Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0842

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/842 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2025 lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2025/2617

IO L, 2025/842, 7.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/842/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/842/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/842

7.5.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/842 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Bealtaine 2025

lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) agus Airteagal 30f(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá earráid sa leagan Fraincise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (2) i roinn 1, pointe 8 d’Iarscríbhinn IIIa, a mhéid a bhaineann le sainmhíniú an phlean eitilte is déanaí. Tugadh an earráid isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2493 ón gCoimisiún (3) agus déantar difear léi do shubstaint na forála sin.

(2)

Tá earráid sa leagan Sualainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 sa tábla, an iontráil a bhaineann le ‘Gás múcháin chun críoch Airteagal 43(4)’, an dara colún, in Iarscríbhinn VII, a mhéid a bhaineann le híosmhinicíocht na n-anailísí, agus tá earráid i roinn 1, pointe 8(a) d’Iarscríbhinn X, a mhéid a bhaineann leis na haonaid tomhais atá le húsáid sa tuairisciú. Tugadh na hearráidí sin isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2493 freisin. Leis na hearráidí sin athraítear substaint na bhforálacha sin, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chearta agus d’oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Fraincise agus an leagan Sualainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Athrú Aeráide, arna tabhairt sular glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2493,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Bealtaine 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2066/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2493 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2024, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a mhéid a bhaineann leis an bhfaireachán agus an tuairisciú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a thabhairt cothrom le dáta de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/2493, 27.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2493/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/842/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top