Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0468

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/468 ón gCoimisiún an 12 Márta 2025 lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta próiseáilte áirithe de thionscnamh Phoblacht na Sile agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin

C/2025/1466

IO L, 2025/468, 13.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/468/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/468/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/468

13.3.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/468 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Márta 2025

lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta próiseáilte áirithe de thionscnamh Phoblacht na Sile agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 58(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2024/3016 ón gComhairle (2), tugadh an Comhaontú Eatramhach maidir le Trádáil idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile (3) i gcrích an 13 Nollaig 2024.

(2)

Sonraítear sa Chomhaontú go bhfuil dleachtanna custaim ar earraí de thionscnamh na Sile a allmhairítear isteach san Aontas le laghdú nó le díothú i gcomhréir leis an sceideal um dhíothú taraifí a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú. Foráiltear le hIarscríbhinn 2, i gcás earraí áirithe de thionscnamh na Sile, go ndeonófar laghdú nó díothú dleachtanna custaim laistigh de tharaif-chuótaí.

(3)

Foráiltear le Roinn B, d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú go mbainisteoidh an tAontas na taraif-chuótaí sin ar bhonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’. Bainisteoidh an Coimisiún na taraif-chuótaí sin i gcomhréir leis na rialacha maidir le bainistiú taraif-chuótaí a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (4).

(4)

Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Feabhra 2025. D’fhonn cur i bhfeidhm agus bainistiú éifeachtach na dtaraif-chuótaí arna ndeonú faoin gComhaontú a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta sin ar aghaidh.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Osclaítear taraif-chuótaí an Aontais d’earraí de thionscnamh na Sile mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Déanfar na taraif-chuótaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Feabhra 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Márta 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2024/3016 ón gComhairle an 18 Márta 2024 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Eatramhaigh maidir le Trádáil idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile (IO L, 2024/3016, 20.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3016/oj).

(3)  Comhaontú Eatramhach maidir le Trádáil idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile (IO L, 2024/2953, 20.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/2953/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2447/oj).


IARSCRÍBHINN

D’ainneoin na rialacha maidir le léirmhíniú na Hainmníochta Comhcheangailte, is ceart a mheas nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na táirgí sa mhéad go gcinntear an scéim fhabhrach, i gcomhthéacs na hIarscríbhinne seo, le raon feidhme chóid AC de réir mar atá siad tráth a ghlactar an Rialachán seo. I gcás ina luaitear cóid AC a bhfuil ‘ex’ rompu, tá an scéim fhabhrach le cinneadh trí bhíthin an cód AC agus an tuairisc a chomhfhreagraíonn dó a chur i bhfeidhm i dteannta a chéile.

Sraithuimhir

Cód AC

Tuairisc

Méid an chuóta (ina thonaí glanmheáchain mura sonraítear a mhalairt)

Dleacht tharaif-chuóta

(% laghdú)

09.1931

1704 10

1704 90 30

1704 90 51

1704 90 55

1704 90 61

1704 90 65

1704 90 71

1704 90 75

1704 90 81

1704 90 10

Milseogra siúcra (lena n-áirítear seacláid bhán), nach bhfuil cócó iontu

Ón 1.2.2025 go 31.12.2025:

366,67 tona

agus le haghaidh gach bliain ina dhiaidh sin ón 1.1 go dtí an 31.12:

400 tona

100

09.1932

1806 20 10

1806 20 30

1806 20 50

1806 20 70

1806 20 80

1806 31 00

1806 32

1806 90

Seacláid agus ullmhóidí bia eile ina bhfuil cócó

Ón 1.2.2025 go 31.12.2025:

366,67 tona

agus le haghaidh gach bliain ina dhiaidh sin ón 1.1 go dtí an 31.12:

400 tona

100

09.1933

1905 31

1905 32

1905 90 45

Brioscaí milse; vaiféil agus sliseoga

Ón 1.2.2025 go 31.12.2025:

458,34 tona

agus le haghaidh gach bliain ina dhiaidh sin ón 1.1 go dtí an 31.12:

500 tona

100

09.1936

1604 14 21

1604 14 26

1604 14 28

1604 14 31

1604 14 36

1604 14 38

1604 14 41

1604 14 46

1604 14 48

1604 19 31

1604 19 39

1604 20 70

Éisc atá ullmhaithe nó leasaithe

Ón 1.2.2025 go 31.12.2025:

229,17 tona

agus le haghaidh gach bliain ina dhiaidh sin ón 1.1 go dtí an 31.12:

250 tona

100

09.1952

2208 40 11

2208 40 39

2208 40 51

2208 40 99

Rum

Ón 1.2.2025 go 31.12.2025:

458,34 heictilítear (coibhéis an alcóil íon)

agus le haghaidh gach bliain ina dhiaidh sin ón 1.1 go dtí an 31.12:

500 heictilítear (coibhéis an alcóil íon)

100


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/468/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top