Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0418

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/418 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear íosmhéid inneachair na socruithe rialachais maidir le beartas luacha saothair eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó na gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha

C/2024/8740

IO L, 2025/418, 24.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/418/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/418/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/418

24.3.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/418 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Nollaig 2024

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear íosmhéid inneachair na socruithe rialachais maidir le beartas luacha saothair eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó na gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 45(7), an ceathrú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 freisin maidir le heisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha, i gcomhréir le hAirteagal 58(1), pointe (a), den Rialachán sin, i gcás ina gceanglaíonn an t-údarás inniúil é sin faoi Airteagal 35(4) den Rialachán sin, maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nach comharthaí suntasacha iad, agus, i gcás ina gceanglaíonn an t-údarás inniúil é sin faoi Airteagal 58(2) den Rialachán sin, maidir le hinstitúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí ríomh-airgid nach comharthaí suntasacha iad.

(2)

Ní mór d’institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta, gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (cuideachtaí bainistíochta GCUI) agus bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIM) ar eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha iad na ceanglais ábhartha atá níos sonraí nó níos déine a leagtar síos do na heisitheoirí sin i dTreoracha 2013/36/AE a chomhlíonadh (2), (AE) 2019/2034 (3), 2009/65/CE (4) agus 2011/61/AE (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh, chomh maith leis na ceanglais faoi Rialachán (AE) 2023/1114 agus faoin Rialachán seo maidir le socruithe rialachais le haghaidh beartais luacha saothair. Chun an cuspóir maidir le bainistiú riosca fónta agus éifeachtach eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó ríomh-airgid suntasacha a bhaint amach, ba cheart do bheartais luacha saothair dreasachtaí a sholáthar don fhoireann le haghaidh iompraíocht tógála riosca atá dírithe ar an bhfadtéarma i gcomhréir le hinghlacthacht riosca eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó ríomh-airgid suntasacha agus rannchuidiú le cosaint sealbhóirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó na gcomharthaí ríomh-airgid.

(3)

I bhfianaise na gcosúlachtaí idir samhail ghnó na n-eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó ríomh-airgid suntasacha agus samhail ghnó na ngnólachtaí infheistíochta a eisíonn ionstraimí airgeadais, agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud an Aontais, is gá creat a leagan amach le haghaidh socruithe rialachais maidir le beartais luacha saothair ina n-áirítear na heilimintí céanna leis na rialacha maidir le beartas luacha saothair is infheidhme maidir le gnólachtaí infheistíochta. Mar sin féin, ba cheart an creat seo a chur in oiriúint d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid suntasacha, arb eisitheoirí iad nach ionann a ngníomhaíocht agus gníomhaíocht gnólachtaí infheistíochta, is é sin, ionstraimí airgeadais a eisiúint nó seirbhísí infheistíochta gaolmhara a sholáthar. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcreat seo na cuspóirí céanna atá ag an gcreat luacha saothair do ghnólachtaí infheistíochta faoi Threoir (AE) 2019/2034 a áirithiú.

(4)

Chun a áirithiú go gcuirfidh beartais luacha saothair bainistiú riosca fónta agus éifeachtach eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó na n-institiúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí ríomh-airgid suntasacha chun cinn, nach soláthróidh siad dreasachtaí chun rioscaí iomarcacha a thógáil agus go mbeidh siad ailínithe le leasanna fadtéarmacha na n-eisitheoirí sin ar fud an Aontais Eorpaigh, is gá príomhghnéithe na mbeartas luacha saothair atá le cur i bhfeidhm ag eisitheoirí den sórt sin a shonrú trí na beartais atá ann cheana faoi reachtaíocht earnála eile d’eintitis atá ag gníomhú ar an margadh airgeadais a chur san áireamh agus a oiriúnú.

(5)

Chun a áirithiú nach gcuirfidh an creat luacha saothair aon dreasachtaí ar fáil chun caighdeáin riosca níos ísle a bhaint amach, ba cheart ceanglais shonracha a shocrú maidir le luach saothair inathraithe do bhaill foirne atá i bhfeidhmeanna rialaithe chun a áirithiú go n-íocfar iad bunaithe go príomha ar chuspóirí rialaithe agus níor cheart go soláthródh na beartais luacha saothair do gach ball foirne, lena n-áirítear baill foirne margaíochta nó díolacháin, aon dreasachtaí chun cóir fhabhrach a thabhairt do chliaint nó do chontrapháirtithe.

(6)

Chomh maith le cóimheas uasta iomchuí a chinneadh idir luach saothair athraitheach agus seasta, is iomchuí d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó comharthaí ríomh-airgid suntasacha, ceanglais bhreise a fhorchur chun luach saothair inathraithe na foirne a bhfuil tionchar ábhartha acu ar phróifíl riosca eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó na gcomharthaí ríomh-airgid faoi raon feidhme an rialacháin seo nó ar phróifíl riosca na gcomharthaí a eisíonn siad a ailíniú, chun a áirithiú go mbeidh an luach saothair inathraithe nasctha le feidhmíocht an eisitheora arna coigeartú de réir riosca, lena n-áirítear trína cheangal go gcuirfear socruithe iarchurtha, malus agus aisghlámadh i bhfeidhm.

(7)

Chun ailíniú riosca cuí a áirithiú maidir leis an luach saothair inathraithe arna dhámhachtain in ionstraimí, ba cheart scaireanna, ionstraimí atá nasctha le scaireanna nó ionstraimí coibhéiseacha nó na comharthaí suntasacha arna n-eisiúint a bheith sna hionstraimí arna ndámhachtain.

(8)

Tá tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG), lena n-áirítear an drochthionchar ar an aeráid a eascraíonn as úsáid fuinnimh agus lorg carbóin a bhaineann leis na bonneagair teicneolaíochta faisnéise fholuiteacha agus algartaim sásraí comhthola, a úsáidtear chun idirbhearta i gcórais bhlocshlabhra a bhailíochtú, ábhartha d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó ríomh-airgid faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Is féidir le tosca ESG difear a dhéanamh do phróifíl riosca eisitheoirí den sórt sin, dá samhail ghnó agus do ghlacadh a gcomharthaí. Cé go bhfuil tosca aeráide agus comhshaoil ábhartha go háirithe maidir le gníomhaíochtaí agus seirbhísí eisitheoirí den sórt sin, is tosca ábhartha freisin iad cineálacha eile tosca ESG amhail trédhearcacht cánach, cearta an duine, dálaí fostaíochta agus bainistiú leordhóthanach ar rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus coireanna airgeadais eile. Is gá, dá bhrí sin, d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid faoi raon feidhme an Rialacháin seo a áirithiú go bhfuil a mbeartais luacha saothair comhsheasmhach le cuspóirí a bhaineann le riosca ESG agus go gcuireann siad rioscaí ESG agus na drochthionchair a d’fhéadfadh a bheith acu san áireamh. Go háirithe, ba cheart an luach saothair inathraithe a ailíniú le tosca riosca ESG atá ábhartha don aeráid agus do thionchair eile ar an gcomhshaol arb iad na sásraí comhthola agus bailíochtaithe a úsáidtear is cúis leo.

(9)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a d’fhorbair an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, ÚBE) i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus a chuir ÚBE faoi bhráid an Choimisiúin.

(10)

Rinne ÚBE comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé tuairim ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme an chur i bhfeidhm

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le heisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó na gcomharthaí ríomh-airgid seo a leanas:

(a)

eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha;

(b)

institiúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí ríomh-airgid suntasacha;

(c)

eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nach comharthaí suntasacha iad, i gcás ina gceanglaíonn an t-údarás inniúil é sin faoi Airteagal 35(4) de Rialachán (AE) 2023/1114;

(d)

institúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí ríomh-airgid nach comharthaí suntasacha iad, i gcás ina gceanglaíonn an t-údarás inniúil é sin faoi Airteagal 58(2) de Rialachán (AE) 2023/1114.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

Ciallaíonn ‘foireann’ fostaithe uile eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, agus comhaltaí uile chomhlachtaí bainistíochta na n-eisitheoirí sin.

(2)

Ciallaíonn ‘bainistíocht shinsearach’ na daoine nádúrtha sin a fheidhmíonn feidhmeanna feidhmiúcháin laistigh d’eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid agus atá freagrach agus cuntasach don chomhlacht bainistíochta, ach nach comhaltaí den chomhlacht sin iad, as bainistiú laethúil an eisitheora faoi stiúir a chomhlachta bainistíochta.

(3)

Ciallaíonn ‘foireann aitheanta’ foireann a bhfuil tionchar ábhartha aici ar phróifíl riosca eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó na gcomharthaí ríomh-airgid, nó ar phróifíl riosca na gcomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó na gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha a eisíonn siad.

(4)

Ciallaíonn ‘freagracht bhainistíochta’ cás ina ndéanann ball foirne ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

go bhfuil sé i gceannas ar aonad gnó, ar aonad gnó ábhartha nó ar fheidhm rialaithe agus go bhfuil sé cuntasach go díreach don chomhlacht bainistíochta ina iomláine nó do chomhalta den chomhlacht bainistíochta nó don bhainistíocht shinsearach; nó

(b)

a dhéanann feidhm nó cúram a leagtar síos in Airteagal 5(2), pointe (c).

(5)

Ciallaíonn ‘inghlacthacht riosca’ an leibhéal comhiomlán agus na cineálacha riosca a bhfuil eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid toilteanach glacadh leo laistigh dá acmhainn rioscúil, i gcomhréir lena shamhail ghnó, chun a chuspóirí straitéiseacha a bhaint amach.

(6)

ciallaíonn ‘aonad gnó’ aonad gnó mar a shainmhínítear é in Airteagal 142(1), pointe (3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(7)

Ciallaíonn ‘aonad gnó ábhartha’ aonad gnó mar a shainmhínítear é in Airteagal 142(1), pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a measann eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó na gcomharthaí ríomh-airgid go bhfuil tionchar ábhartha aige ar shamhail ghnó an eisitheora nó go bhfuil sé ina fhoinse ábhartha ioncaim, brabúis nó luacha saincheadúnais d’eisitheoir.

(8)

Ciallaíonn ‘feidhm rialaithe’ feidhm atá neamhspleách ar na haonaid ghnó a rialaíonn sí agus atá freagrach as nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh agus lena n-áirítear an bhainistíocht riosca, comhlíonadh agus na feidhmeanna iniúchóireachta inmheánaí.

(9)

Ciallaíonn ‘luach saothair’ gach cineál luacha saothair sheasta agus inathraithe, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

íocaíochtaí agus sochair airgeadaíochta nó neamhairgeadaíochta, arna ndámhachtain go díreach ar an bhfoireann ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid nó thar a gceann mar mhalairt ar sheirbhísí gairmiúla arna soláthar ag an bhfoireann;

(b)

íocaíochtaí úis iompartha de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (d), de Threoir 2011/61/AE;

(c)

íocaíochtaí eile a dhéantar trí mhodhanna agus feithiclí, rud a d’fhágfadh, mura measfaí gur luach saothair iad, a dtiocfaí sárú ar cheanglais luacha saothair as, a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/1114 agus sa Rialachán seo, mura measfaí gur luach saothair iad.

Airteagal 3

Socruithe rialachais do bheartais luacha saothair

1.   Déanfaidh comhlacht bainistíochta eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid na cúraimí uile seo a leanas:

(a)

an fhreagracht deiridh as beartas luacha saothair an eisitheora a fhormheas agus a choinneáil;

(b)

aon athruithe ar an mbeartas luacha saothair a fhormheas;

(c)

comhairle a lorg ón gcoiste luacha saothair i gcás ina bhfuil sé bunaithe ag an eisitheoir, maidir le beartas luacha saothair an eisitheora.

2.   Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid an méid seo a leanas:

(a)

tá cur chun feidhme a mbeartas luacha saothair faoi réir athbhreithniú chun beartais agus nósanna imeachta a chomhlíonadh trí fheidhmeanna rialaithe ar bhonn bliantúil ar a laghad;

(b)

soláthraíonn an fheidhm chomhlíonta agus an fheidhm bhainistíochta riosca, i gcás ina bhfuil siad bunaithe, nó an fhoireann a bhfuil sé de chúram orthu nósanna imeachta um chomhlíontacht nó nósanna imeachta um bainistíocht riosca a fheidhmiú, an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí, i gcás ina bhfuil sí bunaithe, agus soláthraíonn feidhm na n-acmhainní daonna ionchur éifeachtach maidir le ceapadh na mbeartas luacha saothair;

(c)

déanfar coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an íocaíocht in ionstraimí mar chuid den luach saothair athraitheach nó seasta a shainaithint agus a mhaolú go hiomchuí.

3.   Féadfar an t-athbhreithniú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír (2) a sheachfhoinsiú chuig páirtí seachtrach.

Airteagal 4

Beartais luacha saothair don fhoireann ar fad

1.   Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid go gcomhlíonfaidh a mbeartais luacha saothair le haghaidh gach ball foirne na critéir seo a leanas:

(a)

tá siad comhsheasmhach le cearta agus leasanna sealbhóirí comharthaí d’fhonn a áirithiú go gcaitear go cothrom le sealbhóirí comharthaí agus nach ndéantar dochar dá leasanna leis na cleachtais luacha saothair arna nglacadh ag an eisitheoir;

(b)

tá siad neodrach ó thaobh inscne de agus tá siad bunaithe ar phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach do bhaill foirne ar fir iad agus ar mná iad de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (65), de Threoir 2013/36/AE;

(c)

tá siad comhsheasmhach le cuspóirí na straitéise gnó agus riosca, lena n-áirítear cuspóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG), cultúr corparáideach agus luachanna corparáideacha, cultúr riosca agus inghlacthacht riosca;

(d)

áirithíonn siad go n-íocfar an fhoireann atá i mbun feidhmeanna rialaithe i gcomhréir le baint amach na gcuspóirí atá nasctha lena bhfeidhmeanna agus go neamhspleách ar fheidhmíocht na réimsí gnó a rialaíonn siad;

(e)

tá siad comhsheasmhach le bainistiú rioscaí ESG agus déantar foráil leo maidir le dreasachtaí chun rialú agus teorannú a dhéanamh ar thionchair ESG arb iad gníomhaíochtaí gnó an eisitheora is cúis leo;

(f)

ní chruthaíonn siad coinbhleacht leasa ná dreasacht a d’fhéadfadh baill foirne a threorú chun fabhar a thabhairt dá leasanna féin nó do leasanna an eisitheora chun aimhleas féideartha aon sealbhóra comharthaí suntasacha a eisíonn siad;

(g)

ní spreagann siad dul i mbun riosca a sháraíonn leibhéal inghlacthachta riosca an eisitheora;

(h)

go mbeidh siad ar fáil i gcónaí don fhoireann lena mbaineann;

(i)

tá siad trédhearcach don fhoireann ar fad maidir leis an luach saothair seasta, na próisis agus na critéir chun an luach saothair inathraithe agus na critéir dhámhachtana a úsáidtear a shocrú;

(j)

tá siad soiléir, dea-dhoiciméadaithe, trédhearcach, comhréireach le méid, eagrú inmheánach agus cineál, chomh maith le raon feidhme agus castacht ghníomhaíochtaí gnó an eisitheora.

Airteagal 5

Sainaithint na mball foirne

1.   Sainaithneoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, na baill foirne uile a bhfuil tionchar ábhartha acu ar phróifíl riosca na n-eisitheoirí sin nó ar phróifíl riosca na gcomharthaí a eisíonn siad, trí na critéir a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 ar a laghad a chur i bhfeidhm.

2.   Sainaithneofar duine ina bhall foirne dá dtagraítear i mír 1 má chomhlíonann sé ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(a)

is comhaltaí den chomhlacht bainistíochta nó den bhainistíocht shinsearach iad;

(b)

tá freagracht bhainistíochta orthu as feidhmeanna rialaithe nó as aonaid ghnó ábhartha an eisitheora;

(c)

tá freagracht bhainistíochta orthu as an méid seo a leanas:

(i)

ceann amháin ar a laghad de na catagóirí riosca seo a leanas a bhainistiú: riosca leachtachta, riosca oibriúcháin, lena n-áirítear riosca dlíthiúil agus riosca teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide;

(ii)

an teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide a úsáidtear chun na comharthaí a phróiseáil;

(iii)

sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc;

(iv)

cúlsócmhainní a bhainistiú;

(v)

feidhm eisiúna na gcomharthaí;

(vi)

socruithe seachfhoinsithe a bhainistiú le soláthraithe seirbhíse tríú páirtí a thacaíonn le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha;

(vii)

airgeadas, lena n-áirítear cánachas agus buiséadú;

(viii)

gnóthaí dlíthiúla;

(ix)

fóntacht beartas agus nósanna imeachta cuntasaíochta;

(x)

acmhainní daonna;

(xi)

páipéir bhána a bhunú nó a cheadú go hinmheánach;

3.   Measfar go bhfuil duine ina bhall foirne dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina bhfuil tionchar inchomparáide ag a ghníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na n-eisitheoirí nó ar phróifíl riosca na gcomharthaí a eisíonn siad agus atá ag gníomhaíochtaí gairmiúla na mball foirne a shonraítear i bpointí (a) go (c) de mhír 2.

Airteagal 6

Beartais luacha saothair do bhaill foirne aitheanta

1.   Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid go ndéanfar idirdhealú soiléir idir an dá chomhpháirt seo a leanas den luach saothair iomlán sna beartais luacha saothair do bhaill foirne arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo, agus dlí náisiúnta na gconarthaí agus dlí náisiúnta an tsaothair á gcur san áireamh:

(a)

luach saothair bunúsach seasta, a léireoidh go príomha an taithí ghairmiúil ábhartha agus an fhreagracht eagraíochtúil mar a leagtar amach í i sainchuntas poist an bhaill foirne mar chuid de na téarmaí fostaíochta;

(b)

luach saothair inathraithe lena léireofar feidhmíocht inbhuanaithe atá coigeartaithe ó thaobh riosca de chomh maith le feidhmíocht de bhreis ar an bhfeidhmíocht is gá chun sainchuntas poist an bhaill foirne a chomhlíonadh mar chuid de na téarmaí fostaíochta.

2.   Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid go gcomhlíonfaidh a mbeartais luacha saothair don fhoireann a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo na ceanglais seo a leanas:

(a)

beidh luach saothair inathraithe nasctha leis an measúnú ar fheidhmíocht an eisitheora, an aonaid gnó agus an bhaill foirne aonair lena mbaineann, agus, nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar fheidhmíocht, go gcuirfear critéir airgeadais agus neamhairgeadais, lena n-áirítear bainistiú rioscaí ESG agus rialú ar dhrochthionchair ESG, san áireamh;

(b)

sásra éifeachtach coigeartaithe riosca a bheith ann chun gach cineál ábhartha riosca atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a chomhtháthú;

(c)

easpa luacha saothair inathraithe ráthaithe seachas i gcás ball foirne nua don chéad bhliain fostaíochta amháin;

(d)

beidh pacáistí luacha saothair a bhaineann le cúiteamh nó ceannach amach ó chonarthaí i bhfostaíocht roimhe sin ailínithe le leasanna fadtéarmacha an eisitheora;

(e)

léiríonn na híocaíochtaí a bhaineann le luathfhoirceannadh conartha fostaíochta an fheidhmíocht a bhain an ball foirne aonair amach le himeacht ama agus ní chúitíonn siad teip ná mí-iompar;

(f)

beidh comhpháirteanna seasta agus athraitheacha an luacha saothair iomláin cothromaithe go hiomchuí, agus gur cion sách ard den luach saothair iomlán í an chomhpháirt sheasta chun go bhféadfar beartais lán-solúbtha a fheidhmiú maidir le comhpháirteanna luacha saothair inathraithe, lena n-áirítear an fhéidearthacht an luach saothair inathraithe a laghdú go nialas;

(g)

socraítear cóimheasa uasta iomchuí idir an chomhpháirt athraitheach agus an chomhpháirt sheasta den luach saothair iomlán, agus gníomhaíochtaí gnó an eisitheora agus rioscaí gaolmhara á gcur san áireamh, chomh maith leis an tionchar atá ag catagóirí éagsúla foirne dá dtagraítear in Airteagal 5 ar phróifíl riosca na n-eisitheoirí nó ar phróifíl riosca na gcomharthaí a eisíonn siad;

(h)

tá luach saothair inathraithe don fhoireann i bhfeidhm rialaithe nasctha go príomha le cuspóirí rialaithe agus go bhfuil an cóimheas idir na comhpháirteanna athraitheacha agus seasta den luach saothair iomlán don fhoireann i bhfeidhmeanna rialaithe socraithe i bhfad níos ísle i gcomparáid leis an gcóimheas is infheidhme maidir leis na haonaid ghnó a rialaíonn siad;

(i)

aon cheann de na hionstraimí seo a leanas atá in 50 % ar a laghad den luach saothair inathraithe:

(i)

scaireanna nó leasanna úinéireachta coibhéiseacha, faoi réir struchtúr dlíthiúil an eisitheora lena mbaineann;

(ii)

ionstraimí atá nasctha le scaireanna, faoi réir struchtúr dlíthiúil an eisitheora lena mbaineann;

(iii)

Ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 is féidir a chomhshó ina n-iomláine ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó a dhíluacháil agus a léiríonn go hiomchuí cáilíocht chreidmheasa an eisitheora mar ghnóthas leantach;

(iv)

comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid arna n-eisiúint ag an eisitheoir, ach amháin más institiúid creidmheasa, gnólacht infheistíochta, cuideachta bainistíochta GCUI nó Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (BCIM) an t-eisitheoir agus má cheanglaítear air cuid de luach saothair athraitheach na foirne in ionstraimí a íoc i gcomhréir le hAirteagal 94(1), pointe (l), de Threoir (AE) 2013/36/AE, Airteagal 32(1), pointe (j), de Threoir (AE) 2019/2034 nó Airteagal 14b(1)(m) de Threoir 2009/65/CE nó mír 1 (m) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/61/AE;

(v)

ionstraimí eile a fhéadfaidh an t-eisitheoir a úsáid chun luach saothair inathraithe a íoc amach, má tá an t-eisitheoir údaraithe i gcomhréir le gníomh dlí de chuid an Aontais lena gceanglaítear ar an eisitheoir codanna den luach saothair inathraithe a íoc sna hionstraimí eile den sórt sin;

(j)

leagtar síos critéir shonracha maidir le cur i bhfeidhm malus agus aisghlámtha ar luach saothair inathraithe, lena gcumhdófar go háirithe cásanna ina ndéanann an ball foirne lena mbaineann an méid seo a leanas:

(i)

ghlac sé nó sí páirt in iompar as ar eascair caillteanais shuntasacha don eisitheoir, mar a shainmhínítear i mbeartas luacha saothair an eisitheora, nó bhí sé freagrach as an iompar sin;

(ii)

níor chomhlíon siad na caighdeáin iomchuí oiriúnachta agus chuibhis;

(k)

déanfar 40 % ar a laghad den luach saothair inathraithe a dámhadh ar fhoireann aitheanta a chur siar ar feadh tréimhse 3 bliana go 5 bliana ar a laghad, ag brath ar thimthriall gnó an eisitheora, ar chineál a ghnó, ar na rioscaí a bhaineann leis agus ar ghníomhaíochtaí an bhaill foirne aonair lena mbaineann, ach amháin i gcás luach saothair inathraithe de mhéid an-ard i gcás inarb é 60 % ar a laghad an sciar den luach saothair inathraithe a cuireadh siar;

(l)

ní dhílsíonn cuid iarchurtha an luacha saothair inathraithe dá dtagraítear i bpointe (k) tráth is luaithe ná 12 mhí tar éis thús na tréimhse iarchurtha agus ní dhílsíonn sí níos tapúla ná ar bhonn pro rata;

(m)

ní íocfar aon ús ná díbhinn ar ionstraimí a dámhadh mar luach saothair inathraitheach faoi shocruithe iarchurtha le foireann aitheanta ar feadh tréimhsí sula ndílseofar an ionstraim;

(n)

ní dhámhfar an luach saothair inathraithe ná ní dhílseofar é ach amháin má tá sé inbhuanaithe de réir staid airgeadais an eisitheora ina iomláine agus má tá údar cuí leis ar bhonn fheidhmíocht an eisitheora, an aonaid gnó agus an bhaill foirne lena mbaineann;

(o)

ní chruthófar aon oibleagáid chun luach saothair inathraitheach a íoc le linn na tréimhse inar mhainnigh an t-eisitheoir na ceanglais stuamachta a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 67 de Rialachán (AE) 2023/1114 a chomhlíonadh.

3.   Beidh feidhm ag an gceanglas i mír 2, pointe (i) maidir leis an gcuid iarchurtha agus neamh-iarchurtha den luach saothair inathraithe. I gcás ina n-íocfaidh eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid cion níos airde ná 50 % den chuid iarchurtha den luach saothair inathraithe in ionstraimí dá dtagraítear i mír 2, pointe (i), féadfaidh sé cion níos ísle ná 50 % den chuid neamh-iarchurtha den luach saothair inathraithe in ionstraimí dá dtagraítear i mír 2, pointe (i) a íoc amach, fad agus a chomhlíonfar san iomlán an ceanglas maidir le híocaíocht as luach saothair inathraithe in ionstraimí de 50 % ar a laghad.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 2, pointí (i) agus (k), maidir le ball foirne aonair nach mó a luach saothair inathraitheach bliantúil ná EUR 50 000 agus nach mó é ná an ceathrú cuid de luach saothair bliantúil iomlán an bhaill foirne aonair sin.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.

(2)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj).

(3)  Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/2034/oj).

(4)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna), (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/65/oj.

(5)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE, Treoir 2009/65/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/61/oj).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/418/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top