This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0458
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/458 of 10 March 2025 correcting certain language versions of Implementing Regulation (EU) 2019/773 on the technical specification for interoperability relating to the operation and traffic management subsystem of the rail system within the European Union
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/458 ón gCoimisiún an 10 Márta 2025 lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/773 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistíochta tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/458 ón gCoimisiún an 10 Márta 2025 lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/773 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistíochta tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach
C/2025/1433
IO L, 2025/458, 11.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/458/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/458 |
11.3.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/458 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Márta 2025
lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/773 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistíochta tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (1), agus go háirithe Airteagal 5(11) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sna leaganacha Cróitise, Fraincise, Gearmáinise, Liotuáinise, Máltaise, Ollainnise, Portaingéilise, Rómáinise agus Sualainnise den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún (2) tá earráid i bhFoscríbhinn B2, riail 8.2, an dara fomhír, a mhéid a bhaineann le hoibleagáid an tiománaí. Leis an earráid, déantar difear do shubstaint na forála sin. |
|
(2) |
Sna leaganacha Cróitise, Fraincise, Gearmáinise, Liotuáinise, Máltaise, Ollainnise, Portaingéilise, Rómáinise agus Sualainnise den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 tá earráid i bhFoscríbhinn C2, pointe 3, an tríú mír, a mhéid a bhaineann leis an treoir oibríochtúil a thabhairt. Leis an earráid, déantar difear do shubstaint na forála sin. |
|
(3) |
Sa leagan Ollainnise den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 tá earráidí i bpointe 4.7.1.1, an chéad mhír; i bhFoscríbhinn A, pointe 4.2, tábla 1, sainmhíniú an fhocail ‘turas’; i bhFoscríbhinn A, pointe 6.36.2(ii); i bhFoscríbhinn A, pointe 7.13.2, an dara mír; i bhFoscríbhinn B2, pointe 18; i bhFoscríbhinn C1, pointe 2.4; i bhFoscríbhinn C2, pointe 1(7); i bhFoscríbhinn C2, pointe 6, teideal na foirme ‘Treoir Eorpach 7’ agus i bhFoscríbhinn D1, tábla, an dara ró a bhaineann le ‘ETCS’, an séú colún. Tugadh na hearráidí isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1693 ón gCoimisiún (3) agus déantar difear leo do shubstaint na bhforálacha sin. |
|
(4) |
Sa leagan Fraincise den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 tá earráid i bpointe 4.2.2.5.1, pointe B), an tríú mír, pointe (c), an chéad mhír, a mhéid a bhaineann le ceann de na paraiméadair atá ábhartha maidir le comhoiriúnacht bealaí; agus tá earráid i bhFoscríbhinn A, pointe 3.1, an tríú agus an ceathrú mír, a mhéid a bhaineann leis na tagairtí do ETCS leibhéal 1 agus ETCS leibhéal 2 san Fhoscríbhinn sin. Tugadh na hearráidí isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1693 agus déantar difear leo do shubstaint na bhforálacha sin. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart na leaganacha Cróitise, Fraincise, Gearmáinise, Liotuáinise, Máltaise, Ollainnise, Portaingéilise, Rómáinise agus Sualainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis na tuairimí ón gCoiste arna bhunú faoi Airteagal 51(1) de Threoir (AE) 2016/797, a tugadh sular glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1693, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Márta 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 138, 26.5.2016, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/797/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistithe tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/757/AE (IO L 139 I, 27.5.2019, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/773/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1693 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/773 maidir le sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistíochta tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 222, 8.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1693/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/458/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)