Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0651

Rialachán (AE) 2025/651 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2025 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a mhéid a bhaineann le húsáid monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471) agus céarach carnába (E 903) mar oibreáin ghlónraithe ar thorthaí úra áirithe agus ar chasabhaigh agus úsáid leicitiní (E 322) agus aigéad sailleach (E 570) mar iompróirí in oibreáin ghlónraithe ar chasabhaigh

C/2025/1931

IO L, 2025/651, 3.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/651/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/651/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/651

3.4.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/651 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Aibreán 2025

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a mhéid a bhaineann le húsáid monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471) agus céarach carnába (E 903) mar oibreáin ghlónraithe ar thorthaí úra áirithe agus ar chasabhaigh agus úsáid leicitiní (E 322) agus aigéad sailleach (E 570) mar iompróirí in oibreáin ghlónraithe ar chasabhaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (1), agus go háirithe Airteagal 10(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bhia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bhia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 leagtar síos liosta Aontais de bhreiseáin bhia atá formheasta le húsáid i mbia agus coinníollacha a n-úsáide. Leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin liosta Aontais de bhreiseáin bhia lena n-áirítear iompróirí atá formheasta le húsáid i mbreiseáin bhia, einsímí bia, blastáin bhia agus cothaithigh maille le coinníollacha a n-úsáide.

(2)

Féadfar liosta an Aontais de bhreiseáin bhia a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar.

(3)

Substaintí a údaraítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 is ea leicitiní (E 322), monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471), aigéid shailleacha (E 570) agus céir charnába. I gcatagóir bhia 04.1.1 ‘Torthaí agus glasraí úra ina n-iomláine’ in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, údaraítear monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471) mar oibreán glónraithe le haghaidh cóireáil dromchla torthaí áirithe agus údaraítear céir charnába (E 903) mar oibreán glónraithe le haghaidh cóireáil dromchla na dtorthaí céanna nó torthaí eile. Áirítear leicitiní (E 322) agus aigéid shailleacha (E 570) i measc iompróirí atá údaraithe lena n-úsáid in oibreáin ghlónraithe le haghaidh torthaí i gCuid 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(4)

An 5 Samhain 2020 cuireadh isteach iarratas ar údarú na húsáide monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471) mar oibreán glónraithe ar pháiseoga, cíobhaíonna, úlla, piorraí, péitseoga, neachtairíní, plumaí, silíní, sútha talún, fraocháin ghorma, cúcamair, lus súgach, trátaí agus piobair. Cuireadh an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

(5)

An 20 Bealtaine 2023 cuireadh isteach iarratais ar údarú na húsáide monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471) agus céarach carnába (E 903) mar oibreáin ghlónraithe ar chasabhaigh agus ar údarú na húsáide leicitiní (E 322) agus aigéad sailleach (E 570) mar iompróirí in oibreáin ghlónraithe le haghaidh casabhach. Cuireadh na hiarratais ar fáil do na Ballstáit ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

(6)

De réir na n-iarratasóirí, leis an úsáid atá beartaithe le baint as monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471) agus céir charnába (E 903), thabharfaí aghaidh ar éileamh méadaitheach ar tháirgí úra, dramhbhia a laghdú agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht úsáide acmhainní nádúrtha i dtáirgeadh talmhaíochta trí chaillteanais laghdaithe agus trí mhodhanna iompair lena mbaineann astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin níos ísle.

(7)

Nuair a úsáidtear monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471) agus céir charnába (E 903) mar oibreáin ghlónraithe le haghaidh cóireáil dromchla torthaí agus glasraí úra, cruthaítear brat baic fhisicigh atá tanaí agus támh in aghaidh caillteanas taise agus ocsaídiúcháin chun cáilíocht chothaitheach a chosaint agus chun seilfré na dtáirgí sin a leathnú.

(8)

Nuair a úsáidtear leicitiní (E 322) agus aigéid shailleacha (E 570) mar iompróirí, éascaítear foirmiú bratuithe cobhsaí agus aonfhoirmeacha oibreán glónraithe a chuirtear ar thorthaí agus casabhaigh.

(9)

De bhun Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, ní fhéadfar breiseáin bhia a úsáid i mbianna neamhphróiseáilte, seachas i gcás ina bhforáiltear go sonrach maidir leis an úsáid sin in Iarscríbhinn II.

(10)

Níl tomhaltóirí ag súil go n-úsáidfear breiseáin bhia ar thorthaí agus glasraí úra agus níl aon oibleagáid ann i reachtaíocht an Aontais daoine a chur ar an eolas maidir le breiseáin bhia a úsáidtear ar na táirgí sin. Mar sin féin, cuirtear oibreáin ghlónraithe ar chraiceann an toraidh nó an ghlasra agus níl coinne leis go n-aistreoidh siad isteach ina gcodanna inmheánacha. Dá bhrí sin, ós rud é nach dtomhlaítear craicne páiseog, cíobhaíonna agus casabhach de ghnáth, níl oibreáin ghlónraithe, mar a ionghabhtar iad, sna táirgí sin fiú amháin má chóireáiltear iad le hoibreáin ghlónraithe.

(11)

Thairis sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá ar leith le húsáid oibreán glónraithe ar na táirgí sin ós rud é go dtáirgtear páiseoga agus casabhaigh go príomha i limistéir a bhfuil aeráid the iontu agus d’fhéadfadh sé go mbeidís faoi réir iompar agus stóráil ar feadh tréimhse fada sna limistéir sin sula gcuirfear ar mhargadh an Aontais iad.

(12)

De bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ní mór don Choimisiún tuairim a iarraidh ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) chun liosta an Aontais de bhreiseáin bhia a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a nuashonrú, seachas i gcás nach dócha go mbeidh tionchar ag an nuashonrú i gceist ar shláinte an duine.

(13)

An 4 Deireadh Fómhair 2012 d’eisigh an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le hathmheastóireacht a dhéanamh ar chéir charnaúba (E 903) mar bhreiseán bia (3), agus thángthas ar an gconclúid inti nach mbeadh na húsáidí atá údaraithe faoi láthair ina n-ábhar imní ó thaobh na sábháilteachta de.

(14)

An 7 Aibreán 2017 d’eisigh an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le hathmheastóireacht a dhéanamh ar leicitiní (E 322) mar bhreiseán bia (4), agus thángthas ar an gconclúid inti nach raibh aon ghá le hiontógáil laethúil inghlactha uimhriúil agus nárbh ábhar imní é an breiseán ó thaobh na sábháilteachta de i leith an phobail i gcoitinne. Úsáidtear conclúid dá leithéid i gcás substaintí inar ábhar imní an-bheag iad ó thaobh na sábháilteachta de, agus sin amháin má tá faisnéis iontaofa ann maidir le nochtadh agus maidir le tocsaineacht araon agus má tá dóchúlacht íseal ann go mbeidh éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine ag dáileoga nach cúis neamhchothroime cothaithí in ainmhithe iad (5).

(15)

An 5 Bealtaine 2017 d’eisigh an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le hathmheastóireacht a dhéanamh ar aigéid shailleacha (E 570) mar bhreiseán bia (6), agus thángthas ar an gconclúid inti nach raibh aon ábhar imní ann ó thaobh na sábháilteachta de i leith na n-úsáidí agus ar na leibhéil úsáide a tuairiscíodh.

(16)

An 10 Samhain 2017 d’eisigh an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le hathmheastóireacht a dhéanamh ar mhonai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471) mar bhreiseáin bhia (7), agus thángthas ar an gconclúid inti nach raibh gá le hiontógáil laethúil uimhriúil inghlactha agus nárbh ábhar imní é an breiseán bia ó thaobh na sábháilteachta de i leith an phobail i gcoitinne nuair a úsáideadh i mbia iad.

(17)

Thairis sin, ós rud é nach dtomhlaítear craicne páiseog, cíobhanna ná casabhach de ghnáth agus nach bhfuil coinne leis go n-aistreoidh monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471), céir charnába (E 903), leicitiní (E 322) agus aigéid shailleacha (E 570) isteach ina gcodanna inite inmheánacha nuair a úsáidfear iad, faoi seach, mar oibreáin ghlónraithe le haghaidh cóireáil dromchla nó iontu, ní mheastar go mbeidh tionchar ag an úsáid sin ar shláinte an duine. Dá bhrí sin, ní gá an tuairim ón Údarás a iarraidh.

(18)

Dá bhrí sin, is iomchuí úsáid monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471) ar pháiseoga, cíobhaíonna agus casabhaigh, úsáid céir charnába (E 903) ar casabhaigh agus úsáid leicitiní (E 322) agus aigéid shailleacha (E 570) in oibreáin ghlónraithe le haghaidh casabhach.

(19)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a leasú dá réir sin.

(20)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1333/oj.

(2)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1331/oj.

(3)   EFSA Journal 2012 [Iris EFSA 2012]; 10(10):2880.

(4)   EFSA Journal 2017 [Iris EFSA 2017]; 15(4):4742.

(5)   EFSA Journal 2014 [Iris EFSA 2014]; 12[6]: 3697.

(6)   EFSA Journal 2017 [Iris EFSA 2017]; 15(5):4785.

(7)   EFSA Journal 2017 [Iris EFSA 2017]; 15(11):5045.


IARSCRÍBHINN I

I gCuid E (Breiseáin bhia atá údaraithe agus coinníollacha úsáide i gcatagóirí bia) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, leasaítear catagóir bhia 04.1.1 (Torthaí agus glasraí úra ina n-iomláine) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471):

 

‘E 471

Monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha

quantum satis

 

ach amháin le haghaidh cóireáil dromchla torthaí citris, mealbhacán, anann, bananaí, papánna, mangónna, abhacád, pomagránaití, páiseog, cíobhaíonna agus casabhach’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh céir charnába (E 903):

 

‘E 903

Céir charnába

200

 

ach amháin le haghaidh cóireáil dromchla torthaí citris, mealbhacán, úll, piorraí, péitseog, anann, pomagránaití, mangónna, abhacád, pápanna agus casabhach’


IARSCRÍBHINN II

I gCuid 1 (Iompróirí i mbreiseáin bhia) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas tar éis na n-iontrálacha a bhaineann leis na breiseáin bhia ‘E 1201 Polaiviniolpolaipioróladón’ agus ‘E 1202 Polaiviniolpolaipioróladón’:

 

‘E 322

Leicitiní

quantum satis

Oibreán glónraithe le haghaidh casabhach’

 

E 570

Aigéid shailleacha


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/651/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top