Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0849

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/849 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus an Ghrúpa Comhair maidir le liosta na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití deimhnithe

C/2025/2623

IO L, 2025/849, 7.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/849/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/849/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/849

7.5.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/849 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Bealtaine 2025

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus an Ghrúpa Comhair maidir le liosta na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití deimhnithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (1), agus go háirithe Airteagal 5d(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is cuid ríthábhachtach é an Creat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach (‘creat’) a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 chun éiceachóras céannachta digití atá slán agus idir-inoibritheach a bhunú ar fud an Aontais. Ós rud é gurb iad na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití (‘tiachóga’) bunchloch an chreata, is é is aidhm dó rochtain ar sheirbhísí ar líne ó Bhallstát go chéile a éascú do shaoránaigh, do chónaitheoirí agus do ghnólachtaí, agus cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais á háirithiú an tráth céanna.

(2)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus, i gcás inarb ábhartha, ag Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta faoin Rialachán seo.

(3)

Ionas go bhféadfaidh an Coimisiún liosta, ina mbeidh faisnéis arna cur isteach ag na Ballstáit maidir le tiachóga deimhnithe a bhunú, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus a choinneáil i bhformáid atá inléite ag meaisín, ba cheart don Choimisiún formáidí agus nósanna imeachta a bhunú le haghaidh na mBallstát chun an fhaisnéis is gá a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus Ghrúpa Comhair na Céannachta Digití Eorpaí arna bhunú de bhun Airteagal 46e(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 (‘an Grúpa Comhair’) agus chun í a thabhairt cothrom le dáta. Ós rud é go bhfuil sé beartaithe go n-úsáidfidh an Coimisiún, an Grúpa Comhair agus an pobal i gcoitinne an fhaisnéis a cuireadh isteach, ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis a chur isteach i mBéarla ar a laghad toisc go n-éascaíonn sé sin inrochtaineacht, measúnú agus tuiscint leathan uirthi agus, an tráth céanna, toisc go bhfeabhsaítear comhar léi.

(4)

An fhaisnéis maidir le tiachóga deimhnithe ar cheart do na Ballstáit í a chur isteach, tá sí fíor-riachtanach chun iontaoibh, trédhearcacht agus comhchuibhiú a áirithiú ar fud éiceachóras na dtiachóg, rud a chothóidh muinín i measc úsáideoirí tiachóige, soláthraithe tiachóige agus údaráis rialála. Dá bhrí sin, ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin tuairisc ar réiteach tiachóige agus ar an scéim ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear an réiteach tiachóige. Ba cheart a chuimsiú sa tuairisc sin mionsonraí maidir leis an údarás nó na húdaráis atá freagrach as an réiteach tiachóige agus an scéim ríomh-shainaitheantais, an córas maoirseachta is infheidhme, an córas dliteanais i ndáil leis an bpáirtí a sholáthraíonn an réiteach tiachóige, socruithe maidir leis an scéim ríomh-shainaitheantais a chur ar fionraí nó a chúlghairm, an réiteach tiachóige a sholáthraítear fúithi nó aon chuid di a cuireadh i mbaol, agus an deimhniú agus an tuarascáil maidir leis an measúnú deimhnithe i dtaca le soláthar agus oibriú réiteach tiachóige agus na scéimeanna ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear iad. Ba cheart an fhaisnéis a bheith leordhóthanach chun gur féidir leis an gCoimisiún liosta de thiachóga deimhnithe a bhunú, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus a choinneáil i bhformáid atá inléite ag meaisín. Leis an gcainéal leictreonach slán a úsáidtear chun faisnéis a bhaineann le tiachóga deimhnithe a chur isteach, níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann an fhaisnéis chéanna a chur isteach faoi dhó.

(5)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus thug sé a thuairim uaidh an 31 Eanáir 2025.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh in Airteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos na formáidí agus na nósanna imeachta a mhéid a bhaineann le faisnéis a bheith á cur faoi bhráid an Choimisiúin agus an Ghrúpa Comhair ag na Ballstáit maidir le liosta na dtiachóg deimhnithe de bhun Airteagal 5d de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, ar formáidí agus nósanna imeachta iad sin atá le tabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun iad a choimeád i gcomhréir le forbairtí teicneolaíochta agus caighdeán agus leis an obair a dhéantar ar bhonn Mholadh (AE) 2021/946 ón gComhairle (5), agus go háirithe an Creat Ailtireachta agus Tagartha.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘réiteach tiachóige’ teaglaim de bhogearraí, crua-earraí, seirbhísí, socruithe, agus cumraíochtaí, lena n-áirítear áisc tiachóige, feidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige amháin nó níos mó agus gaireas cripteagrafach slán tiachóige amháin nó níos mó;

(2)

ciallaíonn ‘ásc tiachóige’ an feidhmchlár a shuiteáiltear agus a chumraítear ar ghaireas nó ar thimpeallacht úsáideora tiachóige, ar cuid d’aonad tiachóige é, agus a úsáideann úsáideoir na tiachóige chun idirghníomhú leis an aonad tiachóige;

(3)

ciallaíonn ‘aonad tiachóige’ cumraíocht uathúil de réiteach tiachóige lena n-áirítear áisc tiachóige, feidhmchláir chripteagrafacha shlána tiachóige agus gairis chripteagrafacha shlána tiachóige arna soláthar ag soláthraí tiachóige d’úsáideoir aonair tiachóige;

(4)

ciallaíonn ‘soláthraí tiachóige’ duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn réitigh tiachóige;

(5)

ciallaíonn ‘úsáideoir tiachóige’ úsáideoir a bhfuil an t-aonad tiachóige faoina rialú;

(6)

ciallaíonn ‘feidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige’ feidhmchlár lena mbainistítear sócmhainní criticiúla trína bheith nasctha leis na feidhmeanna cripteagrafacha agus neamh-chripteagrafacha a sholáthraíonn an gaireas cripteagrafach slán tiachóige agus trína n-úsáid;

(7)

ciallaíonn ‘gaireas cripteagrafach slán tiachóige’ gaireas crioscaíldíonach lena soláthraítear timpeallacht atá nasctha leis an bhfeidhmchlár cripteagrafach slán tiachóige agus a úsáideann sé chun sócmhainní criticiúla a chosaint agus chun feidhmeanna cripteagrafacha a sholáthar chun oibríochtaí criticiúla a fhorghníomhú ar bhealach slán;

(8)

ciallaíonn ‘sócmhainní criticiúla’ sócmhainní laistigh d’aonad tiachóige, nó i ndáil leis, a bhfuil tábhacht chomh neamhghnách sin ag baint leo go n-imreofaí tionchar an-tromchúiseach díblitheach ar an gcumas brath ar an aonad tiachóige i gcás ina gcuirfí infhaighteacht, rúndacht nó sláine na sócmhainní sin i mbaol;

(9)

ciallaíonn ‘soláthraí sonraí sainaitheantais duine’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as sonraí sainaitheantais duine a eisiúint agus a chúlghairm agus as a áirithiú go mbeidh na sonraí sainaitheantais duine atá ag úsáideoir ceangailte go cripteagrafach d’aonad tiachóige.

Airteagal 3

Formáid, nós imeachta um aighneachtaí agus faisnéis atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit

1.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn faoi bhráid an Choimisiúin agus an Ghrúpa Comhair trí chainéal leictreonach slán arna chur ar fáil ag an gCoimisiún.

2.   Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 1 a chur isteach i mBéarla ar a laghad.

3.   I gcás ina ndéanfar aon athrú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach, lena n-áirítear athruithe ar stádas deimhniúcháin na dtiachóg, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis cothrom le dáta isteach tríd an gcainéal dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Bealtaine 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(3)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(5)  Moladh (AE) 2021/946 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2021 maidir le Bosca Coiteann Uirlisí de chuid an Aontais le haghaidh cur chuige comhordaithe i dtreo Creat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach (IO L 210, 14.6.2021, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2021/946/oj).


IARSCRÍBHINN

Faisnéis atá le cur isteach ag na Ballstáit

1.

Cuspóir na haighneachta, arna léiriú mar cheann de na rudaí seo a leanas:

(a)

tiachóg a sholáthraítear agus atá deimhnithe;

(b)

déantar athrú ar aon fhaisnéis a cuireadh isteach roimhe sin maidir le tiachóg;

(c)

iarraidh chun tiachóg a bhaint de liosta na dtiachóg a sholáthraítear agus atá deimhnithe.

2.

Faisnéis atá le cur istheach maidir le tiachóg a sholáthraítear agus atá deimhnithe:

(a)

tuairisc ar an réiteach tiachóige, lena n-áirítear:

ainm an réitigh tiachóige;

aitheantóir tagartha uathúil an réitigh tiachóige;

ainm, trádainm i gcás inarb infheidhme, seoladh, agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis bhreise faoin soláthraí tiachóige;

tuairisc ar bhainistiú an réitigh tiachóige, lena n-áirítear:

saintréithe agus dearadh;

eisiúint, seachadadh, agus gníomhachtú;

fionraí, cúlghairm, agus athghníomhachtú;

aisghabháil agus cúltaca, i gcás inarb infheidhme;

athnuachan agus athsholáthar;

cleachtais bhainistíochta le haghaidh logaí idirbheart tiachóige;

(b)

tuairisc ar an scéim ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear agus faoina ndeimhnítear an réiteach tiachóige, lena n-áirítear:

teideal na scéime ríomh-shainaitheantais;

aitheantóir uathúil le haghaidh na scéime ríomh-shainaitheantais;

ainm an údaráis nó ainmneacha na n-údarás atá freagrach as an scéim ríomh-shainaitheantais;

tuairisc ar bhainistiú agus ar eagrú na scéime ríomh-shainaitheantais;

ainm, trádainm i gcás inarb infheidhme, seoladh, agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis bhreise faoi sholáthraí nó faoi sholáthraithe na sonraí sainaitheantais duine;

maidir le gach soláthraí sonraí sainaitheantais duine:

an tacar nó na tacair sonraí sainaitheantais duine a sholáthraítear do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha faoin scéim ríomh-shainaitheantais;

tuairisc ar an tacar nó na tacair sonraí sainaitheantais duine dá n-áirithíonn an Ballstát uathúlacht;

tuairisc ar an gcóras maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 46a de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

soláthraithe sonraí sainaitheantais duine, lena n-áirítear sainaithint an chomhlachta maoirseachta;

an soláthraí tiachóige, lena n-áirítear sainaithint an chomhlachta maoirseachta;

tuairisc ar an gcóras dliteanais i gcomhréir le hAirteagal 5a(19) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

soláthraí nó soláthraithe na sonraí sainaitheantais duine;

an soláthraí tiachóige;

tuairisc ar an bpróiseas clárúcháin, lena n-áirítear tuairiscí ar na nithe seo a leanas:

iarratas a dhéanamh ar aonaid tiachóige agus ar shonraí sainaitheantais duine;

úsáideoirí tiachóige a chlárú;

i gcás inarb infheidhme, promhadh céannachta agus fíorú daoine nádúrtha;

i gcás inarb infheidhme, promhadh céannachta agus fíorú daoine dlítheanacha;

aon bheartas a bhfuil feidhm aige maidir leis an údarás nó na húdaráis atá freagrach as an scéim ríomh-shainaitheantais, lena n-áirítear socruithe chun na nithe seo a leanas a chur ar fionraí nó a chúlghairm:

na scéimeanna ríomh-shainaitheantais;

dearbhuithe aonaid tiachóige arna n-eisiúint ag an soláthraí tiachóige;

aon chuid eile de na tiachóga a cuireadh i mbaol;

(c)

an deimhniú agus an tuarascáil maidir leis an measúnú deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 5c de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/849/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top