This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0806
Commission Regulation (EU) 2025/806 of 15 April 2025 establishing a fisheries closure for blue marlin in the Atlantic Ocean for vessels flying the flag of Spain
Rialachán (AE) 2025/806 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2025 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh mairlíní gorma Atlantacha san Aigéan Atlantach i gcás soithí faoi bhratach na Spáinne
Rialachán (AE) 2025/806 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2025 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh mairlíní gorma Atlantacha san Aigéan Atlantach i gcás soithí faoi bhratach na Spáinne
C/2025/2434
IO L, 2025/806, 24.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/806/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2025
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/806 |
24.4.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/806 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Aibreán 2025
lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh mairlíní gorma Atlantacha san Aigéan Atlantach i gcás soithí faoi bhratach na Spáinne
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2025. |
|
(2) |
De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a cionroinneadh le haghaidh 2025 ídithe ag gabhálacha an stoic mairlíní gorma Atlantacha san Aigéan Atlantach i gcás soithí faoi bhratach na Spáinne nó atá cláraithe sa Spáinn. |
|
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú cuótaí
Maidir leis an gcuóta iascaireachta a cionroinneadh ar an Spáinn le haghaidh 2025 le haghaidh an stoic mairlíní gorma Atlantacha san Aigéan Atlantach dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
Toirmeascfar, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, gníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin dá dtagraítear in Airteagal 1 i gcás soithí faoi bhratach na Spáinne nó atá cláraithe sa Spáinn. Go sonrach, toirmeascfar éisc, ón stoc sin a ghabh na soithí sin, a athlonnú nó a thrasloingsiú tar éis an dáta sin.
I gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), i gcás ina mbeidh a chuóta ídithe ag Ballstát, áiritheoidh an Ballstát sin nach ndéanfar tabhairt i dtír mairlíní gorma Atlantacha atá marbh nuair a thugtar iad taobh leis an soitheach a dhíol ná a chur ar fáil ar bhonn tráchtála.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Aibreán 2025.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Costas KADIS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj.
(2) Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle an 30 Eanáir 2025 lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/257 a mhéid a bhaineann le deiseanna áirithe iascaireachta le haghaidh 2025 (IO L, 2025/202, 31.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/202/oj).
(3) Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2107/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimh. |
02/TQ202 |
|
Ballstát |
an Spáinn |
|
Stoc |
BUM/ATLANT |
|
Speiceas |
an mairlín gorm Atlantach (Makaira nigricans) |
|
Limistéar |
an tAigéan Atlantach |
|
Dáta an iaimh |
an 8 Feabhra 2025 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/806/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)