Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0817

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/817 ón gComhairle an 25 Aibreán 2025 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/888 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú

ST/6095/2025/INIT

IO L, 2025/817, 28.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/817/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/817/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/817

28.4.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/817 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Aibreán 2025

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/888 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/888 ón gComhairle an 28 Aibreán 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú (1), agus go háirithe Airteagal 13(4) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Aibreán 2023, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/888.

(2)

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/888. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart an fhaisnéis a bhaineann leis na hiontrálacha do sheisear agus d’eintiteas amháin a leasú.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2023/888 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/888 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Aibreán 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SZŁAPKA


(1)   IO L 114, 2.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/888/oj.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/888 mar a leanas:

(1)

faoi cheannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1, 3, 8, 9, 14 agus 16:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘1.

Ilan Mironovich SHOR

ar a dtugtar freisin Ilan Mironovici ȘOR

Feidhm: fear gnó, uachtarán an pháirtí pholaitiúil “SHOR” (“ȘOR”)

Dáta breithe: 6.3.1987

Áit bhreithe: Tel Aviv, Iosrael

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive, Iosraelach

Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 0971007884125 (Poblacht na Moldóive)

Is polaiteoir Moldóvach é Ilan Shor (ceannaire an pháirtí pholaitiúil ȘOR) agus fear gnó ó Phoblacht na Moldóive a bhfuil baint aige le maoiniú neamhdhleathach páirtithe polaitiúla i bPoblacht na Moldóive, agus le gríosú chun foréigin i gcoinne an fhreasúra pholaitiúil. Sular fógraíodh é a bheith míbhunreachtúil i mí an Mheithimh 2023, bhí baint ag an bPáirtí ȘOR, a bhfuil Ilan Shor i gceannas air, le daoine a íoc agus a oiliúint chun mí-ord agus corraíl a spreagadh le linn na n-agóidí i bPoblacht na Moldóive.

Le cinneadh dar dáta an 13 Aibreán 2023, ghearr Cúirt Achomhairc Chísineá pianbhreith phríosúnachta 15 bliana ar Ilan Shor as a bheith ciontach i gcalaois agus i sciúradh airgid sa chás “Calaois Bhainc”, agus rinneadh sócmhainní dá chuid, ar luach EUR 254 mhilliún iad, a choigistiú. Rinneadh cistí ón gcalaois bhaincéireachta mhórscála sin agus naisc chuig olagarcaí éillitheacha agus eintitis atá bunaithe i Moscó a úsáid agus tá siad fós á n-úsáid, de réir údaráis Phoblacht na Moldóive, chun corraíl pholaitiúil a chruthú go saorga sa tír.

Áirítear ar a chuid gníomhaíochtaí atá dírithe ar dhaonlathas Phoblacht na Moldóive a threascairt cistiú neamhdhleathach a chur ar fáil chun tacú le gníomhaíocht pholaitiúil atá ar son na Creimile i bPoblacht na Moldóive. Sampla d’úsáid na gcistí sin is ea agóidí agus slógaí foréigneacha a eagrú, go príomha sa phríomhchathair Císineá, agus cabhair á fáil ó agóideoirí a bhí á n-íoc ag an bPáirtí ȘOR, le linn 2022 agus 2023. Tar éis gur fógraíodh Páirtí Șor a bheith míbhunreachtúil, lean Ilan Shor de thionchar na Rúise ar an ardán polaitiúil i bPoblacht na Moldóive a éascú, trí pháirtithe eile a mhaoiniú go neamhdhleathach agus iarracht a dhéanamh breab a thabhairt do pholaiteoirí.

Tríd an cumann neamhrialtasach Evrazia, atá lonnaithe sa Rúis, agus tríd an mbloc polaitiúil “Victory” (“An Bua”), cuireann Ilan Shor insintí bolscaireachta na Rúise chun cinn agus comhordaíonn sé gníomhaíochtaí maoiniúcháin atá dírithe ar thionchar a imirt ar an staid pholaitiúil i bPoblacht na Moldóive.

Trí léirsithe foréigneacha a stiúradh agus a phleanáil agus trína mhí-iompar tromchúiseach airgeadais maidir le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil, agus trí iarracht a dhéanamh an t-ord bunreachtúil a threascairt, tá Ilan Shor freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá baint aige le Evrazia.

30.5.2023

3.

Marina TAUBER

Feidhm: Comhalta de Pharlaimint Phoblacht na Moldóive (ó mhí an Mhárta 2019)

Dáta breithe: 1.5.1986

Áit bhreithe: Chisinau, Poblacht na Moldóive

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive

Is leascheannaire pháirtí pholaitúil Ilan Shor ȘOR agus Comhalta de Pharlaimint Phoblacht na Moldóive í Marina Tauber. Cúisíodh í sa chás “Calaois Bhainc” agus tá sí faoi réir imscrúdú in dhá chás choiriúla i bPoblacht na Moldóive a bhaineann le maoiniú neamhdhleathach ó ghrúpa coiriúil eagraithe agus le falsú na tuarascála ar bhainistíocht airgeadais an Pháirtí ȘOR.

An 20 Nollaig 2022, rinne ionchúisitheoirí roinnt cuardaigh éagsúla i ndáil leis an gcás faoi mhaoiniú neamhdhleathach a bheith á dhéanamh ar pháirtí SOR. D’aithin údaráis Phoblacht na Moldóive ansin airgead a bhí le húsáid, dar leis na hionchúisitheoirí, chun agóidí frithrialtais a eagrú agus chun luach saothair a thabhairt do na rannpháirtithe sna léirsithe sin.

In 2023, gabhadh seilbh ar sceana, ar shubstaintí inadhainte agus ar mhiodóga tar éis agóidí a d’eagraigh Gluaiseacht an Phobail, a bhfuil an Páirtí ȘOR ina chuid de. Cláraíodh foréigean agus coimhlintí idir na póilíní agus léirsitheoirí, inar coinníodh 54 dhuine, lena n-áirítear mionaoisigh. De réir Chigireacht Ghinearálta Phóilíní Phoblacht na Moldóive, bhí Marina Tauber i measc phríomheagraithe agóidí Pháirtí ȘOR agus Ghluaiseacht an Phobail.

De réir Oifig Ionchúisitheora Phoblacht na Moldóive in aghaidh Éilliú, d’úsáid sí ionstraimí cumarsáide speisialta chun treoracha díreacha a thabhairt d’uachtaráin agus do leasuachtaráin oifigí críochacha Pháirtí ȘOR sa tír maidir le conas daoine a thabhairt chuig na léirsithe, conas iompar a eagrú agus conas an t-airgead a fháil chun luach saothair a íoc leis na daoine.

Thairis sin, comhordaíonn Marina Tauber gníomhaíochtaí maoiniúcháin atá dírithe ar thionchar a imirt ar an staid pholaitiúil i bPoblacht na Moldóive.

Trí léirsithe foréigneacha a stiúradh agus a phleanáil agus trína mí-iompar tromchúiseach airgeadais maidir le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil, agus trí iarracht a dhéanamh an t-ord bunreachtúil a threascairt, tá Marina Tauber freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

30.5.2023

8.

Arina Evgheni CORȘICOVA

Dáta breithe: 28.12.1974

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive

Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 0962011898118

Tá Arina Corșicova i gceannas ar roinnt iontaobhas cumarsáide meán i bPoblacht na Moldóive, agus tá dhá chainéal teilifíse ag ceann acu, “Accent TV” agus “Primul în Moldova”, a bhfuil a gceadúnais craolacháin curtha ar fionraí ag Poblacht na Moldóive. D’ainneoin a cheadúnas teilifíse a chailleadh, leanann “Primul în Moldova” de ráitis bhréagacha a scaipeadh atá dírithe ar ord bunreachtúil Phoblacht na Moldóive a dhíchobhsú, le tacaíocht ón duine liostaithe Ilan Shor

Sa chomhthéacs sin, tá Arina Corșicova ag baint an bhoinn den phróiseas polaitiúil daonlathach i bPoblacht na Moldóive.

Is comhlach le fada an lá í de Ilan Shor, agus mhaoinigh sí a fheachtais toghcháin san am a chuaigh thart agus tá sí ina scairshealbhóir indíreach de chuid “Banca Socială”, a bhfuil baint aige leis an gcás “Calaois Bhainc”. Tá “ACCENT TV” agus “PRIMUL ÎN MOLDOVA” nasctha ó thaobh airgeadais de le Vladimir Plahotniuc agus Ilan Shor.

Tríd an mbonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach agus tríd an ord bunreachtúil a dhíchobhsú, tá Arina Corșicova ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht, agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá baint aici le Ilan Shor.

22.2.2024

9.

Dumitru CHITOROAGĂ

ar a dtugtar freisin Dumitru CHITORAGA

Dáta breithe: 23.12.1984

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive

Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 2002003101445

Pasuimhir: AB1187605

Tá Dumitru Chitoroagă ina riarthóir ar iontaobhas meán a bhfuil roinnt cainéal cumarsáide meán aige i bPoblacht na Moldóive, agus tá sé ina stiúrthóir ar roinnt cainéil díobh freisin. Leis na cainéil cumarsáide meán sin, cuirtear teachtaireachtaí chun cinn go minic a bhfuil sé mar aidhm leo bac a chur ar an bpróiseas polaitiúil daonlathach agus an bonn a bhaint de trí mhaímh fhollasacha maidir le Rialtas Phoblacht na Moldóive. Thairis sin, léiríonn siad tacaíocht láidir don duine liostaithe Ilan Shor agus dá pháirtí polaitiúil “SHOR” (“ȘOR”). Bhí cuid de na cainéil seo faoi úinéireacht Ilan Shor nó bunaithe aige trí idirghabhálaithe.

Tá ceadúnais chraolacháin roinnt cainéal meán curtha ar fionraí ag Poblacht na Moldóive go dlíthiúil, lena n-áirítear “TV6” agus “ORHEI TV”, atá faoi riar Dumitru Chitoroagă, as faisnéis bhréagach a scaipeadh maidir leis na himeachtaí polaitiúla atá ann faoi láthair i bPoblacht na Moldóive.

Dá bhrí sin, trí bhac a chur ar an bpróiseas polaitiúil daonlathach agus tríd an mbonn a bhaint de, tá Dumitru Chitoroagă freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá baint aige le Ilan Shor.

22.2.2024

14.

Nelli PARUTENCO

Feidhm: Bunaitheoir/ Stiúrthóir Evrazia

Dáta breithe: 21.3.1962

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive

Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 0970403899047

Ba í Nelli Parutenco cisteoir pháirtí polaitiúil Ilan Shor, “SHOR” (“ȘOR”), go dtí gur toirmeascadh é. I gcomhthéacs na n-imscrúduithe ar Pháirtí SOR mar gheall ar mhaoiniú neamhdhleathach, d’éalaigh sí go Moscó in 2022.

Anois, is í Nelli Parutenco bunaitheoir agus stiúrthóir an chumainn neamhrialtasach, Evrazia, atá lonnaithe sa Rúis agus arb é is aidhm dó leasanna na Rúise a chur chun cinn i bpoblachtaí iar-Shóivéadacha, Poblacht na Moldóive san áireamh. Tá insintí bolscaireachta na Rúise á gcur chun cinn ag Evrazia, i measc leanaí óga, freisin, i gcampaí óige a eagraíonn sé. Feidhmíonn Evrazia mar chainéal chun maoiniú a chur ar fáil do shaoránaigh agus do thionscadail bhonneagair in Gagauzia ó bhanc Rúiseach agus ó Ilan Shor, agus feidhmíonn sé mar chainéal chun oiliúint maidir le hagóidíocht fhoréigneach a mhaoiniú do shaoránaigh Phoblacht na Moldóive, arna heagrú ag an Rúis. D’úsáid Evrazia airgead ó Ilan Shor chun tionchar a imirt ar thoghcháin uachtaránachta 2024 agus ar reifreann bunreachtúil 2024 maidir le haontachas leis an Aontas. D’oibrigh Evrazia go dlúth le bloc polaitiúil Shor “Victory” (“An Bua”), ag cur tacaíocht airgeadais agus tacaíocht lóistíochta ar fáil chun tionchar na Rúise sa réigiún a threisiú.

Dá bhrí sin, trí Evrazia, tá Nelli Parutenco ag iarraidh an t-ord bunreachtúil a threascairt, rud a chuireann ceannasacht agus neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus an daonlathas, an chobhsaíocht agus an tslándáil i bPoblacht na Moldóive, i mbaol.

Tá baint ag Nelli Parutenco le Evrazia. Ina theannta sin, tá baint ag Nelli Parutenco le Ilan Shor.

14.10.2024

16.

Mihail VLAH

Feidhm: Leas-Ghobharnóír agus comhairleoir um chaidreamh leis na meáin do Ghobharnóir Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia

Dáta breithe: 4.2.1978

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive

Pasuimhir: 2000019014568

Tá Mihail Vlah ina leasghobharnóir do Ghobharnóir (Bashkan) Gagauzia, Evghenia Guțul. Cheap Evghenia Guțul é ach níor fhormheas Comhthionól Phobal Gagauzia an ceapachán. Is é comhairleoir Evghenia Guțul um chaidreamh leis na meáin freisin é. Bhuail sé le Ilan Shor in Iosrael chun cur chun feidhme phleananna toghcháin an Ghobharnóra Guțul in Gagauzia a phlé. Phleanáil sé léirsithe i gcoinne údaráis Phoblacht na Moldóive, léirsithe inar tacaíodh le Evghenia Guțul nó a d’eagraigh Ilan Shor nó a chomhpháirtithe agus d’fhreastail sé orthu. Thacaigh sé go poiblí le gníomhaíochtaí Ilan Shor nó Evghenia Guţul. Dá bhrí sin, tá baint ag Mihail Vlah le Ilan Shor agus le Evghenia Guțul. Ina theannta sin, ghlac sé páirt i léirsiú foréigneach, nó ghríosaigh sé foréigean, i gcoinne Rialtas Phoblacht na Moldóive agus rinne sé iarracht an t-ord bunreachtúil a dhíchobhsú trína mhaíomh go bhfuil sé de cheart ag Réigiún Críochach Féinrialaithe Gagauzia ionadaíochtaí taidhleoireachta a oscailt thar lear.

14.10.2024’;

(2)

faoin gceannteideal ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 2:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘2.

Evrazia - Eagraíocht neamhthráchtála uathrialach um chur chun cinn an chomhair idirnáisiúnta

An cineál eintitis: Eagraíocht neamhthráchtála uathrialach

Seoladh: Moscó, 127006, Krasnoproletarskaya Street 7, office 4/P, Cónaidhm na Rúise

Cláruimhreacha:

OGRN: 1247700291200;

INN: 9707028663;

KPP: 770701001

Suíomh gréasáin: https://evrazia.su/

Is comhlachas neamhrialtasach atá in Evrazia atá lonnaithe sa Rúis agus a bhunaigh Nelli Parutenco. Is é is aidhm dó leasanna na Rúise a chur chun cinn i bpoblachtaí iar-Shóivéadacha, Poblacht na Moldóive san áireamh. Tá insintí bolscaireachta na Rúise á gcur chun cinn ag Evrazia, i measc leanaí óga, freisin, i gcampaí óige a eagraíonn sé. Feidhmíonn Evrazia mar chainéal chun maoiniú a chur ar fáil do shaoránaigh agus do thionscadail bhonneagair in Gagauzia ó bhanc Rúiseach agus ó Ilan Shor, agus feidhmíonn sé mar chainéal chun oiliúint maidir le hagóidíocht fhoréigneach a mhaoiniú do shaoránaigh Phoblacht na Moldóive, arna heagrú ag an Rúis. D’úsáid Evrazia airgead ó Ilan Shor chun tionchar a imirt ar thoghcháin uachtaránachta 2024 agus ar reifreann bunreachtúil 2024 maidir le haontachas leis an Aontas. D’oibrigh Evrazia go dlúth le bloc polaitiúil Shor “Victory” (“An Bua”), ag cur tacaíocht airgeadais agus tacaíocht lóistíochta ar fáil chun tionchar na Rúise sa réigiún a threisiú.

Dá bhrí sin, tá Evrazia ag iarraidh an t-ord bunreachtúil a threascairt, rud a chuireann ceannasacht agus neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus an daonlathas, an chobhsaíocht agus an tslándáil i bPoblacht na Moldóive, i mbaol.

Tá baint ag Evrazia le Nelli Parutenco. Ina theannta sin, tá baint ag Evrazia le Ilan Shor.

14.10.2024’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/817/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top