Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0782

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/782 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2025 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 a mhéid a bhaineann le carbónáití i mbeatha a chinneadh

C/2025/2274

IO L, 2025/782, 24.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/782/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/782/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/782

24.4.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/782 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Aibreán 2025

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 a mhéid a bhaineann le carbónáití i mbeatha a chinneadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 34(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún (2) leagtar síos modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/771 ón gCoimisiún (3) scriosadh an modh anailíse chun carbónáití i mbeatha a chinneadh. Chun carbónáití sa bhreiseán beathaithe údaraithe ochtaihiodráit charbónáite lantanaim a chainníochtú, áfach, ní mór úsáid a bhaint as an modh anailíse a scriosadh.

(3)

Thairis sin, le Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 ón gCoimisiún (4) déantar foráil maidir le dearbhú éigeantach carbónáite cailciam i ndáil le hábhair bheatha áirithe. Ní mór úsáid a bhaint as an modh anailíse a scriosadh chun an cion carbónáite cailciam sna hábhair bheatha sin a chinneadh.

(4)

Dá bhrí sin, is iomchuí an modh anailíse a thabhairt isteach an athuair chun carbónáití i mbeatha a chinneadh.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) 152/2009 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2009 lena leagtar síos modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha (IO L 54, 26.2.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/152/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/771 ón gCoimisiún an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha (IO L, 2024/771, 15.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/771/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2013 maidir leis an gCatalóg d’ábhair bheatha (IO L 29, 30.1.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/68/oj).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 152/2009, cuirtear isteach an chuid seo a leanas tar éis na coda ‘O. CLÓIRÍN Ó CHLÓIRÍDÍ A CHINNEADH’:

‘P.   CARBÓNÁITÍ A CHINNEADH

1.   Cuspóir agus Raon Feidhme

Leis an modh seo is féidir an cion carbónáití, arna sloinneadh ar an ngnáthbhealach mar charbónáit chailciam, a chinneadh i mbeatha, cé is moite de bheatha a bhfuil carbónáit iarainn i láthair inti.

2.   Prionsabal

Déantar na carbónáití a dhianscaoileadh in aigéad hidreaclórach; bailítear an dé-ocsaíd charbóin a scaoiltear i bhfeadán grádaithe, agus cuirtear a toirt i gcomparáid leis an toirt a scaoiltear faoi na coinníollacha céanna ó chainníocht shonraithe de charbónáit chailciam.

3.   Imoibrithe

3.1.

Aigéad hidreaclórach, dlús 1,10 g/ml.

3.2.

Carbónáit chailciam íon.

3.3.

Aigéad sulfarach, 0,05 mól/lítear go neasach, daite le dearg meitile.

4.   Gaireas

Gaireas Scheibler-Dietrich (féach an léaráid san Fhoscríbhinn) nó gaireas coibhéiseach (cailciméadar).

5.   Nós imeachta

De réir chion carbónáite an tsampla, meáigh cuid den sampla mar a thaispeántar thíos:

(a)

0,5 g i gcás táirgí le cion carbónáití ó 50 % go 100 %, arna sloinneadh mar charbónáit chailciam;

(b)

1 g i gcás táirgí le cion carbónáití ó 40 % go 50 %, arna sloinneadh mar charbónáit chailciam;

(c)

2 g go 3 g i gcás táirgí eile.

Cuirtear aigéad hidreaclórach (pointe 3.1 thuas) leis an gcuid den sampla chun aon charbónáit atá i láthair a dhianscaoileadh. Tomhaistear toirt na dé-ocsaíde carbóin agus úsáid á baint as gaireas Scheibler-Dietrich nó gaireas coibhéiseach (cailciméadar), agus cuirtear an toirt sin i gcomparáid leis an toirt a tháirgtear ó 0,5 g de charbónáit chailciam íon (pointe 3.2 thuas).

Déanfar gach cinneadh faoi na coinníollacha céanna ionas go seachnófar ceartúcháin le haghaidh difríochtaí sa teocht agus sa bhrú. Is fearr an cinneadh a dhéanamh i seomra teochtrialaithe.

San Fhoscríbhinn tá tuairisc mhionsonraithe ar an nós imeachta ina mbaintear úsáid as gaireas Scheibler-Dietrich.

6.   Ríomh

Ríomhtar an cion carbónáití, arna sloinneadh mar charbónáit chailciam íon, leis an bhfoirmle seo a leanas:

X =

V ×100

V1 × 2m

áit arb é:

X

=

% (w/w) carbónáití sa sampla, arna sloinneadh mar charbónáit chailciam

V

=

ml de CO2 a scaoiltear ón gcuid den sampla

V1

=

ml de CO2 a scaoiltear ó 0,5 g de CaCO3

m

=

meáchan an chuid den sampla, i ngraim.

7.   Barúlacha

7.1.

Má úsáidtear gaireas Scheibler-Dietrich agus más mó meáchan an tsampla ná 2 g, cuir 15 ml d’uisce driogtha sa fhlaigín ar dtús (ítim 4 sa léaráid san Fhoscríbhinn, thíos) agus measc sula gcuirtear tús leis an tástáil trí aigéad hidreaclórach a chur leis (pointe 3.1 thuas). Bain úsáid as an toirt chéanna d’uisce driogtha le haghaidh na tástála rialaithe.

7.2.

Má úsáidtear gaireas nach ionann a thoirt agus toirt ghaireas Scheibler-Dietrich, ní mór na codanna a thógtar den sampla agus den tsubstaint rialaithe a oiriúnú dá réir sin, mar aon leis an ríomh.

Foscríbhinn

Nós imeachta mionsonraithe ina mbaintear úsáid as gaireas Scheibler-Dietrich

Cuir an chuid den sampla i bhflaigín speisialta (ítim 4 sa léaráid) an ghairis, atá feistithe le feadán beag de dhéanamh ábhair dhobhriste ina bhfuil 10 ml d’aigéad hidreaclórach (pointe 3.1 thuas), agus ceangal an flaigín leis an ngaireas. Déan an comhla trí bhealach (ítim 5 sa ghaireas) a chasadh ionas go mbeidh ceangal idir an feadán grádaithe (ítim 1 sa léaráid) agus an taobh amuigh. Trí úsáid a bhaint as an bhfeadán soghluaiste (ítim 2 sa léaráid), atá lán d’aigéad sulfarach daite (pointe 3.3 thuas) agus atá ceangailte leis an bhfeadán grádaithe (ítim 1 sa léaráid), tabhair leibhéal an leachta suas chuig an marc nialais. Déan an comhla trí bhealach (ítim 5 sa léaráid) a chasadh chun na feadáin a cheangal le chéile (ítimí 1 agus 3 sa léaráid) agus seiceáil go bhfuil an leibhéal ar nialais.

Doirt an t-aigéad hidreaclórach (pointe 3.1 thuas) go mall ar an gcuid den sampla, tríd an flaigín speisialta (ítim 4 sa léaráid) a chlaonadh. Déan an brú comhionann tríd an bhfeadán soghluaiste (ítim 2 sa léaráid) a ísliú. Croith an flaigín speisialta (ítim 4 sa léaráid) go dtí nach scaoiltear a thuilleadh dé-ocsaíd charbóin.

Athbhunaigh an brú tríd an leacht a thabhairt ar ais chuig an leibhéal céanna sna feadáin (ítimí 1 agus 2 sa léaráid). Tar éis cúpla nóiméad, nuair atá toirt an gháis seasmhach, déan an léamh.

Déan tástáil rialaithe faoi na coinníollacha céanna ar 0,5 g de charbónáit chailciam (pointe 3.2 thuas).

GAIREAS SCHEIBLER-DIETRICH CHUN CO2 A CHINNEADH

Image 1

(arna tomhais in mm)’.

’.

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/782/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top