This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0881
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/881 of 7 May 2025 amending Implementing Regulations (EU) 2019/1085 and (EU) No 540/2011 as regards the conditions of approval of the active substance 1-methylcyclopropene
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/881 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2025 lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1085 agus (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le coinníollacha formheasa na substainte gníomhaí 1-meitilcioglapróipéin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/881 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2025 lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1085 agus (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le coinníollacha formheasa na substainte gníomhaí 1-meitilcioglapróipéin
C/2025/2698
IO L, 2025/881, 8.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/881/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/881 |
8.5.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/881 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Bealtaine 2025
lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1085 agus (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le coinníollacha formheasa na substainte gníomhaí 1-meitilcioglapróipéin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(2)(c) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1085 ón gCoimisiún (2) rinneadh formheas na substainte gníomhaí 1-meitilcioglapróipéin a athnuachan. |
|
(2) |
Tar éis na hathnuachana sin, i bhformheas na substainte gníomhaí 1-meitilcioglapróipéin a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3), déantar úsáid na substainte a shrianadh ionas nach n-úsáidfear í ach amháin mar rialaitheoir fáis plandaí le linn stóráil iarbhuainte i dtrádstórais inséalaithe. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, an 4 Márta 2019, chuir AgroFresh Holding France SAS iarratas faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir ainmnithe, an Ísiltír, inar iarradh leasú ar choinníollacha formheasa 1-meitilcioglapróipéine chun an srian a chuirtear ar a úsáid seachas mar rialaitheoir fáis plandaí le linn stóráil iarbhuainte i dtrádstórais inséalaithe a bhaint agus chun a úsáid mar rialaitheoir fáis plandaí a cheadú in úsáidí allamuigh réamhbhuainte trí sprae úlloird a thagann ó chóras insteallta dhírigh. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith inghlactha. |
|
(4) |
Rinne an Ballstát is rapóirtéir measúnú ar úsáidí nua beartaithe na substainte gníomhaí 1-meitilcioglapróipéin i ndáil leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar shláinte an duine agus ar shláinte ainmhithe agus ar an gcomhshaol i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus d’ullmhaigh sé tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú ar athnuachan, agus cuireadh an tuarascáil sin faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia ('an tÚdarás') agus an Choimisiúin an 12 Deireadh Fómhair 2021. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, scaip an tÚdarás an tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit chun barúlacha a fháil agus chuir sé ar fáil don phobal í. I gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, iarradh faisnéis bhreise ar an iarratasóir. Rinne an Ballstát is rapóirtéir meastóireacht ar an bhfaisnéis bhreise agus chuir sé an tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú ar athnuachan faoi bhráid an Choimisiúin agus an Údaráis i mí Dheireadh Fómhair 2023. |
|
(6) |
An 19 Iúil 2024, chuir an tÚdarás a chonclúid (4) in iúl don Choimisiún i dtaobh an bhféadfadh coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh úsáidí nua beartaithe na substainte gníomhaí 1-meitilcioglapróipéin na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(7) |
Chuir an Coimisiún aguisín a ghabhann leis an tuarascáil athnuachana maidir le 1-meitilcioglapróipéin faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 4 Nollaig 2024 agus chuir sé dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste an 12 Márta 2025. |
|
(8) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir leis an aguisín a ghabhann leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir barúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu. |
|
(9) |
Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach 1-meitilcioglapróipéin, tá sé suite go gcomhlíontar na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 le haghaidh na n-úsáidí nua. Dá bhrí sin, is iomchuí an srian sin a bhaint agus úsáidí allamuigh réamhbhuainte a cheadú. |
|
(10) |
Ina theannta sin, chun cur leis an muinín as an gcinneadh, ba cheart don iarratasóir faisnéis deimhniúcháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis a mhéid a bhaineann le láithreacht alcóil meataillile in urranna ithreach agus uisceacha agus, má fhoirmítear i méideanna ábhartha é, faisnéis maidir lena airíonna tocsaineolaíocha agus maidir leis an riosca a d’fhéadfadh a bheith ann d’orgánaigh uisceacha agus ithreach. Thairis sin, ba cheart don iarratasóir faisnéis a chur isteach a mhéid a bhaineann le héifeacht próiseas cóireáilte uisce ar an gcineál iarmhar atá i láthair in uisce óil. Ba cheart an fhaisnéis deimhniúcháin sin a chur isteach laistigh de 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1085 agus (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
|
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1085 ón gCoimisiún
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1085 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1085 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2019 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí 1-meitilcioglapróipéin a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ón gCoimisiún. (IO L 171, 26.6.2019, lch. 110, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1085/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).
(4) EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), Anastassiadou M, Arena M, Auteri D, Brancato A, Bura L, Carrasco Cabrera L, Chaideftou E, Chiusolo A, Crivellente F, De Lentdecker C, Egsmose M, Fait G, Greco L, Ippolito A, Istace F, Jarrah S, Kardassi D, Leuschner R, Lostia A, Lythgo C, Magrans O, Mangas I, Miron I, Molnar T, Padovani L, Parra Morte JM, Pedersen R, Reich H, Santos M, Sharp R, Stanek A, Sturma J, Szentes C, Terron A, Tiramani M, Vagenende B agus Villamar-Bouza L, 2024. Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach 1-meitilcioglapróipéin. EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22:e8977. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8977.
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin ‘Forálacha sonracha’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1085:
‘Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin ar 1-meitilcioglapróipéin, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.
Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:
|
— |
cosaint screamhuisce, nuair a bhaintear úsáid as an tsubstaint i réigiúin ina bhfuil ithir leochaileach agus dálaí aeráide leochaileacha. |
Cuimseofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.
Faisnéis deimhniúcháin a mhéid a bhaineann le láithreacht alcóil meataillile in urranna ithreach agus uisceacha agus, má fhoirmítear i méideanna ábhartha é, faisnéis maidir lena airíonna tocsaineolaíocha agus maidir leis an riosca a d’fhéadfadh a bheith ann d’orgánaigh uisceacha agus ithreach agus a mhéid a bhaineann le tionchar próiseas cóireáilte uisce ar an gcineál iarmhar atá i láthair in uisce óil, déanfaidh an t-iarratasóir an fhaisnéis deimhniúcháin sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis. Cuirfear an fhaisnéis deimhniúcháin isteach faoin 27 Bealtaine 2027.’
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin ‘Forálacha Sonracha’ i ró 136, 1-meitilcioglapróipéin, i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011:
‘Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin ar 1-meitilcioglapróipéin, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.
Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:
|
— |
cosaint screamhuisce, nuair a bhaintear úsáid as an tsubstaint i réigiúin ina bhfuil ithir leochaileach agus dálaí aeráide leochaileacha. |
Cuimseofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.
Faisnéis deimhniúcháin a mhéid a bhaineann le láithreacht alcóil meataillile in urranna ithreach agus uisceacha agus, má fhoirmítear i méideanna ábhartha é, faisnéis maidir lena airíonna tocsaineolaíocha agus maidir leis an riosca a d’fhéadfadh a bheith ann d’orgánaigh uisceacha agus ithreach agus a mhéid a bhaineann le tionchar próiseas cóireáilte uisce ar an gcineál iarmhar atá i láthair in uisce óil, déanfaidh an t-iarratasóir an fhaisnéis deimhniúcháin sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis. Cuirfear an fhaisnéis deimhniúcháin isteach faoin 27 Bealtaine 2027.’
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/881/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)