Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0310

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/310 ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 a mhéid a bhaineann leis an imréiteach feidhmíochta bliantúil agus an nós imeachta comhréireachta

C/2024/8659

IO L, 2025/310, 12.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/310/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/310/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/310

12.2.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/310 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Nollaig 2024

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 a mhéid a bhaineann leis an imréiteach feidhmíochta bliantúil agus an nós imeachta comhréireachta

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 54(4) agus Airteagal 55(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún (2), forlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro.

(2)

Léiríonn an taithí a fuarthas ón gcéad bhliain de chur chun feidhme an bhirt imréitigh feidhmíochta bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116, agus ó ullmhú bheart an dara bliain, go bhfuil ualach riaracháin díréireach ar na Ballstáit maidir le réasúnuithe a sholáthar chun críocha imréitigh feidhmíochta bhliantúil le haghaidh dialltaí aonadmhéideanna réadaithe ó aonadmhéideanna beartaithe.

(3)

De bhun Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2021/2116, ní bheidh caiteachas a bhaineann leis na hidirghabhálacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) incháilithe do mhaoiniú ón Aontas ach amháin má rinne gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe é i gcomhréir le rialacha an Aontais is infheidhme agus leis na córais rialachais is infheidhme agus má dhéantar é a chomhoiriúnú le haschur comhfhreagrach. Áirithíonn na gníomhaireachtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/2116, na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12 den Rialachán sin agus an Coimisiún comhlíonadh na gceanglas sin faoi chuimsiú an nós imeachta comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 55 den Rialachán sin. Dearbhaítear leis sin go mbaintear amach na haschuir réadaithe i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus go mbaintear amach i bPleananna Straitéiseacha CBT na garspriocanna agus na spriocanna arna leagan amach ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT mar chuid dá gcórais feidhmíochta.

(4)

Thairis sin, mar thoradh ar an leasú a rinneadh le Rialachán (AE) 2024/1468 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ar Rialacháin (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116, ceadaítear do na Ballstáit dhá iarraidh ar leasú a chur faoi bhráid an Choimisiúin in aghaidh na bliana, is é sin maidir le gnéithe amhail aonadmhéideanna beartaithe, aschuir agus leithdháiltí airgeadais le haghaidh idirghabhálacha atá mar bhonn leis an imréiteach feidhmíochta bliantúil. Ina theannta sin, tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaineann na Ballstáit as an bhféidearthacht a leagtar síos in Airteagal 119(9) de Rialachán (AE) 2021/2115 chun modhnuithe a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm ar na heilimintí sin dá bPleananna Straitéiseacha CBT a bhaineann le hidirghabhálacha faoi Theideal III, Caibidil IV, den Rialachán sin. Bíonn tionchar aige sin ar an imréiteach feidhmíochta bliantúil agus méadaíonn sé an t-ualach riaracháin a bhaineann leis.

(5)

Chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus chun feabhas a chur ar chostéifeachtúlacht an imréitigh feidhmíochta bhliantúil, níor cheart a cheangal ar na Ballstáit réasúnuithe a sholáthar chun críche an imréitigh feidhmíochta bhliantúil le haghaidh dialltaí aonadmhéideanna réadaithe ó aonadmhéideanna beartaithe i gcás nach sáraíonn méid iomlán an chaiteachais a chomhfhreagraíonn do na dialltaí sin tairseach de minimis arna sloinneadh mar chéatadán den chaiteachas a dearbhaíodh sa tuarascáil feidhmíochta bhliantúil de bhun Airteagal 134(5), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115. Déantar an méid iomlán sin a ríomh tríd an diall le haghaidh gach aonadmhéid a iolrú faoin líon comhfhreagrach aschur agus trí na méideanna a bheidh ann dá thoradh sin a shuimiú. Chun críche an ríomha sin, níor cheart ach dialltaí a bhfuil róchaiteachas mar thoradh orthu a chur san áireamh. Chun tionchar díobhálach ar chistí an Aontais a sheachaint agus chun comhréireacht a áirithiú, is iomchuí an tairseach de minimis a shocrú ag 2 %. Tá an céatadán sin ag teacht leis an tairseach a bhfuil glacadh léi go ginearálta a mhéid a bhaineann le dearbhú réasúnach a chuirtear i bhfeidhm in iniúchtaí ar bheartais agus ar bhuiséad an Aontais.

(6)

Mar sin féin, an tairseach de minimis maidir le réasúnuithe a chur isteach chun críoch imréitigh feidhmíochta bhliantúil, níor cheart feidhm a bheith aici maidir le dialltaí aonadmhéideanna réadaithe ó na haonadmhéideanna uasta beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 102 de Rialachán (AE) 2021/2115, ós rud é gur socraíodh aonadmhéideanna uasta beartaithe chun solúbthacht a áirithiú chun cistí nár úsáideadh a sheachaint, agus róchúiteamh le haghaidh feirmeoirí á sheachaint an tráth céanna.

(7)

Ní dhéanann an Rialachán seo difear don cheanglas réasúnuithe a sholáthar sna tuarascálacha feidhmíochta bliantúla de bhun Airteagal 134(9) de Rialachán (AE) 2021/2115 chun críoch Airteagal 40(2) de Rialachán (AE) 2021/2116, maidir le haon bharrachas ar aonadmhéid réadaithe ó aonadmhéid beartaithe is airde ná 50 %.

(8)

Is gá téacs Airteagal 14(8) agus Airteagal 15(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 a shoiléiriú toisc go bhféadfadh an Coimisiún leibhéal ceartúcháin ar ráta comhréidh is ísle ná an riosca do bhuiséad an Aontais a chur i bhfeidhm de thaisme de bharr na foclaíochta. Dá bhrí sin, ba cheart foclaíocht na bhforálacha sin a athrú chun a chur in iúl go soiléir, i gcás ina léirítear le heilimintí oibiachtúla go bhfuil an t-uaschaillteanas do na cistí níos ísle ná nó cothrom leis an gcaillteanas a d’eascródh as cur i bhfeidhm ráta comhréidh is ísle ná an ráta atá beartaithe ag an gCoimisiún, go bhfuil an Coimisiún leis an ráta comhréidh níos ísle sin a chur i bhfeidhm agus cinneadh á dhéanamh aige maidir leis na méideanna atá le heisiamh ón maoiniú ón Aontas.

(9)

Ós rud é go bhfuil tuarascálacha feidhmíochta bliantúla le haghaidh na bliana airgeadais 2024 le cur isteach faoin 15 Feabhra 2025, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir agus ba cheart feidhm a bheith ag an tairseach de minimis maidir le nósanna imeachta um imréiteach feidhmíochta bliantúil ón mbliain airgeadais 2024 ar aghaidh.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 mar a leanas:

1.

in Airteagal 13, mír 2, cuirtear isteach an dara fomhír seo a leanas:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní cheanglaítear ar na Ballstáit réasúnuithe a sholáthar chun críche an imréitigh feidhmíochta bhliantúil le haghaidh dialltaí aonadmhéideanna réadaithe ó aonadmhéideanna beartaithe i gcás nach mó an caiteachas iomlán a chomhfhreagraíonn do na dialltaí sin ná 2 % den chaiteachas iomlán arna dhearbhú sa tuarascáil feidhmíochta bhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 134(5), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115 le haghaidh na bliana airgeadais lena mbaineann. Agus an tairseach sin á ríomh, ní chuirfear san áireamh ach dialltaí a bhfuil róchaiteachas mar thoradh orthu.

Mar sin féin, soláthróidh na Ballstáit réasúnuithe chun críocha an imréitigh feidhmíochta bhliantúil le haghaidh gach barrachais aonadmhéideanna réadaithe ó aonadmhéideanna uasta beartaithe.’;

2.

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8.   I gcás ina gcuirfidh Ballstát eilimintí oibiachtúla isteach, eilimintí nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo ach a léiríonn go bhfuil an t-uaschaillteanas maidir leis na cistí níos ísle ná nó cothrom leis an gcaillteanas a d’eascródh as cur i bhfeidhm ráta comhréidh is ísle ná an ráta atá beartaithe, úsáidfidh an Coimisiún an ráta comhréidh sin atá níos ísle chun na méideanna atá le heisiamh ón maoiniú ón Aontas a chinneadh de bhun Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116.’

;

3.

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   I gcás ina léireoidh an Ballstát go bhfuil an t-uaschaillteanas maidir le CERT agus CETFT níos ísle ná nó cothrom leis an gcaillteanas a d’fhéadfadh eascairt as cur i bhfeidhm ráta comhréidh is ísle ná an ráta atá beartaithe, féadfaidh an Coimisiún an ráta comhréidh sin atá níos ísle nó measúnú an chomhlachta deimhniúcháin ar na córais rialachais i gcomhthéacs a iniúchta dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/2116 a úsáid chun na méideanna a chinneadh atá le heisiamh ón maoiniú ón Aontas le linn an nós imeachta comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 55 den Rialachán sin.’

.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(1) maidir le nósanna imeachta um imréiteach feidhmíochta bliantúil ón mbliain airgeadais 2024 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/127/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1 , ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2024/1468 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le caighdeáin maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil, scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe, leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT, athbhreithniú ar Phleananna Straitéiseacha CBT agus díolúintí ó rialuithe agus pionóis (IO L, 2024/1468, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1468/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/310/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top