Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0837

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/837 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bainistiú tuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir

C/2025/748

IO L, 2025/837, 2.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/837/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/837/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/837

2.5.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/837 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Feabhra 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bainistiú tuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107 agus (AE) 2019/833 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627 (1), agus go háirithe Airteagal 66, mír 1, pointí (c), (e) agus (k), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is páirtí sa Choimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (CICTA) é an tAontas, tar éis dó an t-aontachas le Coinbhinsiún CICTA a fhormheas de bhun Chinneadh Uimh. 86/238/CEE ón gComhairle (2).

(2)

Glacann CICTA bearta chun caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe fhadtéarmach na n-acmhainní iascaigh i limistéar Choinbhinsiún CICTA a áirithiú agus chun na héiceachórais mhuirí ina bhfuil na hacmhainní sin a chosaint. Tá bearta den sórt sin ina gceangal ar an Aontas.

(3)

Ó glacadh Rialachán (AE) 2023/2053, ghlac CICTA, ag a chruinniú bliantúil in 2024, moladh 24-05 (3) i ndáil le bainistiú tuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir. Cuimsítear i moladh 24-05 CICTA forálacha maidir le cabhlaigh tuinníní gorma a mhéadú tríd an acmhainneacht iascaireachta atá ann cheana a thiontú.

(4)

Ina theannta sin, bunaítear le moladh 24-05 maolú lena gceadaítear méadú ar shoithí cósta ar mionscála a bhfuil ceadúnas acu le bheith ag obair i Murascaill an Leoin sa Mheánmhuir, lena n-áirítear méadú ar chionroinnt cuótaí ar an gcabhlach mionscála sin.

(5)

Ag an gcruinniú bliantúil a bhí ag CICTA in 2024, ghlac sé moladh 24-06 freisin (4), moladh lena gcuirtear síneadh go dtí an 30 Meán Fómhair 2025 leis an gcreat le haghaidh treoirthionscadal chun feirmeoireacht a dhéanamh ar an tuinnín gorm sa Mhuir Chantabrach, mar a bhunaítear i moladh CICTA 23-08 (5). De dheasca moilleanna riaracháin, níorbh fhéidir an tionscadal sin a chur chun feidhme in 2024, agus dá bhrí sin, d’iarr an tAontas formhuiniú Choimisiún CICTA chun síneadh a chur leis an tionscadal go dtí 2025.

(6)

Thairis sin, ba cheart an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach a ainmniú mar an t-údarás a dhéanfaidh tuarascálacha cigireachta a láimhseáil, chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht an tuairiscithe. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2053 a leasú dá réir sin.

(7)

Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/2053 a leasú dá réir sin.

(8)

Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na forálacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta le haghaidh shoithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/2053 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

‘Airteagal 13

Pleananna bainistíochta maidir le hacmhainneacht iascaireachta

1.   Gach Ballstát a bhfuil cuóta le haghaidh tuinníní gorma aige, déanfaidh sé plean bainistíochta bliantúil maidir le hacmhainneacht iascaireachta a cheapadh. Sa phlean sin, déanfaidh an Ballstát an líon soithí gabhála agus gaistí a choigeartú sa chaoi go n-áiritheofar go mbeidh an acmhainneacht iascaireachta i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta a cionroinneadh ar shoithí gabhála agus gaistí le haghaidh na tréimhse cuóta ábhartha.

2.   Coigeartóidh gach Ballstát lena mbaineann an acmhainneacht iascaireachta trí úsáid a bhaint as na paraiméadair a shainmhínítear i ngníomh an Aontais is infheidhme chun deiseanna iascaireachta a chionroinnt. Beidh coigeartú acmhainneacht iascaireachta an Aontais le haghaidh soithí peas-saighne teoranta d’uasathrú 20 % i gcomparáid leis an acmhainneacht bunlíne iascaireachta a dearbhaíodh do CICTA in 2018. (*1)

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit an líon soithí peas-saighne a mhéadú, ar choinníoll go dtiocfaidh an méadú sin as tiontú ó chabhlaigh tuinníní gorma eile a bhaineann leis an mBallstát a iarrfaidh an maolú sin, go mbeidh an acmhainneacht iascaireachta i gcomhréir go fóill leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil agus, ar an iomlán, nach ionann acmhainneacht iascaireachta deiridh an Aontais, idir soithí peas-saighne agus an cabhlach óna ndéantar an tiontú, agus méadú acmhainneachta i ndáil leis an mbliain roimhe sin.

4.   Na Ballstáit a iarrann an maolú dá bhforáiltear i mír 3, cuirfidh siad na sonraí ábhartha maidir leis an tiontú cabhlaigh a iarradh san áireamh ina bpleananna bliantúla maidir le hacmhainneacht iascaireachta.

5.   Chun críocha an mhaolaithe dá bhforáiltear i mír 3, beidh an cóimheas chun cabhlaigh a thiontú bunaithe ar rátaí gabhála 2009 arna soláthar ag SCRS.

(*1)  Le haghaidh 2025, Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle an 30 Eanáir 2025 lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 (IO L, 2025/202, 31.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/202/oj).’;"

(2)

in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4a:

‘4a.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Spáinn a iarraidh, ina plean iascaireachta bliantúil le haghaidh 2025, dá dtagraítear in Airteagal 11, go gceadaítear do shoithí peas-saighne, a bhfuil baint acu leis an treoirthionscadal chun feirmeoireacht a dhéanamh ar an tuinnín gorm sa Mhuir Chantabrach, iascaireacht a dhéanamh ar thuinníní gorma sa Mhuir Chantabrach (limistéar iascaireachta 27.8.b agus 27.8.c CITM) ón 26 Bealtaine 2025 go dtí an 30 Meán Fómhair 2025.’

;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinní I agus IX i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107 agus (AE) 2019/833, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627 (IO L 238, 27.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1986/238/oj).

(2)  Cinneadh 86/238/CEE ón gComhairle an 9 Meitheamh 1986 maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh, arna leasú leis an bPrótacal atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach Chomhdháil Lánchumhachtaigh na Stát is Páirtithe sa Choinbhinsiún a síníodh i bPáras an 10 Iúil 1984 (IO L 162, 18.6.1986, lch. 33, ELI: https://data.europa.eu/eli/dec/1986/238/oj).

(3)  Moladh 24-05 ó CICTA lena leasaítear Moladh 22-08 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir. https://www.iccat.int/Documents/Recs/compendiopdf-e/2024-05-e.pdf.

(4)  Moladh 24-06 ó CICTA lena leasaítear Moladh 23-08 maidir le treoirthionscadal chun feirmeoireacht a dhéanamh ar an tuinnín gorm (thunnus thynnus) sa Mhuir Chantabrach https://www.iccat.int/Documents/Recs/compendiopdf-e/2024-06-e.pdf.

(5)   https://www.iccat.int/Documents/Recs/compendiopdf-e/2023-08-e.pdf.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I agus IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2053 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1 agus 2:

‘1.

Áiritheoidh gach Ballstát go n-urramófar na teorainneacha acmhainneachta seo a leanas:

(a)

ní mó an t-uasmhéid bád baoite agus bád trollála dá chuid atá údaraithe chun iascach gníomhach a dhéanamh ar an tuinnín gorm ná líon na soithí a bhí rannpháirteach in iascach díreach ar an tuinnín gorm in 2006;

(b)

ní mó an t-uasmhéid bád dá chabhlach ar mionscála atá údaraithe chun iascach gníomhach a dhéanamh ar an tuinnín gorm sa Mheánmhuir ná líon na soithí a bhí rannpháirteach in iascach ar an tuinnín gorm in 2008, cé is moite de shoithí mionscála cósta a oibríonn i Murascaill an Leoin, a bhféadfaidh méadú suas le 10 % a theacht ar a líon i gcomparáid leis an líon soithí a taifeadadh in 2008;

(c)

ní mó an t-uasmhéid soithí gabhála dá chuid atá údaraithe chun iascach gníomhach a dhéanamh ar an tuinnín gorm i Muir Aidriad ná líon na soithí a bhí rannpháirteach in iascach díreach ar an tuinnín gorm in 2008.

Déanfaidh gach Ballstát cuótaí aonair a chionroinnt ar na soithí lena mbaineann.

2.

Féadfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas a chionroinnt:

(a)

méid nach mó ná 7 % dá chuóta den tuinnín gorm ar na báid bhaoite agus na báid trollála;

(b)

méid nach mó ná 2 % dá chuóta den tuinnín gorm ar an iascach cósta ar mionscála dá chuid le haghaidh éisc úra sa Mheánmhuir. mar sin féin, i Murascaill an Leoin, d’fhéadfadh an céatadán sin dul suas go 4 %;

(c)

méid nach mó ná 90 % dá chuóta le haghaidh tuinníní gorma i measc a shoithí gabhála i Muir Aidriad chun críocha feirmeoireachta.’

(2)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘3.

De mhaolú ar phointe 2(a), i gcás na Fraince, is féidir le soithí uasmhéid 100 tona den tuinnín gorm, ina bhfuil meáchan nach lú ná 6,4 kg nó fad go gabhal an eireabaill nach lú ná 70 cm a ghabháil, soithí atá ag oibriú i mBá na Bioscáine agus atá faoi bhratach na Fraince agus nach mó ná 17 méadar ar fad san iomlán iad.’

(3)

in Iarscríbhinn IX, cuirtear isteach an chuid seo a leanas:

‘Is í an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach an comhlacht a ainmneofar chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an tuarascáil agus aon fhaisnéis a bhaineann le sáruithe a bhraitear a fháil ó údaráis Bhallstát brataí an tsoithigh cigireachta;

(b)

cóip de na tuarascálacha lena ngabhann sáruithe a bhraitear a sheoladh chuig Stát brataí an tsoithigh iascaireachta a ndearnadh cigireacht air agus chuig Rúnaíocht CICTA, agus cóip a sheoladh chuig an gCoimisiún.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/837/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top