Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0787

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/787 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1,4-démheitiolnaftailéin, aimídeasulfúrón, beantazón, bicsifein, clómasón, feanocsapróp-P, fluidhé-ocsainil, fluocsastróibin, flutolainil, flocsaipiorocsad, aigéad gibrilineach, gibriliní, halaicsifein-meitil meiceapróp-P, ola phairifín, peintiaipiorad, pirimeafos-meitil, própamacarb, próipiosaimíd, próitiaconasól, riomsulfúrón, seadacsán agus sulfocsaflór

C/2025/2331

IO L, 2025/787, 25.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/787/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/787/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/787

25.4.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/787 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Aibreán 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1,4-démheitiolnaftailéin, aimídeasulfúrón, beantazón, bicsifein, clómasón, feanocsapróp-P, fluidhé-ocsainil, fluocsastróibin, flutolainil, flocsaipiorocsad, aigéad gibrilineach, gibriliní, halaicsifein-meitil meiceapróp-P, ola phairifín, peintiaipiorad, pirimeafos-meitil, própamacarb, próipiosaimíd, próitiaconasól, riomsulfúrón, seadacsán agus sulfocsaflór

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad mhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 192/2014 ón gCoimisiún (2) formheasadh an tsubstaint ghníomhach 1,4-démheitiolnaftailéin go dtí an 30 Meitheamh 2024.

(2)

Le Treoir 2008/40/CE ón gCoimisiún (3) cuimsíodh aimídeasulfúrón mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (4) go dtí an 31 Nollaig 2018.

(3)

Le Treoir 2000/68/CE ón gCoimisiún (5) cuimsíodh beantazón mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE go dtí an 31 Iúil 2011 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/660 ón gCoimisiún (6) rinneadh formheas na substainte gníomhaí sin a athnuachan go dtí an 31 Bealtaine 2025.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 350/2013 ón gCoimisiún (7) formheasadh an tsubstaint ghníomhach bicsifein go dtí an 30 Meán Fómhair 2023.

(5)

Le Treoir 2007/76/CE ón gCoimisiún (8) cuimsíodh clómasón agus fluidhé-ocsainil mar shubstaintí gníomhacha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2018.

(6)

Le Treoir 2008/66/CE ón gCoimisiún (9) cuimsíodh feanocsapróp-P mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón go dtí an 31 Nollaig 2018.

(7)

Le Treoir 2008/44/CE ón gCoimisiún (10) cuimsíodh fluocsastróibin mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE go dtí an 31 Iúil 2018.

(8)

Le Treoir 2008/108/CE ón gCoimisiún (11) cuimsíodh flutolainil mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE go dtí an 28 Feabhra 2019.

(9)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 192/2014 ón gCoimisiún (12) formheasadh an tsubstaint ghníomhach 1,4-démheitiolnaftailéin go dtí an 30 Meitheamh 2024.

(10)

Le Treoir 2008/127/CE ón gCoimisiún (13) cuimsíodh aigéad gibrilineach agus gibriliní mar shubstaintí gníomhacha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE go dtí an 31 Lúnasa 2019.

(11)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 589/2012 ón gCoimisiún (14) formheasadh an tsubstaint ghníomhach flocsaipiorocsad go dtí an 31 Nollaig 2022.

(12)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1165 ón gCoimisiún (15) formheasadh an tsubstaint ghníomhach halaicsifein-meitil go dtí an 5 Lúnasa 2025.

(13)

Le Treoir 2003/70/CE ón gCoimisiún (16) cuimsíodh meiceapróp-P mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE go dtí an 31 Bealtaine 2014.

(14)

Le Treoir 2009/117/CE ón gComhairle (17) cuimsíodh ola phairifín mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle go dtí an 31 Nollaig 2019.

(15)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1187/2013 ón gCoimisiún (18) formheasadh an tsubstaint ghníomhach peintiaipiorad go dtí an 30 Aibreán 2024.

(16)

Le Treoir 2007/52/CE ón gCoimisiún (19) cuimsíodh pirimeafos-meitil mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE go dtí an 30 Meán Fómhair 2017.

(17)

Le Treoir 2007/25/CE ón gCoimisiún (20) cuimsíodh própamacarb mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE go dtí an 30 Meán Fómhair 2017.

(18)

Le Treoir 2003/39/CE ón gCoimisiún (21) cuimsíodh próipiosaimíd mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE go dtí an 31 Márta 2014 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/755 ón gCoimisiún (22) rinneadh formheas na substainte gníomhaí sin a athnuachan go dtí an 30 Meitheamh 2025.

(19)

Le Treoir 2008/44/CE ón gCoimisiún (23) cuimsíodh próitiaconasól mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE go dtí an 31 Iúil 2018.

(20)

Le Treoir 2006/39/CE ón gCoimisiún (24) cuimsíodh riomsulfúrón mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE go dtí an 31 Eanáir 2017.

(21)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 826/2013 ón gCoimisiún (25) formheasadh an tsubstaint ghníomhach seadacsán go dtí an 31 Eanáir 2024.

(22)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1295 ón gCoimisiún (26) formheasadh an tsubstaint ghníomhach sulfocsaflór go dtí an 18 Lúnasa 2025.

(23)

De réir Airteagal 78(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, meastar na substaintí gníomhacha a chuimsítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(24)

Na substaintí gníomhacha aimídeasulfúrón, clómasón, feanocsapróp-P, fluidhé-ocsainil, fluocsastróibin, flutolainil, aigéad gibrilineach, gibriliní, meiceapróp-P, ola phairifín, pirimeafos-meitil, própamacarb, próitiaconasól agus riomsulfúrón, cuimsíodh iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (27). Na substaintí gníomhacha 1,4-démheitiolnaftailéin, beantazón, bicsifein, flocsaipiorocsad, halaicsifein-meitil, peintiaipiorad, seadacsán agus sulfocsaflór, cuimsíodh iad i gCuid B, agus cuimsíodh an tsubstaint ghníomhach próipiosaimíd i gCuid E den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin.

(25)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 ón gCoimisiún (28) cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí 1,4-démheitiolnaftailéin go dtí an 30 Meitheamh 2025, agus cuireadh síneadh le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha bicsifein, flocsaipiorocsad, peintiaipiorad agus seadacsán go dtí an 31 Bealtaine 2025.

(26)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2592 ón gCoimisiún (29) cuireadh síneadh le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aimídeasulfúrón, feanocsapróp-P agus ola phairifín go dtí an 15 Lúnasa 2025.

(27)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1757 ón gCoimisiún (30) cuireadh síneadh le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha clómasón agus fluidhé-ocsainil go dtí an 15 Meitheamh 2025.

(28)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/918 ón gCoimisiún (31) cuireadh síneadh le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha fluocsastróibin, pirimeafos-meitil agus própamacarb go dtí an 15 Meitheamh 2025, agus cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí próitiaconasól go dtí an 15 Lúnasa 2025.

(29)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/324 ón gCoimisiún (32) cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí flutolainil go dtí an 15 Meitheamh 2025, agus cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí meiceapróp-P go dtí an 15 Bealtaine 2025.

(30)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1446 ón gCoimisiún (33) cuireadh síneadh le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aigéad gibrilineach agus gibriliní go dtí an 15 Iúil 2025.

(31)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/689 ón gCoimisiún (34) cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí riomsulfúrón go dtí an 15 Lúnasa 2025.

(32)

Cuireadh isteach iarratais agus sainchomhaid fhorlíontacha maidir le formheas gach ceann de na substaintí gníomhacha sin a athnuachan i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE)2020/1740 ón gCoimisiún (35) 3 bliana roimh dháta éaga na substaintí gníomhacha ar cuireadh síneadh leis.

(33)

An 13 Meán Fómhair 2016, an 1 Iúil 2016, an 21 Iúil 2016, an 22 Márta 2016, an 27 Lúnasa 2015, an 1 Nollaig 2016, an 6 Deireadh Fómhair 2016, an 2 Meán Fómhair 2014, an 1 Feabhra 2017, an 23 Márta 2016, an 28 Aibreán 2016, an 15 Meán Fómhair 2015 agus an 1 Nollaig 2015 faoi seach, chuir na Ballstáit is rapóirtéirí le haghaidh na substaintí gníomhacha aimídeasulfúrón, clómasón, feanocsapróp-P, fluidhé-ocsainil, fluocsastróibin, flutolainil, aigéad gibrilineach, gibriliní, meiceapróp-P, ola phairifín, pirimeafos-meitil, própamacarb, próitiaconasól agus riomsulfúrón na Ballstáit is comhrapóirtéirí, an Coimisiún agus an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (an tÚdarás) ar an eolas go raibh measúnú déanta acu ar inghlacthacht, agus go háirithe ar iomláine agus tráthúlacht gach iarratas ar fhormheas gach ceann de na substaintí gníomhacha sin a athnuachan, agus go raibh siad tagtha ar an gconclúid go raibh gach iarratas acu inghlactha.

(34)

Na sainchomhaid fhorlíontacha maidir le formheas na substaintí gníomhacha 1,4-démheitiolnaftailéin, halaicsifein-meitil, próipiosaimíd agus sulfocsaflór a athnuachan, cuireadh isteach iad tríd an lárchóras tíolactha an 24 Meitheamh 2022, an 28 Iúil 2022, an 27 Meitheamh 2022 agus an 11 Lúnasa 2022 faoi seach, agus tá na Ballstáit is rapóirtéirí fós i mbun measúnú a dhéanamh ar inghlacthacht na n-iarratas ar fhormheas gach ceann de na substaintí gníomhacha sin a athnuachan. Na hiarratais ar fhormheas na substaintí gníomhacha beantazón, bicsifein, flocsaipiorocsad, agus seadacsán a athnuachan, chuir an tÚdarás ar fáil go poiblí iad de bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740. Dá bhrí sin, maidir leis na substaintí gníomhacha sin uile, níl bailchríoch curtha ar an measúnú riosca de bhun Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 go fóill ag na Ballstáit is rapóirtéirí lena mbaineann agus tá gá le breis ama chun na céimeanna atá fós le déanamh i ngach nós imeachta athnuachana a chur i gcrích.

(35)

I gcás na substainte gníomhaí meiceapróp-P, chuir an tÚdarás a chonclúid in iúl don iarratasóir, do na Ballstáit agus don Choimisiún. Mar sin féin, ar mhaithe le héifeachtúlacht, tá an Coimisiún ag fanacht le toradh mheastóireacht an Údaráis ar an iarratas comhthreomhar maidir leis an tsubstaint chéanna a cuireadh isteach de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, chun measúnú a dhéanamh ar an athraitheach eistear meiceapróp-p-2-eitilheicsile, sula gcuirfidh sé tuarascáil athnuachana agus dréacht-Rialachán maidir le formheas na substainte gníomhaí sin a athnuachan faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.

(36)

I gcás na substainte gníomhaí peintiaipiorad, tá an t-iarratas ar a fhormheas a athnuachan curtha ar fáil go poiblí ag an Údarás. De bhun Airteagal 12 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740, tá an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan a fuarthas ón mBallstát is rapóirtéir faoi scrúdú ag an Údarás, chun teacht ar chonclúid an bhfuil an fhaisnéis ábhartha uile ann san fhormáid a comhaontaíodh, sula scaipfear é ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit eile. Dá bhrí sin, tá gá ag an Údarás le breis ama chun an measúnú riosca a chur i gcrích, lena n-áirítear comhairliúchán poiblí a eagrú agus, i gcás inarb iomchuí, comhairliúchán leis na saineolaithe a eagrú. Tá gá ag an gCoimisiún le breis ama freisin chun na cinntí maidir le bainistiú riosca a bheidh ina thoradh air sin a ghlacadh.

(37)

I gcás na substaintí gníomhacha fluocsastróibin, pirimeafos-meitil, própamacarb agus próitiaconasól, d’iarr an tÚdarás faisnéis bhreise de bhun Airteagal 13(3a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (36) chun measúnú a dhéanamh ar na critéir formheasa a leagtar amach i bpointí 3.6.5 agus 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus chuir na hiarratasóirí isteach í laistigh den spriocdháta a leagadh síos. Mar sin féin, tá gá le breis ama chun go ndéanfaidh an tÚdarás meastóireacht ar an bhfaisnéis sin agus chun go n-eiseoidh measúnóirí riosca an chonclúid ghaolmhar, agus chun go nglacfaidh an Coimisiún na cinntí maidir le bainistiú riosca a bheidh ina thoradh air sin.

(38)

I gcás na substainte gníomhaí riomsulfúrón, d’iarr an tÚdarás i gcomhairle leis na Ballstáit faisnéis bhreise de bhun Airteagal 14(1a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 chun measúnú a dhéanamh ar na critéir formheasa a leagtar amach i bpointí 3.6.5 agus 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, arna leasú le Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún (37). Tá an spriocdháta chun an fhaisnéis breise a chur isteach socraithe ar an 31 Márta 2026. Dá bhrí sin, tá gá le breis ama le haghaidh na meastóireachta ón Údarás agus chun go n-eiseoidh measúnóirí riosca an chonclúid ghaolmhar, agus chun go nglacfaidh an Coimisiún an cinneadh maidir le bainistiú riosca a bheidh ina thoradh air sin.

(39)

I gcás na substaintí gníomhacha aimídeasulfúrón, clómasón, feanocsapróp-P, fluidhé-ocsainil, flutolainil, aigéad gibrilineach, gibriliní agus ola phairifín, tá a chonclúidí curtha in iúl ag an Údarás don iarratasóir, do na Ballstáit agus don Choimisiún. Tá tuarascáil athnuachana agus dréacht-Rialachán maidir le formheasanna na substaintí gníomhacha sin a athnuachan curtha faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha ag an gCoimisiún. Tá gá le breis ama chun go dtabharfaidh an Coiste sin a thuairim uaidh agus chun go nglacfaidh an Coimisiún na cinntí maidir le bainistiú riosca a bheidh ina thoradh air sin.

(40)

Dá bhrí sin is dócha i gcás na substaintí gníomhacha uile nach mbeifear in ann cinneadh a dhéanamh i leith a bhformheasanna a athnuachan sula rachaidh a dtréimhsí formheasa lena mbaineann in éag, idir an 15 Bealtaine agus an 18 Lúnasa 2025. Thairis sin, níl neart ag na hiarratasóirí lena mbaineann ar na cúiseanna atá leis na moilleanna ar na nósanna imeachta athnuachana sin. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sin chun gur féidir na measúnuithe a cheanglaítear a chur i gcrích agus chun bailchríoch a chur ar na nósanna imeachta lena mbaineann maidir leis na formheasanna a athnuachan.

(41)

I gcás na substaintí gníomhacha 1,4-démheitiolnaftailéin, beantazón, bicsifein, flocsaipiorocsad, halaicsifein-meitil, meiceapróp-P, peintiaipiorad, próipiosaimíd, seadacsán agus sulfocsaflór, ós rud é nach bhfuil bailchríoch curtha ar an measúnú riosca go fóill ag na Ballstáit is rapóirtéirí agus i bhfianaise an ama is gá chun na céimeanna atá fós le déanamh i ngach nós imeachta athnuachana a chur i gcrích, ba cheart síneadh 29 mí ar na tréimhsí formheasa a shocrú i leith na substaintí sin.

(42)

I gcás na substaintí gníomhacha fluocsastróibin, pirimeafos-meitil, própamacarb agus próitiaconasól, ós rud é go bhfuil gá ag an Údarás le breis ama chun teacht ar chonclúid maidir leis an riosca, agus i bhfianaise na gcéimeanna atá fós le déanamh i ngach nós imeachta athnuachana, ba cheart síneadh 19 mí agus 2 sheachtain ar an tréimhse formheasa a shocrú i leith gach ceann de na substaintí sin.

(43)

I gcás na substainte gníomhaí riomsulfúrón, ós rud é go bhfuil gá ag an Údarás le breis ama chun teacht ar chonclúid maidir leis an measúnú riosca toisc nach bhfuil cur isteach na faisnéise breise ón iarratasóir agus an measúnú ón mBallstát is rapóirtéir lena mbaineann curtha i gcrích go fóill, agus i bhfianaise na gcéimeanna atá fós le déanamh sa nós imeachta athnuachana sin, ba cheart síneadh 36 mhí ar an tréimhse formheasa a shocrú le haghaidh na substainte gníomhaí sin.

(44)

I gcás na substaintí gníomhacha aimídeasulfúrón, clómasón, feanocsapróp-P, fluidhé-ocsainil, flutolainil, aigéad gibrilineach, gibriliní agus ola phairifín, tá an tuairim atá le tabhairt ag an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha ar feitheamh. I bhfianaise na céimeanna atá fós le déanamh sna nósanna imeachta athnuachana sin, ba cheart síneadh 12 mhí ar an tréimhse formheasa a shocrú le haghaidh flutolainile, agus síneadh 15 mhí agus 2 sheachtain ar an tréimhse formheasa a shocrú le haghaidh na substaintí gníomhacha aimídeasulfúrón, clómasón, feanocsapróp-P, fluidhé-ocsainil, aigéad gibrilineach, gibriliní agus ola phairifín.

(45)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir sin.

(46)

I gcás ina nglacann an Coimisiún Rialachán lena bhforáiltear nach ndéantar formheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a athnuachan, is é an dáta a shocróidh an Coimisiún mar dháta éaga dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó an dáta céanna a bhí ann roimh ghlacadh an Rialacháin seo, cibé dáta acu sin is déanaí. I gcás ina nglacann an Coimisiún Rialachán lena ndéantar foráil maidir le formheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a athnuachan, déanfaidh an Coimisiún an dáta cur i bhfeidhm is luaithe is féidir a shocrú, de réir mar is iomchuí sna himthosca.

(47)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 192/2014 ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2014 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach 1,4-démheitiolnaftailéin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 (IO L 59, 28.2.2014, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/192/oj).

(3)  Treoir 2008/40/CE ón gCoimisiún an 28 Márta 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun aimídeasulfúrón agus niceasulfúrón a chuimsiú mar shubstaintí gníomhacha (IO L 87, 29.3.2008, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/40/oj).

(4)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/414/oj).

(5)  Treoir 2000/68/CE ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena gcuimsítear substaint ghníomhach (beantazón) in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 276, 28.10.2000, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/68/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/660 ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2018 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí beantazón a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 110, 30.4.2018, lch. 122, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/660/oj).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 350/2013 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach bicsifein, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 108, 18.4.2013, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/350/oj).

(8)  Treoir 2007/76/CE ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2007 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun fluidhé-ocsainil, clómasón agus prósulfacarb a chuimsiú mar shubstaintí gníomhacha (IO L 337, 21.12.2007, lch. 100, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/76/oj).

(9)  Treoir 2008/66/CE ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun défheanocs, défhluifeineacan, feanocsapróp-P, feanpróipidín agus cuineaclaimín a chuimsiú mar shubstaintí gníomhacha (IO L 171, 1.7.2008, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/66/oj).

(10)  Treoir 2008/44/CE ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun beintiavalacarb, boscailid, cearbhón, fluocsastróibin, Paecilomyces lilacinus agus próitiaconasól a chuimsiú mar shubstaintí gníomhacha (IO L 94, 5.4.2008, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/44/oj).

(11)  Treoir 2008/108/CE ón gCoimisiún an 26 Samhain 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun flutolainil, beanflurailin, fluasanam, fúibeiríodasól agus meipiocuat a chuimsiú mar shubstaintí gníomhacha (IO L 317, 27.11.2008, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/108/oj).

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 192/2014 ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2014 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach 1,4-démheitiolnaftailéin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 (IO L 59, 28.2.2014, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/192/oj).

(13)  Treoir 2008/127/CE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun roinnt substaintí gníomhacha a chuimsiú (IO L 344, 20.12.2008, lch. 89, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/127/oj).

(14)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 589/2012 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2012 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach flocsaipiorocsad, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 175, 5.7.2012, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/589/oj).

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1165 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2015 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach halaicsifein-meitil, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 188, 16.7.2015, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/1165/oj).

(16)  Treoir 2003/70/CE ón gCoimisiún an 17 Iúil 2003 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun meiceapróp, meiceapróp-P agus própaconasól a chuimsiú mar shubstaintí gníomhacha (IO L 184, 23.7.2003, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/70/oj).

(17)  Treoir 2009/117/CE ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE chun ola phairifín Uimh. CAS 8042-47-5 a chuimsiú mar shubstaint ghníomhach (IO L 237, 9.9.2009, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/117/oj).

(18)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 1187/2013 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach peintiaipiorad, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 313, 22.11.2013, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/1187/oj).

(19)  Treoir 2007/52/CE ón gCoimisiún an 16 Lúnasa 2007 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun eataprófos, pirimeafos-meitil agus fiprinil a chuimsiú mar shubstaintí gníomhacha (IO L 214, 17.8.2007, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/52/oj).

(20)  Treoir 2007/25/CE ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2007 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun démheatóáit, démheatomorf, glúfosanáit, meitríbhúisin, foismeit agus própamacarb a chuimsiú mar shubstaintí gníomhacha (IO L 106, 24.4.2007, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/25/oj).

(21)  Treoir 2003/39/CE ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2003 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun próipineib agus próipiosaimíd a chuimsiú mar shubstaintí gníomhacha (IO L 124, 20.5.2003, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/39/oj).

(22)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/755 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2018 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí próipiosaimíd mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú, a athnuachan, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 128, 24.5.2018, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/755/oj).

(23)  Treoir 2008/44/CE ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun beintiavalacarb, boscailid, cearbhón, fluocsastróibin, Paecilomyces lilacinus agus próitiaconasól a chuimsiú mar shubstaintí gníomhacha (IO L 94, 5.4.2008, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/44/oj).

(24)  Treoir 2006/39/CE ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2006 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun clóidineafop, pirimeacarb, riomsulfúrón, tolclófos-meitil agus tríthiaconasól a chuimsiú mar shubstaintí gníomhacha (IO L 104, 13.4.2006, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/39/oj).

(25)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 826/2013 ón gCoimisiún an 29 Lúnasa 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach seadacsán, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 (IO L 232, 30.8.2013, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/826/oj).

(26)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1295 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2015 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach sulfocsaflór, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 199, 29.7.2015, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/1295/oj).

(27)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).

(28)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-deacánól, 1,4-démheitiolnaftailéin, 6-beinsioladainín, aicéacuinicil, granalaivíreas Adoxophyes orana, sulfáit alúmanaim, aimíosulbróm, Aureobasidium pullulans (tréithchineálacha DSM 14940 agus DSM 14941), asadaraictin, Bacillus pumilus QST 2808, beanalacsail-M, bicsifein, búipireamáit, Candida oleophila tréithchineál O, clórantrainileapról, fosfónáit déshóidiam, déthianón, dóidín, eimimeictin, fluibeindé-aimíd, fluaimeatúrón, flocsaipiorocsad, flutríafól, heicsitiasocs, iomasamocs, iopconasól, iosocsaibein, aigéad L-ascorbach, sulfar aoil, ola oráiste, Paecilomyces fumosoroseus tréithchineál FE 9901, peindémheatailin, peanfluifein, peintiaipiorad, fosfónáití potaisiam, prósulfúrón, Pseudomonas sp. tréithchineál DSMZ 13134, pireadailil, pirióifeanón, piorocsulam, cuinmeireac, aigéad S-scoiteach, seadacsán, sintifein, tiasulfáit airgid sóidiam, spíonatóram, spiriteitreamat, Streptomyces lydicus tréithchineál WYEC 108, tó-fluvailionáit, teabúifeanóisíd, teambaitrí-ón, tíoncarbasón, vailifeanaláit, foisfíd since (IO L 414, 9.12.2020, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/2007/oj).

(29)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2592 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-naiftiolaicéataimíd, aigéad 1-naiftiolaicéiteach, 2-feinilfeanól (lena n-áirítear a shalainn amhail salann sóidiam), 8-hiodrocsacuineoilín, aimídeasulfúrón, défheanocs, défheanaconasól, défhluifeineacan, démhéiteaclór, díceamba, eatafeanprocs, eisfeanvailéaráit, feanocsapróp-P, feanpróipidín, feinpiorasaimín, fluasafop-P, leanacail, naprópaimíd, niceasulfúrón, olaí pairifín, ola phairifín, peanconasól, pioclóram, próiheicseaidé-ón, spiorocsaimín, sulfar, teitreaconasól agus trí-alláit (IO L, 2023/2592, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2592/oj).

(30)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1757 ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beansulfúrón, clóirmeacuat, clóratolúrón, clómasón, daimínisíd, deiltemheitrin, eoigeanól, fluidhé-ocsainil, fluifeanaicéat, fluimeitrilin, foistiasáit, géiréiniól, MCPA, MCPB, própacuiseafop, prósulfacarb, cuisileafop-P-eitil, cuisileafop-P-teafuiril, 5-nítreaguaidheacóláit sóidiam, o-nítrifeanóláit sóidiam, p-nítrifeanóláit sóidiam, fluairíd sulfairile, teabúifeinpiorad, tíomól agus tríteasulfúrón (IO L 224, 12.9.2023, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1757/oj).

(31)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/918 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aclóinífein, aimeatochtraidin, beaflubútaimid, beintiavalacarb, boscailid, captan, cleataidim, cioglocsaidim, ciafluaimeitifein, dasaimeit, déchlófop, démheatomorf, eiteafón, feanasacuin, fluaipicilíd, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera, himeacsasól, aigéad iondóiliolbútarach, mandaprópaimid, meatalacsail, meataildéad, meatam, meatasaclór, meitríbhúisin, milbimeictin, paclabútrasól, peanocsulam, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, própamacarb, prócuineaisid, próitiaconasól, S-meitileaclór, víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis, Trichoderma asperellum tréithchineál T34 agus Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 160, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/918/oj).

(32)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/324 ón gCoimisiún an 19 Eanáir 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beinsivindéfhluipir, brómúconasól, búpróifisin, ciofluifeanaimíd, fluasanam, fluaipioram, flutolainil, lambda-ciahalaitrin, meiceapróp-P, meipiocuat, meatsulfúrón-meitil, fosfán agus pireaclóstróibin (IO L, 2024/324, 22.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/324/oj).

(33)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1446 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha eistear meitile 2,5-aigéid dhéchlóraibeansóch, aigéad aicéiteach, sulfáit amóiniam alúmanaim, foisfíd alúmanaim, sileacáit alúmanaim, cairbíd chailciam, ciamocsainil, dódamorf, eitiléin, úsc as crann tae, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, floiniocaimíd (IKI-220), aigéad gibriline, gibriliní, halasulfúrón-meitil, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, foisfíd mhaignéisiam, maltaideistrin, meitimíotrón, olaí planda/ola clóibh, olaí planda/ola ráibe, olaí planda/ola cartlainne garraí, comhdhúile pireatraim, sulcaitrí-ón, teabúconasól agus úiré (IO L 178, 13.7.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1446/oj).

(34)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/689 ón gCoimisiún an 20 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis an síneadh ar thréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha Bacillus subtilis (Cohn 1872) tréithchineál QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS-1857 agus tréithchineál GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis tréithchineál AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS 351, tréithchineál PB 54, tréithchineál SA 11, tréithchineál SA12 agus tréithchineál EG 2348, Beauveria bassiana tréithchineál ATCC 74040 agus tréithchineál GHA, clóidineafop, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), ciopróidínil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, malaitian, meapainipirim, meatconasól, meitrifeanón, pirimeacarb, piridibein, pirimeiteanail, riomsulfúrón, spionasad, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál ICC012, tréithchineál T25 agus tréithchineál TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí T. viride roimhe seo) tréithchineál ICC080, Trichoderma harzianum tréithchineál T-22 agus tréithchineál ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram (IO L 91, 29.3.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/689/oj).

(35)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1740/oj).

(36)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/844/2020-02-13).

(37)  Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 trí chritéir eolaíocha a leagadh síos chun airíonna suaiteora inchrínigh a chinneadh (IO L 101, 20.4.2018, p. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/605/oj).


IARSCRÍBHINN

1.   

Leasaítear Cuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:

(a)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 57, Meiceapróp-P, cuirtear ‘15 Deireadh Fómhair 2027’ in ionad an dáta;

(b)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 125, Riomsulfúrón, cuirtear ‘15 Lúnasa 2028’ in ionad an dáta;

(c)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 154, Própamacarb, cuirtear ‘31 Eanáir 2027’ in ionad an dáta;

(d)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 156, Pirimeafos-meitil, cuirtear ‘31 Eanáir 2027’ in ionad an dáta;

(e)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 161, Fluidhé-ocsainil, cuirtear ‘30 Meán Fómhair 2026’ in ionad an dáta;

(f)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 162, Clómasón, cuirtear ‘30 Meán Fómhair 2026’ in ionad an dáta;

(g)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 166, Fluocsastróibin, cuirtear ‘31 Eanáir 2027’ in ionad an dáta;

(h)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 168, Próitiaconasól, cuirtear ‘31 Márta 2027’ in ionad an dáta;

(i)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 169, Aimídeasulfúrón, cuirtear ‘30 Samhain 2026’ in ionad an dáta;

(j)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 182, Feanocsapróp-P, cuirtear ‘30 Samhain 2026’ in ionad an dáta;

(k)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 187, Flutolainil, cuirtear ‘15 Meitheamh 2026’ in ionad an dáta;

(l)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 232, Aigéad gibrilineach, cuirtear ‘31 Deireadh Fómhair 2026’ in ionad an dáta;

(m)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 233, Gibriliní, cuirtear ‘31 Deireadh Fómhair 2026’ in ionad an dáta;

(n)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 295, Ola phairifín, cuirtear ‘30 Samhain 2026’ in ionad an dáta.

2.   

Leasaítear Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:

(a)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 24, Flocsaipiorocsad, cuirtear ‘31 Deireadh Fómhair 2027’ in ionad an dáta;

(b)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 43, Bicsifein, cuirtear ‘31 Deireadh Fómhair 2027’ in ionad an dáta;

(c)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 48, Seadacsán, cuirtear ‘31 Deireadh Fómhair 2027’ in ionad an dáta;

(d)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 57, Peintiaipiorad, cuirtear ‘31 Deireadh Fómhair 2027’ in ionad an dáta;

(e)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 68, 1,4-Démheitiolnaftailéin, cuirtear ‘30 Samhain 2027’ in ionad an dáta;

(f)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 86, Halaicsifein-meitil, cuirtear ‘5 Eanáir 2028’ in ionad an dáta;

(g)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 88, Sulfocsaflór, cuirtear ‘18 Eanáir 2028’ in ionad an dáta;

(h)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 120, Beantazón, cuirtear ‘31 Deireadh Fómhair 2027’ in ionad an dáta.

3.   

I gCuid E den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún, sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 9, Próipiosaimíd, cuirtear ‘30 Samhain 2027’ in ionad an dáta.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/787/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top