Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0329

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/329 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2025 lena gcúlghairtear an díolúine ón dleacht frithdhumpála ar pháirteanna riachtanacha rothair a deonaíodh do Solo International Oy

C/2025/1002

IO L, 2025/329, 20.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/329/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/329/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/329

20.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/329 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Feabhra 2025

lena gcúlghairtear an díolúine ón dleacht frithdhumpála ar pháirteanna riachtanacha rothair a deonaíodh do Solo International Oy

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (an bun-Rialachán), agus go háirithe Airteagal 13(4) agus Airteagal 14(5) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle an 10 Eanáir 1997 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a forchuireadh le Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ar rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chun allmhairí páirteanna áirithe rothair ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chumhach, agus lena dtoibhítear an dleacht leathnaithe ar allmhairí den sórt sin a chláraítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 703/96 (2), agus go háirithe Airteagal 3 de,

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/45 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1379 a mhéid a bhaineann le leathnú na dleachta frithdhumpála arna forchur ar allmhairí rothar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chun allmhairí páirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a chumhdach le Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle (3),

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 88/97 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 1997 maidir le húdarú na díolúine d’allmhairí páirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne ó leathnú na dleachta frithdhumpála a le Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle, dleacht a fhorchuirtear le Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ón gComhairle (4) (‘an Rialachán díolúine’), agus go háirithe Airteagal 10 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Bearta atá ann cheana agus díolúine

(1)

Is éard atá sna bearta atá i bhfeidhm faoi láthair dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur le Rialachán (CE) Uimh. 71/97 arna leathnú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/45.

(2)

I gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2362 (5), arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1461 (6), allmhairí faoi chód breise TARIC B940 a dhearbhaigh Solo International Oy le haghaidh saorchúrsaíochta, nó a dearbhaíodh thar a cheann, díolmhaítear iad ó íocaíocht na dleachta frithdhumpála dá dtagraítear in aithris (1).

1.2.   Tionscnamh ex-officio

(3)

Tar éis don Choimisiún a chinneadh, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, go raibh fianaise leordhóthanach ann chun imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 9 den Rialachán díolúine, thionscain an Coimisiún imscrúdú athbhreithniúcháin chun a chinneadh an raibh a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 8 den Rialachán díolúine á gcomhlíonadh ag Solo International Oy nó an raibh sé ag gabháil do mhídhearbhuithe custaim, agus chun a allmhairí (cód breise TARIC B940) a chur faoi réir a gcláraithe de bhun Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán.

(4)

Cuireadh tús leis an imscrúdú an 10 Meán Fómhair 2024 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2384 ón gCoimisiún (7) (‘an Rialachán tionscnaimh’).

1.3.   An táirge faoi athbhreithniú

(5)

Is páirteanna riachtanacha rothair é an táirge faoi athbhreithniú mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle, táirge a dhearbhaíonn Solo International Oy le haghaidh saorchúrsaíochta, nó a dhearbhaítear thar a cheann (cód breise TARIC B940).

1.4.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

(6)

Chumhdaigh an t-imscrúdú an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2024 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’).

1.5.   Imscrúdú

(7)

Chuir an Coimisiún Solo International Oy agus údaráis chustaim na Fionlainne ar an eolas go hoifigiúil maidir le tionscnamh an imscrúdaithe. Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig Solo International Oy agus chuig údaráis chustaim na Fionlainne.

(8)

Tugadh an deis do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus éisteacht a iarraidh laistigh den teorainn ama a leagtar amach sa Rialachán tionscnaimh.

2.   CÚLGHAIRM NA DÍOLÚINE

(9)

An 8 Deireadh Fómhair 2024, chuir Solo International Oy an Coimisiún ar an eolas go ndearna sé iarratas ar fhéimheacht an 7 Deireadh Fómhair 2024 agus gur éirigh sé as a chuid oibríochtaí cóimeála.

(10)

Dá thoradh sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart an t-údarú díolúine a deonaíodh do Solo International Oy a chúlghairm ón 7 Deireadh Fómhair 2024 ar aghaidh, i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán díolúine.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart an t-imscrúdú a dhúnadh. Níor cheart dleachtanna frithdhumpála a bhailiú ar allmhairí arna gclárú faoi Airteagal 2 den Rialachán tionscnaimh.

3.   NOCHTADH

(12)

An 2 Nollaig 2024, chuir an Coimisiún na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe as ar eascair an chonclúid thuas in iúl do na páirtithe leasmhara uile agus d’iarr sé orthu a mbarúlacha a thabhairt. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   An díolúine ón dleacht frithdhumpála ar pháirteanna riachtanacha rothair mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 71/97, is é sin:

Frámaí péinteáilte nó anóidithe nó snasta agus/nó laicearaithe (cód AC ex 8714 91 10 , cóid TARIC 8714 91 10 31, 8714 91 10 35 agus 8714 91 10 39)

Gabhail tosaigh péinteáilte nó anóidithe nó snasta agus/nó laicearaithe (cód AC ex 8714 91 30 , cóid TARIC 8714 91 30 35 agus 8714 91 30 39)

Giaranna aistreora slabhra (cód AC ex 8714 99 50 , cóid TARIC 8714 99 50 91 agus 8714 99 50 99)

Giaranna cromáin (cód AC ex 8714 96 30 , cód TARIC 8714 96 30 90)

Rothaí sproicéid saor-rotha (cód AC ex 8714 93 00 , cód TARIC 8714 93 00 19), bíodh siad curtha i láthair i dtacair nó ná bíodh

Coscáin eile (cód AC ex 8714 94 20 , cód TARIC 8714 94 20 99)

Luamháin coscáin (cód AC ex 8714 94 90 , cód TARIC 8714 94 90 19), bíodh siad curtha i láthair i dtacair nó ná bíodh

Rothaí iomlána, bíodh feadáin, boinn agus sproicéid orthu nó ná bíodh (cód AC ex 8714 99 90 , cód TARIC 8714 99 90 19)

Hanlaí (cód AC ex 8714 99 10 , cóid TARIC 8714 99 10 89 agus 8714 99 10 99), bíodh siad curtha i láthair le gas, luamháin coscán agus/nó giarluamháin ceangailte díobh nó ná bíodh

an díolúine a deonaíodh do Solo International Oy (cód breise TARIC B940), cúlghairtear é le héifeacht ón 7 Deireadh Fómhair 2024.

2.   Ní bhaileofar dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2384.

Airteagal 2

Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí mar a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2384.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)   IO L 16, 18.1.1997, lch. 55.

(3)   IO L 16, 21.1.2020, lch. 7.

(4)   IO L 17, 21.1.1997, lch. 17.

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2362 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015 maidir le díolúintí ón dleacht frithdhumpála leathnaithe ar pháirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 88/97 (IO L 331, 17.12.2015, lch. 30).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1461 ón gCoimisiún an 26 Lúnasa 2022 maidir le díolúintí ón dleacht frithdhumpála leathnaithe ar pháirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 88/97 (IO L 229, 5.9.2022, lch. 69).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2384 ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2024 lena dtionscnaítear athbhreithniú ar pháirtí díolmhaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 88/97 agus lena gcuirtear allmhairí an pháirtí dhíolmhaithe faoi réir a gcláraithe (IO L, 2024/2384, 10.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2384/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/329/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top