Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0712

Rialachán (AE) 2025/712 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2025 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh roic dhústríoctha in uiscí an Aontais i limistéar 9 i gcás soithí faoi bhratach na Spáinne

C/2025/2156

IO L, 2025/712, 9.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/712/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/712/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/712

9.4.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/712 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Aibreán 2025

lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh roic dhústríoctha in uiscí an Aontais i limistéar 9 i gcás soithí faoi bhratach na Spáinne

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2025.

(2)

De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a cionroinneadh le haghaidh 2025 ídithe ag gabhálacha an stoic roc dústríoctha in uiscí an Aontais i limistéar 9 i gcás soithí faoi bhratach na Spáinne nó atá cláraithe sa Spáinn.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ídiú cuótaí

Maidir leis an gcuóta iascaireachta a cionroinneadh ar an Spáinn le haghaidh an stoic roc dústríoctha in uiscí an Aontais i limistéar 9 le haghaidh 2025 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Toirmisc

1.   Toirmeascfar, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin dá dtagraítear in Airteagal 1 i gcás soithí faoi bhratach na Spáinne nó atá cláraithe sa Spáinn. Toirmeascfar go háirithe éisc a lorg agus trealamh iascaireachta a chur ar uisce, a úsáid nó a tharraingt chun iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin.

2.   Maidir le héisc agus táirgí iascaigh ón stoc sin a ghabh na soithí sin a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean, a ramhrú agus a thabhairt i dtír, leanfaidh an méid sin de bheith údaraithe le haghaidh gabhálacha a gabhadh roimh an dáta sin.

3.   Maidir le gabhálacha de thaisme speiceas ón stoc sin a ghabhann na soithí sin, tabharfar ar bord na soithí iascaireachta agus coinneofar ar bord iad, agus déanfar iad a thaifeadadh, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh in aghaidh cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Costas KADIS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle an 30 Eanáir 2025 lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/257 a mhéid a bhaineann le deiseanna áirithe iascaireachta le haghaidh 2025 (IO L, 2025/202, 31.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/202/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

03/TQ202

BALLSTÁT

An Spáinn

STOC

RJU/9-C.

SPEICEAS

An roc dústríoctha (Raja undulata)

LIMISTÉAR

Uiscí an Aontais in 9

DÁTE AN IAIMH

an 26 Márta 2025


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/712/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top