanna 2.1-2.2.6.1.
|
|
2.1.
|
Cathain a ullmhaíodh an tuarascáil náisiúnta is déanaí roimh dháta deonaithe na cabhrach?
…
|
|
2.1.1.
|
Tabhair an nasc chuig an tuarascáil náisiúnta is déanaí nó cuir i gceangal leis an bhfógra é.
…
|
|
2.2.
|
Deimhnigh go bhfuil na coinníollacha seo a leanas comhlíonta i gcás na cabhrach uile atá le deonú:
|
|
2.2.1.
|
Ar cuireadh an tuarascáil náisiúnta isteach faoin 31 Bealtaine de bhliain N (628)?
☐cuireadh ☐níor cuireadh
|
|
2.2.2.
|
Deimhnigh gur ullmhaíodh an tuarascáil náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N, agus go háirithe an measúnú ar an gcothromaíocht atá mar chuid di, ar bhonn na dtáscairí bitheolaíochta agus eacnamaíocha agus ar bhonn na dtáscairí maidir le húsáid an tsoithigh a leagtar amach sna treoirlínte comhchoiteanna (629) dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
☐ullmhaíodh ☐níor ullmhaíodh
Tabhair do d’aire nach bhféadfar aon chabhair a dheonú murar ullmhaíodh an tuarascáil náisiúnta, agus go háirithe an measúnú ar an gcothromaíocht atá mar chuid di, ar bhonn na dtáscairí bitheolaíochta agus eacnamaíocha agus ar bhonn na dtáscairí maidir le húsáid an tsoithigh a leagtar amach sna treoirlínte comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
|
|
2.2.3.
|
An léirítear sa tuarascáil náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N go bhfuil cothromaíocht idir an acmhainneacht iascaireachta agus deiseanna iascaireachta sa roinn cabhlaigh lena mbaineann an soitheach?
☐léirítear ☐ní léirítear
|
|
2.2.4.
|
Mínigh conas a cuireadh an tuarascáil náisiúnta san áireamh agus an beart á dhearadh agus an chaoi a mbaintear an chothromaíocht amach.
. …
|
|
2.2.5.
|
Deimhnigh nár ardaigh an Coimisiún ceist faoin 31 Márta de bhliain N+1 faoi na rudaí seo a leanas:
|
(a)
|
☐conclúid na tuarascála náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N
|
|
(b)
|
☐an measúnú ar an gcothromaíocht sa tuarascáil náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N
|
|
|
2.2.6.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach féidir an chabhair a dheonú ar bhonn na tuarascála náisiúnta a cuireadh isteach i mbliain N ach go dtí an 31 Nollaig de bhliain N+1, i.e., an bhliain tar éis na bliana a cuireadh isteach an tuarascáil.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
2.2.6.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
3.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nár cheart soithí iascaireachta a bheith níos faide ná 24 mhéadar ar fhad foriomlán.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
3.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
4.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór go raibh na soithí iascaireachta cláraithe i gclár cabhlaigh an Aontais ar feadh na 10 mbliana féilire, ar a laghad, roimh bhliain tíolactha an iarratais ar chabhair.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
4.1.
|
Má bhaineann an beart le hiascaireacht intíre, deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach féidir cabhair a dheonú ach i leith soitheach iascaireachta atá curtha i seirbhís, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar feadh 10 mbliana féilire ar a laghad roimh bhliain tíolactha an iarratais ar chabhair.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
4.2.
|
Má fhreagraítear ‘ordaítear’ ar cheisteanna 4 nó 4.1, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
5.
|
Deimhnigh go gcúitítear iontráil na hacmhainne iascaireachta nua arna giniúint ag an oibríocht sa chabhlach iascaireachta tríd an méid céanna acmhainne iascaireachta ar a laghad a bheith tarraingthe siar roimhe sin, gan cúnamh poiblí, ón roinn cabhlaigh chéanna nó ó roinn cabhlaigh eile ar léiríodh ina leith sa tuarascáil náisiúnta is déanaí, dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nach bhfuil an acmhainn iascaireachta cothrom leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil don roinn sin.
☐cúitítear ☐ní chúitítear
|
|
5.1.
|
Má fhreagraítear ‘cúitítear’ ar an gceist roimhe seo, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
Má bhaineann an beart le hiascaireacht intíre, ní bhaineann an cheist seo le hábhar.
|
|
6.
|
Deimhnigh na costais incháilithe:
|
(a)
|
☐an méadú ar an olltonnáiste is gá chun saoráidí cóiríochta a shuiteáil nó a athchóiriú ina dhiaidh sin a bheidh ann d'úsáid eisiach na foirne, lena n-áirítear saoráidí sláintíochta, comhlimistéir, saoráidí cistine agus struchtúir boird fothana
|
|
(b)
|
☐an méadú ar an olltonnáiste is gá chun córais coiscthe dóiteáin ar bord, córais sábháilteachta agus aláraim nó córais laghdaithe torainn a fheabhsú nó a shuiteáil ina dhiaidh sin
|
|
(c)
|
☐an méadú ar an olltonnáiste is gá chun córais chomhtháite droichid a shuiteáil ina dhiaidh sin chun loingseoireacht nó rialú innill a fheabhsú
|
|
(d)
|
☐an méadú ar an olltonnáiste is gá chun inneall nó córas tiomána a shuiteáil nó a athchóiriú ina dhiaidh sin a léiríonn éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr nó astaíochtaí CO2 níos ísle i gcomparáid leis an staid a bhí ann roimhe sin, nach mó a chumhacht ná cumhacht innill an tsoithigh iascaireachta a deimhníodh roimhe sin de bhun Airteagal 40(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (630), agus a bhfuil aschur uasta cumhachta deimhnithe ag an monaróir le haghaidh an mhúnla innill sin nó an mhúnla córais tiomána sin;
|
|
(e)
|
☐an bogha bleibíneach a ionadú nó a athchóiriú ar choinníoll go bhfeabhsaítear éifeachtúlacht fuinnimh fhoriomlán an tsoithigh iascaireachta leis.
|
|
|
6.1.
|
Sainaithin foráil/forálacha an bhunúis dlí a léiríonn do rogha.
…
|
|
6.2.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach n-áirítear sna costais incháilithe ach na costais dhíreacha agus indíreacha a bhaineann le cabhair infheistíochta chun an tsábháilteacht, dálaí oibre nó an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus a mbíonn méadú ar olltonnáiste an tsoithigh iascaireachta mar thoradh uirthi.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
6.3.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
6.4.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na costais atá incháilithe faoin mbeart. Tabhair tuairisc ar cé na costais a bhaineann le sábháilteacht, dálaí oibre nó éifeachtúlacht fuinnimh, faoi seach.
…
|
|
7.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na sásraí um rialú agus um fhorfheidhmiú atá i bhfeidhm chun comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i Roinn 3.3 de Chaibidil 3 de Chuid II de na Treoirlínte a áirithiú.
…
|
|
8.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na saintréithe a bhaineann leis an mbeart, lena n-áirítear an méid ar méadaíodh an acmhainneacht iascaireachta agus cuspóir an mhéadaithe sin.
…
Má tugadh an freagra cheana féin mar fhreagairt ar cheist nó ar roinn roimhe seo, féach ar an bhfreagra sin.
|
|
9.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mó ná 40 % de na costais incháilithe an uasdéine cabhrach.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
9.1.
|
Tabhair an uasdéine cabhrach is infheidhme faoin mbeart.
…
|
|
9.2.
|
Sainaithin foráil nó forálacha an bhunúis dlí lena leagtar amach an uasdéine cabhrach faoin mbeart.
…
|
FAISNÉIS EILE
|
10.
|
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
|
3.4.
|
BILEOG FAISNÉIS FORLÍONTAÍ MAIDIR LE SCOR BUAN DE GHNÍOMHAÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon státchabhair le haghaidh scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta, mar a thuairiscítear i Roinn 3.4 de Chaibidil 3 de Chuid II de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe
(631)
(‘na Treoirlínte’).
|
|
1.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach ndéanfar soithí iascaireachta de chuid an Aontais a ndeonaítear cabhair ina leith a aistriú lasmuigh den Aontas ná a aistriú go clár loingseoireachta eile lasmuigh den Aontas go ceann 5 bliana ar a laghad tar éis íocaíocht dheiridh na cabhrach.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
1.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
Mura bhfuil i gceist leis an mbeart ach soithí iascaireachta a bhriseadh, ní bhaineann an cheist seo le hábhar.
|
|
2.
|
Deimhnigh go bhfuil an scor beartaithe mar uirlis i bplean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
☐tá ☐níl
Má shaothraítear leis an mbeart cúinsí eacnamaíocha nó cúinsí eile a bhaineann le caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara de bhun phointe (277) de na Treoirlínte, ní bhaineann an cheist seo le hábhar. Ar an gcaoi chéanna, má bhaineann an beart le hiascaireacht intíre, ní bhaineann an cheist seo le hábhar.
|
|
3.
|
Deimhnigh go mbainfear an scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta amach ar an gcaoi seo a leanas:
|
(a)
|
☐an soitheach iascaireachta a bhriseadh;
|
|
(b)
|
☐soithí iascaireachta a dhíchoimisiúnú agus a iarfheistiú le haghaidh gníomhaíochtaí nach iascaireacht tráchtála iad;
|
|
(c)
|
☐an dá cheann acu, i.e. bainfear an scor buan amach tríd an soitheach iascaireachta a bhriseadh agus a dhíchoimisiúnú agus a iarfheistiú
|
|
|
3.1.
|
Sainaithin foráil/forálacha an bhunúis dlí a léiríonn do rogha.
. …
|
|
4.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór soithí iascaireachta a bheith cláraithe mar shoithigh ghníomhacha agus gníomhaíochtaí iascaireachta déanta acu ar feadh 90 lá sa bhliain, ar a laghad, le linn an 2 bhliain féilire dheireanacha roimh dháta tíolactha an iarratais ar chabhair.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
4.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
4.2.
|
Más cineál iascaireachta an ghníomhaíocht iascaireachta atá i gceist nach féidir tabhairt fúithi ar feadh na bliana féilire iomláine, féadfar an ceanglas íosta de ghníomhaíocht iascaireachta, a leagtar amach i bpointe (275)(c) de na Treoirlínte, a laghdú ar choinníoll gurb ionann an cóimheas idir an líon laethanta gníomhaíochta agus an líon laethanta iniascaireachta, agus an cóimheas idir an líon laethanta gníomhaíochta agus an líon laethanta féilire in aghaidh na bliana i gcás gnóthais is tairbhithe a bhíonn ag iascaireacht ar feadh na bliana.
|
|
4.2.1.
|
I gcás den sórt sin, tabhair tuairisc mhionsonraithe ar chineál na gníomhaíochta iascaireachta lena mbaineann an beart, mínigh conas a ríomhadh an t-íoscheanglas maidir le gníomhaíocht iascaireachta agus sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
4.3.
|
Má bhaineann an beart le hiascaireacht intíre agus má bhíonn soithigh iascaireachta gníomhach i ngabháil speiceas éagsúla dá gceadaítear líon éagsúil laethanta iniascaireachta in uiscí intíre, is é meán an lín laethanta iniascaireachta a cheadaítear i gcás ghabhálacha an tsoithigh sin an líon laethanta iniascaireachta a úsáidfear chun an cóimheas a leagtar amach i bpointe (276) de na Treoirlínte a ríomh. Tabhair do d’aire, áfach, níor cheart i gcás ar bith go mbeidh an líon íosta laethanta gníomhaíochtaí iascaireachta is toradh ar an gcoigeartú sin níos lú ná 30 lá nó níos mó ná 90 lá.
|
|
4.3.1.
|
I gcás den sórt sin, tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an gcreat dlíthiúil agus/nó riaracháin is infheidhme maidir leis an iascaireacht intíre lena mbaineann, mínigh conas a ríomhadh an t-íoscheanglas maidir le gníomhaíocht iascaireachta agus sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
5.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart go ndéanfar acmhainneacht choibhéis iascaireachta a bhaint go buan ó chlár cabhlaigh iascaireachta an Aontais, agus nach ndéanfar an acmhainneacht sin a ionadú.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
5.1.
|
Má bhaineann an beart le hiascaireacht intíre, deimhnigh go bhfuil feidhm ag an gcoinníoll faoi threoir an chláir chabhlaigh náisiúnta ábhartha, má tá sé ar fáil faoin dlí náisiúnta, seachas clár cabhlaigh an Aontais.
☐tá ☐níl
|
|
5.2.
|
Má fhreagraítear ‘tá’ ar cheisteanna 5 nó 5.1, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
6.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart go ndéanfar na ceadúnais iascaireachta agus na húdaruithe iascaireachta lena mbaineann a tharraingt siar go buan.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
6.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
7.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór do na gnóthais is tairbhithe gan aon soitheach iascaireachta a chlárú laistigh de 5 bliana tar éis dóibh an chabhair a fháil.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
7.1.
|
Má bhaineann an beart le hiascaireacht intíre, deimhnigh go bhfuil feidhm ag an gcoinníoll faoi threoir an chláir chabhlaigh náisiúnta ábhartha, má tá sé ar fáil faoin dlí náisiúnta, seachas clár cabhlaigh an Aontais.
☐tá ☐níl
|
|
7.2.
|
Má fhreagraítear ‘tá’ ar cheisteanna 7 nó 7.1, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
8.
|
Má shaothraítear leis an mbeart cúinsí eacnamaíocha nó cúinsí eile a bhaineann le caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara de bhun phointe (277) de na Treoirlínte, nó má bhaineann an beart le hiascaireacht intíre de bhun phointe (280) díobh, freagair na ceisteanna seo a leanas:
|
|
8.1.
|
Mínigh go mionsonraithe na himthosca a thugann údar leis an scor buan, agus leag amach, mar shampla, na cúinsí eacnamaíocha nó comhshaoil atá á saothrú.
…
|
|
8.2.
|
Sainaithin cuspóir an bhirt:
|
☐
|
bearta caomhnaithe a bhfuil fianaise eolaíoch mar thaca leo
|
|
|
8.2.1.
|
I gcás bearta caomhnaithe, tabhair achoimre ar an bhfianaise eolaíoch a thacaíonn leis an mbeart.
. …
|
|
8.2.2.
|
I gcás cúinsí eacnamaíocha, mínigh go mionsonraithe, réasúnaíocht eacnamaíoch an scoir bhuain (mura dtugtar tuairisc uirthi cheana féin mar fhreagra ar cheist8.1).
…
|
|
8.3.
|
Maidir le hiascaireacht intíre, deimhnigh gurb amhlaidh nach féidir cabhair faoin mbeart a dheonú ach do ghnóthais is tairbhithe a oibríonn go heisiach in uiscí intíre.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
8.3.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
8.4.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór do na gnóthais is tairbhithe gealltanas a thabhairt nach méadóidh siad a n-acmhainneacht ghníomhach iascaireachta ón tráth a chuirtear an t-iarratas ar chabhair isteach go dtí 5 bliana tar éis íocaíocht na cabhrach.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
8.4.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
8.5.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart go dtugann na gnóthais is tairbhithe gealltanas freisin nach n-úsáidfidh siad an chabhair chun a gcuid inneall a ionadú nó a nuachóiriú, seachas má chomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (632).
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
8.5.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
8.6.
|
Más amhlaidh gur dheonaigh Ballstát a thugann an fógra aon chabhair nó gur chuir sé oibríochtaí faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) nó faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) chun feidhme bliain amháin roimh an bhfógra agus go raibh an chabhair nó na hoibríochtaí sin faoi deara méadú ar an acmhainneacht iascaireachta in imchuach farraige, nó i gcás inar chuir sé oibríochtaí den chineál sin sa chlár CEMID náisiúnta, tabhair míniú mionsonraithe ar a mhéid a bhfuil cabhair le haghaidh scor buan san imchuach farraige céanna ag luí leis an méadú sin ar an acmhainneacht iascaireachta, agus léirigh an t-údar atá leis an gcabhair agus an riachtanas dosháraithe a bhaineann léi.
Má bhaineann an beart le hiascaireacht intíre, ní bhaineann an cheist seo le hábhar.
…
|
|
9.
|
Deimhnigh tairbhithe na cabhrach:
|
(a)
|
☐úinéirí soithí iascaireachta de chuid an Aontais lena mbaineann an scor buan
|
|
(b)
|
☐iascairí a d'oibrigh ar bord soithigh iascaireachta de chuid an Aontais lena mbaineann an scor buan ar feadh 90 lá sa bhliain ar a laghad le linn an 2 bhliain féilire roimh an mbliain a tíolacadh an t-iarratas ar chabhair
|
|
(c)
|
☐an dá cheann acu, i.e. tá (a) agus (b) san áireamh sna catagóirí tairbhithe
|
|
|
9.1.
|
Sainaithin foráil/forálacha an bhunúis dlí a léiríonn do rogha.
…
|
|
9.2.
|
Mínigh conas a ríomhadh an líon íosta 90 lá a leagtar amach thuas d’iascairí, i gcás ina raibh aon choigeartú infheidhme maidir leis na soithí iascaireachta lena mbaineann, agus pointí (276), (281) agus (283) de na Treoirlínte á gcur san áireamh.
…
|
|
9.3.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart go scoirfidh iascairí de na gníomhaíochtaí iascaireachta go léir go ceann 5 bliana tar éis an chabhair a fháil, agus — má fhilleann iascaire ar ghníomhaíochtaí iascaireachta laistigh den tréimhse sin — go ndéanfar suimeanna a íocadh go míchuí i leith na cabhrach a aisghabháil i méid atá comhréireach leis an tréimhse nár comhlíonadh an coinníoll sin lena linn.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
9.3.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
10.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na sásraí um rialú agus um fhorfheidhmiú atá i bhfeidhm chun comhlíonadh na gcoinníollacha a bhaineann leis an scor buan a ráthú, lena n-áirítear chun a áirithiú go bhfuil an acmhainneacht aistarraingthe go buan, agus gur scoir an soitheach nó na hiascairí lena mbaineann d’aon ghníomhaíocht iascaireachta i ndiaidh an bhirt. Tabhair do d’aire, in éagmais clár cabhlaigh náisiúnta is infheidhme maidir le huiscí intíre, nach mór do na Ballstáit a léiriú freisin go n-áirithítear le sásraí um rialú agus um fhorfheidhmiú den sórt sin bainistíocht ar acmhainneacht atá inchomparáide leis an mbainistíocht is infheidhme maidir le hiascaigh mhara.
. …
|
|
11.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mór na costais incháilithe a ríomh ar leibhéal an tairbhí aonair.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
11.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
12.
|
Deimhnigh na costais incháilithe:
|
☐
|
i gcás soithí iascaireachta a bhriseadh:
|
☐
|
na costais a bhaineann leis na soithí iascaireachta a bhriseadh
|
|
☐
|
cúiteamh as caillteanais luacha na soithí iascaireachta briste arna thomhas ar a luach díola reatha
|
|
|
☐
|
i gcás díchoimisiúnú nó iarfheistiú le haghaidh gníomhaíochtaí seachas iascaireacht tráchtála: na costais infheistíochta a bhaineann leis an soitheach iascaireachta a thiontú chun críoch gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile
|
|
☐
|
na costais a bhaineann leis na hiascairí, a d’fhéadfadh na costais shóisialta éigeantacha atá mar thoradh ar an scor buan a chur chun feidhme a áireamh orthu freisin, a mhéid nach bhfuil siad cumhdaithe le forálacha náisiúnta eile i gcás scor de ghníomhaíocht gnó
|
|
|
12.1.
|
Sainaithin foráil/forálacha an bhunúis dlí a léiríonn do rogha.
…
|
|
12.2.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na costais incháilithe.
…
|
|
12.3.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mór na costais incháilithe a laghdú le haon chostas nár tabhaíodh mar gheall ar an scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta agus a thabhódh an tairbhí murach sin.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
12.3.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin na costais ábhartha.
. …
|
|
12.3.2.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
13.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mó ná 100 % de na costais incháilithe an uasdéine cabhrach.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
13.1.
|
Tabhair an uasdéine cabhrach is infheidhme faoin mbeart.
. …
|
|
13.2.
|
Sainaithin foráil nó forálacha an bhunúis dlí lena leagtar amach an uasdéine cabhrach faoin mbeart.
. …
|
|
14.
|
Tabhair do d’aire go bhféadfaidh an Coimisiún modhanna ríofa eile a ghlacadh ar choinníoll go bhfuil sé sásta go bhfuil na modhanna sin bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus nach bhfaigheann aon gnóthas is tairbhí róchúiteamh mar thoradh orthu.
Má tá sé ar intinn ag an mBallstát a thugann fógra modh ríofa eile a mholadh, tabhair na cúiseanna nach bhfuil an modh a leagtar amach sna Treoirlínte iomchuí sa chás atá idir lámha agus mínigh conas a théann an modh ríofa eile i ngleic leis na riachtanais shainaitheanta ar bhealach níos fearr.
…
Cuir isteach mar iarscríbhinn leis an bhfógra an mhodheolaíocht eile atá beartaithe, mar aon le léiriú go bhfuil sí bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus nach bhfaigheann aon tairbhí róchúiteamh dá barr.
|
FAISNÉIS EILE
|
15.
|
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
|
3.5.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LE hAGHAIDH SCOR SEALADACH DE GHNÍOMHAÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi aon státchabhair le haghaidh scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, mar a thuairiscítear i Roinn 3.5 de Chaibidil 3 de Chuid II de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe
(633)
(‘na Treoirlínte’).
|
|
1.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach ndéanfar soithí iascaireachta de chuid an Aontais a ndeonaítear cabhair ina leith a aistriú lasmuigh den Aontas ná a aistriú go clár loingseoireachta eile lasmuigh den Aontas go ceann 5 bliana ar a laghad tar éis íocaíocht dheiridh na cabhrach.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
1.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
2.
|
Sainaithin an cás a ndeonaítear cabhair le haghaidh scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta ina leith:
|
(a)
|
☐bearta caomhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointí (a), (b), (c), (i) agus (j), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (634), nó, i gcás inarb infheidhme maidir leis an Aontas, bearta caomhnaithe coibhéiseacha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh, ar choinníoll go bhfuil gá le laghdú ar an iarracht iascaireachta, ar bhonn comhairle eolaíoch, chun cuspóirí CBI a bhaint amach, mar a leagtar amach in Airteagal 2(2) agus Airteagal 2(5), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013
|
|
(b)
|
☐bearta an Choimisiúin i gcás bagairt thromchúiseach ar acmhainní bitheolaíocha na mara, dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013
|
|
(c)
|
☐bearta éigeandála de chuid na mBallstát de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013
|
|
(d)
|
☐cur isteach, mar gheall ar chúiseanna force majeure, ar chur i bhfeidhm comhaontaithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe nó aon phrótacal a ghabhann leis
|
|
(e)
|
☐teagmhais chomhshaoil nó géarchéimeanna sláinte, arna n-aithint go foirmiúil ag údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha.
|
|
|
2.1.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na bearta, na teagmhais nó na géarchéimeanna atá i gceist agus, más infheidhme, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí lena dtugtar aitheantas foirmiúil do na himeachtaí sin.
. …
Má bhaineann an beart le hiascaireacht intíre, ní bhaineann an cheist seo le hábhar, féach ceist 5.2 ina ionad sin.
|
|
3.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach bhféadfar cabhair a dheonú ach amháin i gcás ina gcuirtear stop le gníomhaíochtaí iascaireachta an tsoithigh nó an iascaire lena mbaineann ar feadh 30 lá ar a laghad i mbliain féilire ar leith.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
3.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
4.
|
Deimhnigh tairbhithe na cabhrach:
|
(a)
|
☐úinéirí nó oibreoirí soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá cláraithe mar shoithí gníomhacha agus a rinne gníomhaíochtaí iascaireachta ar feadh 120 lá ar a laghad le linn an 2 bhliain féilire deiridh roimh an mbliain a tíolacadh an t-iarratas ar chabhair
|
|
(b)
|
☐maidir le hiascaireacht intíre: úinéirí nó oibreoirí soithí iascaireachta atá cláraithe sa chlár cabhlaigh náisiúnta (más infheidhme faoin dlí náisiúnta) mar shoithí gníomhacha agus a rinne gníomhaíochtaí iascaireachta ar feadh 120 lá ar a laghad le linn an 2 bhliain féilire deiridh roimh bhliain tíolactha an iarratais ar chabhair
|
|
(c)
|
☐iascairí a d’oibrigh ar bord soithigh iascaireachta de chuid an Aontais lena mbaineann an scor sealadach ar feadh 120 lá ar a laghad le linn an 2 bhliain féilire roimh an mbliain a tíolacadh an t-iarratas ar chabhair
|
|
(d)
|
☐iascairí de chois a rinne gníomhaíochtaí iascaireachta ar feadh 120 lá ar a laghad le linn an 2 bhliain féilire deiridh roimh an mbliain a tíolacadh an t-iarratas ar chabhair
|
|
|
4.1.
|
Sainaithin foráil/forálacha an bhunúis dlí a léiríonn do rogha.
. …
|
|
4.2.
|
Más cineál iascaireachta an ghníomhaíocht iascaireachta atá i gceist nach féidir tabhairt fúithi ar feadh na bliana féilire iomláine, féadfar an ceanglas íosta de ghníomhaíocht iascaireachta, a leagtar amach i bpointe (295) de na Treoirlínte, a laghdú ar choinníoll gurb ionann an cóimheas idir an líon laethanta gníomhaíochta agus an líon laethanta iniascaireachta, agus an cóimheas idir an líon laethanta gníomhaíochta agus an líon laethanta féilire in aghaidh na bliana i gcás gnóthais is tairbhithe a bhíonn ag iascaireacht ar feadh na bliana.
|
|
4.2.1.
|
I gcás den sórt sin, tabhair tuairisc mhionsonraithe ar chineál na gníomhaíochta iascaireachta lena mbaineann an beart, mínigh conas a ríomhadh an t-íoscheanglas maidir le gníomhaíocht iascaireachta agus sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
4.3.
|
Má bhaineann an beart le hiascaireacht intíre agus soithigh iascaireachta nó má bhíonn iascairí gníomhach i ngabháil speiceas éagsúla dá gceadaítear líon éagsúil laethanta iniascaireachta in uiscí intíre, is é meán an lín laethanta iniascaireachta a cheadaítear i gcás ghabhálacha an tsoithigh sin nó an iascaire sin an líon laethanta iniascaireachta a úsáidfear chun an cóimheas a leagtar amach i bpointe (296) de na Treoirlínte a ríomh. Tabhair do d’aire, áfach, níor cheart i gcás ar bith go mbeidh an líon íosta laethanta gníomhaíochtaí iascaireachta is toradh ar an gcoigeartú sin níos lú ná 40 lá nó níos mó ná 120 lá.
|
|
4.3.1.
|
I gcás den sórt sin, tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an gcreat dlíthiúil agus/nó riaracháin is infheidhme maidir leis an iascaireacht intíre lena mbaineann, mínigh conas a ríomhadh an t-íoscheanglas maidir le gníomhaíocht iascaireachta agus sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
5.
|
Má bhaineann an beart le hiascaireacht intíre, freagair na ceisteanna seo a leanas:
|
|
5.1.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach féidir cabhair faoin mbeart a dheonú ach do ghnóthais is tairbhithe a oibríonn go heisiach in uiscí intíre.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
5.1.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
5.2.
|
Sainaithin cuspóir an bhirt:
|
(a)
|
☐bearta caomhnaithe a bhfuil fianaise eolaíoch mar thaca leo
|
|
(b)
|
☐teagmhais chomhshaoil nó géarchéimeanna sláinte, arna n-aithint go foirmiúil ag údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha
|
|
|
5.2.1.
|
I gcás bearta caomhnaithe, tabhair achoimre ar an bhfianaise eolaíoch a thacaíonn leis an mbeart.
. …
|
|
5.2.2.
|
I gcás teagmhas nó géarchéimeanna, tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na teagmhais nó na géarchéimeanna atá i gceist agus sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí lena dtugtar aitheantas foirmiúil do na himeachtaí sin.
…
|
|
6.
|
Deimhnigh go bhféadfar cabhair a dheonú ar feadh uastréimhse 12 mhí in aghaidh an tsoithigh nó in aghaidh an iascaire le linn na clárthréimhse faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, gan beann ar an bhfoinse cistiúcháin, cibé atá sé maoinithe go náisiúnta nó cómhaoinithe de bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (635).
☐féadfar ☐ní fhéadfar
|
|
6.1.
|
Má fhéadfar, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
6.2.
|
Deimhnigh go gcomhlíonfaidh an Ballstát a thugann an fógra an oibleagáid tuairiscithe a leagtar amach i bpointe (346) de na Treoirlínte.
☐comhlíonfaidh ☐ní chomhlíonfaidh
|
|
7.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart gurb amhlaidh nach mór na gníomhaíochtaí iascaireachta uile a dhéanann na soithigh nó na hiascairí lena mbaineann a chur ar fionraí go hiarbhír le linn na tréimhse lena mbaineann an scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
7.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
8.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na sásraí um rialú agus um fhorfheidhmiú atá i bhfeidhm chun comhlíonadh na gcoinníollacha a bhaineann leis an scor sealadach a ráthú, lena n-áirítear chun a áirithiú gur scoir an soitheach nó an t-iascaire lena mbaineann d’aon ghníomhaíocht iascaireachta le linn na tréimhse lena mbaineann an beart.
…
|
|
9.
|
Deimhnigh na costais incháilithe:
|
(a)
|
☐caillteanas ioncaim de bharr scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta
|
|
(b)
|
☐costais eile a bhaineann le sócmhainní neamhúsáidte a choinneáil ar bun, a chothabháil agus a chaomhnú le linn scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta
|
|
(c)
|
☐an dá cheann acu, i.e. tá (a) agus (b) san áireamh sna costais incháilithe
|
|
|
9.1.
|
Sainaithin foráil/forálacha an bhunúis dlí a léiríonn do rogha.
…
|
|
9.2.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mór na costais incháilithe a ríomh ar leibhéal an tairbhí aonair.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
9.2.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
9.3.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mór an caillteanas ioncaim a ríomh de bhun phointe (304) de na Treoirlínte, is é sin trí: (a) an toradh a fhaightear nuair a iolraítear cainníocht na dtáirgí iascaireachta a táirgeadh i mbliain an scoir shealadaigh de ghníomhaíochtaí iascaireachta, faoin meánphraghas díola a fuarthas le linn na bliana sin, ó (b) an toradh a fhaightear nuair a iolraítear meánchainníocht bhliantúil na dtáirgí iascaigh a táirgeadh le linn na tréimhse 3 bliana roimh an scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, nó meán 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimh an scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, cé is moite den iontráil is airde agus den iontráil is ísle, faoin meánphraghas díola a baineadh amach.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
9.3.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
9.4.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mór costais a bhaineann le sócmhainní neamhúsáidte a choinneáil ar bun, a chothabháil agus a chaomhnú le linn scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta a ríomh ar bhonn mheán na gcostas a tabhaíodh thar an tréimhse 3 bliana roimh an scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, nó ar mheán 3 bliana thar an tréimhse 5 bliana roimh an scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, cé is moite den iontráil is airde agus den iontráil is ísle.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
9.4.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
9.5.
|
Mínigh an bhféadfaidh costais eile a thabhaíonn an gnóthas is tairbhí mar gheall ar an scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta a bheith san áireamh sna costais incháilithe.
☐féadfaidh ☐ní fhéadfaidh
|
|
9.5.1.
|
Má fhéadfaidh, sainaithin na costais ábhartha.
…
|
|
9.5.2.
|
Má fhéadfaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
9.6.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mór na costais incháilithe a laghdú le haon chostas nár tabhaíodh mar gheall ar an scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta agus a thabhódh an gnóthas is tairbhí murach sin.
|
|
9.6.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin na costais ábhartha.
. …
|
|
9.6.2.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
9.7.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart, i gcás ina n-úsáidtear soitheach le linn an scoir shealadaigh le haghaidh gníomhaíochtaí nach iascaireacht tráchtála iad, nach mór aon ioncam a dhearbhú agus a asbhaint den chabhair a dheonaítear faoin Roinn seo, agus nach ceart aon chabhair a dheonú le haghaidh costais eile a bhaineann le sócmhainní neamhúsáidte a choinneáil ar bun, a chothabháil agus a chaomhnú le linn scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
9.7.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
10.
|
Tabhair do d’aire go bhféadfaidh an Coimisiún modhanna ríofa eile a ghlacadh ar choinníoll go bhfuil sé sásta go bhfuil na modhanna sin bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus nach bhfaigheann aon gnóthas is tairbhí róchúiteamh mar thoradh orthu.
Má tá sé ar intinn ag an mBallstát a thugann fógra modh ríofa eile a mholadh, tabhair na cúiseanna nach bhfuil an modh a leagtar amach sna Treoirlínte iomchuí sa chás atá idir lámha agus mínigh conas a théann an modh ríofa eile i ngleic leis na riachtanais shainaitheanta ar bhealach níos fearr.
…
Cuir isteach mar iarscríbhinn leis an bhfógra an mhodheolaíocht eile atá beartaithe, mar aon le léiriú go bhfuil sí bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus nach bhfaigheann aon tairbhí róchúiteamh dá barr.
…
|
|
11.
|
Deimhnigh an bhforáiltear leis an mbeart, i gcás inar bunaíodh FBM níos lú ná 3 bliana ón dáta a scoireadh go sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, nach mór an tagairt do na tréimhsí 3 bliana nó 5 bliana i bpointí (304)(b) agus (305) de na Treoirlínte (ceisteanna 9.3 agus 9.4 thuas) a thuiscint mar thagairt don chainníocht a tháirg agus a dhíol meánghnóthas den mhéid céanna den iarratasóir, nó do na costais a thabhaigh an meánghnóthas sin, is é sin micrifhiontar nó fiontar beag nó fiontar meánmhéide, de réir mar is infheidhme, san earnáil náisiúnta nó réigiúnach a ndearna an scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta difear di.
☐foráiltear ☐ní fhoráiltear
|
|
11.1.
|
Má fhoráiltear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
12.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór teorainn 100 % de na costais incháilithe a bheith leis an gcabhair agus le haon íocaíocht eile, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi bheartais árachais, a fhaightear chun críche scoir shealadaigh de ghníomhaíochtaí iascaireachta
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
12.1.
|
Tabhair an uasdéine cabhrach is infheidhme faoin mbeart.
…
|
|
12.2.
|
Sainaithin foráil nó forálacha an bhunúis dlí lena leagtar amach an teorainn 100 % agus an uasdéine cabhrach faoin mbeart.
…
|
FAISNÉIS EILE
|
13.
|
Sonraigh aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú an bhirt faoin Roinn seo de na Treoirlínte.
…
|
|
3.6.
|
BILEOG FAISNÉISE FORLÍONTAÍ MAIDIR LE CABHAIR LEACHTACHA D’IASCAIRÍ
Ní mór do na Ballstáit an fhoirm seo a úsáid chun fógra a thabhairt faoi chabhair leachtachta d’iascairí, mar a thuairiscítear i Roinn 3.6 de Chaibidil 3 de Chuid II de na Treoirlínte maidir le státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe
(636)
(‘na Treoirlínte’). Féadfar cabhair a dheonú faoin Roinn seo freisin do ghnóthais atá gníomhach in earnáil na hiascaireachta intíre.
|
|
1.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach ndéanfar soithí iascaireachta de chuid an Aontais a ndeonaítear cabhair ina leith a aistriú lasmuigh den Aontas ná a aistriú go clár loingseoireachta eile lasmuigh den Aontas go ceann 5 bliana ar a laghad tar éis íocaíocht dheiridh na cabhrach.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
1.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
2.
|
Mínigh go mionsonraithe na cúinsí a thugann údar leis an gcabhair leachtachta agus tabhair tuairisc ar na teagmhais eisginiúla lena mbaineann srian sealadach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta.
…
|
|
3.
|
Mínigh cathain a tharla an teagmhas eisginiúil, lena n-áirítear a dhátaí tosaithe agus deiridh más infheidhme.
…
|
|
4.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mbaineann an beart le haon cheann díobh seo a leanas:
|
(a)
|
na cásanna a liostaítear i Roinn 3.5 de Chuid II, Caibidil 3 de na Treoirlínte ina scoirtear go sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta
|
|
(b)
|
bearta caomhnaithe a dhéantar i gcomhréir le comhaontuithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe agus le comhaontuithe maidir le malartú nó maidir le bainistiú comhpháirteach
|
|
(c)
|
laghdú nó caillteanas deiseanna iascaireachta laistigh d’uiscí an Aontais faoi chuimsiú chur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh
|
|
(d)
|
laghdú nó caillteanas deiseanna iascaireachta i ndáil le huiscí neamh-Aontais, e.g. mar gheall ar neamh-athnuachan, fionraí, foirceannadh nó athchaibidliú comhaontaithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe agus comhaontuithe maidir le malartú nó maidir le bainistiú comhpháirteach nó mar gheall ar bhearta socraithe agus leithdháilte deiseanna iascaireachta arna ndéanamh i gcomhréir le comhaontuithe den chineál sin nó faoi choimirce eagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
|
5.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach bhféadfar cabhair a dheonú ach amháin i gcás ina bhfuil nasc cúisíoch díreach idir na teagmhais eisginiúla agus an caillteanas ioncaim.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
5.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
6.
|
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar na sásraí um rialú agus um fhorfheidhmiú atá i bhfeidhm chun a ráthú go gcomhlíonfar na coinníollacha a ghabhann leis an gcabhair leachtachta d’iascairí.
…
|
|
7.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach gcumhdaítear leis na costais incháilithe ach an caillteanas ioncaim mar gheall ar na teagmhais eisginiúla.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
7.1.
|
Má fhreagraítear ‘is amhlaidh’ ar an gceist roimhe seo, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
7.2.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mór na costais incháilithe a ríomh ar leibhéal an tairbhí aonair.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
7.2.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
7.3.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mór an caillteanas ioncaim a ríomh de bhun phointe (319) de na Treoirlínte, is é sin trí: (a) an toradh a fhaightear nuair a iolraítear cainníocht na dtáirgí iascaireachta a táirgeadh i mbliain na dteagmhas eisginiúil, faoin meánphraghas díola a fuarthas le linn na bliana sin, ó (b) an toradh a fhaightear nuair a iolraítear meánchainníocht bhliantúil na dtáirgí iascaigh a táirgeadh le linn na tréimhse 3 bliana roimh na teagmhais eisginiúla, nó meán 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimh na teagmhais eisginiúla, cé is moite den iontráil is airde agus den iontráil is ísle, faoin meánphraghas díola a baineadh amach.
☐is amhlaidh ☐ní hamhlaidh
|
|
7.3.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
. …
|
|
7.4.
|
Mínigh an bhféadfaidh costais eile a thabhaíonn an gnóthas is tairbhí mar gheall ar na teagmhais eisginiúla a bheith san áireamh sna costais incháilithe.
☐féadfaidh ☐ní fhéadfaidh
|
|
7.4.1.
|
Má fhéadfaidh, sainaithin na costais ábhartha.
…
|
|
7.4.2.
|
Má fhéadfaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
7.5.
|
Deimhnigh gurb amhlaidh nach mór na costais incháilithe a laghdú le haon chostas nár tabhaíodh mar gheall ar na teagmhais eisginiúla agus a thabhódh an tairbhí murach sin.
|
|
7.5.1.
|
Más amhlaidh, sainaithin na costais ábhartha.
…
|
|
7.5.2.
|
Más amhlaidh, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
7.6.
|
I gcás ina n-úsáidtear soitheach le haghaidh gníomhaíochtaí nach iascaireacht tráchtála iad le linn na dteagmhas eisginiúil, deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór aon ioncam a dhearbhú agus a asbhaint den chabhair a dheonaítear faoin Roinn seo.
☐ordaítear ☐ní ordaítear
|
|
7.6.1.
|
Má ordaítear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
8.
|
Tabhair do d’aire go bhféadfaidh an Coimisiún modhanna ríofa eile a ghlacadh ar choinníoll go bhfuil sé sásta go bhfuil na modhanna sin bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus nach bhfaigheann aon gnóthas is tairbhí róchúiteamh mar thoradh orthu.
Má tá sé ar intinn ag an mBallstát a thugann fógra modh ríofa eile a mholadh, tabhair na cúiseanna nach bhfuil an modh a leagtar amach sna Treoirlínte iomchuí sa chás atá idir lámha agus mínigh conas a théann an modh ríofa eile i ngleic leis na riachtanais shainaitheanta ar bhealach níos fearr.
…
Cuir isteach mar iarscríbhinn leis an bhfógra an mhodheolaíocht eile atá beartaithe, mar aon le léiriú go bhfuil sí bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus nach bhfaigheann aon tairbhí róchúiteamh dá barr.
|
|
9.
|
Deimhnigh an bhforáiltear leis an mbeart, i gcás inar bunaíodh FBM níos lú ná 3 bliana roimh dháta na dteagmhas eisginiúil, nach mór an tagairt do na tréimhsí 3 bliana nó 5 bliana i bpointe (319)(b) de na Treoirlínte a thuiscint mar thagairt don chainníocht a tháirg agus a dhíol meánghnóthas den mhéid céanna den iarratasóir, is é sin micrifhiontar nó fiontar beag nó fiontar meánmhéide, de réir mar is infheidhme, san earnáil náisiúnta nó réigiúnach a ndearna na teagmhais eisginiúla difear di
☐foráiltear ☐ní fhoráiltear
|
|
9.1.
|
Má fhoráiltear, sainaithin an fhoráil nó na forálacha ábhartha sa bhunús dlí.
…
|
|
10.
|
Deimhnigh go n-ordaítear leis an mbeart nach mór teorainn 100 % de na costais incháilithe a bheith leis an gcabhair agus le haon íocaíocht eile, íocaíochtaí faoi pholasaithe árachais san áireamh.