This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0789
Commission Delegated Regulation (EU) 2025/789 of 23 April 2025 supplementing Regulation (EU) No 575/2013 of the European Parliament and of the Council with regard to regulatory technical standards specifying the conditions and indicators that the EBA is to use to determine whether extraordinary circumstances in the sense of Article 325az(5) and Article 325bf(6) of that Regulation have occurred
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/789 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha agus na táscairí atá le húsáid ag ÚBE chun a chinneadh ar tharla imthosca urghnácha de réir bhrí Airteagal 325az(5) agus Airteagal 325bf(6) den Rialachán sin
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/789 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha agus na táscairí atá le húsáid ag ÚBE chun a chinneadh ar tharla imthosca urghnácha de réir bhrí Airteagal 325az(5) agus Airteagal 325bf(6) den Rialachán sin
C/2025/2287
IO L, 2025/789, 1.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/789/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/789 |
1.8.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/789 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Aibreán 2025
lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha agus na táscairí atá le húsáid ag ÚBE chun a chinneadh ar tharla imthosca urghnácha de réir bhrí Airteagal 325az(5) agus Airteagal 325bf(6) den Rialachán sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 325az(10), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De réir Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht le haghaidh priacal margaidh, féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúidí i gcásanna eisceachtúla gan ceanglais áirithe de chuid chur chuige malartach na samhlacha inmheánacha a chomhlíonadh i ndáil leis na ceanglais chúltástála agus sannta brabúis agus caillteanais. I gcomhréir leis an bprionsabal a bhunaítear leis na caighdeáin sin, níor cheart a mheas go bhfuil imthosca eisceachtúla leitheadach ach amháin i gcás ina bhfuil strus mór ar an margadh airgeadais trasteorann, nó i gcás ina bhfuil athrú mór ar an gcóras, a dhéanann difear ábhartha d’institiúidí ar fud an Aontais. |
|
(2) |
Institiúidí gan a bheith in ann na ceanglais chúltástála a leagtar amach in Airteagal 325bf(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó an ceanglas sannta brabúis agus caillteanais a leagtar síos in Airteagal 325bg den Rialachán sin, a chomhlíonadh mar gheall ar theagmhais nach bhfuil neart acu orthu agus ar choinníoll nach n-eascraíonn neamhchomhlíonadh na gceanglas sin as easnaimh ar an tsamhail inmheánach, ba cheart é sin a bheith ina choinníoll breise le go measfaí imthosca urghnácha a bheith leitheadach. |
|
(3) |
Bunófar an chúltástáil agus an tástáil sannta brabúis agus caillteanais araon ar shonraí le haghaidh na 250 lá gnó roimh an dáta tagartha dá ndéantar an tástáil shonrach. Ba cheart, dá bhrí sin, imthosca urghnácha a shainaithint igcás ina n-áirítear tréimhse ina bhfuil strus mór, go hiomlán nó go páirteach sa tréimhse 250 lá gnó sin, ar an margadh airgeadais trasteorann, nó athrú mór ar an gcóras, ina ndéantar difear ábhartha d’institiúidí ar fud an Aontais agus ina gcruthaítear eisceachtaí nach n-eascraíonn as easnaimh ar an tsamhail inmheánach. |
|
(4) |
Na gnéithe de ghéarchéim as a n-eascraíonn strus suntasach ar an margadh airgeadais trasteorann, nó athrú mór ar an gcóras, a dhéanann difear ábhartha d’institiúidí ar fud an Aontais, is gnéithe uathúla iad i ngach géarchéim nó athrú ar an gcóras den sórt sin. Ní bheadh sé iomchuí, dá bhrí sin, tacar uileghabhálach táscairí a leagan síos ar bhealach saintreorach a mheasfaí a bheith leordhóthanach i gcónaí chun cineál agus déine strus an mhargaidh airgeadais nó an aistrithe mhóir ar an gcóras atá ar tí tarlú a léiriú. Maidir le méadú suntasach ar an leibhéal luaineachta, le hathruithe ar leibhéil chomhghaolúcháin, agus leis an tslí go dtagann an strus suntasach ar an margadh airgeadais trasteorann nó an t-athrú mór ar an gcóras airgeadais chun cinn go han-tapa agus go han-tobann, ba cheart a mheas ar bhonn na taithí gur tréithe coitianta de chuid staideanna neamhghnáthacha atá iontu, áfach. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach leor astu féin méadú tobann ar an leibhéal luaineachta nó athruithe ar na leibhéil luaineachta chun cás a shaintréithriú mar cheann ina bhfuil strus suntasach ar an margadh airgeadais trasteorann nó athrú mór ar an gcóras agus, dá bhrí sin, níor cheart imthosca urghnácha dá dtagraítear in Airteagal 325az(5) agus Airteagal 325bf(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a shainaithint go huathoibríoch mar thoradh orthu. |
|
(5) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach. |
|
(6) |
Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na coinníollacha agus na táscairí atá le húsáid ag ÚBE chun a mheasúnú arbh ann d’imthosca urghnácha
1. Measfaidh ÚBE gur tréimhse inarb ann d’imthosca urghnácha atá in aon tréimhse 250 lá gnó a úsáideann institiúidí chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann siad na ceanglais chúltástála a leagtar amach in Airteagal 325bf de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó ceanglais na tástála sannta brabúis agus caillteanais a leagtar amach in Airteagal 325bg den Rialachán sin, i gcás ina bhfuil tréimhse ama sa tréimhse sin ar chinn ÚBE ina leith go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
gur breathnaíodh strus suntasach ar an margadh airgeadais trasteorann faoi deara nó gur tháinig athrú mór ar an gcóras; |
|
(b) |
gur dócha go bhfágfaidh an strus suntasach ar an margadh airgeadais trasteorann nó an t-athrú mór ar an gcóras dá dtagraítear i bpointe (a) nach mbeidh toradh na cúltástála a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 325bf de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó toradh na tástála sannta brabúis agus caillteanais a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 325bg den Rialachán sin ionadaíoch ar leordhóthanacht na samhla inmheánaí chun na ceanglais cistí dílse a ríomh, lena n-áirítear é sin a dhéanamh i gcás ina mbaineann torthaí na dtástálacha sin le heasnaimh ar an tsamhail inmheánach. |
2. Agus é ag measúnú ar comhlíonadh na coinníollacha a shonraítear i mír 1, cuirfidh ÚBE táscairí san áireamh atá ionadaíoch ar an strus suntasach ar an margadh airgeadais trasteorann nó ar an athrú mór ar an gcóras, nó a léiríonn a gcineál, lena n-áirítear gach ceann díobh seo a leanas:
|
(a) |
torthaí anailís ar innéacsanna luaineachta, agus táscairí luaineachta réadaithe, a mheasann ÚBE a bheith oiriúnach chun cineál an struis mhóir sin ar an margadh airgeadais trasteorann nó an athraithe mhóir sin ar an gcóras a ghabháil; |
|
(b) |
torthaí measúnú lena chinneadh an raibh an strus mór sin ar an margadh airgeadais trasteorann nó an t-athrú mór sin ar an gcóras ina gcúis le leibhéil luaineachta atá inchomparáide leis na leibhéil a breathnaíodh le linn na géarchéime airgeadais domhanda nó phaindéim COVID-19, nó níos mó ná iad, nó an raibh athrú coibhneasta ar na leibhéil luaineachta i gceist leo atá inchomparáide leis an athrú a breathnaíodh le linn na géarchéime sin nó na paindéime sin; |
|
(c) |
torthaí measúnú ar a thapa a tháinig an strus mór ar an margadh airgeadais trasteorann chun cinn nó a tharla an t-athrú mór ar an gcóras; |
|
(d) |
torthaí anailís ar chomhghaolúcháin ábhartha agus ar tháscairí comhghaolúcháin, lena n-áirítear measúnú ar cé acu ar breathnaíodh nó nár breathnaíodh athrú tobann mór ar leibhéal an chomhghaolúcháin. |
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c) den Airteagal seo, maidir leis an gcúltástáil a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 325bf de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh ÚBE san áireamh go háirithe an bhfuil, agus a mhéid atá, na saintréithe staidrimh a breathnaíodh le linn thréimhse an struis mhóir ar an margadh airgeadais trasteorann nó an athraithe mhóir ar an gcóras éagsúil leo siúd a breathnaíodh le linn na tréimhse tagartha a úsáideann institiúidí chun an uimhir luacha faoi phriacal a chalabrú.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/789/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)